AN tATHAIR EÓGHAN Ó CAOIMH:
A BHEATHA AGUS A SHAOTHAR.
III. — AN tATHAIR EÓIN BAISTE MAC SLEIGHNE 1
Do bhí dlúthmhuinnteardhas idir Eóghan agus an tAthair Eóin
Baiste Mac Sleighne, Dochtúir san Diadhacht, agus Easpog Chorcaighe
agus Chluana agus Ruis. 2 Na hamhráin do cheap Eóghan dó agus na
leabhair Ghaedhilge do scríobh ar a fhuláireamh tespeánaid siad an méid
sin dúinn. Cuirfam na hamhráin i gcló annso agus gach aon
tuairisc ar na leabhraibh atá faghta againn go dtí so.
Ní healadha dhúinn cunntas fada a scríobhadh ar bheatha an Athar
Eóin Baiste Mac Sleighne, Tá a lán mar gheall air le fagháil i
leabhraibh atá i gcló 1 cheana féin.
Bhí sé ina Ollamh re Diadhacht san Róimh, agus tá fiadhnaise Eóghain
Uí Chaoimh againn air gur thug sé tamall maith annsoin ag múineadh
na Diadhachta sarar deineadh easpog de, agus gur tháinig sé thar
n-ais go hÉirinn. I mbliadhain a 1693 do hóirdneadh ina easpog é.
Ní fuláir gan a dhearmhad gur bh'é sin aimsir na géirleanamhna
agus na “reachta pianamhla” ar Chaitlicíbh na hÉireann. Ba
dheacair do shagart teacht go hÉirinn a coigcríochaibh an uair sin,
agus ba dheacra 'ná soin dó maireachtain ann dá n-éirgheadh leis
teacht i dtír. Ní túisce tháinig an tAthair Eóin Baiste Mac Sleighne
go hÉirinn ná gur tógadh an tóir n-a dhiaidh. I mbliadhain a 1697
do rugadh air agus do cuireadh i bpríosún i gCorcaigh é. Do bhítheas
chun é chur chun báis, acht, ar chúinnse éigin, níor deineadh soin. Ina
ionad is amhla cuireadh an loch amach é, i mbád beag guagach, i dtosach
na bliadhna 1702. D'éirigh leis teacht i dtír sa Phortinghéil, mar
ar shrois sé ionad cothuighthe is comhnuidhthe. Fuair sé cuireadh go dtí
1 Chítear “Sleidhne” nó “Sleibhne” nó “Sleimhne” mar leitriú ar an
sloinne sin uaireanta.
2 Féachtar a bhfuil scríobhtha mar gheall air san “Journal of the Cork
Historical and Archaeological Society.” Vol. ii. pp. 199-200 (1893) agus
Vol. iii., p. 355 (1894); “Episcopal Succession,” W. Maziere Brady, pp. 92
seq. Agus aiste a scríobh Fr. Reginald Walsh san “Irish Ecclesiastical
Record,” Sept. 1906.
Clochar Buon Successo, láimh le Liosbóin, agus san áit sin iseadh
fuair sé bás i mbliadhain a 1712.
An fhaid a bhí sé ina easpog i nÉirinn thugadh sé gach congnamh do
b'fhéidir leis don léigheann dúthchais. Bhí anachuid daoine ag
aithscríobhadh leabhar Gaedhilge dhó. Bíodh a fhiadhnaise sin ar an
Athair Conchubhar Mac Cairteáin. San réamhrádh do Harcantius 1
deir sé: “Is lánmhar an chomaoin do chuir ar an gcreideamh, agus
ar a theanga dhúthchais (an Ghaoidheilge) ceann feadhna cráibhtheach na
cléire, .i. Eóin Baiste mac Sleidhne Cluana agus Rois, óir níor
fhágaibh sé aoinleabhar Gaedhilge dá bhfuair i Leath Mogha gan a gcur
uile dá n-aithscríobhadh ar a chostas féin; agus mar aithris ar an
easbog onóireach sin, agus chun fíorughadh an tseanfhocail seo, .i.
“is le cion agus le honóir oiltear na healadhna” is iomdha comaoin
maille re bronna óir agus airgid tug an Ridire ro-uasal, Séamus
Mac Coitir d'éigsibh agus d'ughdaraibh Gaedhilge.”
Sidé an chéad amhrán de chuid Eóghain Uí Chaoimh ar bhraighdeanas
agus ar ionnarbadh an Athar Eóin Baiste Mhic Sleighne.
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11