Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Scéalta agus Nótaí

Title
Scéalta agus Nótaí
Author(s)
Údair éagsúla,
Composition Date
1916
Publisher
Na Caipisínigh

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


CLEASA NA LEANBH.



Seo cleas do chleachtuigheann na
páistí beaga insa Ghaedhealtacht.
Bíonn duine n-a cheann ortha. Bíonn
an chuid eile bailighthe timhcheall catha-
oireach nó ceann búird. Buaileann
an cheud leanbh a dhorn dúnta ar
an mbórd. Cuireann leanbh eile a
dhorn anuas ar an gcéud dorn. Cuir-
eann an tríomhadh leanbh a dhorn ar an
dara dorn agus mar sin go mbíd na
doirne go léir os cionn a chéile.



Annsan labhrann an leanbh ná bíonn
a dhorn sa stáca i n-ao' chor agus
cuireann sé (nó sí) ceist ar an leanbh
gur leis an dorn is aoirde ar an
stáca.



Ceist — “Cad é sin anáirde?”
Freagradh — “Ceann a' stáca.”
An chéad pháiste — “Leig ar lár é go
dtí amáireach go bhfaghaidh sé
práta nó ruaine cabáiste.”



Tógann an páiste gur leis an
dorn uachtarach an dorn anuas de'n
stáca. Annsan cuirtear an cheist
cheudna arís ar an gcead leanbh eile
agus leagann sé sin no í sin an dara
dorn. Déintear san le gach duine
go bhfuil dorn aca sa stáca go dtí
ná bíonn ar deire thiar thall acht aon
dorn amháin ann. Cuirtear ceist
eile annsan ar an bpáiste gur leis
an dorn san:—



Ceist — “Cad é sin thíos?”
Freagradh — “Prátaí 's im.”



C. — “Cá bhfuil mo chuid-se?”
F. — “Tá sé fé'n sop.”
C. — “Cá bhfuil an sop?”
F. — “Do dhóigh an teine é.”
C. — “Cá bhfuil an teine?”
F. — “Do mhúch an t-uisge é.”
C. — “Cá bhfuil an t-uisge?”
F. — “D'ól an damh é.”
C. — “Cá bhfuil an damh?”
F. — “Do mhairbh an tuagh é?”
C. — “Cá bhfuil an tuagh?”
F. — “Tá sé ag an máighistir.”
C. — “Cá bhfuil an máighistir?”
F. — “Tá sé síos annso,



Tá sé suas annso,
D' iarraidh slaitín duit-se,
D' iarraidh slaitín dóm-sa,
Fiche bhuille bheag,
Fiche bhuille mhór,
D'aenne labharfadh,
Ná gháirfeadh,
Go dtí an taca so máireach.”



Annsan bíonn gach aenne aca gan
focal ná gáire asta chomh fada agus
is féidir leo. Bíd siad ar a ndícheall
chun gan labhairt ná gáireadh. An
cheud duine a labhrann focal nó a
dheineann oiread a's smiogadh gáire,
fachtar slaitín agus buailtear fiche
bhuillé bheag agus fiche bhuille mhór ar
an duine sin. Is mór an spórt na
leanbhaí beaga agus iad chomh brónach
san gur dhóigh leat ortha gurab amhlaidh
a chaill gach aon duine aca airgead
nó mísleán.



SEÁN Ó CATHASAIGH.



[Sligh eile adéantar an cleas so —
na páistí go léir do bheith páirteach
ann agus an páiste gur leis an dorn
is giorra do'n dorn uachtarach do chur
na ceud cheiste air an duine ós a
chionn agus annsan an dara duine
deiridh do chur na gceisteanna deiridh
ar an té go mbíonn a dhorn ar an
mbórd.]


L. 31


SEANAMÓIN DO GHAEDHEALAIBH.



A dhuine chóir: Má tá Gaedhilg
agut labhair í. Labhair ins gach áit í
le gach duine. Labhair istigh is amuich
í. Labhair ar margadh agus ar aonach
í. Labhair ar posadh agus ar baiste
agus ar socraid í. Labhair sa bhannc
agus sa tsiopa agus i dtigh an tabh-
airne í. Labhair le hóg agus le
críona, fear agus le mnaoi í. Labhair
le sagart agus le cléireach í. Labhair
le balightheoir na cánach, leis an
bpíléar i le cléireach na bpínsí í. Ná
dein fallighe choidhche inti.



Mara bhfuil sí agut, foghluim í.
Tá múinteoirí Gaedhilge agus scol-
áirí Gaedhilge agus cainteoirí Gaedh-
ilge le fagháil go líonmhar i ngach
cúinne 'en dúthaig anois, baodhchas le
Dia.



Má's sagart thu, abair na gníomh-
artha agus ná hurnuighthe roimh Aifrinn
agus tréis Aifrinn as Gaedhilg.
Léig an tsoísgéal as Gaedhilg
Fógair gach ní as Gaedhilg. Tabhair
seanamóin Gaedhilge dod phobal. Is
sia go mór a chuimhneochaidh do phobal
ar sheanamóin Gaedhilge ná ar sheana-
móin Béarla. Is minic do chualamair
féin caint mar seo ar siúbhal idir
seandaoine. “Mhuise, beannacht Dé
le hanam an Athar Maitias. B'iné
do thugadh an tseanamóin bhreagh
Gaedhluine dhúinn. Raghfá as so go
Cill Áirne aig éisteacht leis. Cuimh-
nighim ar mhórán dá ndubhairt sé, cé
go bhfuil dathad éigin bliadhain caithte
ó chualadh é.”



Más máighistir scoile thu, múin an
Ghaedhilg le croidhe-dhúthracht dod
thréad. Dein oiread is is féidir leat
de ghnó na scoile a' Gaedhilg. Glao-
dhaig na hainmeacha a' Gaedhilg, agus
ná tabhair ach a n-ainmeacha Gaedhilge
ar na scoláiribh i rith an lae. Múin
seanachus na hÉireann ad scoil. Cuir
i n-iúil dod chuid scoláirí go bhfuil
tír ársa chlúil acu, agus go bhfuil
dualgas acu le comhlíonadh don tír
sin chómh maith díreach agus tá dualgas
acu le comhlíonadh dá muintir féin.



Más fear siopa thu cuir thainm a'
Gaedhilg os cionn an doruis. Díol
earaí Gaedhleacha ad shiopa.



Má tá leitreacha le sgrí agut,
sgribh a' Gaedhilg agus seol a' Gaedh-
ilg iad.



Má tá gnó sa bhannc agut sgríbh
thainm a' Gaedhilg ann. Dintar na
neithe seo go léir n-áiteannaibh áirithe.



Má tá marga nú udhacht le déanamh
agus, dein a' Gaedhilg é.



