Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Sgeal Fiannuigheachta, Comhfhreagarthas srl
Title
Sgeal Fiannuigheachta, Comhfhreagarthas srl
Author(s)
Údair éagsúla,
Composition Date
1900
Publisher
Nolan Bros
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Bealtaine, 1900 AN GAODHAL. SGEAL FIANNUIGHEACHTA. AN MACAOMH MOR, MAC RÍGH NA H-EASPAINE. CAIBIDIL I. RÍ CRODHA, céillidhe cosantach, sochrach, saoidheamhail saor-chlannach, soi-chineólach ro ghabh flaitheas agus árd-cheannas na hÉireann dár badh chómh ainm Cormac Mac Airt, mhic Chuinn Chéad Chath- aigh. Agus badh dhruídh i n-eolas agus i n-eagna; agus badh fhile i bhfilidheacht agus a bhfoircheadal; agus badh rí i ndlíghe i riaghail an Cormac san. Oir ní raibh goid ná bruid olc airc ná éigean i gcroidhthibh na n-daoineadh i dtíor thaibh dath-áile na hÉireann le linn an dá fhichead bliadhan do bhí Cormac i bhflaitheas na Fodhla agus i n-áird-cheannas na Banba. Agus iar gcaitheamh na ré sin do comóradh aonach, áidhbhéil, iongantach, agus oireachtas áluinn óirdhearc, ris an rígh sin air fhaithche a dhúna agus a dheagh-bhaile féin, agus do badh iomdha gaois, goil, agus gaisge, cleasa lúth agus lán lámhaigh gníomhartha rathmhara, sluaighte tuatha agus ceannsa cineól corradh agus iomarbháidh eugcóra do bhí dá dhéanadh son. Agus d'fheach an rí thairis, agus do chonnairc an mileadh mór-chalma agus an laoch léadmhar, lán-mhaiseach, agus an gaisgidheach, gallach, gnímhéachtach agus an gallgadh gusmhar guaisbheartach, ag teacht gus an aonach. Do labhair Cormac, agus is seadh eadh dubhairt: “An feadh atáim i ríoghacht Éireann ní fhaca mé do chomhór do dhuine ná do chaith-mhileadh riamh.” Agus do ráinic an fear mór do láthair chúca. “Cread is sgéaladh agat chugainn, a fhir mhóir,” ar Chormac. “Is cúmhang mo chuaird air a thabhairt,” ar an fear mór, “óir ní fhuil acht trí roinn san domhan, agus is de roinn éigin díobh san mise.” “Ní cúmhang linne sin,” ar Cormac, “má's cúmhang leat- sa é. Agus innis dúinn cia tú féin, anois, a fhir mhóir.” “Is fógas mo gheuga geinealaigh agus mo chraobha chóimh- neasa duit se gion go n-aithnígheann tú mé,” ar an fear mór.
“Cá taobh as a dtig do ghaol cóimhneasa chugam-sa?” ar Cormac. “De shíol Ádhaimh agus Ébha dúinn araon,” ar an fear mór “Ní fhiafróchad-sa ní bhus mó dhíot-sa,” ar Cormac. Agus do gabh fearg é air sin. Agus iar n-a aithniúghadh sin do'n fhear mhór, do labhair agus is seadh eadh dubhairt: “Fiafraigh feasda gach nídh bhus áil leat, agus do bheursa gach sgéaladh bhíos agam duit.” “Fiafraighim,” ar Cormac, “Cá rabhais aréir?” “Do bhíos ann Almhuinn luchtmhar lán-fhairsing Laigheann, mar a bhfuil Fionn fearamhail fír-ghlic mac Cúmhaill Uí Bhaoisgne, agus Fianna gusmhara glan-áile Gaodhal mar aon ris.” “An rabhais aon uair in Éirinn roimhe sin?” ar Cormac. “Ní rabhas,” ar an fear mór. “Cread an t-ádhbhar a d-tángais ann do'n dul so,” ar Cormac. “Air chionn chinn righ Éireann thángas,” ar an fear mór. “agus dar do láimhse cia nách fuil 'fhios agam-sa nách tú-sa rí Éireann dá bhfaighinn seacht righthe air Éirinn, do bheurfain a g-cinn uile liom.” “Is cosamhuil nách fear mar deirir thú,” ar Cormac. “Is seadh, go deimhin,” ar an fear mór, “agus do shiúbhlas mórán de'n domhain dá chóimhlíonadh, agus ní thiocfainn an fhaid so ag déanamh bréige riotsa.” “Maiseadh!” ar Cormac, “fansa 'nn ár bhfarradh-ne anocht, agus do gheabhair cómhrac úainn ámarach nó eolas go righ Éireann.” D'fhan an fear mór an oidhche