SGEAL FIANNUIGHEACHTA
AN MACAOMH MOR, MAC RÍGH NA H-EASPAINE.
CAIBIDIL III.
Is ann san do labhair Fionn, agus is seadh a dubhairt:
"Tugaidh m'airm agus mo éide mhór-chatha, & cruadh
chómhlainn chugham-sa go n-deachainn do chómhrac tar
cheann na Féinne ris an fear mór, oir is liom is
mionca d'éirighe chum taodhmachatha'cruaidh i gcathaibh &
i gcómhlannaibh air muir & air tír."
Air sin do tugadh 'arm & 'éide chum Fionn, eadhon,
a sgiath álainn, dhuallach, & a throm-eide bláthmhar,
dar badh ainm Seanchúil, & a chlaidheamh créachtac, cosgartach,
claisleathan, coilg-
dhíreach, caolfhaobhrach
eadhon, Macanloinn,
& gluaiseas i gcoin-
ne & a gcómhdhail an
fhir mhóir, agus do
rinneadar cómhrac
calma, cóimhnear-
mhar, agus úrlaidhe
ádhbhal éacht-goineach
re chéile, ionnas gur
chriothnaigh an talamh
tromfhódach fá n-ag0
cosaibh, ionnas fo d-
tigidís badhbha baoith
chéillidhe, geilte
glinne, & deamhain
aeir, as a bhfirmam-
ent ag féachain, ag
éisteacht & ag cómh-
mhaoidheamh an cómh-
raic & na díse deagh-
laoch sin. Do ghnídís
ball bog de'n bhall
cruaidh, & ball cruaidh de'n ball bhog; ionnas gidh bé do thioc-
fadh í iochtar an domhain go huachtar an domhain ag féachain
chata nó chruadh-cómhraic gurab ortha araon badh chóir teacht
ag feachain ag sníomh a sáinte re n-a chéilé, mar dha áthair
nímhe, nó mar dhá leóghan air láin-mhire ag úrlaidhe
& ag súirt-bhualadh a chéile le athadh fada aimsire, seachnadh
corp, cneas na ceann-,hullach. Agus do bí béas ag sgéith
Fhinn an uair do bhídheadh-se ann éigean dasachta, do ghéiseadh
an sgiath, & do labhradh i bhfoghair gutha gráineamhla, & air d-
tréigean a nirt d'Fhionn, le borb bhéimeannaibh an fhir mhóir,
do ghéis sgath trí huaire.
Agus níor héisteadh san i bhfad ag Fiannaibh Éireann, óir
d'eirgeadar ann a gcipeadhaibh dlútha, daingeana, dian-lúatha
& ann a gcaithaibh diana-daingeana dlúth-chóirighthe d'fhortachta
& dfoirighin a righ & a ró-thighearna. AGus air a bhfaicsin do'n
fhear mhór, do chuir Fionn air úl a sgéithe,& do chuaidh féin
go mear dáa deaghthapaidh i d-tosach na Féinne go fíor-
chalma, & duaidh fútha tríotha & tarsa, mar do rachadh faolchú
allta fá mhín-tréad caorach, nó míolmhór fá mhin-iasgaibh, nó
amhail tonnbháite ag gluaisacht do dhruim sléibhe, ag bhrise &
ag bhuan réabadh ann gach áit dá d-tangmaigheann, ionnas gur
ghaibh dá néirleach & dá n-áthbhumhadh fá'n samhail sin, & ní lugha
ioná céad fear in airm do goineadh & do gearadh leis do'n
ruathar sin.
Agus do rugadh Fionn do'n bhruighin, & do cuireadh leigheas
ann a ghonaibh & ann a chréachtaibh- & tharla Oscar & an fear
mór dá chéile, & a dubhairt Oscar leis:
"Sguir feasda de'n Fhéinn & do bearsa cómhraic aoin fhir
dhuit."
"Do b'fhearr liomsa sin," ar an fear mór, "ná aghaidh na
Féinne uile orm."
"Olc fuairis sin," ar Oscar, "óir do dhéantá thú féin ortha
& ní dhéan air ormsa."
