Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Scéalta, Gaeilge i mBéarla Chill Dara
Title
Scéalta, Gaeilge i mBéarla Chill Dara
Author(s)
Údair éagsúla,
Composition Date
1914
Publisher
Na Caipisínigh
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
AN PRÓCA ÓIR. SEÁN Ó GRUAGÁIN do sgríobh. AR LEANAMHAINT. “An bhfaighinn bheith istigh uait i gcóir na hoidhche,” ar sé. “Gheóbhair a's fáilte,” ar san bain- treabhach, “tar isteach a's suidh.” Do dhein an sgoláire rud uirthi go fonnmhar. Bhí an suipéar i ngiorracht do bheith ullamh a's nuair do bhí sé ullamh d'iarr an bhaintreabhach air luighe isteach, “mar,” ar sise, “do réir deallraimh is géar atáir n-a ghábhadh.” “Sé an focal is fírinnighe dár thuit ót' bhéal riamh é,” ar san sgoláire, “ach má seadh, chun na fírinne d'inn- sinnt duit, ní mór é mo dhúil i mbiadh a's níl ann acht sheachtmhain ó bhain soin dam a's is taidhreamh fé ndearra é.” “Taidhreamh,” ar san baintreabach, “is greannmhar soin de,” ar sí. “Níl aon ghreann ná spórt ag baint leis mar taidhreamh, chómh fada a's do théideann mo chuid-se dhen sgéal,” ar san sgoláire bocht, “a's neosaidh mé dhuit cionnas soin. “Trí oidhche as a chéile a's mé im' chodladh do nochtadh dam dar liom áit n-a raibh próca óir curtha i dtalamh. Do bhí, cheapas, crann mór sgeiche gile go raibh cochal 'n-a bharra ag fás ar an áit chéadhna.” “Tá seachtmhain ann ó deineadh an taidhreamh dam a's táim sa tsiubhal ó shoin a's gan faic dá bharra agam. “A's dá thuirsighe bhím tar éis siubhal- óide an lae is ró bheag de chodladh na hóidhche gheibhim a's sin é an chúrsa do mé ó dhúil do bheith i mbiadh agam, a's do thug an crot so na haindeise orm fé mar is léir duit,” ar san sgoláire. Dubhairt an bhaintreabhac annsoin go raibh crainn de'n sgeich ghil go fairsing sa dúthaigh sin, “ach 'nach mór an truagh dhuit,” ar sise, “a bheith ag caitheamh do chuid aimsire ar chuaird gan chruinneas de'n tsaghas soin.” “I mbasa féin, a bhean an tighe,” ars an sgoláire, dá freagradh, “is amhlaidh mar atá an sgéul agam ná féadfhainn mo shuaimhneas a cheapadh riamh ná coidhce chun go bhféachfhainn deire chúrsaidhe an taidhrimh.” Dubhairt an bhaintreabhach leis ann- soin gan cheisd do bheith air go mbéadh fáilte roimhe fuireach acu chómh fada a's ba mhian leis féin é, a's d'orduigh dá hinghín ionad suain do chóiriú' ar an lochta dho. Do ghaibh an stróinséar buidheachas go croidheamhail leo araon ar a bhfhéile a's ar a gcneastacht leis. Do thárla pínse tae do bheith ag an mbaintreabhaigh a's má bhí, ní h-í do bhí gann fé leis an bhfánaidhe, ar shlighe gur gairid go raibh sí féin a's a hinghean chómh mór eolas ar a chúrraidhe leis féin. Is comhsamhail gur chuir an cupán tae i dteannta teas na teine, sámhán ar an bhfear mbocht mar b'é a dhícheall ó féin do chiméad ó thuitim 'na' chodladh, a's dubhairt an bhain- treabhach leis go mbfhearra dho an leabaigh do thabhairt ar féin; rud do dhein gan ró-mhoill, mar ba bhreagh aige é tar éis a shiubhailtí a's a chuid annró. Ba ghairid 'na dhiaigh soin go raibh an duine bocht ag sranntarnaigh go tréan ar leabaidh an lochta. Cómh luath i nÉirinn a's do bhraith an bhaintreabhach nach saibh aon bhaoghal dúistighthe air do shleamhnaigh sí léithi amach as an tigh ar bairraiciní na na gcos a's a h-inghean n-a diaigh. D'imthigheadar a's dhaimsigheadar rámhan a's sluasaid a's do thugadar a mbeirt aghaidh ar sgeich mhór cocha- laigh do bhí ag fás i ngiorracht páirce do'n tig. Do bhaineadar an fód timcheall na sgeiche móire cochalaighe a's do chrom ag polladh leó a's ní fada bhíodar ag gabháil do'n obair sin chun gur thang- adar ar lic cloiche. “A!” ar san baintreabhach i gcogar leis an inghín, “chómh siúralte as táir beo, tá an prag againn,” a's i mbasa do bfhíor di. Nuair árduigheadh an leac b'shin fúithi shíos go seascair an boisgín beag. Is gairid do bhíodar ghá thógaint a's ghá osgailt a's a gcroidhe ag cur orra le n-a linn sin. Bhí an prag acu gan agó. Bhí an boisgín nach mór lán de phíosaí óir. Is iad do bhí go háthasach a's go mórdhálach! Ba ghairid an mhoill orra an chré do chaitheamh thar n-ais sa' pholl a's a bhéal a dhúnadh a's na sgraitheanna do chur air. D'imthígheadar annsoin a's do thiom- ánadar na ba isteach ar an áit chun é do phosáil a's do thug aghaidh ar an tigh le n-a stór a's an leac bheag a's do chuir i gcimeád iad go cruinn baileach. Do thugadar an leabaidh orra ann- soin ach máiseadh níor chun codhlata é mar do bhí an aigne go ró trí na' chéile acu, chun aon néal do thuitim orra dhi. Níor mhar sin do'n sgoláire ámhthach, is é do chuir an oidhche de ar a “sháimhín shógh” a's a phort shrónuigheala ar siubhal aige. Nuair tháinig am proinne ar maidin do glaodhadh é a's do cuireadh a bhreacfhást roimhe ach má cuireadh ní mór do chaith sé dé nar do bhí an t-imsníomh ag cur air go dian i gcomh- nuidhe a's b'é do bfhada leis go mbeadh 'sa' chuaird ath-uair. Chómh luath a's ghlan sé a bhéal ba sheó amach leis ag lorg na sgeiche cocallaighe, a's níor bhfada ar siubhal do chun gur thug sé fé ndearra i bpáirc na beantreabhaighe an sgeach do chonnaic sé sá' taidhreamh. (Ní Chríoch).
AN PRÓCA ÓIR. SEÁN Ó GRUAGÁIN do sgríobh AR LEANAMHAINT. Is ionghantach nár eirigh a chroidhe as an aindeiseóir le neart átais. Cheap sé nidh nach ionghantach go raibh a fhortúin déanta i ndeire na sgríbe. Luigh sé ag obair le fonn ach má luigh, ba ghairid go bhfuair sé amach go rabhthas roimh ré leis. Bhí an prócha imtighthe gan bith a thuairsge! Cá h-ionghnadh má fhill sé ar thig na Baintreabhaige a's é go trom- chroidheach, cráidhte. Do leig an bheirt orra bheith chómh mór brón leis féin i dtaoibh a mhí-fhortúin. Annsoin dubhairt an sgoláire bocht nách raibh aon ghnó san áit feasda aige a's go mbeadh sé ag bogadh a's ag géarrú' an bhothair a bhaile a's gur thruagh cráidte leis gur fhág sé riamh é. Níor bhé a dhearmhad roimh imtheacht do, a bhuidheacas chroidhe do ghabháil leis an mbaintreabhaigh as le n-a h-ingín i dtaoibh a fheabhais bhíodar leis a's leis sin dfág sé slán a's beannacht acu. Beanín stuamdha ghasta do b'eadh an bhaintreabhach murab ionann a's daoine eile é, a's ní baoghal gur dhein sí aon nidh do sgéithfeadh uirri féin, ach do bhíodh sí ní ba fhiala ná riamh le lucht déirce. Seal gearr n-a dhiaigh sin do thug duine eile de sna sgoláiribh bochta cuaird ar thig na baintreabhaighe d'iarr bheith istigh a's má iarr fuair. Níor bhé sin amháin ach fuair sé cead rud do bhí sé ghá lorg, cead sgoil do bheith sa tigh aige. Do bhí sé mar seo tráthnóna tar éis na sgoile sgur do, n-a shuidhe ar fhalla na h-iothallaine ag caitheamh a phíopa do féin a's gan cuimhneamh dada aige nuair de phreibh do luig a síul ar an lic bhig neamh choitchianta i mbarra an fhalla láimh leis. Bhí inghean na baintreabhaighe do bhí tar éis í chaitheamh as an slighe uaithe ann roinnt aimsire roimhe sin. Do ghaibh an sgoláire in a láimh í a's do bhí gá fhéachaint. Do bí sí lán de líntibh eagsamlacha a's d'aithin an sgoláire láithreach gur cloch Oghaim do bhí n'a láimh aige. Tar éis í ghlanadh cómh maith a's do bfhéidir leis, do thainig leis an sgríbhinn do léigheadh a's sid é an sgéul do bhí ar iompar ag an lic bhig “Tá an oiread eile airgid curtha ar an dtaoibh eile dhi seo.” Ní h-ionghnadh gur phreab a chroidhe san sgoláire nuair a léigh sé seo a's gur tháinig iarracht d'anaithe ann, acht má tháinig féin do bhrúig sé fé é, a's nuair bhí imthighthe de'n anaithe roint d'fhill sé ar an dtig a's d'iarr de'n bhaintreabhaigh — gan aon nidh do leigint air, cá dtáinig an leac. Dubhairt an bhaintreabhach dá fhreagradh, ná feidir sí i gceart ach gur dócha léithi gur ó'n gcoiréal do tháinig sí nuair bhitheas ag tarraingt cloch uaidh le h-aghaidh cró na mbó do thógaint. “Seadh, má seadh,” arsan sgoláire, “is cloch Oghaim í.” “Mhuise, a mhich ó, ní aithneóchainn- se cloch thar cloich eile a's ní h-iad a bhíonn ag déanamh buadhartha dam ach amháin mo ghnó; ní ag tabhairt gearra chainte dhuit-se é, a dhritheár.” “Bhel,” ar san sgoláire, “tá teachtaireacht uirri.” “Dhiara éist!” ar san bhaintreabhach, a's iarracht do sgeón innti. “Ar m'fhallaing go bhfuil mhuise” ar sé-sin, ghá léigheadh. “Ó,” ar sisi, “cialluigheann sé sin go bhfuil a chómh mhaith de thalamh ar an dtaoibh eile chlaidhe a's dar ndóigh, nach cuma nó ór talamh foghanta” ar sise. “Ní fheadar-sa,” ar san figheadóir, pe'cu ar chreid an sgoláire í nó nár chreid ach do leig sé air gur chreid ar aon chuma, bíodh gur deimhin leis nach ó'n gcoiréal tháinig an leac. Pé i n-Éirinn é, níor chuir sé tuairsg na lice ar an mbaintreabhaigh a thuilleadh chun gor fhág sé í. Is uirri do bhí an t-áthas a's an sásamh aighne nuair do bhog an sgol- áire an bothar uaithe mar bhí eagal a croidhe uirri go nochtfaidhe dho, fé mar nochtadh do'n deisciobal eile ionad na cúbóige ach i mbasa ar ádhbaraighe an t-saoghail, níor nochtadh. “Cun sgéul gairid a dheanamh dhe,” ar san figheadóir, “a's deire chur leis d'eirigh an dara chuaird chómh mhaith leis an mbeirt a's d'eirigh an chéad chuaird.” “Fuaireadar próca a's oiread eile óir ann a's do fuaradh cheana. Do cheannuigh an bhainnreabhach feirm bhreagh thalmhan dá h-inghín, a's níor bhfada n-a dhiaigh soin gur phós an cailín fear a rogha féin, a's mura mhaireadar súd go sona sásta a's soin amach go mairimíd-ne! “Sin é agaibh mo sgéal a gharsúna, má tá bréag ann níl leigheas agam-sa air mar ní mise do chúm ná cheap é.” “Mhuise, go dtugaidh Dia faid saoghail a's sláinte dhuit-se a fhir an tighe,” arsa sinne, go léir d'aon ghuth, “a's mórán de Nodhlaigí mhóra maithe 'n-a fhochair sin.” “Mhuise, go mba h-amhlaidh díbh féin, a gharsúna, a's cuid mhór mhaith acu agus --” “Oidhe! Sé mbúr mbeatha, a bhuacaillí, a's i mbasa féin gur mithid díbh teacht, is eadh soin, nó cad do chiméad in éan chor sibh?” “Seadh, seadh! druididh anuas chun na teine go fóill beag & tabhair goradh dhíbh fhéin sul a dtosnuighidh ar an g-cluiche. Sin é é!” (críoch).
