Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Scéalta, Filíocht agus Agallaimh

Title
Scéalta, Filíocht agus Agallaimh
Author(s)
Údair éagsúla,
Composition Date
1917
Publisher
Na Caipisínigh

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


BAILE BHFAD SIAR.
EIBHLÍN NÍ LOINEACHÁIN Do sgríobh.



Oidhche fhuar fhliuch tamall maith
shin anois bhí gasradh bailighthe ag
ceárdchain Phádraig Gabha ag sgorui-
dheacht, & bhí Diarmaid a' Ghleanna
suidhte go seasgair 'san chúinne ag
innsint sgéal fiannaidheachta 'nuair a
bhuail duine éigin ag an doras. Nuair
leigeadh isteach é cia bheadh ann ná
strapaire do bhuachaill chaol árd go
nglaoidís Amhlaoibh air, & ná raibh do
chúram air, acht ag stróireacht ó áit
go háit ag bailiughadh déirce. Ní raibh
a fhios ag aoinne timcheall na háite
cia'r díobh é ná cad as a dtáinig sé,
acht gur bhuail a mháthair chúcha roinnt
bliadhanta roimhe sin, ag siubhal roimpi
& Amhlaoibh 'na baclainn aici, & do
lonuigheadar i m-Baile-Bhfad Siar.



Nuair a fuair a mháthair bás do
sgaoil sé uaidh an tigh beagh do bhí aca,
& bhíodh sé ag dul ó thigh go tigh ansain.
Ní raibh sé ró-chruinn ann féin, acht
dáltha a leithéid riamh, do bhí a chiall
féin aige. Ba é fáth a thurais an
tráthnóna san ag lorg lóisdín na
hoidhche ar Phádraig Gabha. Fuair sé
bheith istigh & fáilte, & nuair théithidh
sé é féin d' fhiarfaigheadar de an raibh
aon sgéal nuadh aige? Dubhairt sé
go raibh, & sgéal mór — go raibh Tadhg
Ua Laoghaire ag tógaint talmhan Éam-
oinn Uí Dhonnchadha. Níor chuir aoinne
a bhí istigh puinn suime 'na chainnt, acht
amháin Diarmaid a' Ghleanna, & dubh-
airt sé sin go raibh deallramh ar an
sgéal, & nach é Amhlaoibh do cheap é.



“Tá sgéal eile agam leis,” ar
seisean, “ta connstáblaí ag teacht
go Baile-Bhfad-Siar.”



“Ní'l aon deallramh air sin,” arsa
Pádraig Gabha.



“Téanaidh abhaile,” arsa Diarmaid
a' Ghleanna “is maith an sgéalaidhe an
aimsir.”



Do sgaipeadar & d'fhágadar amh-
laoibh & Pádraig ag seanachuidheacht ag
an dteine.



I gcionn seachtmhaine ó'n oidhche sin,
do thuit gach aon rud amach díreach
mar dubhairt Amhláoibh, & ní misde a
sádh ná go raibh tiubaist & trioblóid
i mBaile-Bhfad-Siar annsin.



Ní raghadh Tadhg trasna an bhóthair
gan beirt chonstábla bheith 'na theann-
ta, & do bhí orra dul síos ó'n mbear-
raic gach aon oidhche go dtí é ar eagla
go mbrisfidhe isteach an tigh air. Ní


L. 30


raibh aon tsúil ag aoinne annsin air,
acht amháin Amhlaoibh & na connstáblaí
leis, mar do bhíodh sé ag díol na
bprátaí leo. Bhí connstábla ann
dar b'ainm Mícheál Dubh, & níor thaith-
inn sé leis i n-aon chor, mar do bhíodh
sé ag imirt air i gcomhnuidhe, & a
d'iarraidh gan an luach ceart do thabh-
airt dó ar na prátaíbh.



Oidhche eile dá raibh Diarmaid a'
Ghleanna & a chuideachta ag an gceárd-
chain do bhuail Amhlaoibh isteach chúcha,
& dubhairt sé go raibh Mícheal Dubh an
pílear & Peg Thaidhg Uí Laoghaire chun
bheith pósda.



“Cá bhfios duit?” a dubhradh leis.



“Bíonn sí ag cur litreacha ag
triall air,” ar seisean.



“Seadh, a Dhiarmaid,” arsa Pád-
raig Gabhla le Diarmaid a' Ghleanna,
“dubhrais ná cuirfeadh an saoghal
Eamonn óg & Peg ó'n a chéile, act is
deacair an sean-fhocal a shárughadh,
“Tá trí nidhthe nach féidir a dhéanamh
amach — obair na mbeach, intinn ban,
& teacht na taoide.”



“Cuirfidh mé geall leat,” arsa
Diarmaid a' Ghleanna, “go bpósfar
fós iad.”



“Cuirfidh mé coróin leat” arsa
Pádraig Gabha.



(Ní Críoch).


L. 70


INGHEAN GHABHA CINN
TRÁGHA.



Siobhán Ní Fhiannachtaigh do Sgríobh



Bhí gabha i n-aice Chinn Trágha fadó
go raibh cailín óg d'inghín aige bhí chómh
breágh is bhí ag siubhal na talmhan. Bhí
rígh insa pharróisdhe chéadna in a raibh
sí & bhí mac aige sin & thuit sé i ngrádh
léi. Chuaidh sé 'á lorg le pósadh &
d'fhiafruigh an gabha dhe an raibh aon
cheárd aige. Dubhairt sé ná raibh ach
gur mhac ríogh é. Dubhairt an gabha
leis ná tabharfadh sé a inghean do i
dtaobh ná raibh aon cheárd aige. D'im-
thigh sé air abhaile go cráidhte. Bhuail
fear boscaodaí a dhéanamh leis nuair
a bhí sé ag dul a bhaile. Thug sé leis
fear na mboscaodaí a dhéanamh leis nuair
a bhí sé ag dul a bhaile. Thug sé leis
fear na mboscaodaí go dtí n-a thigh
féin & mhúin sé sin an cheárd a bhí aige
féin do. Bhí an cheárd chómh maith sin
aige go raibh sé ábalta ar a ainm is
a shloinne do chur ar na boscaodaí a
dhéineadh sé. D'imthigh sé air annsan
& chuaidh sé go dtí an ngabha & boscaod
aige & dubhairt sé leis an ngabha go
raibh ceárd foghlumtha aige ó shoin.
An bhfaghad d'inghean uáit an ois, ar
seisean. Dubhairt an gabha leis go
bhfaghadh ó bhí an cheárd aige. Do pó-
sadh iad annsan & bhí bainfheis dheas
ortha.



