Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Scéalta, Filíocht agus Agallaimh
Title
Scéalta, Filíocht agus Agallaimh
Author(s)
Údair éagsúla,
Composition Date
1917
Publisher
Na Caipisínigh
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
BAILE BHFAD SIAR. EIBHLÍN NÍ LOINEACHÁIN Do sgríobh. Oidhche fhuar fhliuch tamall maith shin anois bhí gasradh bailighthe ag ceárdchain Phádraig Gabha ag sgorui- dheacht, & bhí Diarmaid a' Ghleanna suidhte go seasgair 'san chúinne ag innsint sgéal fiannaidheachta 'nuair a bhuail duine éigin ag an doras. Nuair leigeadh isteach é cia bheadh ann ná strapaire do bhuachaill chaol árd go nglaoidís Amhlaoibh air, & ná raibh do chúram air, acht ag stróireacht ó áit go háit ag bailiughadh déirce. Ní raibh a fhios ag aoinne timcheall na háite cia'r díobh é ná cad as a dtáinig sé, acht gur bhuail a mháthair chúcha roinnt bliadhanta roimhe sin, ag siubhal roimpi & Amhlaoibh 'na baclainn aici, & do lonuigheadar i m-Baile-Bhfad Siar. Nuair a fuair a mháthair bás do sgaoil sé uaidh an tigh beagh do bhí aca, & bhíodh sé ag dul ó thigh go tigh ansain. Ní raibh sé ró-chruinn ann féin, acht dáltha a leithéid riamh, do bhí a chiall féin aige. Ba é fáth a thurais an tráthnóna san ag lorg lóisdín na hoidhche ar Phádraig Gabha. Fuair sé bheith istigh & fáilte, & nuair théithidh sé é féin d' fhiarfaigheadar de an raibh aon sgéal nuadh aige? Dubhairt sé go raibh, & sgéal mór — go raibh Tadhg Ua Laoghaire ag tógaint talmhan Éam- oinn Uí Dhonnchadha. Níor chuir aoinne a bhí istigh puinn suime 'na chainnt, acht amháin Diarmaid a' Ghleanna, & dubh- airt sé sin go raibh deallramh ar an sgéal, & nach é Amhlaoibh do cheap é. “Tá sgéal eile agam leis,” ar seisean, “ta connstáblaí ag teacht go Baile-Bhfad-Siar.” “Ní'l aon deallramh air sin,” arsa Pádraig Gabha. “Téanaidh abhaile,” arsa Diarmaid a' Ghleanna “is maith an sgéalaidhe an aimsir.” Do sgaipeadar & d'fhágadar amh- laoibh & Pádraig ag seanachuidheacht ag an dteine. I gcionn seachtmhaine ó'n oidhche sin, do thuit gach aon rud amach díreach mar dubhairt Amhláoibh, & ní misde a sádh ná go raibh tiubaist & trioblóid i mBaile-Bhfad-Siar annsin. Ní raghadh Tadhg trasna an bhóthair gan beirt chonstábla bheith 'na theann- ta, & do bhí orra dul síos ó'n mbear- raic gach aon oidhche go dtí é ar eagla go mbrisfidhe isteach an tigh air. Ní
raibh aon tsúil ag aoinne annsin air, acht amháin Amhlaoibh & na connstáblaí leis, mar do bhíodh sé ag díol na bprátaí leo. Bhí connstábla ann dar b'ainm Mícheál Dubh, & níor thaith- inn sé leis i n-aon chor, mar do bhíodh sé ag imirt air i gcomhnuidhe, & a d'iarraidh gan an luach ceart do thabh- airt dó ar na prátaíbh. Oidhche eile dá raibh Diarmaid a' Ghleanna & a chuideachta ag an gceárd- chain do bhuail Amhlaoibh isteach chúcha, & dubhairt sé go raibh Mícheal Dubh an pílear & Peg Thaidhg Uí Laoghaire chun bheith pósda. “Cá bhfios duit?” a dubhradh leis. “Bíonn sí ag cur litreacha ag triall air,” ar seisean. “Seadh, a Dhiarmaid,” arsa Pád- raig Gabhla le Diarmaid a' Ghleanna, “dubhrais ná cuirfeadh an saoghal Eamonn óg & Peg ó'n a chéile, act is deacair an sean-fhocal a shárughadh, “Tá trí nidhthe nach féidir a dhéanamh amach — obair na mbeach, intinn ban, & teacht na taoide.” “Cuirfidh mé geall leat,” arsa Diarmaid a' Ghleanna, “go bpósfar fós iad.” “Cuirfidh mé coróin leat” arsa Pádraig Gabha. (Ní Críoch).
