Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Scéalta, Gaeilge i mBéarla Chill Dara

Title
Scéalta, Gaeilge i mBéarla Chill Dara
Author(s)
Údair éagsúla,
Composition Date
1914
Publisher
Na Caipisínigh

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


AN PRÓCA ÓIR.



SEÁN Ó GRUAGÁIN do sgríobh.



AR LEANAMHAINT.



“An bhfaighinn bheith istigh uait i
gcóir na hoidhche,” ar sé.



“Gheóbhair a's fáilte,” ar san bain-
treabhach, “tar isteach a's suidh.” Do
dhein an sgoláire rud uirthi go
fonnmhar.



Bhí an suipéar i ngiorracht do bheith
ullamh a's nuair do bhí sé ullamh d'iarr
an bhaintreabhach air luighe isteach,
“mar,” ar sise, “do réir deallraimh
is géar atáir n-a ghábhadh.”



“Sé an focal is fírinnighe dár thuit
ót' bhéal riamh é,” ar san sgoláire,
“ach má seadh, chun na fírinne d'inn-
sinnt duit, ní mór é mo dhúil i mbiadh
a's níl ann acht sheachtmhain ó bhain soin
dam a's is taidhreamh fé ndearra é.”



“Taidhreamh,” ar san baintreabach,
“is greannmhar soin de,” ar sí.



“Níl aon ghreann ná spórt ag baint
leis mar taidhreamh, chómh fada a's do
théideann mo chuid-se dhen sgéal,”
ar san sgoláire bocht, “a's neosaidh
mé dhuit cionnas soin.



“Trí oidhche as a chéile a's mé im'
chodladh do nochtadh dam dar liom áit
n-a raibh próca óir curtha i dtalamh.
Do bhí, cheapas, crann mór sgeiche gile
go raibh cochal 'n-a bharra ag fás ar
an áit chéadhna.”



“Tá seachtmhain ann ó deineadh an
taidhreamh dam a's táim sa tsiubhal
ó shoin a's gan faic dá bharra agam.



“A's dá thuirsighe bhím tar éis siubhal-
óide an lae is ró bheag de chodladh na
hóidhche gheibhim a's sin é an chúrsa do
mé ó dhúil do bheith i mbiadh agam, a's
do thug an crot so na haindeise orm
fé mar is léir duit,” ar san sgoláire.



Dubhairt an bhaintreabhac annsoin
go raibh crainn de'n sgeich ghil go
fairsing sa dúthaigh sin, “ach 'nach mór
an truagh dhuit,” ar sise, “a bheith ag
caitheamh do chuid aimsire ar chuaird
gan chruinneas de'n tsaghas soin.”
“I mbasa féin, a bhean an tighe,” ars
an sgoláire, dá freagradh, “is amhlaidh
mar atá an sgéul agam ná féadfhainn
mo shuaimhneas a cheapadh riamh ná
coidhce chun go bhféachfhainn deire
chúrsaidhe an taidhrimh.”



Dubhairt an bhaintreabhach leis ann-
soin gan cheisd do bheith air go mbéadh
fáilte roimhe fuireach acu chómh fada
a's ba mhian leis féin é, a's d'orduigh
dá hinghín ionad suain do chóiriú' ar
an lochta dho.



Do ghaibh an stróinséar buidheachas
go croidheamhail leo araon ar a
bhfhéile a's ar a gcneastacht leis. Do
thárla pínse tae do bheith ag an
mbaintreabhaigh a's má bhí, ní h-í do bhí
gann fé leis an bhfánaidhe, ar shlighe
gur gairid go raibh sí féin a's a
hinghean chómh mór eolas ar a chúrraidhe
leis féin.



Is comhsamhail gur chuir an cupán
tae i dteannta teas na teine,
sámhán ar an bhfear mbocht mar b'é a
dhícheall ó féin do chiméad ó thuitim
'na' chodladh, a's dubhairt an bhain-
treabhach leis go mbfhearra dho an
leabaigh do thabhairt ar féin; rud do
dhein gan ró-mhoill, mar ba bhreagh
aige é tar éis a shiubhailtí a's a chuid
annró.



Ba ghairid 'na dhiaigh soin go raibh
an duine bocht ag sranntarnaigh go
tréan ar leabaidh an lochta.



Cómh luath i nÉirinn a's do bhraith
an bhaintreabhach nach saibh aon bhaoghal
dúistighthe air do shleamhnaigh sí léithi
amach as an tigh ar bairraiciní na
na gcos a's a h-inghean n-a diaigh.



D'imthigheadar a's dhaimsigheadar
rámhan a's sluasaid a's do thugadar
a mbeirt aghaidh ar sgeich mhór cocha-
laigh do bhí ag fás i ngiorracht páirce
do'n tig.



Do bhaineadar an fód timcheall na
sgeiche móire cochalaighe a's do chrom
ag polladh leó a's ní fada bhíodar ag
gabháil do'n obair sin chun gur thang-
adar ar lic cloiche.



“A!” ar san baintreabhach i gcogar
leis an inghín, “chómh siúralte as táir
beo, tá an prag againn,” a's i mbasa
do bfhíor di.



Nuair árduigheadh an leac b'shin
fúithi shíos go seascair an boisgín
beag. Is gairid do bhíodar ghá
thógaint a's ghá osgailt a's a gcroidhe
ag cur orra le n-a linn sin. Bhí an
prag acu gan agó. Bhí an boisgín
nach mór lán de phíosaí óir. Is iad
do bhí go háthasach a's go mórdhálach!
Ba ghairid an mhoill orra an chré do
chaitheamh thar n-ais sa' pholl a's a bhéal
a dhúnadh a's na sgraitheanna do
chur air.



D'imthígheadar annsoin a's do thiom-
ánadar na ba isteach ar an áit chun é
do phosáil a's do thug aghaidh ar an tigh
le n-a stór a's an leac bheag a's do
chuir i gcimeád iad go cruinn baileach.



Do thugadar an leabaidh orra ann-
soin ach máiseadh níor chun codhlata
é mar do bhí an aigne go ró trí na'
chéile acu, chun aon néal do thuitim
orra dhi. Níor mhar sin do'n sgoláire
ámhthach, is é do chuir an oidhche de ar a
“sháimhín shógh” a's a phort shrónuigheala
ar siubhal aige.



Nuair tháinig am proinne ar maidin
do glaodhadh é a's do cuireadh a
bhreacfhást roimhe ach má cuireadh ní
mór do chaith sé dé nar do bhí an
t-imsníomh ag cur air go dian i gcomh-
nuidhe a's b'é do bfhada leis go mbeadh
'sa' chuaird ath-uair.



Chómh luath a's ghlan sé a bhéal ba
sheó amach leis ag lorg na sgeiche
cocallaighe, a's níor bhfada ar siubhal
do chun gur thug sé fé ndearra
i bpáirc na beantreabhaighe an sgeach
do chonnaic sé sá' taidhreamh.



(Ní Chríoch).


L. 47


AN PRÓCA ÓIR.



SEÁN Ó GRUAGÁIN do sgríobh



AR LEANAMHAINT.



Is ionghantach nár eirigh a chroidhe as
an aindeiseóir le neart átais.



Cheap sé nidh nach ionghantach go
raibh a fhortúin déanta i ndeire na
sgríbe.



Luigh sé ag obair le fonn ach má
luigh, ba ghairid go bhfuair sé amach
go rabhthas roimh ré leis.



Bhí an prócha imtighthe gan bith a
thuairsge!



Cá h-ionghnadh má fhill sé ar thig na
Baintreabhaige a's é go trom-
chroidheach, cráidhte. Do leig an bheirt
orra bheith chómh mór brón leis féin
i dtaoibh a mhí-fhortúin.



Annsoin dubhairt an sgoláire bocht
nách raibh aon ghnó san áit feasda
aige a's go mbeadh sé ag bogadh a's
ag géarrú' an bhothair a bhaile a's gur
thruagh cráidte leis gur fhág sé
riamh é.



Níor bhé a dhearmhad roimh imtheacht
do, a bhuidheacas chroidhe do ghabháil
leis an mbaintreabhaigh as le n-a
h-ingín i dtaoibh a fheabhais bhíodar
leis a's leis sin dfág sé slán a's
beannacht acu.



Beanín stuamdha ghasta do b'eadh
an bhaintreabhach murab ionann a's
daoine eile é, a's ní baoghal gur dhein
sí aon nidh do sgéithfeadh uirri féin,
ach do bhíodh sí ní ba fhiala ná riamh le
lucht déirce.



Seal gearr n-a dhiaigh sin do thug
duine eile de sna sgoláiribh bochta
cuaird ar thig na baintreabhaighe
d'iarr bheith istigh a's má iarr fuair.



Níor bhé sin amháin ach fuair sé
cead rud do bhí sé ghá lorg, cead
sgoil do bheith sa tigh aige.



Do bhí sé mar seo tráthnóna tar
éis na sgoile sgur do, n-a shuidhe ar
fhalla na h-iothallaine ag caitheamh a
phíopa do féin a's gan cuimhneamh
dada aige nuair de phreibh do luig a
síul ar an lic bhig neamh choitchianta i
mbarra an fhalla láimh leis.



Bhí inghean na baintreabhaighe do bhí
tar éis í chaitheamh as an slighe uaithe
ann roinnt aimsire roimhe sin.



Do ghaibh an sgoláire in a láimh í
a's do bhí gá fhéachaint. Do bí sí lán
de líntibh eagsamlacha a's d'aithin an
sgoláire láithreach gur cloch Oghaim
do bhí n'a láimh aige.



Tar éis í ghlanadh cómh maith a's do
bfhéidir leis, do thainig leis an
sgríbhinn do léigheadh a's sid é an
sgéul do bhí ar iompar ag an lic bhig
“Tá an oiread eile airgid curtha ar
an dtaoibh eile dhi seo.”



Ní h-ionghnadh gur phreab a chroidhe
san sgoláire nuair a léigh sé seo a's
gur tháinig iarracht d'anaithe ann, acht
má tháinig féin do bhrúig sé fé é, a's
nuair bhí imthighthe de'n anaithe roint
d'fhill sé ar an dtig a's d'iarr de'n
bhaintreabhaigh — gan aon nidh do leigint
air, cá dtáinig an leac. Dubhairt an
bhaintreabhach dá fhreagradh, ná feidir
sí i gceart ach gur dócha léithi gur ó'n
gcoiréal do tháinig sí nuair bhitheas
ag tarraingt cloch uaidh le h-aghaidh
cró na mbó do thógaint.



“Seadh, má seadh,” arsan sgoláire,
“is cloch Oghaim í.”



“Mhuise, a mhich ó, ní aithneóchainn-
se cloch thar cloich eile a's ní h-iad a
bhíonn ag déanamh buadhartha dam ach
amháin mo ghnó; ní ag tabhairt gearra
chainte dhuit-se é, a dhritheár.”



