Bealtaine, 1900 AN GAODHAL.
SGEAL FIANNUIGHEACHTA.
AN MACAOMH MOR, MAC RÍGH NA H-EASPAINE.
CAIBIDIL I.
RÍ CRODHA, céillidhe cosantach, sochrach, saoidheamhail
saor-chlannach, soi-chineólach ro ghabh flaitheas
agus árd-cheannas na hÉireann dár badh chómh
ainm Cormac Mac Airt, mhic Chuinn Chéad Chath-
aigh.
Agus badh dhruídh i n-eolas agus i n-eagna;
agus badh fhile i bhfilidheacht agus a bhfoircheadal; agus badh rí
i ndlíghe i riaghail an Cormac san. Oir ní raibh goid ná
bruid olc airc ná éigean i gcroidhthibh na n-daoineadh i dtíor
thaibh dath-áile na hÉireann le linn an dá fhichead bliadhan do
bhí Cormac i bhflaitheas na Fodhla agus i n-áird-cheannas
na Banba.
Agus iar gcaitheamh na ré sin do comóradh aonach, áidhbhéil,
iongantach, agus oireachtas áluinn óirdhearc, ris an
rígh sin air fhaithche a dhúna agus a dheagh-bhaile féin,
agus do badh iomdha gaois, goil, agus gaisge, cleasa lúth
agus lán lámhaigh gníomhartha rathmhara, sluaighte tuatha agus
ceannsa cineól corradh agus iomarbháidh eugcóra do bhí dá
dhéanadh son.
Agus d'fheach an rí thairis, agus do chonnairc an mileadh
mór-chalma agus an laoch léadmhar, lán-mhaiseach, agus an
gaisgidheach, gallach, gnímhéachtach agus an gallgadh gusmhar
guaisbheartach, ag teacht gus an aonach.
Do labhair Cormac, agus is seadh eadh dubhairt:
“An feadh atáim i ríoghacht Éireann ní fhaca mé do chomhór
do dhuine ná do chaith-mhileadh riamh.”
Agus do ráinic an fear mór do láthair chúca.
“Cread is sgéaladh agat chugainn, a fhir mhóir,” ar Chormac.
“Is cúmhang mo chuaird air a thabhairt,” ar an fear mór,
“óir ní fhuil acht trí roinn san domhan, agus is de roinn
éigin díobh san mise.”
“Ní cúmhang linne sin,” ar Cormac, “má's cúmhang leat-
sa é. Agus innis dúinn cia tú féin, anois, a fhir mhóir.”
“Is fógas mo gheuga geinealaigh agus mo chraobha chóimh-
neasa duit se gion go n-aithnígheann tú mé,” ar an fear
mór.
“Cá taobh as a dtig do ghaol cóimhneasa chugam-sa?” ar
Cormac.
“De shíol Ádhaimh agus Ébha dúinn araon,” ar an fear
mór
“Ní fhiafróchad-sa ní bhus mó dhíot-sa,” ar Cormac. Agus
do gabh fearg é air sin. Agus iar n-a aithniúghadh sin do'n
fhear mhór, do labhair agus is seadh eadh dubhairt:
“Fiafraigh feasda gach nídh bhus áil leat, agus do bheursa
gach sgéaladh bhíos agam duit.”
“Fiafraighim,” ar Cormac, “Cá rabhais aréir?”
“Do bhíos ann Almhuinn luchtmhar lán-fhairsing Laigheann,
mar a bhfuil Fionn fearamhail fír-ghlic mac Cúmhaill Uí
Bhaoisgne, agus Fianna gusmhara glan-áile Gaodhal mar
aon ris.”
“An rabhais aon uair in Éirinn roimhe sin?” ar Cormac.
“Ní rabhas,” ar an fear mór.
“Cread an t-ádhbhar a d-tángais ann do'n dul so,” ar
Cormac.
“Air chionn chinn righ Éireann thángas,” ar an fear mór.
“agus dar do láimhse cia nách fuil 'fhios agam-sa nách tú-sa
rí Éireann dá bhfaighinn seacht righthe air Éirinn, do bheurfain
a g-cinn uile liom.”
“Is cosamhuil nách fear mar deirir thú,” ar Cormac.
“Is seadh, go deimhin,” ar an fear mór, “agus do shiúbhlas
mórán de'n domhain dá chóimhlíonadh, agus ní thiocfainn an
fhaid so ag déanamh bréige riotsa.”
“Maiseadh!” ar Cormac, “fansa 'nn ár bhfarradh-ne
anocht, agus do gheabhair cómhrac úainn ámarach nó eolas go
righ Éireann.”