INGHEAN GHABHA CINN TRÁGHA. Siobhán Ní Fhiannachtaigh do Sgríobh Bhí gabha i n-aice Chinn Trágha fadó go raibh cailín óg d'inghín aige bhí chómh breágh is bhí ag siubhal na talmhan. Bhí rígh insa pharróisdhe chéadna in a raibh sí & bhí mac aige sin & thuit sé i ngrádh léi. Chuaidh sé 'á lorg le pósadh & d'fhiafruigh an gabha dhe an raibh aon cheárd aige. Dubhairt sé ná raibh ach gur mhac ríogh é. Dubhairt an gabha leis ná tabharfadh sé a inghean do i dtaobh ná raibh aon cheárd aige. D'im- thigh sé air abhaile go cráidhte. Bhuail fear boscaodaí a dhéanamh leis nuair a bhí sé ag dul a bhaile. Thug sé leis fear na mboscaodaí a dhéanamh leis nuair a bhí sé ag dul a bhaile. Thug sé leis fear na mboscaodaí go dtí n-a thigh féin & mhúin sé sin an cheárd a bhí aige féin do. Bhí an cheárd chómh maith sin aige go raibh sé ábalta ar a ainm is a shloinne do chur ar na boscaodaí a dhéineadh sé. D'imthigh sé air annsan & chuaidh sé go dtí an ngabha & boscaod aige & dubhairt sé leis an ngabha go raibh ceárd foghlumtha aige ó shoin. An bhfaghad d'inghean uáit an ois, ar seisean. Dubhairt an gabha leis go bhfaghadh ó bhí an cheárd aige. Do pó- sadh iad annsan & bhí bainfheis dheas ortha. Tar éis pósadh dhóibh do chuadar ag bhalcaoracht ar thráigh Fionn Trágha. Bhí árthach amuigh 'sa' chuan & do chon- naic an captaen uaidh isteach iad agus tuigeadh dho ná feacaidh sé aon bhean riamh ba bhreághtha ná í. Thug se órdu- ghadh dos na máirnéalaigh bád do chur. amach & cuireadh dínnéir do thabhairt do'n mbeirt a bhí astig ar an dtráigh. Nuair a bhí an bád ag teacht fé n-a ndéin níor thógadar súil dhí gur bhúail sí 'chúcha isteach. Bheireadar ar láimh ortha go raibh cuireadh dínnéir lé fághail aca ó'n gcaptaen. Do chuadar amach go dtí an árthach, agus chomh luath agus chuadar isteach innte, thug an captaen leis iad síos fé dheic. Thug sé órdúghadh annsan na h-ann- cairí tharrac agus an t-árthach leig- eant chum siúbhail. Is mar sin a bhí. Nuair a thángadar ar bórd is amhlaidh a bhíodar as radharc talmhan, d'aith- níghdear annsan go raibh an mí-ádh imthighthe ortha. Níor bh'fhada go dtug an captaon órdúghadh do sna máir- néalaigh mac an rígh chaitheamh san bhfarraige ach bhéic a bhean gan é sin a dheunamh leis nó go dtabharfhadh sí an íde cheudhna dhí féin. D'iarr sí mar athchuinghe ortha é chur isteach i dtalamh éigin. Badh ghoirid gur bhuail oile- áinín aonair leó, agus chuireadar is- teach ann é. Ní raibh biadh ná deoch annsan aige. Bhí sé ag imtheacht roi- mis & níor bh' fhada gur bhuail poll leis a bhí ag dul fé thalamh. D'imthig sé síos ann, agus bhí sé ag siubhal ann ar feadh tamaill gur bhúail leis seó- mairín agus bórd bídh leigithe amach roimis agus cathaoír anaice an bhuird. Shuidh sé síos agus d'ith sé a dhóithin. Annsoin thuít sé n-a chodhladh ar an gcathaoír, agus núair a dhúisigh sé cá mbeadh sé ach sínte ar leaba bheag luachrach agus peiliúirín fe n-a cheann D'imthigh sé air arís sá' bhóthar chéadhna & gan aon rud aige 'a chlos ach tóin- neacha & splanncacha ghá fheiscint aige. Bhuail an bórd céadhna leis fé mar do bhuail cheana, d'ith sé a dhóithin agus thuit a chodhladh air agus nuair a dhúisigh sé cá mbeadh sé ach ar an leaba luach- ra arís. N'fheadair sé cé'n fhaid a bhí sé innte ach nuair a tháinig sé amach aiste le éiríghe gréine, chonnaic sé cathair i ngiorracht do. Cuaidh sé is- teach sa chathair. Ní raibh puinn air- gid ar iomchar aige ach nuair a bhí sé ar fad nách mór caithte aige chuímhnigh sé ar an chéird agus cheannuigh sé slata chum a bheith ag deunamh na mbos caodaí agus chuireadh sé a ainm is a shloinne ortha. Bhí trácht mhór ar a chéird aige agus cá mbeadh sé ach sa chathair go raibh a bhean. Bhí sí n-a bean tíghe a dtigh an chaptaoin agus cailíní aimsire aici. Ghaibh na cailíní amach lá, chonnaiceadar na boscaodaí agus thaithin siad ana-mhór leó, agus nuair a thángadar abhaile dúbhradar léi go raibh ainm na cathrach agus ainm agus sloinne an té bhí ghá ndíol ortha. Buaileadh n-a croidhe gur bh'é a fear féin a bhí ann, agus dúbhairt sí leó dul agus ceann a cheannach agus pé airgead a raghadh sé é thabhairt air. Nuair a thángadar abhaile agus an boscaod aca, d'aithin sí annsan gur bh,é a fear féin é, agus d,iarr sí ortha dul agus é thabhairt leó ar fad agus go mbeadh sé 'á ndeunamh ‘sa' tig. Táinig sé agus d'aithníghdear a chéile láithreach, & do dhein sí fear tighe dhe ‘sa' tigh. Bhí geallamhaint fachta aici ó'n gcaptaéin gan í phósadh go ceann lae a's bliadhna, agus nuair a bhí an aimsir caithte tháinig sé thar nais chun í phósadh. Dubhairt sí leis pósadh galánta bheith ortha, & cuireadh thabhairt dos na máirnéalaigh go léir, dos na sagartaibh, dos na giúistísíbh, & dos na daoinibh ar fad, idir bhocht & nocht, ar fuaid na dúithche, teacht ar an bpósadh. Nuair a bhí na daoine ar fad cruinnighthe le chéile, sheasaimh an bhean suas i lár an tighe, & dubhairt sí leis an gcaptaéin faoisidine phoiblighe do dhéanamh, ar conus mar fhuadaigh sé í féin. Chuir sé suas do. Annsan dubhairt sí go ndhéanfadh sí féin é, dh'innsint. D'innis sí dhóibh, os cómh- air a raibh ann, cad é an íde a thug an captaen uirthi féin, & ar a fear. Dhearbhuigh sí féin, & dhéarbhuigh a fear, & chaith na máirnéalaigh dearbhughadh, & nuair thuig na daoine cad é an feall a dhein an captaen uirthi féin & ar a fear pósta, do gabhadh láithreach é Do fiafruigheadh annsan cad ba cheart a dhéanamh leis, & is é breith a tugadh air, 'ná é chur isteach i soitheach Taraig & é loscadh 'na bheathaidh. Ní lamhálfadh na sagairt san a dhéanamh leis, & 'sé rud a deineadh leis annsan, 'ná prío- sún le na shaoghal do chur air. 'Sé críoch mo scéil díbh gur cuireadh is- teach i gcuan Fionn Trágha, tamall 'na dhiadh san, Mac Rígh Ráth' Fhíonáin, & a bhean, inghean ghabha Chinn Trágha, & gur mhaireadar go sásta as an amach. Sin é mo scéal-sa is má tá bréag ann bíodh, mar ní mise chúm ná cheap é.