“Bhel,” ar san sgoláire, “tá
teachtaireacht uirri.”



“Dhiara éist!” ar san bhaintreabhach,
a's iarracht do sgeón innti.



“Ar m'fhallaing go bhfuil mhuise” ar
sé-sin, ghá léigheadh.



“Ó,” ar sisi, “cialluigheann sé sin
go bhfuil a chómh mhaith de thalamh ar an
dtaoibh eile chlaidhe a's dar ndóigh,
nach cuma nó ór talamh foghanta” ar
sise.



“Ní fheadar-sa,” ar san figheadóir,
pe'cu ar chreid an sgoláire í nó nár
chreid ach do leig sé air gur chreid ar
aon chuma, bíodh gur deimhin leis nach
ó'n gcoiréal tháinig an leac.



Pé i n-Éirinn é, níor chuir sé
tuairsg na lice ar an mbaintreabhaigh
a thuilleadh chun gor fhág sé í.



Is uirri do bhí an t-áthas a's an
sásamh aighne nuair do bhog an sgol-
áire an bothar uaithe mar bhí eagal a
croidhe uirri go nochtfaidhe dho, fé
mar nochtadh do'n deisciobal eile
ionad na cúbóige ach i mbasa ar
ádhbaraighe an t-saoghail, níor nochtadh.



“Cun sgéul gairid a dheanamh dhe,”
ar san figheadóir, “a's deire chur leis
d'eirigh an dara chuaird chómh mhaith
leis an mbeirt a's d'eirigh an chéad
chuaird.”



“Fuaireadar próca a's oiread
eile óir ann a's do fuaradh cheana.



Do cheannuigh an bhainnreabhach feirm
bhreagh thalmhan dá h-inghín, a's níor
bhfada n-a dhiaigh soin gur phós an
cailín fear a rogha féin, a's mura
mhaireadar súd go sona sásta a's
soin amach go mairimíd-ne!



“Sin é agaibh mo sgéal a gharsúna,
má tá bréag ann níl leigheas agam-sa
air mar ní mise do chúm ná cheap é.”



“Mhuise, go dtugaidh Dia faid
saoghail a's sláinte dhuit-se a fhir an
tighe,” arsa sinne, go léir d'aon ghuth,
“a's mórán de Nodhlaigí mhóra maithe
'n-a fhochair sin.”



“Mhuise, go mba h-amhlaidh díbh
féin, a gharsúna, a's cuid mhór mhaith
acu agus --” “Oidhe! Sé mbúr
mbeatha, a bhuacaillí, a's i mbasa féin
gur mithid díbh teacht, is eadh soin, nó
cad do chiméad in éan chor sibh?”



“Seadh, seadh! druididh anuas chun
na teine go fóill beag & tabhair
goradh dhíbh fhéin sul a dtosnuighidh ar
an g-cluiche. Sin é é!”



(críoch).


L. 52


CÚINNE AN AOIBHNIS.



Tomhaiseanna Gaedhilge.
1. Siné sa chúinne é agus dhá chéad súil
ann? Corcán anaithre.



2. Chím-se agus ní fheiceann tusa é,
Agus is giorra duit-se ná dómh-sa é?



Cúl do chinn.



3. Lán páirce de mhnáibh uaisle bána agus
bonnaití uaithne ortha? Páirc tornapaí.



4. Tobairín fíor-uisge i bhfíor-bhárr an
tsléibhe,
Fuinneóigín ghloine ann is doraisín chré.



Súil duine.



5. Bean fhada ghiéigeal ag sileadh na braona?



Coineal



6. Is mó é, is mó é, rud a bhaint de,
Is lugha é, is lugha é, rud a chur air?



Poll



DUAIS LITIR.



A Bhanba, a ghrádh mo chroidhe, — Deireann a
lán daoine gur rugadh Naomh Pádraig i
n-Albain agus is dócha gur b'é sin an áit,
bíodh agus go ndeireann daoine eile gur sa
bhFrainnc a rugadh é. Nuair ná raibh sé ach sé
bliadhna déug d'aois tháinig sé go h-Éirinn.
Díoladh é mar sclábhuidhe, & do b'áil leis dul
agus aire a thabhairt do mhucaibh & do chaor-
achaibh ar Shléibh Mhis. Bhí árd-uaigneas air
mar bhí sé abhfad ó bhaile, imeasg na bPagánach,
agus níor bh'fhéidir leis teanga na nGaedheal
a thuisgint. I gcionn thamaill bhig, ámh
d'fhoghluim sé an Ghaoluinn, & mar gheall ar é
a bheith in a gharsún dheadha, bhíodh sé ag guidhe
chun Dé i gcómhnuidhe, chabhair & chongnaimh a
thabhairt dhó. Ba chruaidh an saoghal a bhí aige
i nÉirinn an uair sin, ach bhí Dia na Glóire
i néinsheacht leis.



Tar éis sé bliadhna a chaitheamh dhó sa chuma
san, d'éaluigh sé, & chuaidh sé abhaile. Annsan
do chuaidh sé isteach i mhanistir & tar éis seacht
mbliadhna, nó geall leis, deineadh sagairt dhó.
I mbliadhain 432 tháinig sé thar n-ais, & anois
ba bhreágh an obair a bhí le déanamh aige. Do
ghaibh sé tír i Condae an Dúin, agus d'fhaduigh
sé teine i n-aice na Teamhrac. B'é só céad
teine an chreidimh Criostamhla i nÉirinn. Do
bháisteadh sé na céudta gach lá & dá mhéad a
dheineadh sé ní bhíodh uaigneas ná tuirse air,
mar bhí grásta Dhé aige, & bhí a fhíos aige go
raibh Flaitheas Dé ag feitheamh leis. I gcionn
tamaill bhigh ba thír Criostamhail Éire, & tá
súil againn go léir gho mbeidh na daoine dílis
do goromharthaibh Naoimh Phádraig go deo. A
Naoimh Phádraig, guide orainn.



SEÁN Ó GAOITHÍN,
Coláiste Bhaile an Roistigh,
I gCó. Chorcaige.


L. 62


BÉARLA CHILLE DARA.



FOCLA GAEDHILGE ATÁ I N-USÁIDH AG
BÉARLÓIRIBH CHILLE DARA.



“MAC CÉACHTA” do bhailigh.



Áird (airt), a point of the compass; used as
follows:— “they came from all airts” (to a
meeting, etc.).



Amadán (omadhaun), a fool.



Arc Luachra (dark luker), a small lizard.



Baitín (boteen), a stick.



Bacach (bocach), a cripple, a beggar, a name
applied in contempt to a person. Also
heard as “bacady,” lame.



Bán (bawn), a farmyard.



Báire (bairy), a goal in hurling, etc.; more
commonly used by boys pegging tops to
designate the goal through which the top
which is down must be driven to decide the
game.



Bean Sidhe, the Banshee.



Bean a' leanna, heard in the expression “as
drunk as ban a'lanna.”



Biorach (berac), a spiked muzzle for calves.



Balbhán (bullavaun), a rough, noisy person.



Bodach (bodach), a churlish person.



Boithrín (boreen), a lane.



Bogán (bugaun), a soft egg.



Bodhrán (buraun), a measure to hold corn, etc.;
made from the rim of a sieve covered with
a calfskin or sheepskin.



Bróg (brogue), a boot.



Bodhar (bother, bothered), deaf, also “bother,”
torment.



Blab (?) (blob), a blister.



Bostún (?) (bosthoon), a poltroon.



Brus (bruss), broken hay or straw; anything
broken up small.



Brosna (bresna), a bundle of sticks for firing.



Bladar (blather), flattery, coaxing.



Buachalán (bouclaun), the rag-weed; also
“boliaun.”



Budán (boodaun), said of corn just before it
shoots out or breaks into ear — “the corn is
in the budaun.”



Buailtín (boolteen), the striking staff of a flail.



Brídeog (breedoge), a figure dressed up to
represent St. Brigid, which was carried from
house to house on St. Brigid's Eve.



Banbh (booneen), a young pig.



Brileán (brilawns), rubbish, etc.; “old
brilawns of furniture.”



Bradach (bradach), roguish, usually applied to
a cow.



Bhoitín (?) (voteen), a devout person: also a
hypocrite.



Bothóg (bohoge), a little house, a cabin.



Broc, speckled; heard as brocaidhe (brocky),
applied to persons marked with smallpox.



Breac (bracket), b. cow, a spotted or brindled
cow.



Cas-siar (?) (casheer), land let out to grass
after corn, without grass seed being sown;
left to nature.



Cadhrán (keeraun), a small piece of turf.



Cailín (colleen), a girl.



Cámur (?) (caumur), “it did not take a
‘caumur’ out of him; said of a person who
performs a feat without much effort or
receives a blow, hurt, etc., wfthout feeling it
very much.



Cáibín (caubeen), an old hat.



Cipín (kippeen), a small stick.



Ceant (kant), an auction.



Crág (craug), a handful, as of meal, etc.



Cruibín (crubeen), a pig's foot.



Cruit (cruit), a hump on the back.



Cúilín (cooleen), a wedge for fastening and
adjusting colter of plough.



Ciotóg (kithoge), left-handed; the left hand.



Ciorracach (corrachy), stiff land difficult to
till; “corracheens,” the small lumps which
form in such land in dry weather.



Cúbóg (cuboge), Easter eggs.



Clábar (claubar), thick mud, etc.



Críol (creel), the frame used on a cart for
drawing turf or taking sheep, etc., to market.
We have no English for this.



Clampa (clamp), a rick of turf.



Cuimín (kimmeen), a trickster, a “crooked”
person.



Cis (kish), a large wicker basket, a measure
for turf.



Clab (clob), the mouth, used contemptuously.



Cladhp (clipe), a blow.



Cailleach (coilleach), the loach, a small fish.



Caoine (keen), to “keen” or cry.



Comhair (core), ploughing, etc., in partnership.



Ciapáil (kebal), strife, noise.



Cáise púca (causa pooka), a fungus which
grows on trees, etc.



Cál Ceannain (callcannon), mashed potatoes
seasoned with onions, etc.



Cruic (?) (crick), a pain or stiffness in the neck.



Cill an Cuis (?) (keelauncush), a small reptile
found in marshes.



Cliabh (cleeve), a basket used for carrying turf.



Diabhal (deowl), the devil.



Dreadaidhe (dready), heard as a “nick name.”



Dranntan (dronthawn), a snatch of song.



Dromán (drum), a back-strap or plough-back.



Deannac (deannach), mill dust.



Dúnán (?) (dhoonaun), a light white cold frost,
“a dúnán of frost.”



Dúidín (dooodeen), a short black pipe.



Deor (deor), a drop.



Darbh Daol (darraghdheel), a sort of long
black chafer or beetle.



Dealg (dalk), a thorn, a splinter.



Doirnín (dhurneen), the hand grip of a scythe
handle.



Flaitheamhlach (flahoolach), generous.