Tar éis pósadh dhóibh do chuadar ag
bhalcaoracht ar thráigh Fionn Trágha.
Bhí árthach amuigh 'sa' chuan & do chon-
naic an captaen uaidh isteach iad agus
tuigeadh dho ná feacaidh sé aon bhean
riamh ba bhreághtha ná í. Thug se órdu-
ghadh dos na máirnéalaigh bád do chur.
amach & cuireadh dínnéir do thabhairt
do'n mbeirt a bhí astig ar an dtráigh.
Nuair a bhí an bád ag teacht fé n-a
ndéin níor thógadar súil dhí gur bhúail
sí 'chúcha isteach. Bheireadar ar láimh
ortha go raibh cuireadh dínnéir lé
fághail aca ó'n gcaptaen. Do
chuadar amach go dtí an árthach, agus
chomh luath agus chuadar isteach innte,
thug an captaen leis iad síos fé dheic.
Thug sé órdúghadh annsan na h-ann-
cairí tharrac agus an t-árthach leig-
eant chum siúbhail. Is mar sin a bhí.
Nuair a thángadar ar bórd is amhlaidh
a bhíodar as radharc talmhan, d'aith-
níghdear annsan go raibh an mí-ádh
imthighthe ortha. Níor bh'fhada go dtug
an captaon órdúghadh do sna máir-
néalaigh mac an rígh chaitheamh san
bhfarraige ach bhéic a bhean gan é sin a
dheunamh leis nó go dtabharfhadh sí an
íde cheudhna dhí féin. D'iarr sí mar
athchuinghe ortha é chur isteach i dtalamh
éigin. Badh ghoirid gur bhuail oile-
áinín aonair leó, agus chuireadar is-
teach ann é. Ní raibh biadh ná deoch
annsan aige. Bhí sé ag imtheacht roi-
mis & níor bh' fhada gur bhuail poll
leis a bhí ag dul fé thalamh. D'imthig
sé síos ann, agus bhí sé ag siubhal ann
ar feadh tamaill gur bhúail leis seó-
mairín agus bórd bídh leigithe amach
roimis agus cathaoír anaice an bhuird.
Shuidh sé síos agus d'ith sé a dhóithin.
Annsoin thuít sé n-a chodhladh ar an
gcathaoír, agus núair a dhúisigh sé cá
mbeadh sé ach sínte ar leaba bheag
luachrach agus peiliúirín fe n-a cheann
D'imthigh sé air arís sá' bhóthar chéadhna
& gan aon rud aige 'a chlos ach tóin-
neacha & splanncacha ghá fheiscint aige.
Bhuail an bórd céadhna leis fé mar
do bhuail cheana, d'ith sé a dhóithin agus
thuit a chodhladh air agus nuair a dhúisigh
sé cá mbeadh sé ach ar an leaba luach-
ra arís. N'fheadair sé cé'n fhaid a
bhí sé innte ach nuair a tháinig sé amach
aiste le éiríghe gréine, chonnaic sé
cathair i ngiorracht do. Cuaidh sé is-
teach sa chathair. Ní raibh puinn air-
gid ar iomchar aige ach nuair a bhí sé
ar fad nách mór caithte aige chuímhnigh
sé ar an chéird agus cheannuigh sé slata
chum a bheith ag deunamh na mbos
caodaí agus chuireadh sé a ainm is a
shloinne ortha. Bhí trácht mhór ar a
chéird aige agus cá mbeadh sé ach sa
chathair go raibh a bhean. Bhí sí n-a
bean tíghe a dtigh an chaptaoin agus
cailíní aimsire aici. Ghaibh na cailíní
amach lá, chonnaiceadar na boscaodaí
agus thaithin siad ana-mhór leó, agus
nuair a thángadar abhaile dúbhradar
léi go raibh ainm na cathrach agus ainm
agus sloinne an té bhí ghá ndíol ortha.
Buaileadh n-a croidhe gur bh'é a fear
féin a bhí ann, agus dúbhairt sí leó
dul agus ceann a cheannach agus pé
airgead a raghadh sé é thabhairt air.
Nuair a thángadar abhaile agus an
boscaod aca, d'aithin sí annsan gur
bh,é a fear féin é, agus d,iarr sí ortha
dul agus é thabhairt leó ar fad agus
go mbeadh sé 'á ndeunamh ‘sa' tig.
Táinig sé agus d'aithníghdear a chéile
láithreach, & do dhein sí fear tighe dhe
‘sa' tigh. Bhí geallamhaint fachta aici
ó'n gcaptaéin gan í phósadh go ceann
lae a's bliadhna, agus nuair a bhí
an aimsir caithte tháinig sé thar nais
chun í phósadh. Dubhairt sí leis pósadh
galánta bheith ortha, & cuireadh thabhairt
dos na máirnéalaigh go léir, dos na
sagartaibh, dos na giúistísíbh, & dos
na daoinibh ar fad, idir bhocht & nocht,
ar fuaid na dúithche, teacht ar an
bpósadh. Nuair a bhí na daoine ar fad
cruinnighthe le chéile, sheasaimh an bhean
suas i lár an tighe, & dubhairt sí leis
an gcaptaéin faoisidine phoiblighe do
dhéanamh, ar conus mar fhuadaigh sé í
féin. Chuir sé suas do. Annsan
dubhairt sí go ndhéanfadh sí féin é,
dh'innsint. D'innis sí dhóibh, os cómh-
air a raibh ann, cad é an íde a thug
an captaen uirthi féin, & ar a fear.
Dhearbhuigh sí féin, & dhéarbhuigh a fear,
& chaith na máirnéalaigh dearbhughadh, &
nuair thuig na daoine cad é an feall
a dhein an captaen uirthi féin & ar a
fear pósta, do gabhadh láithreach é
Do fiafruigheadh annsan cad ba cheart
a dhéanamh leis, & is é breith a tugadh
air, 'ná é chur isteach i soitheach Taraig
& é loscadh 'na bheathaidh. Ní lamhálfadh
na sagairt san a dhéanamh leis, & 'sé
rud a deineadh leis annsan, 'ná prío-
sún le na shaoghal do chur air. 'Sé
críoch mo scéil díbh gur cuireadh is-
teach i gcuan Fionn Trágha, tamall 'na
dhiadh san, Mac Rígh Ráth' Fhíonáin, & a
bhean, inghean ghabha Chinn Trágha, & gur
mhaireadar go sásta as an amach.
Sin é mo scéal-sa is má tá bréag
ann bíodh, mar ní mise chúm ná cheap é.


