Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Sgeal Fiannuigheachta (ar lean.), Urnaighthe, Filíocht
Title
Sgeal Fiannuigheachta (ar lean.), Urnaighthe, Filíocht
Author(s)
Údair éagsúla,
Composition Date
1900
Publisher
Nolan Bros
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
SGEAL FIANNUIGHEACHTA AN MACAOMH MOR, MAC RÍGH NA H-EASPAINE. CAIBIDIL III. Is ann san do labhair Fionn, agus is seadh a dubhairt: "Tugaidh m'airm agus mo éide mhór-chatha, & cruadh chómhlainn chugham-sa go n-deachainn do chómhrac tar cheann na Féinne ris an fear mór, oir is liom is mionca d'éirighe chum taodhmachatha'cruaidh i gcathaibh & i gcómhlannaibh air muir & air tír." Air sin do tugadh 'arm & 'éide chum Fionn, eadhon, a sgiath álainn, dhuallach, & a throm-eide bláthmhar, dar badh ainm Seanchúil, & a chlaidheamh créachtac, cosgartach, claisleathan, coilg- dhíreach, caolfhaobhrach eadhon, Macanloinn, & gluaiseas i gcoin- ne & a gcómhdhail an fhir mhóir, agus do rinneadar cómhrac calma, cóimhnear- mhar, agus úrlaidhe ádhbhal éacht-goineach re chéile, ionnas gur chriothnaigh an talamh tromfhódach fá n-ag0 cosaibh, ionnas fo d- tigidís badhbha baoith chéillidhe, geilte glinne, & deamhain aeir, as a bhfirmam- ent ag féachain, ag éisteacht & ag cómh- mhaoidheamh an cómh- raic & na díse deagh- laoch sin. Do ghnídís ball bog de'n bhall cruaidh, & ball cruaidh de'n ball bhog; ionnas gidh bé do thioc- fadh í iochtar an domhain go huachtar an domhain ag féachain chata nó chruadh-cómhraic gurab ortha araon badh chóir teacht ag feachain ag sníomh a sáinte re n-a chéilé, mar dha áthair nímhe, nó mar dhá leóghan air láin-mhire ag úrlaidhe & ag súirt-bhualadh a chéile le athadh fada aimsire, seachnadh corp, cneas na ceann-,hullach. Agus do bí béas ag sgéith Fhinn an uair do bhídheadh-se ann éigean dasachta, do ghéiseadh an sgiath, & do labhradh i bhfoghair gutha gráineamhla, & air d- tréigean a nirt d'Fhionn, le borb bhéimeannaibh an fhir mhóir, do ghéis sgath trí huaire.
Agus níor héisteadh san i bhfad ag Fiannaibh Éireann, óir d'eirgeadar ann a gcipeadhaibh dlútha, daingeana, dian-lúatha & ann a gcaithaibh diana-daingeana dlúth-chóirighthe d'fhortachta & dfoirighin a righ & a ró-thighearna. AGus air a bhfaicsin do'n fhear mhór, do chuir Fionn air úl a sgéithe,& do chuaidh féin go mear dáa deaghthapaidh i d-tosach na Féinne go fíor- chalma, & duaidh fútha tríotha & tarsa, mar do rachadh faolchú allta fá mhín-tréad caorach, nó míolmhór fá mhin-iasgaibh, nó amhail tonnbháite ag gluaisacht do dhruim sléibhe, ag bhrise & ag bhuan réabadh ann gach áit dá d-tangmaigheann, ionnas gur ghaibh dá néirleach & dá n-áthbhumhadh fá'n samhail sin, & ní lugha ioná céad fear in airm do goineadh & do gearadh leis do'n ruathar sin. Agus do rugadh Fionn do'n