Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Parlaimint na mBan (ar lean.), Filíocht agus Eile
Title
Parlaimint na mBan (ar lean.), Filíocht agus Eile
Author(s)
Údair éagsúla,
Composition Date
1900
Publisher
Nolan Bros
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
AN GAODHAL. Meitheamh, 1900. PÁRLAIMENT NA M-BAN. CÚNTAS AIR GHNO AN PHÁRLAIMENT CHÉADNA, ANN SO, MAR LEANAS. LEIS AN T-ATHAIR DOMHNALL UA COLMÁIN SORÁID EIBHLÍONOIRE BINNGHLORAIGHE. (air leanamhain.) Cóir mar an g-céadna na h-úrna- ighthe bheith teasaighe, air an ádhbhar chó maith agus chuireas teasaigh- eacht na teine d'fhiachaibh air an uisge éirghe suas anns an gcórcán, is mar sin thógbhas teasaigheacht ghrádha na n-úrnaightheadh an aigne suas chum Dé uile-chúmhachtaigh, chómh maith agus dá g-curthaoi teine ag dóth túise, gan mhaill éirghean an deatach suas; is mar sin éirghid na h-úrnaighthe déantar le teasaigheacht carthannachta chum Dé; nó mar imthigheas saighid a caithtear le neart suas: sin mar théid na h- úrnaighthe déantar le gol agus le caoi do láthair Dé, air an ádhbhar na h-úrnaighthe déantar le duine gan é féin do thiomnúghadh le díogras do Dhia, Sunt quasi mugitus bovum, eadhon, ‘ní'l ionnta acht mar ghéimneach bó;’ ionnas nách déanann gearán an béil tairbhe do'n úrnaightheach má bhídheann a chroidhe balbh, nó 'nn a chodla; dá bhrígh sin an uair do bheidhmíd air ár núrnaighthe, is cóir dúinn bheith ag gol agus ag caoi air son ár bh-peacaidhe le ar thuilleamair pianta ifrinn. “Is coir do na h-úrnaighthibh bheith aireach ionnas go d-tuigfeadh an duine 7 go d-tabharfadh aire dóibh fá mar deir Peadar: Vigilate in orationibus ne animus cogitat preter illud quod precatur, ‘bídhidh in bhúr n-dúiseacho anns na h-úrnaighthibh, de bhrígh chum ná smuainfeadh bhúr n-íntinn air aon nídh acht ortha, agus farais sin bidheadh bhúr g-croidhe glan sgiúrálta ó na peacaidhibh. Ní thaithneann mias bidh le righ, ná le prionnsa, dá fheabhas do bheidh sí muna g-curthaoi i soitheach glan í: mar an gcéadh- na, ní thaithneann le Dia na h-úrnaighthe thig ó chroidhe agus ó béal salach; nó dá mbeidheadh fíon agat, dar n-dóigh ní chuirfeá i g-corn t-salach é gan amhras, agus badh chóir duit an corn do ghlan- adh nídh is túisge ná chuirfeá an fíon ann; mar sin cionnas chreideas tú go dtabharfadh Dia grása do d' úrnaighthibh-si, agus do chroidhe salach, ante orati- onem prepara animam tuam, eadhon, ‘ollamh t-an- am roimh na h-úrnaighthe, agus is ionnan sin agus é ghlanadh. “Is cóir fós na h-úrnaighthe do bheith go cómh- naightheach gan fhaillighe óir cídheann sibh go d-teith- id na bitheamhnaigh ó na daoinibh bhíos 'nn a n-dúis- eacht, agus go n-guidid ó'n dream bhídheas 'nn a g-cola. Is mar sin theitheas an diabhal roimh na daoine bhíos 'nn a n-dúiseacht anns na húrnaighthibh Vigilate et orate ne intretis in tentationem, eadhon, ‘déanaidh faire agus úrnaighthe chum gan tuitim i g-cathúghadh.’ Is cóir duíbh, mar an g-céadna, bheith ag guidhe go cómhnuightheach, agus gan iad do léigeann a bh-faillighe go bráth, Oportet semper orare et non deficere. Ná léigidh sgiathlúithreach na deagh-ghuidhe i bh-faillighe an cian do bhídhthí i d- trioblóid agus i d-treabhlaid an t-saoghail so: “D'úrnaighthi' bíodh dúthracht a's fuineamh 'n búr gcroidhe Is sí an úmhlacht do stiúrfaidh ceart chuige sin sínn, Bíodh sgrúdadh agus cúram aguibh-se chum guidhe, A's d'bhúr g-cúmhdach beidh dlúth-racht a's tarmuin Chríost. ‘Agus a dheirbhshiúra atáid mórán nidhthe ann chuireas toirmeasg air na húrnaighthibh. An chéadnídh, gan iad do ghéanadh ann am oir- eamhnach. An dara nídh, buairt an diabhail. An treas nídh, toirmeasg an pheacaidh. An ceathramhadh nídh, fuath nó miosgais. An cúigeadh nídh, neamh-thruaighmhéil mhallaighthe. An seiseadh nídh, neimh-dhiadhacht do'n té bhíos air úrnaighthibh. “An chéad toirmeag, gan úrnaighthibh do ghéanadh ann am oireamhnach, fá mar diúltar déirc ar dhuine bhocht air uairibh, de bhrígh ná h-iarrann sé í a d- tráth, 's an aimsir badh chóir do a h-iarradh, ag sin mar nách éistfidh Dia libh-se anns na h-úrna- ighthe mar nách déanann sibh iad san am chóir, is sé sin, ann aimsir na ngrás, óir is í aimsir na n- grás an aimsir thaithneann le Dia chum na n-úrna- ightheadh d'éisteacht.
An dara toirmeasg, buairt an diabhail noch do chuireas mórán droch-smuaineadh anns na h-úrnai- ghthibh ró mhinic, i g-cás go gcuireann na smuain- te salacha toradh agus mílseacht, na n-úrnaightheadh air g-cúlaibh, ionnas gur chóir do dhaoinibh na droch-smuainte salacha do dhíbirt ó na gcroidh- thibh agus ó na n-íntinnibh, agus iad féin do chos- aint ortha. An treas thoirmeasg, an peacadh, éadhon, an uair bhídheas duine lán de pheacaidhibh, agus an claidheamh nochtaighthe aige ag iarradh síothchána air Dhia, agus íntinn aige aith-fhilleadh air an bpeacadh, ní éistfidh Dia le n-a athchuinge de bhrígh go bhfuil sé 'nn a thréatúir air an dtaobh amuigh de dhlíghe Dé, An ceathramhadh toirmeasg, fuath nó miosgais. an uair thiocfaidh sibh chum úrnaightheadh maithidh má tá fuath agaibh d'aon neach, air an ádhbhar faoi mar nách déanann an leigheas maith air bith an fhaid bhíos an claidheamh sáithte 's an gcneadh, is mar sin nách déanaidh na húrnaighthe maith do'n té ag a mbidheann claidheamh, nó saighead na mioscaise 'nn a chroidhe aige; maith do'n chómharsain do nídh olc duit, agus fuaisgeolfar ód' pheacaidhibh tú. An cúigeadh toirmeasg, neamh-thruaighmhéil agus neamh-charthanacht, go háirighthe do na daoinibh bochta, ar an ádhbhar an té stopas a chluas chum nách cluinfeadh se gártha na mbocht, beidh sé ag gártha agus ní héistfear é. An seiseadh toirmeasg, beag chreideamh an té bhíos air úrnaighthibh, 'n uair badh chóir do bheith gan amhras ann a chreideamh; an té bhíos amhrasach ann a aighne ní fiú é beannacht Dé d'fhághail air an ádhbhar nách cómhairleóchadh Sé féin a hiarradh muna m-beidheadh a thoil féin chuige chum a tabhairt duit; dá bhrígh sin ní h-iongantach dá m-beidheadh náire orraibh air bhúr ndíomhaointeas agus bhúr ndroich- chreideamh, air an ádhbhar gur mó is fonn le Dia do thabhairt uaidh 'ná is fonn linne d'iarraidh air. “Anois foilseóchad na daoine gurab fiú iad éisteacht ann san gCúirt Ainglidhe, agus is siad céad daoine héistear innte, na boicht, agus na daoine anacracha, air an ádhbhar go néisdeann Dia na daoine bochta maithe, agus