L. 89


DHÁ SHLIGHE.



Eoin Ó Searcaigh do scríobh.



Bhí aithne agam ar an bheirt aca le
fada. Bhí siad fán aois amháin agus
shaoilfeá gur beirt dearbhráithreacha
iad. Bhí siad ag gabháil 'un na scoile
in mo chuideachta agus ba é an bealach
céadna bhí againn le ghabháil ag gabháil
'un na scoile dúinn agus ag teacht
arais. Ní rabh mórán difridheachta
eadrainn idtaoibh méide agus aoise
agus bhíomuid sa leabhar amháin. Is
minic ag teacht ón scoil dúinn sa
tSamhradh a théighmis amach a snámh, ná
is ar oileán mara bhíomuid inar
gcomhnuidhe. Ní dhéanfaidh mé dear-
mad go deo ar an lá a dteachaidh an
triúr againn amach i gcurach Dhomhnaill
Mhóir agus ar chaillmid an chéaslaidh.
Ní rabh ann ach gur bhainmid an talamh
amach ná d'éirigh an ghaoth agus an
fhairge agus ní rabh ann ach gur
cailleadh an triúr againn. Ar theacht
'un puirt dúinn cé bhí thíos i mbéal na
dtonn rómhainn ach Domhnall Mór agus
an chéaslaidh a d'imthigh uainn ina láimh
aige. Bhí eagla orainn go mairbhfeadh
sé sinn, ach ní rabh feart ar bith air
linn. Níor dhubhairt sé ach “A pháistí
gan chéill, bhidhidh buidheach dón Rígh nach
ar thóin na fairge atá bhar gcnámha
anois i n-áit bheith ar thalamh shábháilte.”
Chuidigh sé linn an curach a iomchar
agus a fhágáil ina sheasamh leis an
bheinn san áit abhfuairmid é.



Ach ní h-é sin an scéal. Mura
mbéadh de chontabhairt roimh an triúr
againn ach eachtra an lae ud ní bhéinn-
se ag scríobhad an scéil bhig seo. Tá
dhá shlighe ag an duine le n-a bhóthar
a ghlacadh: beir ceann aca suas é
agus bheir an ceann eile síos é. Is
beag an rud chuireas duine ar an
tslighe a bheir síos é agus má théid a
choiscéim síos aon uair amháin is deacair
a thabhairt arais. Ba é a dhálta sin
ag Donnchadh Bán é: ba é an braon
beorach ud a tugadh dó oidhche na
bainse chuir síos le fánaidh an chnuic
é. Ba bheag a shaoil an bheirt stócach
a thug dó é an oidhche ud gurab é an
braon dubh dó é. Dá mba léar
dóbhtha an saoghal a bhí roimhe ní
thairgfeadh riad an gloine ud go deo
dó. Ach dá mbéadh a fhios ag duine
a leas ní dhéanfadh sé a aimhleas, agus
ba é a dhálta sin ag Donnchadh Bán é.



Ní raibh i bhfad gur thoisigh an buachaill
bocht ar an ól é fhéin. Ní rabh beo
dá mhuintir ach aon dheirbhshiúr amháin
agus bhí sise mar chailín aimsire
idteach ar an bhaile mhór. B'éigean
do Dhonnchadh aghabháil igcionn an
tsaoghail go luath agus nuair a d'fhág
sé an scoil agus é ceithre bliadhna
déag chuaidh sé 'un Lagáin a saothrú.
Ní rabh na toighthe biotáilte comh
fairsing sa bhaile agus bhí siad ar
shiubhal agus gach oidhche Sathairn
théigheadh sé fhéin agus an maighistir
ag a rabh sé ar fastódh isteach 'un a'
bhaile mhóir a dhíol préataí agus rudaí
eile. Bhí dúil ag an mhaighistir sa
ghloine agus bhíodh tart ar Dhonnchadh
i ndiaidh an tsiubhail agus nuair gheibh-
eadh siad a mbéadh leo díobta thois-
igheadh an bheirt ar an ól. Ní rabh i
bhfad go rabh Dhonnchadh comh holc leis
an mhaighistir agus lá amháin thoisigh an
bheirt a throid agus iad ar meisce
agus ba é an deireadh bhí air go dtug
Dhonnchadh buille don mhaighistir agus
ní thearn an maighistir lá maith ní ba
mhó. B'éigean do Dhonnchadh an áit
a fhágáil gan tuarastal ar bith agus
chuaidh anonn go hAlbain. Fuair sé
obair annsin ag feirmeoir agus bhí
dhá phunt ag teacht isteach chuige sa
tseachtmhain. Ach bhí sin beag go leor
aige oidhche Shathairn le n-a choinneáil
ag ól go Luan agus ní rabh sé
ábalta ar phighinn ashábháil. Ba é an
deireadh bhí air gur chaill sé a shláinte
go dteachaidh an t-ól sa chionn dó agus
go dtáinig mearadh intinne air.
Cuireadh go teach na ngealt é agus
is annamh anois 'tchí sé an ghrian ná an
ghealach ná glaise na tíre le linn an
earraigh. Ní hiongantas go dtig tocht
orm nuair smaointighim air agus é ina
phríosúnach sa teach mhór sin taobh thall
de Shruth na Maoile. Tig laethe
aoibhneacha ár n-óige chugam nuair nach
rabh a dhath ar ar n-aire ach ag cuartú
neadrach éin, ag déanamh caisleán sa
ghainimh agus ag rith anonn is anall ar
an tráigh. 'Sí an óige atá gan choir
agus is éadtrom a luigheas an saoghal
uirthi. Tá ciall na haoise agam-sa
anois, tá sé de chliú orm go dtuigim
cleasaidheacht an tsaoghail, ach b'fhearr
liom míle uair bheith 'mo pháiste ag
rith anonn is anall imbéal na tuinne
'ná a bhfuil de thuigbheáil agam ar an
tsaoghal agus a bhfuil de eolas agam
ar leabhraibh.



