Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
A Poem by Seán Clárach
Title
A Poem by Seán Clárach
Author(s)
Mac Domhnaill, Seán Clárach,
Compiler/Editor
O'Rahilly, T.F.
Composition Date
1754
Publisher
(B.Á,C.: Hodges, Figgis & Co. Ltd., 1912-1913)
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Oidhche an aonaig d'éis mo fhliuchta, Is mé go tuirseach támhach, Do shuidheas am aonar ar thaobh don chnoc, 'S gan aon don chruinne láimh liom; Acht mé am chodladh tréan thuitim, A' déanamh osna ghnáthach, Do rinneas taidhbhreamh taom an turuis Do shaor ón uile chás me. Do bhí an spéirbhean mhéar-gheal mhiochair Bhéaltais mhilis mhnámhail, 's na mílte béithe aedheardha an chnuic Faraé san lios an tráth sin.
Dob'é an t-amharc glé an aicme, 'S gan aon acu ar áille, A' breith céim i sgéimh 's i gcruth Ar a chéile i niomad cáile. Do bhí ann Déirdre ghéig-gheal dil Éachtach oilte, is Áine, 'S an tsídhbhean Bhéara ó thaobh na tuinne, Is Éithne ó thig an Dághdha' Meadhbh chrothach, Eibhlín, Clothra, Sadhbh shuirghe, is Dáire, Is Aoibheall céile caomh na gcuradh Ba tréan ar fhuireann Dáilgcais. Do bhí ann Vénus, Thémis, Isis, Is Hélen chliste cháirdeach, Is Ícon aosta ón dtaobh anoir, Is céad maille 'na ndáil sin. Dob' é a labhairt sgéal aitis Tré n-ar ghlacas gárdas, Go raibh Séamas a' téacht tar muir Mar aon le fuireann Spáineach.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services