AN tATHAIR EÓGHAN Ó CAOIMH:
A BHEATHA AGUS A SHAOTHAR.
I. — A ÓIGE.
Is róbheag a bhfuil dh'eólus againn ar chúrsaíbh saoghail an
Athar Eóghan Ó Caoimh. Deir Seán Ó Dála linn i “bhFilidheacht
na Mumhan” go rugadh an tAthair Eóghan i nGleann an Phréacháin,
i gConntae Chorcaighe, i mbliadhain a 1656. Is deallrathach
an ceart do bheith ag an Dálach sa méid sin, ar shon ná fead-
ramar cá bhfuair sé an t-eólas. Dubhairt Liam an Dúna,
tráth, leis an Athair Eóghan, gur bh'é dúthchas sinsir Eoghain
a raibh de thalamh “idir Bhéal an tSalainn is Charnn an réidh-
thighearnaigh” .i. ó Bhéal Átha Salainn le hais an Teampuill
Ghil go dtí Carnn Tighearnaigh i n-aice le Mainistir Fhearmaighe.
Tá paróiste Ghleann an Phréacháin fé'n límistéireacht soin.
An láimhscríbhinn san Acadaimh go bhfuil 23 M 26 mar chomhartha
air, b'é Eóghan Ó Caoimh do scríobh é. Tá “Eachtra Chonáill
Gulban” scríobhtha ann, agus fé n-a bhun-san thíos do-gheóbhthar
an chainnt seo .i. ‘Finit per me, Eugenium Keefe, Anno Dmni
1684, a bport na mádh (? Máighe): & anno aetatis 27°.”
D'fhágfadh soin 1656-7 d'áireamh na bliadhna ina rugadh an
tAthair Eoghan. Ní'l tuairisc chruinn againn ar a mhuinntir. Deir
Seán Ó Dála gur feirmeóir acmhuinneach do b'eadh a athair, agus gur
dual treó maith ar a leithéid i ndúthaigh Ghleanna an Phréacháin.
Ní heól dúinn cadé an treó a bhí air le linn a óige, ná cionnus
a chaith sé í, ná cionnus d'éirigh leis an léigheann a dhéanamh. Bhí
tabhairt suas mhaith air gan aon agó. Na leabhair atá againn óna
láimh, cuirid siad an méid sin i n-umhail dúinn. Bhí sé oilte ar an
Laidin is ar an mBéarla, agus gan amhras ar an nGaedhilg.
Deallruigheann sé go raibh oide maith múinte aige cois baile i
dtosach a shaoghail, agus nuair tháinig an tuigsint dó gur shiubhail
sé roimhe ag bailiughadh an léighinn. Tá dearbhughadh againn
óna láimh féin ar é bheith seal i nDún Ciaráin i bhfochair Uí
Shúilleabháin Mhóir, agus tamall eile i gCuilinn Uí Chaoimh.
Cathain a bhris féith na filidheachta amach ar dtéis ann? Sin
ceist nach féidir a réidhteach anois le haon chruinneas. Mar
le duine go raibh ainm mhór air chun filidheachta, is iongantach a
laighead amhrán dá dhéantús atá ar fagháil anois. N-a dhiaidh-san
is uile, níl aon amhras agam ná gur cheap sé a lán nách fuil breith
ortha anois; agus do b'fhéidir nár scríobhadh riamh iad. Tá
cnuasach maith againn n-a dhiaidh, amh, agus is iongnadh liom
nár cuimhnigheadh roimhe seo ar a gcur i gcló.
Táim dá chur romham gach aiste aca do chur síos de réir na
bliadhna inar ceapadh í, chomh fada agus is féidir soin a dhéanamh
amach, agus gach tuairiscí dár fríth linn ar a bheathaidh do nochtadh
de réir an uird chéadna.
