Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Dhá Leabhar Nótaí
Title
Dhá Leabhar Nótaí
Author(s)
Ó Conchubhair, Cathal,
Compiler/Editor
Ní Chinnéide, Síle
Composition Date
1742
Publisher
(Gaillimh: Cumann Seandáluíochta is Staire na Gaillimhe, 1955)
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
{N Galv01 32-41} {L 35} {B 1742-48 18L} {G L} {U 0359} {C Prós} {M 8} AN DIALANN. 100b Meabhair síosana ar nethe sunradhach ón deaichmheadh lá so do Mhí na bhFaoilte 1741-2. Feb. 10 1742 Toisiughadh aniú damh ar coraidheacht coirce. Sonenn síorruidhe aimsire agus gorta agus ég adhbhal-mhór daoine sa mbliadhain sin 1741 chuaidh thorainn a gcruth nach bhfacaidh aon a let
ed ele re níos mó ná cétt bliadhan. An treas lá don Mhí so. Sir Robert Walpole, Árd-stiúrthóir agus Rígh- chomharba na ttrí ríoghacht so agus mórán tírrtha eie, do chur as a fhlaitheas tré chumhacht a náimhde agus tré olc na ttirrtha dhó ar chena. Agus níl fhios god a dhénfas Rígh Seórsa dhó rena chúmhdach ar díchennadh, etc. Quod supra nos, nil ad nos. Ba maith a ré dona Catoligidh bhochta agus go gcuidigh
a mbennacht tris. 4 An Marta 9 41-2. Bairille mór potátaidhe cuirthidh agus 11 acra d
ég coirce. Earrach ro aoibhinn re 20 lá. Dia Luain, Marta 16 1741-2. An mac as férr bhí riamh agom d'fhaghail b
áis san ló sin .i. Marcus Ó Conchabhair. Glóir dhuit, a Dhé, agus grása dhon phecach so. 5 Dia hAoine, an 19 la. 15 acra dhég treabhthaidh chum coirce anocht agus ní mór nach é sin deired
coraidheacht na bliadhna so; agus deireadh na bpotátaidhe cuirthidh fós anocht. Dia hAoine, Marta 26 1742. Mo bhráthair agus mo dherb
ráthair ionmhuin, Con (n) Ó Conchabhair, mac Taidhg mac Cathail, d'fhagháil bháis a ttús a ratha agus óige. 'Smór gach uile thom acu so, a Thighearna! 6 Apl. 9. Bairille bracha do théighedh aniú dhamh. Mai 6 1742. Triomach síorruidhe re aon tsechtmhain décc gus aniú, ro thoisig ferrthoin throm agus é cho mór ris a triomach a n-oraid
agus aroimh a n-oraidh ar fedh an seal do mhair. Iune 15. An triomach síorruidhe gus sedh, agus teasbhach mór. Fél Eoin Baisdedh aniú, Diardaoin. Eorna mhór baintidh aniú sa tír agus potátaidhe úra d'ithe aníu dhamh.