Má tá lucht aimsire uait, faigh
daoine a bhfuil Gaedhilg acu.



Má tá gadhar fiadhaig agut, tabhair
ainm Gaedhilge air. Tá na Laoithe
Fiannaigheachta lán d'ainmeachaibh
breaghtha gadhar agus con, cuir i gcás,
Luas, Ceol, Fearg, Fuam, &c. Má
tá capal ráis nú bád iasgaigh agut,
tabhair ainmeacha Gaedhilge ortha.
Seachain an iasacht: “Eringobragh”
agus a leitheid.



Más athair clainne thu, tabhair ain-
meacha fíor-Gaedhleacha air do chlainn.
Ainmeacha bhí air Gaedhlaibh fuair clú
de bharr a naomhthachta, nú de bharr
a gcrógachta nú de bharr géire a
n-inntleachta.



Má tá deighleáil le ceárduighe nú
le fear siopa agut, dein do ghnó
leis a' Gaedhilg. Agus mara bhfuil
cothrom aige á thabhairt d'earaíbh
Gaedhleacha, sgar leis agus claoidh
le fear eile in ionad. “Do bheadh
san ró-dhian ar fhear bhocht” arsa thusa.
Cuimhnimh ar na neithibh seo a dhuine.
Ní le mísleánaibh do dibrigheadh an
Ghaedhealg. Ní le cimilt baise cuir-
eadh Éire fé chois. Agus ní le haon
taobh acu ardóchaidh airís í. Tá obair
mhór throm romhainn. Tá casadh tréis
teacht ar an saoghal agus caithfimíd-
na an casadh san do stop, agus ath-
chasadh i n-agaidh an chasta san do chur
in' ionad. Agus mara gcuirimíd
cun na hoibre le lán-díoghrais croidhe,
le dúthracht dian, le dásacht dáiriríbh,
ní bheid brigh nár ngnó. Ní raibh aon
atharú mór sa tsaoghal riamh, dá
fheabhas atharú é ná go raibh duine
éigin thíos leis. Féach na fir is fearr
a bhí againn. Féac ar fhuilingeadar
le grádh d'Éirinn. Domhnal Cam,
Aodh Ó Néill, Aodh Ruadh Ó Domhnail,
Piaras Feiritéir, Baothlach Ó hAodh-
gán, Bhulbh Teón, Roibeárd Emet,
Seán Mistéal, Ó Donobháin Rosa
agus na céadta eile; nár mhó bhí
caillthe ná bheirtha acu san i gcúrsaibh
sóchmhainí an tsaoghail. Dfhuiling cuid
acu bás. Dfhuiling cuid acu ionnar-
badh. Dfhuilingeadar go léir cos-ar-
bolg agus drochúsáid agus díoghbháil
sláinte agus maoine i n-éiric a n-
grádha d' Éirinn. Ach níor mhór leo
dhi ar fhuilingeadar ar a son, nú dá
bhfuilingídís nios mó dá mbfhéidir é.



Nuair a bhí na tunótaithe bochta ag
cosaint a bfeirmeach mbeag, nach mó
duine acu thuit sa bhearnain. Deiri-
míd airís ná raibh aon atharú saoghail
riamh ann agus ná beidh go deo ná go
mbeidh duine éigin caillte leis. Agus
nách dóighthighe agus nách cirtisighe gur
spriúnlóigín bastúin éigin de Bhéar-
lóir a bheadh thíos leis an ngnó so na
Gaedhilge ná na crobhairí luas, ná
na tunótaithe bochta, ná na Gaedhil
bhochta do choinnibh an Ghaedhealtacht
beo go dtí seo, agus nár thréig nós-
mhaireacht ná sean-aimsearacht a sin-
sear riamh. Dar fiadh gur córa san.



Más duine de lucht aon choiste nú
aon bhúird phuiblighe thu, ciacu ‘Guar-
dian’ nú Giúistís, nú duine de choiste
eile labhair a' Gaedhilg ann agus ta-
bhair a ceart féin don Ghaedhilg bhoicht
do labradh go minic i gcúirt an righ
agus i gcill na naomh.



Má dheinean tú na neithe seo do
chomhairlighmair dhuit, beidh lucht na
céille do chodail amuich á rádh, is
dócha, gur duine buile thú. Ná bac
san. Dubharthas san i dtaobh Seáin
Uí Néill, agus i dtaobh Uí Shuilleabháin
Bhéara agus i dtaobh Aodha Ruaidh.
Do casadh le Columbus nuair a thug
sé aghaidh ar an mórmhuir é. Agus le
Siobhán d'Arc nuair a shábháil sí an
Fhrainnc. Le Gailileo nuair adubhairt
sé go ngabhan an domhan so againn
mór thímpal na gréine. Leis na
naoimh do cuireadh chun báis níos
túisge ná shéanfaidís an Creideamh.
Le gach éinne do dhein aon mhaith mhór
sa tsaoghal so riamh. Cá náire nú cá
masla dhúinn-na bheith ar buile, má ba
dhaoine buile iad san.



EIBHLE.


L. 51


SEAN NÓSANNA GAEDHEAL,
ALTUGHADH LE BIADH. *



SEÁN Ó GRUAGÁIN DO SGRÍOBH.



Do bhí feirmeóir 'n-a chómhnuidhe in
Gleann Atharlaighe tamall maith ó
shoin agus ní raibh le fághail sa ghleann
céudna, ná in Éirinn uile bfhéidir,
sár do bfeárr ná é chun déirc ná
lóisdín oidhche do thabhairt do dhaoine
bochta.



Mar seo oidhche Gheimhridh do casadh
chun an tighe chuige bacach luath,
láidir agus sgoláire bocht.



D'iarradar bheith istigh air agus
má iarr, fuair agus míle fáilte.



Do chaitheadar sgathamh de thosach na
h-oidhche ag seanchuidheacht agus nuair
bhí an suipéar igcóir do chaitheadar
le chéile go fonnmhar é. Nuair
a bhí deire ithte acu do altuig an
feirmeóir le n-a bhéile mar ba ghnáthach
leis. Ach níor altuig an bacach ná an
sgoláire bocht in éachor. Nuair a bhí
an t-althúghadh déanta ag an bhfeir-
meóir do labhair an bacach agus
adubhairt “nár tuigeadh leis féin go
raibh aon mhaitheas in althughadh.”



“Tá,” arsan feirmeoír, “agus ní
ghabhann rath ná críoch fóghanta aoinne
ná déanann altúghadh le n-a bhéile.”



