Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Scéalta agus Nótaí
Title
Scéalta agus Nótaí
Author(s)
Údair éagsúla,
Composition Date
1916
Publisher
Na Caipisínigh
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
CLEASA NA LEANBH. Seo cleas do chleachtuigheann na páistí beaga insa Ghaedhealtacht. Bíonn duine n-a cheann ortha. Bíonn an chuid eile bailighthe timhcheall catha- oireach nó ceann búird. Buaileann an cheud leanbh a dhorn dúnta ar an mbórd. Cuireann leanbh eile a dhorn anuas ar an gcéud dorn. Cuir- eann an tríomhadh leanbh a dhorn ar an dara dorn agus mar sin go mbíd na doirne go léir os cionn a chéile. Annsan labhrann an leanbh ná bíonn a dhorn sa stáca i n-ao' chor agus cuireann sé (nó sí) ceist ar an leanbh gur leis an dorn is aoirde ar an stáca. Ceist — “Cad é sin anáirde?” Freagradh — “Ceann a' stáca.” An chéad pháiste — “Leig ar lár é go dtí amáireach go bhfaghaidh sé práta nó ruaine cabáiste.” Tógann an páiste gur leis an dorn uachtarach an dorn anuas de'n stáca. Annsan cuirtear an cheist cheudna arís ar an gcead leanbh eile agus leagann sé sin no í sin an dara dorn. Déintear san le gach duine go bhfuil dorn aca sa stáca go dtí ná bíonn ar deire thiar thall acht aon dorn amháin ann. Cuirtear ceist eile annsan ar an bpáiste gur leis an dorn san:— Ceist — “Cad é sin thíos?” Freagradh — “Prátaí 's im.” C. — “Cá bhfuil mo chuid-se?” F. — “Tá sé fé'n sop.” C. — “Cá bhfuil an sop?” F. — “Do dhóigh an teine é.” C. — “Cá bhfuil an teine?” F. — “Do mhúch an t-uisge é.” C. — “Cá bhfuil an t-uisge?” F. — “D'ól an damh é.” C. — “Cá bhfuil an damh?” F. — “Do mhairbh an tuagh é?” C. — “Cá bhfuil an tuagh?” F. — “Tá sé ag an máighistir.” C. — “Cá bhfuil an máighistir?” F. — “Tá sé síos annso, Tá sé suas annso, D' iarraidh slaitín duit-se, D' iarraidh slaitín dóm-sa, Fiche bhuille bheag, Fiche bhuille mhór, D'aenne labharfadh, Ná gháirfeadh, Go dtí an taca so máireach.” Annsan bíonn gach aenne aca gan focal ná gáire asta chomh fada agus is féidir leo. Bíd siad ar a ndícheall chun gan labhairt ná gáireadh. An cheud duine a labhrann focal nó a dheineann oiread a's smiogadh gáire, fachtar slaitín agus buailtear fiche bhuillé bheag agus fiche bhuille mhór ar an duine sin. Is mór an spórt na leanbhaí beaga agus iad chomh brónach san gur dhóigh leat ortha gurab amhlaidh a chaill gach aon duine aca airgead nó mísleán. SEÁN Ó CATHASAIGH. [Sligh eile adéantar an cleas so — na páistí go léir do bheith páirteach ann agus an páiste gur leis an dorn is giorra do'n dorn uachtarach do chur na ceud cheiste air an duine ós a chionn agus annsan an dara duine deiridh do chur na gceisteanna deiridh ar an té go mbíonn a dhorn ar an mbórd.]
SEANAMÓIN DO GHAEDHEALAIBH. A dhuine chóir: Má tá Gaedhilg agut labhair í. Labhair ins gach áit í le gach duine. Labhair istigh is amuich í. Labhair ar margadh agus ar aonach í. Labhair ar posadh agus ar baiste agus ar socraid í. Labhair sa bhannc agus sa tsiopa agus i dtigh an tabh- airne í. Labhair le hóg agus le críona, fear agus le mnaoi í. Labhair le sagart agus le cléireach í. Labhair le balightheoir na cánach, leis an bpíléar i le cléireach na bpínsí í. Ná dein fallighe choidhche inti. Mara bhfuil sí agut, foghluim í. Tá múinteoirí Gaedhilge agus scol- áirí Gaedhilge agus cainteoirí Gaedh- ilge le fagháil go líonmhar i ngach cúinne 'en dúthaig anois, baodhchas le Dia. Má's sagart thu, abair na gníomh- artha agus ná hurnuighthe roimh Aifrinn agus tréis Aifrinn as Gaedhilg. Léig an tsoísgéal as Gaedhilg Fógair gach ní as Gaedhilg. Tabhair seanamóin Gaedhilge dod phobal. Is sia go mór a chuimhneochaidh do phobal ar sheanamóin Gaedhilge ná ar sheana- móin Béarla. Is minic do chualamair féin caint mar seo ar siúbhal idir seandaoine. “Mhuise, beannacht Dé le hanam an Athar Maitias. B'iné do thugadh an tseanamóin bhreagh Gaedhluine dhúinn. Raghfá as so go Cill Áirne aig éisteacht leis. Cuimh- nighim ar mhórán dá ndubhairt sé, cé go bhfuil dathad éigin bliadhain caithte ó chualadh é.” Más máighistir scoile thu, múin an Ghaedhilg le croidhe-dhúthracht dod thréad. Dein oiread is is féidir leat de ghnó na scoile a' Gaedhilg. Glao- dhaig na hainmeacha