Is ann san d'ionnsaigh Oscar & an fear mór a chéile, agus
badh leadairt dá leóghaín, & comhrac dá dhaimh dílghionn, chomh-
rach na díae deagh laoch sin, ionnas dá d-tigeadh neach o oir-
thear hEorpa san domhan t-soir, ag féachain cata nó cruadh-
chómhraic nó ó íarthar na h-Ispérnia san domhan tsiar gurab
ag féachain na díse deagh-laoch sin do inteachta dó.
Mar sin dóibh go ceann trí lá, & i gceann na ré sin do cuadar araon i mbruighean na hAlmhuine, & do rinneadh
freasdal & friothálamh dóibh araon, & ní fearr do bhí an Fhinn
le h-Oscar 'ná le n-a chéile cómhraic, & d'iarr an fear mór
a leabadh d'úllmhúghadh dho, & badh éigean 'san do dhéanamh do
rér a thola.
Is ann san do labhair Oscar le Fionn, & is seadh a dubhairt
"Is bás dómhsa amárach," ar sé, "muna dtigidh leatsa mé
shábháil, óir is uime d'iarr an fear mór osadh cómhraic - na
trí la & na trí oidhche atá s i nÉirinn, ní dhearnadh se uair
do chodhladh ná chómhshuan le hiomlán na ré sin, & is amhlaidh
is cóir duitse, a FHinn dul do ionnsaighe an fhir mhor anocht, &
a chongbháil gan codhladh óir dá gcodladh mési, & an fear
mór ann a dhúiseacht, is bás do amárach; & dá g-coladh an
fear mór ann so anocht, atá d'fheabhas a láimhe & a nirt, gur'bhás dómhsa tar bhur gceann.
(le beith ar leanamhain.)
EIBHLÍN A RÚIN!
Shiubhalfainn féin a g-cómhnaidhe leat,
A Eibhlín a rúin!
Shiubhalfainn féin a g-cómhnaidhe leat,
A Eibhlín a rúin!
Shiubhalfainn féin a g-cómhnaidhe leat,
Síos go Tír-Amhlaghaidh leat,
Mar súil go m-beidhinn i g-cleamhnas leat,
A Eibhín a rúin!
D'ólfainn fén bó leat-sa,
A Eibhlín a rúin!
D'ólfainn fén bó leat-sa,
A Eibhlín a rúin!
Shiubhalfainn an saoghal mór lear,
Go m-beidhinn féin i g-cleamhnas leat,
Ní scarfainn go deo leat,
A Eibhlín a rúin!
An d-tiocfaidh tú, nó'n bh-fanfaidh tú?
A Eibhlín a rúin!
An d-tiocfaidh tú, nó'n bh-fanfaidh tú?
A Eibhlín a rúin!
Tiocfaidh mé a's ní fhanfaidh mé,
Tiocfaidh mé a's ní fhanfaidh mé,
Tiocfaidh mé a's ní fhanfaidh mé,
S' eulóchaidh mé lem' stór!
Céad mile fáilte romhat!
A Eibhlín a rúin!
Céad mile fáilte romhat!
A Eibhlín a rúin!
Céad mile fáilte romhat!
Naoi g-céad míle fáilte rómhar!
Fáilte agus fiche rómhar!
A Eibhlín a rúin!
PÁRLAIMENT NA M-BAN.
CÚNTAS AIR GHNO AN PHÁRLAIMENT CHÉADNA, ANN SO, MAR LEANAS.
LEIS AN T-ATHAIR DOMHNALL UA COLMÁIN
ORÁID EIBHLÍONOIR BINNGHLORAIGHE.
(CHRÍOCHNAIGHTHE.)
Do chualabhar anois a dheirbhshiúra ion-
mhuine, cionnas is cóir duíbh úrnaigh-
the dhéanamh, agus cad iad na nídhthe
chuireas toirmeasg ortha, cia shiad
do héistear ionnta, & chum go m-
beidheadh fuirim aithríghe agus úrn-
aightheadh agaibh, dóbraidh Dia mise
chum bheagáin cómhairle agus úrnaighthe do chur síos
ann so:
"Lochán gaoithe an t-saoghail 's a rath ná pós,
Cómhradh caoin gan naoimh-ghil glac mar stór,
Brón Pháis Chríost do chuimhneadh is maith an nós,
Is go m-beidheadh do chroidhe gan bhrígh gan phreab gan glór."