DHÁ SHLIGHE. Eoin Ó Searcaigh do scríobh. Bhí aithne agam ar an bheirt aca le fada. Bhí siad fán aois amháin agus shaoilfeá gur beirt dearbhráithreacha iad. Bhí siad ag gabháil 'un na scoile in mo chuideachta agus ba é an bealach céadna bhí againn le ghabháil ag gabháil 'un na scoile dúinn agus ag teacht arais. Ní rabh mórán difridheachta eadrainn idtaoibh méide agus aoise agus bhíomuid sa leabhar amháin. Is minic ag teacht ón scoil dúinn sa tSamhradh a théighmis amach a snámh, ná is ar oileán mara bhíomuid inar gcomhnuidhe. Ní dhéanfaidh mé dear- mad go deo ar an lá a dteachaidh an triúr againn amach i gcurach Dhomhnaill Mhóir agus ar chaillmid an chéaslaidh. Ní rabh ann ach gur bhainmid an talamh amach ná d'éirigh an ghaoth agus an fhairge agus ní rabh ann ach gur cailleadh an triúr againn. Ar theacht 'un puirt dúinn cé bhí thíos i mbéal na dtonn rómhainn ach Domhnall Mór agus an chéaslaidh a d'imthigh uainn ina láimh aige. Bhí eagla orainn go mairbhfeadh sé sinn, ach ní rabh feart ar bith air linn. Níor dhubhairt sé ach “A pháistí gan chéill, bhidhidh buidheach dón Rígh nach ar thóin na fairge atá bhar gcnámha anois i n-áit bheith ar thalamh shábháilte.” Chuidigh sé linn an curach a iomchar agus a fhágáil ina sheasamh leis an bheinn san áit abhfuairmid é. Ach ní h-é sin an scéal. Mura mbéadh de chontabhairt roimh an triúr againn ach eachtra an lae ud ní bhéinn- se ag scríobhad an scéil bhig seo. Tá dhá shlighe ag an duine le n-a bhóthar a ghlacadh: beir ceann aca suas é agus bheir an ceann eile síos é. Is beag an rud chuireas duine ar an tslighe a bheir síos é agus má théid a choiscéim síos aon uair amháin is deacair a thabhairt arais. Ba é a dhálta sin ag Donnchadh Bán é: ba é an braon beorach ud a tugadh dó oidhche na bainse chuir síos le fánaidh an chnuic é. Ba bheag a shaoil an bheirt stócach a thug dó é an oidhche ud gurab é an braon dubh dó é. Dá mba léar dóbhtha an saoghal a bhí roimhe ní thairgfeadh riad an gloine ud go deo dó. Ach dá mbéadh a fhios ag duine a leas ní dhéanfadh sé a aimhleas, agus ba é a dhálta sin ag Donnchadh Bán é. Ní raibh i bhfad gur thoisigh an buachaill bocht ar an ól é fhéin. Ní rabh beo dá mhuintir ach aon dheirbhshiúr amháin agus bhí sise mar chailín aimsire idteach ar an bhaile mhór. B'éigean do Dhonnchadh aghabháil igcionn an tsaoghail go luath agus nuair a d'fhág sé an scoil agus é ceithre bliadhna déag chuaidh sé 'un Lagáin a saothrú. Ní rabh na toighthe biotáilte comh fairsing sa bhaile agus bhí siad ar shiubhal agus gach oidhche Sathairn théigheadh sé fhéin agus an maighistir ag a rabh sé ar fastódh isteach 'un a' bhaile mhóir a dhíol préataí agus rudaí eile. Bhí dúil ag an mhaighistir sa ghloine agus bhíodh tart ar Dhonnchadh i ndiaidh an tsiubhail agus nuair gheibh- eadh siad a mbéadh leo díobta thois- igheadh an bheirt ar an ól. Ní rabh i bhfad go rabh Dhonnchadh comh holc leis an mhaighistir agus lá amháin thoisigh an bheirt a throid agus iad ar meisce agus ba é an deireadh bhí air go dtug Dhonnchadh buille don mhaighistir agus ní thearn an maighistir lá maith ní ba mhó. B'éigean do Dhonnchadh an áit a fhágáil gan tuarastal ar bith agus chuaidh anonn go hAlbain. Fuair sé obair annsin ag feirmeoir agus bhí dhá phunt ag teacht isteach chuige sa tseachtmhain. Ach bhí sin beag go leor aige oidhche Shathairn le n-a choinneáil ag ól go Luan agus ní rabh sé ábalta ar phighinn ashábháil. Ba é an deireadh bhí air gur chaill sé a shláinte go dteachaidh an t-ól sa chionn dó agus go dtáinig mearadh intinne air. Cuireadh go teach na ngealt é agus is annamh anois 'tchí sé an ghrian ná an ghealach ná glaise na tíre le linn an earraigh. Ní hiongantas go dtig tocht orm nuair smaointighim air agus é ina phríosúnach sa teach mhór sin taobh thall de Shruth na Maoile. Tig laethe aoibhneacha ár n-óige chugam nuair nach rabh a dhath ar ar n-aire ach ag cuartú neadrach éin, ag déanamh caisleán sa ghainimh agus ag rith anonn is anall ar an tráigh. 'Sí an óige atá gan choir agus is éadtrom a luigheas an saoghal uirthi. Tá ciall na haoise agam-sa anois, tá sé de chliú orm go dtuigim cleasaidheacht an tsaoghail, ach b'fhearr liom míle uair bheith 'mo pháiste ag rith anonn is anall imbéal na tuinne 'ná a bhfuil de thuigbheáil agam ar an tsaoghal agus a bhfuil de eolas agam ar leabhraibh. Bhéadh an scéal so ina chionn ghru- amdha gan amhras murabh é go bhfuil taobh gheal air. Triallamuid go páirc an chatha, an áit a bhfuil sligeáin dá bpléascadh agus a bhfuil daoine dá marbhadh ina gcéadtaibh. 