a' Gaedhilg, agus ná tabhair ach a n-ainmeacha Gaedhilge ar na scoláiribh i rith an lae. Múin seanachus na hÉireann ad scoil. Cuir i n-iúil dod chuid scoláirí go bhfuil tír ársa chlúil acu, agus go bhfuil dualgas acu le comhlíonadh don tír sin chómh maith díreach agus tá dualgas acu le comhlíonadh dá muintir féin. Más fear siopa thu cuir thainm a' Gaedhilg os cionn an doruis. Díol earaí Gaedhleacha ad shiopa. Má tá leitreacha le sgrí agut, sgribh a' Gaedhilg agus seol a' Gaedh- ilg iad. Má tá gnó sa bhannc agut sgríbh thainm a' Gaedhilg ann. Dintar na neithe seo go léir n-áiteannaibh áirithe. Má tá marga nú udhacht le déanamh agus, dein a' Gaedhilg é. Má tá lucht aimsire uait, faigh daoine a bhfuil Gaedhilg acu. Má tá gadhar fiadhaig agut, tabhair ainm Gaedhilge air. Tá na Laoithe Fiannaigheachta lán d'ainmeachaibh breaghtha gadhar agus con, cuir i gcás, Luas, Ceol, Fearg, Fuam, &c. Má tá capal ráis nú bád iasgaigh agut, tabhair ainmeacha Gaedhilge ortha. Seachain an iasacht: “Eringobragh” agus a leitheid. Más athair clainne thu, tabhair ain- meacha fíor-Gaedhleacha air do chlainn. Ainmeacha bhí air Gaedhlaibh fuair clú de bharr a naomhthachta, nú de bharr a gcrógachta nú de bharr géire a n-inntleachta. Má tá deighleáil le ceárduighe nú le fear siopa agut, dein do ghnó leis a' Gaedhilg. Agus mara bhfuil cothrom aige á thabhairt d'earaíbh Gaedhleacha, sgar leis agus claoidh le fear eile in ionad. “Do bheadh san ró-dhian ar fhear bhocht” arsa thusa. Cuimhnimh ar na neithibh seo a dhuine. Ní le mísleánaibh do dibrigheadh an Ghaedhealg. Ní le cimilt baise cuir- eadh Éire fé chois. Agus ní le haon taobh acu ardóchaidh airís í. Tá obair mhór throm romhainn. Tá casadh tréis teacht ar an saoghal agus caithfimíd- na an casadh san do stop, agus ath- chasadh i n-agaidh an chasta san do chur in' ionad. Agus mara gcuirimíd cun na hoibre le lán-díoghrais croidhe, le dúthracht dian, le dásacht dáiriríbh, ní bheid brigh nár ngnó. Ní raibh aon atharú mór sa tsaoghal riamh, dá fheabhas atharú é ná go raibh duine éigin thíos leis. Féach na fir is fearr a bhí againn. Féac ar fhuilingeadar le grádh d'Éirinn. Domhnal Cam, Aodh Ó Néill, Aodh Ruadh Ó Domhnail, Piaras Feiritéir, Baothlach Ó hAodh- gán, Bhulbh Teón, Roibeárd Emet, Seán Mistéal, Ó Donobháin Rosa agus na céadta eile; nár mhó bhí caillthe ná bheirtha acu san i gcúrsaibh sóchmhainí an tsaoghail. Dfhuiling cuid acu bás. Dfhuiling cuid acu ionnar- badh. Dfhuilingeadar go léir cos-ar- bolg agus drochúsáid agus díoghbháil sláinte agus maoine i n-éiric a n- grádha d' Éirinn. Ach níor mhór leo dhi ar fhuilingeadar ar a son, nú dá bhfuilingídís nios mó dá mbfhéidir é. Nuair a bhí na tunótaithe bochta ag cosaint a bfeirmeach mbeag, nach mó duine acu thuit sa bhearnain. Deiri- míd airís ná raibh aon atharú saoghail riamh ann agus ná beidh go deo ná go mbeidh duine éigin caillte leis. Agus nách dóighthighe agus nách cirtisighe gur spriúnlóigín bastúin éigin de Bhéar- lóir a bheadh thíos leis an ngnó so na Gaedhilge ná na crobhairí luas, ná na tunótaithe bochta, ná na Gaedhil bhochta do choinnibh an Ghaedhealtacht beo go dtí seo, agus nár thréig nós- mhaireacht ná sean-aimsearacht a sin- sear riamh. Dar fiadh gur córa san. Más duine de lucht aon choiste nú aon bhúird phuiblighe thu, ciacu ‘Guar- dian’ nú Giúistís, nú duine de choiste eile labhair a' Gaedhilg ann agus ta- bhair a ceart féin don Ghaedhilg bhoicht do labradh go minic i gcúirt an righ agus i gcill na naomh. Má dheinean tú na neithe seo do chomhairlighmair dhuit, beidh lucht na céille do chodail amuich á rádh, is dócha, gur duine buile thú. Ná bac san. Dubharthas san i dtaobh Seáin Uí Néill, agus i dtaobh Uí Shuilleabháin Bhéara agus i dtaobh Aodha Ruaidh. Do casadh le Columbus nuair a thug sé aghaidh ar an mórmhuir é. Agus le Siobhán d'Arc nuair a shábháil sí an Fhrainnc. Le Gailileo nuair adubhairt sé go ngabhan an domhan so againn mór thímpal na gréine. Leis na naoimh do cuireadh chun báis níos túisge ná shéanfaidís an Creideamh. Le gach éinne do dhein aon mhaith mhór sa tsaoghal so riamh. Cá náire nú cá masla dhúinn-na bheith ar buile, má ba dhaoine buile iad san. EIBHLE.