CÚINNE AN AOIBHNIS. Tomhaiseanna Gaedhilge. 1. Siné sa chúinne é agus dhá chéad súil ann? Corcán anaithre. 2. Chím-se agus ní fheiceann tusa é, Agus is giorra duit-se ná dómh-sa é? Cúl do chinn. 3. Lán páirce de mhnáibh uaisle bána agus bonnaití uaithne ortha? Páirc tornapaí. 4. Tobairín fíor-uisge i bhfíor-bhárr an tsléibhe, Fuinneóigín ghloine ann is doraisín chré. Súil duine. 5. Bean fhada ghiéigeal ag sileadh na braona? Coineal 6. Is mó é, is mó é, rud a bhaint de, Is lugha é, is lugha é, rud a chur air? Poll DUAIS LITIR. A Bhanba, a ghrádh mo chroidhe, — Deireann a lán daoine gur rugadh Naomh Pádraig i n-Albain agus is dócha gur b'é sin an áit, bíodh agus go ndeireann daoine eile gur sa bhFrainnc a rugadh é. Nuair ná raibh sé ach sé bliadhna déug d'aois tháinig sé go h-Éirinn. Díoladh é mar sclábhuidhe, & do b'áil leis dul agus aire a thabhairt do mhucaibh & do chaor- achaibh ar Shléibh Mhis. Bhí árd-uaigneas air mar bhí sé abhfad ó bhaile, imeasg na bPagánach, agus níor bh'fhéidir leis teanga na nGaedheal a thuisgint. I gcionn thamaill bhig, ámh d'fhoghluim sé an Ghaoluinn, & mar gheall ar é a bheith in a gharsún dheadha, bhíodh sé ag guidhe chun Dé i gcómhnuidhe, chabhair & chongnaimh a thabhairt dhó. Ba chruaidh an saoghal a bhí aige i nÉirinn an uair sin, ach bhí Dia na Glóire i néinsheacht leis. Tar éis sé bliadhna a chaitheamh dhó sa chuma san, d'éaluigh sé, & chuaidh sé abhaile. Annsan do chuaidh sé isteach i mhanistir & tar éis seacht mbliadhna, nó geall leis, deineadh sagairt dhó. I mbliadhain 432 tháinig sé thar n-ais, & anois ba bhreágh an obair a bhí le déanamh aige. Do ghaibh sé tír i Condae an Dúin, agus d'fhaduigh sé teine i n-aice na Teamhrac. B'é só céad teine an chreidimh Criostamhla i nÉirinn. Do bháisteadh sé na céudta gach lá & dá mhéad a dheineadh sé ní bhíodh uaigneas ná tuirse air, mar bhí grásta Dhé aige, & bhí a fhíos aige go raibh Flaitheas Dé ag feitheamh leis. I gcionn tamaill bhigh ba thír Criostamhail Éire, & tá súil againn go léir gho mbeidh na daoine dílis do goromharthaibh Naoimh Phádraig go deo. A Naoimh Phádraig, guide orainn. SEÁN Ó GAOITHÍN, Coláiste Bhaile an Roistigh, I gCó. Chorcaige.
BÉARLA CHILLE DARA. FOCLA GAEDHILGE ATÁ I N-USÁIDH AG BÉARLÓIRIBH CHILLE DARA. “MAC CÉACHTA” do bhailigh. Áird (airt), a point of the compass; used as follows:— “they came from all airts” (to a meeting, etc.). Amadán (omadhaun), a fool. Arc Luachra (dark luker), a small lizard. Baitín (boteen), a stick. Bacach (bocach), a cripple, a beggar, a name applied in contempt to a person. Also heard as “bacady,” lame. Bán (bawn), a farmyard. Báire (bairy), a goal in hurling, etc.; more commonly used by boys pegging tops to designate the goal through which the top which is down must be driven to decide the game. Bean Sidhe, the Banshee. Bean a' leanna, heard in the expression “as drunk as ban a'lanna.” Biorach (berac), a spiked muzzle for calves. Balbhán (bullavaun), a rough, noisy person. Bodach (bodach), a churlish person. Boithrín (boreen), a lane. Bogán (bugaun), a soft egg. Bodhrán (buraun), a measure to hold corn, etc.; made from the rim of a sieve covered with a calfskin or sheepskin. Bróg (brogue), a boot. Bodhar (bother, bothered), deaf, also “bother,” torment. Blab (?) (blob), a blister. Bostún (?) (bosthoon), a poltroon. Brus (bruss), broken hay or straw; anything broken up small. Brosna (bresna), a bundle of sticks for firing. Bladar (blather), flattery, coaxing. Buachalán (bouclaun), the rag-weed; also “boliaun.” Budán (boodaun), said of corn just before it shoots out or breaks into ear — “the corn is in the budaun.” Buailtín (boolteen), the striking staff of a flail. Brídeog (breedoge), a figure dressed up to represent St. Brigid, which was carried from house to house on St. Brigid's Eve. Banbh (booneen), a young pig. Brileán (brilawns), rubbish, etc.; “old brilawns of furniture.” Bradach (bradach), roguish, usually applied to a cow. Bhoitín (?) (voteen), a devout person: also a hypocrite. Bothóg (bohoge), a little house, a cabin. Broc, speckled; heard as brocaidhe (brocky), applied to persons marked with smallpox. Breac (bracket), b. cow, a spotted or brindled cow. Cas-siar (?) (casheer), land let out to grass after corn, without grass seed being sown; left to nature. Cadhrán (keeraun), a small piece of turf. Cailín (colleen), a girl. Cámur (?) (caumur), “it did not take a ‘caumur’ out of him; said of a person who performs a feat without much effort or receives a blow, hurt, etc., wfthout feeling it very much. Cáibín (caubeen), an old hat. Cipín (kippeen), a small stick. Ceant (kant), an auction. Crág (craug), a handful, as of meal, etc. Cruibín (crubeen), a pig's foot. Cruit (cruit), a hump on the back. Cúilín (cooleen), a wedge for fastening and adjusting colter of plough. Ciotóg (kithoge), left-handed; the left hand. Ciorracach (corrachy), stiff land difficult to till; “corracheens,” the small lumps which form in such land in dry weather. Cúbóg (cuboge), Easter eggs. Clábar (claubar), thick mud, etc. Críol (creel), the frame used on a cart for drawing turf or taking sheep, etc., to market. We have no English for this. Clampa (clamp), a rick of turf. Cuimín (kimmeen), a trickster, a “crooked” person. Cis (kish), a large wicker basket, a measure for turf. Clab (clob), the mouth, used contemptuously. Cladhp (clipe), a blow. Cailleach (coilleach), the loach, a small fish. Caoine (keen), to “keen” or cry. Comhair (core), ploughing, etc., in partnership. Ciapáil (kebal), strife, noise. Cáise púca (causa pooka), a fungus which grows on trees, etc. Cál Ceannain (callcannon), mashed potatoes seasoned with onions, etc. Cruic (?) (crick), a pain or stiffness in the neck. Cill an Cuis (?) (keelauncush), a small reptile found in marshes. Cliabh (cleeve), a basket used for carrying turf. Diabhal (deowl), the devil. Dreadaidhe (dready), heard as a “nick name.” Dranntan (dronthawn), a snatch of song. Dromán (drum), a back-strap or plough-back. Deannac (deannach), mill dust. Dúnán (?) (dhoonaun), a light white cold frost, “a dúnán of frost.” Dúidín (dooodeen), a short black pipe. Deor (deor), a drop. Darbh Daol (darraghdheel), a sort of long black chafer or beetle. Dealg (dalk), a thorn, a splinter. Doirnín (dhurneen), the hand grip of a scythe handle. Flaitheamhlach (flahoolach), generous. Faic (fack), an old-fashioned spade. Fabhrán (fowraun), cow-parsnip. Fraochán (frockan), whortleberry. Fínín (?) (feeneens), very small insects found in hay. Fásach (fusuch), the waste or untilled strip round the fences in a tillage field. Fústar (fooster), “foostering,” doing a thing awkwardly. Garsún (gorsoon), a little boy. Glag (glug, glugger), applied to the noise made by a pipe when the tobacco at the bottom is wet. Glám (glawm), to maul or pull about. Gad (gad), the leather with which the buailtín of a flail is fastened to the handstaff. Gob (gob), the mouth. Gág (gaug), a crack in the skin of the hand, &c. Gastaire (goster), a prater, a chatterer. Gearróg (garoge), “garoges,” short drills in the angle of a field. Gobán (gubaun), a prattling, talkative person. Gímeóg (?) (gimoge), a very small piece of anything. Gríosac (greeshach), glowing embers and ashes. Gríscín (griskin), a piece of meat, usually pork. Gábhlóg (gouloge), a forked stick. Girseach (girsha), a little girl. Gam (gom), a foolish person. Gruaimeach (grumach), gloomy, ill-humoured. Gráineóg (graunoge), a hedgehog. Gearrán (garren), an old horse. Go leór (galore), plenty. Gáibín (gawbeen), a stook, a clown. (Ní Críoch).
