Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
An tAthair Eóghan Ó Caoimh: A Bheatha agus a Shaothar
Title
An tAthair Eóghan Ó Caoimh: A Bheatha agus a Shaothar
Author(s)
Údair éagsúla,
Pen Name
Tórna
Composition Date
1912
Publisher
Association of Modern-Irish Studies
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
AN tATHAIR EÓGHAN Ó CAOIMH: A BHEATHA AGUS A SHAOTHAR. I. — A ÓIGE. Is róbheag a bhfuil dh'eólus againn ar chúrsaíbh saoghail an Athar Eóghan Ó Caoimh. Deir Seán Ó Dála linn i “bhFilidheacht na Mumhan” go rugadh an tAthair Eóghan i nGleann an Phréacháin, i gConntae Chorcaighe, i mbliadhain a 1656. Is deallrathach an ceart do bheith ag an Dálach sa méid sin, ar shon ná fead- ramar cá bhfuair sé an t-eólas. Dubhairt Liam an Dúna, tráth, leis an Athair Eóghan, gur bh'é dúthchas sinsir Eoghain a raibh de thalamh “idir Bhéal an tSalainn is Charnn an réidh- thighearnaigh” .i. ó Bhéal Átha Salainn le hais an Teampuill Ghil go dtí Carnn Tighearnaigh i n-aice le Mainistir Fhearmaighe. Tá paróiste Ghleann an Phréacháin fé'n límistéireacht soin. An láimhscríbhinn san Acadaimh go bhfuil 23 M 26 mar chomhartha air, b'é Eóghan Ó Caoimh do scríobh é. Tá “Eachtra Chonáill Gulban” scríobhtha ann, agus fé n-a bhun-san thíos do-gheóbhthar an chainnt seo .i. ‘Finit per me, Eugenium Keefe, Anno Dmni 1684, a bport na mádh (? Máighe): & anno aetatis 27°.” D'fhágfadh soin 1656-7 d'áireamh na bliadhna ina rugadh an tAthair Eoghan. Ní'l tuairisc chruinn againn ar a mhuinntir. Deir Seán Ó Dála gur feirmeóir acmhuinneach do b'eadh a athair, agus gur dual treó maith ar a leithéid i ndúthaigh Ghleanna an Phréacháin. Ní heól dúinn cadé an treó a bhí air le linn a óige, ná cionnus a chaith sé í, ná cionnus d'éirigh leis an léigheann a dhéanamh. Bhí tabhairt suas mhaith air gan aon agó. Na leabhair atá againn óna láimh, cuirid siad an méid sin i n-umhail dúinn. Bhí sé oilte ar an Laidin is ar an mBéarla, agus gan amhras ar an nGaedhilg. Deallruigheann sé go raibh oide maith múinte aige cois baile i dtosach a shaoghail, agus nuair tháinig an tuigsint dó gur shiubhail sé roimhe ag bailiughadh an léighinn. Tá dearbhughadh againn óna láimh féin ar é bheith seal i nDún Ciaráin i bhfochair Uí Shúilleabháin Mhóir, agus tamall eile i gCuilinn Uí Chaoimh. Cathain a bhris féith na filidheachta amach ar dtéis ann? Sin ceist nach féidir a réidhteach anois le haon chruinneas. Mar
le duine go raibh ainm mhór air chun filidheachta, is iongantach a laighead amhrán dá dhéantús atá ar fagháil anois. N-a dhiaidh-san is uile, níl aon amhras agam ná gur cheap sé a lán nách fuil breith ortha anois; agus do b'fhéidir nár scríobhadh riamh iad. Tá cnuasach maith againn n-a dhiaidh, amh, agus is iongnadh liom nár cuimhnigheadh roimhe seo ar a gcur i gcló. Táim dá chur romham gach aiste aca do chur síos de réir