nách tugann éist- eacht do na daoinibh uaibhreacha, saidhbhre, i bhflaith- eamhnas, do bhrígh go bhfuil sé acu air an saoghal so; an dara dream éistear i bhflaitheamhnas, na daoine ceannsa, éadhon, an dream mhaitheas gach éagcóir 7 olch dá ndéantar ortha, ó na gcroidhe agus ó na n-anam; an treas dream, an bhuidhean bhíos ag gol agus ag caoi, air an ádhbhar go nabair Dia féin: Éadhon, ‘do chuala d'úrnaighthe agus do chonnarc do dheóra;’ air an ádhbhar, an deór, gúr guth é i gcluais Dé; agus mar deir an sailmcheatlaidh Dáibhídh: Éadhon, ‘glac mo dheóra a' d' chluasaibh;’ nó mar is éigean do'n mháthair an nídh bhíos ag an mac dá iarraidh uirthe do thabhairt dó, an uair do chídh sí ag gol é an ceathramhadh dream, na daoine déirceamhla do bheireas arán do na bochtánaibh do réir a n-acfainne, an uair sgreadaid na daoine so air Dhia éisteann sé riú, agus an uair ghlaodhaid air freagrann iad, agus déarfaidh, atáim ann so, de bhrígh gurab ionmhuin liom na daoine truaigh mhéileacha” an cúigeadh dream, na daoine bhios glan 'nna gcroidhtibh, air an ádhbhar go ngnídh Dia ionad suidhte do féin, agus teampull do'n Spioraid Naomh de na croidhthibh glanna sgiamhar tha; an seiseadh dream, na daoine bhíos úmhal, de bhrígh an té d'adhradhas agus d'onóireas Dia lé croidhe úmhal, go n-éisteann sé é ann, an seacht- mhadh dream, na daoine go mbíonn grádh acu do Dhia, air an ádhbhar an té ghrádhas Dia, seachnann sé gach aon tslíghe cuireas fearg air agus dá bhrígh sin congbhaigheann sé é féin ó na peacadh- aibh, agus mar sin éistear é. (Le beith ar leanamhain.) FILIDHEACHT. UAILL — CHÚMHA AN ATHAR EOGHAIN ÚÍ CHAOIMH AIR BÁS A MHIC, .I. ART. An tan nách faicim fear i gcúmha chroidhe chúgham Anniar ná 'ndeas a chanfadh caoidh-laoidh lium, Beart do bhasg mé an t-ádhbhar fríth linn dúbhach, I bhfeart tar lear mo mhac i gcíll faoi chlúid! Is feas cad as ar las an saoi groidhe air tús; Dé'n cheap ná'ar chrap i dtrap na ngníomh laoch lann, Ná i dteas na dtreas i gcleas na gclaidheamh nglínn gclúdhamhail, Flaith gan mheath de mhaithibh síl gcaoimh Múmhan. Ní'l art i gceart dá bhfaca an fíor-laoch súghach Ná' ar 1 cheart ag Art le gasdacht gaois' árdamhail, Ní'l neart air thart an ghalair fhír-nímhe úd, Tug Art i bhfeart, 's is dart sin tríom chroidhe annunn. Badh phrab a phreab air phratain caoil-phoínc dlúth 'S is glan do lean na ranna binn-fhoínn chiúil, Mo cheas gan mheas an gas air díth brígh i n-úir Is neart gan cheart bheir Art a righ nímhe a'd dhún. Gach slacht badh dhleacht i gcleachtaibh laoidh ngaoil Srú, I reacht na sean badh bheacht a sgríbh pinn siúd; Is prab 's is tapa 'cheap do'n phrímh-righ 'rúin, 'S ameasg do thaisge i n-aisg' é a Chóimhdhé chúghat. Mo sgread, mo chnead, mo ghread mo chroidhe a' m' chlí andiú, A's thug lacht mo dhearc ag teacht 'nn a linntibh tiúgha, Ná 'ar fhan mo bhean mo mhac go haois chrín lium, Go leagfaidhe leac air lag ár dtrí gcaol gcom. Mo chom is lag ó theasdúghadh d'fhearaibh díograis, A's togha mo sgairt, mo mhac ná'ar chleacht an chínnteachd; Do chrom, do chrap, do mheath, do mheirbh m'íntinn, An fhóghail thug Art i bhfeart i bhfearann Laoisigh. 1 Ná'ar, a contraction for náchar.