Bhéadh an scéal so ina chionn ghru-
amdha gan amhras murabh é go bhfuil
taobh gheal air. Triallamuid go
páirc an chatha, an áit a bhfuil sligeáin
dá bpléascadh agus a bhfuil daoine dá
marbhadh ina gcéadtaibh. 'Tchímid
rómhainn gléasta igculaith shaighdiúra
sagart óg a chuaidhamach 'un an Chogaidh
le gach soighdiúr dá dtuiteann sa chath
a ollmhú le ghabháil i látair a Chruthuigh-
theora. Ní strainseár ar bith dúinne
an sagart céadna. Bhí aithne agam
ar an tSagart ó Domhnaill ó bhí sé
ina phaiste. Bhí sé 'mo chuideachta sa
churach an lá ud a dteachaidh an triúr
againn amach igcurach Domhnaill Mhóir.
Ba a mo chomráduidhe é agus sinn
ag gabháil 'un na scoile agus bhíodh sé
'mo chuideachta agus sinn ag cuartú
neadrach na n-éan agus indiaidh an
eallaigh go dtigeadh am scoile.
Thriall seisean an tslighe chéadna
liom fhéin agus Donnchadh Bán idtús
ama ach ní theachaidh sé an bóthar ar ar
thriall Donnchadh i ndiaidh an scoil a
fhágáil. Is ar an ród díreach agus ar
an bhothar naomhtha shiubhail an Sagart ó
Domhnaill ná ní bhéadh sé ina shagart
indiu. Thug an ród sin go Leitir
Ceanainn ar dtús é agus thug ún na
Róimhe ina dhiaidh sin é. Agus nuair
tháinig se 'un a' bhaile sa tSamhradh
anuraidh ina shagart dheas óg isé an
rud ar ar smaointigh mise agus mé
ar mo ghlúin faoi ag fagháil a bheann-
achta go bhféadhfadh Donnchadh Bán a
bheith ag teacht 'un a' bhaile fosta ina
shagart murab é an gloine beorach ud
tugadh dó a chuir ar seachrán é. Bhéadh
sé comh furust aige-sean an tslighe
chéadna a shiubhail a dteachaidh an
Sagart ó Domhnaill acht thuit sé idtús
a shaoghail agus ghluais bealach eile
agus ní 'un na Róimhe thug an bhealach
sin é ach go teach gealt taobh thall de
Shruth na Maoile



Tá sligeáin dá bpléascadh indiu fa
chosaibh an tSagairt óig Uí Dhomhnaill,
ach má tá fhéin tá sé igcionn a chuid
oibre go cródha neamh-eaglach ag
leanamhaint lorg A Mhaighistir a fuair
bás ar a shon le hanam gach aon de
shíol Ádhamha a shaoradh ó chuing na
daoirse. Agus indiu agus sinne i
bhfad ar shiubhal ó pháirc an chatha guidh-
imis go dtabhairfeadh Dia slán 'un a'
bhaile an Sagart ó Domhnaill cuig
n-a mháthair bhoicht nuair bhéas an
Cogadh thart agus nuais bhéas ain-
geal na Siothchána os cionn bánta
fuilteacha na hEórpa. Beir 'un a'
bhaile é slán sábháilte, a Dhia; ach
mhás rud é go dtuitfidh sé ar pháirc
an áir tabhair dó an luach saothair sin
atá tuillte go maith aige ar son
feabhas a bheatha agus ar son gur
thriall sé an tslighe ud a d' árduigh
suas é agus a d'fhág ina shagart
indiu é.



EOIN Ó SEARCHAIGH.


L. 103


AN CHEARC AGUS AN COILEACH.



Nóra Ní Lubhaing do scríabh.



Bhí fear ann fadó agus is minic a
bhí agus beidh go deo. Bhí triúr mac
aige. Do bhí droichead dhá thógaint
aige & nuair éirigheadh sé ar maidin
bhíodh sé leagaithe roimis. Dubhairt
an mac críona go bhfanfadh sé dá
fhaire & má fhan ní fheacaidh sé aoinne
ag teacht ag leagadh an droichid. An-
san d'fhan an dara mac dhá fhaire an
dara oidhche a's ní fheacaidh sé aoinne
ag teacht ag leagadh an droichid.
D'fhan an mac óg dá fhaire an trímhadh
h-oidhche agus i lár na h-oidhche siar
do bhuail chuige seana-chailleach.



“An imireochá breith liom” arsa an
t-seana-chailleach leis an mbuachaill.



“Déanfad” ar seisean.



Do bhuaidh an t-seana-chailleach an
chéad bhreith agus bhuaidh seisean an
dara bhreith.



“Chuir do bhreith, a sheana-chaillig,”
arsa an buachaill.



“Cuirim-se mar bhreith agus mar
chleasa droma draoidheachta ort dul
go dtí an domhan thoir agus an tsnáthad
do chaill mo sheana-mháthair d'fhagháil.”
“Cuir do bhreith” arsa an t-seana-
chailleach.



“Cuirim-se mar bhreith agus mar
chleasa droma draoidheachta ort dul
a's maireachtaint ar an méid coirce,
do thiocfaidh cúgat trí chró na sná-
thaide.”



Dhimthig an buachaill go dtí an domh-
an thoir. Nuair a bhí sé ag dul a
chodhla is toidhche sé an biadh fuair sé
ná muga do mhaothal stálaighthe agus
arán mhin-choirce.



Do bhí inghean aige an tseana-
chailleach seo agus bhí sí ana-bhreágh
agus bhí an buachaill chómh breágh léithe.
Nuair d'éirig an buachaill ar maidin
dúbhairt an t-seana chailleach leis dul
go dtí an stábla san amuigh agus an
t-snáthad do chaill a seana mháthair
d'fhághail.