SEAN NÓSANNA GAEDHEAL, ALTUGHADH LE BIADH. * SEÁN Ó GRUAGÁIN DO SGRÍOBH. Do bhí feirmeóir 'n-a chómhnuidhe in Gleann Atharlaighe tamall maith ó shoin agus ní raibh le fághail sa ghleann céudna, ná in Éirinn uile bfhéidir, sár do bfeárr ná é chun déirc ná lóisdín oidhche do thabhairt do dhaoine bochta. Mar seo oidhche Gheimhridh do casadh chun an tighe chuige bacach luath, láidir agus sgoláire bocht. D'iarradar bheith istigh air agus má iarr, fuair agus míle fáilte. Do chaitheadar sgathamh de thosach na h-oidhche ag seanchuidheacht agus nuair bhí an suipéar igcóir do chaitheadar le chéile go fonnmhar é. Nuair a bhí deire ithte acu do altuig an feirmeóir le n-a bhéile mar ba ghnáthach leis. Ach níor altuig an bacach ná an sgoláire bocht in éachor. Nuair a bhí an t-althúghadh déanta ag an bhfeir- meóir do labhair an bacach agus adubhairt “nár tuigeadh leis féin go raibh aon mhaitheas in althughadh.” “Tá,” arsan feirmeoír, “agus ní ghabhann rath ná críoch fóghanta aoinne ná déanann altúghadh le n-a bhéile.” D'eirigh áiteamh trom eatorra ar an g-ceist agus 'sa deire sé an nidh ar ar shocruigheadar dul go dtí an Sagart parróiste agus é fhiafhruighe dhe. Sin mar do bhí. Do thiománadar leo fé dhéin tighe an t-Sagairt agus dinnse adar do cad dothugiad. “Seadh, anois imthíghidh oraibh abhaile agus tagaidh annso chúgham-sa amáireach agus ínnseadh gach aoinne agaibh cad do bheidh feicighthe aige, agus annsoin réidhteóchad an cheist sin eadraibh.” D'iompuig an triúr thar n-ais abhaile, ach bhí an oidhche cómh dorcha soin gur imthigheadar ó n-a chéile, agus do b'éigint do ghach duine acu imtheacht ar a adhbhar féin. Do ghluais an feirmeóir leis tríd an ndoircheacht agus ba ghairid do gur casadh chun tig breágh ar thaoibh an bhóthair é. Bhí dóirshe an tighe ar dianleathadh agus solas glan soillseach leathistigh. Nuair chuai andh feirmeóir isteach do b'ait leis ná raibh duine ná daonaidhe le feiscint fé dhíon tighe, ach teine bhreágh sa teinteán agus leabaidh bhreágh cóirighthe ar thaoibh an tighe, agus biadh go flúirseach ar mhiasaibh sa chistin. Do bhí an feirmeóir traochta ón siubhal agus sa deire nuair theip ar aoinne teacht chuige do chaith sé a shuipéar agus do chuaidh a chodhladh chun gur rug an lá air. Do bhí an sgoláire bocht ag cur de chun gur casadh cun baill (áit) go raibh, dar leis, crann mór aonair ag fás ann, crann gan géag, gan duil- leabhar, ach aon chochal amháin 'n-a bhárr in-áirde, agus dá mbeadh sé ag siubhal ó shoin ní fhéadfadh sé imtheacht ó comhghar an crainn sin gur rug solas an lae air, agus is é ball (áit) abhfuair sé é féin ar bruach locha agus ní raibh sa chrann ach maide lámh agus sean hata anuas ar a bharra, mar chuaille do cuirfeá ag sgeónadh phréachán. Dála an bhacaigh, bhí sé ag cur de riamh agus choidhche tré gach portach agus tré gach muing go raibh sé tuirseach tnáite. Nuair stadadh sé suas chun tuairm do thabhairt fén áit 'n-a raibh sé d'airghead sé na céolta ba aoibhne ar domhan tamaillín uaidh, agus nuair a dhruideadh sé fé dhéin na h-áite n-a mbíodh an ceol, dar leis, do bhíodh sí an fhaid ceudna uaidh igcómhnuidhe agus bhí sé 'sa chás soin cun gur rug solas an lae air agus isé ball (áit) n-a bhfuair sé é féin istigh i lár phortaigh fhiadhain gan tigh gan treabh -n-a chómhghar. Nuair tháinig an lá ortha a dtriúr do thugadar aghaidh ar thig an t-Sagairt mar bhí geallta acu agus do casadh an triúr ar a chéile ann. “Seadh,” arsan sagart leó, “cion- nas chaitheabhair an oidhche aréir?” 'Sé an feirmeóir do labhair ar dtúis & adubhairt sé:— “Do tháinig doircheacht ionghantach orainn tréis sgartha leat-sa aréir, a athair, ig-cás gur imthigeamar ó n-a chéile. Do shiubhaleas féinigh orm gur casadh cun tigh breágh mé go raibh teine bhreágh ann, flúirse bidh agus dighe, & leabaidh ann agus gan neach eile le feiscint ar fuaid an tighe. D'itheas féin méid mo mheóin de bhiadh agus chuadhas a chodhladh go lá.” “Cionnas a chaithis-se an oidhche?” arsé-sin leis an sgoláire mbocht. “go tuirseach,” arsan sgoláire, “do bhíos ag siubhal ar feadh na h-oidhche agus ar maidin do fuaireas mé fhéin ar bruach locha, agus maide lámh n-a sheasamh sa talamh rómham agus sean hata anuas air.” “Cionnas mar eirigh leat-sa?” ar sésin leis an mbacach? “ó go h-olc,” arsan bacach, “thugas an oidhche ar seachrán. Nuair stadainn igcomhnuidhe, d'airighinn ceól breágh go léir acht nuair dhruidinn n-a threó bhíodh sé an fhaid chéudna uaim igcomhnuidhe agus sin mar ar chaitheas an oidhche ag imtheacht im' caogaidhe aonair cun gur gheal an la orm. “Seadh, anois,” arsan sagart leis an bfheirmeóir, “do fuairis-se leabaidh agus biadh mar do thugais féin riamh lóisdín agus biadh do ghach duine do casadh chúghat gá éileamh agus dhal- tuighis riamh le do bhéile. “Innis dam,” arse-sin leis an sgoláire bocht, “ar dheinis riamh aon déirch?” “Níor dheineas,” arsan sgoláire. bocht “mar nár fhéadas é. Ní raibh aon nidh agam do thabharfainn uaim. Ach nuair cailleadh m'athair do thugas a hata agus a mhaide do duine bhocht éigin, agus go deimhin níor bhfiú puinn iad.” “Á, sin í díreach an déirc do shaor ón loch tusa, mar d'altuigh an duine bocht úd leis an déirc sin, rud nár dheinis — se riamh le h-aon rud do fuairis.” “Id'thaoibh sa dhe” ar sé-sin leis an mbacach. “Níor altuighis-se riamh le do dhéirc ná le do bhéile agus isiad ceolta aoibhne na bhflaitheas do cualais-se ar feadh na h-oidhche ach ní raibh aon dul agat ar iad do shroisint mar níor altuighis le do dhéirc ná le do bhéile ar maidin ná ist oidhche. Imthighidh oraibh abhaile anois agus ón lá so go h-éag díbh ná deineadh aoinne agaibh dearmhad ar bhuidheachas do ghabhail le Dia mar gheall ar an arán laetheamhail.” A Chríoch. [T. Ní mór dam a admháil, a fhir eagair, gurbh é thug an sgeál so chun mo chuimhne chúgham ná an t-alt breágh bríoghmhar, cráibhtheach ciallmhar blasta úd do bhí in-uimhir na bliadhna nuaidh den “Record” ó láimh an Athar Labhrais, O. S. F. C. Sonas ar a láimh, agus go gcúitighid Dia a chuid saothair leis ar son leasa na nGaedheal, agus go gcasaidh na Gaedhil chéudna uile go léir go luath ar nósannaibh uasail cráibhtheacha a Sean agus go mór mhór ar a dtean- gain.] SEÁN Ó GRUAGÁIN. imBiorra Bhreandain dam. 18, Mí Coille, 1916.