ÚRNAIGHTHE,
"A Thighearna neimhe & talmhan, molaim & mór-
aighim dáinm síor ghlórmhar, air son mórnaomhthach-
ta do cholna daona, & beart Do Mhic mhíorbhúiligh;
air son do theagaisg & do sheanmónal air Neamh.
Do bheirim ó m'chroidhe agus ó mánam gach aon
bhuidheachas is dual & is féidir liom a thabhairt
duit, air sin mistéireadh & muirbhuileadh Do cuirp
& D'fhola ró naomhtha, ró uasal, an t-Sácraiment
naomhtha na h-altóra, le na n-oiltear, agus le na
nglantar, & le na naomhthar sin, & ke na n-déantar
ár nanam d'fhortacht leis na huile ghrásaibh & bean
aightheacht spioraid-ealta.
Do bheirim ó mo chroidhe & ó m'íntinn buidheachas
ró mhór Dhuit, de bhrígh gurab í D thoil mé díom-
ladh le sacraiment an bhaisdigh: mise. an lán dorn
de chreafóig, & de neimh-nídh, & nár léigis a bhfail-
lighe gan é mhéadúghadh ionnam go laothamhail,
maille le múineadh & teagasg na h_Eaglaise
naomhtha. Do bheirim mar an gcéadna, buidheachas
mór Dhuit do bhrígh gur chothaigheas mé i mbiadh &
a n-eudach, O m'chliabhán go nuige so, ag tabhairt
gach uile nidh dom, chum mo chorpáin do chithughadh.
Molaim & móruighim Do naomh ainm, de bhrígh gur
spárálais mé le do ghrásaibh, go d-tí anois, & me
go mallaighthe ag tuitim a mórán peacaidheadh, &
tusa go foighideach ag feitheamh liom nó go n-duis-
eóchtaoí maille led'ghrásaibh mé ó chodhladh an
pheacadh & do thiocfain tar ais ó m'dhiomhaoineas,
& ó m'chúrsaibh maillighthe; óir dá roinnfá liom
foai mar thuilleas é, is fada roimhe do bheidheadh
mánam caílte, no fós do shloigfeadh poll do mha-
gáin ifrinn a'm; beatha mé. Air son na ngrás &
na tiodhlaiceadh so go léir, iarraim & athchuingim
ort le díogras moo chroidhe, & le h-umhlacht mán-
ama, míntinn d'fhairsingiúghadh go laothamhail
chum níos mó mholta & buidheachas do thabhairt Duit
na thugas-sa fós go nuige so. Ó, a thighearna & a
Athair naomhtha na ngrás, ná fág mé air an dtaobh
aistigh de compás d'úmhlachta, ionnas na beidheadh
eagla aon nídh anns an t-saoghal so orm, níos mó
'na cathúghadh do chur orthsa i n-aon chás, & chum na
críche so bídheadh Do ghrádh naomhtha-sa ceann-sa
neamhbuartha ag ceannsúghadh na buadhartha & an
cathaighthe thiocfas orm, óir atá a fhios agat go bh-
fuilim sochlaidhte, soi-christe uaim, & nach fhuil acht
neimhindh a'm'neart ann éagmais so.
A Athair mhór ghrásaigh athchuingim Ort le húmhl-
acht
neamhchuimseach Dáon Mhic Íosa Chríost, gom-
badh daonach leat mise, do sheirbhíseach, do choimhéad
ó gach aon tsort uabhair íntinne, & ó gach glór
dhiomhaoin, ó mheargántach, ó neamhúmhalacht, & ó
chealg, & ó mhailís! athchuingim mar an gcéadhna
Ort a Thighearna, díbir uaim spioraid na failligh-
the & na brocuigheachta, spioraid na mhiosgaise &
na mhailíse; spioraid an fhuatha & an droich-mheas-
da ionnas nách diomholfainn aon chréatúr de d'
chréatúiribh, & na cuirfinn mé féin roimh aon chré-
atúir eile, acht beag meas do bheith orm féin agus
mór-mheas air chach.
