Historical Irish Corpus
1600 - 1926

A Poem by Seán Clárach

Title
A Poem by Seán Clárach
Author(s)
Mac Domhnaill, Seán Clárach,
Compiler/Editor
O'Rahilly, T.F.
Composition Date
1754
Publisher
(B.Á,C.: Hodges, Figgis & Co. Ltd., 1912-1913)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



Oidhche an aonaig d'éis mo fhliuchta,
Is mé go tuirseach támhach,
Do shuidheas am aonar ar thaobh don chnoc,
'S gan aon don chruinne láimh liom;
Acht mé am chodladh tréan thuitim,
A' déanamh osna ghnáthach,
Do rinneas taidhbhreamh taom an turuis
Do shaor ón uile chás me.



Do bhí an spéirbhean mhéar-gheal mhiochair
Bhéaltais mhilis mhnámhail,
's na mílte béithe aedheardha an chnuic
Faraé san lios an tráth sin.


L. 245


Dob'é an t-amharc glé an aicme,
'S gan aon acu ar áille,
A' breith céim i sgéimh 's i gcruth
Ar a chéile i niomad cáile.



Do bhí ann Déirdre ghéig-gheal dil
Éachtach oilte, is Áine,
'S an tsídhbhean Bhéara ó thaobh na tuinne,
Is Éithne ó thig an Dághdha'
Meadhbh chrothach, Eibhlín, Clothra,
Sadhbh shuirghe, is Dáire,
Is Aoibheall céile caomh na gcuradh
Ba tréan ar fhuireann Dáilgcais.



Do bhí ann Vénus, Thémis, Isis,
Is Hélen chliste cháirdeach,
Is Ícon aosta ón dtaobh anoir,
Is céad maille 'na ndáil sin.
Dob' é a labhairt sgéal aitis
Tré n-ar ghlacas gárdas,
Go raibh Séamas a' téacht tar muir
Mar aon le fuireann Spáineach.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services