bhruighin, & do cuireadh leigheas ann a ghonaibh & ann a chréachtaibh- & tharla Oscar & an fear mór dá chéile, & a dubhairt Oscar leis: "Sguir feasda de'n Fhéinn & do bearsa cómhraic aoin fhir dhuit." "Do b'fhearr liomsa sin," ar an fear mór, "ná aghaidh na Féinne uile orm." "Olc fuairis sin," ar Oscar, "óir do dhéantá thú féin ortha & ní dhéan air ormsa." Is ann san d'ionnsaigh Oscar & an fear mór a chéile, agus badh leadairt dá leóghaín, & comhrac dá dhaimh dílghionn, chomh- rach na díae deagh laoch sin, ionnas dá d-tigeadh neach o oir- thear hEorpa san domhan t-soir, ag féachain cata nó cruadh- chómhraic nó ó íarthar na h-Ispérnia san domhan tsiar gurab ag féachain na díse deagh-laoch sin do inteachta dó. Mar sin dóibh go ceann trí lá, & i gceann na ré sin do cuadar araon i mbruighean na hAlmhuine, & do rinneadh freasdal & friothálamh dóibh araon, & ní fearr do bhí an Fhinn le h-Oscar 'ná le n-a chéile cómhraic, & d'iarr an fear mór a leabadh d'úllmhúghadh dho, & badh éigean 'san do dhéanamh do rér a thola. Is ann san do labhair Oscar le Fionn, & is seadh a dubhairt "Is bás dómhsa amárach," ar sé, "muna dtigidh leatsa mé shábháil, óir is uime d'iarr an fear mór osadh cómhraic - na trí la & na trí oidhche atá s i nÉirinn, ní dhearnadh se uair do chodhladh ná chómhshuan le hiomlán na ré sin, & is amhlaidh is cóir duitse, a FHinn dul do ionnsaighe an fhir mhor anocht, & a chongbháil gan codhladh óir dá gcodladh mési, & an fear mór ann a dhúiseacht, is bás do amárach; & dá g-coladh an fear mór ann so anocht, atá d'fheabhas a láimhe & a nirt, gur'bhás dómhsa tar bhur gceann. (le beith ar leanamhain.) EIBHLÍN A RÚIN! Shiubhalfainn féin a g-cómhnaidhe leat, A Eibhlín a rúin! Shiubhalfainn féin a g-cómhnaidhe leat, A Eibhlín a rúin! Shiubhalfainn féin a g-cómhnaidhe leat, Síos go Tír-Amhlaghaidh leat, Mar súil go m-beidhinn i g-cleamhnas leat, A Eibhín a rúin! D'ólfainn fén bó leat-sa, A Eibhlín a rúin! D'ólfainn fén bó leat-sa, A Eibhlín a rúin! Shiubhalfainn an saoghal mór lear, Go m-beidhinn féin i g-cleamhnas leat, Ní scarfainn go deo leat, A Eibhlín a rúin! An d-tiocfaidh tú, nó'n bh-fanfaidh tú? A Eibhlín a rúin! An d-tiocfaidh tú, nó'n bh-fanfaidh tú? A Eibhlín a rúin! Tiocfaidh mé a's ní fhanfaidh mé, Tiocfaidh mé a's ní fhanfaidh mé, Tiocfaidh mé a's ní fhanfaidh mé, S' eulóchaidh mé lem' stór! Céad mile fáilte romhat! A Eibhlín a rúin! Céad mile fáilte romhat! A Eibhlín a rúin! Céad mile fáilte romhat! Naoi g-céad míle fáilte rómhar! Fáilte agus fiche rómhar! A Eibhlín a rúin! PÁRLAIMENT NA M-BAN. CÚNTAS AIR GHNO AN PHÁRLAIMENT CHÉADNA, ANN SO, MAR LEANAS. LEIS AN T-ATHAIR DOMHNALL UA COLMÁIN ORÁID EIBHLÍONOIR BINNGHLORAIGHE. (CHRÍOCHNAIGHTHE.) Do chualabhar anois a dheirbhshiúra ion- mhuine, cionnas is cóir duíbh