D'fhan an fear mór an oidhche sin. D'fhiafraigh an rí dá
mhaithibh cread do dhéanfadaois, agus a is sí cómhairle air ar
chineadar, an ríoghacht do sheunadh, agus an fear mór do chur
tar'ais gonuig Fionn, agus iar ndul dóibh chum suain codal-
ta do cuireadh cuid de dhruithibh na Teamhrach leis d'fhághail
sgéaladh uaidh, agus do thabhairt sgéaladh dhó: agus is
carthanach, céillidhe, compánta na cómhráidhte do rinn an
fear mór an oidhche sin, óir ní raibh go bun tímcheall reult
ná easga, tuath ná teaghlach ná triúcha céad nách faighthíghe
fios a hainme agus a hinnil aige, agus do ghaibh sin ag
fiafraighe sgéaladh na hÉireann san díobh mar an gcéadna.
Agus ní mór de chodladh ná de shuaimhneas do rinn siad leath
ar leath an oidhche sin.
CAIBIDIL II.
D'éirigh an fear mór i moch na maidne air n-a
mháireach, agus do cheangail a chorp cruth-áluinn dá
chaithide dhlúth, dhaingin, dheagh-mháisigh chatha, agus do
chuir a lann-leadartha, líomhtha, lán-troda for a thaobh clé,
agus a chlaidheamh cosgarthach, claisleathan, coilgdhíreach,
géarfhaobhrach ann láimh chaoin, ghlaicnata dheaghthapa dheis agus
cinnbheart cumhdaigh, a mhín bhaithis mhóir-chiallaigh, mheanmnaigh
bhéasaigh mheidhrigh, mharthanaigh, mhéin-ghlain, air a chaoimh cheann
agus a sgiath dhrollach, dhuallach, dheighfhighte, air stuaidh-leirg
a dhroma agus líne de litribh órdha ró-áile in imiol bhórdaibh
na sgéithe sin, ag tabhairt a slain fá righthibh beódha, bochta na
hÉireann, agus go háirmhidhthe Fionn mac Cúmhaill, mhic Airt,
mhic Thréanmhóir Uí Bhaoisgne, agus fá Fhiannaibh gusmhara,
glan-áile Gaodhal, agus níór bhadh iongnadh san, óir is deas
díreach deas neata dath álainn tháinic an chulaith catha agus
cruadhchómhraic sin dó, óir is sé badh fheárr méin méad agus
maise, tréine, treise agus teannacht, cumas neart agus
árdnós, agus do badh mhó luth agus láin-mhire san domhan
mhór go h-iomlán, agus do chuaidh le mire misneach agus
lán-mheanmnain air fhaithche na Teamhrach, agus thárla Cormac
air ann.
“An ullamh tú chum an cómhraic so?” ar an fear mór, ”nó
an tú ri Éireann.”
“Ní mé,” ar Cormac.
“Cia eile is rí air Éirinn,” ar an fear mór.
“Fionn mac Cúmhaill,” ar Cormac, “óir is aige atáid soch-
air Éireann, mar atá triúcha chead ann gach cúigidh, agus tuath
ann gach triúcha céad, agus baile ann gach tuaith, agus teach
ann gach baile, agus coileán con nó gadhar ann gach tig agus
cíos seilge agus éisg ortha aige, agus air an ádhbhar san is
mó is righ é 'ná msie.”
“Cread fá liégeann sé cathaoir urrma na ríoghachta duit-
se, dá m-badh fhíor sin?” ar an fear mór.
“Ní gan ádhbhar,” ar Cormac, “óir is dam is cóir, an feadh
bhíos Éire idir dhá rígh.”
“Má's breug san, a Chormaic!” ar an fear mór, “is mór
an guth dhuit é, agus rachaidh mise go h-Almhuin Laigheann arís
go nuige Fionn, agus luidhim fá m' mhóide agus fá m' armaibh
gaisge da g-cuirdh Fionn [tar 'n ais] an ath-uair mé nách geo-
bhad leath-sgéal uait gan do cheann nó comhrac d'fhághail.”
Agus do ghluais an fear mór roimhe an aith-ghearra gacha
slige soir go ráinic go hAlmhuin, agus níor mhaith le Fiannaibh
Éireann a fhaicsin chúca an ath-uair, óir d'eaglaigheadar a n-
óga, agus do criothnaígheadar an ársa, agus do chlaochluigh-
eadar a laoich gaisge ainmhearra sul ráinic an fear mór
do'n bhruighean.
“Cread an sgéaladh agat ó Theamhair, a fhir mhóir?” ar
Fionn, “nó a ndearnais cómhrac ó shoin?”
“Ní dhearnas,” ar an fear mór, “óir do sheun Cormac
a chuid de'n rioghacht.”
(Le beith air leanmhain.)
CÓIMHFHREAGARTHAS.
SPRINGFIELD, MASS.,
April 1, 1900.
