Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Scéalta, Téarmaí Iománaíochta
Title
Scéalta, Téarmaí Iománaíochta
Author(s)
Údair éagsúla,
Composition Date
1913
Publisher
Na Caipisínigh
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
AN BHLIADHAIN ÚR. Go mairidh lucht léighte an pháipéir so an Nua-bhliadhain agus go bhfága siad a gcuid dá subhailcibh. Tá an tsean-bhliadhain imthighthe uainn mar bhéadh séidéan gaoithe ann agus tá a cuid sógha agus an-shógha imthighthe léithe. Ná bíodh brón nó cumha orainn ina diaidh: má chaith gach duine againn í go maith tairbheach béidh ár n-intinn sástá, acht má chaithmid í go h-olc neamh-thairbheach tá bliadhain eile ar láimh againn anois agus dhéan- famuid ár ndícheall le n-a caitheamh comh maith a's thig linn. Is maith an rud corr-uair breath- nughadh uainn ar an aimsir atá thart. Acht is léar do gach aon cibé atá thart go bhfuil a shaoghal caithte. Is í an aimsear atá le theacht is cóir dúinn breathnughadh air anois. An mbéidh teanga na h-Éireann arís i n-árd réim mar bhí sí nuair a bhí Éire i n-a h-oileán Naomh agus Ollamh? An mbéidh Éire saor ó dheamhan an ólacháin a choidhche arís agus a mbéidh a clann go bráthach arísi na bhfearaibh cródha calma? An mbéidh Teach Feise Gaedhealach ina shuidhe go bráthach arís i n-Áth Cliath nó an mbéidh Fódla saor ó dhaorsaibh Gall agus ó dhaorbhruid a námhad mar bhí sí san am a rabh Brian Mór i bhflaitheas Éireann? Caithfear na ceisteanna sin a fágáil ag na glúnaibh a thiocfas inar ndiaidh le fuascladh, acht thig linne a bheith ag réidhtiughadh an bhealaigh agus a bheith ag cur cúpla carraic chloiche as an bhealach dó'n mhuintir atá le theacht i n-ár ndiaidh. Caidé mar chuaidh cúis na h-Éireann ar aghaidh ó bhí an t-am so anuraidh ann? Saoilim go dteachaidh go maith. Tá teanga na h-Éireann dá teagasc ins níos mó scoltach anois 'ná mar bhí sí tá dhá mhí dhéag ó shoin. Agus mura bhfuil mé meallta go mór chuaidh an t-ólachán go mór ar gcúl ó bhí an Nodlaic so chuaidh thart ann. Buaidh- eachas dón Rígh tá an lá ag teacht gan mhoill agus atchífear Fódla glan saor ó dheamhan dubh an ólacháin! Rinneadh mórán oibre i n-aghaidh an ólacháin thall a's abhfus thríd na tíre ar feadh na bliadhna. Is beag cearn d'Éirinn nach dteachaidh sagairt d'órd Naomh Proinseis agus ar lábhair siad leis na daoinibh fá stad den ól. Is iomdha guidhe a chuaidh suas i láthair Dé ar feadh na bliadhna ag iarraidh Air cuidiughadh linn ins an chúis naomhtha so atá eadar lámhaibh againn. Ní throidfear an cath so i n-am ghoirid agus ní bhuaidhfimid é lá amháin nó i mbliadhain amháin, acht is maith an rud go bhfuilmid ag gabháil ar aghaidh go mall fhéin agus ag cur an námhad faoi ghoin claidhimh sa deireadh. Is ádhbhar bróid agus luthgháire do pháistibh na h-Éireann go bhfuil Ceann- urraidh na h-Eaglaise thall sa Róimh ag smaointiughadh ortha gach lá agus ag cur a bheannachta anall chuca ó bhliadhain go bliadhain. Scríobh sé le n-a láimh fhéin leitir dheas anall chuca i Mí na Bealtaine s' chuaidh thart agus d'iarr ortha a bheith ag guidhe chuig Dia gach lá le n-A thoil a nochtadh i dtaoibh an óig-pháiste naomhtha udaidh, Neillí Bheag Ní Órgáin. Buaidhmid mórán agus chuaidhmid ar aghaidh go maith ar feadh na bliadhna. Acht is fada an lá go rabh an cath thart agus go rabh an bhuaidh linn. Is iomhdha páiste bocht i n-Éirinn go fóil atá gan bróg gan stoca agus atá gan greim a bhéil 'siocair an óil. Ní'l athair nó máthair aige le dearcadh fa dtaoibh dó. Is iomdha máthair teaghlaigh atá ar dhroch dhóigh agus a fear i dtoigh an óil ag caitheamh an airgid ar chóir do'n mhnaoi a fhágháil leithe fhéin agus le n-a páistibh a chothughadh. Go rabh an t-ól díbrighthe as Éirinn ní bhéidh rath no rathamhnas sa tír go brathach. Ba cheart dúinne ár ndícheall a dhéanamh le n-a dhíbeirt as críochaibh Fáil agus le sógh agus pléisiúr agus le solus na gréine a thabhairt do gach toigh i n-Éirinn. Sin ar sáith oibre dúinn ar feadh na bliadhna so, agus má ghnímid é go h-ionnraice béimid sásta ar theacht dó'n bhliadhain úir chugainn ath-bhliadhain. Tá sean-fhocal ann adeir gurbh' fhearr sompla maith 'ná aitheantha. Má 'tchí óltóir tusa nó mise agus gan sinn ag ól tiocfaidh atharrughadh air-sean. Isé deagh- shompla ceann de na rudaibh is fearr agus is tréine dá bhfuil againn fa choinne cur i n-aghaidh an óil. Ba cheart dúinne é a chleachtadh, agus má chleachtuigheann, béimid ag déanamh oibre a rachas 'un tairbhe dhúinn lá is fuide anonn. Eoin Ó Searcaigh.