D'eirigh áiteamh trom eatorra ar
an g-ceist agus 'sa deire sé an nidh
ar ar shocruigheadar dul go dtí an
Sagart parróiste agus é fhiafhruighe
dhe. Sin mar do bhí. Do thiománadar
leo fé dhéin tighe an t-Sagairt agus
dinnse adar do cad dothugiad. “Seadh,
anois imthíghidh oraibh abhaile agus
tagaidh annso chúgham-sa amáireach
agus ínnseadh gach aoinne agaibh cad
do bheidh feicighthe aige, agus annsoin
réidhteóchad an cheist sin eadraibh.”
D'iompuig an triúr thar n-ais abhaile,
ach bhí an oidhche cómh dorcha soin gur
imthigheadar ó n-a chéile, agus do
b'éigint do ghach duine acu imtheacht
ar a adhbhar féin.



Do ghluais an feirmeóir leis tríd
an ndoircheacht agus ba ghairid do
gur casadh chun tig breágh ar thaoibh an
bhóthair é.



Bhí dóirshe an tighe ar dianleathadh
agus solas glan soillseach leathistigh.
Nuair chuai andh feirmeóir isteach do
b'ait leis ná raibh duine ná daonaidhe
le feiscint fé dhíon tighe, ach teine
bhreágh sa teinteán agus leabaidh
bhreágh cóirighthe ar thaoibh an tighe, agus
biadh go flúirseach ar mhiasaibh sa
chistin. Do bhí an feirmeóir traochta
ón siubhal agus sa deire nuair theip
ar aoinne teacht chuige do chaith sé a
shuipéar agus do chuaidh a chodhladh chun
gur rug an lá air.



Do bhí an sgoláire bocht ag cur de
chun gur casadh cun baill (áit) go
raibh, dar leis, crann mór aonair ag
fás ann, crann gan géag, gan duil-
leabhar, ach aon chochal amháin 'n-a
bhárr in-áirde, agus dá mbeadh sé ag
siubhal ó shoin ní fhéadfadh sé imtheacht
ó comhghar an crainn sin gur rug solas
an lae air, agus is é ball (áit)
abhfuair sé é féin ar bruach locha agus
ní raibh sa chrann ach maide lámh agus
sean hata anuas ar a bharra, mar
chuaille do cuirfeá ag sgeónadh
phréachán.



Dála an bhacaigh, bhí sé ag cur de
riamh agus choidhche tré gach portach
agus tré gach muing go raibh sé
tuirseach tnáite.



Nuair stadadh sé suas chun tuairm
do thabhairt fén áit 'n-a raibh sé
d'airghead sé na céolta ba aoibhne
ar domhan tamaillín uaidh, agus nuair
a dhruideadh sé fé dhéin na h-áite n-a
mbíodh an ceol, dar leis, do bhíodh sí
an fhaid ceudna uaidh igcómhnuidhe
agus bhí sé 'sa chás soin cun gur rug
solas an lae air agus isé ball (áit)
n-a bhfuair sé é féin istigh i lár
phortaigh fhiadhain gan tigh gan treabh
-n-a chómhghar. Nuair tháinig an lá
ortha a dtriúr do thugadar aghaidh ar
thig an t-Sagairt mar bhí geallta acu
agus do casadh an triúr ar a chéile
ann.



“Seadh,” arsan sagart leó, “cion-
nas chaitheabhair an oidhche aréir?”



'Sé an feirmeóir do labhair ar
dtúis & adubhairt sé:—



“Do tháinig doircheacht ionghantach
orainn tréis sgartha leat-sa aréir, a
athair, ig-cás gur imthigeamar ó n-a
chéile. Do shiubhaleas féinigh orm
gur casadh cun tigh breágh mé go raibh
teine bhreágh ann, flúirse bidh agus
dighe, & leabaidh ann agus gan neach
eile le feiscint ar fuaid an tighe.
D'itheas féin méid mo mheóin de bhiadh
agus chuadhas a chodhladh go lá.”



“Cionnas a chaithis-se an oidhche?”
arsé-sin leis an sgoláire mbocht.
“go tuirseach,” arsan sgoláire, “do
bhíos ag siubhal ar feadh na h-oidhche
agus ar maidin do fuaireas mé fhéin
ar bruach locha, agus maide lámh n-a
sheasamh sa talamh rómham agus sean
hata anuas air.”



“Cionnas mar eirigh leat-sa?” ar
sésin leis an mbacach? “ó go h-olc,”
arsan bacach, “thugas an oidhche ar
seachrán. Nuair stadainn igcomhnuidhe,
d'airighinn ceól breágh go léir acht
nuair dhruidinn n-a threó bhíodh sé an
fhaid chéudna uaim igcomhnuidhe agus
sin mar ar chaitheas an oidhche ag
imtheacht im' caogaidhe aonair cun gur
gheal an la orm.



“Seadh, anois,” arsan sagart leis an
bfheirmeóir, “do fuairis-se leabaidh
agus biadh mar do thugais féin riamh
lóisdín agus biadh do ghach duine do
casadh chúghat gá éileamh agus dhal-
tuighis riamh le do bhéile. “Innis
dam,” arse-sin leis an sgoláire bocht,
“ar dheinis riamh aon déirch?”



“Níor dheineas,” arsan sgoláire.
bocht “mar nár fhéadas é. Ní raibh
aon nidh agam do thabharfainn uaim.
Ach nuair cailleadh m'athair do thugas
a hata agus a mhaide do duine bhocht
éigin, agus go deimhin níor bhfiú
puinn iad.” “Á, sin í díreach an
déirc do shaor ón loch tusa, mar
d'altuigh an duine bocht úd leis an
déirc sin, rud nár dheinis — se riamh le
h-aon rud do fuairis.”



“Id'thaoibh sa dhe” ar sé-sin leis an
mbacach. “Níor altuighis-se riamh le
do dhéirc ná le do bhéile agus isiad
ceolta aoibhne na bhflaitheas do
cualais-se ar feadh na h-oidhche ach ní
raibh aon dul agat ar iad do shroisint
mar níor altuighis le do dhéirc ná le
do bhéile ar maidin ná ist oidhche.
Imthighidh oraibh abhaile anois agus ón
lá so go h-éag díbh ná deineadh aoinne
agaibh dearmhad ar bhuidheachas do
ghabhail le Dia mar gheall ar an arán
laetheamhail.”



A Chríoch.



[T. Ní mór dam a admháil, a fhir
eagair, gurbh é thug an sgeál so chun
mo chuimhne chúgham ná an t-alt breágh
bríoghmhar, cráibhtheach ciallmhar blasta
úd do bhí in-uimhir na bliadhna nuaidh
den “Record” ó láimh an Athar
Labhrais, O. S. F. C.



Sonas ar a láimh, agus go gcúitighid
Dia a chuid saothair leis ar son leasa
na nGaedheal, agus go gcasaidh na
Gaedhil chéudna uile go léir go luath
ar nósannaibh uasail cráibhtheacha a
Sean agus go mór mhór ar a dtean-
gain.]



