Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Párlaiment na mban

Title
Párlaiment na mban
Author(s)
Údair éagsúla,
Composition Date
1900
Publisher
Nolan Bros

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Párlaiment na m=ban.



Cúntas air ghnó an phárlaiment chéadna, ann so, mar leanas.
An t-Athair Dómhnaill Ua Colmáin Ro Sgríobh.



Oráid Róis Ní Gheanmnaighe.



Ann san do labhair Róis Ní Ghean-
mnaighe, agus a dubhairt:– "Ní
fhuil san drúis acht teine bhíos
air dearg-lasadh, & ní h-é Dia
adhnas í, acht an diabhal; amhail
do'n ghabhain leis an iaran, an
tan nách féidir leis é an-leathan-
úghadh do réir a thoile teilgidh
arís san dteinidh é nó go m-
biaidh i n-a chaoir dheirg, agus ann san do ghnídh do
réir a thoile leis. An t-samhail ceadna do ghnídh
an diabhal ris an n-duine, an tan nách féadann a
tharraing chum an pheacaidh air aon mhódh eile
loisgidh go h-inmheadhonach é le teinidh na drúise
go gclaonann é chum an pheacaidh; agus a dheirbh-
shiuireacha ionmhuine, is líonmhar géaga an pheac-
aidh so, mar atáid, – daillínntleacht, neamhothúgh-
adh, síor-bhuaidhreadh aigne, smuainte salacha,
glacaireacht neamhghlan, tuaisgeart, fuath do
Dhia, grádh an tsaoghail, uathbhás ria an bás agus
ris an mbreitheamhnas, & éadóthchas na glóire
síorraidhe. Ag so armáil an diabhail le túrnamh
an fhíoraoin chum an pheacaidh so.



"Samhailtear an peachadh so le pota, óir dá
ghile bhíos ag bruith air an teinid, ó n-a chur ró
mhinic uirthe dubhann sé. Mar an gcéadna do'n
anam, óir dubhann le dubáilcídhe & le smuainte
peacaidh na drúise. An pota fós, bhíos ag bruith
air an teinidh, muna mbiadh ann acht aon ghráine
amháin pise, tógann an fiuchadh i n-uachtar é, agus
taisbéanaidh é. Mar an gcéadna bíonn lucht
na drúise: ní féidir leo iad féin do chosg ó
bhriathraibh gríosta, ná ó chantain abhrán salach &
phógadh na m-ban, noch ghnídheas íomháighthe díobh
féin chum geana na bhfear do tharraing ortha ag
caitheamhan oirid sin éadaigh. Ní theasduigheann
fós siosmarnach ná milis-bhréithre ó mhórán aca
an tan bhíd i gcómhluadar fear chum iad do thar-
raing ortha. Amhail ritheann drithleana dearga
na drúise trí bhéil na druinge bhíos tugtha do'n
pheacadh so, má admhaighid an fhírinne is millteach
an cómhluadar na mná, óir amhail loisgthear an
féiliocán a bhíos ag folumhain tímcheall coinnile
bhíos air lasadh, mar an gcéadna loisgthear an
duine drúiseamhail bhfóchair mná, nó amhail is
deacair an teine do chongbháil ó'n sponc nó ó
bhrat lín an uair bhídh mar aon, mar sin is deacair
do'n fhear é féin do shábháil i gcómhluadar na m-
ban.



"Lastar an teine so na drúise le h-iomad bídh
& díghe, óir ní fhuil ann gach méas dá fheabhas ná
ann gach gloine fíona dá mhire acht fadógh loisg-
neach chum drúise san duine, & is cosamhuil go
mbíonn fonn ortha gan an teinidh so do mhúchadh,
air an té bíos go síorraidhe ag itheadh & ag ól gach
próinne dá fheabhas óir, amhail an uair is maith le
neach teach a chómharsan do losgadh, an tan ghabhas
teinid go m-bí ag caitheamh connaidh nó ola san
dteinnid, ionnas gur ab móide loisgfeadh an teach
mar an gcéadna do'n druing a ghnídeas iad féin
do líonadh do bhiadhaibh soineamhla, & de dheochaíbh
géara milse meisgeamhmla.



"An tan lastar coinneal & cuirthear láimh le
balla í, dá ghile í dá ghlanmhaire é, ar ball dubh-
ann an balla tar cheann nách loisgthear é; mar
an gcéadna theangbhas do'n anam ionnraic nách
gcongbhann é féin ó chómhluadar na mban, óir
dubhtar é le dubhailcídhe na drúise.