'Tchímid rómhainn gléasta igculaith shaighdiúra sagart óg a chuaidhamach 'un an Chogaidh le gach soighdiúr dá dtuiteann sa chath a ollmhú le ghabháil i látair a Chruthuigh- theora. Ní strainseár ar bith dúinne an sagart céadna. Bhí aithne agam ar an tSagart ó Domhnaill ó bhí sé ina phaiste. Bhí sé 'mo chuideachta sa churach an lá ud a dteachaidh an triúr againn amach igcurach Domhnaill Mhóir. Ba a mo chomráduidhe é agus sinn ag gabháil 'un na scoile agus bhíodh sé 'mo chuideachta agus sinn ag cuartú neadrach na n-éan agus indiaidh an eallaigh go dtigeadh am scoile. Thriall seisean an tslighe chéadna liom fhéin agus Donnchadh Bán idtús ama ach ní theachaidh sé an bóthar ar ar thriall Donnchadh i ndiaidh an scoil a fhágáil. Is ar an ród díreach agus ar an bhothar naomhtha shiubhail an Sagart ó Domhnaill ná ní bhéadh sé ina shagart indiu. Thug an ród sin go Leitir Ceanainn ar dtús é agus thug ún na Róimhe ina dhiaidh sin é. Agus nuair tháinig se 'un a' bhaile sa tSamhradh anuraidh ina shagart dheas óg isé an rud ar ar smaointigh mise agus mé ar mo ghlúin faoi ag fagháil a bheann- achta go bhféadhfadh Donnchadh Bán a bheith ag teacht 'un a' bhaile fosta ina shagart murab é an gloine beorach ud tugadh dó a chuir ar seachrán é. Bhéadh sé comh furust aige-sean an tslighe chéadna a shiubhail a dteachaidh an Sagart ó Domhnaill acht thuit sé idtús a shaoghail agus ghluais bealach eile agus ní 'un na Róimhe thug an bhealach sin é ach go teach gealt taobh thall de Shruth na Maoile Tá sligeáin dá bpléascadh indiu fa chosaibh an tSagairt óig Uí Dhomhnaill, ach má tá fhéin tá sé igcionn a chuid oibre go cródha neamh-eaglach ag leanamhaint lorg A Mhaighistir a fuair bás ar a shon le hanam gach aon de shíol Ádhamha a shaoradh ó chuing na daoirse. Agus indiu agus sinne i bhfad ar shiubhal ó pháirc an chatha guidh- imis go dtabhairfeadh Dia slán 'un a' bhaile an Sagart ó Domhnaill cuig n-a mháthair bhoicht nuair bhéas an Cogadh thart agus nuais bhéas ain- geal na Siothchána os cionn bánta fuilteacha na hEórpa. Beir 'un a' bhaile é slán sábháilte, a Dhia; ach mhás rud é go dtuitfidh sé ar pháirc an áir tabhair dó an luach saothair sin atá tuillte go maith aige ar son feabhas a bheatha agus ar son gur thriall sé an tslighe ud a d' árduigh suas é agus a d'fhág ina shagart indiu é. EOIN Ó SEARCHAIGH.
AN CHEARC AGUS AN COILEACH. Nóra Ní Lubhaing do scríabh. Bhí fear ann fadó agus is minic a bhí agus beidh go deo. Bhí triúr mac aige. Do bhí droichead dhá thógaint aige & nuair éirigheadh sé ar maidin bhíodh sé leagaithe roimis. Dubhairt an mac críona go bhfanfadh sé dá fhaire & má fhan ní fheacaidh sé aoinne ag teacht ag leagadh an droichid. An- san d'fhan an dara mac dhá fhaire an dara oidhche a's ní fheacaidh sé aoinne ag teacht ag leagadh an droichid. D'fhan an mac óg dá fhaire an trímhadh h-oidhche agus i lár na h-oidhche siar do bhuail chuige seana-chailleach. “An imireochá breith liom” arsa an t-seana-chailleach leis an mbuachaill. “Déanfad” ar seisean. Do bhuaidh an t-seana-chailleach an chéad bhreith agus bhuaidh seisean an dara bhreith. “Chuir do bhreith, a sheana-chaillig,” arsa an buachaill. “Cuirim-se mar bhreith agus mar chleasa droma draoidheachta ort dul go dtí an domhan thoir agus an tsnáthad do chaill mo sheana-mháthair d'fhagháil.” “Cuir do bhreith” arsa an t-seana- chailleach. “Cuirim-se mar bhreith agus mar chleasa droma draoidheachta ort dul a's maireachtaint ar an méid coirce, do thiocfaidh cúgat trí chró na sná- thaide.” Dhimthig an buachaill go dtí an domh- an thoir. Nuair a bhí sé ag dul a chodhla is toidhche sé an biadh fuair sé ná muga do mhaothal stálaighthe agus arán mhin-choirce. Do bhí inghean aige an tseana- chailleach seo agus bhí sí ana-bhreágh agus bhí an buachaill chómh breágh léithe. Nuair d'éirig an buachaill ar maidin dúbhairt an t-seana chailleach leis dul go dtí an stábla san amuigh agus an t-snáthad do chaill a seana mháthair d'fhághail. D'imthig sé air amach agus nuair chaitheadh se sgaob amach thagadh dá sgaob déug isteach. Igcaitheamh an lae síar do bhuail inghean na seana- chaillighe chuige