TEANGA NA H-ÉIREANN. CÓMHAIRLE AODHA RUAIDH UÍ DHÓMHNAILL. A mhaithe agus a mhór-uaisle Gaodhal, — Tá éistithe agam go cruinn le n-a bhfuil ráidhte ar son síothchána. Is mór m'uraim do'n mhuintir a labhair, agus déanfad an méid seo dánaidheachta ortha. Déarfad leó, agus is fíor é, ná fuil aon duine acu is mó dúil i síothcháin 'ná mise. Táim ar aon fhocal agus ar aon aigne le gach duine d'ár labhair, chómh fada agus a théidhean olc an chogaidh agus tairbhe na síothchána. Ach tá síothcháin agus síothcháin ann. Tá dúil i sioth- cháin agam, ach ní maith liom síothcháin bhréagach. Deirim, agus is deimhin liom é, ná coimeádfaid ár namhaid an tsíothcháin seo ach an fhaid is maith leó féin í choimeád. Tá Cúig' Uladh againn le fághail gan cur isteach go deo orainn inte, ach amháin a bhfuil ó Dhún Dealgain go Bóinn. Tá gach nídh le fághail ar a dtoil féin ag na Laighneachaibh a ghaibh páirt linn sa chogadh so. Tá a gcúige féin le fághail ag Conachtaibh, gan suim ar bith i n-a bhfuil d'fhuil Ghallda doir- tithe sa chúige sin le fiche bliaghain. Tá gach aon rud le fághail againn go léir ar ár dtoil féin! Nach breagh bog a thagan caint chun ár namhad! Nach breagh bog réidh a dhéinid siad síothcháin! Nach lean- baidhe an chuma so 'na sgaoilid siad uatha, mar 'dh eadh, na machairí áluinne Chúig' Uladh agus Chúige Conacht n-a bhfuil dúil a gcroídhe greamuighthe ionta le fada d'aimsir! Feuch! do thabharfaidís na súile amach as a gceannaibh, do thabharfaidís a bhfuil ó chroicean amach acu ar an saoghal so, agus ba cuma leó cad a dheanfadh an saoghal eile, ach go bhféadfaidís seilbh an dá chúige sin d'fhághail agus do choimeád, agus sinne do mharbhughadh nó dhíbirt. Siné an rud atá 'n-a gcroídhe istigh acu. Ní'l sa tsíothcháin seo ach púicín. Ní'l uath ach aimsir a dh'fhághail chun go bhféadfaidís gra- thain do shloigisg catharach Lúnduin do thabhairt leó anall agus do sgaoil- eadh sa bhraiceal orainn i lár na síoth- chána. Tá dúil sa tsíothcháin agam, ach ní h-é sin an saghas síothchána a thaithnean liom. B'fhearr liom an cogadh ba ghéire 'ná síothcháin de'n tsórd san. Ní dóich liom go bhfuil aon fhear anso do ghlacfadh síothcháin de'n tsórd san. “Ach,” a déarfaidh duine, “b'fhéidir go ndéanfaidís an tsíothcháin do choimeád. B'fhéidir go bhfuilid siad chómh cortha de'n chógadh agus atá- imíd-ne. Éistigh liom. An cuimhin le h-aoinne atá suas aon ócáid riamh ar ar dhéin an aicme sin síothcháin gan feall a dhéanamh 'n-a dhiaigh san agus briseadh tré n-a ngeallamhna chómh luath agus fuaradar iad féin láidir a ndóithin chuige? An féidir a mheas go ndéanfaidh siad anois ceart nár dheineadar riamh fós? Tar éis a bhfuil d'aithne curtha againn ortha le n-ár gcuimhne agus le cuimhne ár sínsear an ceart dúinn codladh ar an gcluais sin? Má déintear an tsíothcháin seo cad a thiocfaidh as dúinn? Sgaipfear ár gcongnamh. Má sgaiptear iad ní cruinneóchar airís iad. Déanfaid ár namhaid miosgais eadrainn mar dhéin- eadar riamh. Nuair a bhéimíd silte, sgaipithe, dísgeóchar sinn i ndiaigh 'chéile. Ansan má deirimíd le n-ár namhaid, “Ó, faire go deó! Táthaoí ag briseadh na geallamhna a dhéin- eabhair!” déarfaid siad linn, ag cur dranagháire astá, “An amhlaidh a mheasabhair go rabhamair dáiríribh?” Ní h-é sin an ceann is measa de'n sgéal, d'á olcas é. Tá nídh eile ar aigne ag ár namhaid i dtaobh na síoth- chána so. Is bíodhba báis Sasana ag rígh na Spáinne. Tá sgannradh ar Shasana roimh chómhacht na Spáinne. Is í an Spáinn tír ár sínsear-ne. Tá cómhacht na Spáinne ag cabhrughadh linn anois. Mura mbéadh eagla na cómachta san ní baoghal go mbéadh aon trácht anso indiú ar an síothcháin seo. Má déintear an tsíothcháin seo sin cúl tabhartha againne le cómhacht na Spáinne — le n-ár gcaraid féin — agus páirt tógtha againn láithreach le namhaid ár gcarad. Sin feall gránda déanta againn ar rígh na Spáinne, ar ár gcara dílis féin. Siné ár gcara iompuighthe i n-ár gcoinnibh go deó. Ansan iseadh bhéidh aigne shásta ag muintir Shasana. Ansan iseadh bhéimíd ar a dtoil acu. Is beag an tairbhe dúinne an uair sin bheith ag fógairt na síothchána ortha agus ag tabhairt a ngeallamhna chun a gcuimhne. Ní h-eadh, a cháirde agus a uaisle Gaodhal, a shliocht Chonaill agus Eoghain, a chlanna Míleadh Easpáinne! Ach cuirimís le chéile, cruinníghmís ár neart, dlúthuighmís ár gcaradas, sgaraimís le n-ár seana mhiosgais féin, coimeádaimís ár n-aigne uathá, tugaimís a ndlígh féin dóibh. Baili- mís ár slóighte. Ruithimís fútha go hoban nuair is lúgha a bhéidh coinne acu linn. Tugaimís aon ghlan-sguabadh amháin ortha a' talamh na n-Éireann amach, idir chorp ceart! Ansan iseadh bhéidh an tsíothcháin againn!