Chum Éagataoir an Ghaoidhil:
A Dhuine Uasail, —
Teasduigheann siad so ó Chumann-na-Gaedhilge.
Bhí a gcruinniúghadh bliadhantamhail acu air an
chúigeadh lá fichead, agus thoghadar iad so leanas
mar Oifigidhe.
Pádraic O Conchubhair, Uachtarán; Riocaird
O Laghailéis, Tainiste; Ánna Ní Bhuacala, Rún-
aire; Síobhán Ní Shéaghdha, Cisdeoir; Pádraic Ua
h-Eigearta, Leabharlanaidhe. Do cheangail sé
duine dheug iad féin dé'n chuman, agus is sé mo
thuairim go mbeidh sí ar na cumanaibh is feárr san
tír sul a bhfad mar do thug an méid so de bhallaibh
nuadh an mhisneach dóibh so bhí ínnte cheana.
Taithnigheann clódh agus cruth do pháipéir go
h-an-mhaith liom, agus dar mo mhóide go bhfuil sé
sa cheart 'nuair a deir sé go teasduigheann anam
& obair ó chúis na Gaedhilge san tír so, is iad so
na nídhthe atá in easbadh ar an gcúis, má cuirthear
iad so ínnte béidh an buadh lion muna gcurtar
rachaid an cúis ar gcúil.
Ar an ádhbhar sin cuireadh Gaodhail le chéile,
agus má dhéanaid sin ní'l cumhacht fá bhun Dé air
an dtalamh chum í chur siar.
Mise le mór mheas,
PÁDRAIC UA H-EIGEARTA.
Nuadh Eabhrach,
9mhadh lá de Aibrean, 1900.
Chum Foilseoir an Ghaodhail:
Tá sé air ár neolas go bhfuil Cumann Gaodhlach
in 'sa gceanntar so air a bhfuil mar ainm Ord
Ársaidh Ibernians agus gur chruinnigh an cumann
so in a measg féin tímcheall caogad míle dol-
leir lei sgoil Ghaedhilig nó Coláiste, nó cathaoir
a cur air bun san tír so le teanga na nGaodhal
a shaorthúghadh, choiriúghadh agus a buanleathnughadh
in san tír so, agus cnuas-leabhair agus paipéir
bhailiúghadh le chéile in a leabhárlan éigin atá cog-
arach, agus in sin gan mórán moille, tuille a chur
in a gceann de nuaídhleabhraibh agus paipeir
prionnta le iad a sgapa amach agus a gcur in
saorchuairt air fud na tíre ameasg na ndaoine
air a bhfuil fonn a d-teanga boin do fhóghluim
leigheas gur fhag deagh bhean ó bruach Loch riabhach,
Baile-chruach, i gcontae na Gaillimhe, Máire Ní
Mhórain, deich míle dolleir eile air son an obair
chéadna, sé sin seasgad míle dolleir is mór an
suim airgid é so, chualas go dtug siad anall,
air chuire, ó'n tsean áit, oide nó pupa de na
sgolairidhe is foirfe, is leigheannta agus is beac-
taighthe a bhí le faghail san Euroip, lei an obair
mhaith so a chur air aghaidh, & go raibh se le abairt nó
óraid a thabhairt dúinn uair no do san mí air a
laghad in san teangadh Ghaedhilig, chualas an meid
so agus go leór de'n tsaghas céadna, agus tá
mé anois beagan deigheamhuil a dtaobh na neídhthe
so, óir ní fhaicim agus ní chluinim sighin na tast
go bhfuil corrughadh na tionsgnadh da dhéanadh in
áit air bith mar geallughadh dhúinn.
Sé an toisg air a bhfuil mé anois ág aimsiúghadh
se sin, na cheisteanna so a cur ort, agus foinligh-
im fó do shuilibh na neidhthe so, fó bhith gur fear thú
atá in oifig phuiblighe & da brígh sin go bhfuil ceart
agus cóir agat air fios do fhághail air na ghnáthaidhe
so, agus tuigm mar an gcéadna go bhfuil sé de
oibliogaidh air an mhuintear a fuair agus a ghlac
an t-airgead so, cúntas agus sasad a thabhairt
uatha in a thaobh, se sin, má's le teanga na nGao-
dhal a mhúnadh dúinn a fuair siad é, má's le rud
éigin eile a fuair sead e is feidir leo e cur in a
bpocaidhe.
Is díor duit mar foillseoir an GAODHAIL
omos agus meas o gach Éireannach air son go bh-
fuil tú a deanad do chuid féin de'n obair air a
bhfuil go leor diobh a feachaint le neamhshuim agus
talcais, acht bfeidir nac bhfeicean siad níos
feárr. Na dean fois na faillighe go bhfaigh tú fios
air ca ndreachaidh an maighistir sgoile.
UÍ MÁINE.