úrnaigh- the dhéanamh, agus cad iad na nídhthe chuireas toirmeasg ortha, cia shiad do héistear ionnta, & chum go m- beidheadh fuirim aithríghe agus úrn- aightheadh agaibh, dóbraidh Dia mise chum bheagáin cómhairle agus úrnaighthe do chur síos ann so: "Lochán gaoithe an t-saoghail 's a rath ná pós, Cómhradh caoin gan naoimh-ghil glac mar stór, Brón Pháis Chríost do chuimhneadh is maith an nós, Is go m-beidheadh do chroidhe gan bhrígh gan phreab gan glór." ÚRNAIGHTHE, "A Thighearna neimhe & talmhan, molaim & mór- aighim dáinm síor ghlórmhar, air son mórnaomhthach- ta do cholna daona, & beart Do Mhic mhíorbhúiligh; air son do theagaisg & do sheanmónal air Neamh. Do bheirim ó m'chroidhe agus ó mánam gach aon bhuidheachas is dual & is féidir liom a thabhairt duit, air sin mistéireadh & muirbhuileadh Do cuirp & D'fhola ró naomhtha, ró uasal, an t-Sácraiment naomhtha na h-altóra, le na n-oiltear, agus le na nglantar, & le na naomhthar sin, & ke na n-déantar ár nanam d'fhortacht leis na huile ghrásaibh & bean aightheacht spioraid-ealta. Do bheirim ó mo chroidhe & ó m'íntinn buidheachas ró mhór Dhuit, de bhrígh gurab í D thoil mé díom- ladh le sacraiment an bhaisdigh: mise. an lán dorn de chreafóig, & de neimh-nídh, & nár léigis a bhfail- lighe gan é mhéadúghadh ionnam go laothamhail, maille le múineadh & teagasg na h_Eaglaise naomhtha. Do bheirim mar an gcéadna, buidheachas mór Dhuit do bhrígh gur chothaigheas mé i mbiadh & a n-eudach, O m'chliabhán go nuige so, ag tabhairt gach uile nidh dom, chum mo chorpáin do chithughadh. Molaim & móruighim Do naomh ainm, de bhrígh gur spárálais mé le do ghrásaibh, go d-tí anois, & me go mallaighthe ag tuitim a mórán peacaidheadh, & tusa go foighideach ag feitheamh liom nó go n-duis- eóchtaoí maille led'ghrásaibh mé ó chodhladh an pheacadh & do thiocfain tar ais ó m'dhiomhaoineas, & ó m'chúrsaibh maillighthe; óir dá roinnfá liom foai mar thuilleas é, is fada roimhe do bheidheadh mánam caílte, no fós do shloigfeadh poll do mha- gáin ifrinn a'm; beatha mé. Air son na ngrás & na tiodhlaiceadh so go léir, iarraim & athchuingim ort le díogras moo chroidhe, & le h-umhlacht mán- ama, míntinn d'fhairsingiúghadh go laothamhail chum níos mó mholta & buidheachas do thabhairt Duit na thugas-sa fós go nuige so. Ó, a thighearna & a Athair naomhtha na ngrás, ná fág mé air an dtaobh aistigh de compás d'úmhlachta, ionnas na beidheadh eagla aon nídh anns an t-saoghal so orm, níos mó 'na cathúghadh do chur orthsa i n-aon chás, & chum na críche so bídheadh Do ghrádh naomhtha-sa ceann-sa neamhbuartha ag ceannsúghadh na buadhartha & an cathaighthe thiocfas orm, óir atá a fhios agat go bh- fuilim sochlaidhte, soi-christe uaim, & nach fhuil acht neimhindh a'm'neart ann éagmais so. A Athair mhór ghrásaigh athchuingim