AR MACHAIRE AN BHÁIRE. The following valuable list of Hurling terms, etc., has been compiled by one of the young hurlers in the Franciscan Capuchin College, Rochestown, Co. Cork, where Irish and Irish only is the language of the hurling field. Another interesting instalment will appear next month. 1. Camánaí, m., nú Iománaí, m., a hurler. 2. Báire, m., .i. Cluiche an chamánaí, the game. 3. Báire, m., .i. Trí puínte, .i. a goal. 4. Camán, m., a hurley. 5. Camán fuínseóige, an ash hurley; Camán sgeiche gile, a whitethorn hurley. 6. Bas an chamáin, the head of the hurley. 7. Cos an chamáin, the handle of the hurley. 8. Tá cos cham ar do chamán, the head of your hurley is crooked. 9. Tá bas cham ar do chamán, the handle of your hurley is crooked. 10. Tugadh ana thógaint do bhas an chamáin sin, that hurley was well seasoned. 11. Bogha, m., nú cúl, m., space between the goal posts. 12. Láithreán bhéil an bhoga, the parallelogram. 13. Treasán, m., cross beam. 14. Maide seasaimh, an dá mhaide seasaimh, the goal posts. 15. Scór, m., .i. Báire nú puínt, a score. 16. Liathróid,f., ball. 17. Báire, m., a goal (scored). 18. Puínte, m., a point (scored). 19. Machaire an bháire, nú páirc an bháire, the hurling field. 20. Poc, m, the blow given to the ball. 21. Poc i n-áirde, high puck. 22. Poc ar talamh nú ar an dtalamh, ground puck. 23. Poc ó chúl nú poc ó bhogha, puck-out. 24. Poc isteach ó cliathán na páirce, side-line puck. 25. Poc isteach ó líne cliatháin na páirce, side-line puck. 26. Poc an deich slat agus trí fichid, 70 yds. puck. 27. Poc an deich slat agus dachad, 50 yds. puck. 28. Poc saor nú Poc aonair, free puck. 29. Éagcóir, f., foul. 30. Calaoís,f., deceit. deception. 31. Tralans (?), scrimmage. 32. Breitheamh nú fear cirt a dhéanamh, referee. 33. Ceann nú captaoin, captain. 34. Fuirean, f,, Buidhean,f., muintir, f., taobh, m., sluagh, m., cuallacht, f., team. 35. Stríoc a slat a's fiche ó bhogha, 21 yds. mark. 36. Slat a's fiche ó bhogha, 21 yds. from goal. 37. Fead, m., whistle. 38. Feadaire, m., whistler. referee. 39. An Líontán, nú líontán an bhogha, the goal net. NA FIR AR MACHAIRE AN BHÁIRE. 1. An cúl-báire, nú fear-chúil, nú Fear an bhogha, goal-minder. 2. Fear cosanta an chúil-báire, nú fear cosanta fhir an bhogha, nú Fear cosanta bhéil an bhogha, the full back. 3. Fear cosanta bhéil an bhogha ar dheis a láimhe deise, the back on the right wing. 4. Fear cosanta bhéil an bhogha ar dheis a láimhe chlé, the back on the left wing. 5. Fir láir na páirce, the mid-field players. 6. An fear ar bhéil an bhogha ag cur isteach, the full forward or centre forward. 7. An fear ag cur isteach ar dheis a láimhe deise, the right wing scorer. 8. An fear ag cur isteach ar dheis a láimhe chlé, the left wing scorer. 9. Na fir ag díriughadh chun na bhfear (atá) ag cur isteach, the forward division of the mid-field players. AN BÁIRE. 1. Báire comórtais, a challenge match. 2. Báire trí n-a chéile, a picked match. GLAODHACH AN CHÉAD FHIR. 1. TADHG — Cuirim ort, I'll toss with you. 2. SEÁN — Leogaim leat, nú ní leogaim leat, I consent, or I don't. 3. TADHG — An nglacfair cuir-ort uaim, a Sheáin? 4. SEÁN — Glacfad a's fáilte, nú ní ghlac- fad. Faigh duine éigin eile. Má ghlacann Seán cuir-air ó Thadhg, seo mar dheinid: — Beireann Tadhg ar a chamán i ndorn a láimhe deise, cos an chamáin suas agus bas an chamáin síos. Caitheann sé chun Seáin é ar an gcor san. Beireann Seán ar an gcamán, le na dhorn deas, san aer. Ansan cuireann Tadhg a dhorn os cion duirn Sheáin & má bhíon slighe ag dorn Thaidhgh 'dir dhorn Sheáin agus ceann coise an chamáin, bíon glaodhach an chéad fhir ag Tadhg. Mara mbíon slighe an duirn ann bíon glaodhach an chéad fhir ag Seán. Cuma eile chun a dhéanta: — Beireann Tadhg ar a chamán agus caitheann sé 'san aer é. Chómh luath a's chaitheann Tadhg