Faic (fack), an old-fashioned spade.



Fabhrán (fowraun), cow-parsnip.



Fraochán (frockan), whortleberry.



Fínín (?) (feeneens), very small insects found
in hay.



Fásach (fusuch), the waste or untilled strip
round the fences in a tillage field.



Fústar (fooster), “foostering,” doing a thing
awkwardly.



Garsún (gorsoon), a little boy.



Glag (glug, glugger), applied to the noise
made by a pipe when the tobacco at the
bottom is wet.



Glám (glawm), to maul or pull about.



Gad (gad), the leather with which the buailtín
of a flail is fastened to the handstaff.



Gob (gob), the mouth.



Gág (gaug), a crack in the skin of the hand, &c.



Gastaire (goster), a prater, a chatterer.



Gearróg (garoge), “garoges,” short drills in
the angle of a field.



Gobán (gubaun), a prattling, talkative person.



Gímeóg (?) (gimoge), a very small piece of
anything.



Gríosac (greeshach), glowing embers and
ashes.



Gríscín (griskin), a piece of meat, usually
pork.



Gábhlóg (gouloge), a forked stick.



Girseach (girsha), a little girl.



Gam (gom), a foolish person.



Gruaimeach (grumach), gloomy, ill-humoured.



Gráineóg (graunoge), a hedgehog.



Gearrán (garren), an old horse.



Go leór (galore), plenty.



Gáibín (gawbeen), a stook, a clown.



(Ní Críoch).


L. 81


BÉARLA CHILLE DARA.



FOCLA GAEDHILGE ATÁ I N-USÁID AG
BÉARLÓIRIBH CHILLE DARA.



“MAC CÉACHTA” do bhailigh.



Griog (greg), a child with sweets, etc., who
shows them to another without giving him
any is said to be “gregging” him.



Inis (inch), level grassy land along a river.



Ladar (ladhar), to beat.



Leadhb (libe), a strip, a shred.



Lúbán (loobaun), anything bent or twisted out
of shape is said to be “in a luban.”



Lúbaire (loober), a “crooked,” dishonest person.



Loch (lough), a pool of water.



Lán a' mhála (laun a waula), plenty.



Ludaidhe (loody), a tall awkward person.



Leipreachán, a “leprachaun.”



Maol (mweel), a “mweel” cow, a polled cow.



Mar eadh (moryah), as it were, forsooth.



Mioscán (miscawn), a roll of butter.



Meig (meg), the beard of a goat; also the cry
of the animal.



Múileach (?) (mooleach), mud, slop.



Múileachán (?) (mooleachaun), a fool.



Moidear (?) (moither), torment; “don't be
moithering me”; “don't be tormenting me.”



Mhuise, musha.



Noigín (noggin), a wooden drinking vessel.



Oinseach (ownsheac), a fool.



Plodach (pludach), a muddy place.



Puilleach (?) (puilloch), marshy, low-lying land.



Pincín (pinkeen), a small fish, the thornback.



Póirín (poreen), a small potato.



Pochán (puckawn), a male goat.



Pus (puss), the mouth; sometimes the face.



Pilibín (filibeen), the green plover.



Práiscín (praskeen), a coarse apron.



Píobán (peebaun), instrument like a drone reed
which children make from straws in harvest.



Praiseach (presaugh), charlock.



Pisreóg (pisheroge), charms, etc.



Púca (pooka), a sort of fairy.



Ráimáis (raumaush), foolish talk.



Riabhóg (reafoge), the hedge-sparrow.



Riabh (rife), rife or rifle board used for
sharpening a scythe.



Seach (shaugh), a smoke of a pipe.



Sgeach (sgach), a whitethorn bush.



Spág (spawge), a foot.



Speach (spough), a kick, usually of a cow.



Spailpín (spalpeen), usually applied to a man
in contempt.



Sgiotóg (skitoge), heard applied to bits of
stick, one end of which children had lighted
and were waving to and fro to keep glowing.



Sleaghan (slane), the tool used for cutting turf.



Smidirín (smidereen), anything broken up
small is said to be “in smidereens.”



Sprann (sprong), a four-pronged manure fork.



Sgraith (scraw, scraugh), a green sod.



Sgoilt (scolth), a furrow in ploughing.



Sgolb (scollop), the bent twig used to fasten
thatch on the roof of a house, etc.



Sgráb (scrawb), a scrape, a scratch.



Shgaltán (sgaulthaun), an unfledged bird.



Súgán (sugan), a hay or straw rope.



Sop (sop), a wisp.



Snas (snoss), “finish,” neatness; anything
well done is said to have a “snoss” on it.



Sponnc (spunk), the plant called coltsfoot.



Slog (slug), a sup.



Sligheadóir (shlewder), flattery; a flatterer.



Sgím (skim), the scum of liquid; removing the
cream from milk is called “skimming.”



Spriosán (sprissaun), good-for-nothing person.



Siubhlóir (shuler), usually a tramp, but applied
in various ways.



Sgiolán (sgillaun), a potato set.



Síbín (shebeen), a shebeen.



Slighbhín (sleeveen), smooth-tongued, sly person.



Stuacán (stookan), a fool, a clownish person.



Stuacaire (stook), do. do.



Sream (sraum), matter running from the eyes.



Stuaic (stuck), a stook of corn.



Sríl (streel), an untidy person, usually applied
to a woman.



Storc (sturk), bullock, usually a small thick one.



Striog (strig), a term used in connection with
the milking of cows.



Soc (sock), the sock or point of a plough.



Snab (snab), a candle end.



Snabóg (snaboge), a torch or candle made by
dipping a piece of rag or string in melted
resin or fat.



Sligriú (slig), in plural, small slaty stones;
quarry waste.



Shgíb (skip), a potato basket.



Seóinín (shoneen), a person who apes English
manners, fashions, etc.



Scud (scut), the tail of a hare or rabbit.



Seanchus (sheancus), a chat, a conversation.



Sgiodán (skidawn), a term of contempt.



Taoscán (thaoscawn), a small load of hay;
the amount in a vessel not quite full.



Taoibhín (theeveen), patch on the side of a boot.



Taom (teem), to strain or pour off water, etc.;
to “teem” potatoes.



Tádhlach (thauloc), a pain or swelling in the wrist.



Táilleog (thauloge), a sort of loft or recess
over the kitchen fireplace in old houses.



Tráithnín (traneen), a blade of grass.



Troighthín (threeheen), a wedge used in
“yoking” a “pack”; also a footless stocking.



Teann-tobac (thoulthaboc), a good beating or
scolding.



Tré na chéile (threenahalia), topsy-turvy,
mixed up.



Toicín (thackeen), a forward, bold little girl.



Tochair (tougher), a road or causeway in a bog.



Tuilleadh (tilly), a small quantity of anything
given in excess of the quantity purchased, as
in milk.



Turas (thuras), a visit in a Jubilee; a “round”
in a “pattern.”



Útamálaidhe (oothamaile), a fumbler.



Terms of Endearment —



A stóir (asthore).



A leinbh (alanna).



A chuisle (acushla).



A mhúirnín (avourneen).



A théagair (a hagur).



A mhic (a vic).


L. 97


“EACHTRA THAIDHG MHIC CÉIN.”



An Chreach do ghabh Cathmann insa
Mhumhain.



Do bhí ríoghacht bheag an uair úd
láimh leis an Easbáin thoir theas. Tír
Freisean ainm na tíre sin. Tír thaith-
neamhach fhíor-álainn dob' eadh í. Cath-
mann mac Tabhairn an rí do bhí innti
le linn na haimsire sin.



Do ghluais an rí sin Cathmann ar
chuaird; acht ní ar chuaird ríogh ná ar
chuaird síothchána do ghluais sé. Tháinig
sé leis thar na fairrgíbh anall ó n-a
thír féin agus foirne naoi long leis
agus ní raibh de chúram air acht ag
foghail agus ag creachadh gacha treibhe
d'á mbuaileadh leis, má fheudadh sé
teacht i gan fhios ortha.



Do casadh i dtír i n-iarthar Mumhan
é i ndúthaigh Bhéarra, an oidhche cheudna
thárla do Thadhg mhac Céin agus d'á
mhuintir cur fútha i gcóir na hoidhche
ann. Tháinig loingeas Chathmainn i
dtír i gcuan bheag iargcúlda nach raibh
leith-mhíle de shlighe ó'n áith 'n-a raibh
Tadhg agus na Cianachtaigh, acht ní raibh
a fhios ag ceachtar de'n dá dhream
iad do bheith chomh comhgarach sin d'á
chéile.



Nuair do ghabhadar Cathmann agus
a mhuintir cuan agus caladh, do chuir
an rí lucht braithte uaidh isteach fé'n
tír chun go dtugaidís cúntas cruinn
ar ais chuige i dtaobh cár bh'fhearr
dóibh dul chun creach do ghabháil agus
d'fhuadach leo. Níor mhór an mhoill
do bhí amuich ortha gur fhilleadar agus
gur innseadar dó go raibh na Cianach-
taigh curtha fútha i gcóir na hoidhche
'n-a gcomhgar, agus gur chosamhail ar
a sháimhe agus ar a shuaimhneasaighe do
bhíodar, nár bhraitheadar aenne tagtha
i dtír i n-aon chomhgar dóibh.



Do chuir Cathmann a mhuintir i
n-eagar catha láithreach agus do ghluai-
sigheadar le dorchadas na hoidhche fé'n
tír isteach ar tí na gCianachtach. Do
ghluaisigheadar ar nós madadh ruadh
ar tí cearc. Níor séideadh adharc ná
níor seinneadh píob ná ní tugadh gáir
chatha. Do bhítheas go ciúin ag eulódh
insa doircheacht.



Ní raibh aon choinne ag an dream
eile go rabhthas chuca. Is amhlaidh do
bhí a lucht ceóil ag gabháil suantraighe
dhóibh agus na laochraidhe ag dul i
dtoirchim suain agus sámh-chodalta,
agus níor bhraitheadar an namha go
rabhthas mór dtimcheall ortha.



Annsain do séideadh adharca. Do
buaileadh sgéithe, do rinneadh fothrom
agus torann; agus sula raibh an
codladh as na súilibh aca, do bhítheas
istigh ar an gcorp aca agus iad d'á
milleadh agus d'á marbhughadh gan
truagh gan taise.



Ní raibh aon chaoi ag muintir Thaidhg
ar iad féin do chosaint. Thángathas
ró-obann ortha agus tugadh a n-ár
go léir ar chrap' na súl. Do gabhadh
agus do ceangluigheadh Líthbhán, bean
Thaidhg, agus a bheirt dearbhráthar,
Airnealach agus Eoghan. Ní dheaghaidh
caonaidhe aonair díobh uatha acht Tadhg
féin. Ráinig leis sin breith ar a
chlaidheamh agus do-rinne sé bóthar
amach tríotha, agus níor lámhuigh aenne
a chosg.