Ort le húmhl- acht neamhchuimseach Dáon Mhic Íosa Chríost, gom- badh daonach leat mise, do sheirbhíseach, do choimhéad ó gach aon tsort uabhair íntinne, & ó gach glór dhiomhaoin, ó mheargántach, ó neamhúmhalacht, & ó chealg, & ó mhailís! athchuingim mar an gcéadhna Ort a Thighearna, díbir uaim spioraid na failligh- the & na brocuigheachta, spioraid na mhiosgaise & na mhailíse; spioraid an fhuatha & an droich-mheas- da ionnas nách diomholfainn aon chréatúr de d' chréatúiribh, & na cuirfinn mé féin roimh aon chré- atúir eile, acht beag meas do bheith orm féin agus mór-mheas air chach. A Athair naomhtha clúdaigh mé le huedach Do Mhic ghrásaigh, & le subháilcidhibh diana do naomhchar-
thanachta, & ná'ar sgaraidh bás ná beatha, saidhbhrios ná diabhrios, sláinte ná easláinte, ná aon nídhthibh bit mé led'ghrádh dhílis go bráth. Athchuingim Ort an dúil bhíos a nídhthib so-ghluaiste an tsaoghail-so agam, do chur a leath-taoibh uaim, ionnas gur duit féin, go haonaránach, do béarfas mánam taithneamh. A Thighearna tá lá lán de ghrásaibh tabhair dod' sheirbhiseach féin croidhe úamhal cómbhrúighte, agus tuigsin beith cramach tímcheall smuainteadh neamhdha, & toil cúramach tímcheall smuainteadh easa, & dúil calma ceannsa, & coiméad aireach do bvheith agam air mo chéadfádhaibh corpordha, ion- nas triotha san nách rachadh an peacadh asteach a' mánam. Cuir srian ládir air mo theangain, ionnas nách tiocfaidh aon chómhrádh corb na míomhacanta as mo bhéal, & nách labhrócháin go h-olc, go heasmail- teach air aon neach go bráth, & na beidhinn cúram- ach tímcheall locht chách, ná droich-ghníomharthadh daoine eile acht aire do thabhairt go hiomlán chum mé féin do leasúghadh. Athchuingim ort arís a thighearna ró ghrádhaigh an fhaid choingbheóchachas mé anns an bpríosún so mo chuirp, bheith mar chómpórd agam an uair do bheidh- inn sgartha ó gach aon chúram saoghalta íodhbairt iomlán do dhéanamh díom féin chum do sheirbhise, & aire go h-aonaránach do thabhairt dod'theagasg naomhtha, go mbadh dheonach a thighearna , uaire uaig- neacha mo bheatha do chathamh anns na h-oibreachaibh mílse so le fíor dhóchas críoch mhaith do chur air deire mo shaoghail. A Shlánuightheóir na cinidh daona iarraim agus athchuigim ort an tan sgarfas an tanam leis an gcorpán mbocht-so, tar éis aithríghe fhirinnighe do dhéanaamh, & subháilcidhe shacraiment na h-Eaglaise naomhtha ghlacadh mé d'áireamh ameasg na n-anam naomhtha, do shúil máille le liudheacht do Pháise & an Atha & an Mhic, & an Spioraid Naoimh, darab dóibh bheirid créatúiridhe neimhe & talmhan moladh & mór0onóir le saoghal, Amen; & chum gur mhóide thigfeadh brígh na n-úrnaightheadh críoch- naighim leis na briathraibh so: — "Le h-úrnaighthibh múchtar fearg Mhic Dé, Le h-úrnaighthibh fúighthear an t-anam gan bheinn; Le