Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Dhá Leabhar Nótaí

Title
Dhá Leabhar Nótaí
Author(s)
Ó Conchubhair, Cathal,
Compiler/Editor
Ní Chinnéide, Síle
Composition Date
1742
Publisher
(Gaillimh: Cumann Seandáluíochta is Staire na Gaillimhe, 1955)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



AN DIALANN.



100b Meabhair síosana ar nethe sunradhach ón deaichmheadh lá so do Mhí na
bhFaoilte 1741-2.



Feb. 10 1742 Toisiughadh aniú damh ar coraidheacht coirce. Sonenn
síorruidhe aimsire agus gorta agus ég adhbhal-mhór daoine sa mbliadhain sin
1741 chuaidh thorainn a gcruth nach bhfacaidh aon a let<h>ed ele re níos
mó ná cétt bliadhan.



An treas lá don Mhí so. Sir Robert Walpole, Árd-stiúrthóir agus Rígh-
chomharba na ttrí ríoghacht so agus mórán tírrtha eie, do chur as a
fhlaitheas tré chumhacht a náimhde agus tré olc na ttirrtha dhó ar chena.
Agus níl fhios god a dhénfas Rígh Seórsa dhó rena chúmhdach ar díchennadh,
etc. Quod supra nos, nil ad nos. Ba maith a ré dona Catoligidh bhochta
agus go gcuidigh<idh> a mbennacht tris. 4



An Marta 9 41-2. Bairille mór potátaidhe cuirthidh agus 11 acra d<h>ég
coirce. Earrach ro aoibhinn re 20 lá.



Dia Luain, Marta 16 1741-2. An mac as férr bhí riamh agom d'fhaghail
b<h>áis san ló sin .i. Marcus Ó Conchabhair. Glóir dhuit, a Dhé, agus
grása dhon phecach so. 5



Dia hAoine, an 19 la. 15 acra dhég treabhthaidh chum coirce anocht agus
ní mór nach é sin deired<h> coraidheacht na bliadhna so; agus deireadh na
bpotátaidhe cuirthidh fós anocht.



Dia hAoine, Marta 26 1742. Mo bhráthair agus mo dherb<h>ráthair ionmhuin,
Con (n) Ó Conchabhair, mac Taidhg mac Cathail, d'fhagháil bháis a ttús
a ratha agus óige. 'Smór gach uile thom acu so, a Thighearna! 6



Apl. 9. Bairille bracha do théighedh aniú dhamh.



Mai 6 1742. Triomach síorruidhe re aon tsechtmhain décc gus aniú, ro
thoisig ferrthoin throm agus é cho mór ris a triomach a n-oraid<h> agus
aroimh a n-oraidh ar fedh an seal do mhair.



Iune 15. An triomach síorruidhe gus sedh, agus teasbhach mór.



Fél Eoin Baisdedh aniú, Diardaoin. Eorna mhór baintidh aniú sa tír agus
potátaidhe úra d'ithe aníu dhamh.


L. 36


Iuil 3. Aon duisín décc dighe a mbuidéil anos agom.



- 4. Redhtech aniú dhamh re Andrias Ó Buceinn faoi bhalla na
Camchlunach ar 8 mboinn an persa.



- 5. Dechmhadh shuidhechan re Dominic re Páttraicc Ua hAinlidhe ar
she sgillinne agus punta.



Iuil 7 1742. Ollann na n-ún do dhíol ar 4s. 8d. an chloch. 10
bpighinne d'érlis do gh<l>acadh.



Iuil 17. Deredh na mónadh sa mbaile anocht.



- 19. Fleochras mór le trí lá; níos mó ná bhí aguinn ón dechmheadh lá
d'errach.



22. An eorna dhá buain aniú.



Aug. 13. Triomach níos mó ná an triomach a n-oraidh, agus tesmhach
dí-mhór ó thosach na míosa so. An eorna dhá cur abhaile agus an
chruithnecht aipidh.



Sept. 2. Ferrthain do thoisiughadh tar éis an triomaigh mhóir sin.