sin. D'fhiafraigh an rí dá mhaithibh cread do dhéanfadaois, agus a is sí cómhairle air ar chineadar, an ríoghacht do sheunadh, agus an fear mór do chur tar'ais gonuig Fionn, agus iar ndul dóibh chum suain codal- ta do cuireadh cuid de dhruithibh na Teamhrach leis d'fhághail sgéaladh uaidh, agus do thabhairt sgéaladh dhó: agus is carthanach, céillidhe, compánta na cómhráidhte do rinn an fear mór an oidhche sin, óir ní raibh go bun tímcheall reult ná easga, tuath ná teaghlach ná triúcha céad nách faighthíghe fios a hainme agus a hinnil aige, agus do ghaibh sin ag fiafraighe sgéaladh na hÉireann san díobh mar an gcéadna. Agus ní mór de chodladh ná de shuaimhneas do rinn siad leath ar leath an oidhche sin. CAIBIDIL II. D'éirigh an fear mór i moch na maidne air n-a mháireach, agus do cheangail a chorp cruth-áluinn dá chaithide dhlúth, dhaingin, dheagh-mháisigh chatha, agus do chuir a lann-leadartha, líomhtha, lán-troda for a thaobh clé, agus a chlaidheamh cosgarthach, claisleathan, coilgdhíreach, géarfhaobhrach ann láimh chaoin, ghlaicnata dheaghthapa dheis agus cinnbheart cumhdaigh, a mhín bhaithis mhóir-chiallaigh, mheanmnaigh bhéasaigh mheidhrigh, mharthanaigh, mhéin-ghlain, air a chaoimh cheann agus a sgiath dhrollach, dhuallach, dheighfhighte, air stuaidh-leirg a dhroma agus líne de litribh órdha ró-áile in imiol bhórdaibh na sgéithe sin, ag tabhairt a slain fá righthibh beódha, bochta na hÉireann, agus go háirmhidhthe Fionn mac Cúmhaill, mhic Airt, mhic Thréanmhóir Uí Bhaoisgne, agus fá Fhiannaibh gusmhara, glan-áile Gaodhal, agus níór bhadh iongnadh san, óir is deas díreach deas neata dath álainn tháinic an chulaith catha agus cruadhchómhraic sin dó, óir is sé badh fheárr méin méad agus maise, tréine, treise agus teannacht, cumas neart agus árdnós, agus do badh mhó luth agus láin-mhire san domhan mhór go h-iomlán, agus do chuaidh le mire misneach agus lán-mheanmnain air fhaithche na Teamhrach, agus thárla Cormac air ann.
“An ullamh tú chum an cómhraic so?” ar an fear mór, ”nó an tú ri Éireann.” “Ní mé,” ar Cormac. “Cia eile is rí air Éirinn,” ar an fear mór. “Fionn mac Cúmhaill,” ar Cormac, “óir is aige atáid soch- air Éireann, mar atá triúcha chead ann gach cúigidh, agus tuath ann gach triúcha céad, agus baile ann gach tuaith, agus teach ann gach baile, agus coileán con nó gadhar ann gach tig agus cíos seilge agus éisg ortha aige, agus air an ádhbhar san is mó is righ é 'ná msie.” “Cread fá liégeann sé cathaoir urrma na ríoghachta duit- se, dá m-badh fhíor sin?” ar an fear mór. “Ní gan ádhbhar,” ar Cormac, “óir is dam is cóir, an feadh bhíos Éire idir dhá rígh.” “Má's breug san, a Chormaic!” ar an fear mór, “is mór an guth dhuit é, agus rachaidh mise go h-Almhuin Laigheann arís go nuige Fionn, agus luidhim fá m' mhóide agus fá m' armaibh gaisge da g-cuirdh Fionn [tar 'n ais] an ath-uair mé nách geo- bhad leath-sgéal uait gan do cheann nó comhrac d'fhághail.” Agus do ghluais an fear mór roimhe an aith-ghearra gacha slige soir go ráinic go hAlmhuin, agus níor mhaith le Fiannaibh Éireann a fhaicsin chúca an ath-uair, óir d'eaglaigheadar a n- óga, agus do criothnaígheadar an ársa, agus do chlaochluigh- eadar a laoich gaisge ainmhearra sul ráinic an fear mór do'n bhruighean. “Cread an sgéaladh agat ó Theamhair, a fhir mhóir?” ar Fionn, “nó a ndearnais cómhrac ó shoin?” “Ní dhearnas,” ar an fear mór, “óir do sheun Cormac a chuid de'n rioghacht.” (Le beith air leanmhain.) CÓIMHFHREAGARTHAS. SPRINGFIELD, MASS., April 