A Athair naomhtha clúdaigh mé le huedach Do
Mhic ghrásaigh, & le subháilcidhibh diana do naomhchar-
thanachta, & ná'ar sgaraidh bás ná beatha, saidhbhrios
ná diabhrios, sláinte ná easláinte, ná aon nídhthibh
bit mé led'ghrádh dhílis go bráth. Athchuingim Ort
an dúil bhíos a nídhthib so-ghluaiste an tsaoghail-so
agam, do chur a leath-taoibh uaim, ionnas gur
duit féin, go haonaránach, do béarfas mánam
taithneamh.
A Thighearna tá lá lán de ghrásaibh tabhair dod'
sheirbhiseach féin croidhe úamhal cómbhrúighte, agus
tuigsin beith cramach tímcheall smuainteadh
neamhdha, & toil cúramach tímcheall smuainteadh
easa, & dúil calma ceannsa, & coiméad aireach
do bvheith agam air mo chéadfádhaibh corpordha, ion-
nas triotha san nách rachadh an peacadh asteach a'
mánam.
Cuir srian ládir air mo theangain, ionnas nách
tiocfaidh aon chómhrádh corb na míomhacanta as
mo bhéal, & nách labhrócháin go h-olc, go heasmail-
teach air aon neach go bráth, & na beidhinn cúram-
ach tímcheall locht chách, ná droich-ghníomharthadh
daoine eile acht aire do thabhairt go hiomlán chum
mé féin do leasúghadh.
Athchuingim ort arís a thighearna ró ghrádhaigh an
fhaid choingbheóchachas mé anns an bpríosún so mo
chuirp, bheith mar chómpórd agam an uair do bheidh-
inn sgartha ó gach aon chúram saoghalta íodhbairt
iomlán do dhéanamh díom féin chum do sheirbhise,
& aire go h-aonaránach do thabhairt dod'theagasg
naomhtha, go mbadh dheonach a thighearna , uaire uaig-
neacha mo bheatha do chathamh anns na h-oibreachaibh
mílse so le fíor dhóchas críoch mhaith do chur air
deire mo shaoghail.
A Shlánuightheóir na cinidh daona iarraim agus
athchuigim ort an tan sgarfas an tanam leis an
gcorpán mbocht-so, tar éis aithríghe fhirinnighe do
dhéanaamh, & subháilcidhe shacraiment na h-Eaglaise
naomhtha ghlacadh mé d'áireamh ameasg na n-anam
naomhtha, do shúil máille le liudheacht do Pháise &
an Atha & an Mhic, & an Spioraid Naoimh, darab
dóibh bheirid créatúiridhe neimhe & talmhan moladh
& mór0onóir le saoghal, Amen; & chum
gur mhóide thigfeadh brígh na n-úrnaightheadh críoch-
naighim leis na briathraibh so: —
"Le h-úrnaighthibh múchtar fearg Mhic Dé,
Le h-úrnaighthibh fúighthear an t-anam gan bheinn;
Le h-úrnaighthibh muintear maitheas gach bhéas,
A's le h-úrnaighthibh músgaltar Aingeal 's Naomh."
Ann sin do rinneadar acht Phárlaiment na h-
úrnaighthe so do rádh do gach aon mhnaoi acu, gach
aon mhaidean, & gach aon tráthnóna le na mbeatha.
D'órduigheadar mar an gcéadna a chur d'fhiachaibh
air a gcalinn an fhuirim chéadna úrnaightheadh do
rádh air maidin & um thráthnóna-
(le beith air leanamhain.)
EOGHAN (RUADH) O SÚILLEABHÁIN CCT.
An uair thiocfaidh an míol-mór air an Maing-
Agus thiocfaidh an Mhaing tar Sliabh Mis,
An uair chaillfidh an sagart an tsaint,
Is seadh thiocfiadh a chaint do'n fhiach-dhubh.