Mar sin, isí céad-aiste dhá shaothar filidheachta go bhfuil
dearbhughadh dáta léi, ná dhá cheathramhain do cheap sé ar bhás Chuinn
Mhaoil Uí Chaoimh, Bráthair d'Ord Sain Doimnic, d'éag i gCorcaigh,
1680. Bhí Eóghan tuairim is cheithre bliadhna fichead an tráth soin.
Is dócha go raibh gaol éigin idir Chonn Ó Caoimh sin agus
Eoghan, bíodh ná hinnistear dúinn é. Pé aca bhí nó ná raibh is
cosmhail go raibh coidreamh aca le chéile. Mura mbeadh go raibh,
ní móide go mbacfadh Eóghan le caoineadh dhó.
* Láimhscríbhne dó-san: (1) Leabhar do scríbh Domhnall Mac Cába ón
mBáintír; (2) R.I.A., 23 E 14; (3) Leabhar a scríbh Piaras Móinséal i nDún,
ar Aill, 1814, do tairngeadh as leabhar do scríbh an t-Athair Eoghan féin;
(4) R.I.A. 23 M 29, l. 315, leabhar do scríbh an t-ughdar féin
L. 5, ón ughdar caoin, Mac Cába; an ughdar chaoin, M.; &, A ndealra
anainimh P.M.
Tagra: l. 2. Dream an teagaisc .i. an tOrd Proigeaphta, nó Ord
Sain Doiminic. 5, gastacht, i. Luas intleachta; Labhairt an ughdair chaoin .i.
teagasc mar do theagascadh ar dTighearna. &, crú .i. fuil chroidhe. 8, do theastuigh
.i. teasta (do-esta, Vess+tá). Fuirm na haimsire caithte air, agus ciall
na haimsire láithreach .i. “teastuigheann, nó tá ar easnamh, nó d’éag.”
Gné “Amhráin” an aiste sin. Cúig céimeanna i ngach líne; Comhfhuaim ar
“a” i lár buill na líne. Sidé a dhlúth:
Coimeádthar an dlúth céadna soin tríd síos.
Ar leathanach a 12 den leabhar úd, “The Dominicans of Cork
City and County,” deirthear gur thárla cruinniughadh ar lucht chinn
riain Uird Sain Doimnic i nÉirinn ag Baile Átha an Ríogh, i gCo.
na Gaillimhe, 1676, agus gur toghadh an tAthair Conn Ó Caoimh ina
Phroibhinsial nó ina cheann uird ortha ann. Deirthear fós gur
bh'fhear an-oilte san diadhacht é, gur chainnteóir gonta é, agus gur
bh'fhile é i dteangain na Gaedhilge. N-a theannta-san, deirthear gur
fhuiling sé géirleanmhain tar meadhón i n-aimsir Chromaill, agus go
bhfuair sé bás i mbliadhain a 1679. Bhí sé ina cheann ar an Ord roimh
bhliadhain a 1676, amh. De réir an leabhair chéadna, leathanach a 128, bhí
sé ina cheann ar Ord Sain Dominic i nÉirinn i mbliadhain a 1673,
nuair do chuir sé an tAthair Liam de Barra mar Phríor ar mhainistir
Chaisleáin Ó Liatháin. Má ba fhile sa Ghaedhilg é, níor casadh orm-sa
riamh aon iarrachtaí dá dhéantús.
Is deallrathach gur shiubhail Eoghan a lán dúithchí ag bailiughadh
léighinn, agus é ina fhear óg. I leabharlainn an Acadaimh i mBaile
Átha Cliath, tá roinnt leabhar do scríobh sé timcheall 1684. 23 M 25,
agus as soin suas go dtí 23 M 34, sin iad a gcomharthaí ag
muinntir an Acadaimh. Acht aon leabhar amháin do b'eadh iad-san
go léir ar dtúis, mar is follus ón seanchomhaireamh ar na leathan-
chaibh. Seanscéalta agus filidheacht, adhbhar na leabhar san. Anois
agus arís, d'éis aiste a scríobhadh dhó, do chuireadh sé síos dáta na
bliadhna, agus an ball n-a mbíodh comhnuidhe air le linn na scríbh-
neóireachta. I leabhar 23 M 25, l. 61, deir sé: “Mise Eoghan Ó
Caoimh, 8° July, 1684. Siridh ar Dhia trócaire do dhéanamh orm.