Iuil 3. Aon duisín décc dighe a mbuidéil anos agom. - 4. Redhtech aniú dhamh re Andrias Ó Buceinn faoi bhalla na Camchlunach ar 8 mboinn an persa. - 5. Dechmhadh shuidhechan re Dominic re Páttraicc Ua hAinlidhe ar she sgillinne agus punta. Iuil 7 1742. Ollann na n-ún do dhíol ar 4s. 8d. an chloch. 10 bpighinne d'érlis do gh
acadh. Iuil 17. Deredh na mónadh sa mbaile anocht. - 19. Fleochras mór le trí lá; níos mó ná bhí aguinn ón dechmheadh lá d'errach. 22. An eorna dhá buain aniú. Aug. 13. Triomach níos mó ná an triomach a n-oraidh, agus tesmhach dí-mhór ó thosach na míosa so. An eorna dhá cur abhaile agus an chruithnecht aipidh. Sept. 2. Ferrthain do thoisiughadh tar éis an triomaigh mhóir sin. - 13. Begán léithe areidhir, ní nach bhfacamur re begnach trí ráithe roimhe. - 27. Triomach mór d'éis na ferrthonna sin anuas. 101. Dia Sathairnn, 8bris 2 1742. Ferrthain mhór go tar és an mhedhón laoi. Anfa mór gaoithe na deoidh, gur fúadaighedh urmhór toighthe agus arbhanta Érann. Ag sin críoch ar a triomach is mó bhí a n-Érinn re céd bliadhan .i. triomach thrí mbliadhan. Dec. 2 1742. Ceithre bhairille lenna do thonnad
aniú. Sioc agus snechta go bunáitech re cogthighis. Genair 6 1742-3. Triomach iongantach gan deor ar torrlach, ná tuile ar sruth go ttáinic donenn re 10 lá agus liath na cuidecht. - 12 don mhí cheadna. Crúach an tsen-choirce do chur astech aniú dhamh. An 16 lá do Mhí na bhFaoilte 1742-3. Cruithnecht agus coirce do chur anédh dhamh, agus gan toisiughadh gus sin. Marta 9 1742/3. Donenn ó thosach na miosa agus roimhe. Fuacht agus snechta mór aniú. - 25. Sioc agus snechta gus so. Apl. 1 1743. Trí b. coirce do Uilliam R. Ó Chorrnín. Donenn, gaoth mhór, ferrthain, snechta, go laethamhail, agus go háirighe ó thosach co deiredh an Mharta. April 23 1743. Mí ro fhleoch agus tuile ro mhór amuich anos, agus donenn agus fleochras ó Mhiadhlaic Bheig anuas. Mai 30. An mhí go bunáitech na triomach. Iune 15. Fleochrus, galair, agus aicídeacha amuich go coitchinn. Meisi tinn a mesg cáich. Obair 29 sledhán mónadh bainte, agus 100 fer do thuitim léthe. Iune 16. Cath mór san nGermáin aniú edir Rígh Saxan agus na Francaidh, inar buailedh na Francaigh, mur bu gnáth dháibh a ngach uile bhrisedh re bliadhain co leith. 7.
Aug. 10. Ferthain shíorruid
e re sé sechtmhuine, ro mhill mórán faoi fherrtha agus arbhanna. Aug. 16. Toisiughadh aniú ris a móin damh a n-aimsir mhaith thirim. Aug. 22. Deredh na mónadh sa mbaile anocht re soneinn mhaith. Sept. 13. Aimsir ro mhaith ag feoir agus arbhanna, tar éis na ferrthonna. Deiredh buana an fhéir agus an chruithnecht re buain aniú. Oct. 6 1743. An aimsir aoibhinn bhí ann re mí do bhrisedh aniú chum ferrthonna. Níorb
fédir foghmhar ní bus férr ag gach uile ní. 101b. Ian. 12 1743-4. An geimhredh as férr agus as aicídigh