isteach agus biadh goidithe aici chuige fé na haprún. An fhaid do bhí sé ag ithe an bhídh, bhí an tsnáthadh fachta aici. “Seo” arsi sin leis “Má fhiaf- ruigheann mo mháthair díot a bhfuairis í abair go bhfuairis & má deir sí leat í thabhairt dhí abair “Má chuiris iachall orm í d'fhagháil níor chuiris iachaill orm í thabhairt duit.” Marsin do bhí agus nuair a tháinig sé isteach tráthnóna do lorg sí air í agus dubhairt sé léithe an méid adubh- airt an cailín leis féin. Sé an saghas leabthan thug an tseana chailleach do ná leabaidh a bhí lán do spuraidh iarainn agus nuair éirigheadh sé ar maidin thugadh sí chuige an muga de mhaothal stálaighthe ach do thugadh an inghean a biadh féin chuige. Ar maidin lár na mháireac nuair d'éirigh sé thug an tseana-chailleach do mias agus dúbhairt sí leis dul go dtí an loch san shíos agus an fáinne do chaill a seana-mháthair d'fhaghail. D'imthig sé air agus nuair chaitheadh sé miash amach thagadh dhá mhéis deug isteach. I gcaitheann an lae síar do chonnaic sé chuige an cailín agus bíadh goidithe aici chuige agus an fhaid a bhí sé ag ithe do dhein sí sin lacha dhí féin agus thug sí aníos an fáinne ó thóin an phuill agus thug sí do é agus dúbhairt sí leis — “Má fhiafhruighean an tseana- chailleach dhíot an bhfuairis é, abair go bhfuairis; agus má deir sí leat é thabhairt dí abair léi má dubhairt sí leat é d'fhághail ná dubhairt sí leat é thabhairt di.” Nuair a tháinig sé abhaile tráthnóna d'iafhruig sí dhó an bhfuair sé é agus dubhairt sé go bhfuair agus dubhairt sí leis é thabhairt dí, & dubhairt sé na focail adúbhairt an cailín leis. Nuair a bhí sé ag dul a chodladh thug sí chuige an muga mhaothal agus an t- arán min-choirce & leigeadh sé sin air go n-óladh sé é. Nuair d'éirig sé ar maidin dúbhairt an t-seana-chailleach leis dul ansan síos & an claidheamh a bhí aige na sea- na-mháthair do bhaint dí. Do bhí amhras aici ar an inghin go mb'í a bhíodh ag fághailt na rudaí seo & dá d-tabhairt de'n mbuachaill & do chuir sí isteach i seomra í agus an glas uirrthi. D'im- thig an buachaill & dá mbeadh se riamh & choidhche ag baint an claidhimh dí ní fhéadfadh sé é bhogadh. Lár a lae shiar chonnaic sé chuige éun dubh tríd an spéir & cé bheadh ann ach an cailín. Do sháigh sí bíorán na láimh féin & do sgaoil sí trí braon fola anuas ar chroidhe a dheárnan agus dubhairt sí leis é sin do sgaoileadh anuas ar an gclaidheamh & an glór do dhéanfhadh sé go gcloisfaoi ar fuaid an domhain é & gan é dhéaramh go m-ba dhóigh leis go mbeadh sí féin aige baile. (Ní Críoch.)
AN CHEARC AGUS AN COILEACH. (ar leanamhaint) NÓRA NÍ LUBHAING DO SCRÍOBH. D'fhan sé go ceann i bhfad gan é dhéanamh & ansan sgaoil sé anuas na trí braon fola ar an gclaideamh a's an glór do dhein sé chualaidh an t- seana-chailleach é & chúaidh sí go poll an ghlais feuch an raibh an inghean ann & do bhí. Nuair a tháinig an buachaill abhaile thug an inghean cogar do, nuair bheadh gach aoinne na gcodhladh anocht an capall do thabhairt amach as an stábla & imtheact air abhaile & go raghadh sí féin inéinfeacht leis mar an rud a chuirfeadh an tseana-chailleach ortha i máireach ná féadfadh aoinne acu é dhéanamh. Nuair fuaireadar gach aoinne na gcodhladh thugadar leo an capall & d'imthígheadar orrtha. Ar maidin do bhrath an tseana-chailleach iad imighthe & ghlaoidh sí ar a beirt mhac d'imthígheadar orrtha na ndiaidh. I gceann tamaill dúbhairt an cailín leis an mbuachaill feuchaint na dhiaidh feuch an raibh aoinne teacht & ní raibh agus i gceann tamaill eile dubhairt sí leis feuchaint na dhiaidh arís & ní raibh éinne ann & dubhart sí arís leis é & dubhairt sé go raibh trí éin dubha leó. “Sin íad Séumuisín, Tomáisín & mo mháthair,” ar sí sin, “agus caith uait an tsnathad” ar sí sin & do chaith a's d'fhás coill mhór de snáthaidíbh suas go dtí an spéir & chaith an mháthair & an bheirt mhach filleadh abhaile & tuagh a's claidheamh do thabhairt leó. Do bhí an lá san i bhfaighid orrtha a's bhí an bua- chaill & an cailín tamall mór ó bhaile. Lár na mháireach arís dubhairt sí leis an mbuachaill feuchaint na dhiaidh feuch an raibh aoinne ag teacht & ní raibh, & dúbhairt sí arís leis é agus ní raibh, & an trímhadh h-uair adubhairt sí leis é bhí na trí héin dúbha arís i naice leó & dubhairt sí leis an fáinne do chaitheamh uaidh & do chaith & d'fhás coill