SEÁN Ó GRUAGÁIN.



imBiorra Bhreandain dam.
18, Mí Coille, 1916.


L. 69


BEANUIGHIM, DUIT-SE, ÉIRE.



Beanuighim duit-se, Éire, a laogh ghil
mo chroidhe,
Leanbhleat féin mé ó chaol-chois go
rinn;
Tá grádh duit am chléibh-se, grádh
Gaedhealach geal glinn
As leanfad go n-éagad duit, a Éire,
go díl.



Do sheanchus léigheas-sa go tréanmhar
nuair bhís,
Nuair bhí righthe as naomha as léigheann
lucht sa tír;
Nuair thagadh na céadta 's na céadta
thar tuinn
Ar lorg an léighinn chirt feadh tréimhse
ót chlainn.



Léigheas thar Aodh Ruadh, thar Ó Néill,
as thar Eoghan,
As thar Seán mór an tréan-fhear, nár
ghéill riamh dá nómhaid.
Thar Pádruig Sáirséal, thar Ó Raghal-
laigh an leomhan,
'S is breágh liom a sgéala cé gur éag
siad fad ó.



'S thar Ruaidhrí Ó Mórdha deagh-
sgeola do léigheas,
Thar Emmet, thar Teóin, as thar treona
fíor-Ghaedheal;
Ar mothuighim an fhír-spioraid am
chroidhe-sé go tréan
Nuair a phreabann chugham smuainte
thar ghníomhartha do laoch.



A' siubhal nuair a théidhim-se i n-aon
pháirt de'n tír
Taithneann a sgéimh liom cé maol cuid
dí bíonn;
Taithneann liom sléibhte fé 'na
bhfraoch-bhrat go mín,
As taithneann liom séirse na héan-
laith go bínn.



Is eol dom mar táthar fé láthair sa
tír,
Cuid dínn go háluinn go dána, go
groidhe,
Go meisneamhail do réabfadh le
faobhar cheart do chuinng;
Agus cuid dínn, mo léir-chreach! gan
éifeacht gan bhrígh.



Ach, a Éire, a mháthair, a ghrádh ghil mo
chléibh,
Ní múchfar go bráth ionainn grádh
ceart duit féin;
Mairfidh as fásfaidh an grádh san gan
baoghal,
As eireochaidh gan spleadhchas do Sheán
Buidhe na Gaedhil.



Labhraim an Ghaedhilg 's ní shéanfad-
sa í,
Ós eol dom gur Gaedhilg ár gcaemh
theanga bhinn;
Mo chion beag féin déanfad lem
shaoghal-sa gach nidh
Do mhéadóchadh do réim-se do ghlé-chur
chun cinn



Beanuighim duit-se, a Éire, a réaltan
mo chroidhe,
Leanbh leat féin mé ó chaol-chois go
rinn;
Tá grádh dhuit am chléibh-se grádh
Gaedhealach glan, glinn;
Beannacht ort! go n-éagad ní thréig-
fead mo thír.



LORGA LIATH-BHÁN.


L. 95


AN BREITHEAMHNAS.



Lá amháin bhí fear mór árd ag siubhal
fríd an t-sráid agus leanbh beag leis
ann a dhá láimh. Is iomdha duine a
d'amharc ar an bheirt an fhad agus bhí
siad ag siubhal thart. Bhí an gasúr beag
ag amharc ar gach taoibh de rith an ama,
agus chonnaic sé cuid mhór rudaí iongan-
tacha ó d'fhág sé an baile.



Ní raibh an gasúr beag seo ábalta
siubhal i ndiaidh é bheith cúig bliadhna
de aois, acht ní shaoilfeadh duine ar
bith go raibh sé níos mó ná dhá bhliadhain
nó trí. Nuair a bhí sé dhá bhliadhain bhí
sé chomh mór agus bhí sé anois agus é
'n-a rith thart fríd an teach.



Má raibh sé ábalta siubhal anois
féin bhí sé críonna agus bhí a mhuinntir
go maith do. Bheadh a athair ag cuimh-
neamh air i gcomhnaidhe ag gabhail amach
chuig a chuid oibre do agus ag teacht
isteach arais.



Sa deireadh thug siad suas go Baile-
Átha-Cliath é chuig dochtúir a bhí ann,
mar bhí sé an chéimeamhail. Fad agus
bhí siad sa traen, bhí 'acha'n duine ag
deanamh iongantais do mar bhí sé 'n-a
ghasúr dheas. Nuair a tháinic siad go
teach an dochtúra, bhí cuid mhór istigh
agus dubhairt fear dá raibh ann a bhí ag
an dochtúir an lá roimhe sin —



“Innsigheann sé an fhírinne dúinn.”



“Agus nach fá choinne na fírinne
innse dúinn a thig muid annso,” arsa
an dara fear.



“An fá do choinne féin atá tusa ag
teacht annso?” arsa an tríomhadh fear
le Donnchadh Ó Ceallaigh.



“Ní hé,” arsa Donnchadh, “acht leis
an ghasúr seo.”



D'amharc 'acha'n duine ar an ghasúr
chomh buadhartha agus tháinic eagla air.
“An ngorteochaidh sé mé, ar' seisean
le n-a athair.



“Ó, ní ghorteochaidh,” ars' an t-athair,
“ní leigfidh mise do.”



Chonnaiceas do Dhonnchadh Ó Ceallaigh
go dteachaidh tamall fada thart sul ar
scairteadh ar a ainm, agus d'éirigh sé go
gasta, agus thug an sear-bhfhoghantaidhe
isteach 'san t-seomra é a raibh an
dochtúir ann. Thug sé an leanbh do'n
dochtúir, agus bhreathnuigh an dochtúir é.
An fhad agus bhí sé ag amharc ar an
leanbh, thuit an leanbh 'n-a chodladh, agus
annsoin, shín an dochtúir chuid a athair é.



“Seo dhuit é, ar' seisean, “agus
congbhaigh é fad agus thig leat.”



“Agus caidé a dheanfas mé leis?”
arsa Donnchadh.



“Gach ar bith,” arsa an dochtúir,
“mar ní thig a ghach a dheanamh do fad
agus tá a mhuinntir 'n-a bpótairibh.”



Tháinic fearg ar Dhonnchadh agus
dubhairt sé leis an dochtúir gur bréag
a d'innis sé ná nach bhfacas eisean
ólta ariamh.



“Acht ólann tú braon beag 'acha'n
lá,” ars' an dochtúir.



“Ólaim,” ars' an fear, “acht ní dhean
sé dochar ar bith damh.”