AN MACAOMH MOR, MAC RÍGH NA H-EASPAINE. CAIBIDIL II. Air leanmhain. DO gheobhtha chomhrac úainne féin,” ar Fionn, “is gan dul san tosg sin.” “Dá bh-fionnainn-se gur tusa rí Éireann ní rachain thart,” ar an fear mór. “Ní sheunaim mo chuid de'n ríoghacht d'eagla láimhe aon duine,” ar Fionn, “agus éirigh a Oisín do chómhrac tar mo cheann, ris an bhfear mór.” “Ní rachad,” ar Oisín. “Éirigh a Dhiarmuid Uí Dhuibhne do chómhrac tar mo cheann.” “Ní fhuil acht an dara fear ann so dár badh eugcóraighe dul do chómhrac tar do cheann 'ná mise,” ar Diarmuid, “agus is sé Goll an dara fear.” “Éirghe a mhic Luighdheach do chómhrac tar mo cheann.” “Ní rachad,” ar mac Luighdheach. “Agus a Fhinn! an cuímhin leat an grádh éagmhaiseach thugasa do mhnaoi roimhe so, eadhon, do Bhéithchrodha, inghin righ Connacht, agus thug sí a luidhe agus a móide nách beadh aon fhear aici go bráth acht an té do bhéarfadh ceann Conaill Chluaisdheirg a h-Inis-Dreagan dá h-ionnsaidhe, agus do bhí de mhéid ghrádha na hinghine sin agam- sa, ná'ar fhéadas gan dul san turas san; & is sé líon do chuaidh liom dá chéad d'fhearaibh Éireann. Ní raibh guala gan sgiaith, ná taobh clí gan claidheamh, ná lámh léadmhach gan a sleadh cruaidh-seamhar catha, agus do lean tusa sin go Traigh na d-Tréinfhear in Ultaibh & do bhainis díom an dá chéad fear sin do chuaidh liom agus thugais lúidhe agus móid nách léigfeá aon fhear díobh i bhFiannuigheacht go ceann bliadh- na, óir do badh fhearr leat mise do theasgadh 'ná theacht slán, ionnas go mbeadh an bhean agat féin, agus air sin ní rachad ag cómhrac tar do cheann.”