mhór d'- fháinnaithibh suas go dtí an spéir agus chaitheadar dul abhaile & bhí an lá san i bhfagaid orrtha. Bhí an buachaill & an cailín in aice leis an dtigh fé'n dtráth san. An trímhad lá dúbhairt an cailín leis an mbuachaill feuchaint na ndiaidh & ní fheacaidh sé aoinne dubhairt sí leis arís & arís é agus an trímhadh h-uair chonnaic sé na trí héin dúbha arís. Dubhairt sí leis an claidheamh do chaitheamh uaidh & do chaith & d'fhás coill mhór de chlaidhtibh go dtí an spéir & chaitheadar filleadh abhaile. Do bhí an buachaill & an cailín i naice an tíghe annsan. Dúbhairt an cailín leis gan póg da thabhairt dá athair na d'aoine eile nó má thabharfadh ná cuinneóchadh se uirrthi féin go deo arís. Mairsin do bhí, agus nuair a chuaidh sé abhaile ní thug sé póg d'aoinne ach pé an líobadh a bhí ag an madra air thug sé póg do & níor chuimhnigh sé go raibh a leithéad sin de chailín riamh aige. Bhí inghean “micil na muc” lá ag dul ag triall ar uisge & nuair a tháinig sí os cionn an tobair in áirde chonnaic sí sgath an chailín síos ins an dtobar, mar bhí an cailín an airde ar chrann os cionn an tobair & cheap inghean Mhicil gur b'é a sgáth féin a bhí shíos sa tobar. Bhuail sí buille dá cana i gcoinnibh an chlaidhe & d'imthig sí uirrthi & ní feadar aoinne ó shoin ce an áit gur imthig sí. Lá eile tháinig bean Mhicil féin ag triall ar uisge & nuair chonnaic sí an sgáth síos sa tobar bhuail sí buille dá cana i gcoinnibh an chlaidh & d'imthig sí uirrthi & ní fheadar aoinne ó shoin cé an áit gur imthigh sí Tháinig Micil féin lá eile ag triall ar uisge & nuair a chonnaic sé an sgáth shíos sa tobar bhí sé díreach chun imtheachta nuair a gháir an cailín an áirde & d'innis sí do cionnas a dhein a bhean - a inghean. Thug Micil leis abhaile an cailín. Ní fada a bhí sí aige Micil nuair fuaireadar cuireadh ó'n mbuachaill mar bhí sé ag posadh cailín ón domhan thoir. Chuaidh an cailín & Micil air an bpósadh. I lár na h-oidhche dúbhairt an cailín bórd a chur i lár an tíghe a's cuireadh. Bhuail sí cearc s coileach ar an mbórd & chaith sí gráine coirce chucha. Phrioc an coileach an chearc agus dubhairt an chearc. “Faire, Faire! a choillichín, is mór an náire dhuitse beith leis an gcircín do fuair an tsnáthad duit nuair bhís ins an domhan thoir. I g- ceann tamaill eile chaith sí gráine eile chúcha agus phrioc an coileach an chearc a's dhúbhairt sí;” faire, faire! a choillichín, is mór an náire duit se bheith leis an gcircín a dhein lacha dí, féin & thug an fáine ó thóin an locha.’ Chaith sí gráine eile chúcha & phrioc an coileach an chearc, agus dúbhairt sí. “Faire, faire! coillichín ir mór an áire dhuit-se bheith leis an gcircín a tug na trí braon fola dhuit le sgaoi- leadh anúas ar an gclaidheamh.” Nuair chua aidh an buachaill an méid seó dá rádh ag an gcailín d'aithin sé gur bhí a bhí ann. D'imthig sé & thug sé leis í go dtí na thigh féin & mhaireadar go lántsásta as san amach. Sin é mo sgeul is má tá bréug ann bíodh, ní mise chúm ná cheap é.
SEAGHAN CLÁRACH AGUS AN BHÁLACH Do ghluais buachaill roimis lá ó Dhún Ghuairne go Rath Luirc mar ar chomhnuigh Seaghan Clárach. Do bhuail sé ag an ndoras agus do tháinig an cailín amach chuige, a's d'fhiafruigh sé dhí an raibh Seaghan Clárach istigh. “Tá” ars an cailín. “Abair leis teacht amach chugham” ars an buachaill. Do chuaidh an cailín isteach agus thug sí an teachtaireacht uaithi. “Abair leis go raghaidh mé amach nuair ólfaidh mé mo dheoch” ar Seághan. Do tháinig an cailín amach & do thug sí an teachtaireacht don gharsún. “Stad ar do chois, a chailín” ar sé. Do fuair sé a pheann, a dhubh, a's a pháipéar agus do sgríobh sé nóta. “Tabhair é sin do d'mháighistir” ar seisean. Do thóg sí isteach an nóta chun Seághain. Seo mar a bhí san nóta:— “Innis do Sheaghan gheal Chlárach úr uasal, An file gan cháim nár ghnáthach gnúis ghruama, Gur mise an Bhálach bán a Dún Ghuairne Ná hólann a chárt go bráth i rúm uaigneach.” Nuair do léig Seaghan Clárach an rann, do tháinig náire air. Phreab sé amach ceannlomnochta. Do rug sé ar láimh ar an ngarsún agus adubh- rirt — ‘A fhile gan cháim, is a Bhálaigh úir uasail, Do hoileadh go hárd idir dháimh na ndruadh cruadhcheist, Fiche agus fáilte fearthar chughat uaimse. Is gur muireann liom tú fhagháil ins an Ráth, a ghnúis ghruadh-ghlain.” Do thug Seághan isteach é agus