“Ghnídh sé dochar mór duit,” ars' an
dochtúir, “mar tá nimh na biotáilte
fríd do chuid fola agus cnámh agus dá
bhfosclochainn cnámh de do chuid caidé
a gheobhainn sa smior? Nimh. Ní'l tú
i'd' fhear níos mó acht i'd' photaire.
'Nois,” ars' an dochtúir agus leag sé
a lámh ar cheann an ghasúir, “tá an
leanbh ó mhaith agus is tusa is cionnt-
aidhe.”



Is iomdha duine fann lag, cnea-
palta ciortheamach atá ar an dóigh
chéadna.



AODH Ó DÓMHNAILL.


L. 119


ABRÁIN DIADA CHÚIGE
CONNACHT.



Is cráibhtheach an cine an cine
Gaodhalach. Tá an Gaodhal Éireannach
cráibhtheach ó nadúir. Chidh sé lámh Dé
anns gach áit, anns gach am, & anns gach
nidh. Níl aon Éireannach 'san gcéad a
bhfuil adhbar duine-gan-creideamh ann.
Is mó a spéis 'san anam, & 'sna neithibh
bhaineas leis an anam 'ná 'san gcorp, &
'sna neithibh bhaineas leis an gcorp. An
nidh nach bhfeiceann sé, ní lúghaide cre
dfidh sé ann; an nidh chideas sé, chidhfidh
sé níos mó ann 'ná fear de chine ar bith
eile. An rud atá do-fheicse do dhaoinibh
eile is soi-fheicse dhósan dé. Agus is
nidh cinnte, fíor, so-thuigthe leis Dia.
Mothaigheann sé cúmhacht dhó-fheicth, roimhe
& le n-a thaoibh & ar a chul ar feadh a'
lae ar feadh na h-oidhche. Is ó'n mothughadh
so thigeas ráidhte coitchionna & foráin na
Gaedhilge. Nuair castar duine ar
dhuine eile in-áit “bon jour” nó
“good morning” do rádh, ar nós na
gcineadh eile, is é deir sé “Go mbean-
nuighidh Dia dhuit.” Má chidh sé duine
ag obair, deir sé “Bail ó Dhia ort,”
ná tá tú ag sgaramhaint leis, deir sé
“Go seacht soirbhigh’ Dia dhuit,” má tá
sé do d'beannughadh deir sé “go saoga-
luighidh Dia thú,” má chuireann tú sraoth
asat glaodhfaidh sé “Dia Linn,” &
nuáir chuireann tú forán air ag rádh
“Go mbeannuighidh Dia dhuit,” is é a
fhreagra-san “Go mbeannuig' Dia is
Muire dhuit.” Nuair ghlacann sé snísín
uait déarfaidh se “Beannacht Dé le
h-anam do mharbh,” má thagann iongantas
obann air, déarfaidh sé “Míle altughadh
le Dia,” má thaisbeantar do leanbh óg
Nó nidh eile an chéad uair, deir sé “Bail
ó Dia air” má thagann buaidhreadh obann
air, deir sé “Crois Chríost orainn,”
i uair ghoireann an coileach 'sé an nidh
gluineas seisean ann a ghlaodh “Mac
na I-óige slán,” & má deanann sé
ceasacht, is é deir sé “A Mhuire is
truaig,” & níl cine eile ann san domhan
mar thug, tráth, mo chara an t-athair Ó
Gramhna fa deara, a bhfuil dá ainm ar
Mharia, is é sin “Maire” nuair bais-
tear é ar mhnaoi, acht “Muire” nuair
labhrann siad i dtaoibh Mháthar an
tSlánuightheóra. Tá Dia mar sin ann
a beatha agus os cómhair a shúl, do ló
& d' ndhche, agus is fíor-mhac é do na
sean-naomhaibh sin do sgap solus Chríost
ar Feadh an tsaoghail. Is Críostaide
ó nádúir anois é, ó lá a bhreithe go
h-uair a bháis. Is ionann an spiorad
atá ann & a inntinn ómid ann san dá
rábh sin, rádh na h-Eaglaire óige, ta
archaia krateito .i. “Bíodh an bhuaid ag
an nidh tá ársa,” & an radh sin Naomh
Aibhstin credo quia impossible, “crei-
dim é mar geall ar é do bheith dói-
éanta.” Níor chum an Nadúir é le
duine an creideamh do dhéanamh de;
is i n-aghaidh a inntinne & á chroide-sean
sin.


L. 140


LEIGHEAS AR ÓLACHÁN
.I. EASBADH DIGHE.



Cad chuige go mbeadh aon deoch
mheisceamhail dá dhíol ná dá ól i
nÉirinn? Tá gach duine 'á rádh nach
maith é an t-ól — gur olc an taithghie
é — gur briseadh sláinte é — gur cailea-
mhaint ghradama é — gur peacadh mór é.
Tá an uile dhuine 'á rádh san idir chléir
is tuata, lucht séanta an óil agus lucht
diúgtha gloiní. Ins na scoileannaibh,
ins na teampallaibh, ins na páipéaraibh
bítear le h-aon mhór-guth amháin ag
lochtú an óil agus ag lochtú lucht óil
agus ag cur daoine fé gheasaibh i n-aghaidh
an óil. Iarrthar ortha an t-ól a
sheachaint ar son Dé, mar gur mór an
peacadh i naghaidh Dé an chiall a thug Sé
dhúinn a mharbhú agus a mhúchadh dár
dtóil féin. Iarrtar ortha an t-ól a
sheachaint ar son Éirean mar gur mór
an náire agus an t-asmhuchán d'Éirinn
aoinne dá clainn a bheith ar meisce.
Iarrtar ortha ar a son féin é — ar son
a sláinte, a gclú is a gcloinne — go
dtabharfaidís an taobh thall de bhóthar
ortha ó thigh an Óil agus go gcuirfidís a
gcuid airgid i gcoimeád nó é chaitheamh
go ciallmhar tairbheach ar bhiadh is ar
éadach nó ar ghnó éigin chríochnamhail eile.



Ach tar éis na mbeart san go léir tá
oiread 'á ól againn is bhí riamh; nó
marab é sin é, tá oiread & bhí riamh, no
níos mó, dá chaitheamh againn ar an ól
i nÉirinn. Agus is cosamhail gur mar
sin a bheidh an scéal mara dtagaidh
athrú mór ar an tsligh atáthar ag troid
i gcoinnibh an ólacháin. Ar mhór nó
ar bhuan an tairbhe, dar leat, bheith 'á
iarraidh ar Pháistíbh gan misleáin d'ithe
dá mbeadh pingní ag na páistí agus
misleáin dá ndiol i ngach 'ra tigh ar an
mbaile? Buadhann an síor-dúil ar
an tuiscint agus ar an toil a thagann
de bharr na tuisciona. Bíonn an dúil
níos buaine ná an tuiscint agus bíonn
misleáin ag páistibh.