Rug na hallmhuraigh an chreach agus
na braighde leo go dtí a gcuid
loingeas agus do chuireadar ar bórd
iad. Do ghabhadar tar a éis sin ag
sgriosadh na tíre mór dtimcheall
agus ag a cur tré theine agus do bhí
gach mí-ghníomh is dual d'á leithéidíbh
d'á dheunamh aca go dtáinig cuid de
mhuintir Thaidhg do bhí amuich uaidh an
cheud oidhche agus gur ionnsuigheadar
ar an dtráigh iad. Níor bh' fheairrde
na hallmhuraigh an teangmháil sin,
mar gur mhairbh gach n-aon d'iarmhar
buidhne sin Thaidhg allmhurach an duine
aca. Nuair do bhítheas ag dul ro-
dhian ortha agus nuair do bhraitheadar
nach raibh le faghbháil aca acht callshaoth
agus cruadhtan, do cheapadar gur bh'
fhearr rith maith ná droich-sheasamh agus
do theicheadar ar bórd na long uatha.
Do chuireadar beul an chuain amach
díobh agus cubhrán bán d'á dheunamh
de'n bhfairrge i gcoinnibh slios na
long aca le méid an tsiubhail do bhí
fútha ó thréan-bhuillíbh na maidí rámha
d'á lúbadh le neart deithnis agus le
sgannradh.



D'imthigheadar chomh hobann sin gur
fhágadar duine d'á muintir 'n-a
ndiaidh ar an tráigh. Do gabhadh é.
Níor chuir sé go ró-threun 'n-a gcoin-
nibh, mar thuig sé, is dócha, ó thárla a
lámh i mbeul an mhadra gur d'á réidhe
do tharraingeochadh sé í dob' fhearr dó.
Do chlaoidh sé leo ar mhaithe leis féin,
mar do cheap sé gur ar an gcuma
sin dob' eadh do bheadh aon chaoi aige
ar a mhuintir féin d'fheicsint choidhche
arís. “An té ná bíonn láidir ní
foláir dó bheith glic.”



Ní dhearna na hallmhuraigh stad ná
comhnaidhe gur shroicheadar a dtír féin
leis an gcreich do bhí aca. Dob' olc
an chóir thugadar ar na braighdibh
bochta do bhí gabhtha aca. Do cuireadh
ceangal na gcúig gcaol ortha agus
do caitheadh imeasg na n-earraidhe
agus na ngréithre, do goideadh i
ndúthaigh Bhéarra, iad. Ní raibh truagh
ná trócaire ag lucht Tíre Freisean
dóibh. Ní bhfuaireadar acht ganntan
an bhídh agus an chuid ba fhlúirsighe
de'n aindeise uatha.



Nuair do shroicheadar Tír Freisean
do roinneadar na hallmhuraigh an
chreach eatortha. Rug Cathmann Líth-
bhán, bean Thaidhg, leis chun go mbeadh
sí mar mhnaoi aige féin. D'iarr sí
d'athchuinge air gan é d'á pósadh go
ceann áirighthe aimsire agus dob'
éigean dó an athchuinge sin do
thabhairt uaidh di.



Do cuireadh an bheirt dearbhráthar i
ndaoirse sglábhaidheachta. Do cuireadh
Eoghan ag caladhthóireacht sall 's anall
thar an ngabhailín mara do bhí láimh
leis an dún. Do-rinneadh giolla teine
de Airnealach agus do bhíodh ag baint
bhrosnaidhe agus ag briseadh giúise
chun teine do dheunamh do 'n rígh agus
d'á theaghlach agus ní gheibheadh an bheirt
chlainne ríogh sin de bhiadh na de dhigh
acht síol eornan agus uisge. Ba
chaol an bheatha sin.


L. 101


DUAIS SGÉILÍN.



AN COLÚR MÍ-FHOIDNEACH.



Nuair a chruthaigh Dia na h-éinlaithe ar dtúis
do chuir Sé aingeal ós na Flaitheasaimh chun a
mhúineadh dóibh cionnus neadacha do dhéanamh.



Nuair a tháinig an t-aingeal do bhailigh na
h-éin go léir na thíompal agus do luigh sé ar
iad do theagasg. Is é togha teagasg do thug
sé dhóibh. Do thaisbeáin sé cionnos ba cheart
an nead do thosnughadh, cionnos ba cheart í
dhaingnughadh agus cionnos ba cheart í dhéanamh
clúthmhar agus oireamhnach dos na gearcachaibh
beaga.



Do thugadar aire mhaith dhó — sé sin iad go
léir acht an colúr amháin.



Ní raibh puinn ráidhte aig an aingeal nuair
do ghlac mí-fhoidne an colúr.



“Ó,” ar sé, “tuigim an sgéal go léir anois;
ní ghádh dhuit a thuille do mhúineadh dhómhsa, a
aingil; tá an cheárd go h-iomlán foghlumtha
agam anois.”


L. 102


Agus d'imthig sé leis, agus do chrom sé ar
nid a dhéanamh do féin.



Acht ní raibh an cheárd go léir aige. Do
chuir sé beagán cipíní le chéile i gcrann agus
do rug a chéile cúpla ubh ortha.



Nuair a tháinig an ghaoth do chroch sí an nead
agus do thuit ceann de sna h-uíbh agus do
bhriseadh é.



Is mar sin atá an sgéal ag an gcolúr mí-
fhoidneach ó shoin. Is minic a bristear a chuid
ubh, agus is minic a thuiteann geárcach beag
leis as an leabaigh chruadh agus marbhuighean
an torrain é.



Táid mórán daoine sa tsaoghal mar an
gcolúr úd. Bíonn mí-fhoidne ortha nuair a
bhíd siad og. Ní fhóghluimíd siad a ngnó i
gceart agus nuair a bhíd siad aosta agus i
mbun tighe, ní thagann leó éin nidh a dhéanamh
críochnamhail, agus fágann san liobarnach,
bocht go deo iad.



Ná bíodh éinne againn-ne mar a gcolúr úd.



FIONÁN Ó SÉAGHDHA,
An Gleann Garbh,
I gCo. Chorcaighe.


L. 112


CÓMHDHAIL NÁISIÚNTA NA MEASARDHACHTA.



I.



Tá gleo agus fothrom le clos ar
sráideannaibh Bhaile Átha Cliath indiu.
Tá na mílte fear agus ban ann ó
gach áird de'n tír agus fonn ar gach
duine acu a dhicheall do dhéanamh ar
son cúise na Measardhachta, a dhicheall
do dhéanamh chun greim malluighthe an
ólacháin do bhogadh agus do bhriseadh
agus Éire na nGaedheal do shaoradh
arís. Ní h-aon mhaith dhúinn Hóm Rúl,
ní h-aon mhaith dhúinn saidhbhreas ná
saoirse ná sonas ná aon rud eile
muna gcuirfimid deire go deo le
réim an deamhain seo atá 'nár measg
le fada an lá, ag slad agus ag
réabadh agus ag scriosú na tíre, ag
briseadh croidhe an mháthar, ag scaip-
eadh an teaghlaigh, ag loit an leinbh, ag
líonadh an phriosúin agus tigh na
ngealt, agus ag déanamh gach donais
níos measa ná a chéile. Tá súil le
Dia agam go gcabhróchaidh gach duine,
idir óg agus aosta, le Cómhdáil
Náisiúnta na Measardhachta chun tús
do chur le deagh-obair a chuirfidh áthas
ar chroidhe na h-Éireann agus nach
dtuitfidh ar lár go bráth.



Caoilte na Rann.



II.



Is mór an fonn oibre atá ar lucht
na measardhachta, bail ó Dhia ortha.
Beidh “Congress” nó feis aca i
mBaile Átha Cliath an mhí seo agus
cuirfar buille i bhfeidhm ann ar son
na cúise sin. Níl paróiste sa tír
ná cuirfidh teachtairí ann. Léighfar
páipéir ann, agus déanfar tagart
don scéal ó gach aon taobh. Tá súil
agam ná déanfar dearmad den
Ghaedhilg ann. Tá an obair seo na
Gaedhilge ag cabhrú go tréan chun
measardhachta, agus níor mhisde an
congnamh soin d'admháil agus do chur
i dtreise.



An t-ochtmhadh lá fichead den Mei-
theamh beidh tabhairt amach aca ar
sráideanna Bhaile Átha Cliath, chun a
chur i n-umhail don tsaoghal a líon-
mhaireacht atá lucht na Measardhachta
i n-Éirinn. Déanfar siubhal tríd
na sráideanna. Beidh drumaí dá
mbualadh, agus ceól dá sheinnim:
agus beidh suaitheantais daoine ann.
Is maith an comhartha ar bhliadhain Hóm
Riúil é. Go n-eirgidh leó go geal.



Torna.



III.



Poilitidheacht is mó atá ag cur
bhuadhartha ar mhuintir na h-Éireann
ar an aimsir so; acht má's é fhéin
nílthear ag déanamh dearmaid de
cheist na Measardhachta. Admhuigh-
eann gach duine anois mura stadfar
den ólachán gur beag rath a thiocfas
ar an tír má gheibhmid Hóm Rúl fhéin.
Níl amhras ar bith nach gcuideóchaidh
Hóm Rúl go mór leis an Mheasardhacht,
acht gan guth an phobail linn is beag
a déannfar leis an ólachán a dhíbriú
as Éirinn.



Is mór a chuaidh an t-ólachán ar
gcúl sa tír so le cupla bliadhain,
acht caithtear crág mhaith air go fóil i
ndiaidh an iomláin. Ní bhéimid sásta
go rabh Éire go h-iomlán fa bhrat na
Measardhachta agus go rabh an t-ól
mallaighthe díbrighthe as Éirinn go
bráthach.



Tá a fhios ag an tsaoghal anois go
bhfuil Comhdháil Náisiúnta na Measar-
dhachta le bheith i gcionn comhairle i
n-Áth Cliath ag deireadh na míosa so,
agus níl amhras ar bith nach dtiocfaidh
maith mhór as an Chomhdháil so. Béidh
guth na h-Éireann le cluinstin ag
an Chomhdháil, agus támuid beagnach
cinnte go ndeasgfar teine ag an
chruinniú so i n-Áth Cliath a spréidh-
feas ar fud na tíre go h-oileagas
nach dtéid as go rabh Éire go h-iom-
lán ar a sheilbh.



Tá cainteoirí cliúteacha le labhairt
ag an Comhdháil, agus tá súil againn
go gcuirfear caint na ndaoine so go
h-iomlán i gcló ins na páipeáraibh
lá ar lá. Tá daoine ann go fóil nach
dtuigeann caidé an dochar atá an
t-ólachán a dhéanamh ar an tír. Acht
dá mbíódh a fhios ag gach pótaire go
bhfuil sé ag déanamh dochair dá anam
agus dá cholainn fhéin agus dhá thír
fhéin is dóigh nár bhfurus a thabhairt air
stad dá chuid ólacháin. Isé an bhara-
mhail atá againn fhéin nach gcuirfear
cosc leis an ólachán go laghdóchar
toighthe na tabhairne. D'fhéadfaidhe
so a dhéanamh ar an mhodh ar a dtug-
tar “Local Option.”