D'imthig sé air amach agus nuair
chaitheadh se sgaob amach thagadh dá
sgaob déug isteach. Igcaitheamh an
lae síar do bhuail inghean na seana-
chaillighe chuige isteach agus biadh
goidithe aici chuige fé na haprún.
An fhaid do bhí sé ag ithe an bhídh, bhí
an tsnáthadh fachta aici.



“Seo” arsi sin leis “Má fhiaf-
ruigheann mo mháthair díot a bhfuairis í
abair go bhfuairis & má deir sí leat
í thabhairt dhí abair “Má chuiris iachall
orm í d'fhagháil níor chuiris iachaill
orm í thabhairt duit.”



Marsin do bhí agus nuair a tháinig
sé isteach tráthnóna do lorg sí air í
agus dubhairt sé léithe an méid adubh-
airt an cailín leis féin.



Sé an saghas leabthan thug an tseana
chailleach do ná leabaidh a bhí lán do
spuraidh iarainn agus nuair éirigheadh
sé ar maidin thugadh sí chuige an muga
de mhaothal stálaighthe ach do thugadh
an inghean a biadh féin chuige. Ar
maidin lár na mháireac nuair d'éirigh
sé thug an tseana-chailleach do mias
agus dúbhairt sí leis dul go dtí an
loch san shíos agus an fáinne do chaill
a seana-mháthair d'fhaghail. D'imthig
sé air agus nuair chaitheadh sé miash
amach thagadh dhá mhéis deug isteach.
I gcaitheann an lae síar do chonnaic
sé chuige an cailín agus bíadh goidithe
aici chuige agus an fhaid a bhí sé ag
ithe do dhein sí sin lacha dhí féin agus
thug sí aníos an fáinne ó thóin an phuill
agus thug sí do é agus dúbhairt sí
leis — “Má fhiafhruighean an tseana-
chailleach dhíot an bhfuairis é, abair go
bhfuairis; agus má deir sí leat é
thabhairt dí abair léi má dubhairt sí
leat é d'fhághail ná dubhairt sí leat é
thabhairt di.”



Nuair a tháinig sé abhaile tráthnóna
d'iafhruig sí dhó an bhfuair sé é agus
dubhairt sé go bhfuair agus dubhairt
sí leis é thabhairt dí, & dubhairt sé
na focail adúbhairt an cailín leis.
Nuair a bhí sé ag dul a chodladh thug
sí chuige an muga mhaothal agus an t-
arán min-choirce & leigeadh sé sin air
go n-óladh sé é.



Nuair d'éirig sé ar maidin dúbhairt
an t-seana-chailleach leis dul ansan
síos & an claidheamh a bhí aige na sea-
na-mháthair do bhaint dí. Do bhí amhras
aici ar an inghin go mb'í a bhíodh ag
fághailt na rudaí seo & dá d-tabhairt
de'n mbuachaill & do chuir sí isteach i
seomra í agus an glas uirrthi. D'im-
thig an buachaill & dá mbeadh se riamh
& choidhche ag baint an claidhimh dí ní
fhéadfadh sé é bhogadh. Lár a lae shiar
chonnaic sé chuige éun dubh tríd an
spéir & cé bheadh ann ach an cailín.
Do sháigh sí bíorán na láimh féin & do
sgaoil sí trí braon fola anuas ar
chroidhe a dheárnan agus dubhairt sí
leis é sin do sgaoileadh anuas ar an
gclaidheamh & an glór do dhéanfhadh sé
go gcloisfaoi ar fuaid an domhain é &
gan é dhéaramh go m-ba dhóigh leis go
mbeadh sí féin aige baile.



(Ní Críoch.)


L. 121


AN CHEARC AGUS AN
COILEACH.



(ar leanamhaint)



NÓRA NÍ LUBHAING DO SCRÍOBH.



D'fhan sé go ceann i bhfad gan é
dhéanamh & ansan sgaoil sé anuas na
trí braon fola ar an gclaideamh a's
an glór do dhein sé chualaidh an t-
seana-chailleach é & chúaidh sí go poll
an ghlais feuch an raibh an inghean ann
& do bhí. Nuair a tháinig an buachaill
abhaile thug an inghean cogar do,
nuair bheadh gach aoinne na gcodhladh
anocht an capall do thabhairt amach as
an stábla & imtheact air abhaile & go
raghadh sí féin inéinfeacht leis mar an
rud a chuirfeadh an tseana-chailleach
ortha i máireach ná féadfadh aoinne
acu é dhéanamh. Nuair fuaireadar
gach aoinne na gcodhladh thugadar leo
an capall & d'imthígheadar orrtha. Ar
maidin do bhrath an tseana-chailleach
iad imighthe & ghlaoidh sí ar a beirt
mhac d'imthígheadar orrtha na ndiaidh.



I gceann tamaill dúbhairt an cailín
leis an mbuachaill feuchaint na dhiaidh
feuch an raibh aoinne teacht & ní raibh
agus i gceann tamaill eile dubhairt
sí leis feuchaint na dhiaidh arís & ní
raibh éinne ann & dubhart sí arís leis
é & dubhairt sé go raibh trí éin dubha
leó.



“Sin íad Séumuisín, Tomáisín & mo
mháthair,” ar sí sin, “agus caith uait
an tsnathad” ar sí sin & do chaith a's
d'fhás coill mhór de snáthaidíbh suas go
dtí an spéir & chaith an mháthair & an
bheirt mhach filleadh abhaile & tuagh a's
claidheamh do thabhairt leó. Do bhí an
lá san i bhfaighid orrtha a's bhí an bua-
chaill & an cailín tamall mór ó bhaile.



Lár na mháireach arís dubhairt sí leis
an mbuachaill feuchaint na dhiaidh feuch
an raibh aoinne ag teacht & ní raibh, &
dúbhairt sí arís leis é agus ní raibh,
& an trímhadh h-uair adubhairt sí leis é
bhí na trí héin dúbha arís i naice leó &
dubhairt sí leis an fáinne do chaitheamh
uaidh & do chaith & d'fhás coill mhór d'-
fháinnaithibh suas go dtí an spéir agus
chaitheadar dul abhaile & bhí an lá san
i bhfagaid orrtha.