BEANUIGHIM, DUIT-SE, ÉIRE. Beanuighim duit-se, Éire, a laogh ghil mo chroidhe, Leanbhleat féin mé ó chaol-chois go rinn; Tá grádh duit am chléibh-se, grádh Gaedhealach geal glinn As leanfad go n-éagad duit, a Éire, go díl. Do sheanchus léigheas-sa go tréanmhar nuair bhís, Nuair bhí righthe as naomha as léigheann lucht sa tír; Nuair thagadh na céadta 's na céadta thar tuinn Ar lorg an léighinn chirt feadh tréimhse ót chlainn. Léigheas thar Aodh Ruadh, thar Ó Néill, as thar Eoghan, As thar Seán mór an tréan-fhear, nár ghéill riamh dá nómhaid. Thar Pádruig Sáirséal, thar Ó Raghal- laigh an leomhan, 'S is breágh liom a sgéala cé gur éag siad fad ó. 'S thar Ruaidhrí Ó Mórdha deagh- sgeola do léigheas, Thar Emmet, thar Teóin, as thar treona fíor-Ghaedheal; Ar mothuighim an fhír-spioraid am chroidhe-sé go tréan Nuair a phreabann chugham smuainte thar ghníomhartha do laoch. A' siubhal nuair a théidhim-se i n-aon pháirt de'n tír Taithneann a sgéimh liom cé maol cuid dí bíonn; Taithneann liom sléibhte fé 'na bhfraoch-bhrat go mín, As taithneann liom séirse na héan- laith go bínn. Is eol dom mar táthar fé láthair sa tír, Cuid dínn go háluinn go dána, go groidhe, Go meisneamhail do réabfadh le faobhar cheart do chuinng; Agus cuid dínn, mo léir-chreach! gan éifeacht gan bhrígh. Ach, a Éire, a mháthair, a ghrádh ghil mo chléibh, Ní múchfar go bráth ionainn grádh ceart duit féin; Mairfidh as fásfaidh an grádh san gan baoghal, As eireochaidh gan spleadhchas do Sheán Buidhe na Gaedhil. Labhraim an Ghaedhilg 's ní shéanfad- sa í, Ós eol dom gur Gaedhilg ár gcaemh theanga bhinn; Mo chion beag féin déanfad lem shaoghal-sa gach nidh Do mhéadóchadh do réim-se do ghlé-chur chun cinn Beanuighim duit-se, a Éire, a réaltan mo chroidhe, Leanbh leat féin mé ó chaol-chois go rinn; Tá grádh dhuit am chléibh-se grádh Gaedhealach glan, glinn; Beannacht ort! go n-éagad ní thréig- fead mo thír. LORGA LIATH-BHÁN.
AN BREITHEAMHNAS. Lá amháin bhí fear mór árd ag siubhal fríd an t-sráid agus leanbh beag leis ann a dhá láimh. Is iomdha duine a d'amharc ar an bheirt an fhad agus bhí siad ag siubhal thart. Bhí an gasúr beag ag amharc ar gach taoibh de rith an ama, agus chonnaic sé cuid mhór rudaí iongan- tacha ó d'fhág sé an baile. Ní raibh an gasúr beag seo ábalta siubhal i ndiaidh é bheith cúig bliadhna de aois, acht ní shaoilfeadh duine ar bith go raibh sé níos mó ná dhá bhliadhain nó trí. Nuair a bhí sé dhá bhliadhain bhí sé chomh mór agus bhí sé anois agus é 'n-a rith thart fríd an teach. Má raibh sé ábalta siubhal anois féin bhí sé críonna agus bhí a mhuinntir go maith do. Bheadh a athair ag cuimh- neamh air i gcomhnaidhe ag gabhail amach chuig a chuid oibre do agus ag teacht isteach arais. Sa deireadh thug siad suas go Baile- Átha-Cliath é chuig dochtúir a bhí ann, mar bhí sé an chéimeamhail. Fad agus bhí siad sa traen, bhí 'acha'n duine ag deanamh iongantais do mar bhí sé 'n-a ghasúr dheas. Nuair a tháinic siad go teach an dochtúra, bhí cuid mhór istigh agus dubhairt fear dá raibh ann a bhí ag an dochtúir an lá roimhe sin — “Innsigheann sé an fhírinne dúinn.” “Agus nach fá choinne na fírinne innse dúinn a thig muid annso,” arsa an dara fear. “An fá do choinne féin atá tusa ag teacht annso?” arsa an tríomhadh fear le Donnchadh Ó Ceallaigh. “Ní hé,” arsa Donnchadh, “acht leis an ghasúr seo.” D'amharc 'acha'n duine ar an ghasúr chomh buadhartha agus tháinic eagla air. “An ngorteochaidh sé mé, ar' seisean le n-a athair. “Ó, ní ghorteochaidh,” ars' an t-athair, “ní leigfidh mise do.” Chonnaiceas do Dhonnchadh Ó Ceallaigh go dteachaidh tamall fada thart sul ar scairteadh ar a ainm, agus d'éirigh sé go gasta, agus thug an sear-bhfhoghantaidhe isteach 'san t-seomra é a raibh an dochtúir ann. Thug sé an leanbh do'n dochtúir, agus bhreathnuigh an dochtúir é. An fhad agus bhí sé ag amharc ar an leanbh, thuit an leanbh 'n-a chodladh, agus annsoin, shín an dochtúir chuid a athair é. “Seo dhuit é, ar' seisean, “agus congbhaigh é fad agus thig leat.” “Agus caidé a dheanfas mé leis?” arsa Donnchadh. “Gach ar bith,” arsa an dochtúir, “mar ní thig a ghach a dheanamh do fad agus tá a mhuinntir 'n-a bpótairibh.” Tháinic fearg ar Dhonnchadh agus dubhairt sé leis an dochtúir gur bréag a d'innis sé ná nach bhfacas eisean ólta ariamh. “Acht ólann tú braon beag 'acha'n lá,” ars' an dochtúir. “Ólaim,” ars' an fear, “acht ní dhean sé dochar ar bith damh.” “Ghnídh sé dochar mór duit,” ars' an dochtúir, “mar tá nimh na biotáilte fríd do chuid fola agus cnámh agus dá bhfosclochainn cnámh de do chuid caidé a gheobhainn sa smior? Nimh. Ní'l tú i'd' fhear níos mó acht i'd' photaire. 'Nois,” ars' an dochtúir agus leag sé a lámh ar cheann an ghasúir, “tá an leanbh ó mhaith agus is tusa is cionnt- aidhe.” Is iomdha duine fann lag, cnea- palta ciortheamach atá ar an dóigh chéadna. AODH Ó DÓMHNAILL.