1, 1900. Chum Éagataoir an Ghaoidhil: A Dhuine Uasail, — Teasduigheann siad so ó Chumann-na-Gaedhilge. Bhí a gcruinniúghadh bliadhantamhail acu air an chúigeadh lá fichead, agus thoghadar iad so leanas mar Oifigidhe. Pádraic O Conchubhair, Uachtarán; Riocaird O Laghailéis, Tainiste; Ánna Ní Bhuacala, Rún- aire; Síobhán Ní Shéaghdha, Cisdeoir; Pádraic Ua h-Eigearta, Leabharlanaidhe. Do cheangail sé duine dheug iad féin dé'n chuman, agus is sé mo thuairim go mbeidh sí ar na cumanaibh is feárr san tír sul a bhfad mar do thug an méid so de bhallaibh nuadh an mhisneach dóibh so bhí ínnte cheana. Taithnigheann clódh agus cruth do pháipéir go h-an-mhaith liom, agus dar mo mhóide go bhfuil sé sa cheart 'nuair a deir sé go teasduigheann anam & obair ó chúis na Gaedhilge san tír so, is iad so na nídhthe atá in easbadh ar an gcúis, má cuirthear iad so ínnte béidh an buadh lion muna gcurtar rachaid an cúis ar gcúil. Ar an ádhbhar sin cuireadh Gaodhail le chéile, agus má dhéanaid sin ní'l cumhacht fá bhun Dé air an dtalamh chum í chur siar. Mise le mór mheas, PÁDRAIC UA H-EIGEARTA. Nuadh Eabhrach, 9mhadh lá de Aibrean, 1900. Chum Foilseoir an Ghaodhail: Tá sé air ár neolas go bhfuil Cumann Gaodhlach in 'sa gceanntar so air a bhfuil mar ainm Ord Ársaidh Ibernians agus gur chruinnigh an cumann so in a measg féin tímcheall caogad míle dol- leir lei sgoil Ghaedhilig nó Coláiste, nó cathaoir a cur air bun san tír so le teanga na nGaodhal a shaorthúghadh, choiriúghadh agus a buanleathnughadh in san tír so, agus cnuas-leabhair agus paipéir bhailiúghadh le chéile in a leabhárlan éigin atá cog- arach, agus in sin gan mórán moille, tuille a chur in a gceann de nuaídhleabhraibh agus paipeir prionnta le iad a sgapa amach agus a gcur in saorchuairt air fud na tíre ameasg na ndaoine air a bhfuil fonn a d-teanga boin do fhóghluim leigheas gur fhag deagh bhean ó bruach Loch riabhach, Baile-chruach, i gcontae na Gaillimhe, Máire Ní Mhórain, deich míle dolleir eile air son an obair chéadna, sé sin seasgad míle dolleir is mór an suim airgid é so, chualas go dtug siad anall, air chuire, ó'n tsean áit, oide nó pupa de na sgolairidhe is foirfe, is leigheannta agus is beac- taighthe a bhí le faghail san Euroip, lei an obair mhaith so a chur air aghaidh, & go raibh se le abairt nó óraid a thabhairt dúinn uair no do san mí air a laghad in san teangadh Ghaedhilig, chualas an meid so agus go leór de'n tsaghas céadna, agus tá
mé anois beagan deigheamhuil a dtaobh na neídhthe so, óir ní fhaicim agus ní chluinim sighin na tast go bhfuil corrughadh na tionsgnadh da dhéanadh in áit air bith mar geallughadh dhúinn. Sé an toisg air a bhfuil mé anois ág aimsiúghadh se sin, na cheisteanna so a cur ort, agus foinligh- im fó do shuilibh na neidhthe so, fó bhith gur fear thú atá in oifig phuiblighe & da brígh sin go bhfuil ceart agus cóir agat air fios do fhághail air na ghnáthaidhe so, agus tuigm mar an gcéadna go bhfuil sé de oibliogaidh air an mhuintear a fuair agus a ghlac an t-airgead so, cúntas agus sasad a thabhairt uatha in a thaobh, se sin, má's le teanga na nGao- dhal a mhúnadh dúinn a fuair siad é, má's le rud éigin eile a fuair sead e is feidir leo e cur in a bpocaidhe. Is díor duit mar foillseoir an GAODHAIL omos agus meas o gach Éireannach air son go bh- fuil tú a deanad do chuid féin de'n obair air a bhfuil go leor diobh a feachaint le neamhshuim agus talcais, acht bfeidir nac bhfeicean siad níos feárr. Na dean fois na faillighe go bhfaigh