do choingibh é ar feadh bliadhna. Straere mór do b'eadh Seághan. Do bhíodh sé i gcomhnuidhe ag siubhlóid; is gach nidh do thuiteadh amach i rith an lae d'innseadh an garsún do gach aon oidhche nuair do thagadh sé abhaile; a's ní thuigeadh muinntir an tighe iad. Acht do bhí aon nidh amháin nár innis sé dhó go dtí an lá deirineach nuair a bhí a bhliadhain tugtha aige. Dubhairt Seaghan le na mhnaoi. “Tá an garsún ag imtheacht uaim amárach agus tá bóthar fada roimis. Tá cearc reamhar thurcaí ansan is mairbh í agus beirbh i gcóir a bhreicfaist í, a's tabhair le n-ithe dhó í, ar maidin amárach.” Ar maidin amárach do chuaidh Sea- ghan amach go dtí fear des na comhursain chun go mbeárrtí é. An fhaid do bhí sé amuich, do tháinig an fear do bhíodh ag gabháil lastiar de agus do fuair sé an turcí le n-ithé agus ní bhfuair an garsún pioc de. Do bhuail sé amach mar a raibh Sea- ghan dá bhearradh a's do bhuail a lámha ar dhá lígh an dorais agus é go dubhach agus níor labhair sé smiog. Nuair dob 'fhada le Seaghan gur labhair sé, do bhris ar an bhfoidhne aige a's adu- bhairt sé. “A Bhaltaigh ghearra andeas ó Dhún na Slógh Fáth do sheasaimh, aithris dúinn do sgeól. An é cailleamhaint fearainn t'athar cúis do bhróin. Nó milleadh ban do ghabh tú is tú go hóg.” Do fhreagair an garsún. Ní milleadh ban do ghabh mé. Diúl- tuighim dióbh. Ná cailleamhaint fearainn m'athar cúis mo bhróin, Ach amhain do chearc gur mhaith a súp is a feóil. Dá ithe ag fear is é ag magadh fútsa a Sheóin.” Do phreab Seaghan amach. Fuair sé peann, dubh, agus páipéar agus do sgríobh sé a phas do, agus thug costas an bhóthair go maith do. TADHG Ó MURCHADHA, do sholáthruigh.
TADHG NA SAMHNA. A Thaidhg na Samhna, is ceann sa tír thú, Ba bhinn do labhartha, is níor mhall sa chroidhe tú. Ó thógais do cheann do bhí greann na ndaoine ort Is gur crochadh ar crann i nGleann an Chruim thú. Mo chúig chéad chara, do bhanaltra dhílis, Do thal ort bainne is do thug leabaidh a cuim duit, Thug comhairle do leasa dhuit chun im- thighthe díreach, Is go bhfeicidh sí fós indeis-láímh Chríost tú Cár mhiste sin dá ndéanfá tréason, Bean do nochtadh nó marbhadh do dhéa- namh, Ach bheith ag gabháil leis an bhfuirinn nár choinnibh le cheile, D'fhágadar thusa is d'imthigeadar féinig. TaÉire ar lasadh agus Sasana buartha, Ó tháinig an gasra dearg ar chuardach, Ta an leomhan fé mhairg, cé gurab annam é ar buaireamh, Ag an téad ghá cheangal gan neart aige ar ghluaiseacht, Tá ceol ar an bhfairrge an fhaid a ritheann sí tímpal. Nó as soin suas go barra na taoide I ndiaidh an phreabaire bá thapaidh tar trínse. Sé Taidhg na Samhna ó Ghleann an Chruim thu. A Taidhg, ba bhreágh í do lámh ar ráinn nó ar shluasaid, Is ba bhreágh í do sheasamh i sgioból an bhuailte, Do chasfá an tseisreach ar deiseál nó tuathal Agus d'iompochtha an taobh dearg den talamh i nuachtar. Nuair a théightheá g'ruig an Aifreann ar maidin Dé Domhnaigh, Ba bhreag í do phearsain ag seasamh ar do chobhlaigh, Do bhí an dá liath-bhruinnill ag feíthe- amh ar labhairt leat. Is guabh'í an Mhaighdean Mhuire do rug- ais mar rogha leat. Bliadhain 'san dtaca so ó ghabhas an tslighe seo. Agus cóisire fhairsing do lucht airm id' thimcheall. Chuir cuing an phosta órt i ndóig nár síleadh. Is gur dtigh bheith le hÁine gur ceár- nadh díoghbhal. Do deineadh do mharbhthaín i laoi 'gus i gCléire, I mBaile na Blárnam nó i nDún na Séada. Is gur i mBeanntraighe istigh do bhí cion ar do ghaolta. Cois an Fháilbhe nó i lár Uibh Laoghaire. A Thaidhg ba bhreagh í th'sháit is bá bhréagh í th'éifeact, Ba bhreagh í do lamh is croidhe lé caol- pheann, A Thaidhg ná beireadh aon bhreith dhaortha B'usa an taidhbhreamh dá mbeireadh Dia saor thu. Cormac Ó Cadlaigh. Do fuair an mharbhthain sin ó shean- fhear darbh ainm Tadhg Ó Muireadhaigh i bpharóiste na gCúirseacha, seacht míle nó mar sin ó Chíonn tSáile, 15, 6, 1906. PAIDIR. Réir Dé go ndeinimíd Agus beatha na naomh go dtuillimíd, Ceol na n-aingeall go gcloisimíd Agus radharc na bhFlaitheas go bhfeici- mid. A Bhainríoghan na bhflaitheas freagair is fóir sinn, A Máthair Dé, a bhreithre an eolais, Cumraidhe mh'anma ort, a mhaigdeam ghlórmhar,