ABRÁIN DIADA CHÚIGE CONNACHT. Is cráibhtheach an cine an cine Gaodhalach. Tá an Gaodhal Éireannach cráibhtheach ó nadúir. Chidh sé lámh Dé anns gach áit, anns gach am, & anns gach nidh. Níl aon Éireannach 'san gcéad a bhfuil adhbar duine-gan-creideamh ann. Is mó a spéis 'san anam, & 'sna neithibh bhaineas leis an anam 'ná 'san gcorp, & 'sna neithibh bhaineas leis an gcorp. An nidh nach bhfeiceann sé, ní lúghaide cre dfidh sé ann; an nidh chideas sé, chidhfidh sé níos mó ann 'ná fear de chine ar bith eile. An rud atá do-fheicse do dhaoinibh eile is soi-fheicse dhósan dé. Agus is nidh cinnte, fíor, so-thuigthe leis Dia. Mothaigheann sé cúmhacht dhó-fheicth, roimhe & le n-a thaoibh & ar a chul ar feadh a' lae ar feadh na h-oidhche. Is ó'n mothughadh so thigeas ráidhte coitchionna & foráin na Gaedhilge. Nuair castar duine ar dhuine eile in-áit “bon jour” nó “good morning” do rádh, ar nós na gcineadh eile, is é deir sé “Go mbean- nuighidh Dia dhuit.” Má chidh sé duine ag obair, deir sé “Bail ó Dhia ort,” ná tá tú ag sgaramhaint leis, deir sé “Go seacht soirbhigh’ Dia dhuit,” má tá sé do d'beannughadh deir sé “go saoga- luighidh Dia thú,” má chuireann tú sraoth asat glaodhfaidh sé “Dia Linn,” & nuáir chuireann tú forán air ag rádh “Go mbeannuighidh Dia dhuit,” is é a fhreagra-san “Go mbeannuig' Dia is Muire dhuit.” Nuair ghlacann sé snísín uait déarfaidh se “Beannacht Dé le h-anam do mharbh,” má thagann iongantas obann air, déarfaidh sé “Míle altughadh le Dia,” má thaisbeantar do leanbh óg Nó nidh eile an chéad uair, deir sé “Bail ó Dia air” má thagann buaidhreadh obann air, deir sé “Crois Chríost orainn,” i uair ghoireann an coileach 'sé an nidh gluineas seisean ann a ghlaodh “Mac na I-óige slán,” & má deanann sé ceasacht, is é deir sé “A Mhuire is truaig,” & níl cine eile ann san domhan mar thug, tráth, mo chara an t-athair Ó Gramhna fa deara, a bhfuil dá ainm ar Mharia, is é sin “Maire” nuair bais- tear é ar mhnaoi, acht “Muire” nuair labhrann siad i dtaoibh Mháthar an tSlánuightheóra. Tá Dia mar sin ann a beatha agus os cómhair a shúl, do ló & d' ndhche, agus is fíor-mhac é do na sean-naomhaibh sin do sgap solus Chríost ar Feadh an tsaoghail. Is Críostaide ó nádúir anois é, ó lá a bhreithe go h-uair a bháis. Is ionann an spiorad atá ann & a inntinn ómid ann san dá rábh sin, rádh na h-Eaglaire óige, ta archaia krateito .i. “Bíodh an bhuaid ag an nidh tá ársa,” & an radh sin Naomh Aibhstin credo quia impossible, “crei- dim é mar geall ar é do bheith dói- éanta.” Níor chum an Nadúir é le duine an creideamh do dhéanamh de; is i n-aghaidh a inntinne & á chroide-sean sin.
LEIGHEAS AR ÓLACHÁN .I. EASBADH DIGHE. Cad chuige go mbeadh aon deoch mheisceamhail dá dhíol ná dá ól i nÉirinn? Tá gach duine 'á rádh nach maith é an t-ól — gur olc an taithghie é — gur briseadh sláinte é — gur cailea- mhaint ghradama é — gur peacadh mór é. Tá an uile dhuine 'á rádh san idir chléir is tuata, lucht séanta an óil agus lucht diúgtha gloiní. Ins na scoileannaibh, ins na teampallaibh, ins na páipéaraibh bítear le h-aon mhór-guth amháin ag lochtú an óil agus ag lochtú lucht óil agus ag cur daoine fé gheasaibh i n-aghaidh an óil. Iarrthar ortha an t-ól a sheachaint ar son Dé, mar gur mór an peacadh i naghaidh Dé an chiall a thug Sé dhúinn a mharbhú agus a mhúchadh dár dtóil féin. Iarrtar ortha an t-ól a sheachaint ar son Éirean mar gur mór an náire agus an t-asmhuchán d'Éirinn aoinne dá clainn a bheith ar meisce. Iarrtar ortha ar a son féin é — ar son a sláinte, a gclú is a gcloinne — go dtabharfaidís an taobh thall de bhóthar ortha ó thigh an Óil agus go gcuirfidís a gcuid airgid i gcoimeád nó é chaitheamh go ciallmhar tairbheach ar bhiadh is ar éadach nó ar ghnó éigin chríochnamhail eile. Ach tar éis na mbeart san go léir tá oiread 'á ól againn is bhí riamh; nó marab é sin é, tá oiread & bhí riamh, no níos mó, dá chaitheamh againn ar an ól i nÉirinn. Agus is cosamhail gur mar sin a bheidh an scéal mara dtagaidh athrú mór ar an tsligh atáthar ag troid i gcoinnibh an ólacháin. Ar mhór nó ar bhuan an tairbhe, dar leat, bheith 'á iarraidh ar Pháistíbh gan misleáin d'ithe dá mbeadh pingní ag na páistí agus misleáin dá ndiol i ngach 'ra tigh ar an mbaile? Buadhann an síor-dúil ar an tuiscint agus ar an toil a thagann de bharr na tuisciona. Bíonn an dúil níos buaine ná an tuiscint agus bíonn misleáin ag páistibh. Bítear sa druim ar Thadhg Buidhe i dtaobh a bheith ar meisce ach ní bhítear sa druim ar Thadhg Breac i n-ao' chor a thug an deoch meisceamhail do agus a thóg a chuid airgid, ná ar Thadhg. An Tighearua Cagleanna i mBlá' Cliath a dhein an deoch a chuir Tadhg Buidhe ar meisce, ná ar na Tadhganna galánta creideamhnacha eile a chuireann a cúig no a h-ocht % de'n airgead a chaitheann Tadhg buidhe síos na bpócaí agus go mbíonn tighthe taidhbhseacha agus mótair maiseacha aca agus Tadhg Buidhe na bhothán bhracach. Tuilleann Tadhg Buidhe agus gheibheann sé an donas agus an mileán. Tuilleann na Tadhganna eile, leis, iad, ach ní gheibheann siad donas ná mileán. 'Na ionad san is amhlaidh a bhíonn an sonas ortha agus sógh agus aoibhneas aca agus gach duine ag tabhairt urrama agus géilleadh dhóibh. Níl aon leigheas ceart ar an ól ach gan a leithéid a bheith ann. Beidh lucht dighe d'ól ann an fhaid a bheidh lucht dighe a dhíol ann. Má cuirtear deire le díol na dighe beidh a lán daoine creachta. Beidh; Ach má leantar de díol na dighe beidh a lán daoine creachta agus a lán daoine ar meisce agus a lán daoine i n-umar na h-aimleise idir chorp agus anam. FÍOR-UISCE.