chonairciomar ariamh. Feb. 1. Rélta iongantach san gcethramhain shiar, agus erball fada siolleach as suas. 8. -11. Potátaidhe dhá gcur aniú agom. Feb. 29 '43-4. Anfa mhilltech agus gaoth mhór re dhá lá ar muir agus ar tír, agus uilc mhóra do dhénamh sgach uile áit. Buadhairt ro mhóra anos a Saxai agus a nÉrinn faoi chobhlach na Fraince taoi ar Muir n-Icht. Dubhadh mór ar bégán ferrthonna. Fógra do chur amach anéidh ó ghiúsdís na hÉrenn gabhail chur go coitchinn ar Eglais Romhánach Érenn, agus luach saoithir mór as gach aon g
eb
tar dhíbh. 9 Ní chualamur re triochat bliadhan sgéla bu mó a n-Érinn iná sin. An 10 lá don Mharta. An donenn co síorruidhe ann agus ferg Dé gan amharus ris na daoine. Apl. 5 1744. Cogadh anos tar és Síth 31 bliadhain, deir Rí Franc agus Rígh Saxan. Cogadh an mesa linn, cogadh Dé ans a n-aimsir fhuair, shiocach, shnechtach so. 9 scóir agus 3 húin anos beirthidh agom. Cogadh a n-aghaidh Rí Franc d'fhuagairt a Lonndain an 31 lá don Mharta 1744. Dob fherr leam go mbet
fhios agom ga críoch rachus air. agus dob édir gurab mó an buairedh chuir
edh a f
ios orm iná an aoibh. Eagla orm gurab amhlaidh thuites amach. Aimsir dhonennta í so. Bealtine 6. Sen-photátaidhe Thoird
ealghach Uí Néill dá saothrughadh aniú. Bealtuine 8. Rí Franc d'fhuagairt cogaidh air thoigh na hAustria agus saoiltear nach bhfuil ansin acht béim sgeithe chum síothchána. Beltine 18. An Fhrainc anos na fód crithe, ó bheith na bérnaigh baoighil ag an chuid as mó don Eoraip sealad ro gherr ó choin, agus sin (mur mesdar) ó mhí-thapacht na gcomhairlech taoi anois ag stiúradh na Fraince. Iun. 3. Sémus Mac Dhiarmada Ruaidh Mac B
riain Mac Eoghain Bhuid
e d'fhagháil bháis aniú, agus a chur a mbaile an Tobair, Diardaoin dár gcionn. -9. Obair 12 sledhán don mhóin baintidh aniú. Iune. 14. 23 sledhán mónadh bainte anocht anso, agus deredh léthe. 102. Iuil 13 1744. Aimsir ro fhleoch í so re cogthithis. An mhóin dá cruachadh aniú.
Aug. 6 1744. Toisiughadh aniú re cur na mónadh abhaile. Sep. 1. Donenn as díobhálaidh
chonairc misi san am so don bhliadhain riamh, re gaoith mhóir, re fearthain, re sget
arbhanna agus gach uile b
reis eile, ar fed míosa gan chlaochlódh. September 4. Anos taoi coirce na tíre dá bhuain tar és a sceth. An fér tirm gan tógbháil. -13. Síor-fhleochrus ó Aug. 6, agus tuilte uathbhásacha amuich. Gan duilledh ar chrann ón ngaoith ruaidh, amhail ar lár an ghemhridh. October 20. Aon tsíor-fhleochrus nach bhfacaidh mesi a chomóradh riamh, ó thosach August. Nov. 3. An donenn agus an fherrthain gach lá a médiughadh. -19. Mé tar és tuillemhain as Sligech agus Druim Cliabh agus an donenn a gcomhnuid
e ar bun. Dec. 1. Sonenn agus triomach re linn an tseca so bhí aguinn re secht lá, agus ferrthain shíorruidhe re ceithre mhí roimhe; agus anos an chuid as mó d'fhér agus do mhóin na tíre dhá cur abhaile. Ní ro iongantach. Ian. 24 1774-5. Snechta na nímhe, agus an chéd lá don Mharta, snechta na nemhe ele os a chionn. D'fhas écc díobhálach ar chethra an Lethe Thuaidh, agus gorta ar a fedh. An snechta sin secht sechtmhuine ar a talamh. Marta 20. An dá lá so teth agus aoibhinn tar és donenn agus fleochrus síorruid