a chamán deireann Seán “Deas chun bheith suas,” nú “Deas chun bheith síos,” fé mar is maith leis féin. Caithfidh sé é do rádh sar a dtuitfidh an camán ar an dtalamh. Má deir sé an ceann ceart; cuir i gcás gur “deas chun bheith suas” a deir sé & go mbíon deas an chamáin suas, sé sin le rádh ina thuiteann an camán 'na chorrán tuathail ar an dtalamh, beireann sé glaodhach an chéad fhir. Má bhíon deas an chamáin síos beireann Tadhg glaodhach an chéad fhir. Is gnáth so a dhéanamh i gcóir rogha an dá bhogha, & breith ar an gcamán san aer féachaint cé bhéarfadh glaodhach an chéad fhir. GLAODHACH NA BHFEAR. 1. An mbéidh báire indiu againn? 2. Béidh, nú ní bhéidh. 3. Cad é an saghas báire bhéidh againn indiu? 4. Ó, báire maith, le congnamh Dé. 5. Ach, airiú! ní h-é sin atá uaim, ach an báire comórtais, nú báire trí na chéile bhéidh againn? 6. Báire comórtais, gan amhras. 7. Ní h-eadh, ach báire trí na chéile. 8. Seo, seo, cioca bhéidh againn? 9. An báire comórtais a bhéidh againn? 10. Ní h-eadh. 11. Cad eile? 12. Cad eile bheadh againn, airiú! ach báire trí n-a chéile? 13. Seadh, má'seadh, an nglacfair cuir ort uaim? 14. Ní ghlacfad, b'fheárr liom duine eigin eile 'á dhéanamh. 15. An nglacfair-sé cuir-ort uaim, a Sheáin? 16. Glacfad is fáilte, a Thaidhg. 17. Seo, beir ar seo má'seadh. 18. Seadh! tá glaodhach an chéad fhir agam-sa, a Thaidhg. 19. TADHG — Tá, glaoidh é. 20. SEÁN — Tar i leith chúgham, a Eoghain. 21. TADHG — Tar-sa chúgham-sa, a Dhonchadh. 22. SEÁN — Agus tusa chúgham-sa, a Mhichíl, &rl. 23. MÍCHEÁL — Seo chúghat mé, a Sheáin, a mhic ó! 24. Bí sé ar mo thaobh-sa, a Dhómhnail. 25. SEÁN — Agus tusa n-a choinnibh ar mo thaobh-sa, a Pheaidí. 26. Bead; ná bíodh eagla ort ná go mbead. 27. Brostuigh ort. 28. Corruigh ort. 29. Ná bí ag cailleamhaint an lae ag féach- aint tímcheal ort 30. Ní gádh an bhroid go léir. 31. Tá aimsir ár ndóthain againn. 32. Is dóigh liom go bhfuilid go léir glaoidhte anois againn. 33. Fan go bhfeicfead. 34. Ó! is dócha go bhfuilid go léir glaoidhte. 35. TADHG — Seadh! cioca bogha bheidh agat? 36. SEÁN — Caith an camán agus béidh fhios againn. 37. TADHG — Tabharfad do rogha bogha dhuit-se, mar tá fhíos agam go mbeimíd ró láidir dhíbh. 38. SEÁN — B'fhéidir go mbéidh sibh ró láidir dhúinn ach ní bhéidh sibh ró mhaith dhúinn. 39. Ní bhéidh sibh ró ghlic dhúinn. 40. Ní bhéidh sibh ró mhear dhúinn 41. Ó! beam ró mhaith ar fad dhíbh 42. Beam fiain ró mhaith dhíbh. 43. Buadhfam orraibh. 44. Fan leat go fóil agus béidh fhios agat. 45. Fan leat agus mol do thaobh taréis an bháire má thuillfid siad uait é. 46. Caith an camán agus má bhuadhfad nú bhéar- fad sa ghlaodhach béidh mo rogha bogha agam; mara mbéarfad fágfad fút-sa do rogha bogha do thógaint. 47. TADHG — Seo, má seadh; caithfead an camán & glaoidh-se. 48. SEÁN — Deas chun bheith suas. 49. TADHG — Deas chun bheith síos. 50. SEÁN — Dheinis an corrán tuathal de. 51. TADHG — Dheineas, am briathar, agus fágan san rogha an dá bhogha agat-sa. 52. Seadh! cioca bogha a thógfair? 53. Tógfad bogha an chlaidhe. 54. Tógfad an bogha thíos. 55. Tógfad an bogha thuas. 56. Tógfad an bogha thoir, thiar, &rl. 57. Ach beir ag imirt i gcoinnibh an chnuic. 58. Bead, ach bhéidh an ghaoith lem' chúl agam. 59. Cá bhfuil an liathróid? 60. Tá sí anso agam. 61. Cad é an saghas liathróide í? 62. Liathróid dheas, chruaidh éadhtrom de righin- chroicean capail. 63. Cár deineadh í? 64. Ni fheadar, agus is cuma liom. 65. Ní fheadar sé cár deineadh í, ach tá fhios aige go bhfuil sí go maith. 66. Níl aon bhaoghal ná go bhfuil sí go maith. 67. Is fearr dhúinn tosnugha agus gan bheith anso nár seasamh a thuille. 68. Is fearr go deimhin, tá ár ndóthain de'n lá caithte againn ag cur 'sa' cúiteamh anso. 69. Seo chun a chéile sinn 70. Seo chúige sinn i n-ainm Dé. 71. Caith chúghainn an liathróid. (Ní Chríoch).