BÉARLA CHILLE DARA. FOCLA GAEDHILGE ATÁ I N-USÁID AG BÉARLÓIRIBH CHILLE DARA. “MAC CÉACHTA” do bhailigh. Griog (greg), a child with sweets, etc., who shows them to another without giving him any is said to be “gregging” him. Inis (inch), level grassy land along a river. Ladar (ladhar), to beat. Leadhb (libe), a strip, a shred. Lúbán (loobaun), anything bent or twisted out of shape is said to be “in a luban.” Lúbaire (loober), a “crooked,” dishonest person. Loch (lough), a pool of water. Lán a' mhála (laun a waula), plenty. Ludaidhe (loody), a tall awkward person. Leipreachán, a “leprachaun.” Maol (mweel), a “mweel” cow, a polled cow. Mar eadh (moryah), as it were, forsooth. Mioscán (miscawn), a roll of butter. Meig (meg), the beard of a goat; also the cry of the animal. Múileach (?) (mooleach), mud, slop. Múileachán (?) (mooleachaun), a fool. Moidear (?) (moither), torment; “don't be moithering me”; “don't be tormenting me.” Mhuise, musha. Noigín (noggin), a wooden drinking vessel. Oinseach (ownsheac), a fool. Plodach (pludach), a muddy place. Puilleach (?) (puilloch), marshy, low-lying land. Pincín (pinkeen), a small fish, the thornback. Póirín (poreen), a small potato. Pochán (puckawn), a male goat. Pus (puss), the mouth; sometimes the face. Pilibín (filibeen), the green plover. Práiscín (praskeen), a coarse apron. Píobán (peebaun), instrument like a drone reed which children make from straws in harvest. Praiseach (presaugh), charlock. Pisreóg (pisheroge), charms, etc. Púca (pooka), a sort of fairy. Ráimáis (raumaush), foolish talk. Riabhóg (reafoge), the hedge-sparrow. Riabh (rife), rife or rifle board used for sharpening a scythe. Seach (shaugh), a smoke of a pipe. Sgeach (sgach), a whitethorn bush. Spág (spawge), a foot. Speach (spough), a kick, usually of a cow. Spailpín (spalpeen), usually applied to a man in contempt. Sgiotóg (skitoge), heard applied to bits of stick, one end of which children had lighted and were waving to and fro to keep glowing. Sleaghan (slane), the tool used for cutting turf. Smidirín (smidereen), anything broken up small is said to be “in smidereens.” Sprann (sprong), a four-pronged manure fork. Sgraith (scraw, scraugh), a green sod. Sgoilt (scolth), a furrow in ploughing. Sgolb (scollop), the bent twig used to fasten thatch on the roof of a house, etc. Sgráb (scrawb), a scrape, a scratch. Shgaltán (sgaulthaun), an unfledged bird. Súgán (sugan), a hay or straw rope. Sop (sop), a wisp. Snas (snoss), “finish,” neatness; anything well done is said to have a “snoss” on it. Sponnc (spunk), the plant called coltsfoot. Slog (slug), a sup. Sligheadóir (shlewder), flattery; a flatterer. Sgím (skim), the scum of liquid; removing the cream from milk is called “skimming.” Spriosán (sprissaun), good-for-nothing person. Siubhlóir (shuler), usually a tramp, but applied in various ways. Sgiolán (sgillaun), a potato set. Síbín (shebeen), a shebeen. Slighbhín (sleeveen), smooth-tongued, sly person. Stuacán (stookan), a fool, a clownish person. Stuacaire (stook), do. do. Sream (sraum), matter running from the eyes. Stuaic (stuck), a stook of corn. Sríl (streel), an untidy person, usually applied to a woman. Storc (sturk), bullock, usually a small thick one. Striog (strig), a term used in connection with the milking of cows. Soc (sock), the sock or point of a plough. Snab (snab), a candle end. Snabóg (snaboge), a torch or candle made by dipping a piece of rag or string in melted resin or fat. Sligriú (slig), in plural, small slaty stones; quarry waste. Shgíb (skip), a potato basket. Seóinín (shoneen), a person who apes English manners, fashions, etc. Scud (scut), the tail of a hare or rabbit. Seanchus (sheancus), a chat, a conversation. Sgiodán (skidawn), a term of contempt. Taoscán (thaoscawn), a small load of hay; the amount in a vessel not quite full. Taoibhín (theeveen), patch on the side of a boot. Taom (teem), to strain or pour off water, etc.; to “teem” potatoes. Tádhlach (thauloc), a pain or swelling in the wrist. Táilleog (thauloge), a sort of loft or recess over the kitchen fireplace in old houses. Tráithnín (traneen), a blade of grass. Troighthín (threeheen), a wedge used in “yoking” a “pack”; also a footless stocking. Teann-tobac (thoulthaboc), a good beating or scolding. Tré na chéile (threenahalia), topsy-turvy, mixed up. Toicín (thackeen), a forward, bold little girl. Tochair (tougher), a road or causeway in a bog. Tuilleadh (tilly), a small quantity of anything given in excess of the quantity purchased, as in milk. Turas (thuras), a visit in a Jubilee; a “round” in a “pattern.” Útamálaidhe (oothamaile), a fumbler. Terms of Endearment — A stóir (asthore). A leinbh (alanna). A chuisle (acushla). A mhúirnín (avourneen). A théagair (a hagur). A mhic (a vic).
“EACHTRA THAIDHG MHIC CÉIN.” An Chreach do ghabh Cathmann insa Mhumhain. Do bhí ríoghacht bheag an uair úd láimh leis an Easbáin thoir theas. Tír Freisean ainm na tíre sin. Tír thaith- neamhach fhíor-álainn dob' eadh í. Cath- mann mac Tabhairn an rí do bhí innti le linn na haimsire sin. Do ghluais an rí sin Cathmann ar chuaird; acht ní ar chuaird ríogh ná ar chuaird síothchána do ghluais sé. Tháinig sé leis thar na fairrgíbh anall ó n-a thír féin agus foirne naoi long leis agus ní raibh de chúram air acht ag foghail agus ag creachadh gacha treibhe d'á mbuaileadh leis, má fheudadh sé teacht i gan fhios ortha. Do casadh i dtír i n-iarthar Mumhan é i ndúthaigh Bhéarra, an oidhche cheudna thárla do Thadhg mhac Céin agus d'á mhuintir cur fútha i gcóir na hoidhche ann. Tháinig loingeas Chathmainn i dtír i gcuan bheag iargcúlda nach raibh leith-mhíle de shlighe ó'n áith 'n-a raibh Tadhg agus na Cianachtaigh, acht ní raibh a fhios ag ceachtar de'n dá dhream iad do bheith chomh comhgarach sin d'á chéile. Nuair do ghabhadar Cathmann agus a mhuintir cuan agus caladh, do chuir an rí lucht braithte uaidh isteach fé'n tír chun go dtugaidís cúntas cruinn ar ais chuige i dtaobh cár bh'fhearr dóibh dul chun creach do ghabháil agus d'fhuadach leo. Níor mhór an mhoill do bhí amuich ortha gur fhilleadar agus gur innseadar dó go raibh na Cianach- taigh curtha fútha i gcóir na hoidhche 'n-a gcomhgar, agus gur chosamhail ar a sháimhe agus ar a shuaimhneasaighe do bhíodar, nár bhraitheadar aenne tagtha i dtír i n-aon chomhgar dóibh. Do chuir Cathmann a mhuintir i n-eagar catha láithreach agus do ghluai- sigheadar le dorchadas na hoidhche fé'n tír isteach ar tí na gCianachtach. Do ghluaisigheadar ar nós madadh ruadh ar tí cearc. Níor séideadh adharc ná níor seinneadh píob ná ní tugadh gáir chatha. Do bhítheas go ciúin ag eulódh insa doircheacht. Ní raibh aon choinne ag an dream eile go rabhthas chuca. Is amhlaidh do bhí a lucht ceóil ag gabháil suantraighe dhóibh agus na laochraidhe ag dul i dtoirchim suain agus sámh-chodalta, agus níor bhraitheadar an namha go rabhthas mór dtimcheall ortha. Annsain do séideadh adharca. Do buaileadh sgéithe, do rinneadh fothrom agus torann; agus sula raibh an codladh as na súilibh aca, do bhítheas istigh ar an gcorp aca agus iad d'á milleadh agus d'á marbhughadh gan truagh gan taise. Ní raibh aon chaoi ag muintir Thaidhg ar iad féin do chosaint. Thángathas ró-obann ortha agus tugadh a n-ár go léir ar chrap' na súl. Do gabhadh agus do ceangluigheadh Líthbhán, bean Thaidhg, agus a bheirt dearbhráthar, Airnealach agus Eoghan. Ní dheaghaidh caonaidhe aonair díobh uatha acht Tadhg féin. Ráinig leis sin breith ar a chlaidheamh agus do-rinne sé bóthar amach tríotha, agus níor lámhuigh aenne a chosg. Rug na hallmhuraigh an chreach agus na braighde leo go dtí a gcuid loingeas agus do chuireadar ar bórd iad. Do ghabhadar tar a éis sin ag sgriosadh na tíre mór dtimcheall agus ag a cur tré theine agus do bhí gach mí-ghníomh is dual d'á leithéidíbh d'á dheunamh aca go dtáinig cuid de mhuintir Thaidhg do bhí amuich uaidh an cheud oidhche agus gur ionnsuigheadar ar an dtráigh iad. Níor bh' fheairrde na hallmhuraigh an teangmháil sin, mar gur mhairbh gach n-aon d'iarmhar buidhne sin Thaidhg allmhurach