e ón ochtmhadh lá do August alé; agus ón Marta 1744 gus an Marta so 1745, an bhliadhain bu lud
bláth agus mes agus degh-aimsir chonairc aon beo, agus, dár ndóich, ní fac
as a samhail ele riamh gus an lá so. Mai 14. Re níos mó ná bliadhain, an aimsir fhuar, dhonennta, ghaothach, agus síor-fhleoch, sa gcruth gur fhás gorta fri urmhór Érenn, agus gur mharbh trian do chethra an oiléin. Mai 16. An lá as flithe, fuaire, anfadhaighe, chonairc sinn san am so riamh, agus liath mór aniú. Iune 5 1745. A dtáinic don tsamhradh so, na láithe as flithe, fuaire, gaoithid
e, chonairc aon a n-Érinn riamh fón am so, a gcruth nach bhfuil duilleamh ar chrann, ná fér as talamh, ná mórán geamhair a ngort, ón tsíor-fhleochrus agus ón tsíor-fhuacht. Gabhaim Dia do bhurant. Gorta mhór anos re deich sechtmhuine a Leth Cuinn, agus lethchoróin ar fiche minedh, agus dith m
ór bainne agus an-luinn. 95b. Iun 5 1745. Lá fuar anfach, mur gach lá re cúig ráithe. Teirce bidh, lachta, feoir agus duillimh san taobh so thuaidh, agus an ghorta níos diabhalaighe anos ná san tsamhradh 1741, agus Ére uile dhá bagairt ris an mbrethamhnas gcéadhna. An cogadh níos mó fri thinidh ar fud na hEorpa ná riamh. Rí na
Fraince na mhaghistir ar chuid mhór don Tallamh Iachtair tar és an chatha mhóir dhedhionaigh, an a rug buaidhe for Shaxanaigh, agus Plemenigh agus Germáinnidh. Dominic Ua Duibhgennáin, Senóir Chloinne Gaodhal, d'fhagháil bháis ar a tsecht-mhuin so. Bu hé sin mh'oide san Scuit-Bhérla, agus bu duine cráifech, agus trócaire dha anmoin. Amen. Iuil 1 1745. Críoch ris an Mhí Mhedhain as flithe agus as fuaire facas a nÉrinn, agus í ar a fedh gan creabhar, gan félecán, gan teasbhach. Iuil 28. An ghorta go sedh ar bun, gan grainne foghmhair, eorna ná potáta, agus gan greim anos aráin a nÉrinn acht mur tháinic tar muir. Sgél as iongantaighe ar bith sin. Aug. 17 1745. Liath agus tuile uathbhásach amuich. Donenn shíorruid
e re bliadhain sa lá ané, as thimcheall 14 lá dhég a mí Iuil. An fic
e minedh eorna go sedh ar trí p
ighinn décc, agus an g
orta ar bun. Dár ndóich, ní fhacaidh Éire riamh a samhail sin do bhliadhain. Sep. 2 1745. Aimsir againn re naoi lá an ar chedaigh Dia dhúinn eorna agus fér do thógbháil. Toisiughadh ris a móin do tharrainn aniú dhamh, mí nó dhá mhí níos dédhionaighe ná bu gnáth'. Sep. 12 1745. Gan grainne coirce aipidh sa tír go sedh, ní nach bhfacas sa tír so riamh roimhe. Sep. 22 1745. Aimsir ro bhredha. Gidheadh, gan ní ar bith don choirce ar fiú a luadh bainte. Mac Mic Rígh Sémuis anos a n-Albain ag buaidhirt na dtrí ríoghacht. Níl fhios nach amhlaidh as férr. M'inghen díles san ngalar bhrec. Fó choimridh Dé dhí agus dhúinn. Ámen. Sep. 29. Samhradh na bliadhna go leith so re trí sechtmhuine. October 29. Bliadhain ro fhleoch, ro thubaisdech, d'Érinn í so. Cuid don arbhur dá bhuain, cuid lob
tha ar sraith, agus an chuid eile go bunáitech amuich ar na connlaidhe. Nou. 23. Doinenn mhór sheca agus shnechta agus g
aoithe agus f
errthonna re naoi lá. Dec. 6. Aimsir mhaith anos re sechtmhuin acht a bheg. Gan d'fhagháil damh as 17 mbairille coirce acht 50 fic
