Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Parlaimint na mBan (ar lean.), Filíocht agus Eile

Title
Parlaimint na mBan (ar lean.), Filíocht agus Eile
Author(s)
Údair éagsúla,
Composition Date
1900
Publisher
Nolan Bros

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


AN GAODHAL.
Meitheamh, 1900.



PÁRLAIMENT NA M-BAN.



CÚNTAS AIR GHNO AN PHÁRLAIMENT CHÉADNA, ANN SO, MAR LEANAS.
LEIS AN T-ATHAIR DOMHNALL UA COLMÁIN



SORÁID EIBHLÍONOIRE BINNGHLORAIGHE.
(air leanamhain.)



Cóir mar an g-céadna na h-úrna-
ighthe bheith teasaighe, air an ádhbhar
chó maith agus chuireas teasaigh-
eacht na teine d'fhiachaibh air an
uisge éirghe suas anns an gcórcán,
is mar sin thógbhas teasaigheacht
ghrádha na n-úrnaightheadh an aigne
suas chum Dé uile-chúmhachtaigh, chómh
maith agus dá g-curthaoi teine ag
dóth túise, gan mhaill éirghean an
deatach suas; is mar sin éirghid na
h-úrnaighthe déantar le teasaigheacht
carthannachta chum Dé; nó mar imthigheas saighid
a caithtear le neart suas: sin mar théid na h-
úrnaighthe déantar le gol agus le caoi do láthair
Dé, air an ádhbhar na h-úrnaighthe déantar le
duine gan é féin do thiomnúghadh le díogras do Dhia,
Sunt quasi mugitus bovum, eadhon, ‘ní'l ionnta acht
mar ghéimneach bó;’ ionnas nách déanann gearán
an béil tairbhe do'n úrnaightheach má bhídheann a
chroidhe balbh, nó 'nn a chodla; dá bhrígh sin an uair
do bheidhmíd air ár núrnaighthe, is cóir dúinn bheith
ag gol agus ag caoi air son ár bh-peacaidhe le
ar thuilleamair pianta ifrinn.



“Is coir do na h-úrnaighthibh bheith aireach ionnas
go d-tuigfeadh an duine 7 go d-tabharfadh aire
dóibh fá mar deir Peadar: Vigilate in orationibus
ne animus cogitat preter illud quod precatur, ‘bídhidh
in bhúr n-dúiseacho anns na h-úrnaighthibh, de bhrígh
chum ná smuainfeadh bhúr n-íntinn air aon nídh acht
ortha, agus farais sin bidheadh bhúr g-croidhe glan
sgiúrálta ó na peacaidhibh. Ní thaithneann mias
bidh le righ, ná le prionnsa, dá fheabhas do bheidh sí
muna g-curthaoi i soitheach glan í: mar an gcéadh-
na, ní thaithneann le Dia na h-úrnaighthe thig ó
chroidhe agus ó béal salach; nó dá mbeidheadh fíon
agat, dar n-dóigh ní chuirfeá i g-corn t-salach é
gan amhras, agus badh chóir duit an corn do ghlan-
adh nídh is túisge ná chuirfeá an fíon ann; mar sin
cionnas chreideas tú go dtabharfadh Dia grása do
d' úrnaighthibh-si, agus do chroidhe salach, ante orati-
onem prepara animam tuam, eadhon, ‘ollamh t-an-
am roimh na h-úrnaighthe, agus is ionnan sin agus
é ghlanadh.



“Is cóir fós na h-úrnaighthe do bheith go cómh-
naightheach gan fhaillighe óir cídheann sibh go d-teith-
id na bitheamhnaigh ó na daoinibh bhíos 'nn a n-dúis-
eacht, agus go n-guidid ó'n dream bhídheas 'nn a
g-cola. Is mar sin theitheas an diabhal roimh na
daoine bhíos 'nn a n-dúiseacht anns na húrnaighthibh
Vigilate et orate ne intretis in tentationem, eadhon,
‘déanaidh faire agus úrnaighthe chum gan tuitim i
g-cathúghadh.’ Is cóir duíbh, mar an g-céadna,
bheith ag guidhe go cómhnuightheach, agus gan iad do
léigeann a bh-faillighe go bráth, Oportet semper
orare et non deficere. Ná léigidh sgiathlúithreach na
deagh-ghuidhe i bh-faillighe an cian do bhídhthí i d-
trioblóid agus i d-treabhlaid an t-saoghail so:



“D'úrnaighthi' bíodh dúthracht a's fuineamh 'n búr gcroidhe
Is sí an úmhlacht do stiúrfaidh ceart chuige sin sínn,
Bíodh sgrúdadh agus cúram aguibh-se chum guidhe,
A's d'bhúr g-cúmhdach beidh dlúth-racht a's tarmuin Chríost.