an duine aca. Nuair do bhítheas ag dul ro- dhian ortha agus nuair do bhraitheadar nach raibh le faghbháil aca acht callshaoth agus cruadhtan, do cheapadar gur bh' fhearr rith maith ná droich-sheasamh agus do theicheadar ar bórd na long uatha. Do chuireadar beul an chuain amach díobh agus cubhrán bán d'á dheunamh de'n bhfairrge i gcoinnibh slios na long aca le méid an tsiubhail do bhí fútha ó thréan-bhuillíbh na maidí rámha d'á lúbadh le neart deithnis agus le sgannradh. D'imthigheadar chomh hobann sin gur fhágadar duine d'á muintir 'n-a ndiaidh ar an tráigh. Do gabhadh é. Níor chuir sé go ró-threun 'n-a gcoin- nibh, mar thuig sé, is dócha, ó thárla a lámh i mbeul an mhadra gur d'á réidhe do tharraingeochadh sé í dob' fhearr dó. Do chlaoidh sé leo ar mhaithe leis féin, mar do cheap sé gur ar an gcuma sin dob' eadh do bheadh aon chaoi aige ar a mhuintir féin d'fheicsint choidhche arís. “An té ná bíonn láidir ní foláir dó bheith glic.” Ní dhearna na hallmhuraigh stad ná comhnaidhe gur shroicheadar a dtír féin leis an gcreich do bhí aca. Dob' olc an chóir thugadar ar na braighdibh bochta do bhí gabhtha aca. Do cuireadh ceangal na gcúig gcaol ortha agus do caitheadh imeasg na n-earraidhe agus na ngréithre, do goideadh i ndúthaigh Bhéarra, iad. Ní raibh truagh ná trócaire ag lucht Tíre Freisean dóibh. Ní bhfuaireadar acht ganntan an bhídh agus an chuid ba fhlúirsighe de'n aindeise uatha. Nuair do shroicheadar Tír Freisean do roinneadar na hallmhuraigh an chreach eatortha. Rug Cathmann Líth- bhán, bean Thaidhg, leis chun go mbeadh sí mar mhnaoi aige féin. D'iarr sí d'athchuinge air gan é d'á pósadh go ceann áirighthe aimsire agus dob' éigean dó an athchuinge sin do thabhairt uaidh di. Do cuireadh an bheirt dearbhráthar i ndaoirse sglábhaidheachta. Do cuireadh Eoghan ag caladhthóireacht sall 's anall thar an ngabhailín mara do bhí láimh leis an dún. Do-rinneadh giolla teine de Airnealach agus do bhíodh ag baint bhrosnaidhe agus ag briseadh giúise chun teine do dheunamh do 'n rígh agus d'á theaghlach agus ní gheibheadh an bheirt chlainne ríogh sin de bhiadh na de dhigh acht síol eornan agus uisge. Ba chaol an bheatha sin.
DUAIS SGÉILÍN. AN COLÚR MÍ-FHOIDNEACH. Nuair a chruthaigh Dia na h-éinlaithe ar dtúis do chuir Sé aingeal ós na Flaitheasaimh chun a mhúineadh dóibh cionnus neadacha do dhéanamh. Nuair a tháinig an t-aingeal do bhailigh na h-éin go léir na thíompal agus do luigh sé ar iad do theagasg. Is é togha teagasg do thug sé dhóibh. Do thaisbeáin sé cionnos ba cheart an nead do thosnughadh, cionnos ba cheart í dhaingnughadh agus cionnos ba cheart í dhéanamh clúthmhar agus oireamhnach dos na gearcachaibh beaga. Do thugadar aire mhaith dhó — sé sin iad go léir acht an colúr amháin. Ní raibh puinn ráidhte aig an aingeal nuair do ghlac mí-fhoidne an colúr. “Ó,” ar sé, “tuigim an sgéal go léir anois; ní ghádh dhuit a thuille do mhúineadh dhómhsa, a aingil; tá an cheárd go h-iomlán foghlumtha agam anois.”
Agus d'imthig sé leis, agus do chrom sé ar nid a dhéanamh do féin. Acht ní raibh an cheárd go léir aige. Do chuir sé beagán cipíní le chéile i gcrann agus do rug a chéile cúpla ubh ortha. Nuair a tháinig an ghaoth do chroch sí an nead agus do thuit ceann de sna h-uíbh agus do bhriseadh é. Is mar sin atá an sgéal ag an gcolúr mí- fhoidneach ó shoin. Is minic a bristear a chuid ubh, agus is minic a thuiteann geárcach beag leis as an leabaigh chruadh agus marbhuighean an torrain é. Táid mórán daoine sa tsaoghal mar an gcolúr úd. Bíonn mí-fhoidne ortha nuair a bhíd siad og. Ní fhóghluimíd siad a ngnó i gceart agus nuair a bhíd siad aosta agus i mbun tighe, ní thagann leó éin nidh a dhéanamh críochnamhail, agus fágann san liobarnach, bocht go deo iad. Ná bíodh éinne againn-ne mar a gcolúr úd. FIONÁN Ó SÉAGHDHA, An Gleann Garbh, I gCo. Chorcaighe.
CÓMHDHAIL NÁISIÚNTA NA MEASARDHACHTA. I. Tá gleo agus fothrom le clos ar sráideannaibh Bhaile Átha Cliath indiu. Tá na mílte fear agus ban ann ó gach áird de'n tír agus fonn ar gach duine acu a dhicheall do dhéanamh ar son cúise na Measardhachta, a dhicheall do dhéanamh chun greim malluighthe an ólacháin do bhogadh agus do bhriseadh agus Éire na nGaedheal do shaoradh arís. Ní h-aon mhaith dhúinn Hóm Rúl, ní h-aon mhaith dhúinn saidhbhreas ná saoirse ná sonas ná aon rud eile muna gcuirfimid deire go deo le réim an deamhain seo atá 'nár measg le fada an lá, ag slad agus ag réabadh agus ag scriosú na tíre, ag briseadh croidhe an mháthar, ag scaip- eadh an teaghlaigh, ag loit an leinbh, ag líonadh an phriosúin agus tigh na ngealt, agus ag déanamh gach donais níos measa ná a chéile. Tá súil le Dia agam go gcabhróchaidh gach duine, idir óg agus aosta, le Cómhdáil Náisiúnta na Measardhachta chun tús do chur le deagh-obair a chuirfidh áthas ar chroidhe na h-Éireann agus nach dtuitfidh ar lár go bráth. Caoilte na Rann. II. Is mór an fonn oibre atá ar lucht na measardhachta, bail ó Dhia ortha. Beidh “Congress” nó feis aca i mBaile Átha Cliath an mhí seo agus cuirfar buille i bhfeidhm ann ar son na cúise sin. Níl paróiste sa tír ná cuirfidh teachtairí ann. Léighfar páipéir ann, agus déanfar tagart don scéal ó gach aon taobh. Tá súil agam ná déanfar dearmad den Ghaedhilg ann. Tá an obair seo na Gaedhilge ag cabhrú go tréan chun measardhachta, agus níor mhisde an congnamh soin d'admháil agus do chur i dtreise. An t-ochtmhadh lá fichead den Mei- theamh beidh tabhairt amach aca ar sráideanna Bhaile Átha Cliath, chun a chur i n-umhail don tsaoghal a líon- mhaireacht atá lucht na Measardhachta i n-Éirinn. Déanfar siubhal tríd na sráideanna. Beidh drumaí dá mbualadh, agus ceól dá sheinnim: agus beidh suaitheantais daoine ann. Is maith an comhartha ar bhliadhain Hóm Riúil é. Go n-eirgidh leó go geal. Torna. III. Poilitidheacht is mó atá ag cur bhuadhartha ar mhuintir na h-Éireann ar an aimsir so; acht má's é fhéin nílthear ag déanamh dearmaid de cheist na Measardhachta. Admhuigh- eann gach duine anois mura stadfar den ólachán gur beag rath a thiocfas ar an tír má gheibhmid Hóm Rúl fhéin. Níl amhras ar bith nach gcuideóchaidh Hóm Rúl go mór leis an Mheasardhacht, acht gan guth an phobail linn is beag a déannfar leis an ólachán a dhíbriú as Éirinn. Is mór a chuaidh an t-ólachán ar gcúl sa tír so le cupla bliadhain, acht caithtear crág mhaith air go fóil i ndiaidh an iomláin. Ní bhéimid sásta go rabh Éire go h-iomlán fa bhrat na Measardhachta agus go rabh an t-ól mallaighthe díbrighthe as Éirinn go bráthach. Tá a fhios ag an tsaoghal anois go bhfuil Comhdháil Náisiúnta na Measar- dhachta le bheith i gcionn comhairle i n-Áth Cliath ag deireadh na míosa so, agus níl amhras ar bith nach dtiocfaidh maith mhór as an Chomhdháil so. Béidh guth na h-Éireann le cluinstin ag an Chomhdháil, agus támuid beagnach cinnte go ndeasgfar teine ag an chruinniú so i n-Áth Cliath a spréidh- feas ar fud na tíre go h-oileagas nach dtéid as go rabh Éire go h-iom- lán ar a sheilbh. Tá cainteoirí cliúteacha le labhairt ag an Comhdháil, agus tá súil againn go gcuirfear caint na ndaoine so go h-iomlán i gcló ins na páipeáraibh lá ar lá. Tá daoine ann go fóil nach dtuigeann caidé an dochar atá an t-ólachán a dhéanamh ar an tír. Acht dá mbíódh a fhios ag gach pótaire go bhfuil sé ag déanamh dochair dá anam agus dá cholainn fhéin agus dhá thír fhéin is dóigh nár bhfurus a thabhairt air stad dá chuid ólacháin. Isé an bhara- mhail atá againn fhéin nach gcuirfear cosc leis an ólachán go laghdóchar toighthe na tabhairne. D'fhéadfaidhe so a dhéanamh ar an mhodh ar a dtug- tar “Local Option.” Tá baramhail agus guth an phobail linn i gceist so na Measardhachta, agus ó thárla go bhfuil níl amhras nach n-éireóchaidh linn an bhuaidh a fhágháil. Tá leas ár dtíre comh maith le n-ar leas fhéin ceangailte go dlúth le ceist na Measardhachta. Nach fiú dúinn iarraidh a thabhairt ar bhuille láidir do thabhairt don ólachán agus a ghlanadh amach as Crích Fáil? Go n-éirighe leis an Chomhdháil! Go n-éirighe léithe buaidh a fhágháil ar an deamhan mhalluighthe so agus a dhíbriú as Éirinn go bráthach. Eoin Ó Searcaigh.