Office of
THE IRISH DAILY INDEPENDENT.
DUBLIN, MARTA, 1900.
Do'n Eagarthoir an Ghaodhail:
Bhí áthas ár gcroidhe agus ríméad mór orrainn
nuair fuaramar bhur cártha áluinn ag gábhail lae
Fhéile Phádraic maith againn. Bhuaíl sé i nar n-
aigneadh go dian, gurab “aon ainm amáin, agus
agus adn chlú amháin, Clann-na-Gaedheal ar fúd
an domhain” nuar chonncamar an t-Seamróg —
cómhartha ár gcreidimh agus ár d-tire, chuireabh ar
chughainn i nÉirinn ó Amerioca í bhfad thiar uainn.
Bheirimíd ár mbuidheachas ó nár gcroidhe amach
daoibh, agus is í ár nguidhe go rachaidh ar aghaidh
an chúis uaisial sain, — cúis ár d-tire agus ár d-
teangadh; — ar son a bhfuilimid ag obair, sibhse i
n-Amerioca chómh maith linn-ne féin annso i n-
Éirinn.
Le seacht míle beannacht uainn-ne orraibh,
Sinn-ne bhúr gcairde i gcúis na hÉireann,
Lucht-stiúrtha Roinne na Gaedhilge,
Oifige an “Neamhspleadchta,”
Baile-átha-cliath, Éire.
AN MANGAIRE SÚGACH CCT.
A chléir Déi a thug bhur dtoil mise do chosg ó ól.
Gan ól acht oiread-libh féin déanfaidh mé libh
mar nós;
As so suas go huair mo bháis gloine de bhárr air
an gcléir,
So a's go mbeidh an bás a' m' bhuain má rachaidh
tar bhruach mo bhéil.
NA PÚNCÁIN GHLIOCA.
Ag Steafán L. Seoigheach.
NÍ mheasaim go bh-fuil aon náisiún
daoineadh air domhan cómh glic le
na Púncán. Tá cómhluadar leac
oidhre i gcathair Chicago, agus tá
go leór talmhan aca tamall gearr
ó an cathair. Bhí bothar-iarainn d'á dhéanadh i n-
gar d'á gcuid talmhan, agus d'fhéach an chómhluad-
ar bóthair le cuid dé'n talamh so a cheannach go
gcuirfidís an bóthar tríd. Níor mhaith leis an g-
cómhluadar oidhre an talamh a dhíol air aon luach.
Tá dlíghe san stát ag tabhairt cheada do bhó-
thar-iarainn dul trí cia b'é talamh is mian leis an
g-cómhluadar bóthair é do chur thrid acht go gcaith-
feadh siad luach na talmhan do íoc. Bhí a fhios
sin ag gach cómhluadar aca. Níor chuir an cómh-
luadar bóthair aon tsuim ann acht tiomáin leo
ag déanadh an bhóthair, mar bhí fhios aca 'n uair
thiocfaidís do'n talamh so go gcuirfeadh an stát
d'fhiachaibh air lucht na talmhan é thabhairt dóibh.
Bhí 'fhios sin ag cómhluadar na leac oidhre:
chuadar go duine de fheisirídhibh an stáit agus
chuir sé sin bille dlíghe nuaidhe air riubhal san
fhéis, gan chead do thabhart do bhóthar, ná shráid,
ná bhóthar-iarainn dul trí roilig, Ní bhfuair cóm-
luadar an bhóthair iarainn aon locht air sin, mar
ní raibh súil aca le n-a dhul trí aon roilig, agus
níor bhac siad leis, agus déanadh an dlíghe.
D'imthigh cómhluadar na leac oidhre ann sin
agus cheannaigh siad leath-chéad corp ó na coláis-
tídhibh dochtúra, agus chuireadar iad san áit a
raibh an bóthar-iarainn le dul tríd, agus leac ag
ceann gach colna aca, mar d'fhaiceadh duine ann
aon roilig.
An uair tháinig an bóthar-iarann go d-tíghidh an
roilig so bhí a ndóthain féin d'iongantas ortha,
nídh ná'ar nár dóibh.
B'éigean dóibh leath mhíle d'á mbóthar do thóg-
bháil suas arís, agus d'fhan sia i bhfad amachó
talamh chómhluadair na leac oidhre.
(Críoch.)
BLODHA.
Ann am na gorta nách crosda na tréighthe sin,
Gur dhómh-sa is obair do'n phobal san fá Philib;
An Francac oban is soilbh do shéidean guth,
An Gall go nguilidh 's go gcolaidh an tÉirionnach.
Ní le leisge na meisge badh mhisde lium,
Acht le leisge na meisge do fhaicsin orm,
O an digh bhig is seadh is gliste an ceann,
A's ní thigeann meisge gan mí-ghreann.
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11