‘Agus a dheirbhshiúra atáid mórán nidhthe ann
chuireas toirmeasg air na húrnaighthibh.



An chéadnídh, gan iad do ghéanadh ann am oir-
eamhnach.



An dara nídh, buairt an diabhail.
An treas nídh, toirmeasg an pheacaidh.
An ceathramhadh nídh, fuath nó miosgais.
An cúigeadh nídh, neamh-thruaighmhéil mhallaighthe.
An seiseadh nídh, neimh-dhiadhacht do'n té bhíos
air úrnaighthibh.



“An chéad toirmeag, gan úrnaighthibh do ghéanadh
ann am oireamhnach, fá mar diúltar déirc ar dhuine
bhocht air uairibh, de bhrígh ná h-iarrann sé í a d-
tráth, 's an aimsir badh chóir do a h-iarradh, ag
sin mar nách éistfidh Dia libh-se anns na h-úrna-
ighthe mar nách déanann sibh iad san am chóir, is sé
sin, ann aimsir na ngrás, óir is í aimsir na n-
grás an aimsir thaithneann le Dia chum na n-úrna-
ightheadh d'éisteacht.


L. 172


An dara toirmeasg, buairt an diabhail noch do
chuireas mórán droch-smuaineadh anns na h-úrnai-
ghthibh ró mhinic, i g-cás go gcuireann na smuain-
te salacha toradh agus mílseacht, na n-úrnaightheadh
air g-cúlaibh, ionnas gur chóir do dhaoinibh na
droch-smuainte salacha do dhíbirt ó na gcroidh-
thibh agus ó na n-íntinnibh, agus iad féin do chos-
aint ortha.



An treas thoirmeasg, an peacadh, éadhon, an
uair bhídheas duine lán de pheacaidhibh, agus an
claidheamh nochtaighthe aige ag iarradh síothchána air
Dhia, agus íntinn aige aith-fhilleadh air an bpeacadh,
ní éistfidh Dia le n-a athchuinge de bhrígh go bhfuil sé
'nn a thréatúir air an dtaobh amuigh de dhlíghe Dé,



An ceathramhadh toirmeasg, fuath nó miosgais.
an uair thiocfaidh sibh chum úrnaightheadh maithidh má
tá fuath agaibh d'aon neach, air an ádhbhar faoi
mar nách déanann an leigheas maith air bith an fhaid
bhíos an claidheamh sáithte 's an gcneadh, is mar
sin nách déanaidh na húrnaighthe maith do'n té ag
a mbidheann claidheamh, nó saighead na mioscaise
'nn a chroidhe aige; maith do'n chómharsain do nídh
olc duit, agus fuaisgeolfar ód' pheacaidhibh tú.



An cúigeadh toirmeasg, neamh-thruaighmhéil agus
neamh-charthanacht, go háirighthe do na daoinibh
bochta, ar an ádhbhar an té stopas a chluas chum
nách cluinfeadh se gártha na mbocht, beidh sé ag
gártha agus ní héistfear é.



An seiseadh toirmeasg, beag chreideamh an té
bhíos air úrnaighthibh, 'n uair badh chóir do bheith gan
amhras ann a chreideamh; an té bhíos amhrasach ann
a aighne ní fiú é beannacht Dé d'fhághail air an
ádhbhar nách cómhairleóchadh Sé féin a hiarradh muna
m-beidheadh a thoil féin chuige chum a tabhairt duit;
dá bhrígh sin ní h-iongantach dá m-beidheadh náire
orraibh air bhúr ndíomhaointeas agus bhúr ndroich-
chreideamh, air an ádhbhar gur mó is fonn le Dia
do thabhairt uaidh 'ná is fonn linne d'iarraidh air.