AR MACHAIRE AN BHÁIRE. (Ar leanamhaint). An Captaoin ag comhairliughadh na bhfear. 1. Ní'l aon rud is mó thugan buadh do bhuidhin ná an fear ceart a bheith san áit cheart i gcómhnuidhe. 2. Fanadh gach aon fhear 'n-áit féin agus imiridh go cródha a' láimh a chéile. 3. Cuireadh gach éinne an liathróid chun duine dá bhuidhin féin. 4. Ná cuireadh éinne an liathróid chun duine dár naimhdibh. 5. Faireadh gach éinne a fhear féin. 6. Ná bíodh aon eagla orraibh roimhe éinne. 7. Buailidh an liathróid go tapaidh agus ná bídh ag cailleamhaint aimsire léi. 8. Buailidh an liathróid d'urchar ar eagla go mbainfí dhíbh í. 9. Buailidh an liathróid chomh luath a's gheobhaidh sibh í & ná bíodh aon chlis agaibh léi. 10. Seachanaigh & na gortuighidh éinne leis na camánaibh. An Captaoin ag socrughadh na bhfear & 'á gcur 'na n-ionad ar an pháirc. 1. Cia bheidh sa bhogha againn? 2. Beidh Seán sa bhogha againn, ó 'sé is cruinne. 3. Ar do bhás, a Sheáin, ná leog an liathróid thart isteach. 4. Geallaim-se dhuit na leogfad. 5. Beir-se ag cosaint bhéil an bhogha, a Thomáis, & beidh ort an liathróid a bhualadh amach ó chúl, mar is agat atá an poc is sia. 6. Ta fhios agam, a Thomáis, nach misde bheith ag brath ort. 7. Déanfad mo dhícheal; na bíodh aon eagla ort ná go ndéanfad. 8. Beir-se ag cosaint bhéil an bhogha ar dheis do láimhe deise. 9. Agus tusa 'á chosaint ar dheis do láimhe chlé. 10. Imthigh-se leat suas go béal an bhogha ag cur isteach dúinn, agus feiceam anois ná caillfir orrainn. 11. Beir-se ag cur isteach ar dheis do láimhe chlé. 12. Agus tusa ag cur isteacar deis do láimhe deise. 13. Béidh an chuid eile agaibh i lár na páirce. 14. Béidh sibh-se araon ar chliathán deas na páirce. 15. Agus sibh-se ar an gcliathán gclé. 16. Fear an reatha i gcómhnuidhe amuigh ar chliathan na páirce, mara mbeidh comh- throm reatha aige. 17. Cá mbeir-se ag imirt? 18. Bead ag cosaint bhéil an bhogha. 19. Cá mbeir-se ag imirt? 20. Bead ar bhéal an bhogha ag cur isteach. 21. Agus cá mbeir-se ag imirt? 22. Bead ag cur isteach ar dheis mo láimhe deise. 23. Agus tusa, cá mbeir ag imirt? 24. Bead ag díriughadh chun na bhfear a bheidh ag cur isteach. An Báire agus Caint na bhfear le linn imeartha an Bháiré. 1. Seo, tá sé i n-am tosnuighthe. 2. Tosnuighmís má'seadh, i n-ainim Dé. 3. Tagaidh le chéile anso i lár na páirce go gcaithfead an liathróid isteach eadraibh. 4. Téigheadh an cúl-báire & cuallacht cosanta siar ar gach taobh. 5. Brostuighidh orraibh agus ná bídh ag cailleamhaint na h-aimsire. 6. An bhfuileann sibh ullamh? 7. Táimíd, airiú, caith chúghainn an liathróid. 8. Tá an lá ag dul i ndéidheanaí. 9. Tá, ach tá ar ndóthain de'n lá fós againn. 10. Béid leath-uair an chluig ag gach taobh i ngach bogha. 11. Béidh gach taobh ag imirt leath uair an chluig ó gach bogha. 12. Seo, ní ghádh dhíbh a thuille cainte a dhéanamh. 13. Seo chúgháibh an liathróid & tosnuigheadh an imirt. 14. Maith an fear. 15. Is maith an buachail thú, a Thaidhg, &rl. 16. Níor chaillis riamh é! 17. Mo sheasamh ort! Ní mhisde bheith ag brath ort. 18. Buail an liathróid. 19. Buail arís í, a dhuine. 20. Fair an fear san. 21. Ná bac an fear ach fair an liathróid. 22. Brostuigh ort! 23. Brostuigh ort, nú buadhfar ort. 24. Corruigh ort! 25. Rith, a Thaidhg; rith, a dhuine! 26. Rith ar do dhícheal. 