- 13. Begán léithe areidhir, ní nach bhfacamur re begnach trí ráithe
roimhe.



- 27. Triomach mór d'éis na ferrthonna sin anuas. 101.



Dia Sathairnn, 8bris 2 1742. Ferrthain mhór go tar és an mhedhón laoi.
Anfa mór gaoithe na deoidh, gur fúadaighedh urmhór toighthe agus arbhanta
Érann.



Ag sin críoch ar a triomach is mó bhí a n-Érinn re céd bliadhan .i.
triomach thrí mbliadhan.



Dec. 2 1742. Ceithre bhairille lenna do thonnad<h> aniú. Sioc agus
snechta go bunáitech re cogthighis.



Genair 6 1742-3. Triomach iongantach gan deor ar torrlach, ná tuile ar
sruth go ttáinic donenn re 10 lá agus liath na cuidecht.



- 12 don mhí cheadna. Crúach an tsen-choirce do chur astech aniú
dhamh.



An 16 lá do Mhí na bhFaoilte 1742-3. Cruithnecht agus coirce do chur
anédh dhamh, agus gan toisiughadh gus sin.



Marta 9 1742/3. Donenn ó thosach na miosa agus roimhe. Fuacht agus
snechta mór aniú.



- 25. Sioc agus snechta gus so.



Apl. 1 1743. Trí b. coirce do Uilliam R. Ó Chorrnín. Donenn, gaoth
mhór, ferrthain, snechta, go laethamhail, agus go háirighe ó thosach co
deiredh an Mharta.



April 23 1743. Mí ro fhleoch agus tuile ro mhór amuich anos, agus donenn
agus fleochras ó Mhiadhlaic Bheig anuas.



Mai 30. An mhí go bunáitech na triomach.



Iune 15. Fleochrus, galair, agus aicídeacha amuich go coitchinn. Meisi
tinn a mesg cáich. Obair 29 sledhán mónadh bainte, agus 100 fer do
thuitim léthe.



Iune 16. Cath mór san nGermáin aniú edir Rígh Saxan agus na
Francaidh, inar buailedh na Francaigh, mur bu gnáth dháibh a ngach uile
bhrisedh re bliadhain co leith. 7.


L. 37


Aug. 10. Ferthain shíorruid<h>e re sé sechtmhuine, ro mhill mórán faoi
fherrtha agus arbhanna.



Aug. 16. Toisiughadh aniú ris a móin damh a n-aimsir mhaith thirim.



Aug. 22. Deredh na mónadh sa mbaile anocht re soneinn mhaith.



Sept. 13. Aimsir ro mhaith ag feoir agus arbhanna, tar éis na ferrthonna.
Deiredh buana an fhéir agus an chruithnecht re buain aniú.



Oct. 6 1743. An aimsir aoibhinn bhí ann re mí do bhrisedh aniú chum
ferrthonna. Níorb<h> fédir foghmhar ní bus férr ag gach uile ní.



101b. Ian. 12 1743-4. An geimhredh as férr agus as aicídigh<e>
chonairciomar ariamh.



Feb. 1. Rélta iongantach san gcethramhain shiar, agus erball fada
siolleach as suas. 8.



-11. Potátaidhe dhá gcur aniú agom.



Feb. 29 '43-4. Anfa mhilltech agus gaoth mhór re dhá lá ar muir agus ar
tír, agus uilc mhóra do dhénamh sgach uile áit. Buadhairt ro mhóra anos a
Saxai agus a nÉrinn faoi chobhlach na Fraince taoi ar Muir n-Icht.
Dubhadh mór ar bégán ferrthonna.



Fógra do chur amach anéidh ó ghiúsdís na hÉrenn gabhail chur go coitchinn
ar Eglais Romhánach Érenn, agus luach saoithir mór as gach aon
g<h>eb<h>tar dhíbh. 9 Ní chualamur re triochat bliadhan sgéla bu mó a
n-Érinn iná sin.



An 10 lá don Mharta. An donenn co síorruidhe ann agus ferg Dé gan amharus
ris na daoine.