A Fhir an Ghaodhail:
Bhí fleadh súghchraobh & grinn ag Cumann na
Gaedhilge Diardaoin, an ceathramhadh lá déag, &
bhí suas le cheithre chéad láithreach.
Thosanaigh Rós ní Mhaolmhagháin an ghreann le ceol
Gaodhalach air an bPiano, agus caitheadh chuid eile
de'n oidhche mar leanas:
Dileagra ó'n Uachtarán Pádraig O Concobhair O Gramhna
Abhran, "An Breatach Ghilréaltach,"
Máire ní Ghearailt.
Dá ghuth, "Og laoch na rann," Beurla
Lína ní Dhonnobháin & Máire ní Eidirrgeoil.
Abhran, "Creid mé dá n-éugfadh &l."
Séamus O Dongoile.
Dileagra
Eamhon O'Meachair Condún.
Tar éis so do tugadh na subhchraibha agus so
uachtar do'n ocrach & 'na nair bhíodar sásta do
leanadh do'n greann.
Tug Teirís ní Choileain air an Madolín
Abhran, "Caitlín Mo Muirnin"
Suisí ní Chárthaigh.
Abhrán, "Seaghan O Fearghail,"
Pádraic O h-Eigcearta.
LEigheann, "Sgaoil Brat na hÉireann
."
Iosef Mac Aodín
Abhrán "An Chruit do scaip &l."
Maire ní Eidirsgeoil.
Abhrán, "Mo mhuirnín,"
Séamus O Donghoile.
Agus do chuir Mac Uí Eigceartaigh deire leis an ndáil
le gábhail an abhrán,"Go Saoradh Dia Éire" i n-Gaedhilig.
D'fhag gach duine go buidheach beannachdach & ag
tnúth le oidhche eile mar í d'fhághail sul a fhada, rud
a gheobhaidh Oidhche Shamna. Ní'l aon eagla orm a
rádh go ndéanaidh sí so mar chumann obair mhaith
as so suas. Tá dian oibreoidhidhe ag teacht chugh-ainn le déinaidhe. Tá síad ag trácht cheana ar
iarraidhe ár Shagairt na cathrach stáir na hÉireann
do mhuineadh inns na sgoilibh paróisde mar
ceapaidh go m-beadh-s cóir: léigheann Gaodhalach
do pháisdíbh Gaodhalach: & is é tuairimse gur mithid
é so do dhéunadh. Múintear Francais i bparóis-
díbh 'nn a mbídheann Éireannaigh & Francaigh. Má
tá so ceart cad atá níos cirte 'ná stáir na
hÉireann do mhúineadh do chlainn Éireannaigh & gan
iad a thabhairt suas mar tháthas go nuíge so -- mar
'ná ar thír a sínnsear & réir deallraim le droch
mheas ortha.
Geobhadh,aoid má iarramaoid acht ní bhfagaim-
íd muna n-iarraim. Is mithid grádh sinnsear do
mhúsgaillt 'nn ár measg 'n uair chídhmíd cách ag
ár múchadh le méid aghrádh do'n sean tréibh ná'ar
bhfiú grádh aon'ne acht mallachtaidhe an tsaoghail.
PÁDRAIG Ua H-ÉIGCEARTA.
RÚIN AGUS CIALL AN OIREACHTAIS AIR NA CÓIMHTHION-
ÓLADH I M-BOSTÚIN, AN OCHTMHADH LÁ
BEILTINE, 1900.
Ó thárla go bhfuil Connradh na Gaedhilge i m-baile
Átha Cliath ag obair go fial fonnmhar do bhuanúaghadh agus do
shaorthúghadh ár dteanga dhúthchais molamaoid iad & do bheir-
imíd ár m-benanach dóibh, & guidhmíd Dia an Uilechúmhachta
ár g-cineadh sa mbaile so spreagadh le fíor ghrádh dár n-oil-
ean mathartha go dtuigfidís gur ab ionnan teanga & náisiún fá
leith is éigin dóibh an Gaedhilig do cvhoiméad beó i m-beul na
ndaoine.