h-úrnaighthibh muintear maitheas gach bhéas, A's le h-úrnaighthibh músgaltar Aingeal 's Naomh." Ann sin do rinneadar acht Phárlaiment na h- úrnaighthe so do rádh do gach aon mhnaoi acu, gach aon mhaidean, & gach aon tráthnóna le na mbeatha. D'órduigheadar mar an gcéadna a chur d'fhiachaibh air a gcalinn an fhuirim chéadna úrnaightheadh do rádh air maidin & um thráthnóna- (le beith air leanamhain.) EOGHAN (RUADH) O SÚILLEABHÁIN CCT. An uair thiocfaidh an míol-mór air an Maing- Agus thiocfaidh an Mhaing tar Sliabh Mis, An uair chaillfidh an sagart an tsaint, Is seadh thiocfiadh a chaint do'n fhiach-dhubh. A Fhir an Ghaodhail: Bhí fleadh súghchraobh & grinn ag Cumann na Gaedhilge Diardaoin, an ceathramhadh lá déag, & bhí suas le cheithre chéad láithreach. Thosanaigh Rós ní Mhaolmhagháin an ghreann le ceol Gaodhalach air an bPiano, agus caitheadh chuid eile de'n oidhche mar leanas: Dileagra ó'n Uachtarán Pádraig O Concobhair O Gramhna Abhran, "An Breatach Ghilréaltach," Máire ní Ghearailt. Dá ghuth, "Og laoch na rann," Beurla Lína ní Dhonnobháin & Máire ní Eidirrgeoil. Abhran, "Creid mé dá n-éugfadh &l." Séamus O Dongoile. Dileagra Eamhon O'Meachair Condún. Tar éis so do tugadh na subhchraibha agus so uachtar do'n ocrach & 'na nair bhíodar sásta do leanadh do'n greann. Tug Teirís ní Choileain air an Madolín Abhran, "Caitlín Mo Muirnin" Suisí ní Chárthaigh. Abhrán, "Seaghan O Fearghail," Pádraic O h-Eigcearta. LEigheann, "Sgaoil Brat na hÉireann ." Iosef Mac Aodín Abhrán "An Chruit do scaip &l." Maire ní Eidirsgeoil. Abhrán, "Mo mhuirnín," Séamus O Donghoile. Agus do chuir Mac Uí Eigceartaigh deire leis an ndáil le gábhail an abhrán,"Go Saoradh Dia Éire" i n-Gaedhilig. D'fhag gach duine go buidheach beannachdach & ag tnúth le oidhche eile mar í d'fhághail sul a fhada, rud a gheobhaidh Oidhche Shamna. Ní'l aon eagla orm a rádh go ndéanaidh sí so mar chumann obair mhaith as so suas. Tá dian oibreoidhidhe ag teacht chugh-ainn le déinaidhe. Tá síad ag trácht cheana ar iarraidhe ár Shagairt na cathrach stáir na hÉireann do mhuineadh inns na sgoilibh paróisde mar ceapaidh go m-beadh-s cóir: léigheann Gaodhalach do pháisdíbh Gaodhalach: & is é tuairimse gur mithid é so do dhéunadh. Múintear Francais i bparóis- díbh 'nn a mbídheann Éireannaigh & Francaigh. Má tá so ceart cad atá níos cirte 'ná stáir na hÉireann do mhúineadh do chlainn Éireannaigh & gan iad a thabhairt suas mar tháthas go nuíge so -- mar 'ná ar thír a sínnsear & réir deallraim le droch mheas ortha. Geobhadh,aoid má iarramaoid acht ní bhfagaim- íd muna n-iarraim. Is mithid grádh sinnsear do mhúsgaillt 'nn ár measg 'n uair chídhmíd cách ag ár múchadh le méid aghrádh do'n sean tréibh ná'ar bhfiú grádh aon'ne acht mallachtaidhe an tsaoghail. PÁDRAIG Ua H-ÉIGCEARTA.