Bhí an buachaill & an cailín in aice
leis an dtigh fé'n dtráth san. An
trímhad lá dúbhairt an cailín leis an
mbuachaill feuchaint na ndiaidh & ní
fheacaidh sé aoinne dubhairt sí leis
arís & arís é agus an trímhadh h-uair
chonnaic sé na trí héin dúbha arís.
Dubhairt sí leis an claidheamh do
chaitheamh uaidh & do chaith & d'fhás coill
mhór de chlaidhtibh go dtí an spéir &
chaitheadar filleadh abhaile. Do bhí an
buachaill & an cailín i naice an tíghe
annsan. Dúbhairt an cailín leis gan
póg da thabhairt dá athair na d'aoine
eile nó má thabharfadh ná cuinneóchadh
se uirrthi féin go deo arís. Mairsin
do bhí, agus nuair a chuaidh sé abhaile
ní thug sé póg d'aoinne ach pé an
líobadh a bhí ag an madra air thug sé
póg do & níor chuimhnigh sé go raibh a
leithéad sin de chailín riamh aige. Bhí
inghean “micil na muc” lá ag dul ag
triall ar uisge & nuair a tháinig sí os
cionn an tobair in áirde chonnaic sí
sgath an chailín síos ins an dtobar,
mar bhí an cailín an airde ar chrann
os cionn an tobair & cheap inghean
Mhicil gur b'é a sgáth féin a bhí shíos
sa tobar. Bhuail sí buille dá cana i
gcoinnibh an chlaidhe & d'imthig sí uirrthi
& ní feadar aoinne ó shoin ce an áit
gur imthig sí. Lá eile tháinig bean
Mhicil féin ag triall ar uisge & nuair
chonnaic sí an sgáth síos sa tobar
bhuail sí buille dá cana i gcoinnibh an
chlaidh & d'imthig sí uirrthi & ní fheadar
aoinne ó shoin cé an áit gur imthigh sí
Tháinig Micil féin lá eile ag triall
ar uisge & nuair a chonnaic sé an
sgáth shíos sa tobar bhí sé díreach chun
imtheachta nuair a gháir an cailín an
áirde & d'innis sí do cionnas a dhein
a bhean - a inghean. Thug Micil leis
abhaile an cailín. Ní fada a bhí sí
aige Micil nuair fuaireadar cuireadh
ó'n mbuachaill mar bhí sé ag posadh
cailín ón domhan thoir. Chuaidh an
cailín & Micil air an bpósadh.



I lár na h-oidhche dúbhairt an cailín
bórd a chur i lár an tíghe a's cuireadh.
Bhuail sí cearc s coileach ar an mbórd
& chaith sí gráine coirce chucha. Phrioc
an coileach an chearc agus dubhairt an
chearc. “Faire, Faire! a choillichín,
is mór an náire dhuitse beith leis an
gcircín do fuair an tsnáthad duit
nuair bhís ins an domhan thoir. I g-
ceann tamaill eile chaith sí gráine
eile chúcha agus phrioc an coileach an
chearc a's dhúbhairt sí;” faire, faire!
a choillichín, is mór an náire duit se
bheith leis an gcircín a dhein lacha dí,
féin & thug an fáine ó thóin an locha.’
Chaith sí gráine eile chúcha & phrioc an
coileach an chearc, agus dúbhairt sí.
“Faire, faire! coillichín ir mór an
áire dhuit-se bheith leis an gcircín a
tug na trí braon fola dhuit le sgaoi-
leadh anúas ar an gclaidheamh.” Nuair
chua aidh an buachaill an méid seó dá
rádh ag an gcailín d'aithin sé gur bhí
a bhí ann. D'imthig sé & thug sé leis
í go dtí na thigh féin & mhaireadar go
lántsásta as san amach.



Sin é mo sgeul is má tá bréug ann
bíodh, ní mise chúm ná cheap é.


L. 152


SEAGHAN CLÁRACH AGUS
AN BHÁLACH



Do ghluais buachaill roimis lá ó Dhún
Ghuairne go Rath Luirc mar ar
chomhnuigh Seaghan Clárach.



Do bhuail sé ag an ndoras agus do
tháinig an cailín amach chuige, a's
d'fhiafruigh sé dhí an raibh Seaghan
Clárach istigh.



“Tá” ars an cailín.



“Abair leis teacht amach chugham” ars
an buachaill.



Do chuaidh an cailín isteach agus
thug sí an teachtaireacht uaithi.



“Abair leis go raghaidh mé amach
nuair ólfaidh mé mo dheoch” ar
Seághan.



Do tháinig an cailín amach & do thug
sí an teachtaireacht don gharsún.



“Stad ar do chois, a chailín” ar sé.
Do fuair sé a pheann, a dhubh, a's
a pháipéar agus do sgríobh sé
nóta.



“Tabhair é sin do d'mháighistir” ar
seisean.



Do thóg sí isteach an nóta chun
Seághain.



Seo mar a bhí san nóta:—



“Innis do Sheaghan gheal Chlárach úr
uasal,
An file gan cháim nár ghnáthach gnúis
ghruama,
Gur mise an Bhálach bán a Dún
Ghuairne
Ná hólann a chárt go bráth i rúm
uaigneach.”



Nuair do léig Seaghan Clárach an
rann, do tháinig náire air. Phreab sé
amach ceannlomnochta. Do rug sé
ar láimh ar an ngarsún agus adubh-
rirt —



‘A fhile gan cháim, is a Bhálaigh úir
uasail,
Do hoileadh go hárd idir dháimh na
ndruadh cruadhcheist,
Fiche agus fáilte fearthar chughat
uaimse.
Is gur muireann liom tú fhagháil ins
an Ráth, a ghnúis ghruadh-ghlain.”
Do thug Seághan isteach é agus do
choingibh é ar feadh bliadhna.



Straere mór do b'eadh Seághan.
Do bhíodh sé i gcomhnuidhe ag siubhlóid;
is gach nidh do thuiteadh amach i rith an
lae d'innseadh an garsún do gach aon
oidhche nuair do thagadh sé abhaile; a's
ní thuigeadh muinntir an tighe iad.