SGÉAL BHLATHA. Bhí rí i nÉirinn fad ó agus ní raibh aige acht aon inghean amháin, agus le grádh dá mháthair, a fuair bás nuair a bhí sí óg, níor phós ré aon bhean eile. Ba bhreagh áluinn an cailín í inghean an ríogh agus is iomdha prionnsa agus laoch do tháinic ar a tóir mar mhnaoi agus mar bhean chéile, acht níor iom- paig sí sinn a rosg, no radharc a súl ar éinne aca go dtáinig flaít ó'n Domhan Thoir. Bhí dalta le inghin an ríogh ins an gcúirt. Feallaire bhí mar ainm ar inghin an ríogh agus Blatha bhí mar ainm ar an dalta. Bhí Feallaire chomh h-áluinn le grian an tsamhraidh, acht bhí áilleacht Bhlatha mar réalt lonnrach tré cheó tráthnóna foghmhair. Bhí fiór-chaoin fáilte roimh an fhlaith a tháinig as an Domhan Thoir, acht níor labhair sé ar na heachtra a ndeacha sé thríd ar a aisdear, a teacht dó. Shaoil Feallaire nach bhfaca sí aon fhear ariamh budh bhreaghtha i ndealbh nó i ndéanadh ná é, ná fear chomh h-eolgach leis le grádh mná d'fhághail, agus shaoil sé leis féin go mbudh í Feallaire an bhean budh h-áilne ins an domhan ar fad agus níor thug sé áird ar bith ar Bhlatha. D'iarr an rí ar Bhlatha seinm dó ar an gcuirt. D'fhéadfadh sí ceól chomh breagh sin a bhaint as an gcuirt agus go ndeirthí nach gcloisthí a leithéid acht at na daoinibh maithe faoi Chnoc an Dúin. D'éist Maolbhran leis an gceól nó go raibh a chroidhe lán le luthghaire, agus d'féach sé ar Bhlatha agus thug sé grádh dhí nach bhféadfadh sé thabhairt do aon mhnaoi go bruinne an bhratha. Chonnairc Feallaire sin agus líon a croidhe le h-éad, óir níor ghnáthach le fir dearmad a dhéanadh uirthi mar sin, dá bhreaghthacht ceól Bhlatha féin. Acht mar sin a bhíos sé i gcomhnuidhe ag na mnáibh — bíonn súil aca leis an rud nach féidir leobhtha fhághail. Bhí go maith. Thug Blatha grádh do Mhaolbhran chomh mór is thug seisean díse. D'iarr an rí ar Mhaolbhran dul leis ag fiadhach lá, agus budh misne- amhail láidir an laoch é Maolbhran le féachaint air, i riocht is gur mhéaduigh grádh Fheallaire dhó agus mhéaduigh a fearg agus a h-éad, agus fá dheireadh budh mhaith léi an mhaighdean mhaiseach Blatha do chur chum báis le súil go dtuitfeadh Maolbhran i ngrádh léi féin; acht ní raibh 'fhios ag aon neach méadh an ghrádh' agus an éada abhí a líonadh a croidhe. D'fhiafruigh sí de'n tsean-mhnaoi ghlic cia 'n chaoi a bhféad- fadh sí a slacht agus a h-áilneacht a bhaint de Bhlatha, agus le na cuid draoidheachta d'athruigh an tsean-bhean ghlic í go ndearna smóilín dí, acht mar smóilín féin ní raibh luthgháir in a ceol, mar bhí cuimhne aice ar an bhfeall a rinne a deirbhsiús uirthi, agus budh cosamhail a glór le caoineadh o'n gcroidhe. Ins an oidhche hathruightí arís í go dtí n-a cuma féin, acht ní fhéadfad sí dul ar ais arís go cúirt an ríogh mar gheall ar an draoidheacht a cuireadh uirthi ná ní fhéadfadh na beathaigh fiadhna í mharbhadh. (Ní críoch.) MÁIRE.