"Bíonn mar an gcéadna an peacadh air n-a
fhadughadh le hórnáidíbh éadaigh, amhail bhíd méirligh
nó lucht foghla chuireas rómpa baile do losgadh,
is é do gnídh teine do chur in aon tigh amháin dá
losgadh & gabhaid an uile de na tíghthibh an teine
ó'n tigh sin; mar an gcéadna cuireann an diabhal
teine na drúise & na droichmhéine i n-aon mhac-
aomh amháin bhíos órnáideach i n-éadach & tugtha do
ghníomharthaibh na colna chum na coda eile do los-
gadh leis an dteinnid gcéadna.



"Ní fhuil san drúis acht uaimh an diabhail chum
na bpeacadhach do shlogadh go hiomdhoimhin ifrinn.
Ní fhuil fós i n-anntoil na drúise acht leanán
áidhbhirseora nó nó báíghte do cuirfidhe i sar chum
éin do mharbhadh, nó mar do bhídh dubhán neirg-
nimhe i bhfolach san bháíghte; amhail mar gabhtar
iasg le dubhán nó éin le gaiste, mar an gcéadna
gabhtar na daoine i n-aimsir na drúise.



"Fá dheoigh, is í sin mo theist air an phéist
bhrúideamhail so, bhíodh a fhios agaibh nách fuil innte
acht nimh nathardha, a mharbhas na daoine fá dheoigh
amhail mharbhas an nathair-neimhe. Ní fhuil fós san
drúis acht pláigh ris an gcine daona, do réir mar
is follas san aicíd ghráineamhail úd dá ngoir-
thear 'an bholgach Fhrancach,' éadon, sgiuirse uath-
bhásach chum peannaide do lucht na drúise. Dá
bhrígh sin, a dheirbhshéaracha, diúltaighmís do'n phea-
chudh ghráineamhail úd na drúise, agus críochnaigh-
im le sna bréithre so:



"Is drúiseamhail damanta an galar so léigheamar shuas;
'S is brúideamhail borbartha cheangail na céadta 'nguais;
Is iomdha mallaightheacht tharraingeann sé, monuar!
A's mío-chlú allmhuir an pheacaidh so, caomhain uainn."


L. 308


Óráid roimh scolairidhe
Yale an Deachmhadh la de'n mhí roimh Shamhain, le S. P. Altgeld.
Martán I. Ó. Maolruaidh ro sgríobh.



Ón lá déigheanach de'n chogadh
tíre, tá ár dtír faoi bhéasa*
*(béas, gen. béasa, tribute, in Brehon Laws.)
lobhtha an mhargaidh. Tá an
smuaineadh go n-déanann
neart ceart ar an taobh
céadna, agus ag troid go
bás an aghaidh ceartais agus comhthromais



Seasann na díoltóiridhe a tá ag creime coda
na n-daoineadh ar theagasg an nirt. Seasann-
siad ar bhantaiste.



Is fíor go bhfuil ár dtír creachta ag tabhairt
béasa do eachrtanaibh, & ó righneadh bun-airgead
de'n ór amháin tógann sé a dhá oiread de airg-
ead na tíre so chum an béasa so d'íoc. An feadh
uachtaránachta Mhic Fhionnlaoigh chuireamar cúig
chéad milliún as an tír so níos mó 'nádo
áinig chugainn.



An d-tógfaidh sé i bhfad chum na tíre do
scriosadh ar an imtheacht so. An dtiocfaidh linne
cúig chéad milliún dollar do chailleamhain gach
bliadhain.



Innistear dúinn gur b'in fiadhnaise faidh-
bhris & aoibhnis. Is seadh go deimhin, an cinéal
aoibhnis & saidhbhris a tá i n-Éirinn agus ann 'sna
h-Indiathibh ar feadh deich mbliadhan & dá fhichead.



Bliadhanta ó shoin do dhíolamaois gach nídh le
h-ár muintir féin, & bhídh ár g-céird-thíghthe ag
obair gach lá & gach oidhche.