Apl. 5 1744. Cogadh anos tar és Síth 31 bliadhain, deir Rí Franc agus
Rígh Saxan. Cogadh an mesa linn, cogadh Dé ans a n-aimsir fhuair,
shiocach, shnechtach so. 9 scóir agus 3 húin anos beirthidh agom.
Cogadh a n-aghaidh Rí Franc d'fhuagairt a Lonndain an 31 lá don
Mharta 1744. Dob fherr leam go mbet<h> fhios agom ga críoch rachus air.
agus dob édir gurab mó an buairedh chuir<f>edh a f<h>ios orm iná an aoibh.
Eagla orm gurab amhlaidh thuites amach. Aimsir dhonennta í so.



Bealtine 6. Sen-photátaidhe Thoird<h>ealghach Uí Néill dá saothrughadh
aniú.



Bealtuine 8. Rí Franc d'fhuagairt cogaidh air thoigh na hAustria
agus saoiltear nach bhfuil ansin acht béim sgeithe chum síothchána.



Beltine 18. An Fhrainc anos na fód crithe, ó bheith na bérnaigh
baoighil ag an chuid as mó don Eoraip sealad ro gherr ó choin, agus sin
(mur mesdar) ó mhí-thapacht na gcomhairlech taoi anois ag stiúradh na
Fraince.



Iun. 3. Sémus Mac Dhiarmada Ruaidh Mac B<h>riain Mac Eoghain Bhuid<h>e
d'fhagháil bháis aniú, agus a chur a mbaile an Tobair, Diardaoin dár
gcionn.



-9. Obair 12 sledhán don mhóin baintidh aniú.



Iune. 14. 23 sledhán mónadh bainte anocht anso, agus deredh léthe.



102. Iuil 13 1744. Aimsir ro fhleoch í so re cogthithis. An mhóin dá
cruachadh aniú.


L. 38


Aug. 6 1744. Toisiughadh aniú re cur na mónadh abhaile.



Sep. 1. Donenn as díobhálaidh<e> chonairc misi san am so don bhliadhain
riamh, re gaoith mhóir, re fearthain, re sget<h> arbhanna agus gach uile
b<h>reis eile, ar fed míosa gan chlaochlódh.



September 4. Anos taoi coirce na tíre dá bhuain tar és a sceth. An fér
tirm gan tógbháil.



-13. Síor-fhleochrus ó Aug. 6, agus tuilte uathbhásacha amuich. Gan
duilledh ar chrann ón ngaoith ruaidh, amhail ar lár an ghemhridh.



October 20. Aon tsíor-fhleochrus nach bhfacaidh mesi a chomóradh riamh,
ó thosach August.



Nov. 3. An donenn agus an fherrthain gach lá a médiughadh.



-19. Mé tar és tuillemhain as Sligech agus Druim Cliabh agus an
donenn a gcomhnuid<h>e ar bun.



Dec. 1. Sonenn agus triomach re linn an tseca so bhí aguinn re secht lá,
agus ferrthain shíorruidhe re ceithre mhí roimhe; agus anos an chuid as mó
d'fhér agus do mhóin na tíre dhá cur abhaile. Ní ro iongantach.



Ian. 24 1774-5. Snechta na nímhe, agus an chéd lá don Mharta, snechta na
nemhe ele os a chionn. D'fhas écc díobhálach ar chethra an Lethe
Thuaidh, agus gorta ar a fedh. An snechta sin secht sechtmhuine ar a talamh.



Marta 20. An dá lá so teth agus aoibhinn tar és donenn agus fleochrus
síorruid<h>e ón ochtmhadh lá do August alé; agus ón Marta 1744 gus an
Marta so 1745, an bhliadhain bu lud<h> bláth agus mes agus degh-aimsir
chonairc aon beo, agus, dár ndóich, ní fac<th>as a samhail ele riamh
gus an lá so.



Mai 14. Re níos mó ná bliadhain, an aimsir fhuar, dhonennta, ghaothach,
agus síor-fhleoch, sa gcruth gur fhás gorta fri urmhór Érenn, agus gur
mharbh trian do chethra an oiléin.