Acht do bhí aon nidh amháin nár innis
sé dhó go dtí an lá deirineach nuair
a bhí a bhliadhain tugtha aige.



Dubhairt Seaghan le na mhnaoi. “Tá
an garsún ag imtheacht uaim amárach
agus tá bóthar fada roimis. Tá
cearc reamhar thurcaí ansan is mairbh í
agus beirbh i gcóir a bhreicfaist í, a's
tabhair le n-ithe dhó í, ar maidin
amárach.”



Ar maidin amárach do chuaidh Sea-
ghan amach go dtí fear des na
comhursain chun go mbeárrtí é.
An fhaid do bhí sé amuich, do tháinig
an fear do bhíodh ag gabháil lastiar
de agus do fuair sé an turcí le n-ithé
agus ní bhfuair an garsún pioc de.



Do bhuail sé amach mar a raibh Sea-
ghan dá bhearradh a's do bhuail a lámha
ar dhá lígh an dorais agus é go dubhach
agus níor labhair sé smiog. Nuair
dob 'fhada le Seaghan gur labhair sé,
do bhris ar an bhfoidhne aige a's adu-
bhairt sé.



“A Bhaltaigh ghearra andeas ó Dhún na
Slógh



Fáth do sheasaimh, aithris dúinn do
sgeól.



An é cailleamhaint fearainn t'athar
cúis do bhróin.



Nó milleadh ban do ghabh tú is tú go
hóg.”



Do fhreagair an garsún.



Ní milleadh ban do ghabh mé. Diúl-
tuighim dióbh.



Ná cailleamhaint fearainn m'athar
cúis mo bhróin,
Ach amhain do chearc gur mhaith a súp
is a feóil.



Dá ithe ag fear is é ag magadh fútsa
a Sheóin.”



Do phreab Seaghan amach. Fuair
sé peann, dubh, agus páipéar agus
do sgríobh sé a phas do, agus thug
costas an bhóthair go maith do.



TADHG Ó MURCHADHA,
do sholáthruigh.


L. 166


TADHG NA SAMHNA.



A Thaidhg na Samhna, is ceann sa tír thú,
Ba bhinn do labhartha, is níor mhall sa
chroidhe tú.



Ó thógais do cheann do bhí greann na
ndaoine ort
Is gur crochadh ar crann i nGleann an
Chruim thú.



Mo chúig chéad chara, do bhanaltra
dhílis,
Do thal ort bainne is do thug leabaidh
a cuim duit,
Thug comhairle do leasa dhuit chun im-
thighthe díreach,
Is go bhfeicidh sí fós indeis-láímh
Chríost tú
Cár mhiste sin dá ndéanfá tréason,
Bean do nochtadh nó marbhadh do dhéa-
namh,
Ach bheith ag gabháil leis an bhfuirinn
nár choinnibh le cheile,
D'fhágadar thusa is d'imthigeadar
féinig.
TaÉire ar lasadh agus Sasana buartha,
Ó tháinig an gasra dearg ar chuardach,
Ta an leomhan fé mhairg, cé gurab
annam é ar buaireamh,
Ag an téad ghá cheangal gan neart
aige ar ghluaiseacht,
Tá ceol ar an bhfairrge an fhaid a
ritheann sí tímpal.
Nó as soin suas go barra na taoide
I ndiaidh an phreabaire bá thapaidh tar
trínse.
Sé Taidhg na Samhna ó Ghleann an
Chruim thu.
A Taidhg, ba bhreágh í do lámh ar ráinn
nó ar shluasaid,
Is ba bhreágh í do sheasamh i sgioból an
bhuailte,
Do chasfá an tseisreach ar deiseál nó
tuathal
Agus d'iompochtha an taobh dearg den
talamh i nuachtar.
Nuair a théightheá g'ruig an Aifreann
ar maidin Dé Domhnaigh,
Ba bhreag í do phearsain ag seasamh
ar do chobhlaigh,
Do bhí an dá liath-bhruinnill ag feíthe-
amh ar labhairt leat.
Is guabh'í an Mhaighdean Mhuire do rug-
ais mar rogha leat.
Bliadhain 'san dtaca so ó ghabhas an
tslighe seo.
Agus cóisire fhairsing do lucht airm
id' thimcheall.
Chuir cuing an phosta órt i ndóig nár
síleadh.
Is gur dtigh bheith le hÁine gur ceár-
nadh díoghbhal.
Do deineadh do mharbhthaín i laoi 'gus
i gCléire,
I mBaile na Blárnam nó i nDún na
Séada.
Is gur i mBeanntraighe istigh do bhí
cion ar do ghaolta.
Cois an Fháilbhe nó i lár Uibh Laoghaire.
A Thaidhg ba bhreagh í th'sháit is bá bhréagh
í th'éifeact,
Ba bhreagh í do lamh is croidhe lé caol-
pheann,
A Thaidhg ná beireadh aon bhreith dhaortha
B'usa an taidhbhreamh dá mbeireadh
Dia saor thu.



Cormac Ó Cadlaigh.



Do fuair an mharbhthain sin ó shean-
fhear darbh ainm Tadhg Ó Muireadhaigh
i bpharóiste na gCúirseacha, seacht
míle nó mar sin ó Chíonn tSáile, 15,
6, 1906.



PAIDIR.



Réir Dé go ndeinimíd
Agus beatha na naomh go dtuillimíd,
Ceol na n-aingeall go gcloisimíd
Agus radharc na bhFlaitheas go bhfeici-
mid.



A Bhainríoghan na bhflaitheas freagair
is fóir sinn,
A Máthair Dé, a bhreithre an eolais,
Cumraidhe mh'anma ort, a mhaigdeam
ghlórmhar,


L. 183


Phrase Method Competitions



Dialogues, Rhymes and Games pre-
scribed for Competitions (Phrase
Method Classes) in Father Mathew
Feis, 1918. Particulars in Syllabus of
Feis.



Note — Teachers will make necessary
alterations in phrases to suit dialect
of their respective classes.