Bítear sa druim ar Thadhg Buidhe
i dtaobh a bheith ar meisce ach ní bhítear
sa druim ar Thadhg Breac i n-ao' chor a
thug an deoch meisceamhail do agus a
thóg a chuid airgid, ná ar Thadhg. An
Tighearua Cagleanna i mBlá' Cliath a
dhein an deoch a chuir Tadhg Buidhe ar
meisce, ná ar na Tadhganna galánta
creideamhnacha eile a chuireann a cúig
no a h-ocht % de'n airgead a chaitheann
Tadhg buidhe síos na bpócaí agus go
mbíonn tighthe taidhbhseacha agus mótair
maiseacha aca agus Tadhg Buidhe na
bhothán bhracach. Tuilleann Tadhg Buidhe
agus gheibheann sé an donas agus an
mileán. Tuilleann na Tadhganna eile,
leis, iad, ach ní gheibheann siad donas
ná mileán. 'Na ionad san is amhlaidh
a bhíonn an sonas ortha agus sógh agus
aoibhneas aca agus gach duine ag
tabhairt urrama agus géilleadh dhóibh.



Níl aon leigheas ceart ar an ól ach
gan a leithéid a bheith ann. Beidh lucht
dighe d'ól ann an fhaid a bheidh lucht dighe
a dhíol ann. Má cuirtear deire le
díol na dighe beidh a lán daoine creachta.
Beidh; Ach má leantar de díol na dighe
beidh a lán daoine creachta agus a lán
daoine ar meisce agus a lán daoine
i n-umar na h-aimleise idir chorp agus
anam.



FÍOR-UISCE.


L. 161


SGÉAL BHLATHA.



Bhí rí i nÉirinn fad ó agus ní raibh
aige acht aon inghean amháin, agus le
grádh dá mháthair, a fuair bás nuair a
bhí sí óg, níor phós ré aon bhean eile.



Ba bhreagh áluinn an cailín í inghean
an ríogh agus is iomdha prionnsa agus
laoch do tháinic ar a tóir mar mhnaoi
agus mar bhean chéile, acht níor iom-
paig sí sinn a rosg, no radharc a súl
ar éinne aca go dtáinig flaít ó'n
Domhan Thoir.



Bhí dalta le inghin an ríogh ins an
gcúirt. Feallaire bhí mar ainm ar
inghin an ríogh agus Blatha bhí mar
ainm ar an dalta. Bhí Feallaire chomh
h-áluinn le grian an tsamhraidh, acht
bhí áilleacht Bhlatha mar réalt lonnrach
tré cheó tráthnóna foghmhair.



Bhí fiór-chaoin fáilte roimh an fhlaith
a tháinig as an Domhan Thoir, acht níor
labhair sé ar na heachtra a ndeacha sé
thríd ar a aisdear, a teacht dó. Shaoil
Feallaire nach bhfaca sí aon fhear
ariamh budh bhreaghtha i ndealbh nó i
ndéanadh ná é, ná fear chomh h-eolgach
leis le grádh mná d'fhághail, agus shaoil
sé leis féin go mbudh í Feallaire an
bhean budh h-áilne ins an domhan ar
fad agus níor thug sé áird ar bith ar
Bhlatha. D'iarr an rí ar Bhlatha seinm dó
ar an gcuirt. D'fhéadfadh sí ceól chomh
breagh sin a bhaint as an gcuirt agus
go ndeirthí nach gcloisthí a leithéid acht
at na daoinibh maithe faoi Chnoc an
Dúin. D'éist Maolbhran leis an
gceól nó go raibh a chroidhe lán le
luthghaire, agus d'féach sé ar Bhlatha
agus thug sé grádh dhí nach bhféadfadh
sé thabhairt do aon mhnaoi go bruinne
an bhratha. Chonnairc Feallaire sin
agus líon a croidhe le h-éad, óir níor
ghnáthach le fir dearmad a dhéanadh
uirthi mar sin, dá bhreaghthacht ceól
Bhlatha féin. Acht mar sin a bhíos sé i
gcomhnuidhe ag na mnáibh — bíonn súil
aca leis an rud nach féidir leobhtha
fhághail.



Bhí go maith. Thug Blatha grádh do
Mhaolbhran chomh mór is thug seisean
díse. D'iarr an rí ar Mhaolbhran dul
leis ag fiadhach lá, agus budh misne-
amhail láidir an laoch é Maolbhran le
féachaint air, i riocht is gur mhéaduigh
grádh Fheallaire dhó agus mhéaduigh a
fearg agus a h-éad, agus fá dheireadh
budh mhaith léi an mhaighdean mhaiseach
Blatha do chur chum báis le súil go
dtuitfeadh Maolbhran i ngrádh léi
féin; acht ní raibh 'fhios ag aon neach
méadh an ghrádh' agus an éada abhí a
líonadh a croidhe. D'fhiafruigh sí de'n
tsean-mhnaoi ghlic cia 'n chaoi a bhféad-
fadh sí a slacht agus a h-áilneacht a
bhaint de Bhlatha, agus le na cuid
draoidheachta d'athruigh an tsean-bhean
ghlic í go ndearna smóilín dí, acht
mar smóilín féin ní raibh luthgháir in a
ceol, mar bhí cuimhne aice ar an bhfeall
a rinne a deirbhsiús uirthi, agus budh
cosamhail a glór le caoineadh o'n
gcroidhe. Ins an oidhche hathruightí
arís í go dtí n-a cuma féin, acht ní
fhéadfad sí dul ar ais arís go cúirt
an ríogh mar gheall ar an draoidheacht
a cuireadh uirthi ná ní fhéadfadh na
beathaigh fiadhna í mharbhadh.



(Ní críoch.)



MÁIRE.


L. 181


SGÉAL BHLATHA.



Thárla go raibh Findbhara rí an
tSluaigh Sidhe in Iar Connacht oidhche
agus sluagh mór in éinfeacht leis
a'teacht ar ais ó Chnoc-Meá go Cnoc-
an-Dúin, agus chonnaiceadar Blatha
in a luighe ar thulachán. Táinic fearg
ar Findbhara, mar nach raibh sé ceart
ag aon-neach luighe as chasán an
tSluaigh Sidhe, acht nuair a d'fosgail
Blatha a súile, agus d'innis sí dhó a
sgéal, ghlac sé truaigh mhór dí. D'iarr
sé uirthi a dhul leo go Cnoc an Duín,
an áit nach mbeidheadh tinneas croidhe
nó brón uirthi arís go bráth. Dubhairt
Blatha leis nach raibh sógh nó suaimh-
neas le fághail aice muna mbeidheadh
Maolbhran léi, agus go bhfanfadh sí
mar bhí sí ar chuma éin ag súil go
bhfuighfeadh sí radharc air.