Mai 16. An lá as flithe, fuaire, anfadhaighe, chonairc sinn san am so
riamh, agus liath mór aniú.



Iune 5 1745. A dtáinic don tsamhradh so, na láithe as flithe, fuaire,
gaoithid<h>e, chonairc aon a n-Érinn riamh fón am so, a gcruth nach
bhfuil duilleamh ar chrann, ná fér as talamh, ná mórán geamhair a ngort,
ón tsíor-fhleochrus agus ón tsíor-fhuacht. Gabhaim Dia do bhurant.
Gorta mhór anos re deich sechtmhuine a Leth Cuinn, agus lethchoróin ar
fiche minedh, agus dith m<h>ór bainne agus an-luinn.



95b. Iun 5 1745. Lá fuar anfach, mur gach lá re cúig ráithe. Teirce
bidh, lachta, feoir agus duillimh san taobh so thuaidh, agus an ghorta níos
diabhalaighe anos ná san tsamhradh 1741, agus Ére uile dhá bagairt ris
an mbrethamhnas gcéadhna. An cogadh níos mó fri thinidh ar fud na hEorpa
ná riamh. Rí na


L. 39


Fraince na mhaghistir ar chuid mhór don Tallamh Iachtair tar és an
chatha mhóir dhedhionaigh, an a rug buaidhe for Shaxanaigh, agus Plemenigh
agus Germáinnidh. Dominic Ua Duibhgennáin, Senóir Chloinne Gaodhal,
d'fhagháil bháis ar a tsecht-mhuin so. Bu hé sin mh'oide san
Scuit-Bhérla, agus bu duine cráifech, agus trócaire dha anmoin. Amen.



Iuil 1 1745. Críoch ris an Mhí Mhedhain as flithe agus as fuaire facas a
nÉrinn, agus í ar a fedh gan creabhar, gan félecán, gan teasbhach.



Iuil 28. An ghorta go sedh ar bun, gan grainne foghmhair, eorna ná
potáta, agus gan greim anos aráin a nÉrinn acht mur tháinic tar muir.
Sgél as iongantaighe ar bith sin.



Aug. 17 1745. Liath agus tuile uathbhásach amuich. Donenn shíorruid<h>e
re bliadhain sa lá ané, as thimcheall 14 lá dhég a mí Iuil. An fic<h>e
minedh eorna go sedh ar trí p<h>ighinn décc, agus an g<h>orta ar bun. Dár
ndóich, ní fhacaidh Éire riamh a samhail sin do bhliadhain.



Sep. 2 1745. Aimsir againn re naoi lá an ar chedaigh Dia dhúinn eorna
agus fér do thógbháil. Toisiughadh ris a móin do tharrainn aniú dhamh, mí
nó dhá mhí níos dédhionaighe ná bu gnáth'.



Sep. 12 1745. Gan grainne coirce aipidh sa tír go sedh, ní nach bhfacas
sa tír so riamh roimhe.



Sep. 22 1745. Aimsir ro bhredha. Gidheadh, gan ní ar bith don choirce ar
fiú a luadh bainte. Mac Mic Rígh Sémuis anos a n-Albain ag buaidhirt na
dtrí ríoghacht. Níl fhios nach amhlaidh as férr. M'inghen díles san ngalar
bhrec. Fó choimridh Dé dhí agus dhúinn. Ámen.



Sep. 29. Samhradh na bliadhna go leith so re trí sechtmhuine.



October 29. Bliadhain ro fhleoch, ro thubaisdech, d'Érinn í so. Cuid
don arbhur dá bhuain, cuid lob<h>tha ar sraith, agus an chuid eile go
bunáitech amuich ar na connlaidhe.



Nou. 23. Doinenn mhór sheca agus shnechta agus g<h>aoithe agus
f<h>errthonna re naoi lá.



Dec. 6. Aimsir mhaith anos re sechtmhuin acht a bheg. Gan d'fhagháil
damh as 17 mbairille coirce acht 50 fic<h>e minedh. Carolus Stibhard
anos a Saxoibh. Ní fidir fós ga críoch rachus ar 96 a ghnothaidhe. Do
réir gach uile chosamh-lacht as críoch í ré sgriosfidhther é fén agus gach
neach dár ghabh ris.