SGÉILÍN. Bhí baintreabhach ann fadó agus bhí triúr mac aici. Bhí an thriúr mac ag fás suas agus gan aon fhocal sgoláireacht ortha acht aon la amháin dúbhairt an mac ba chríona go raghadh sé ar sgoil. D'imthigh sé leis agus níor fhoghluim sé an la san acht “we three.” Lá ar na mháireach do chuaidh an dara mac as sgoil agus níor shoghluim sé sin acht “for the want of money,” agus nuair a tháinig sé abhaile dúbhairt an thríomhadh mac go raghadh sé fein three,” arsan mac ba chríona.” “Why?” arsan constábla. “For the want of money,” arsan dara mac. “I'll hang ye,” arsan constábla. “Alright,” arsan tríomhadh mac & do chrochadh iad na, rudai bochta, & gan aon chúis ortha. Sin é an rud a fuaireadar de bhárr a gcuid Béarlachais. PEIGÍ NÍ LÚBHAING, Baile an Fhirteruaigh.
“OBAIR NA MEASARDHACHTA AMEASG NA NAOS ÓG.” Tráchtas é seo ó láimh an Athar Águistín do léigh an t-Athair Ailbe os cómhair Comhdháil Náisiúnta na Measardhachta. Is mór go deimhin an onóir a tugadh dom nuair d'iarraidh orm caint a' Gaedhluinn do léigheadh i láthair an Chéad Chruinniughadh Caitilicidhe Náisi- únta den Chonnradh i n-aghaibh ólacháin. Déarfainn gur maith an bhail ar an gcruinniughadh so gur i mbliadhna seachas aon bhliadhan eile atámuid tagaithe i dteannta chéile. Tá deire le réim an Sacsan buailte linn anois. Ar mhuinntir na h-Éireann féin iseadh beidh cúram ár d-tíre feasta agus tá súil agam go g-cuir- fidh Dia, moladh go deó leis, an rath ar Éirinn ón mbliadhain seo amach. Is é adubhairt Árdeasbog Chaisil na Mumhan tá breis agus dhá mhí ó thoin ann gurab é gairm chatha ba cheart a bheith i mbéal gach aoinne feasta ná “Éire gan meisge, Éire gan spleádhchas.” Naoi gcéad blian ón mbliadhain atá againn díreach iseadh chuir Brian Bóramha agus slóighte na hÉireann deire le comhacht na Lochlanach sa tír seo, agus b'é gairm chatha a bhí acu an lá úd ná “Do chum glóire dé agus glóire na hÉireann leis.” Támaoid-ne, a cháirde Gaedhil, cruinnighthe annso indiu comhgarach don áit 'nar briseadh an cath fuilteach san ar na Lochlanaigh. Fógraimíd-ne indiu cath i gcoinnibh námhad agus ba bheag le rádh ar dhein na Lochlannaigh de léirsgrios riamh ar Éirinn seachas a bhfuil dhá dhéanamh ag an námhaid sin an lá so féin. Ní ghádh a innseacht daoibh-se gur b'é an t-ólachán an námhaid sin. Ba shuarach an tairbhe dhúinn ár saoirse, d'a fhaid a bhíomar ag feitheamh leis muna dtiocfaidh linn cath do bhriseadh ar an námhaid eile sin agus an ruagairt do chur air, ar nós na Lochlanach fad ó. An mhórdháil seo againn indiu, níl innte ar fad acht críoch foghanta ar deineadh riamh de throid i gcoinnibh an Ólacháin, anuas ón lá san nuair adu- bhairt an tAthair Tioboid Maitiú an focal “Seo chuige i n-ainm Dé.” Thug seisean a shaoghal ag cuir an ólachán agus gach a mbaineann leis fé chois agus 'na theannta san, cara maith don Ghaedhluinn do b'eadh é agus is é adúbhradh liom gur b'é cúis gur iaraidh orm-sa an chaint seo a dhéanamh os bhur g-comhair indiu ná rud éigin bhéith déanta agam féin chum na Ghaedhluinne do chur chum cinn agus chum an ólacháin do chur fé chois, agus 'na theannta sin gur de'n Órd chéadna mé féin agus an t-Athair Maitiú. Admhuighim 'na dhiaidh san nach ró- oireamhnach don obhair sin mé, acht do thógas orm é toisg gan aon bhreith agam ar dhul as. Nílim ar aigne dul ró-fhada ná ró-dhoimhin sa sgéal seo an ólácháin indiu mar tuigeann sibh-se é tríd síos cheana féin, acht, i n-a ionad san, ba mhaith liom rainnt cainte a dhéanamh libh a chuirfeadh ag machtnamh sibh i slighe a's go dtiocfádh foghmhar maith oibre as an machtnamh san a bhainfeadh an t-ólachán as a bhonnaibh agus a dh'fhaghfadh Éire gan meisge, gan spleádhcas, sa tsaoghal aoibhinn so atá tagaithe chugainn. Samhluighim go bhfuil an tAthair Maitiú féin ag féachaint anuas orainn indiu agus dá labhradh sé gurabh é adéarfadh sé linn ná gur dhualgas dúinn thar gach nídh eile féachaint chum na naos óg, iad do chosaint ar an ólacháin, deagh-thabhairt suas a bhronnadh ortha, meanmna do músgailt 'n-a gcroidhthibh, i gcroidhe gach duine fé leith acu, i dtreó go mbeidh báigh acu leis an ndiúltughadh so don ólacháin. An cuma is fearr 'n-a bhféadfaí é sin a dhéanamh sin í an cheist a bheidh dhá pléidhe agam anois agus déanfad mo dhicheall ar í réidhteach chomh beacht agus chomh cruinn a's d'fhéadfainn é. Chum na meanmna so adeirim do mhúsgailt i gcroidhe na naos óg isé cheád rud is ceart a dhéanamh ná diúltóir beacht a dhéanamh de gach leanbh acu. Deineann an gheallamhaint mheasardhachta le linn dul fé láim easbuig an nidh sin go maith. Is diadha agus is tairbhtheach an ghealla- mhaint í sin agus níl aon bhaoghal ná go leanfadh cuimhne ag an aos óg ar an gcainnt a thabharfadh an tEasbog uaidh an lá san agus go ndéanfadh an chaint sin neanmna chum na measar- dhachta do mhúsgailt 'n-a gcroidhe. Cúpla bliadhain ó shoin bhíos ag éis- teacht le tighearna Easpoig na Gail- limhe agus é ag déanamh cainnte ar an ólachán i gcúpla paróistí 'n-a raibh na leanbhaí dhá gcur fé láimh Easbog aige. Taréis na cainnte sin, bhean- nuigh sé na cnaipí beaga agus dheineas-sa iad do riaradh ar na lean- bhaidhe 'n-a theannta. Dá mairinn céad blian ní chuirfinn a chuimhne sin díom-an táthas go léir a bhí ortha nuair a fuaradar na cnaipí agus an mórdháil go léir nuair a bhíodar dhá gcur ar a mbrollach. An táthas san agus an mhórdháil sin a chuireann an gheallamhaint agus an cnaipe i gcroidhe an leinbh nach mór é an sgrúpal gan iad do choimeád beó, bríoghmhar ann go bráth! 'Sé chéad rud eile ba dhóigh liom ba cheart a dhéanamh chum na naos óg do stiúrú i slighe na measardhachta ná eolas bunúsách símplídhe á thabairt dóibh ar an ndíobháil go léir a dheineann an biotáille do'n duine. Tugtar an teolas sin go minic dóibh le linn dul fé láimh easboig, acht is é is truagh ná cuirtear leis le h-imtheacht aimsire, ná deintear pioc chum meanmna an lae sin do neartughadh ionnta. Ní misde san dh'á dhéanamh ó cheann ceamn na bliadhna. Ní'l aon áit níos oíreamhnaighe chuige sin ná an scoil. Ní duine mise adaérfadh gur cheart iachaint do chur ar na Máighistiribh scoile an t-eolas san a mhúineadh dos na scóláiribh cé go bhfuil súil láidir agam go mbeidh san ar cheann des na dlighthibh is túisce a dhéanfar i n-Éirinn nuair a bheidh Riaghaltas ár d-tíre fúinn féin airís. Acht ní foláir rud éigin, d'á luighead é, a dhéanamh láithreach. Tá droch-nádúr 'sa bhio- táille agus ba cheart a innsint do gach garsún agus do gach cailín beag go bhfuil agus go ndeineann sé díobháil mhór don duine idir chorp agus anam. Ba cheart a innsint dóibh ná fuil biadh ná beatha i mbiotáille ná fuil ann acht nimh chroidhreach, ná deineann sé aon neartughadh ar an nduine; ná tugann sé aon chongnamh do chruadhtan ná fuacht ná anródh d'fulag. Ba cheart do gach duine óg fhios a bheith aige an mór an t-airgead atá dhá dhíol a h-ólachán gach blian annso i nÉirinn, agus bá cheart dó a thuigsint chomh maith agus dob fhéidir dó é an mór
don airgead san a thúiteann ar gach paróiste, agus ar gach líontighe, agus ar gach duine i nÉirinn. D'fhéadfí é sin a dhéanamh gan aon obair sa mbreis do chur ar na múinteóiribh. Níor ghádh dhóibh acht leabhar mea- sardhachta do thoghad agus é do chur dhá léigheadh ins na buidhnibh. Dá mbeadh caint bhreagh, bhunásach sa leabhar san agus beagán suilt níl aon bhaoghal ná go gcuirfidís an taos óg suim ann agus níor mhisde dhóibh an tsuim sin. Ní obair sa mbreis é sin ámhthach. Dhéanfadh an leabhar measardhachta an gnó chom maith le haon tsaghas leabhar eile i gchoir an cheachta léightheóireachta agus na theannta san dhéanfadh sé aigne na naos óg d'osgailt agus eolas a thabhairt dóibh a choiméadfadh ar an mbóthar ceart iad i gcaitheamh a saoghail. Déarfadh duine, b'fhéidir, gur cuma le na múintóiribh scoile an obair seo na measardachta. Ní déarfainn-se gur cuma. Pé scoil ar fuaid na h-Éireann 'nar dheineas caint ar an measartheacht, bhí na múinteóirí, agus go mór mór na mná, ollamh ar a ndicheall a dhéanamh chum na hoibre sin a chur chum cinn. Cuireadh na bainisteóirí spéis san obair agus cuirfidh na múinteóirí spéis innti. Cuireadh na bainisteóirí leabhar measardhachta dhá léigheadh in na scoileannaibh agus múinfidh na múinteóirí an leabhar. Ní chuirfeadh Commisinéir chomhnuighthe an Búird Náisiúnta ná na cigirí an obair sin chum cinn go deó, agus ní h-aon chabhair bheith ag brath ortha chuige. Ní bheadh aon bhreith ar aoinne an obair sin do chur chum cinn acht amháin na bainisteóirí agus na múinteóirí ag oibriughadh a láimh a chéile. Má tá sibh-se ar aon aigne liom gur mhór an tairbhe leabhar measardhachta bheith dhá léigheadh i ngach scoil ar fuaid na tíre, b'a luaithe a cuirfear an aigne sin i ngníomh is amhlaidh is fearr é dá ndéineadh an cheád chruinniú Caitlicidhe Naisiúnta den Chonnradh i n-aghaidh ólacháin an sgéal san an leabhair do chur os comhair na nEasbog agus a iarraidh ortha go humhal agus go huraimeach é do chur i n-umhal do na bainisteóiribh is é mo thuairim láidir go mbeadh an obair déanta! Is é is dóichíghe go ndéanfaidís na hÉasboig rud orainn agus dá ndéinidís bheadh síol curtha a thabhairfadh toradh fó- chéad i nÉirinn lá. (Tuille).