Tá ár margaidh féin sgriosta anois, 'n uair
nách d-tig le n-ár n-daoineadh a sáith do cheann-
ach, óir do réir ár muintir ní cheannuigheann
siad indiu níos mó 'náleath a gceannuigheann
tamall ó shoin; dá méadóchadaois cúmhacht chean-
naighthe na n-daoineadh go d-tí an áit ann a raibh
sí cheanna d'aithbheódhchadh ár margaidh féin arís;
bhiadh gach céird-theach ag obair gan mhaill, & díol-
famaois san bhaile gach nídh dá ndéanfadaois.



Dá gceannóchadh ár muintir féin san bhaile
luach cúig chéad milliún dollar bh'in cómhartha
fíor-acmhainge.



Mar tá sé téigheann an mhéid so as an tír gach
bliadhain, níos mó 'ná thagann steach, sé sin,
cail leamaoid an oiread sin.



Íslígheann ceannaigheacht-aonair (monoply)
seasamh na ndaoineadh, & lughdaigheann sé a neart
air theagasg do thabhairt dá g-clainn.



Gidheadh go d-tugann seoinín éigin milliún nó
dhó do choláiste, le n-a ainm do bhuanughadh, ní
choingeobhadh sé sin an drong oibre ó ísleacht
má buanaighthear ceannaigheacht-aonair.



I láthair an dlíghidh tá an cheannaigheacht-aonair
coireach, & tá dlígheadh ar ár leabhraibh i n-a haghaidh
acht cia an mhaith san an uair nách cuirfidh ár n-
uachtaránas an dlígheadh i bhfeidhm.



Go deimhin tá ár n-uachtaránas faoi chosaibh na
ceannaigheachta-aonair so, & caithfimíd-ne gach
dlíghid a ghéineas ceannaigheacht-aonair do ghlan-
adh acht as ár leabhraibh, & gach dlígheadh dá bhfuil
i n-a haghaidh do neartúghadh.



Acht chuireann an ceannaigheacht aonair a lámh i
dtír-ríghe (politics), thugadar na milliúin de air-
gead cúl duinn do Mharcus Ó Hanna chum an
tóghbhtha so cheannach & an uchtaránais so do bhuan-
úghadh i gcúmhacht. Chómh fada & is léir damhsa
tá na fir a ghabhas de chosaibh is san dlíghe, & na
fir a shalaigheas srotha an comhthromais, ag glam-
aireacht do Mhac Fhionnlaigh.



An bhfuil fear chéillidhe san tír a shaoileas má
ghnódhaigheann na dógha (trusts) an tóghbhadh so go
n-imtheochaidh siad as an bhith. Ní ceist aon taoibh
amháin í so acht ceann féin-chúmhachta (self-preser-
vation). An mbheidh ár n-uachtaránas faoi smacht
na na n-aon ghuthachd nó faoi smacht na ndaoineadh
a ghéanas obhair na tíre.



Cuimhnigh nách fuil aon fhear na mbréagaireadh
go raibh sé de chruadhas ann a rádh go mbiadh Ó
Brian faoi smat na ndógh ná na naon ghuthacht.



Uisge Glasda, Mich.



Fear Eagair an Ghaodhail:
Cuirim chugat andiu dollar chum íoca as an
GHAODHAL ar feadh bliadhna eile. Tá sibhse ag
tabhairt luach ár n-airgead dúinn; agus ag cur
léighteadh blasta ós cómhair ár n-daoineadh. Badh
cheart do gach aon Éireannach san tír so an
GAODHAL do bheith aige in a teach féin.



Do bhiaidh nídh bhus mó grádh agam air an
Ghaodhal dá m-biadh nídh bhus mó Gaedhilge ann,
acht tá sé go maith mar a tá sé.



Is mise do chara, & cara na teangadh Gaedh-
ilge,
Eoin Ó Cathail.


L. 309


Sgeal Fiannuigheachta.



An Macaomh Mor, Mac Rígh na h-Easpaine.



"The Adventures of the Great Youth, Son of the King of Spain."



Caibidil VII.



"Truagh san," ar an fear mór, "óir do
thímcheallas an domhan & níor fhágbhas cuan
ná caladh, iath ná oileán ar feadh na cruin-
ne ceathardha go h-iomshlán, & ní bhfuaras
fuil do b'uaisle 'ná an fhuil a tá agam anois, do réir a deilbh
& a déanaimh. Agus ar na chlos san do na gaibhnibh do chuir-
eadar téada cnáibe amach & do cheangladar sin araon, agus
do tharraingeadar sinn suas, & do cuireadh i b-príosún
dhainghean dhorcha sinn i n-íochtar an túir. Agus do moladar
na gaibhne go maith fuil mo mhna féin chum an claidhimh do
fhagairt.