RÚIN AGUS CIALL AN OIREACHTAIS AIR NA CÓIMHTHION- ÓLADH I M-BOSTÚIN, AN OCHTMHADH LÁ BEILTINE, 1900. Ó thárla go bhfuil Connradh na Gaedhilge i m-baile Átha Cliath ag obair go fial fonnmhar do bhuanúaghadh agus do shaorthúghadh ár dteanga dhúthchais molamaoid iad & do bheir- imíd ár m-benanach dóibh, & guidhmíd Dia an Uilechúmhachta ár g-cineadh sa mbaile so spreagadh le fíor ghrádh dár n-oil- ean mathartha go dtuigfidís gur ab ionnan teanga & náisiún fá leith is éigin dóibh an Gaedhilig do cvhoiméad beó i m-beul na ndaoine. Dá réir sin do iarramaoid& do churimíd d'athchuinge ortha do chur d'fhaichaibh ar an rialtas go múinfidhe an Ghaedhilig ins na scoinibh náisiúntacha air fíd na h-Éireann; ins an dara háit go múinfidhe Beurla & na healadhnacoitcheana tré mheadhon & as an Ghaedhilig is ne ceanntraibh go bhfuil sí fós dhá chleachtadh mar thenaga nádúrtha: Agus ó thárla gur chuir an BHuidhean ársa onóireach san na nÉireannach dá dtugthar uirthe as Beurla, "The Ancient Order of Hibernians" ar bun i Washington, cathaoi mhúinte na Gaedhilge, sintear aguinn, gur mhór an chumaoin do chuir- eadar dá dheasgaibh sin ar muintear na h-Éireann go h-uile anois & go bráth, & admháilimíd go toileamhail an mhór-chum- aoin so , & do bheirimíd buidheachas ó'n ár gcroidhe go duthrach- tach leó, & anois óir is chca san is dual dúinn ár súile do chlaonadh arís, óir siad ár gcineadh féin iad a a bhfuil cúram leasa na h-Éireann, do leathamáoid ós a gcómhaíer an riácht- anas atá ann fá láthair' & gan mhoill go múinfide an Ghaedh- ilig do na doainibh ins na ceanntairaibh so ar fuaid na hÉire- eann go bhfuil sí fós dhá cleachtadh go coitcheann, & ar an gcuma sin go mbadh bhféidir do na daoinibh do labhair o ó'n a gcliabhán í do éigheadh & do scríobhadh, mar 'is folus gur mar so amháin is féidir ár d-teanga do choiméad beó & do shaorthúghadh mar theanga liomhtha leigheanta. Dá bhíthi sin tá múinighin & dóthchas orainn go n-éistechaidh an bhuidhean onói- each so do luadhmar le'n ár n-impidhe go mbrónfaidís roinn airgid le haghaidh oididhe mhúinte na gaedhilge do sheoladh is na ceanntraibh Gaodhalacha ar fuaid na hÉireann.l Is le dubhrón & diolgheas cróidhe doichimdhmíd nlath & scoth na naos óg mná & fir groidhe na hÉireann ag fághbhail a d-tíre chúthchais * ag teitheadh ar éigin ó iath ghlas na h-Éireann & gan fonn fillte ar ais ortha go bráth, cinntear go glaodhamaoid go hárd air chinn-feadhma an phobail na hEasboig & na tre- óraidhe policiaca bac & cosg do chur air an dithreabhúghadh mio-ádhmharach so atá air siúbhle tréimhse ró fhada i n- Éirinn. Agus dala na doaine g go bhfuil fonn teacht amach ass san ortha bhadh mhaith linn cur i d-tuigsin dóibh dá mbeadh a fhios acu méid na contadhairthe a ritheann siad & a liacht Éireannach théideas amudha ar an raon reatja mío-nádúrtha siúbhaltar go minic sa tír so ní fhágadaois Eire go brath. Agus fós deirmíd leo gur fusa go mór dhóibh slíghe beatha do shaorthúghadh san m-baile 'ná san tír so. Is le haon intinn do bheirmid ár mbuidheachas do na h-Eas- poigibh & cleircib na h-Éaglaise i n-Éirinn mar is acu atá aireachas ar na daoinibh go huile dá stiúrughadh i slíghe a slánuighthe & óir is feasach dúinn go bhfuil siad i gcómhnuidhe ullamh do thabhair lámh cungnmahtha dá bpobal, iarra maoid ortha mar athchinge cidiughadh le lucht cosnamha na Gaedhilge san iarracht ará siad a thabhairt air ár dteanfa do shlán- úghadh ó'n m-bás. Is sinne, MÍCHéAC O BROIN, P.I. Uí DHáLAIGH, máIRE NÍ CHEICHÁIN, Comh-klucht déanta na Rúin.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services