na bliadhna inar ceapadh í, chomh fada agus is féidir soin a dhéanamh amach, agus gach tuairiscí dár fríth linn ar a bheathaidh do nochtadh de réir an uird chéadna. Mar sin, isí céad-aiste dhá shaothar filidheachta go bhfuil dearbhughadh dáta léi, ná dhá cheathramhain do cheap sé ar bhás Chuinn Mhaoil Uí Chaoimh, Bráthair d'Ord Sain Doimnic, d'éag i gCorcaigh, 1680. Bhí Eóghan tuairim is cheithre bliadhna fichead an tráth soin. Is dócha go raibh gaol éigin idir Chonn Ó Caoimh sin agus Eoghan, bíodh ná hinnistear dúinn é. Pé aca bhí nó ná raibh is cosmhail go raibh coidreamh aca le chéile. Mura mbeadh go raibh, ní móide go mbacfadh Eóghan le caoineadh dhó. * Láimhscríbhne dó-san: (1) Leabhar do scríbh Domhnall Mac Cába ón mBáintír; (2) R.I.A., 23 E 14; (3) Leabhar a scríbh Piaras Móinséal i nDún, ar Aill, 1814, do tairngeadh as leabhar do scríbh an t-Athair Eoghan féin; (4) R.I.A. 23 M 29, l. 315, leabhar do scríbh an t-ughdar féin L. 5, ón ughdar caoin, Mac Cába; an ughdar chaoin, M.; &, A ndealra anainimh P.M. Tagra: l. 2. Dream an teagaisc .i. an tOrd Proigeaphta, nó Ord Sain Doiminic. 5, gastacht, i. Luas intleachta; Labhairt an ughdair chaoin .i. teagasc mar do theagascadh ar dTighearna. &, crú .i. fuil chroidhe. 8, do theastuigh .i. teasta (do-esta, Vess+tá). Fuirm na haimsire caithte air, agus ciall na haimsire láithreach .i. “teastuigheann, nó tá ar easnamh, nó d’éag.” Gné “Amhráin” an aiste sin. Cúig céimeanna i ngach líne; Comhfhuaim ar “a” i lár buill na líne. Sidé a dhlúth: Coimeádthar an dlúth céadna soin tríd síos.
Ar leathanach a 12 den leabhar úd, “The Dominicans of Cork City and County,” deirthear gur thárla cruinniughadh ar lucht chinn riain Uird Sain Doimnic i nÉirinn ag Baile Átha an Ríogh, i gCo. na Gaillimhe, 1676, agus gur toghadh an tAthair Conn Ó Caoimh ina Phroibhinsial nó ina cheann uird ortha ann. Deirthear fós gur bh'fhear an-oilte san diadhacht é, gur chainnteóir gonta é, agus gur bh'fhile é i dteangain na Gaedhilge. N-a theannta-san, deirthear gur fhuiling sé géirleanmhain tar meadhón i n-aimsir Chromaill, agus go bhfuair sé bás i mbliadhain a 1679. Bhí sé ina cheann ar an Ord roimh bhliadhain a 1676, amh. De réir an leabhair chéadna, leathanach a 128, bhí sé ina cheann ar Ord Sain Dominic i nÉirinn i mbliadhain a 1673, nuair do chuir sé an tAthair Liam de Barra mar Phríor ar mhainistir Chaisleáin Ó Liatháin. Má ba fhile sa Ghaedhilg é, níor casadh orm-sa riamh aon iarrachtaí dá dhéantús. Is deallrathach gur shiubhail Eoghan a lán dúithchí ag bailiughadh léighinn, agus é ina fhear óg. I leabharlainn an Acadaimh i mBaile Átha Cliath, tá roinnt leabhar do scríobh sé timcheall 1684. 