27. Buail anois í. 28. Buail anso anuas chúgham-sa í. 29. Buail anso aníos chúgham-sa í, ó tá an chaoitheamhalacht agam. 30. Cas anso isteach chúgham-sa í. 31. Seo dhuit í. 32. Seo chúghat í. 33. Buail í. 34. Buail gan mhoill í. 35. Táthar chúghat! 36. Chúghat an púca! 37. Leog thart chúgham-sa í, agus tar-sa roimis an bhfear. 38. Tar-sa roimis an bhfear agus fág fúm-sa an liathróid, 39. Táthar chúghat a dhuine, buail í! 40. Seo, Buail-se isteach í. 41. Is maith an buachaill! 42. Dheinis go mhaith é. 43. An bhfuarais aon scór? 44. Fuaras 45. Cad a fuarais? 46. Fuaras Báire. 47. Sin báire. 48. Is báire é sin. 49. Sin é an chéad bháire 50. Ní bhainfeadh an deamhan an bheárna de Thadhg, &rl. 51. Ní bhainfeadh an deamhan an bheárna dhe. 52. Ní bhuadhfadh aon rud air. 53. Ní bhuadhfadh an saoghal air. 54. Chuirfeadh sé an liathróid trí pholl tráthair. 55. Gaiscidheach fir iseadh é. 56. Is cuma nú tarbh é. 57. Ní stopfadh an t-aonach é. 58. Níl fear ar an bpáirc a bhainfeadh an liathróid de. 59. Ní bhainfeadh aon fhear ar an bpáirc an liathróid dhe. 60. Ní bhainfeadh ná aon triúr aca dhe í. 61. Ana-fhear iseadh é; ana-fhear. 62. Togha fir iseadh é; togha fir! Togha fear iseadh iad. 63. Fair (fairidh) an poc (amach) ó chúl. 64. Fair an liathróid. 65. Fair í. 66. Fair go maith í. 67. Stop í. 68. Stop led' chois í. 69. Stop led' chamáin í. 70. Cuir do chamán roímpi. 71. Cuir do chos roímpi. 72. Stop led' láimh í. 73. Buail í. 74. Buail go maith í. 75. Buail go tréan í. 76. Buail le fuinneamh í. 77. Buail go mear í. 78. Buail go tapaigh í. 79. Buail d'urchar í. 80. Tóg ar do chamán í. 81. Buail de d' chamán í. 82. Beir i d' láimh uirthi. 83. Tabhair poc i n-áirde dhi. 84. Tabhair poc ar an dtalamh dhi. 85. Buail poc i n-áirde uirthi. 86. Buail poc ar an dtalamh uirthi. 87. Buail de dhruim do chinn í. 88. Buail de dhruim do leath-ghualann í. 89. Buail deas agus clé í. 90. Buail í ded' dheis agus ded' chlí. 91. Tabhair poc maith dhi. 92. Tabhair do sheana-phoc féin dhi. 93. Go neartuighidh Dia leat! 94. Go neartuighidh Dia led' bhuile! 95. Ná bí ag stop na liathróide. 96. Ná bí á' stop. Cuir uait na clis agus buail an liathróid. 97. Buail í agus na bí á' stop. 98. Buail í agus í ag rith, 99. Ní ghádh dhuit í stop ach í do bhualadh agus í ag rith. 100. Ná bí á' stop do'n taobh eile. 101. Buail an liathróid agus í ag gabháil thart san aér. 102. Droch-bhéas iseadh bheith ag stop na liath- róide. 103. Ná bí ag stop na liathróide, a dhuine, ach buail uait chun duine éigint eile í. 104. Dheinis go maith é. 105. Bhuailis ana-phoc uirthi. 106. An bhfuarais báire? 107. Ní bhfuaras. 108. An bhfuarais aon rud i n-aon chor (aon scór i n-aon chor)? 109. Fuaras. 110. An bhfuarais an puínt? Fuaras. 111. An báire fuarais? Ní h-eadh. 112. An puínt a fuarais? 'Seadh. 113. Mo cheól thú! 114. Conus táimíd-ne ag imirt? 115. Táimíd-ne ag imirt le fánaidh an chnuic & an mhuíntir eile i gcoinnibh an chnuic. 116. Táimíd-ne ag imirt amach ó bhogha an chlaidhe. 117. Táimíd-ne i mbogha an chlaidhe agus an taobh eile ag cur isteach i mbogha an chlaidhe. 118. Táimíd-ne ag imirt mar seo, agus an ghaoth le nar gcúl & an mhuintir eile i gcoinnibh na gaoithe. 119. Sinn-ne agus an ghaoth 'nár n-aghaidh & an fhuirean eile agus an ghaoth le 'na gcúl. 120. Conus ghabhan an imirt? (Ní Chríoch).