C(aisleán) na hinnse.” Ar leathanach a III den leabhar chéadna
adeir: “Finis, ar na sgríobhadh le hEoghan Ó Caoimh, an 15 lá do
July, 1684. A ndún Ciaráin (abh)farradh Ó Súilliobháin Mór.”
Ar leathanach a 154 arís adeir: “Per me Eugenium Keefe 1684,
July 20;” agus ina dhiaidh-san i nOgham Consonda: “Cuilinn Uí
Chaoimh.” Do chonncamar thuas é bheith i bPort na Máighe an
bhliadhain chéadna. Ní dóichighe rud de ná gurab amhlaidh bhíodh sé
“ag taisteal na dtriúch” ina scoláire bocht an uair sin, ag bailiughadh
chuige i ngach aon áit dá dtéigheadh ann.
Ar leathanach a 152 den leabhar úd, .i. 23 M 25, tá aiste chainnte
scurtha, agus do b'fhéidir gur bh'é féin do cheap í. Ní deirthear sa
seanleabhar gur bh'é Eoghan do cheap í, acht ní gnáthach le seanughdaraibh
ainm a chur le haiste phróis. Is i ndiaidh na haiste seo, amh, do
scríbh Eoghan “per me,” etc., mar atá againn thuas. N-a dhiaidh-san
is uile, ní haon dearbhughadh an méid sin; acht ó's rud é go bhfuil
deallramh leis, cuirfead an aiste i gcló annso. Ca bhfios dúinn nach
amhlaidh bhí Eoghan d'éis leabhair éigin feallsamhnachta do léigheamh,
agus gur cheap sé an aiste seo ar na pungcaibh ba mhó tábhacht ann,
dar leis. Ní'l san aiste acht áireamh pungc. B'fhéidir go
bhfuighmís tuilleadh eólais ina thaobh de bhárr a theacht i gcló.
* Níor casadh iomlán na haiste sin orm i n-aon áit eile. Tá an cheathramha
soin “Donn ceannsa, &rl.” sa leabhar 24 L 29, an leathanach tosaigh ann.
Agus tá giota den aiste ó láimh Sheáin Uí Dhála sa leabhar, 23 E 14. Sliocht
23 M 25 iad-san araon. Ó Sheán Ó Dála do cheannuigh Sir Liam Betham
23 M 25-34. An tAcadamh do cheannuigh na láimhscríbhne a bhí ag Sir Liam
Betham.
TÓRNA.
Do b'fhéidir gur shíolruigh an aiste thuas ó dhúthaigh éigin aca san; acht is
deallraithighe ná fuil sa bhfocal “Iodáinneach” acht leithleachas foghair.
13 [Tá dhá sheandán a thráchtann ar an ní chéadna i gcló ag Kuno Meyer
sa Zeitschrift für Celtisahe Philologie, i., 112].
14 “Coyle” a thugann sé air féin sa Bhéarla.
15 Táim fá chomaoin ag Tomás Ó Rathaille do chuir i n-umhail dam an mhalairt
léigheachta so im dhiaidh. Do theangmhaidh leis sin dá chóib den cheathramhain,
mar atá (1), ceann i láimhscríbhinn i measc leabhar Eoghain Uí Chomhraidhe, i
gColláiste Muighe Nuadhat. Séamus Mac Gearailt a scríbh é, i Luimneach, 1785.
Agus (2), 23 L 1, l. 37, san Acadaimh.
Seo mar ghabhann an Laidean i leabhar an Ghearaltaigh:
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11