e minedh. Carolus Stibhard anos a Saxoibh. Ní fidir fós ga críoch rachus ar 96 a ghnothaidhe. Do réir gach uile chosamh-lacht as críoch í ré sgriosfidhther é fén agus gach neach dár ghabh ris. An mhin caithidh aniú Gen. 1 1746. Feb. 14 1745-6. Aimsir mhaith. An Stibhardach do dhíbeirt astech go Gaodhal-tacht na hAlban a mesg na sléibhte, agus an chuid as mó dhá mhuintir do imthecht uadha. Ag sin drithle d
édhionach do choindil taoi dol as re trí fichitt blíadhain, mur dtoirmiosgan Dia. Marta 31, Luan Casg 1746. Buairedh anocht orm faoi gan fhios agom ga ní tá na hAlbanaigh dhénamh fón am so, ga treisi nó mí-threisi d'éirigh dháibh re secht-mhuin
nó an críoch ar a gcogadh catharrdha so. An Marta is ferr a chonnairc sinn re secht mbliadhna againn a mbliadhna. An sighin so go bhfuil rath éigin a ndán dona tírrtha bochta so? Nó an ní do thuit amach a gcúrsa gnáthach na gcethar-dhul? Glóir do Dhia sgach uile ni. Cogadh edir Rí Saxan agus Rígh Franc re dhá bhliadhain sa lá aniú, agus é na chogadh the ar gach taobh. Buaidhe go sedh ag an bhFrancach. An 18 lá don Oibrén. Aimsir ro aoibhinn re mí. Mé faoi chéibh ó gach sgél dá gcluinim. Cuid dom dhith céille. An giúsdís dhá innsin dhúinn sechtmhuin sa lá aniú go ndechaidh an cogadh catharrdha go huile a n-aghaidh na n-Albanach. Más fíor so as amhlaidh as ferr é. Mai 3 17(4)6. Aimsir ro mhaith agus na hAlbanaigh buailtidh ar dubh ón 16 lá don Oibrén, amhail tharrnghair mé. Mai 24. Toisliughadh ris a móin aniú dhamh. Triomach agus tesbhach mór aniú agus re tri sechtmhuine. Dár ndóich, taoi buille mór éigín buailtidh san Eoraip, ag scríbhadh na mbriathar so dhamh. Críoch bhunaidh ar Cogadh Catharrdha na hAlban. Iuil 13. Fleochrus dí-mhór ré mí, a mhill a lán, agus chuir moill mhór ar an bhfómhar. An Talamh Iachtair acht a beg gab
thaidh ag an bhFrancach. Iuil 22. Fleochrus mór a gcomhnuidhe. Aug. 16 1746. Toisiughadh ris a móin aniú dhamh. Aimsir mhaith, glóir do Dhia. Aug. 21. An mhóin sa mbaile go balach re haimsir mhaith. Glóir do Dhia. Amen. 96b Aug. 27 1746. Misi faoi chéibh, glóir do Dhia, agus ga bhfuil lá nach bhfuilim. An foghmhur níos ferr go mór na bu gnáthach. Sep. 12 1746. Tuilte úathbhásacha amuich, agus an foghmhur a meth ar na conlaidhe. Aug. 15 1747. Deredh na mónadh sa mbaile. An chogthighis so chuaidh thoruinn an aimsir as teodha bhí aguinn re fiche bliadhan, dob édir. Bergen op Zoom anos dá toghail. Bu mhaith lem fhios do bheith agom ar thréig nó ar ghabh na Francaigh. 10 Aug. 17 1747. Toisiughadh ar bhuain an c
oirce an lá sin, agus coirce Érenn anos buaintidh. Aug. 28. An foghmhur as teodha agus as trioma aoibhne, dár ndóich, chonairc Ére riamh. Sep. 13. Deredh mónadh, féir, agus arbha sa mbaile anocht. Ian. 23. 1748. Ferrthain aniú, agus triomach mór re sé sechtmhuine roimhe, a gcruth nach bhfacas, dár ndóich, a n-Érinn a riamh a shamhail ele fón am sin.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services