AR MHACHAIRE AN BHÁIRE. (ar leanamhaint). An Báire agus Caint na bhfear le linn imeartha an Bháire. 123. Tá báire againn-ne & níl pioc ag an dtaobh eile. 124. Báire againn-ne agus puínte ag an dtaobh eile. 125. Tá trí bháire ag ar dtaobh-na & dhá bháire ag an dtaobh eile 126. Tá báire agus puínte ag ar mbuidhin-na agus chúig phuínt ag an mbuidhin eile. 127. Conus tá an imirt ag gabháil? 128. Táimíd-ne ag buadhachtaint ortha. 129. Táthar ag buadhachtaint orrainn-ne. 130. Tá puínte againn sa mbreis ortha. 131. Tá báire againn sa mbreis ortha. 132. Tá ceithre phuínte sa mbreis againn ortha. 133. Ach cad é an brigh an méid sin? 134. Ní h-aon bhrigh an méid sin. 135. Ní fiú biorán a's an méid sin. 136. Níl puinn san mbreis agaibh ortha. 137. Buadhfam ortha. 138. Tá buaidhte cheana againn ortha. 139. Tá buaidhte cheana féin againn ortha. 140. Tá buaidhte glan againn ortha. 141. Tá buaidhte glan amach ar fad againn ortha. 142. Táimíd ró-mhaith dhóibh. 143. Táimíd ró-mhaith ar fad dóibh. 144. Táimíd fiain ró-mhaith dhóibh. 145. Níl aon bhreith aca orrainn. 146. Fair an fear san agus buadhfam ortha. 147. Fair go maith é. 148. Fair ar do dhícheal e. 149. Rith 'na dhiaidh! 150. Rith ar do dhícheal n-a dhiaidh. 151. Rith isteach air. 152. Lean é. 153. Bain an liathróid de. 154. Bain de an liathróid. 155. Bain de í. 156. Leag é. 157. Leag led' leath-ghualainn é. 158. Buail an liathróid agus ná bac an fear san. 159. Ná dein éagcóir air. 160. Ná bí ag déanamh éagcóra. 161. Ná buail led' chamán é. 162. Ná gortuigh é. 163. Na basc é. 164. Ná leag é. 165. Ná tabhair cor-coise dhó. 166. Ná leag led' chamán é. 167. Ná bí ag cur do choise roimis. 168. Ná cuir do chamán idir a chosaibh. 169. Tóg réidh é. 170. Tóg ana-réidh é. 171. Tóg bog é. 172. Tóg ana-bhog é. 173. Cad a thógfad bog? 174. An saoghal & an báire. 175. Tóg bog an báire agus is feárr imir- theóchair. 176. Taoí 'á thógaint ró bhog. 177. Taoí 'á thogaint ró bhog ar fad. 178. Tánn tú 'á thógaint ró shaoráideach. 179. Cad 'na thaobh ná faireann tú an fear san? 180. An bhfuilir maith do dhóthain dhó? 181. An bhfuil sé ró mhait dhuit? 182. An bhfuil sé ró láidir dhuit? 183. An bhfuil sé ró mhór dhuit? 184. An bhfuil sé ró mhear dhuit? 185. An bhfuil sé ró aicillí dhuit? 186. Níl sé ró mhaith dhom, &rl. 187. Fair é, má'seadh. 188. Ná leog dó bheith ag bualadh na liathróide ar a chaoitheamhalacht. 189. Ná leog dó bheith á' bualadh ar a shuaimh- neas. 190. Ní fhéadfainn é d'fhaire. 191. Fair féin é. 192. Fairfead, má'seadh. 193. Fairfead go maith é, geallaim-se dhuit. 194. Geallaim-se dhuit go bhfairfead go maith é. 195. Tar-sa anso am' ionad-sa agus fairfead- sa é. 196. Ni fiú piuc thú, sibh, &rl. 197. Nil aon mhaith ionat, &rl. 198. Mo náire thú, &rl. 199. Fair an fear san, tá sé ag déanamh an iomarca díobhála. 200. Tá an fear san ag déanamh seó díobhála. 201. Fair é agus ná leog dó a thuille díobhála a dhéanamh. 202. Dia leat, a mic ó! 203. Dia go deo leat! 204. Buail anois í. 205. Buail í, a dhuine. 206. Maith an fear! 207. Togha fir iseadh thú. 208. Cosain an áit seo (nú an áit sin). 209. Tar agus cosain an áit seo. 210. Cosain go maith í. 211. An Báire é sin? Ní h-eadh. 212. An puínte é sin? Ní h-eadh. 213. Bhuail an liathróid an maide seasaimh. 214. Bhuail sí an treasán. 215. Cuaidh sí i dtaobh thiar de'n bhogha (nú de bhogha). 216. Cuireadh i dtaob thiar de bhogha í. 217. Cia bhuail í? 218. Cia chuir dtaobh thiar de bhogha í? 219. Chuireamair-ne i dtaobh thiar de bhogha í. 220. Chuireadar féin i dtaobh thiar de bhogha í. 221. Sin poc a' deich slat agus trí fichid againn-ne. 222. Faigh báire anois. 223. Faigh puínte anois. 224. Dein puínte dhe. 225. Dein báire dhe. 226. Cuir os cionn an treasáin anois í. 227. Cuir fé'n dtreasán í. 228. Cuir isteach i láithreán bhéil an bhogha í. 229. Cia bhuailfidh poc a' deich slat agus trí fichid dúinn-ne? 230. Buail féin é mar is tú is feárr chuige. 231. Sin poc a' deich slat agus trí fichid do'n bhuidhin eile. 232. Ná bídh sa tslighe ar a chéile ansin. 233. Sibh féin, a bhuachailí, sibh féin, ná bidh sa tslighe ar a chéile (Sinn féin, a Thaidhg, &rl.). 234. Buaileadh duine agaibh é agus ná bídh sa tslighe ar a chéile. 235. Tá an iomarca agaibh (againn, &rl.) ansan. 