“Anois foilseóchad na daoine gurab fiú iad
éisteacht ann san gCúirt Ainglidhe, agus is siad
céad daoine héistear innte, na boicht, agus na
daoine anacracha, air an ádhbhar go néisdeann Dia
na daoine bochta maithe, agus nách tugann éist-
eacht do na daoinibh uaibhreacha, saidhbhre, i bhflaith-
eamhnas, do bhrígh go bhfuil sé acu air an saoghal
so; an dara dream éistear i bhflaitheamhnas, na
daoine ceannsa, éadhon, an dream mhaitheas gach
éagcóir 7 olch dá ndéantar ortha, ó na gcroidhe
agus ó na n-anam; an treas dream, an bhuidhean
bhíos ag gol agus ag caoi, air an ádhbhar go nabair
Dia féin:



Éadhon, ‘do chuala d'úrnaighthe agus do chonnarc
do dheóra;’ air an ádhbhar, an deór, gúr guth é i
gcluais Dé; agus mar deir an sailmcheatlaidh
Dáibhídh:



Éadhon, ‘glac mo dheóra a' d' chluasaibh;’ nó
mar is éigean do'n mháthair an nídh bhíos ag an
mac dá iarraidh uirthe do thabhairt dó, an uair do
chídh sí ag gol é an ceathramhadh dream, na daoine
déirceamhla do bheireas arán do na bochtánaibh do
réir a n-acfainne, an uair sgreadaid na daoine
so air Dhia éisteann sé riú, agus an uair ghlaodhaid
air freagrann iad, agus déarfaidh, atáim ann
so, de bhrígh gurab ionmhuin liom na daoine truaigh
mhéileacha” an cúigeadh dream, na daoine bhios
glan 'nna gcroidhtibh, air an ádhbhar go ngnídh Dia
ionad suidhte do féin, agus teampull do'n
Spioraid Naomh de na croidhthibh glanna sgiamhar
tha; an seiseadh dream, na daoine bhíos úmhal, de
bhrígh an té d'adhradhas agus d'onóireas Dia lé
croidhe úmhal, go n-éisteann sé é ann, an seacht-
mhadh dream, na daoine go mbíonn grádh acu do
Dhia, air an ádhbhar an té ghrádhas Dia, seachnann
sé gach aon tslíghe cuireas fearg air agus dá
bhrígh sin congbhaigheann sé é féin ó na peacadh-
aibh, agus mar sin éistear é.



(Le beith ar leanamhain.)



FILIDHEACHT.



UAILL — CHÚMHA
AN ATHAR EOGHAIN ÚÍ CHAOIMH
AIR BÁS A MHIC, .I. ART.



An tan nách faicim fear i gcúmha chroidhe chúgham
Anniar ná 'ndeas a chanfadh caoidh-laoidh lium,
Beart do bhasg mé an t-ádhbhar fríth linn dúbhach,
I bhfeart tar lear mo mhac i gcíll faoi chlúid!



Is feas cad as ar las an saoi groidhe air tús;
Dé'n cheap ná'ar chrap i dtrap na ngníomh laoch
lann,
Ná i dteas na dtreas i gcleas na gclaidheamh
nglínn gclúdhamhail,
Flaith gan mheath de mhaithibh síl gcaoimh Múmhan.



Ní'l art i gceart dá bhfaca an fíor-laoch súghach
Ná' ar 1 cheart ag Art le gasdacht gaois' árdamhail,
Ní'l neart air thart an ghalair fhír-nímhe úd,
Tug Art i bhfeart, 's is dart sin tríom chroidhe
annunn.



Badh phrab a phreab air phratain caoil-phoínc dlúth
'S is glan do lean na ranna binn-fhoínn chiúil,
Mo cheas gan mheas an gas air díth brígh i n-úir
Is neart gan cheart bheir Art a righ nímhe a'd dhún.



Gach slacht badh dhleacht i gcleachtaibh laoidh ngaoil
Srú,
I reacht na sean badh bheacht a sgríbh pinn siúd;
Is prab 's is tapa 'cheap do'n phrímh-righ 'rúin,
'S ameasg do thaisge i n-aisg' é a Chóimhdhé chúghat.