23 M 25, agus as soin suas go dtí 23 M 34, sin iad a gcomharthaí ag muinntir an Acadaimh. Acht aon leabhar amháin do b'eadh iad-san go léir ar dtúis, mar is follus ón seanchomhaireamh ar na leathan- chaibh. Seanscéalta agus filidheacht, adhbhar na leabhar san. Anois agus arís, d'éis aiste a scríobhadh dhó, do chuireadh sé síos dáta na bliadhna, agus an ball n-a mbíodh comhnuidhe air le linn na scríbh- neóireachta. I leabhar 23 M 25, l. 61, deir sé: “Mise Eoghan Ó Caoimh, 8° July, 1684. Siridh ar Dhia trócaire do dhéanamh orm. C(aisleán) na hinnse.” Ar leathanach a III den leabhar chéadna adeir: “Finis, ar na sgríobhadh le hEoghan Ó Caoimh, an 15 lá do July, 1684. A ndún Ciaráin (abh)farradh Ó Súilliobháin Mór.” Ar leathanach a 154 arís adeir: “Per me Eugenium Keefe 1684, July 20;” agus ina dhiaidh-san i nOgham Consonda: “Cuilinn Uí Chaoimh.” Do chonncamar thuas é bheith i bPort na Máighe an bhliadhain chéadna. Ní dóichighe rud de ná gurab amhlaidh bhíodh sé “ag taisteal na dtriúch” ina scoláire bocht an uair sin, ag bailiughadh chuige i ngach aon áit dá dtéigheadh ann. Ar leathanach a 152 den leabhar úd, .i. 23 M 25, tá aiste chainnte scurtha, agus do b'fhéidir gur bh'é féin do cheap í. Ní deirthear sa seanleabhar gur bh'é Eoghan do cheap í, acht ní gnáthach le seanughdaraibh ainm a chur le haiste phróis. Is i ndiaidh na haiste seo, amh, do scríbh Eoghan “per me,” etc., mar atá againn thuas. N-a dhiaidh-san is uile, ní haon dearbhughadh an méid sin; acht ó's rud é go bhfuil deallramh leis, cuirfead an aiste i gcló annso. Ca bhfios dúinn nach
amhlaidh bhí Eoghan d'éis leabhair éigin feallsamhnachta do léigheamh, agus gur cheap sé an aiste seo ar na pungcaibh ba mhó tábhacht ann, dar leis. Ní'l san aiste acht áireamh pungc. B'fhéidir go bhfuighmís tuilleadh eólais ina thaobh de bhárr a theacht i gcló. * Níor casadh iomlán na haiste sin orm i n-aon áit eile. Tá an cheathramha soin “Donn ceannsa, &rl.” sa leabhar 24 L 29, an leathanach tosaigh ann. Agus tá giota den aiste ó láimh Sheáin Uí Dhála sa leabhar, 23 E 14. Sliocht 23 M 25 iad-san araon. Ó Sheán Ó Dála do cheannuigh Sir Liam Betham 23 M 25-34. An tAcadamh do cheannuigh na láimhscríbhne a bhí ag Sir Liam Betham.
TÓRNA. Do b'fhéidir gur shíolruigh an aiste thuas ó dhúthaigh éigin aca san; acht is deallraithighe ná fuil sa bhfocal “Iodáinneach” acht leithleachas foghair. 13 [Tá dhá sheandán a thráchtann ar an ní chéadna i gcló ag Kuno Meyer sa Zeitschrift für Celtisahe Philologie, i., 112]. 14 “Coyle” a thugann sé air féin sa Bhéarla. 15 Táim fá chomaoin ag Tomás Ó Rathaille do chuir i n-umhail dam an mhalairt léigheachta so im dhiaidh. Do theangmhaidh leis sin dá chóib den cheathramhain, mar atá (1), ceann i láimhscríbhinn i measc leabhar Eoghain Uí Chomhraidhe, i gColláiste Muighe Nuadhat. Séamus Mac Gearailt a scríbh é, i Luimneach, 1785. Agus (2), 23 L 1, l. 37, san Acadaimh. Seo mar ghabhann an Laidean i leabhar an Ghearaltaigh:
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services