“Éirigh, a Osgar mhic Oisín do chómhrac tar mo cheann.” “Ní rachad,” ar Oscar. “Agus an cuimhneach leat a Fhinn, mar do rugadh Sadhbh, inghean Eoghain Óig, mhic Eoghain móir as Éirinn, éadhon, bean Ghlais mhic Aoinchearda, Béara, le Cobh- thach cruadharmach, Árd rí na Drollaine moire, go h-Inis Cobhthaigh, agus níor fhágbhais mac righ ná ró-fhlatha, taoiseach ná tréinfhear, giolla óg ná óglaoch i n-Éirinn ná'ar iarrais air dul i n-diaigh na h-inghine, & níor aobh aon díobh dul ann acht mé-si, & an mhéid do thagair dul liom go líon deich gcéad d'fhearaibh fortaile feidhmláidre, agus is siad so anmanna na druinge fá deagh-úaisle dhíobh, éadhon: Mac Luighdheach léadmhar láimhgheal, & Diarmuid déid-gheal dreach-sholais o Duibhne, & Glas mac Aoinchearda Béara, agus Liagán Luaimneachó Luachair dheaghadh, & Caol crodha céad- ghoineach ó'n Eamhain, * & Caoilte ceannsa, céillidhe, crannchair, mac Rónáin, & Goll gasta, calma, mac Móirne, & dá rígh Féinne d'Fhiannaibh Connacht, & Fionn mac Rossa, mic Eoghain, & dá righ Féinne d'Fhiannaibh Uladh, & Sgiathbhreac, mac Dath- chaoin, & Faolán, mach Fearchuir, & dá rígh Féinne d'Fhiannaibh laigheann, & an Fhiann eile as san amach. “Agus air sin téighimíd ann ár longaibh luchtmhara, lán- fhairsinge, & do sheolamair san bhfairrge bhfionn-ruadh amach iad, & tógamaoid ár seolta bogóideaca bán-dhearga i mbárr na gcrann gcómhfhada, gcóimhdhíreach, ag sraith & ag sraonadh leis An ngaoith nglóraigh, n-uachtraig, nuathbhasaigh, ag séid- eadh de fhíoraibh cnoc ndubha n-dúaibhseacha i na h-árd-bhóchna, ionnas gur éirghe an fhairrge orrainn ann a cnocaibh cainteacha, cúbhranacha, agus ann gleannntaibh dubha duaibhseacha daoránacha, agus ann a breidibh réidhe ró ionagantach, agus ann a buinnídhíbh borba báin-liath, agus do righneamar iomrámh áluinn ionnsaightheach ó chuan chluthair chaomh áluinn Bhinne hÉadair air dhrom-chlár na dil- eann, & is mór an duadh & an t-anfhórlann fuaireamar go sroisint go críocha na Drollaine móire dhúinn, & é air lár na linne mara, & tigimíd i d-tír san oileán. “Agus níor chian dúinn an tan tángadar tréinfhir an oileáin chúghainn, eadhon, an Gormshúiléach Grodmhar, & an Mac Feargach Fuilteac, eadhon, Síogradh mac an Ghormshúiligh, agus ní fulaingeadh linn bheith i bh-fochair a chéile, gan chruas ár n-arm agus ár neart, agus mheisneach ár meanmnann d'fhéachaint re n-a chéile, & do b'é críoch an chómhraic gur thuit- eadar linn, & is cneadhach créachtach cróilinnteach do bhíomar dhéis an chómhraic sin, & gluaiseamaid rómhainn go hInis Cobh- thaigh, & ní raibh sé féin ann, & do bhí a chlann & a cleamhnaighthe & Sadhbh, inghean Eoghain óig, mhic Eoghain mhóir, mar aon riú, i d-teaghlach áluinn óirdhearc, & do badh áluinn a thabhairt amach, & níor léig siad an ceathrar ró bhí aistigh linn í, agus na trí huaire rugamar amach í do rugadar an ceathrar céadna tar a hais í, & ró iar siad cómhrac aoinfhir orrainn, & níor aobhamar-na sin dhóibh, & thugamar líon ár lám uile ortha & ro mharbhamar maithe an teaghlaigh, & ro chuireamar an dún trí dhóighear donn-ruadh dearglasrach, & tháinic Sadhbh linn go h-Éirinn. “Agus is gairid gur lean Cobhtach sinn & d'iarr cómhraic ar an bhFéinn & ró dhiúltadar uile sin, ró do b'éigean dómh- sa dul do cómhrac leis, agus do bhíomar trí lá agus trí hoidhche ag cómhrac le n-a chéile, gan chodladh ná chómhshuan, & ní raibh fios time tláis ná tarcuisne ag ceachtar dínn tar a chéile go héirghe gréine an ceathramhadh lá, & is d'éis é sin do bhaineas an ceann de. Agus do bhí mé air feadh bliadhna ann a dhiaigh sin, a' m' luidhe láimhe & lán-orthais; & is sé sin do bheir orm gan dul do chómhrac tar do cheannsa, a Fhinn.” (Le beith air leanmhain.) * Neamh nuinn in san MS. † Bóchna, n.f. from the plural, bóch-thonná.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services