SGÉAL BHLATHA. Thárla go raibh Findbhara rí an tSluaigh Sidhe in Iar Connacht oidhche agus sluagh mór in éinfeacht leis a'teacht ar ais ó Chnoc-Meá go Cnoc- an-Dúin, agus chonnaiceadar Blatha in a luighe ar thulachán. Táinic fearg ar Findbhara, mar nach raibh sé ceart ag aon-neach luighe as chasán an tSluaigh Sidhe, acht nuair a d'fosgail Blatha a súile, agus d'innis sí dhó a sgéal, ghlac sé truaigh mhór dí. D'iarr sé uirthi a dhul leo go Cnoc an Duín, an áit nach mbeidheadh tinneas croidhe nó brón uirthi arís go bráth. Dubhairt Blatha leis nach raibh sógh nó suaimh- neas le fághail aice muna mbeidheadh Maolbhran léi, agus go bhfanfadh sí mar bhí sí ar chuma éin ag súil go bhfuighfeadh sí radharc air. “Is olc iad na geasa atá ga do cheangal” arsa Findbhara, “acht ní féidir iad a sgaoileadh go bráth. Acht má thagann tú liom béidh tú i n-ann an riocht is fearr leat a bheith ann a chur ort féin le cathughadh a chur ar do ghrádh a theacht leat.” Annsin ghabh Blatha leis go luthghá- ireach toilteanach. Dála Maolbhran, budh mhór é a bhrón agus budh mhór an brón a bhí ar an rígh, nuair a fuair siad amach go raibh Blatha imthighthe. Leig Feallaire uirthi féin go mba gearr an bás uaithi le brón agus briseadh croidhe i ndiaidh a deirbhsiúra. Is é seó dubhairt sí le Maolbhran:— “An brón atá ort-sa, tá sé orm- sa freisin, a Mhaolbhrain, agus tá faitchíos orm nach bhfuighmid Blatha bhán arís go deo, mar is amhlaidh a bhí a ceol mar cheol mná sidhe, aghus is cosamhail gur uatha a tháinic sí, agus ní ghlacfaidis duine saoghalta a thiubh- radh grádh dhí, agus thug siad leo arís í, dá ndúnaibh glasa.” Ní raibh fhios ag Feallaire ar bh'í an fhírinne a labhair sí. Is é rud dubhairt Maolbhran: “Ní'l dún nó ráth i nÉirinn ghlas, nach gcongeochad faire air ar feadh oidhche, agus gidh gur leathan tiugh iad ballaí na bruidhne tá mo ghrádh chomh mór láidir ir go ngeobhadh sé thríotha agus go dtairneochadh sé chugam í.” Tháinic eagla mhór ar Fheallaire agus dubhairt sí: “Ní maith acht olc a thiocfas duit mar gheall ar an inntinn sin, agus mar sin cuirim faoi gheasaibh thú gan fanacht sa gcoill ná i n-aice an dúin nuair a bheidheas án oidhche a'tuitim.” Budh bhrónach go deimhin a bhí Maol- bhran acht ní fhéadfhadh fiór-laoch ar bith na geasaibh d'eitheach a cuirfeadh bean air. Acht ní h-amhlaidh atá sé faoi láthair. “Thug mise comhairle dhuit,” dubh- airt Feallaire, “do ghrádh a thabhairt do dhuine saoghalta.” “An grádh a thug mé do Bhlatha ní féidir liom a thógbháil dí,” dubhairt sé, “agus ní féidir le aon neach grádh a thabhairt do'n té is toil leis nó dá mb'fhéidir ní bheadheadh an saoghal so mar tá sé.” D'iarr Feallaire air fanacht ar feadh lae agus bliadhna agus thug sé toil sin a dhéanamh. Is iomdha cleas agus beart a imir sí acht i n-a dhiaidh sin níor fhéad sé ialach a chur ar Mhaolbhran tuitim i ngrádh léi. Agus ar chaoi ní raibh sé mar fear eile a thugas grádh do'n té bhidheas in a ghaodh- mhar i gcomhnuidhe agus a thréigeas a chéad-ghrádh ar son grádh eile. (Ní Críoch) MÁIRE.
SGEAL BHLATHA. Is iomdha riocht a chuir Blatha uirthi féin, acht níor éirigh léi, óir ní raibh cumas de ló ag na Sidhibh, agus ní raibh úsáid a teangaidh aice. Chuaidh Feallaire amach in a carbad lá áithrid agus Maolbhran in a comh- luadar, agus bí an oidhche a'tuitim nuair a chuir Findbhara agus sluaighte sinneán sídhe ag séideadh thart gur scannruigh ná caiple a bhí faoi an gcarbad, agus caitheadh Maolbhran agus Feallaire faoi an talamh. Is é an áit ar caitheadh iad ar aghaidh béil uaimhe duibhe dorcha in áit ar chual- adar ceol binn an tsrotha agus bhí an uaimh seo ag an dorus, ag dul go Tír-na-nÓg. Annsin a tháinic uamhan agus eagla ar Fheallaire mar chuala í i ngéagaibh an gcrann ór a cionn caoineadh brónach cráidhte agus bhí fhios aice go mbh 'í Blatha bhí ann. Thug Maolbhran an caoinead faoi deara agus bhí iongnadh mór air. Acht d'iarr Feal- laire air filleadh abhaile léi gan mhoill. D'eitill smóilín go dorus na h-uamha, agus do chuir an caoineadh cuimhne in a chroidhe. Chuir Feallaire a gheasa i gcuimhne dhó acht níor chuir sé suim innti óir, nuair a dhearc sé uaidh, sgar an lá leis an oidhche agus ins an áit a raibh an smóilín chonnairc sé Blatha bhán in a seasamh, a dá lámh sínte amach chuige agus a súile líonta le grádh, acht bhí sí faoi gheasaibh gan labhairt go dteigheadh sí go Cnoc-an- Duin. Bhí Feallaire i riocht bháis le feirg agus do chaill sí a banamhlacht agus d'innis sí go Maolbhran faoi n-agrádh, agus dubhairt sí go mbudh olc an rud grádh a bheith ag an sidhe dhó, agus go mbeidheadh aithméal air ar an adhbhar sin; mar sin féin, niór thug sé áird ar bith uirthi, acht cháit ré uaidh a láma bhí thart thimceall air, agus rug sé ar láimhibh Bhlatha. Annsin d'iom- paigh siad thart agus shiubhaladar go cúirt na Sidhe faoi Chnoc-an-Dúin. Dála Fheallaire, tháinic sí ó lá go lá acht ní bhfuair sí amharc ar Mhaol- bhran ní ba mhó. Tá fhios aice anois go siubhaileann sé i gcuideachta Bhlatha tré thír áluinn ghrádhmhar shéanmhar ins an áit nach bhfuil cuimhne nó smaointe aige uirthi, agus ní raibh suaimhneas le fagháil aice i gcuimhne nó i ndearmad. Is amhlaidh bhí sí go bhfuúir sí bás. Acht anois nuair a sheasas ógánach agus maighdean atá i ngrádh le chéile
ag dorus na h-uamha nuair a sgaras lá agus oidhche cluineann siad amhrán grádhmhar brodamhail ag measgadh le ceol an tsrotha sidhe; acht, nuair a sheasas bean a thug grádh uaithi gan iarraidh annsin, cluineann sí osnaí Fheallaire ag measgadh le fuaim na seinneán i gcraoibhibh na gcrann ós a cionn. (críoch.) MÁIRE.