“OBAIR NA MEASARDHACHTA AMEASG NA NAOS ÓG.” Tráchtas é seo ó láimh an Athar Águistín do léigh an t-Athair Ailbe os cómhair Comhdháil Náisiúnta na Measardhachta. Tá slighe eile leis, seachas na h- oileamhna san, chum an sprid ceart do chur isteach san aos óg agus ba dheachar é shárughadh mar shlighe — 'sé sin go gcuirfidís aithne ar bheatha duine a bhí dílis don mheasardhacht agus a thug grádh a chroidhe don aos óg. An duine a thugann grádh don aos óg, tugann an t-aos óg grádh dhó. Má tá an duine sin mór-aigeanta, uasal, tabharfaidh siad uraim do i dteannta an ghrádha. An duine go dtugann an taos óg grádh agus uraim mar sin, do raghaidh a chuimhne sin i bhfeidhm 'n-a n-aigne chomh daingean san go mbeidh sé laistigh de gach cuimhne eile n-a n-aigne. Duine den t-saghas san ar fad dob-eadh an tAthair Maitiú. Ní hamháin gur dhein sé obair ghaisge i gcoinnibh an ólacháin acht ba bheag má mhair aoinne riamh chomh mór san báig leis an aos óg. Istigh i gceann des na scoilean- naibh a chur sé féin ar bun i gcathair Chorcaighe iseadh dhein sé tosnughadh ar obair uasail na measardhachta ag rádh na cainte seo, “Seo chuige i n-ainm Dé.” Mairfidh an chaint sin go bráth. Cuimhnóchfar ar an oidhche úd go bráth. 'N-a dhiaidh sin ba lag an tosnughadh ar an obair é. Níor ghlach acht trí fichid an gheallamhaint uaidh an oidhche sin, acht lá 'r na mhárach nuair a bhuail sé isteach sa sgoil céadna isé is dóicighe go raibh na céadta sgoláirí ollamh chum an ghealla- mhaint mheasardhachta do ghlachadh uaidh. Ní leogfadh sé lá thairis gan cuaird a thabhairt ar na scoileannaibh. B'é b'fada leis na buacaillí beaga agus na cailliní d'fheiscint 'n-a thimpall. Ba bhreagh leis, dá m'bfhéidir i n-aon chor é, fleadh bheag a dhéanamh dóibh. Pé ball 'n-ar thug sé a aghaidh, cia 'cu i nÉirinn, nó i nAlban, nó i Sasannaibh, nó i nAmeriocá é, dob'aoibhinn leis bheith ag caint leis an aos óg. Ba bhinne leis ná méireanna suadh ar théadaibh sám-chruite ceóil, guth na leanbh agus iad ag rádh focal na geallamhna i n-aghaidh an óil. Bí sé buailte isteach i n-a aigne go mbíonn aigne agus meoin an duine fásta do réir aigne agus meoin an leinbh agus ní dóca gur mhair aoinne riamh ba mhó iontaoibh as an méid sin ná é. D'féadfadh an tAthair Maitiú aon nidh ba mhaith leis a dhéanamh leis an aos óg, agus dhéanfaidís-ne aon nidh air, bhí an oiread sin cheana aige ortha, agus ní raibh focal dá labhradh sé leó ná féachaint d'a dtugadh sé ortha ná gníomh d'a ndeineadh sé dhóibh ná go gcuireadh an cion san i n-umhal dóibh. Dá bhrigh sin, níorbh fearra do lucht múinte na n-óg rud a dhean- faidís ná aithne do chur ar bheatha an Athar Mhaitiú agus nuair a bheadh an sgéal go cruinn acu féin é do chur i dtuigsint dos na daoine óga. Is é thiocfadh as san ná go mbeadh mórdháil acu as, agus go mbeadh báigh acu leis, go mbeannóchaidís dá phíctiúir le h-uraim agus le taithneamh fé mara dheinid na leanbhaí sgoile thall i n- Ameriocá beannughadh d'a mBrat Náisiúnta féin, sé sin The Stars and Stripes. Is mó go mór d'oirfeadh a leithéad sin d'obair anois ná mar dh'oir sé riamh roimhe seo agus is chuige sin á bhíos nuair a sgríobhas alt sa leabhrán áluinn sin ar a dtugtar an “Catholic Bulletin” tá breis is dá bhliadhain ó shoin ann. Dubhart an uair sin, agus adeirim anois é go ndéanfadh sé a lán tairbe d'aos óg na h-Éireann lá sa mbliadhan do cheapadh chum onóra fé leith thabhairt don Athair Maitiú. Tá súil lé Dia agam go ndéanfar san fós i nÉirinn agus go mór mhór ins na scoileannaibh. Ní misde a innsint don óige cadé an grádh a bhí ag an Athair Maitiú dóibh, cad é an mhainighin a bhí áige as a bpaidreacha, cad é an ionntaoíbh a bhí aige as a ndeaghshampla. Ní misde a rádh leó go bhfuil an tAthair Maitiú ag caint leó fós aníos ó 'na uaigh i gCathair Chorcaighe. Ní headh, acht anuas ó'n a chathaoir ríogdha i bhFlathas 'na naomh. Annsan ní h-amháin go dtabharfaidh siad onóir do le bualadh bas, agus le liúgh molta acht tabharfaidh siad onóir dó le n-a saoghal do chaitheamh ar an obair bheannuighthe sin na measar- dhachta. (Tuille).