Dá réir sin do iarramaoid& do churimíd d'athchuinge ortha
do chur d'fhaichaibh ar an rialtas go múinfidhe an Ghaedhilig
ins na scoinibh náisiúntacha air fíd na h-Éireann; ins an
dara háit go múinfidhe Beurla & na healadhnacoitcheana tré
mheadhon & as an Ghaedhilig is ne ceanntraibh go bhfuil sí fós
dhá chleachtadh mar thenaga nádúrtha:
Agus ó thárla gur chuir an BHuidhean ársa onóireach san na
nÉireannach dá dtugthar uirthe as Beurla, "The Ancient
Order of Hibernians" ar bun i Washington, cathaoi mhúinte
na Gaedhilge, sintear aguinn, gur mhór an chumaoin do chuir-
eadar dá dheasgaibh sin ar muintear na h-Éireann go h-uile
anois & go bráth, & admháilimíd go toileamhail an mhór-chum-
aoin so , & do bheirimíd buidheachas ó'n ár gcroidhe go duthrach-
tach leó, & anois óir is chca san is dual dúinn ár súile do
chlaonadh arís, óir siad ár gcineadh féin iad a a bhfuil cúram
leasa na h-Éireann, do leathamáoid ós a gcómhaíer an riácht-
anas atá ann fá láthair' & gan mhoill go múinfide an Ghaedh-
ilig do na doainibh ins na ceanntairaibh so ar fuaid na hÉire-
eann go bhfuil sí fós dhá cleachtadh go coitcheann, & ar an
gcuma sin go mbadh bhféidir do na daoinibh do labhair o ó'n
a gcliabhán í do éigheadh & do scríobhadh, mar 'is folus gur
mar so amháin is féidir ár d-teanga do choiméad beó & do
shaorthúghadh mar theanga liomhtha leigheanta. Dá bhíthi sin tá
múinighin & dóthchas orainn go n-éistechaidh an bhuidhean onói-
each so do luadhmar le'n ár n-impidhe go mbrónfaidís roinn
airgid le haghaidh oididhe mhúinte na gaedhilge do sheoladh is
na ceanntraibh Gaodhalacha ar fuaid na hÉireann.l
Is le dubhrón & diolgheas cróidhe doichimdhmíd nlath & scoth na
naos óg mná & fir groidhe na hÉireann ag fághbhail a d-tíre
chúthchais * ag teitheadh ar éigin ó iath ghlas na h-Éireann & gan
fonn fillte ar ais ortha go bráth, cinntear go glaodhamaoid
go hárd air chinn-feadhma an phobail na hEasboig & na tre-
óraidhe policiaca bac & cosg do chur air an dithreabhúghadh
mio-ádhmharach so atá air siúbhle tréimhse ró fhada i n-
Éirinn. Agus dala na doaine g go bhfuil fonn teacht amach
ass san ortha bhadh mhaith linn cur i d-tuigsin dóibh dá mbeadh
a fhios acu méid na contadhairthe a ritheann siad & a liacht
Éireannach théideas amudha ar an raon reatja mío-nádúrtha
siúbhaltar go minic sa tír so ní fhágadaois Eire go brath.
Agus fós deirmíd leo gur fusa go mór dhóibh slíghe beatha do
shaorthúghadh san m-baile 'ná san tír so.
Is le haon intinn do bheirmid ár mbuidheachas do na h-Eas-
poigibh & cleircib na h-Éaglaise i n-Éirinn mar is acu atá
aireachas ar na daoinibh go huile dá stiúrughadh i slíghe a
slánuighthe & óir is feasach dúinn go bhfuil siad i gcómhnuidhe
ullamh do thabhair lámh cungnmahtha dá bpobal, iarra maoid
ortha mar athchinge cidiughadh le lucht cosnamha na Gaedhilge
san iarracht ará siad a thabhairt air ár dteanfa do shlán-
úghadh ó'n m-bás. Is sinne,
MÍCHéAC O BROIN,
P.I. Uí DHáLAIGH,
máIRE NÍ CHEICHÁIN,
Comh-klucht déanta na Rúin.
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11