Mo sgread, mo chnead, mo ghread mo chroidhe a'
m' chlí andiú,
A's thug lacht mo dhearc ag teacht 'nn a linntibh
tiúgha,
Ná 'ar fhan mo bhean mo mhac go haois chrín lium,
Go leagfaidhe leac air lag ár dtrí gcaol gcom.
Mo chom is lag ó theasdúghadh d'fhearaibh díograis,
A's togha mo sgairt, mo mhac ná'ar chleacht an
chínnteachd;
Do chrom, do chrap, do mheath, do mheirbh m'íntinn,
An fhóghail thug Art i bhfeart i bhfearann Laoisigh.



1 Ná'ar, a contraction for náchar.


L. 173


AN MACAOMH MOR, MAC RÍGH NA H-EASPAINE.



CAIBIDIL II. Air leanmhain.



DO gheobhtha chomhrac úainne féin,” ar Fionn,
“is gan dul san tosg sin.”



“Dá bh-fionnainn-se gur tusa rí Éireann
ní rachain thart,” ar an fear mór.



“Ní sheunaim mo chuid de'n ríoghacht d'eagla
láimhe aon duine,” ar Fionn, “agus éirigh a
Oisín do chómhrac tar mo cheann, ris an bhfear mór.”



“Ní rachad,” ar Oisín.



“Éirigh a Dhiarmuid Uí Dhuibhne do chómhrac tar mo cheann.”
“Ní fhuil acht an dara fear ann so dár badh eugcóraighe
dul do chómhrac tar do cheann 'ná mise,” ar Diarmuid,
“agus is sé Goll an dara fear.”



“Éirghe a mhic Luighdheach do chómhrac tar mo cheann.”



“Ní rachad,” ar mac Luighdheach. “Agus a Fhinn! an cuímhin
leat an grádh éagmhaiseach thugasa do mhnaoi roimhe so, eadhon,
do Bhéithchrodha, inghin righ Connacht, agus thug sí a luidhe
agus a móide nách beadh aon fhear aici go bráth acht an té do
bhéarfadh ceann Conaill Chluaisdheirg a h-Inis-Dreagan dá
h-ionnsaidhe, agus do bhí de mhéid ghrádha na hinghine sin agam-
sa, ná'ar fhéadas gan dul san turas san; & is sé líon do
chuaidh liom dá chéad d'fhearaibh Éireann. Ní raibh guala gan
sgiaith, ná taobh clí gan claidheamh, ná lámh léadmhach gan a
sleadh cruaidh-seamhar catha, agus do lean tusa sin go
Traigh na d-Tréinfhear in Ultaibh & do bhainis díom an dá
chéad fear sin do chuaidh liom agus thugais lúidhe agus móid
nách léigfeá aon fhear díobh i bhFiannuigheacht go ceann bliadh-
na, óir do badh fhearr leat mise do theasgadh 'ná theacht slán,
ionnas go mbeadh an bhean agat féin, agus air sin ní rachad
ag cómhrac tar do cheann.”


L. 174


“Éirigh, a Osgar mhic Oisín do chómhrac tar mo cheann.”



“Ní rachad,” ar Oscar. “Agus an cuimhneach leat a Fhinn,
mar do rugadh Sadhbh, inghean Eoghain Óig, mhic Eoghain móir as
Éirinn, éadhon, bean Ghlais mhic Aoinchearda, Béara, le Cobh-
thach cruadharmach, Árd rí na Drollaine moire, go h-Inis
Cobhthaigh, agus níor fhágbhais mac righ ná ró-fhlatha, taoiseach
ná tréinfhear, giolla óg ná óglaoch i n-Éirinn ná'ar iarrais
air dul i n-diaigh na h-inghine, & níor aobh aon díobh dul ann
acht mé-si, & an mhéid do thagair dul liom go líon deich gcéad
d'fhearaibh fortaile feidhmláidre, agus is siad so anmanna
na druinge fá deagh-úaisle dhíobh, éadhon:



Mac Luighdheach léadmhar láimhgheal, & Diarmuid déid-gheal
dreach-sholais o Duibhne, & Glas mac Aoinchearda Béara, agus
Liagán Luaimneachó Luachair dheaghadh, & Caol crodha céad-
ghoineach ó'n Eamhain, * & Caoilte ceannsa, céillidhe, crannchair,
mac Rónáin, & Goll gasta, calma, mac Móirne, & dá rígh
Féinne d'Fhiannaibh Connacht, & Fionn mac Rossa, mic Eoghain,
& dá righ Féinne d'Fhiannaibh Uladh, & Sgiathbhreac, mac Dath-
chaoin, & Faolán, mach Fearchuir, & dá rígh Féinne d'Fhiannaibh
laigheann, & an Fhiann eile as san amach.