An mhin caithidh aniú Gen. 1 1746.



Feb. 14 1745-6. Aimsir mhaith. An Stibhardach do dhíbeirt astech go
Gaodhal-tacht na hAlban a mesg na sléibhte, agus an chuid as mó dhá
mhuintir do imthecht uadha. Ag sin drithle d<h>édhionach do choindil taoi
dol as re trí fichitt blíadhain, mur dtoirmiosgan Dia.



Marta 31, Luan Casg 1746. Buairedh anocht orm faoi gan fhios agom ga ní
tá na hAlbanaigh dhénamh fón am so, ga treisi nó mí-threisi d'éirigh
dháibh re secht-mhuin


L. 40


nó an críoch ar a gcogadh catharrdha so. An Marta is ferr a chonnairc sinn
re secht mbliadhna againn a mbliadhna. An sighin so go bhfuil rath éigin
a ndán dona tírrtha bochta so? Nó an ní do thuit amach a gcúrsa gnáthach
na gcethar-dhul? Glóir do Dhia sgach uile ni. Cogadh edir Rí Saxan
agus Rígh Franc re dhá bhliadhain sa lá aniú, agus é na chogadh the ar
gach taobh. Buaidhe go sedh ag an bhFrancach.



An 18 lá don Oibrén. Aimsir ro aoibhinn re mí. Mé faoi chéibh ó gach
sgél dá gcluinim. Cuid dom dhith céille. An giúsdís dhá innsin dhúinn
sechtmhuin sa lá aniú go ndechaidh an cogadh catharrdha go huile a
n-aghaidh na n-Albanach. Más fíor so as amhlaidh as ferr é.



Mai 3 17(4)6. Aimsir ro mhaith agus na hAlbanaigh buailtidh ar dubh ón
16 lá don Oibrén, amhail tharrnghair mé.



Mai 24. Toisliughadh ris a móin aniú dhamh. Triomach agus tesbhach mór
aniú agus re tri sechtmhuine. Dár ndóich, taoi buille mór éigín buailtidh
san Eoraip, ag scríbhadh na mbriathar so dhamh. Críoch bhunaidh ar Cogadh
Catharrdha na hAlban.



Iuil 13. Fleochrus dí-mhór ré mí, a mhill a lán, agus chuir moill mhór
ar an bhfómhar. An Talamh Iachtair acht a beg gab<h>thaidh ag an
bhFrancach.



Iuil 22. Fleochrus mór a gcomhnuidhe.



Aug. 16 1746. Toisiughadh ris a móin aniú dhamh. Aimsir mhaith, glóir do
Dhia.



Aug. 21. An mhóin sa mbaile go balach re haimsir mhaith. Glóir do
Dhia. Amen. 96b



Aug. 27 1746. Misi faoi chéibh, glóir do Dhia, agus ga bhfuil lá nach
bhfuilim. An foghmhur níos ferr go mór na bu gnáthach.



Sep. 12 1746. Tuilte úathbhásacha amuich, agus an foghmhur a meth ar na
conlaidhe.



Aug. 15 1747. Deredh na mónadh sa mbaile. An chogthighis so chuaidh
thoruinn an aimsir as teodha bhí aguinn re fiche bliadhan, dob édir.
Bergen op Zoom anos dá toghail. Bu mhaith lem fhios do bheith agom ar
thréig nó ar ghabh na Francaigh. 10



Aug. 17 1747. Toisiughadh ar bhuain an c<h>oirce an lá sin, agus coirce
Érenn anos buaintidh.



Aug. 28. An foghmhur as teodha agus as trioma aoibhne, dár ndóich,
chonairc Ére riamh.



Sep. 13. Deredh mónadh, féir, agus arbha sa mbaile anocht.



Ian. 23. 1748. Ferrthain aniú, agus triomach mór re sé sechtmhuine
roimhe, a gcruth nach bhfacas, dár ndóich, a n-Érinn a riamh a
shamhail ele fón am sin.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services