“Is olc iad na geasa atá ga do
cheangal” arsa Findbhara, “acht ní
féidir iad a sgaoileadh go bráth. Acht
má thagann tú liom béidh tú i n-ann
an riocht is fearr leat a bheith ann a
chur ort féin le cathughadh a chur ar do
ghrádh a theacht leat.”



Annsin ghabh Blatha leis go luthghá-
ireach toilteanach.



Dála Maolbhran, budh mhór é a bhrón
agus budh mhór an brón a bhí ar an rígh,
nuair a fuair siad amach go raibh
Blatha imthighthe. Leig Feallaire uirthi
féin go mba gearr an bás uaithi le
brón agus briseadh croidhe i ndiaidh a
deirbhsiúra. Is é seó dubhairt sí le
Maolbhran:—



“An brón atá ort-sa, tá sé orm-
sa freisin, a Mhaolbhrain, agus tá
faitchíos orm nach bhfuighmid Blatha
bhán arís go deo, mar is amhlaidh a bhí
a ceol mar cheol mná sidhe, aghus is
cosamhail gur uatha a tháinic sí, agus
ní ghlacfaidis duine saoghalta a thiubh-
radh grádh dhí, agus thug siad leo arís
í, dá ndúnaibh glasa.”



Ní raibh fhios ag Feallaire ar bh'í an
fhírinne a labhair sí. Is é rud dubhairt
Maolbhran:



“Ní'l dún nó ráth i nÉirinn ghlas,
nach gcongeochad faire air ar feadh
oidhche, agus gidh gur leathan tiugh iad
ballaí na bruidhne tá mo ghrádh chomh
mór láidir ir go ngeobhadh sé thríotha
agus go dtairneochadh sé chugam í.”



Tháinic eagla mhór ar Fheallaire
agus dubhairt sí:



“Ní maith acht olc a thiocfas duit
mar gheall ar an inntinn sin, agus
mar sin cuirim faoi gheasaibh thú gan
fanacht sa gcoill ná i n-aice an dúin
nuair a bheidheas án oidhche a'tuitim.”



Budh bhrónach go deimhin a bhí Maol-
bhran acht ní fhéadfhadh fiór-laoch ar bith
na geasaibh d'eitheach a cuirfeadh bean
air. Acht ní h-amhlaidh atá sé faoi
láthair.



“Thug mise comhairle dhuit,” dubh-
airt Feallaire, “do ghrádh a thabhairt
do dhuine saoghalta.”



“An grádh a thug mé do Bhlatha ní
féidir liom a thógbháil dí,” dubhairt sé,
“agus ní féidir le aon neach grádh a
thabhairt do'n té is toil leis nó dá
mb'fhéidir ní bheadheadh an saoghal so
mar tá sé.”



D'iarr Feallaire air fanacht ar
feadh lae agus bliadhna agus thug sé
toil sin a dhéanamh. Is iomdha cleas
agus beart a imir sí acht i n-a dhiaidh
sin níor fhéad sé ialach a chur ar
Mhaolbhran tuitim i ngrádh léi. Agus
ar chaoi ní raibh sé mar fear eile a
thugas grádh do'n té bhidheas in a ghaodh-
mhar i gcomhnuidhe agus a thréigeas a
chéad-ghrádh ar son grádh eile.



(Ní Críoch)



MÁIRE.


L. 203


SGEAL BHLATHA.



Is iomdha riocht a chuir Blatha uirthi
féin, acht níor éirigh léi, óir ní raibh
cumas de ló ag na Sidhibh, agus ní
raibh úsáid a teangaidh aice.



Chuaidh Feallaire amach in a carbad
lá áithrid agus Maolbhran in a comh-
luadar, agus bí an oidhche a'tuitim
nuair a chuir Findbhara agus sluaighte
sinneán sídhe ag séideadh thart gur
scannruigh ná caiple a bhí faoi an
gcarbad, agus caitheadh Maolbhran
agus Feallaire faoi an talamh. Is é
an áit ar caitheadh iad ar aghaidh béil
uaimhe duibhe dorcha in áit ar chual-
adar ceol binn an tsrotha agus bhí an
uaimh seo ag an dorus, ag dul go
Tír-na-nÓg.



Annsin a tháinic uamhan agus eagla
ar Fheallaire mar chuala í i ngéagaibh
an gcrann ór a cionn caoineadh
brónach cráidhte agus bhí fhios aice go
mbh 'í Blatha bhí ann. Thug Maolbhran
an caoinead faoi deara agus bhí
iongnadh mór air. Acht d'iarr Feal-
laire air filleadh abhaile léi gan
mhoill. D'eitill smóilín go dorus na
h-uamha, agus do chuir an caoineadh
cuimhne in a chroidhe. Chuir Feallaire
a gheasa i gcuimhne dhó acht níor chuir
sé suim innti óir, nuair a dhearc sé
uaidh, sgar an lá leis an oidhche agus
ins an áit a raibh an smóilín chonnairc
sé Blatha bhán in a seasamh, a dá lámh
sínte amach chuige agus a súile líonta
le grádh, acht bhí sí faoi gheasaibh gan
labhairt go dteigheadh sí go Cnoc-an-
Duin.



Bhí Feallaire i riocht bháis le feirg
agus do chaill sí a banamhlacht agus
d'innis sí go Maolbhran faoi n-agrádh,
agus dubhairt sí go mbudh olc an rud
grádh a bheith ag an sidhe dhó, agus go
mbeidheadh aithméal air ar an adhbhar
sin; mar sin féin, niór thug sé áird
ar bith uirthi, acht cháit ré uaidh a
láma bhí thart thimceall air, agus rug
sé ar láimhibh Bhlatha. Annsin d'iom-
paigh siad thart agus shiubhaladar go
cúirt na Sidhe faoi Chnoc-an-Dúin.



Dála Fheallaire, tháinic sí ó lá go
lá acht ní bhfuair sí amharc ar Mhaol-
bhran ní ba mhó. Tá fhios aice anois
go siubhaileann sé i gcuideachta Bhlatha
tré thír áluinn ghrádhmhar shéanmhar ins
an áit nach bhfuil cuimhne nó smaointe
aige uirthi, agus ní raibh suaimhneas le
fagháil aice i gcuimhne nó i ndearmad.
Is amhlaidh bhí sí go bhfuúir sí bás.