“Agus air sin téighimíd ann ár longaibh luchtmhara, lán-
fhairsinge, & do sheolamair san bhfairrge bhfionn-ruadh amach
iad, & tógamaoid ár seolta bogóideaca bán-dhearga i mbárr
na gcrann gcómhfhada, gcóimhdhíreach, ag sraith & ag sraonadh
leis An ngaoith nglóraigh, n-uachtraig, nuathbhasaigh, ag séid-
eadh de fhíoraibh cnoc ndubha n-dúaibhseacha i na h-árd-bhóchna,
ionnas gur éirghe an fhairrge orrainn ann a cnocaibh
cainteacha, cúbhranacha, agus ann gleannntaibh dubha
duaibhseacha daoránacha, agus ann a breidibh réidhe ró
ionagantach, agus ann a buinnídhíbh borba báin-liath,
agus do righneamar iomrámh áluinn ionnsaightheach ó chuan
chluthair chaomh áluinn Bhinne hÉadair air dhrom-chlár na dil-
eann, & is mór an duadh & an t-anfhórlann fuaireamar go
sroisint go críocha na Drollaine móire dhúinn, & é air lár
na linne mara, & tigimíd i d-tír san oileán.



“Agus níor chian dúinn an tan tángadar tréinfhir an
oileáin chúghainn, eadhon, an Gormshúiléach Grodmhar, & an
Mac Feargach Fuilteac, eadhon, Síogradh mac an Ghormshúiligh,
agus ní fulaingeadh linn bheith i bh-fochair a chéile, gan chruas
ár n-arm agus ár neart, agus mheisneach ár meanmnann
d'fhéachaint re n-a chéile, & do b'é críoch an chómhraic gur thuit-
eadar linn, & is cneadhach créachtach cróilinnteach do bhíomar
dhéis an chómhraic sin, & gluaiseamaid rómhainn go hInis Cobh-
thaigh, & ní raibh sé féin ann, & do bhí a chlann & a cleamhnaighthe
& Sadhbh, inghean Eoghain óig, mhic Eoghain mhóir, mar aon riú,
i d-teaghlach áluinn óirdhearc, & do badh áluinn a thabhairt
amach, & níor léig siad an ceathrar ró bhí aistigh linn í, agus
na trí huaire rugamar amach í do rugadar an ceathrar
céadna tar a hais í, & ró iar siad cómhrac aoinfhir orrainn,
& níor aobhamar-na sin dhóibh, & thugamar líon ár lám uile
ortha & ro mharbhamar maithe an teaghlaigh, & ro chuireamar an
dún trí dhóighear donn-ruadh dearglasrach, & tháinic Sadhbh
linn go h-Éirinn.



“Agus is gairid gur lean Cobhtach sinn & d'iarr cómhraic
ar an bhFéinn & ró dhiúltadar uile sin, ró do b'éigean dómh-
sa dul do cómhrac leis, agus do bhíomar trí lá agus trí
hoidhche ag cómhrac le n-a chéile, gan chodladh ná chómhshuan, &
ní raibh fios time tláis ná tarcuisne ag ceachtar dínn tar
a chéile go héirghe gréine an ceathramhadh lá, & is d'éis é sin
do bhaineas an ceann de. Agus do bhí mé air feadh bliadhna
ann a dhiaigh sin, a' m' luidhe láimhe & lán-orthais; & is sé sin
do bheir orm gan dul do chómhrac tar do cheannsa, a Fhinn.”



(Le beith air leanmhain.)



* Neamh nuinn in san MS.
† Bóchna, n.f. from the plural, bóch-thonná.




19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services