"Agus do thigeadh an lán-mara fúinne fá dhó san ló, agus
piastaidh iolbhuartha na fairrge, ag inghilt ar ár g-corpaibh
go luaimneach, & gidh b'é de bhiadh nó bheatha do ghabhamais, ní
sinn féin do chaitheadh é.



"Níor chian dúinn amhlaidh sin go rugadh mo bhean féin
uaim suas. & do gearradh a bráighid, & do léigheadh a fuil
trí fhuil leomhain & leopaird , & do faghradh an claidheamh, &
d'fhiafraigh gabha de'n ghabhainn a b'fhearr aca 'a n-dearnadh
i gcríochaibh Bolg, nó i d-tuathaibh Ifrinn a mhacsamhail sin ar
fheabhas.' A dubhairt, sin nách dearnadh.



"Is ann san do luaidheadar na gaibhne dul ag iarraidh éisg
& do ghluais gach aon díobh, chum iasgaireachta & a chliabh air
gach fear díobh, & d'fhágbhadar aon ghabha amháin ag coiméad an
túir, & an chlaidhimh, & ar imtheacht dóibh tháinig an gabha as
mo chionn féin, & d'fhiafraigh, 'cá cinéal dam.' A dubhairt,
'gurab Easpáineach mé,' & air n-a chlos san do'n ghabhainn do
chaoidh frasa diana déar & a dubhairt, 'gurab Easpáinneach é
féin, & d'fhiafraigh dhíomsa a ndéanfainn nídh le claidheamh. 'A
dubhartsa go n-déanfainn dá m-bádh ar mo chumas féin dam,
& d'iarras ar sin na ceangail do bhí orm do sgaoileadh, &
níor fhéad sé aon chor do cur díobh, a dubhairt leis an claidh-
eamh do thabhairt chúgham, & gaoth an airm neimhe do léigheann
fá na cuibhreachaibh do bhí orm, & do rinn amhlaidh sin, ionnas
gur chríoneadar na téada & na tácluidhe dá rabhas ceang-
ailte go d'osgailte,' & ro éirgheas dá éis sin, & do chuireas
an lann leadartha, líomhtha, lán-bhuadhach, i n-a truaill taisg-
the & coiméadtha, do bhí ar n-a déanamh de chnámhaibh áilne il-
phiast na fairrge go g-ceangal de chlochaidh cristil & carr-
mhogail & a dubhairt leis an ngabhann fuireach i n-a ionad
féin, & go bhfanfainn se san phríosún go teacht do na gaibh-
nibh asteach. Tángadar & an iomad gairbh-éisg aca, & do
bhruithuigheadar é, & do chaitheadar a gcuid de, & níor fhobra-
dar aoin nídh do thabhairt dam-sa dhé & d'fhiafraigh mé díobh
an léigfidís amach mé. A dubhradar san nách raibh d'fhuireach
orm gan mo dhithcheannadh acht go feadh a gcoda do chaitheamh
go h-iomshlán dóibh.



"Air n-a chlos san damhsa d'éirgheas anios as an phríosún,
& do mharbhas aon fhear déag díobh, & d'aithneas an fear sin
do bhí de m' dhúthaigh & d'fhortaigh as an mór éigean san mé;
agus a dubhairt leis an túr go ghlanadh & na cuirp sin do
chur amach san bhfairrge & a gcinn do chur ar an túr.


L. 310


"Agus iar sin do chonnarc cloch uasal i n-dorrachlainn an
chlaidhimh & do thómhaiseas le brághaid mó mhná í, agus do slán-
uigheadh an chreacht fá chéaduair, & d'fhiafraigheas de'n gabhain
an raibh san túr aon nídh do chuirfeadh anam ínnti, a dubhairt
an ghabha gur dhíomhaoin an fhiafraighe í sin, & nách raibh san
domhain aoin nídh do chuirfeadh anam ínnti.



"Bádh mhór mo thúirse & mo dhobhrón féin trid sin, cia
gur bhád iomdha ór & airgead san túr san, & d'fhiafraigheas
de'n gabhain créad do déanfamaois leis an mnaoi sin, &
a dubhairt an gabha, go chóir a fághbháil san túr, & gur mhaith
an réim adhlaicthe di é, & gur rabhadar clanna uaisle ann
mar aon léi, & clocha iolbhuadhacha dá g-cúmhdach gan thruaili-
úghadh.