“OBAIR NA MEASARDHACHTA AMEASG NA NAOS ÓG.” Tráchtas é seo ó láimh an Athar Águistín do léigh an t-Athair Ailbe os cómhair Comhdháil Náisiúnta na Measardhachta. Tá slighe eile fós ann chum fonn agus flosg oibre do chur i g-croidhe na n-óg i dtreó go mbeadh fuadar fútha chum an ruagairt do chur ar an óláchán, agus isí sin an t-slighe is deirinighe a chuirfead os bhur gomhair- se indiu. Gabhthar an t-aos óg istéach i g-cumann measardhachta; toghtar ainm a bheadh taithneamhach dóibh agus tugtar an ainm sin ar an g-cumann sin. Ceaptar gairm chatha a bheadh oireamhnach agus tugtar an ghairm chatha san dhóibh. Ní foláir cumann den tsaghas san anois thar gach uair d'á dtáinigh riamh roimhe seo. Tá a lán cúiseanna chuige sin acht ní dhéan- fad-sa acht an t-aon chúis amháin seo d'áireamh. Táid na daoine óga taréis an gheallamhaint mheasardachta do ghlacadh le linn dul fé láimh easboig dóibh, agus nach é is lugha is gann dúinn-ne, ar a bhfuil a g-cúram i láthair Dé, fuchaint romhainn, agus gan iad do leogaint i gcathaíbh an ólacháin feasta. Dob' éachtach an chuimhne an gheallamhaint sin, ní cuimhne go dtí í, acht nach truagh cráidte gan aon chumann ghá leanamhaint á chabh- róchadh le na daoine óga an ghealla- mhaint uasal naomhtha san do sheasamh. Is é rud a bheadh sa cumann san ná na céadta agus na mílte Leanbhaí ag cur a n-guidhe agus a ndeagh-oibreacha suas chum Dé, 'ghá iarraidh air an mheasaracht do dhaingniughadh agus do bhuanughadh i gcroidhe na nGaedheal ó cheann ceann na tíre. Tá a leitheid sin de chumann ann cheana féin agus cé go mbaineann sé le hÓrd na gCapúisíneach ní h-é sin an chúis go bhfuilim-se ag tagairt dó anois. Ní h-é. Acht do réir mar a thuigim-se an sgéal, tá an chumann sin an- oireamhnach don obair, agus dá mbeadh duine ann gur bhfearr leis cumann a cheapadh do réir a inntinne féin ní déarfainn ná gur bhúsaide do san a dhéanamh aithne bheith aige ar ár g-cumann-sa. Is é ainm atá air ná “Crúsáidighthe Óga na hÉireann” agus os rud é ná beidh im chumas trácht air thar cúpla focal, ní misde a rádh, aoinne gur mhaith leis tuille eolais d'fhagháil 'na thaobh, gheobhaidh sé é agus fáilte, ón Rúnaire, Connradh an Athar Mhaitiú i g-coinnibh an Ólacháin, Sráid na Cille, i mBaile Átha Cliath. Caithfimíd admháil go bhfuil buadh éigin le ainm áirighthe thar chách. An ainm seo, Fianna Fáil, Irish Volun- teers, ní foláir nó tá buadh éigin ag baint léi, agus an cuma 'n-a bhfuil sí ag cur fhéachaint ar na fearaibh óga preabadh isteach ins na bhuidhntibh i gcúig Árdaibh na h-Éireann. An ainm éile seo, “Crúsáidighthe Óga na h-Éireann,” ní foláir ná tá buadh éigin aice sin chomh maith. Dob' aoibhinn leis an óige gach focal atá san ainm sin agus cuirfidís luas croidhe ortha le h-áthas agus le bród. Nach breagh le duine bheith óg, bheith i dtosach a shaoghail fós, a fhios a bheith aige, ní h-amháin go mbeidh ar a chumas féin obair a dhéanamh, acht go mbeidh ar a chumas daoine eile a mhealladh isteach san obair chomh maith. Má's breagh le duine bheith óg, is seacht n-uaire níos breaghtha bheith de Chlainn na nGaedheal, dhen treabhachas daoine sin ó n-ar shíolraigh na laochra, agus na mairtirí agus na naoimh is mó cáil san domhain. Níor rófhada siar ar fad ó múintí do na scoláiribh ins na príomh-scoileanna seo againn a mbuidheachas do ghabháil le Dia toisg gur leanbhaí suairce, Sasannacha iad! Tá an port sin seinnte, agus isé is dual a mhúineadh do na leanbhaí feasta ná a m-buidheachas do ghabháil le Dia, moladh go deó leis, toisg gur lean- bhaí ghaedhlacha iad. B'fhuirisde an sprid san do chur ionnta. Cad ba ghádh acht a chur i dtuisgint dóibh cad é mar shaghas ár d-tír-se, agus cad é mar shaghas na Gaedhil, a dhílse a bhiodar don chreideamh, conus mar ba thúisce a scarfaidís le n-a maoin, agus 'le n-a g-cloinn agus leis an saoghal go léis ná mar a sgarfaidís le Críost. Cad é mar flosg agus giodam agus mórchroidhe a chuirfeadh a ainm seo “Crúsáidighthe” san aos óg! Chuirféadh sé i g-cuimhne dóibh na sean chrúsáidighthe fad ó a dhein cath agus cogadh ar feadh na g-céadta blian ar son Chríost. Bhí tír dúchthais ár dTighearna an tír 'nar chaith sé a shaoghal, agus 'nar fhulaing Sé a pháis. Bhí an tír naomhtha sin agus na baill is naomhtha ná a chéile innte, agus gach aon tsaghas easonora d'á thabhairt dóibh ag an dTúrcach. D'eirigh laochra na hEuróipe, idir íseal agus uasal, agus an chrois chéasta ar a n-gualainn ag gach fear díobh, agus thughadar a n-aghaidh ar an namhaid is fíochmhaire agus is cuthaighe dá bhfuil san domhain,
agus an ghairm chatha so go h-árd agus go binn acu “Sé toil Dé é.” “Sé toil Dé é.” Níor thugadar san a g-cúl leis an d-tír naomhta gur dheineadar easonóir na dTúrcach do dhíoghailt. Tír naomhtha iseadh Éire leis, agus tá easonóir d'á thabhairt di, gach lá, ag na meisgeóirí. Má's laochra measardhachta sinne, 'sé ár ndualgas idir óg agus fásta, díoghailt a dhéanamh ar an easonóir sin, na meisgeóirí d'iompall chum Dé agus deamhan an ólacháin dhíbirt as an dtír. Chuige sin ní mór dúinn paidreacha agus deagh-oibreacha na gChrúsáidighthe óg. Ní misde dhúinn ár seasamh bheith ortha san. Is mór leó bheith 'n-a gCrúsáidighthe ar son Chríost. Thugas féin fé ndeara, in a lán áiteannaibh ar fuaid na tíre an dhásacht agus an mór-chroidhe a thiocfadh dóibh le linn glacadh leis an gCumann dóibh agus na geallamhna do chur ortha féin, agus na teistiméireachtaí d'fhághail agus na cnaipí do thabhairt chucha féin. Aoinne gur mhaith leis a dheimhne sin a bheith aige, ní gádh dho acht an t-aos óg do thabhairt le chéile isteach sa tSéipéal nó isteach i halla mór éigin, bunús an Chumainn a léiriughad dhóibh agus annson rosg catha na h-óige a mhúineadh. Na focail seo a thagann i ndiaidh gach cheathramhan “Ar son an líntighe, ar son Dé agus ar son na h-Éireann,” is beag ná go lasfaidhís a g-cuid fola le dásacht. Bíodh an focal san dainghean i gcroidhe na n-óg againn. Cuiridís suas a n- urnuighthe diadha chum Dé ghá iarraidh go cruaidh air ár lín-tighe agus ár d-tír d' fhuasgailt ó phláigh an ólacháin, stop do chur leis an bpeaca mór san atá ag líonadh Ifrinn Íochtair le na h-anamnacaibh gur shíl a mhac gléigeal a chuid fola ar a son. Ní foláir do gach aoinne a thagann isteach sa chumann so, go bhfuilim ag tagairt dó, dhá gheallamhaint déag a ghlachadh air féin. Is cuma an dhá gheallamhaint déag sin nó dhá cheann déag de riaghalachaibh a chuireann fhéachaint ar gach leanbh bheith fíor-Ghaedhalach agus dhílis don measardhacht. Is gealla- mhaint acu san bheith fíor-dhílis don chreideamh agus d'Éirinn. Is gealla- mhaint eile acu an Phaidir a rádh uair sa ló, agus an t-ábhe trí h-uaire, agus an glóire aon uair amháin i n-onóir do thart naomhtha ar Slánuightheóra 'ghá iarraidh ar Dhia an t-ólachán do chosg. (Tuille).
“OBAIR NA MEASARDHACHTA AMEASG NA NAOS ÓG.” Tráchtas é seo ó láimh an Athar Águistín do léigh an t-Athair Ailbe os cómhair Comhdháil Náisiúnta na Measardhachta. Breis bheag agus trí mhí ó shoin tháinig chum ár n-athair ró-naomhtha an Papa, buidhean bheag teachtairí ó'n gConnradh Eidirnáisiúnta i n-aghaidh ólacháin. Do labhair an Pápa leó 'ghá bhfreag- airt ag cur misnigh ortha sa ghleic a bhí le déanamh acu i n-aghaidh an ólacháin, agus dubhairt sé an chaint bhunúsach seo leo: “Acht ní bheidh deimhne agaibh ar buachtaint sa gleic mura mbeidh grásta Dé ag cabhrú libh, grásta atá le fághail le guidhe agus leis na Sácraimíntí do ghlachadh go minic agus le smacht do choimeád ar dhrochmhianaibh go críostamhail: mura bhfuil an Tighearna ag déanamh an tighe, tá saothar na n-déantóir i n-aistear. Sgaoiltear solas na n- grást ó Íosa Críost isteach i g-croidhe agus i n-aigne na ndaoine agus cur- far deire leis an bpláigh agus leis na h-olchaibh a leannan é.” Sin mar a labhair an Pápa, agus tá fhios ag an saoghal gur duine ciallmhar, tuigsionach, faidearadha, a shoillse. Tá mainighim thar na bear- taibh agam as an gcomhacht atá ins na paidreachaibh. Is é is eagal liom ná fuil an chomhacht ran gabhtha isteach i n-obair na measardhachta againn fós. Dá n-déinimís éigin mar sin ar Ríoghacht na bhFlathas fé mar ba cheart agus ba chóir dúinn a dhéanamh, leogfaí srothanna móra grásta anuas orainn a chuirfeadh 'n-ár gcumas an obair do thiomáint chum cinn i slighe is nárbh fada uainn an lá go mbeiri- mís buadh ar an ólachán. Táim ag druidim le deire na cainnte seo. Is mó easnamh atá uirthi acht i na dhiaidh sin ní h-é bhí ceapaithe agam cúrsaí an ólacháin do léiriughadh daoibh tríd síos. Ní h-é, acht a mhalairt; caint a dhéanamh a chuirfeadh féachaint oraibh machtnamh a dhéanamh uaibh féin. Sid é daoibh an focal déireannach den chaint a dhean- fad-sa i nbhur láthair indiu. Ní deanfar obair bhunúsach sheasamhach go bráth i measg na n-aos óg muna gcuirfid idir sagairt agus maighistrí sgoile agus aithreacha agus máithreacha le chéile agus muna n-oibreachaid a láimh le chéile. Ní fheicim-se aon deacracht ró-mhór sa méid sin. Ní h-é mo thuairim ná go bhféadfaí é dhéanamh i ngach paróiste i nÉirinn. Dá mba rud é nár dhein an mhór- dáil seo aon bhlúire eile acht a chur i na luighe ar an bpobilidheachta go dteastochadh an cuir le chéile sin agus an oibriughadh a láimh a chéile sin bheadh obair an-thairbtheach déanta aice. Dá dtéidheadh sí nidh ba sia agus a iaraidh ar árd-easbogaibh agus ar easbogaibh na h-Éireann go h-umhal agus go h-uramach caint a dhéanamh le gach aoinne idir cléir agus tuaith an lá bheadh na leanbhaí ag dul fé láimh easpoig, a cur i dtuisgint dóibh gur dhaingne de sheasóchaidís na leanbhaí a n-geallamhaint, iad do ghléasadh isteach i gcumann measar- dhachta, ba cuma pé ainm fé leith bheadh air tá sé buailte isteach im' aigne, dá ndéintí an méid sin gur gearr an mhoill ar Éirinn eirighe suas a' lathaigh na meisgeóireachta agus seasamh ar fód daingean na measar- dhachta. Óige an lae indiu, feardhacht agus banntracht an lae i mbáireach. Tá fáinne geal ár saoirse le feiscint sa deire. Anois an t-am chum na leanbhaí do shabháil do Dhia agus d'Éirinn, greim dúid d'fhagháil ortha, a g-croidhe do lasadh le meanmna Dé i g-coinnibh an óil, agus i g-coinnibh gach uile d'á bhfuil 'ghá leanamhaint. Ní fhéadfadh aon nidh, dá mb'í ár saoírse féin í, feabhas ceart do chur ar ár dtír ná ar shaoghal ár ndaoine go dtí go gcurfaí an imteacht gan teacht san ar an ólachán. An té chabhróchadh leis an méid sin bheadh obair dh'á dhéanamh aige ní h-amháin ar son na hÉireann agus ar son muinn- tir na h-Éireann, acht ar son Dé féin, moladh go deó leis. Is é mo ghuidhe ar gach aoinne atá dílis don mheasar- dhacht a lámh do chur leis an obair sin feasta, agus leis an guidhe sin preabann dhá fhocal suas im' aigne ag tagairt don obair agus ag tagairt dá chéile. Cuirid siad ár ndualgas do Dhia agus d'Éirinn chomh soiléir sin os comhair ár n-aigne, ná féadfaimís, má's daoine le Dia agus le h-Éirinn i n-aon chor sinn, gan preabadh isteach san obair láithreach. Beirt d'Órd Phroinsís Naomhtha adubhairt iad araon. An chéad fhocal díobh, i ndeisceart na h-Éireann iseadh dubhradh é, agus 'sé an tAthair Maitiú féin adubhairt é, an oidhche úd a dhéin sé tosach ar an obair uasail sin na measardhachta. “Seo chuige,” ar seisean, “i n-ainm Dé.” Agus isé Micheál Ó Cléirigh adubhairt an tarna focal, sa tuais- ceart, nuair a bhí sé ag brostú na bhfear a bhí ag cabhrughadh leis san obair mhóir na n-Analach. Bíodh sé ag na Gaedhealaibh mar ghairm chatha feasta: Do chum glóire Dé agus onóra na h-Éireann. Críoch.