Tá baramhail agus guth an phobail
linn i gceist so na Measardhachta,
agus ó thárla go bhfuil níl amhras nach
n-éireóchaidh linn an bhuaidh a fhágháil.
Tá leas ár dtíre comh maith le n-ar
leas fhéin ceangailte go dlúth le
ceist na Measardhachta. Nach fiú
dúinn iarraidh a thabhairt ar bhuille
láidir do thabhairt don ólachán agus a
ghlanadh amach as Crích Fáil?



Go n-éirighe leis an Chomhdháil! Go
n-éirighe léithe buaidh a fhágháil ar an
deamhan mhalluighthe so agus a dhíbriú
as Éirinn go bráthach.



Eoin Ó Searcaigh.


L. 123


SGÉILÍN.



Bhí baintreabhach ann fadó agus bhí triúr
mac aici. Bhí an thriúr mac ag fás suas agus
gan aon fhocal sgoláireacht ortha acht aon la
amháin dúbhairt an mac ba chríona go raghadh
sé ar sgoil. D'imthigh sé leis agus níor
fhoghluim sé an la san acht “we three.” Lá ar
na mháireach do chuaidh an dara mac as sgoil
agus níor shoghluim sé sin acht “for the want
of money,” agus nuair a tháinig sé abhaile
dúbhairt an thríomhadh mac go raghadh sé fein
three,” arsan mac ba chríona.” “Why?” arsan
constábla. “For the want of money,” arsan
dara mac. “I'll hang ye,” arsan constábla.
“Alright,” arsan tríomhadh mac & do chrochadh
iad na, rudai bochta, & gan aon chúis ortha.
Sin é an rud a fuaireadar de bhárr a gcuid
Béarlachais.



PEIGÍ NÍ LÚBHAING,
Baile an Fhirteruaigh.


L. 127


“OBAIR NA MEASARDHACHTA AMEASG NA NAOS ÓG.”



Tráchtas é seo ó láimh an Athar
Águistín do léigh an t-Athair Ailbe
os cómhair Comhdháil Náisiúnta na
Measardhachta.



Is mór go deimhin an onóir a tugadh
dom nuair d'iarraidh orm caint a'
Gaedhluinn do léigheadh i láthair an
Chéad Chruinniughadh Caitilicidhe Náisi-
únta den Chonnradh i n-aghaibh ólacháin.
Déarfainn gur maith an bhail ar an
gcruinniughadh so gur i mbliadhna
seachas aon bhliadhan eile atámuid
tagaithe i dteannta chéile. Tá deire
le réim an Sacsan buailte linn
anois. Ar mhuinntir na h-Éireann
féin iseadh beidh cúram ár d-tíre
feasta agus tá súil agam go g-cuir-
fidh Dia, moladh go deó leis, an rath
ar Éirinn ón mbliadhain seo amach.



Is é adubhairt Árdeasbog Chaisil
na Mumhan tá breis agus dhá mhí ó
thoin ann gurab é gairm chatha ba
cheart a bheith i mbéal gach aoinne
feasta ná “Éire gan meisge, Éire
gan spleádhchas.” Naoi gcéad blian
ón mbliadhain atá againn díreach
iseadh chuir Brian Bóramha agus
slóighte na hÉireann deire le comhacht
na Lochlanach sa tír seo, agus b'é
gairm chatha a bhí acu an lá úd ná
“Do chum glóire dé agus glóire na
hÉireann leis.” Támaoid-ne, a
cháirde Gaedhil, cruinnighthe annso
indiu comhgarach don áit 'nar briseadh
an cath fuilteach san ar na Lochlanaigh.
Fógraimíd-ne indiu cath i gcoinnibh
námhad agus ba bheag le rádh ar dhein
na Lochlannaigh de léirsgrios riamh ar
Éirinn seachas a bhfuil dhá dhéanamh ag
an námhaid sin an lá so féin. Ní ghádh
a innseacht daoibh-se gur b'é an
t-ólachán an námhaid sin. Ba shuarach
an tairbhe dhúinn ár saoirse, d'a fhaid
a bhíomar ag feitheamh leis muna
dtiocfaidh linn cath do bhriseadh ar an
námhaid eile sin agus an ruagairt do
chur air, ar nós na Lochlanach fad ó.



An mhórdháil seo againn indiu, níl
innte ar fad acht críoch foghanta ar
deineadh riamh de throid i gcoinnibh an
Ólacháin, anuas ón lá san nuair adu-
bhairt an tAthair Tioboid Maitiú an
focal “Seo chuige i n-ainm Dé.”



Thug seisean a shaoghal ag cuir an
ólachán agus gach a mbaineann leis
fé chois agus 'na theannta san, cara
maith don Ghaedhluinn do b'eadh é agus
is é adúbhradh liom gur b'é cúis gur
iaraidh orm-sa an chaint seo a dhéanamh
os bhur g-comhair indiu ná rud éigin
bhéith déanta agam féin chum na
Ghaedhluinne do chur chum cinn agus
chum an ólacháin do chur fé chois, agus
'na theannta sin gur de'n Órd chéadna
mé féin agus an t-Athair Maitiú.
Admhuighim 'na dhiaidh san nach ró-
oireamhnach don obhair sin mé, acht do
thógas orm é toisg gan aon bhreith
agam ar dhul as. Nílim ar aigne dul
ró-fhada ná ró-dhoimhin sa sgéal seo
an ólácháin indiu mar tuigeann sibh-se
é tríd síos cheana féin, acht, i n-a
ionad san, ba mhaith liom rainnt cainte
a dhéanamh libh a chuirfeadh ag machtnamh
sibh i slighe a's go dtiocfádh foghmhar
maith oibre as an machtnamh san a
bhainfeadh an t-ólachán as a bhonnaibh
agus a dh'fhaghfadh Éire gan meisge,
gan spleádhcas, sa tsaoghal aoibhinn
so atá tagaithe chugainn.



Samhluighim go bhfuil an tAthair
Maitiú féin ag féachaint anuas
orainn indiu agus dá labhradh sé
gurabh é adéarfadh sé linn ná gur
dhualgas dúinn thar gach nídh eile
féachaint chum na naos óg, iad do
chosaint ar an ólacháin, deagh-thabhairt
suas a bhronnadh ortha, meanmna do
músgailt 'n-a gcroidhthibh, i gcroidhe
gach duine fé leith acu, i dtreó go
mbeidh báigh acu leis an ndiúltughadh
so don ólacháin. An cuma is fearr
'n-a bhféadfaí é sin a dhéanamh sin í
an cheist a bheidh dhá pléidhe agam
anois agus déanfad mo dhicheall ar í
réidhteach chomh beacht agus chomh cruinn
a's d'fhéadfainn é.



Chum na meanmna so adeirim do
mhúsgailt i gcroidhe na naos óg isé
cheád rud is ceart a dhéanamh ná
diúltóir beacht a dhéanamh de gach
leanbh acu. Deineann an gheallamhaint
mheasardhachta le linn dul fé láim
easbuig an nidh sin go maith. Is
diadha agus is tairbhtheach an ghealla-
mhaint í sin agus níl aon bhaoghal ná
go leanfadh cuimhne ag an aos óg ar
an gcainnt a thabharfadh an tEasbog
uaidh an lá san agus go ndéanfadh an
chaint sin neanmna chum na measar-
dhachta do mhúsgailt 'n-a gcroidhe.
Cúpla bliadhain ó shoin bhíos ag éis-
teacht le tighearna Easpoig na Gail-
limhe agus é ag déanamh cainnte ar
an ólachán i gcúpla paróistí 'n-a raibh
na leanbhaí dhá gcur fé láimh Easbog
aige. Taréis na cainnte sin, bhean-
nuigh sé na cnaipí beaga agus
dheineas-sa iad do riaradh ar na lean-
bhaidhe 'n-a theannta. Dá mairinn
céad blian ní chuirfinn a chuimhne sin
díom-an táthas go léir a bhí ortha
nuair a fuaradar na cnaipí agus an
mórdháil go léir nuair a bhíodar dhá
gcur ar a mbrollach. An táthas san
agus an mhórdháil sin a chuireann an
gheallamhaint agus an cnaipe i gcroidhe
an leinbh nach mór é an sgrúpal gan
iad do choimeád beó, bríoghmhar ann
go bráth!



'Sé chéad rud eile ba dhóigh liom ba
cheart a dhéanamh chum na naos óg do
stiúrú i slighe na measardhachta ná
eolas bunúsách símplídhe á thabairt
dóibh ar an ndíobháil go léir a dheineann
an biotáille do'n duine. Tugtar an
teolas sin go minic dóibh le linn dul
fé láimh easboig, acht is é is truagh ná
cuirtear leis le h-imtheacht aimsire,
ná deintear pioc chum meanmna an
lae sin do neartughadh ionnta. Ní
misde san dh'á dhéanamh ó cheann
ceamn na bliadhna. Ní'l aon áit níos
oíreamhnaighe chuige sin ná an scoil.



Ní duine mise adaérfadh gur cheart
iachaint do chur ar na Máighistiribh
scoile an t-eolas san a mhúineadh dos
na scóláiribh cé go bhfuil súil láidir
agam go mbeidh san ar cheann des na
dlighthibh is túisce a dhéanfar i n-Éirinn
nuair a bheidh Riaghaltas ár d-tíre
fúinn féin airís. Acht ní foláir
rud éigin, d'á luighead é, a dhéanamh
láithreach. Tá droch-nádúr 'sa bhio-
táille agus ba cheart a innsint do
gach garsún agus do gach cailín
beag go bhfuil agus go ndeineann
sé díobháil mhór don duine idir chorp
agus anam. Ba cheart a innsint
dóibh ná fuil biadh ná beatha i
mbiotáille ná fuil ann acht nimh
chroidhreach, ná deineann sé aon
neartughadh ar an nduine; ná tugann
sé aon chongnamh do chruadhtan ná
fuacht ná anródh d'fulag. Ba cheart
do gach duine óg fhios a bheith aige
an mór an t-airgead atá dhá dhíol a
h-ólachán gach blian annso i nÉirinn,
agus bá cheart dó a thuigsint chomh
maith agus dob fhéidir dó é an mór


L. 128


don airgead san a thúiteann ar gach
paróiste, agus ar gach líontighe, agus
ar gach duine i nÉirinn. D'fhéadfí
é sin a dhéanamh gan aon obair sa
mbreis do chur ar na múinteóiribh.
Níor ghádh dhóibh acht leabhar mea-
sardhachta do thoghad agus é do chur
dhá léigheadh ins na buidhnibh. Dá
mbeadh caint bhreagh, bhunásach sa
leabhar san agus beagán suilt níl
aon bhaoghal ná go gcuirfidís an taos
óg suim ann agus níor mhisde dhóibh
an tsuim sin. Ní obair sa mbreis
é sin ámhthach. Dhéanfadh an leabhar
measardhachta an gnó chom maith le
haon tsaghas leabhar eile i gchoir an
cheachta léightheóireachta agus na
theannta san dhéanfadh sé aigne na
naos óg d'osgailt agus eolas a
thabhairt dóibh a choiméadfadh ar an
mbóthar ceart iad i gcaitheamh a
saoghail.