Phrase Method Competitions Dialogues, Rhymes and Games pre- scribed for Competitions (Phrase Method Classes) in Father Mathew Feis, 1918. Particulars in Syllabus of Feis. Note — Teachers will make necessary alterations in phrases to suit dialect of their respective classes. AGALLAMH — AN BHÁBÓG (Competition, children under 10 years of age.) 1. Péigí: Go mbeannuighidh Dia dhuit. 2. Brighdín: Dia 's Muire dhuit. 1. An bhfaca tú mo Bhábóg? 2. Ní (chan) fhaca mé. 1. Ar mhaith leat í a fheiceál? 2. Ó budh mhaith liom. 1. Nach bhfuil sí deas! (shows doll) 2. Tá sí iongantach deas. Cá bhfuair tú í? 1. Fuair mé ó mo mháthair í. 2. Cár (cá h-áit ar) cheannuigh sí í? 1. Bhí sí i m-Blath-Cliath indé 's cheannuigh sí annsin í. 2. Cé'n (caidé an) luach a thug sí uirthi? 1. Scilling sílim, (saoilim) ach níl fhios agam i g-ceart. 2. An dtabharfaidh tú an bhábóg sin dom (dam-sa) le do thoil? 1. Ní thabharfaidh me (cha dtabhraim). Tá sí ro-dheas duit. 2. Ní'l (chan fhuil) sí leat comh deas agus shaoileas tú. 1. Cad chuige a n-abrann tú sin? caidé tá cearr uirthi (leithe)? 2. Tá a srón ró-ghairid. 1. N'íl (chan fhuil). Tá sí fada go leor. 2. Och, amharc ar a súilib. Tá siad buidhe. 1. Tá tú dall. Is gorm atá siad. 2. Agus an bhfeic tú an béal mór, gránna, dearg atá uirthi? Ní (chan) fhaca mé a leitheid ariamh! 1. Tá mé dearbhtha nach bhfaca. Is éad atá ort — sin a' rud tá cearr ort. Níl (chan fhuil) bábóg ar bith agat- sa — sin a' rud. Ní crioch RHYME AN TIGH A THÓG SEÁINÍN (Set for all classes in Phrase Method Competitions.) Sin é Seáinín. Sin é an tigh a thóg Seáinín. Sin é an coirce a bhí 'na luighe 'sa tigh a tóg Seáinín. Sin é an raftán (franncach) a d'ith an coirce a bhí 'na luighe sa tigh a tóg Seáinín. Sin é an cat a mharbh an raftán a d'ith an coirce, rl.
Sin é an madadh a rug a an g-cat, a mharbh, rl. Sin í an bhó agus a h-adharc cam, a leag an madadh, a rug ar a g-cat, rl. Sin í an cailín deas, díomhaoin, a bhlith an bhó 's a h-amharc cam a leag, rl. Sin é an fear salach stáctha a phóg an cailín deas díomhaoin, a bhlith an bó, rl. Sin é an sagart críon-liath a pós an fear salach stáctha, a phóg an cailín, rl. Sin é an coileach a sgairt ar maidin, a mhúscail an sagart críon-liath, rl. Sin é an coirce a bheathuigh an coileach, rl. Sin é an feirmeóir, (scológ) a chuir an coirce a bheathuigh an coileach, a sgairt ar maidin, a mhúscail an sagart, rl … a thóg Seáinín. AGALLAMH I. (Competitions for Juniors over 15 and under 18.) 1. Brighid: Go m-beannuighidh Dia dhuit. 2. Pádraig: Dia 's Muire duit. 1. Caidé mar tá tú? 2. Táim go breagh, glóir do Dhia ar a shon, caidé mar tá tú fhéin? 1. Muise níl mé ach cosamhail (go measardha cuidhbheasach). 2. Caidé tá cearr leat? (cad tá ort?) 1. Tá pian in mo cheann 2. Bhfuil sé go dona? 1. Ó tá sé dochrach dona 2. An raibh tú ag an dochtúir? 1. Muise ní (cha) raibh. 2. Ní thig (Cha dtig) leis a bheith dochrach dona nuair nach raibh tú ag an dochtúir. 1. * Bhí mé ag an t-sagart agus b'fhearr liom a lámh naomhtha ná an buidéal is fearr dá n-dearna dochtúir riamh. 2. * Ó seadh! Is saoire lámh an t-sagairt ná buidéal an dochtúra. Dá mbeadh rud ar bith ar mo chorp-sa, rithinn chun an dochtúra ar dtús, mar sílim gur leis an dochtúir leigheas an chuirp. (* Instead of 1 and 2 the following may be substituted.) 1. O rinne mé cupa tae & é go láidir & d'ól mé é; agus b'fearr liom braon beag tae ná an buidéal a b'fearr 'a dearn dochtúir réid aríam. 2. O seadh is milse braon beag tae na buidéal an dochtúra rl. 1. Bhal, ní chuirim áird nó meas ar bith ins na dochtúiribh. Ní (chan) fhaca mé leigheas ar bith a rinne siad ariamh. 2. Sin a' dóigh le mnáibh i g-comhnuidhe! Níl (chan fhuil) ciall ar bith aca. Tá siad gan ciall gan riaghal. 1. Muise is maith an rud go bhfuil ciall go leor agaibh-se. Cé dubhairt go raibh na mná gan ciall gan riaghal. 2. Ó nár chuala tú an sean ráidhte — “trí nidh gan riaghal: bean, muc, agus múille.” Ní críoch. GAME — MÓRA DHUIT A MHÓRAIDHE (Tig in Irish.) Móra dhuit a Mhóraidhe! Caidé mar tá do shláinte? Innis dúinn fá'n dóigh, Ar chaith tú domhnach Cásca. Mhúsgail mé ar maidin, D'fhosgail mé mo shúile, D'eirigh mé go gasta 'S chuir mé orm mo ghuna, Nigh mé m'aghaidh 's mo lámha, 'S triomuigh iad le síada Chíor mo cheann go bláthmhar, 'S chuir mé ribín buidhe ann. Shiubhail mé síos an stadhaire, 'S d'ól mé cupa tae mhaith Ach ná siubhail thusa coiscéim Go bhfaghamuid leat fhéin thú.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services