AGALLAMH — AN BHÁBÓG



(Competition, children under 10 years
of age.)



1. Péigí: Go mbeannuighidh Dia dhuit.
2. Brighdín: Dia 's Muire dhuit.



1. An bhfaca tú mo Bhábóg?
2. Ní (chan) fhaca mé.



1. Ar mhaith leat í a fheiceál?
2. Ó budh mhaith liom.



1. Nach bhfuil sí deas! (shows doll)
2. Tá sí iongantach deas. Cá bhfuair
tú í?



1. Fuair mé ó mo mháthair í.
2. Cár (cá h-áit ar) cheannuigh sí í?



1. Bhí sí i m-Blath-Cliath indé 's
cheannuigh sí annsin í.
2. Cé'n (caidé an) luach a thug sí uirthi?



1. Scilling sílim, (saoilim) ach níl fhios
agam i g-ceart.
2. An dtabharfaidh tú an bhábóg sin
dom (dam-sa) le do thoil?



1. Ní thabharfaidh me (cha dtabhraim).
Tá sí ro-dheas duit.
2. Ní'l (chan fhuil) sí leat comh deas
agus shaoileas tú.



1. Cad chuige a n-abrann tú sin?
caidé tá cearr uirthi (leithe)?
2. Tá a srón ró-ghairid.



1. N'íl (chan fhuil). Tá sí fada go leor.
2. Och, amharc ar a súilib. Tá siad
buidhe.



1. Tá tú dall. Is gorm atá siad.
2. Agus an bhfeic tú an béal mór,
gránna, dearg atá uirthi? Ní
(chan) fhaca mé a leitheid ariamh!



1. Tá mé dearbhtha nach bhfaca. Is éad
atá ort — sin a' rud tá cearr ort.
Níl (chan fhuil) bábóg ar bith agat-
sa — sin a' rud.



Ní crioch



RHYME



AN TIGH A THÓG SEÁINÍN
(Set for all classes in Phrase Method
Competitions.)



Sin é Seáinín.
Sin é an tigh a thóg Seáinín.
Sin é an coirce a bhí 'na luighe 'sa tigh a
tóg Seáinín.
Sin é an raftán (franncach) a d'ith an
coirce a bhí 'na luighe sa tigh a tóg
Seáinín.
Sin é an cat a mharbh an raftán a d'ith
an coirce, rl.


L. 184


Sin é an madadh a rug a an g-cat, a
mharbh, rl.



Sin í an bhó agus a h-adharc cam, a
leag an madadh, a rug ar a
g-cat, rl.



Sin í an cailín deas, díomhaoin, a
bhlith an bhó 's a h-amharc cam a
leag, rl.



Sin é an fear salach stáctha a phóg an
cailín deas díomhaoin, a bhlith an
bó, rl.



Sin é an sagart críon-liath a pós an
fear salach stáctha, a phóg an
cailín, rl.



Sin é an coileach a sgairt ar maidin,
a mhúscail an sagart críon-liath,
rl.



Sin é an coirce a bheathuigh an coileach,
rl.



Sin é an feirmeóir, (scológ) a chuir an
coirce a bheathuigh an coileach, a
sgairt ar maidin, a mhúscail an
sagart, rl … a thóg Seáinín.



AGALLAMH I.



(Competitions for Juniors over 15 and
under 18.)



1. Brighid: Go m-beannuighidh Dia dhuit.



2. Pádraig: Dia 's Muire duit.



1. Caidé mar tá tú?



2. Táim go breagh, glóir do Dhia ar a
shon, caidé mar tá tú fhéin?



1. Muise níl mé ach cosamhail (go
measardha cuidhbheasach).



2. Caidé tá cearr leat? (cad tá ort?)



1. Tá pian in mo cheann



2. Bhfuil sé go dona?



1. Ó tá sé dochrach dona



2. An raibh tú ag an dochtúir?



1. Muise ní (cha) raibh.



2. Ní thig (Cha dtig) leis a bheith dochrach
dona nuair nach raibh tú ag an
dochtúir.



1. * Bhí mé ag an t-sagart agus b'fhearr
liom a lámh naomhtha ná an buidéal
is fearr dá n-dearna dochtúir
riamh.



2. * Ó seadh! Is saoire lámh an
t-sagairt ná buidéal an dochtúra.
Dá mbeadh rud ar bith ar mo
chorp-sa, rithinn chun an dochtúra
ar dtús, mar sílim gur leis an
dochtúir leigheas an chuirp.



(* Instead of 1 and 2 the following
may be substituted.)



1. O rinne mé cupa tae & é go láidir
& d'ól mé é; agus b'fearr liom
braon beag tae ná an buidéal a
b'fearr 'a dearn dochtúir réid
aríam.



2. O seadh is milse braon beag tae
na buidéal an dochtúra rl.



1. Bhal, ní chuirim áird nó meas ar bith
ins na dochtúiribh. Ní (chan) fhaca
mé leigheas ar bith a rinne siad
ariamh.



2. Sin a' dóigh le mnáibh i g-comhnuidhe!
Níl (chan fhuil) ciall ar bith aca.
Tá siad gan ciall gan riaghal.



1. Muise is maith an rud go bhfuil ciall
go leor agaibh-se. Cé dubhairt
go raibh na mná gan ciall gan
riaghal.



2. Ó nár chuala tú an sean ráidhte —
“trí nidh gan riaghal: bean, muc,
agus múille.”



Ní críoch.



GAME — MÓRA DHUIT A MHÓRAIDHE
(Tig in Irish.)



Móra dhuit a Mhóraidhe!
Caidé mar tá do shláinte?
Innis dúinn fá'n dóigh,
Ar chaith tú domhnach Cásca.
Mhúsgail mé ar maidin,
D'fhosgail mé mo shúile,
D'eirigh mé go gasta
'S chuir mé orm mo ghuna,
Nigh mé m'aghaidh 's mo lámha,
'S triomuigh iad le síada
Chíor mo cheann go bláthmhar,
'S chuir mé ribín buidhe ann.
Shiubhail mé síos an stadhaire,
'S d'ól mé cupa tae mhaith
Ach ná siubhail thusa coiscéim
Go bhfaghamuid leat fhéin thú.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services