DHÁ SCÉAL DEASA. I. — AN TUBÁN. Bhí fear ann fadó darbh' ainm Tadhg. Tadhg na dtubán do tugtí áir, mar is ag deunamh tubán do thuilleadh sé a bheatha & a chothughadh. Bhí sé go hana-shaidhbhir ach mar sin féin do lean sé de'n chéird i gcomhnuidhe & bhíodh sé go minic i measc a chuid fear oibre ghá ngríosadh & ghá stiúradh. Bhí ana shainnt aige chun an airgid & ní bhíodh 'ghá bhaint de'n tsaoghal ach a saidh- bhreas do mhéadughadh. Ní gádh a rádh go raibh sé anadhian ar na bochtaibh, mar is gnáth le fear dá shórd. Lá dá raibh sé ag cur tubáin i dtreo os comhair a thighe amac, thárla bean óg ar an mbóthar. Bhí a cosa leonta ag clochaibh an bhóthair agus a haghaidh millte ag an ngréin, a géaga tnáithte ag an dtuirse. “A dhuine uasail,” ar sí le Tadhg,” déin tsó- caire ar dheoraidhe bhocht. Níl aon airgead uaim ach tabháir dham gloine uisge ar ghrádh th'oinigh. Táim marbh leis an dtart.” “Sin í an abha thíos agat,” arsa Tadhg go dúr, “An dóich leat go bhfuilimise chun mo chuid oibre dh'fhá- gaint chun deoch a thabhairt dod' leithéid.” “Ní gádh dhuit tú do chur thrí céile,” ar sí. “Glaoidh ar dhuine ded fhea- raibh oibhre.” “Deamhan glaoidh, mhaise” an Tadhg. “Ambasa, dá ndéanfainn cór do chur ar lucht bóthair aon uair amháin, ní bheadh do phort ag bachaigh na dúthaighe ach go dTugann Tadhg biadh & deoch uaidh i naisge' agus ba gheall le tigh aoidheachta mo thig aca. Comháin leat anois, a inghean ó, & leig dham féin.” D'fhéach an deoraidhe ar Thadhg & í ar buile feirge. “A bhodaigh gan mhaith” ar sí “Tug- aim glóir do Dhia na Glóire é bheith ar mo chumas míorbhúiltí do dhéanamh, mar féadfad an sgeimhle a thuilleann tú do thabhairt duit. Ní bheadh uaim ach chomhartha a dheunamh chun eascú nú ceann chait do dhéanamh díot; ach ba mhaith liom go ndéanfadh do phionós sa maiteas dod' leithéidíbh & duit féin, nuair a cuirfear do lochtaí i niúl do chách. Dheinis mé d'eiteach ar bhraon uisge. Tá go maith. Cuirimise de gheasaibh ort an tubán san atá idir lámhaibh agat do líonadh le huisce.” Ní túirge bhí an méid sin cainte ráidhte aici ná dh' imthigh sí as radharc féibh mar a shloigfeadh an talamh í. Níor bh'áil le Tadhg rud a dheúnamh ar an mnaoi; ach ar shlighe éigin, níor fhéad sé gan an tubhán d'árdughad leis ar a ghualainn & é bhreith leis chun na habhann chun é líonadh. Thúm sé san abhainn ó, ach dá fhaid bhí sé fé'n uisge, nuair a thóg sé amach as an abhainn, é bhí sé tirim folamh. “Aidhe!” ar sé, & an lith ag iom- páil ann. Do thúm sé arís fé'n uisge é, ach ní raibh aon mhaith ann. Bhí sé chomh tirim an turas deirinech & bhí sé sar ar thug sé chun na habhann i naon chor é. Fé dheire, d'imthigh sé air abhaile chun a thighe. Fuair sé beagáinín air- gid, & do gluais sé leis gan slán d'fhágaint ag aoinne féachaint an bhfaghadh sé sruth nó sruthán 'na líonfadh sé an tubán. Siud leis amach fé'n dtír ach bheadh sé chomh maith aige fanamhaint 'sa bhaile, d'fhan an tubán chomh tirim le sponnc. Fé dheire, do bhris ar an bhfoidhne agan bhfear mbocht & tháinig aithreachas mór air fé'n droch-bhirt a bhí déanta aige agus an bhean bhocht d'eiteach ar deoch uisge. “A Dhia na glóire,” ar sé, “ní fuláir nó tá masla tabhartha agam Duit. Ní fuláir dam cúiteamh éigin a dhéanamh as an masla san do thugais Duit tré gan éisteact les na boch- taibh dh'iarr congnamh orm. Marar chabhruigheas leó, féin, a Thighearna, déin-se cabhrughadh liom. Na beir breith orm as a bhfuil déanta agam ach as a ndéanfad feasta. Féach anuas orm go trócaireach agus déin éisteacht lem' ghlór thruaighmhéiléach.” Le linn na cainnte sin do rádh dho, do shil se deor. Aon deór amháin aithreachais. Do líon an deor san an tubán. CORMAC O CADHLA, D'aistrigh. II. — SEAN-DALL GLIC. Do bhí dall 'na chomhnuidhe i dtighbeag leis féin & bhí ceud púnt aige. Shaoil sé go mb'fhearra dho an t-air gead do chur i bhfolach i n-áit éigin, ná é choimeád 'na sheomra féin. Mar sin de, chuaidh sé amach tar éis tuitim na h-oidhche & dhein se poll ag bun crainn ag ceann tighe & chuir sé an boisgín ina raibh an t-airgead sa pholl & shocruigh sé an áit arís i dtreo nár dhóigh le h-éinne go raibh poll riamh ann. Ach do thárla go bhfeaca comharsa an gnó go léir, & ní túisge bhí an dall bocht imthighthé, ná chuaidh an chomharsa so fé dhéin na h-áite, & d'árduig sé leis an t-airgead a fuair se sa pholl & áthas air & gan aon truagh aige do'n dall. Nuair a chuaid an dall chun na h-áite arís, ní bhfuair sé a chuid airgid ann roimis, ní nách iongna; ach ambasa níor leig sé aon nidh air le h-éinne, ach dhein sé a mhachthnamh go dian. Fuair sé amach gur duine díomhaoin caithteach cladhaireamhail a bhí 'na chomhnuidhe sa tig ba ghiorra dho. Bhí amhras aige láitreach gur bhé sin an gaduidhe & bhí an ceart aige. Chuaidh an dall ag caint leis, & é go geal-gháireatach dar leat. “A chara,” ar seisean leis, “tá a fhios agam gur duine tuigsionach ciallmhar thú & gur fear thú a chuirfeadh comaoin ar charaid dá mbheadh sé id' chumas.” “Mhaithe do dhéanfainn mo dhíthcheall do,” arsa an cladhaire eile. “Thángas chughat,” ar sa an dall, “chun chomhairle d'faghbháil uait ar rud áirithe atá ag déanamh bhuartha dham le tamall. Tá dhá cheud púnt agam agus tá ceud aca san curtha i bhfolach agam i n-áit nách baoghal dóibh. Ní fheadar an fearra dham an ceud eile do chur san ait ceudhna nó é chur i n-áit éigin eile ar eagla go dtuitfeadh sé amach go bhfaghadh gaduidhe fios air ar aon chuma & ná bheadh aige ach a leath dá mbeidís i dhá n-áit agam.” Bí áthas ar an gcladhaire comharsan nuair airigh sé an chaint sin. “Beidh ceud eile agam,” ar seisean leis féin. D'áiteamh sé ar an dall an dara ceud do chur i dteannta an chuid eile, & do gheall an dall do go ndéanfadh sé rud air & d'imthigh sé abhaile. B'fhada leis an bhfear go raibh an oidhche ann & gur chuir sé an ceud púnt tar n-ais sa poll ag bun an chrainn mar a bhfuair se iad le súil an dá ceud do thógaint as ar ball. In am mhairbh na h-oidhche chuaidh an
dall go dtí an áit, fuair sé a cheud púnt ann roimis, thóg amach é go deagh thapaidh & chuir blúire páipéir sa bhosga i n-ionad an aisgid. Sid iad na focail a bhí sgriobhtha ar an bpáipéur: — “Níor mhisde dhám a rádh gur fear thu a chuirfeadh comaoin ar charaid dá mb'fhéidir leat é. Gabhaim buidheachas leat ó chroidhe i dtaobh cabhrughadh liom chun mo chuid airgid d'fhághbhail!” DUL AMUGHA.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services