AN CRÚISGÍN FOLAMH. SEAN Ó GRUAGÁIN. Thárla dham bheith ar lóisdín idtigh feirmeóra sa Rinn tráth. Chonnac rud éag-samhlach sa chistin ann. Crúsga gan tóin do b'eadh é agus é ar crochadh as crúca in áirde ar an bhfalla. Bhí fear an tighe féin ag féachaint orm agus mé ag cur na súl tríd an gcrúsga. Dhein se smigeadh gáire. “Is ait leat an crúsga gan tóin igcimeád againn,” arsé sin: “Is ait sin,” arsa mise. Níorbh ait dá mbeadh a sgéal agat, muise, ar sé. Is fearr go mór mo bhean chun sgéal an chrúsga soin d'inn- sint ná mise, creid mé, ach amháin go bhfuil sí comh sgáthamhail sin ná neós- fadh ar aon nidh. Nuair cailleadh m'athair, beannacht Dé le n-anam, thuiteas isteach ar an bhfeirm seo le h-uadhacht mar ba mhé an mac ba shine den líon tighe me. Bhíos pósta trí bliadna an uair sin. Sar a bhfuair m'athair bocht bás do chuir sé in úil dam go raibh dhá chéad púnt fiacha ar an áit. Nuair bhí sé curtha agus gach aon nidh socair, do nochtas m'aigne do Mháire idtaoibh an fhiacha, agus ba dheocair liom soin, creid me. “Agus, arsa mise léithi,” cad é an díoghbháil ach nárbh fhear sgaiptheach m'athair bocht, solas na bflaitheas dá anam. Bhíodh sé ag obair ó dhubh go dubh mar is eol duit, agus ní fhéadaim a rádh go bhfeaca riamh ar meisge é ná ar leath mheisge ach chómh beag, arsa mise. “Gan dabht d'óladh sé beagán ó am go h-am ach ní fheaca aoinne as an slighe riamh é. “Agus a Mháire,” arsa mise, “ní feirm gan mhaith í seo againn leis, ná feirm shuarach ach feirm bhreagh mhór thorthamhail ach a shaothrughadh agus an aire cheart thabhairt di.” Tá sé ag dul díom a thuisgint, a Mháire, “arsa mise, na fiacha so bheith uirthi.” Bhíos chómh cráidhte soin im aigne go ndeigheas agus gur bhaineas slogóg mhaith láidir as an gcrúsga soin annsoin — Bhísé slán an uair sin ámh — fé mar chidhinn m'athair bocht ghá dhéanamh go minic roimhe sin nuair bhíodh buairt aigne mar sin air. “Bhel, a Sheáin, a mhíc ó”, arsa Máire dom fhreagairt, agus do bhí magadh in-a shúilibh,” ta seift agam-sa agus má cuirtear ibhfeidhm é geallaim duit-se go mbeidh na fiacha so glan igceann cúig mbliadhain ó indiu le congnamh Dé. “Agus cad í an t-seift í, a Mháire;” idir mhagadh as fearg dam. “Tá,” arsa Máire, “geallamhaint diongbhálta dhéanamh i latháir Dé gan aon bhraon de leann dubh do thabhairt leat, d'aon iorracht, isteach sa tigh seo thar lán an chrúsga sin. An ndéanfair é a Sheáin, a bhuidheanach, ar son Dé agus ar mhaithe le de shláinte agus ar son do mharbh agus geallaim duit go daingean ná beidh cathughadh in a thaoibh ar feadh do shaoghail ort, le congnamh dé? “Déanfad agus fáilte,” a Mháire, arsa mise, “cad na thaoibh ná déan- fainn? agus níor ghábhadh dhuit go deimhin, na geasa chur comh dian soin orm. Ba leór dhom athair bhocht lán an chrusga soin agus ba chóir gur leor domh-sa leis é.” Bhí go maith agus ní raibh go h-olc. Leis an gcráidhteáct aigne bhí orm an oidhche sin do thugas cuaird nó dhó eile ar an gcrusga sar a chuadhas a chodhladh, agús ní mór dam a admháil nárbh fearrde mo chodhladh an chuaird cheudna. Maidin lár n-a bháireach ag eirghe dam bhí mo ceann ag sgoltadh le péin. agus do bhí tart an diachair orm. Dheineas ar an gcupord mar a raibh mo chrúsga. Is asam do baineadh an preab, geallaim duit. Is amhlaidh bhí an crúsga ach mar a cidheann tú anois é, eadhon, gan tóin. (Is amh- laidh d'imthig Máise an oidhche roimhe sin agus fuair sí siséal agus do bhain sí an tóin as an gcrusga cómh glan deaslámhach agus do dhéanfadh aon cheardaighe é). An fhaid do bhíos ag cur mo chuid searbhasa dhíom, bhí Máire ag caint liom agus tá gach focail dá cuid cainte in a sheasamh im aigne anois féin. “Á, a Sheáin bhoicht,” arsí, “tá a fhios agat anois cionnas mar thárla na fiacha bheith ar an áit seo againne; isteach sa chrusga soin thángadar, a mhíc ó: lán dhá cháirte dhíobh sa turus. Táir-se gan goile indiu. Sin é an áit atá do ghoile ag dul, isteach sa mhí-ádh crúsga chéudna soin. “Ar son dé a Sheáin, ná bac leis an leann dubh feasda. Cuimhnigh ar do gheall,” ar sise, agus bhí críth n-a glór. “Cuimhnéochad, a Mháire” arsa mise “agus ní bhrisfead ná bíodh eagal ort. Agus níor bhriseas leis, agus fé bhun cúig mbhliadhan do bhí na fiacha glan againn mar adubairt Máire go mbeidís. Seadh, agus do bhí mo ghoile casta orm in-a fhochair sin agus ní h-é amháin sin ach bhí cúbóg deas curtha ar leath taoibh againn le h-aghaidh “lae na coise tinne.” Anois an aon iongnadh leat sinn comh ceanamhail ar an gcrúsga folamh?
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services