Déarfadh duine, b'fhéidir, gur
cuma le na múintóiribh scoile an
obair seo na measardachta. Ní
déarfainn-se gur cuma. Pé scoil
ar fuaid na h-Éireann 'nar dheineas
caint ar an measartheacht, bhí na
múinteóirí, agus go mór mór na mná,
ollamh ar a ndicheall a dhéanamh chum
na hoibre sin a chur chum cinn.
Cuireadh na bainisteóirí spéis san
obair agus cuirfidh na múinteóirí
spéis innti. Cuireadh na bainisteóirí
leabhar measardhachta dhá léigheadh
in na scoileannaibh agus múinfidh na
múinteóirí an leabhar. Ní chuirfeadh
Commisinéir chomhnuighthe an Búird
Náisiúnta ná na cigirí an obair sin
chum cinn go deó, agus ní h-aon
chabhair bheith ag brath ortha chuige.
Ní bheadh aon bhreith ar aoinne an obair
sin do chur chum cinn acht amháin na
bainisteóirí agus na múinteóirí ag
oibriughadh a láimh a chéile. Má tá
sibh-se ar aon aigne liom gur mhór an
tairbhe leabhar measardhachta bheith
dhá léigheadh i ngach scoil ar fuaid na
tíre, b'a luaithe a cuirfear an aigne
sin i ngníomh is amhlaidh is fearr é dá
ndéineadh an cheád chruinniú Caitlicidhe
Naisiúnta den Chonnradh i n-aghaidh
ólacháin an sgéal san an leabhair do
chur os comhair na nEasbog agus a
iarraidh ortha go humhal agus go
huraimeach é do chur i n-umhal do na
bainisteóiribh is é mo thuairim láidir
go mbeadh an obair déanta! Is é is
dóichíghe go ndéanfaidís na hÉasboig
rud orainn agus dá ndéinidís bheadh
síol curtha a thabhairfadh toradh fó-
chéad i nÉirinn lá.



(Tuille).


L. 137


“OBAIR NA MEASARDHACHTA AMEASG NA NAOS ÓG.”



Tráchtas é seo ó láimh an Athar Águistín do
léigh an t-Athair Ailbe os cómhair Comhdháil
Náisiúnta na Measardhachta.



Tá slighe eile leis, seachas na h-
oileamhna san, chum an sprid ceart
do chur isteach san aos óg agus ba
dheachar é shárughadh mar shlighe — 'sé sin
go gcuirfidís aithne ar bheatha duine
a bhí dílis don mheasardhacht agus a thug
grádh a chroidhe don aos óg. An
duine a thugann grádh don aos óg,
tugann an t-aos óg grádh dhó. Má
tá an duine sin mór-aigeanta, uasal,
tabharfaidh siad uraim do i dteannta
an ghrádha. An duine go dtugann an
taos óg grádh agus uraim mar sin,
do raghaidh a chuimhne sin i bhfeidhm 'n-a
n-aigne chomh daingean san go mbeidh
sé laistigh de gach cuimhne eile n-a
n-aigne. Duine den t-saghas san ar
fad dob-eadh an tAthair Maitiú. Ní
hamháin gur dhein sé obair ghaisge i
gcoinnibh an ólacháin acht ba bheag má
mhair aoinne riamh chomh mór san báig
leis an aos óg.



Istigh i gceann des na scoilean-
naibh a chur sé féin ar bun i gcathair
Chorcaighe iseadh dhein sé tosnughadh ar
obair uasail na measardhachta ag
rádh na cainte seo, “Seo chuige i
n-ainm Dé.” Mairfidh an chaint sin
go bráth. Cuimhnóchfar ar an oidhche
úd go bráth. 'N-a dhiaidh sin ba lag
an tosnughadh ar an obair é. Níor
ghlach acht trí fichid an gheallamhaint
uaidh an oidhche sin, acht lá 'r na mhárach
nuair a bhuail sé isteach sa sgoil
céadna isé is dóicighe go raibh na
céadta sgoláirí ollamh chum an ghealla-
mhaint mheasardhachta do ghlachadh uaidh.
Ní leogfadh sé lá thairis gan cuaird a
thabhairt ar na scoileannaibh. B'é
b'fada leis na buacaillí beaga agus
na cailliní d'fheiscint 'n-a thimpall.
Ba bhreagh leis, dá m'bfhéidir i n-aon
chor é, fleadh bheag a dhéanamh dóibh.
Pé ball 'n-ar thug sé a aghaidh, cia 'cu
i nÉirinn, nó i nAlban, nó i Sasannaibh,
nó i nAmeriocá é, dob'aoibhinn leis
bheith ag caint leis an aos óg. Ba
bhinne leis ná méireanna suadh ar
théadaibh sám-chruite ceóil, guth na
leanbh agus iad ag rádh focal na
geallamhna i n-aghaidh an óil. Bí sé
buailte isteach i n-a aigne go mbíonn
aigne agus meoin an duine fásta
do réir aigne agus meoin an leinbh
agus ní dóca gur mhair aoinne riamh
ba mhó iontaoibh as an méid sin ná é.



D'féadfadh an tAthair Maitiú aon
nidh ba mhaith leis a dhéanamh leis an
aos óg, agus dhéanfaidís-ne aon nidh
air, bhí an oiread sin cheana aige
ortha, agus ní raibh focal dá labhradh
sé leó ná féachaint d'a dtugadh sé
ortha ná gníomh d'a ndeineadh sé dhóibh
ná go gcuireadh an cion san i n-umhal
dóibh. Dá bhrigh sin, níorbh fearra do
lucht múinte na n-óg rud a dhean-
faidís ná aithne do chur ar bheatha an
Athar Mhaitiú agus nuair a bheadh an
sgéal go cruinn acu féin é do chur i
dtuigsint dos na daoine óga. Is é
thiocfadh as san ná go mbeadh mórdháil
acu as, agus go mbeadh báigh acu leis,
go mbeannóchaidís dá phíctiúir le
h-uraim agus le taithneamh fé mara
dheinid na leanbhaí sgoile thall i n-
Ameriocá beannughadh d'a mBrat
Náisiúnta féin, sé sin The Stars and
Stripes.



Is mó go mór d'oirfeadh a leithéad
sin d'obair anois ná mar dh'oir sé
riamh roimhe seo agus is chuige sin á
bhíos nuair a sgríobhas alt sa leabhrán
áluinn sin ar a dtugtar an “Catholic
Bulletin” tá breis is dá bhliadhain ó
shoin ann. Dubhart an uair sin, agus
adeirim anois é go ndéanfadh sé a
lán tairbe d'aos óg na h-Éireann lá
sa mbliadhan do cheapadh chum onóra
fé leith thabhairt don Athair Maitiú.
Tá súil lé Dia agam go ndéanfar
san fós i nÉirinn agus go mór mhór
ins na scoileannaibh. Ní misde a
innsint don óige cadé an grádh a bhí
ag an Athair Maitiú dóibh, cad é an
mhainighin a bhí áige as a bpaidreacha,
cad é an ionntaoíbh a bhí aige as a
ndeaghshampla. Ní misde a rádh leó
go bhfuil an tAthair Maitiú ag caint
leó fós aníos ó 'na uaigh i gCathair
Chorcaighe. Ní headh, acht anuas ó'n a
chathaoir ríogdha i bhFlathas 'na naomh.
Annsan ní h-amháin go dtabharfaidh
siad onóir do le bualadh bas, agus le
liúgh molta acht tabharfaidh siad onóir
dó le n-a saoghal do chaitheamh ar an
obair bheannuighthe sin na measar-
dhachta.



(Tuille).


L. 159


“OBAIR NA MEASARDHACHTA AMEASG NA NAOS ÓG.”



Tráchtas é seo ó láimh an Athar Águistín do
léigh an t-Athair Ailbe os cómhair Comhdháil
Náisiúnta na Measardhachta.



Tá slighe eile fós ann chum fonn
agus flosg oibre do chur i g-croidhe
na n-óg i dtreó go mbeadh fuadar
fútha chum an ruagairt do chur ar an
óláchán, agus isí sin an t-slighe is
deirinighe a chuirfead os bhur gomhair-
se indiu. Gabhthar an t-aos óg istéach
i g-cumann measardhachta; toghtar
ainm a bheadh taithneamhach dóibh agus
tugtar an ainm sin ar an g-cumann
sin. Ceaptar gairm chatha a bheadh
oireamhnach agus tugtar an ghairm
chatha san dhóibh. Ní foláir cumann
den tsaghas san anois thar gach uair
d'á dtáinigh riamh roimhe seo. Tá a
lán cúiseanna chuige sin acht ní dhéan-
fad-sa acht an t-aon chúis amháin seo
d'áireamh. Táid na daoine óga
taréis an gheallamhaint mheasardachta
do ghlacadh le linn dul fé láimh
easboig dóibh, agus nach é is lugha is
gann dúinn-ne, ar a bhfuil a g-cúram
i láthair Dé, fuchaint romhainn, agus
gan iad do leogaint i gcathaíbh an
ólacháin feasta. Dob' éachtach an
chuimhne an gheallamhaint sin, ní cuimhne
go dtí í, acht nach truagh cráidte gan
aon chumann ghá leanamhaint á chabh-
róchadh le na daoine óga an ghealla-
mhaint uasal naomhtha san do sheasamh.
Is é rud a bheadh sa cumann san ná na
céadta agus na mílte Leanbhaí ag
cur a n-guidhe agus a ndeagh-oibreacha
suas chum Dé, 'ghá iarraidh air an
mheasaracht do dhaingniughadh agus do
bhuanughadh i gcroidhe na nGaedheal ó
cheann ceann na tíre. Tá a leitheid
sin de chumann ann cheana féin agus
cé go mbaineann sé le hÓrd na
gCapúisíneach ní h-é sin an chúis go
bhfuilim-se ag tagairt dó anois.
Ní h-é. Acht do réir mar a thuigim-se
an sgéal, tá an chumann sin an-
oireamhnach don obair, agus dá mbeadh
duine ann gur bhfearr leis cumann a
cheapadh do réir a inntinne féin ní
déarfainn ná gur bhúsaide do san a
dhéanamh aithne bheith aige ar ár
g-cumann-sa. Is é ainm atá air ná
“Crúsáidighthe Óga na hÉireann”
agus os rud é ná beidh im chumas
trácht air thar cúpla focal, ní misde
a rádh, aoinne gur mhaith leis tuille
eolais d'fhagháil 'na thaobh, gheobhaidh sé
é agus fáilte, ón Rúnaire, Connradh
an Athar Mhaitiú i g-coinnibh an
Ólacháin, Sráid na Cille, i mBaile
Átha Cliath.