tú fios air ca ndreachaidh an maighistir sgoile. UÍ MÁINE. Office of THE IRISH DAILY INDEPENDENT. DUBLIN, MARTA, 1900. Do'n Eagarthoir an Ghaodhail: Bhí áthas ár gcroidhe agus ríméad mór orrainn nuair fuaramar bhur cártha áluinn ag gábhail lae Fhéile Phádraic maith againn. Bhuaíl sé i nar n- aigneadh go dian, gurab “aon ainm amáin, agus agus adn chlú amháin, Clann-na-Gaedheal ar fúd an domhain” nuar chonncamar an t-Seamróg — cómhartha ár gcreidimh agus ár d-tire, chuireabh ar chughainn i nÉirinn ó Amerioca í bhfad thiar uainn. Bheirimíd ár mbuidheachas ó nár gcroidhe amach daoibh, agus is í ár nguidhe go rachaidh ar aghaidh an chúis uaisial sain, — cúis ár d-tire agus ár d- teangadh; — ar son a bhfuilimid ag obair, sibhse i n-Amerioca chómh maith linn-ne féin annso i n- Éirinn. Le seacht míle beannacht uainn-ne orraibh, Sinn-ne bhúr gcairde i gcúis na hÉireann, Lucht-stiúrtha Roinne na Gaedhilge, Oifige an “Neamhspleadchta,” Baile-átha-cliath, Éire. AN MANGAIRE SÚGACH CCT. A chléir Déi a thug bhur dtoil mise do chosg ó ól. Gan ól acht oiread-libh féin déanfaidh mé libh mar nós; As so suas go huair mo bháis gloine de bhárr air an gcléir, So a's go mbeidh an bás a' m' bhuain má rachaidh tar bhruach mo bhéil. NA PÚNCÁIN GHLIOCA. Ag Steafán L. Seoigheach. NÍ mheasaim go bh-fuil aon náisiún daoineadh air domhan cómh glic le na Púncán. Tá cómhluadar leac oidhre i gcathair Chicago, agus tá go leór talmhan aca tamall gearr ó an cathair. Bhí bothar-iarainn d'á dhéanadh i n- gar d'á gcuid talmhan, agus d'fhéach an chómhluad- ar bóthair le cuid dé'n talamh so a cheannach go gcuirfidís an bóthar tríd. Níor mhaith leis an g- cómhluadar oidhre an talamh a dhíol air aon luach. Tá dlíghe san stát ag tabhairt cheada do bhó- thar-iarainn dul trí cia b'é talamh is mian leis an g-cómhluadar bóthair é do chur thrid acht go gcaith- feadh siad luach na talmhan do íoc. Bhí a fhios sin ag gach cómhluadar aca. Níor chuir an cómh- luadar bóthair aon tsuim ann acht tiomáin leo ag déanadh an bhóthair, mar bhí fhios aca 'n uair thiocfaidís do'n talamh so go gcuirfeadh an stát d'fhiachaibh air lucht na talmhan é thabhairt dóibh. Bhí 'fhios sin ag cómhluadar na leac oidhre: chuadar go duine de fheisirídhibh an stáit agus chuir sé sin bille dlíghe nuaidhe air riubhal san fhéis, gan chead do thabhart do bhóthar, ná shráid, ná bhóthar-iarainn dul trí roilig, Ní bhfuair cóm- luadar an bhóthair iarainn aon locht air sin, mar ní raibh súil aca le n-a dhul trí aon roilig, agus níor bhac siad leis, agus déanadh an dlíghe. D'imthigh cómhluadar na leac oidhre ann sin agus cheannaigh siad leath-chéad corp ó na coláis- tídhibh dochtúra, agus chuireadar iad san áit a raibh an bóthar-iarainn le dul tríd, agus leac ag ceann gach colna aca, mar d'fhaiceadh duine ann aon roilig. An uair tháinig an bóthar-iarann go d-tíghidh an roilig so bhí a ndóthain féin d'iongantas ortha, nídh ná'ar nár dóibh. B'éigean dóibh leath mhíle d'á mbóthar do thóg- bháil suas arís, agus d'fhan sia i bhfad amachó talamh chómhluadair na leac oidhre. (Críoch.) BLODHA. Ann am na gorta nách crosda na tréighthe sin, Gur dhómh-sa is obair do'n phobal san fá Philib; An Francac oban is soilbh do shéidean guth, An Gall go nguilidh 's go gcolaidh an tÉirionnach. Ní le leisge na meisge badh mhisde lium, Acht le leisge na meisge do fhaicsin orm, O an digh bhig is seadh is gliste an ceann, A's ní thigeann meisge gan mí-ghreann.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services