Acht anois nuair a sheasas ógánach
agus maighdean atá i ngrádh le chéile


L. 204


ag dorus na h-uamha nuair a sgaras
lá agus oidhche cluineann siad amhrán
grádhmhar brodamhail ag measgadh le
ceol an tsrotha sidhe; acht, nuair a
sheasas bean a thug grádh uaithi gan
iarraidh annsin, cluineann sí osnaí
Fheallaire ag measgadh le fuaim na
seinneán i gcraoibhibh na gcrann ós a
cionn.



(críoch.)



MÁIRE.


L. 217


AN CRÚISGÍN FOLAMH.



SEAN Ó GRUAGÁIN.



Thárla dham bheith ar lóisdín idtigh
feirmeóra sa Rinn tráth. Chonnac rud
éag-samhlach sa chistin ann. Crúsga
gan tóin do b'eadh é agus é ar crochadh
as crúca in áirde ar an bhfalla.



Bhí fear an tighe féin ag féachaint
orm agus mé ag cur na súl tríd an
gcrúsga.



Dhein se smigeadh gáire. “Is ait
leat an crúsga gan tóin igcimeád
againn,” arsé sin:



“Is ait sin,” arsa mise.



Níorbh ait dá mbeadh a sgéal agat,
muise, ar sé. Is fearr go mór mo
bhean chun sgéal an chrúsga soin d'inn-
sint ná mise, creid mé, ach amháin go
bhfuil sí comh sgáthamhail sin ná neós-
fadh ar aon nidh.



Nuair cailleadh m'athair, beannacht
Dé le n-anam, thuiteas isteach ar an
bhfeirm seo le h-uadhacht mar ba mhé
an mac ba shine den líon tighe me.
Bhíos pósta trí bliadna an uair sin.
Sar a bhfuair m'athair bocht bás do
chuir sé in úil dam go raibh dhá chéad
púnt fiacha ar an áit. Nuair bhí sé
curtha agus gach aon nidh socair, do
nochtas m'aigne do Mháire idtaoibh an
fhiacha, agus ba dheocair liom soin,
creid me.



“Agus, arsa mise léithi,” cad é an
díoghbháil ach nárbh fhear sgaiptheach
m'athair bocht, solas na bflaitheas dá
anam.



Bhíodh sé ag obair ó dhubh go dubh
mar is eol duit, agus ní fhéadaim a
rádh go bhfeaca riamh ar meisge é ná
ar leath mheisge ach chómh beag, arsa
mise. “Gan dabht d'óladh sé beagán
ó am go h-am ach ní fheaca aoinne as
an slighe riamh é.



“Agus a Mháire,” arsa mise, “ní
feirm gan mhaith í seo againn leis, ná
feirm shuarach ach feirm bhreagh mhór
thorthamhail ach a shaothrughadh agus an
aire cheart thabhairt di.”



Tá sé ag dul díom a thuisgint, a
Mháire, “arsa mise, na fiacha so bheith
uirthi.” Bhíos chómh cráidhte soin im
aigne go ndeigheas agus gur bhaineas
slogóg mhaith láidir as an gcrúsga
soin annsoin — Bhísé slán an uair sin
ámh — fé mar chidhinn m'athair bocht ghá
dhéanamh go minic roimhe sin nuair
bhíodh buairt aigne mar sin air.



“Bhel, a Sheáin, a mhíc ó”, arsa Máire
dom fhreagairt, agus do bhí magadh
in-a shúilibh,” ta seift agam-sa agus
má cuirtear ibhfeidhm é geallaim
duit-se go mbeidh na fiacha so glan
igceann cúig mbliadhain ó indiu le
congnamh Dé.



“Agus cad í an t-seift í, a
Mháire;” idir mhagadh as fearg dam.



“Tá,” arsa Máire, “geallamhaint
diongbhálta dhéanamh i latháir Dé gan
aon bhraon de leann dubh do thabhairt
leat, d'aon iorracht, isteach sa tigh
seo thar lán an chrúsga sin. An
ndéanfair é a Sheáin, a bhuidheanach,
ar son Dé agus ar mhaithe le de
shláinte agus ar son do mharbh agus
geallaim duit go daingean ná beidh
cathughadh in a thaoibh ar feadh do
shaoghail ort, le congnamh dé?



“Déanfad agus fáilte,” a Mháire,
arsa mise, “cad na thaoibh ná déan-
fainn? agus níor ghábhadh dhuit go
deimhin, na geasa chur comh dian soin
orm. Ba leór dhom athair bhocht lán
an chrusga soin agus ba chóir gur leor
domh-sa leis é.”



Bhí go maith agus ní raibh go h-olc.
Leis an gcráidhteáct aigne bhí orm
an oidhche sin do thugas cuaird nó dhó
eile ar an gcrusga sar a chuadhas a
chodhladh, agús ní mór dam a admháil
nárbh fearrde mo chodhladh an chuaird
cheudna.



Maidin lár n-a bháireach ag eirghe
dam bhí mo ceann ag sgoltadh le péin.
agus do bhí tart an diachair orm.
Dheineas ar an gcupord mar a raibh
mo chrúsga. Is asam do baineadh an
preab, geallaim duit. Is amhlaidh
bhí an crúsga ach mar a cidheann tú
anois é, eadhon, gan tóin. (Is amh-
laidh d'imthig Máise an oidhche roimhe
sin agus fuair sí siséal agus do bhain
sí an tóin as an gcrusga cómh glan
deaslámhach agus do dhéanfadh aon
cheardaighe é).



An fhaid do bhíos ag cur mo chuid
searbhasa dhíom, bhí Máire ag caint
liom agus tá gach focail dá cuid
cainte in a sheasamh im aigne anois
féin.



“Á, a Sheáin bhoicht,” arsí, “tá a fhios
agat anois cionnas mar thárla na
fiacha bheith ar an áit seo againne;
isteach sa chrusga soin thángadar, a
mhíc ó: lán dhá cháirte dhíobh sa turus.
Táir-se gan goile indiu. Sin é an
áit atá do ghoile ag dul, isteach sa
mhí-ádh crúsga chéudna soin.



“Ar son dé a Sheáin, ná bac leis an
leann dubh feasda. Cuimhnigh ar do
gheall,” ar sise, agus bhí críth n-a glór.
“Cuimhnéochad, a Mháire” arsa mise
“agus ní bhrisfead ná bíodh eagal ort.
Agus níor bhriseas leis, agus fé bhun
cúig mbhliadhan do bhí na fiacha glan
againn mar adubairt Máire go
mbeidís. Seadh, agus do bhí mo ghoile
casta orm in-a fhochair sin agus ní h-é
amháin sin ach bhí cúbóg deas curtha ar
leath taoibh againn le h-aghaidh “lae
na coise tinne.”



Anois an aon iongnadh leat sinn
comh ceanamhail ar an gcrúsga folamh?














19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services