Caithfimíd admháil go bhfuil buadh
éigin le ainm áirighthe thar chách. An
ainm seo, Fianna Fáil, Irish Volun-
teers, ní foláir nó tá buadh éigin ag
baint léi, agus an cuma 'n-a bhfuil
sí ag cur fhéachaint ar na fearaibh
óga preabadh isteach ins na bhuidhntibh
i gcúig Árdaibh na h-Éireann. An
ainm éile seo, “Crúsáidighthe Óga na
h-Éireann,” ní foláir ná tá buadh
éigin aice sin chomh maith. Dob'
aoibhinn leis an óige gach focal atá
san ainm sin agus cuirfidís luas
croidhe ortha le h-áthas agus le bród.
Nach breagh le duine bheith óg, bheith i
dtosach a shaoghail fós, a fhios a bheith
aige, ní h-amháin go mbeidh ar a chumas
féin obair a dhéanamh, acht go mbeidh
ar a chumas daoine eile a mhealladh
isteach san obair chomh maith.



Má's breagh le duine bheith óg, is
seacht n-uaire níos breaghtha bheith de
Chlainn na nGaedheal, dhen treabhachas
daoine sin ó n-ar shíolraigh na laochra,
agus na mairtirí agus na naoimh is
mó cáil san domhain. Níor rófhada
siar ar fad ó múintí do na scoláiribh
ins na príomh-scoileanna seo againn
a mbuidheachas do ghabháil le Dia toisg
gur leanbhaí suairce, Sasannacha iad!
Tá an port sin seinnte, agus isé is
dual a mhúineadh do na leanbhaí feasta
ná a m-buidheachas do ghabháil le Dia,
moladh go deó leis, toisg gur lean-
bhaí ghaedhlacha iad. B'fhuirisde an
sprid san do chur ionnta. Cad ba
ghádh acht a chur i dtuisgint dóibh cad
é mar shaghas ár d-tír-se, agus cad é
mar shaghas na Gaedhil, a dhílse a
bhiodar don chreideamh, conus mar ba
thúisce a scarfaidís le n-a maoin,
agus 'le n-a g-cloinn agus leis an
saoghal go léis ná mar a sgarfaidís
le Críost. Cad é mar flosg agus
giodam agus mórchroidhe a chuirfeadh
a ainm seo “Crúsáidighthe” san aos
óg! Chuirféadh sé i g-cuimhne dóibh
na sean chrúsáidighthe fad ó a dhein
cath agus cogadh ar feadh na g-céadta
blian ar son Chríost. Bhí tír dúchthais
ár dTighearna an tír 'nar chaith sé a
shaoghal, agus 'nar fhulaing Sé a pháis.
Bhí an tír naomhtha sin agus na baill
is naomhtha ná a chéile innte, agus gach
aon tsaghas easonora d'á thabhairt
dóibh ag an dTúrcach. D'eirigh laochra
na hEuróipe, idir íseal agus uasal,
agus an chrois chéasta ar a n-gualainn
ag gach fear díobh, agus thughadar a
n-aghaidh ar an namhaid is fíochmhaire
agus is cuthaighe dá bhfuil san domhain,


L. 160


agus an ghairm chatha so go h-árd
agus go binn acu “Sé toil Dé é.”
“Sé toil Dé é.” Níor thugadar san
a g-cúl leis an d-tír naomhta gur
dheineadar easonóir na dTúrcach do
dhíoghailt.



Tír naomhtha iseadh Éire leis, agus
tá easonóir d'á thabhairt di, gach lá,
ag na meisgeóirí. Má's laochra
measardhachta sinne, 'sé ár ndualgas
idir óg agus fásta, díoghailt a
dhéanamh ar an easonóir sin, na
meisgeóirí d'iompall chum Dé agus
deamhan an ólacháin dhíbirt as an dtír.
Chuige sin ní mór dúinn paidreacha
agus deagh-oibreacha na gChrúsáidighthe
óg.



Ní misde dhúinn ár seasamh bheith
ortha san. Is mór leó bheith 'n-a
gCrúsáidighthe ar son Chríost. Thugas
féin fé ndeara, in a lán áiteannaibh
ar fuaid na tíre an dhásacht agus an
mór-chroidhe a thiocfadh dóibh le linn
glacadh leis an gCumann dóibh agus
na geallamhna do chur ortha féin,
agus na teistiméireachtaí d'fhághail
agus na cnaipí do thabhairt chucha féin.
Aoinne gur mhaith leis a dheimhne sin a
bheith aige, ní gádh dho acht an t-aos
óg do thabhairt le chéile isteach sa
tSéipéal nó isteach i halla mór éigin,
bunús an Chumainn a léiriughad dhóibh
agus annson rosg catha na h-óige a
mhúineadh. Na focail seo a thagann i
ndiaidh gach cheathramhan “Ar son an
líntighe, ar son Dé agus ar son na
h-Éireann,” is beag ná go lasfaidhís
a g-cuid fola le dásacht. Bíodh an
focal san dainghean i gcroidhe na
n-óg againn. Cuiridís suas a n-
urnuighthe diadha chum Dé ghá iarraidh
go cruaidh air ár lín-tighe agus ár
d-tír d' fhuasgailt ó phláigh an ólacháin,
stop do chur leis an bpeaca mór san
atá ag líonadh Ifrinn Íochtair le na
h-anamnacaibh gur shíl a mhac gléigeal
a chuid fola ar a son. Ní foláir do
gach aoinne a thagann isteach sa
chumann so, go bhfuilim ag tagairt
dó, dhá gheallamhaint déag a ghlachadh
air féin. Is cuma an dhá gheallamhaint
déag sin nó dhá cheann déag de
riaghalachaibh a chuireann fhéachaint ar
gach leanbh bheith fíor-Ghaedhalach agus
dhílis don measardhacht. Is gealla-
mhaint acu san bheith fíor-dhílis don
chreideamh agus d'Éirinn. Is gealla-
mhaint eile acu an Phaidir a rádh uair
sa ló, agus an t-ábhe trí h-uaire, agus
an glóire aon uair amháin i n-onóir
do thart naomhtha ar Slánuightheóra 'ghá
iarraidh ar Dhia an t-ólachán do chosg.



(Tuille).


L. 181


“OBAIR NA MEASARDHACHTA AMEASG NA NAOS ÓG.”



Tráchtas é seo ó láimh an Athar Águistín do
léigh an t-Athair Ailbe os cómhair Comhdháil
Náisiúnta na Measardhachta.



Breis bheag agus trí mhí ó shoin tháinig
chum ár n-athair ró-naomhtha an Papa,
buidhean bheag teachtairí ó'n gConnradh
Eidirnáisiúnta i n-aghaidh ólacháin.
Do labhair an Pápa leó 'ghá bhfreag-
airt ag cur misnigh ortha sa ghleic
a bhí le déanamh acu i n-aghaidh an
ólacháin, agus dubhairt sé an chaint
bhunúsach seo leo: “Acht ní bheidh
deimhne agaibh ar buachtaint sa gleic
mura mbeidh grásta Dé ag cabhrú
libh, grásta atá le fághail le guidhe
agus leis na Sácraimíntí do ghlachadh
go minic agus le smacht do choimeád
ar dhrochmhianaibh go críostamhail:
mura bhfuil an Tighearna ag déanamh
an tighe, tá saothar na n-déantóir i
n-aistear. Sgaoiltear solas na n-
grást ó Íosa Críost isteach i g-croidhe
agus i n-aigne na ndaoine agus cur-
far deire leis an bpláigh agus leis
na h-olchaibh a leannan é.”



Sin mar a labhair an Pápa, agus
tá fhios ag an saoghal gur duine
ciallmhar, tuigsionach, faidearadha, a
shoillse. Tá mainighim thar na bear-
taibh agam as an gcomhacht atá ins na
paidreachaibh. Is é is eagal liom ná
fuil an chomhacht ran gabhtha isteach i
n-obair na measardhachta againn fós.
Dá n-déinimís éigin mar sin ar
Ríoghacht na bhFlathas fé mar ba
cheart agus ba chóir dúinn a dhéanamh,
leogfaí srothanna móra grásta anuas
orainn a chuirfeadh 'n-ár gcumas an
obair do thiomáint chum cinn i slighe
is nárbh fada uainn an lá go mbeiri-
mís buadh ar an ólachán.



Táim ag druidim le deire na
cainnte seo. Is mó easnamh atá
uirthi acht i na dhiaidh sin ní h-é bhí
ceapaithe agam cúrsaí an ólacháin do
léiriughadh daoibh tríd síos. Ní h-é,
acht a mhalairt; caint a dhéanamh a
chuirfeadh féachaint oraibh machtnamh a
dhéanamh uaibh féin. Sid é daoibh an
focal déireannach den chaint a dhean-
fad-sa i nbhur láthair indiu. Ní
deanfar obair bhunúsach sheasamhach go
bráth i measg na n-aos óg muna
gcuirfid idir sagairt agus maighistrí
sgoile agus aithreacha agus máithreacha
le chéile agus muna n-oibreachaid a
láimh le chéile. Ní fheicim-se aon
deacracht ró-mhór sa méid sin. Ní
h-é mo thuairim ná go bhféadfaí é
dhéanamh i ngach paróiste i nÉirinn.



Dá mba rud é nár dhein an mhór-
dáil seo aon bhlúire eile acht a chur i
na luighe ar an bpobilidheachta go
dteastochadh an cuir le chéile sin
agus an oibriughadh a láimh a chéile
sin bheadh obair an-thairbtheach déanta
aice. Dá dtéidheadh sí nidh ba sia
agus a iaraidh ar árd-easbogaibh agus
ar easbogaibh na h-Éireann go h-umhal
agus go h-uramach caint a dhéanamh
le gach aoinne idir cléir agus tuaith
an lá bheadh na leanbhaí ag dul fé
láimh easpoig, a cur i dtuisgint dóibh
gur dhaingne de sheasóchaidís na
leanbhaí a n-geallamhaint, iad do
ghléasadh isteach i gcumann measar-
dhachta, ba cuma pé ainm fé leith
bheadh air tá sé buailte isteach im'
aigne, dá ndéintí an méid sin gur
gearr an mhoill ar Éirinn eirighe suas
a' lathaigh na meisgeóireachta agus
seasamh ar fód daingean na measar-
dhachta.