"Do badh lúghaide orm féin an gabha an chómhairle sin do
thabhairt dam, & do líonamar ár long d'ór & d'airgead, &
do rugamar an bean linn, & do chuireamar clocha uaisle do
chúdmhach cuirp gan thruailiúghadh.



"Agus a Fhinn Mhic Chumhaill (ar an fear mór), badh thruagh
mo chuideachta féin an uair sin, eadhon, bean mharbh & fualán
gabhann, & ní dá dheóin do rugas an bhean liom, & a dubhairt
gur ghnáth an long i n-a m-biaidh corp marbh ínnte do bháthadh.
A dubhairt mé nách fúigfinn do san í go g-cuardóchainn an
domhan doi nó go bh-foillseochadh Dia ní éigin dam, do chuir-
feadh anam ínnti, agus do ghluaiseamar reómhainn & is fada
do bhídheamar air muir, & gach anfadh dá bhfaighmís a deireadh
an gabha gur chóir sin tréas an gcorp marbh do bheith san
loing.

Caibidil IX.

"Lá naon dúinn mar sin & do chonnarcamar tír álainn
uainn, & tígimíd i dtír san gcríoch san, & níor chian dúinn
an tan tárla i longphort álainn éagsamhlach sinn mar a raibh
tortha áilne iomchaithmhe & do chaitheadar cuid díobh, & do
ghabhas ag siúbhal an oileáin go dtárla aodhaire muc dám, &
d'fhiafraigheas ainm na tíre de, & d'innis dom gur bh'í sin
críoch na hEgipte, & mar do thaithin an tír liom do smuain-
ead Mainistir do dhéanamh ann, in ainm mo mhná, & do chuir-
eas i gcead do'n ghabhain sin, & dubhairt an gabha gur choir sin
do dhéanamh.



"Do ghluaiseas orm féin rómhain fá an tír & tionólas céad
máighistir saor gona bhfuireann dé lucht oibre, & do dealbh-
aigheadh mainistir leó, & do bhíodar bliadhain dá dhéanamh, &
do bhí mo bhean féin gan adhlacadh ris an ré sin, & ní raibh
acht mar do bhiaidh i n-a codladh, agus ar bheith do mhainistir
déanta do smuain mé Órd do cur ínnte, & is é Órd do bhí
san tír sin, eadhon, manaig leithe, & is é líon thugas liom
díobh, eadhon manach as gach mainisnir & do righneas Abb de'n
mhanach do badh fhearr clú & crábhadh díobh, & do cheannaigheas
fonn & fearann dóibh.



"Ann san d'iarradar mo bhéan le h-adhlacadh orm, agus
d'innis mé sin do'n ghabhain, & dubhairt an ghabha gurab chóir
sin, & badh lúghaide orm an gabha an chómhairle sin do thabh-
airt dham tar éis ar chathas d'ór & d'airgead le mainistir
do dhéanamh, & gluaisim reómham ar feadh na hoidhche sin ar
muir, & ar éirghe do'n ló ar na mháireach do chonnarcas cath-
air álainn, éagsamhail, dlúth-fhairsing, daith-gheal, & do badh
iomdha dealbh leomhain & leopaird, gribh-ingnigh & péiste
éagsamhla eile do bhí ar na dhealbhúghadh ar taobhaibh na cathrach
sin ó lámhaibh suadh & saoir-cheardaige, & do bhí aonac áidhbhéil
d'á chomóradh ar fháithche an dúin, & rí fuirinneach, fuirm-dhlígh-
theach fláitheamhail, deagh-bhriathrach in a shuidhe ar lár an
dúin sin.



"Agus do chuadar féin i dtír ar sin, & gluaisim go pobal
an riogh, & d'fhiafraigh sé sgéala d'íom & d'innseas mo
sgéaladh do ó thús go deireadh; & mo bhean do bheith marbh,
& d'innis an rí na h-India & gur aige do bhí clocha uaisle an
domhaín i d-Tigh na Séad, & a dubhairt Liomsa mo bhean do
thabhairt liom & a cur go Teach na Séad, & adrugas ar sin
triar eile liom & do chuireamar eilliatrom uirre agus
thugamar linn go Teach na Séad í. Aimsir fhada domhsa
mar sin i bhfocair an riogh.
(Le bheith ar leanmhain)

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services