Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
An tAthair Eóghan Ó Caoimh: A Bheatha agus a Shaothar
Title
An tAthair Eóghan Ó Caoimh: A Bheatha agus a Shaothar
Author(s)
Tórna,
Pen Name
Tórna
Composition Date
1913
Publisher
Association of Modern-Irish Studies
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
AN tATHAIR EÓGHAN Ó CAOIMH: A BHEATHA AGUS A SHAOTHAR. III. — AN tATHAIR EÓIN BAISTE MAC SLEIGHNE 1 Do bhí dlúthmhuinnteardhas idir Eóghan agus an tAthair Eóin Baiste Mac Sleighne, Dochtúir san Diadhacht, agus Easpog Chorcaighe agus Chluana agus Ruis. 2 Na hamhráin do cheap Eóghan dó agus na leabhair Ghaedhilge do scríobh ar a fhuláireamh tespeánaid siad an méid sin dúinn. Cuirfam na hamhráin i gcló annso agus gach aon tuairisc ar na leabhraibh atá faghta againn go dtí so. Ní healadha dhúinn cunntas fada a scríobhadh ar bheatha an Athar Eóin Baiste Mac Sleighne, Tá a lán mar gheall air le fagháil i leabhraibh atá i gcló 1 cheana féin. Bhí sé ina Ollamh re Diadhacht san Róimh, agus tá fiadhnaise Eóghain Uí Chaoimh againn air gur thug sé tamall maith annsoin ag múineadh na Diadhachta sarar deineadh easpog de, agus gur tháinig sé thar n-ais go hÉirinn. I mbliadhain a 1693 do hóirdneadh ina easpog é. Ní fuláir gan a dhearmhad gur bh'é sin aimsir na géirleanamhna agus na “reachta pianamhla” ar Chaitlicíbh na hÉireann. Ba dheacair do shagart teacht go hÉirinn a coigcríochaibh an uair sin, agus ba dheacra 'ná soin dó maireachtain ann dá n-éirgheadh leis teacht i dtír. Ní túisce tháinig an tAthair Eóin Baiste Mac Sleighne go hÉirinn ná gur tógadh an tóir n-a dhiaidh. I mbliadhain a 1697 do rugadh air agus do cuireadh i bpríosún i gCorcaigh é. Do bhítheas chun é chur chun báis, acht, ar chúinnse éigin, níor deineadh soin. Ina ionad is amhla cuireadh an loch amach é, i mbád beag guagach, i dtosach na bliadhna 1702. D'éirigh leis teacht i dtír sa Phortinghéil, mar ar shrois sé ionad cothuighthe is comhnuidhthe. Fuair sé cuireadh go dtí 1 Chítear “Sleidhne” nó “Sleibhne” nó “Sleimhne” mar leitriú ar an sloinne sin uaireanta. 2 Féachtar a bhfuil scríobhtha mar gheall air san “Journal of the Cork Historical and Archaeological Society.” Vol. ii. pp. 199-200 (1893) agus Vol. iii., p. 355 (1894); “Episcopal Succession,” W. Maziere Brady, pp. 92 seq. Agus aiste a scríobh Fr. Reginald Walsh san “Irish Ecclesiastical Record,” Sept. 1906.
Clochar Buon Successo, láimh le Liosbóin, agus san áit sin iseadh fuair sé bás i mbliadhain a 1712. An fhaid a bhí sé ina easpog i nÉirinn thugadh sé gach congnamh do b'fhéidir leis don léigheann dúthchais. Bhí anachuid daoine ag aithscríobhadh leabhar Gaedhilge dhó. Bíodh a fhiadhnaise sin ar an Athair Conchubhar Mac Cairteáin. San réamhrádh do Harcantius 1 deir sé: “Is lánmhar an chomaoin do chuir ar an gcreideamh, agus ar a theanga dhúthchais (an Ghaoidheilge) ceann feadhna cráibhtheach na cléire, .i. Eóin Baiste mac Sleidhne Cluana agus Rois, óir níor fhágaibh sé aoinleabhar Gaedhilge dá bhfuair i Leath Mogha gan a gcur uile dá n-aithscríobhadh ar a chostas féin; agus mar aithris ar an easbog onóireach sin, agus chun fíorughadh an tseanfhocail seo, .i. “is le cion agus le honóir oiltear na healadhna” is iomdha comaoin maille re bronna óir agus airgid tug an Ridire ro-uasal, Séamus Mac Coitir d'éigsibh agus d'ughdaraibh Gaedhilge.” Sidé an chéad amhrán de chuid Eóghain Uí Chaoimh ar bhraighdeanas agus ar ionnarbadh an Athar Eóin Baiste Mhic Sleighne.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services