Óige an lae indiu, feardhacht agus
banntracht an lae i mbáireach. Tá
fáinne geal ár saoirse le feiscint
sa deire. Anois an t-am chum na
leanbhaí do shabháil do Dhia agus
d'Éirinn, greim dúid d'fhagháil ortha,
a g-croidhe do lasadh le meanmna
Dé i g-coinnibh an óil, agus i g-coinnibh
gach uile d'á bhfuil 'ghá leanamhaint.
Ní fhéadfadh aon nidh, dá mb'í ár
saoírse féin í, feabhas ceart do chur
ar ár dtír ná ar shaoghal ár ndaoine
go dtí go gcurfaí an imteacht gan
teacht san ar an ólachán. An té
chabhróchadh leis an méid sin bheadh
obair dh'á dhéanamh aige ní h-amháin ar
son na hÉireann agus ar son muinn-
tir na h-Éireann, acht ar son Dé féin,
moladh go deó leis. Is é mo ghuidhe
ar gach aoinne atá dílis don mheasar-
dhacht a lámh do chur leis an obair sin
feasta, agus leis an guidhe sin
preabann dhá fhocal suas im' aigne ag
tagairt don obair agus ag tagairt
dá chéile.



Cuirid siad ár ndualgas do Dhia
agus d'Éirinn chomh soiléir sin os
comhair ár n-aigne, ná féadfaimís,
má's daoine le Dia agus le h-Éirinn
i n-aon chor sinn, gan preabadh isteach
san obair láithreach. Beirt d'Órd
Phroinsís Naomhtha adubhairt iad araon.
An chéad fhocal díobh, i ndeisceart na
h-Éireann iseadh dubhradh é, agus 'sé
an tAthair Maitiú féin adubhairt é,
an oidhche úd a dhéin sé tosach ar an
obair uasail sin na measardhachta.
“Seo chuige,” ar seisean, “i n-ainm
Dé.” Agus isé Micheál Ó Cléirigh
adubhairt an tarna focal, sa tuais-
ceart, nuair a bhí sé ag brostú na
bhfear a bhí ag cabhrughadh leis san obair
mhóir na n-Analach. Bíodh sé ag na
Gaedhealaibh mar ghairm chatha feasta:
Do chum glóire Dé agus onóra na
h-Éireann.



Críoch.


L. 198


DHÁ SCÉAL DEASA.



I. — AN TUBÁN.



Bhí fear ann fadó darbh' ainm Tadhg.
Tadhg na dtubán do tugtí áir, mar
is ag deunamh tubán do thuilleadh
sé a bheatha & a chothughadh. Bhí sé go
hana-shaidhbhir ach mar sin féin do lean
sé de'n chéird i gcomhnuidhe & bhíodh sé
go minic i measc a chuid fear oibre
ghá ngríosadh & ghá stiúradh. Bhí ana
shainnt aige chun an airgid & ní bhíodh
'ghá bhaint de'n tsaoghal ach a saidh-
bhreas do mhéadughadh. Ní gádh a rádh
go raibh sé anadhian ar na bochtaibh,
mar is gnáth le fear dá shórd.



Lá dá raibh sé ag cur tubáin i
dtreo os comhair a thighe amac, thárla
bean óg ar an mbóthar. Bhí a cosa
leonta ag clochaibh an bhóthair agus a
haghaidh millte ag an ngréin, a géaga
tnáithte ag an dtuirse. “A dhuine
uasail,” ar sí le Tadhg,” déin tsó-
caire ar dheoraidhe bhocht. Níl aon
airgead uaim ach tabháir dham gloine
uisge ar ghrádh th'oinigh. Táim marbh
leis an dtart.”



“Sin í an abha thíos agat,” arsa
Tadhg go dúr, “An dóich leat go
bhfuilimise chun mo chuid oibre dh'fhá-
gaint chun deoch a thabhairt dod'
leithéid.”



“Ní gádh dhuit tú do chur thrí céile,”
ar sí. “Glaoidh ar dhuine ded fhea-
raibh oibhre.”



“Deamhan glaoidh, mhaise” an Tadhg.
“Ambasa, dá ndéanfainn cór do chur
ar lucht bóthair aon uair amháin, ní
bheadh do phort ag bachaigh na dúthaighe
ach go dTugann Tadhg biadh & deoch
uaidh i naisge' agus ba gheall le tigh
aoidheachta mo thig aca. Comháin leat
anois, a inghean ó, & leig dham féin.”
D'fhéach an deoraidhe ar Thadhg & í ar
buile feirge.



“A bhodaigh gan mhaith” ar sí “Tug-
aim glóir do Dhia na Glóire é bheith
ar mo chumas míorbhúiltí do dhéanamh,
mar féadfad an sgeimhle a thuilleann
tú do thabhairt duit. Ní bheadh uaim
ach chomhartha a dheunamh chun eascú nú
ceann chait do dhéanamh díot; ach ba
mhaith liom go ndéanfadh do phionós sa
maiteas dod' leithéidíbh & duit féin,
nuair a cuirfear do lochtaí i niúl do
chách. Dheinis mé d'eiteach ar bhraon
uisge. Tá go maith. Cuirimise de
gheasaibh ort an tubán san atá idir
lámhaibh agat do líonadh le huisce.”



Ní túirge bhí an méid sin cainte
ráidhte aici ná dh' imthigh sí as radharc
féibh mar a shloigfeadh an talamh í.



Níor bh'áil le Tadhg rud a dheúnamh
ar an mnaoi; ach ar shlighe éigin, níor
fhéad sé gan an tubhán d'árdughad
leis ar a ghualainn & é bhreith leis chun
na habhann chun é líonadh. Thúm sé san
abhainn ó, ach dá fhaid bhí sé fé'n uisge,
nuair a thóg sé amach as an abhainn, é
bhí sé tirim folamh.



“Aidhe!” ar sé, & an lith ag iom-
páil ann. Do thúm sé arís fé'n uisge
é, ach ní raibh aon mhaith ann. Bhí sé
chomh tirim an turas deirinech & bhí
sé sar ar thug sé chun na habhann i
naon chor é.



Fé dheire, d'imthigh sé air abhaile
chun a thighe. Fuair sé beagáinín air-
gid, & do gluais sé leis gan slán
d'fhágaint ag aoinne féachaint an
bhfaghadh sé sruth nó sruthán 'na
líonfadh sé an tubán. Siud leis
amach fé'n dtír ach bheadh sé chomh maith
aige fanamhaint 'sa bhaile, d'fhan an
tubán chomh tirim le sponnc.



Fé dheire, do bhris ar an bhfoidhne
agan bhfear mbocht & tháinig aithreachas
mór air fé'n droch-bhirt a bhí déanta
aige agus an bhean bhocht d'eiteach ar
deoch uisge.



“A Dhia na glóire,” ar sé, “ní
fuláir nó tá masla tabhartha agam
Duit. Ní fuláir dam cúiteamh éigin
a dhéanamh as an masla san do thugais
Duit tré gan éisteact les na boch-
taibh dh'iarr congnamh orm. Marar
chabhruigheas leó, féin, a Thighearna,
déin-se cabhrughadh liom. Na beir
breith orm as a bhfuil déanta agam
ach as a ndéanfad feasta. Féach
anuas orm go trócaireach agus déin
éisteacht lem' ghlór thruaighmhéiléach.”



Le linn na cainnte sin do rádh dho,
do shil se deor. Aon deór amháin
aithreachais. Do líon an deor san an
tubán.



CORMAC O CADHLA,
D'aistrigh.



II. — SEAN-DALL GLIC.



Do bhí dall 'na chomhnuidhe i
dtighbeag leis féin & bhí ceud
púnt aige. Shaoil sé go
mb'fhearra dho an t-air gead
do chur i bhfolach i n-áit éigin,
ná é choimeád 'na sheomra féin.
Mar sin de, chuaidh sé amach
tar éis tuitim na h-oidhche &
dhein se poll ag bun crainn
ag ceann tighe & chuir sé an boisgín
ina raibh an t-airgead sa pholl &
shocruigh sé an áit arís i dtreo nár
dhóigh le h-éinne go raibh poll riamh
ann. Ach do thárla go bhfeaca comharsa
an gnó go léir, & ní túisge bhí an
dall bocht imthighthé, ná chuaidh an
chomharsa so fé dhéin na h-áite, &
d'árduig sé leis an t-airgead a fuair
se sa pholl & áthas air & gan aon truagh
aige do'n dall. Nuair a chuaid an
dall chun na h-áite arís, ní bhfuair sé a
chuid airgid ann roimis, ní nách iongna;
ach ambasa níor leig sé aon nidh air
le h-éinne, ach dhein sé a mhachthnamh go
dian. Fuair sé amach gur duine
díomhaoin caithteach cladhaireamhail a
bhí 'na chomhnuidhe sa tig ba ghiorra dho.
Bhí amhras aige láitreach gur bhé sin
an gaduidhe & bhí an ceart aige.
Chuaidh an dall ag caint leis, & é go
geal-gháireatach dar leat. “A chara,”
ar seisean leis, “tá a fhios agam gur
duine tuigsionach ciallmhar thú & gur
fear thú a chuirfeadh comaoin ar charaid
dá mbheadh sé id' chumas.” “Mhaithe do
dhéanfainn mo dhíthcheall do,” arsa an
cladhaire eile. “Thángas chughat,” ar
sa an dall, “chun chomhairle d'faghbháil
uait ar rud áirithe atá ag déanamh
bhuartha dham le tamall. Tá dhá cheud
púnt agam agus tá ceud aca
san curtha i bhfolach agam i n-áit nách
baoghal dóibh. Ní fheadar an fearra
dham an ceud eile do chur san ait
ceudhna nó é chur i n-áit éigin eile ar
eagla go dtuitfeadh sé amach go
bhfaghadh gaduidhe fios air ar aon
chuma & ná bheadh aige ach a leath dá
mbeidís i dhá n-áit agam.”



Bí áthas ar an gcladhaire comharsan
nuair airigh sé an chaint sin. “Beidh
ceud eile agam,” ar seisean leis
féin. D'áiteamh sé ar an dall an dara
ceud do chur i dteannta an chuid eile,
& do gheall an dall do go ndéanfadh
sé rud air & d'imthigh sé abhaile.
B'fhada leis an bhfear go raibh an oidhche
ann & gur chuir sé an ceud púnt tar
n-ais sa poll ag bun an chrainn mar a
bhfuair se iad le súil an dá ceud do
thógaint as ar ball.



In am mhairbh na h-oidhche chuaidh an


L. 199


dall go dtí an áit, fuair sé a cheud
púnt ann roimis, thóg amach é go deagh
thapaidh & chuir blúire páipéir sa bhosga
i n-ionad an aisgid. Sid iad na
focail a bhí sgriobhtha ar an bpáipéur:
— “Níor mhisde dhám a rádh gur fear
thu a chuirfeadh comaoin ar charaid dá
mb'fhéidir leat é. Gabhaim buidheachas
leat ó chroidhe i dtaobh cabhrughadh liom
chun mo chuid airgid d'fhághbhail!”



DUL AMUGHA.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services