236. Druidigh amach ó chéile agus na bídh sa tslighe ar a chéile. 237. Tagadh duine agaibh anuas anso. 238. Sin éagcóir. 239. Sin poc dúinn-ne. 240. Tóg-sa nú buail-se an poc, a Bh — 241. Sin éagcóir eile. 242. Cá bhfuil an éagcóir? 243. Níl sé ceaduighthe ag duine nuair a bhíon sé ag bualadh puic aonair an liathróid a bhualadh dá uair as a chéile. 244. Ar nóin theip air (orm, &rl.) í bhualadh an chéad uair. 245. Níor theip go deimhin, ach níor bhuail sé ar fóghnamh í. 246. Ar nóin níor bhuail sé i n-aon chor an chéad uair í. 247. Bhuail go deimhin ach shleamhnuig an liath- róid dá chamán. 248. Bhuail sé ansan aris í agus tugan san an poc dúinn-ne. 249. Bíodh sé agaibh má 'seadh. 250. Tógaidh é má'seadh. 251. An báire é sin? 252. Seadh, ach ní bhfuighidh sibh é sa chómhaireamh. 253. Cad 'na thaobh ná fuighimís é? (ná gheobh- aimís é). 254. Mar bhí duine d'bhúr muintir i láithreán bhéil an bhogha le linn 'dul isteach do'n liathróid. 255. Ó ní raibh, cuiridh uaibh an chalaoís. 256. Níl aon chalaoís againn á dhéanamh. 257. Agus dá chomhartha ná fuil ní chómhair- eochar díbh-se an báire sin. 258. Bhí an liathróid ar an dtaobh amuigh de líne chlíatháin na páirce ansan. 259. Tá an liathróid ar an dtaobh amuigh de líne clíatháin na páirce. 260. Cia chuir amach í? 261. Chuir an fear san thall amach thar an líne í. 262. Is linn-ne an poc isteach mar sin (leo-san). 263. Tá an aimsir caithte. 264. Níl ach leath na h-aimsire caithte. 265. Caithfidh gach taobh aistriughadh anois. 266. Caithfidh an mhuintir thíos dul suas, & 267. Caithfidh an mhuintir thuas dul síos. 268. Caithfear aistriughadh. 269. Tá an aimsir go léir caithte. 270. Bhí an ghaoith le n-ár gcúl againn. 271. Bhí an ghaoith 'n-ár n-aghaidh againn. 272. Bhí an lá linn indiu. 273. Bhuadhmair ortha. 274. Buadhadh orrainn. Bhuadar orrainn-ne. 275. B'shin ana-bháire. 276. Bhí ana-bháire indiu againn. 277. Cia h-iad a bhuaidh? 278. Bhúadhmair-ne. 279. Fuaramair sé báire & fuaradar-san cheithre bháire. 280. Fuaramair dhá bháire sa mbreis ortha. 281. Fuaramair báire agus puínte sa mbreis ortha, &rl. 282. An bhfuilean sibh cortha? 283. Táimíd marbh baileach glan. 284. Táimíd réid ar fad. 285. Tá an lá ana-bhrothallach. 286. Tá an pháirc ana-bhog. 287. Bhí an iomarca reatha againn. 288. Bhí an mhuintir eile ana-luath & ana-dheas- lámhach. 289. Beam ullamh arís amáireach.
Cumann Measardhachta na Rosann. Tá bród agus lúthgháir mhór orm go dtig liom a rádh go bhfeicthear damh fhéin gur mór atá an t-ólachán ag gabháil ar gcúl a chois cladaigh annso i dTír Chonaill. Cibé mar atá scéal i n-áiteachaibh eile thríd an tír is léar do chách gur mór a chuaidh an t-ól ar gcúl ar na haontaighibh annso le cúpla bliadhain. Bhí am ann, tá leath-scór bliadhanta ó shoin, nuair atchífeá go leor fear agus stócach caoch ar meisce ar aonach is ar mhargadh; acht buidheachas don Rígh d'imthigh an t-am sin agus tá súil agam go dtiocfaidh rath agus séan ar na daoinibh feasta. I dtír Chonaill atá na Rosa. Áit mhór ólacháin a bhí ann tá cúig nó sé bhliadhna ó shoin. Ba ghnáthach leis na fearaibh a ghabháil anonn go h-Albain 'ach a'n bhliadhain i dtrathaibh mhí Mheadhoin an tSamhraidh agus thigeadh siad anall ag Mí na Samhna agus leath-scor puint nó níos mó saothruighthe aca. Toisigheadh ias- caireacht na scadán fa Nodlaic agus is beag de na hiascairibh nach mbéadh leath-scór eile nó b'fhéidir fiche punt saothruighthe aige ar na scadáin nuair stadadh an iascaireacht. Acht ar theacht an tsamhraidh ath-bhliadhain ní bhéadh pighinn de sin nach mbéadh caithte aca; agus creid mise nach bi í an phighinn bheag a chaithtí as an bhiotáilte. Acht nílthear a fagháil na scadán ar na bliadhantaibh deireannacha so agus caithfear a theacht i dtír níos tanaidhe 'ná mar ba ghnáthach. Má chaithtear beagán as an bhiotáilte ní bhéidh a dhath fágtha leis na rudaibh a cheannach atá a dhith ar gach duine le h-anál agus le teas a choinneáil sa cholainn. Agus b'fhéidir gurab é sin an fáth a bhfuil an t-ólachán ag gabháil ar gcúl comh mór is tá sé le cúpla bliadhain san áit so. Isé mo bara- mhail dá ndruidtí na toighthe biotáilte gach Domhnach nach bhfeicfidhe fear nó stócach ar meisce fa'n áit so. Cuireadh cumann ar bun i gCeann Caslach i dtráthaibh na Féile Pádraic so chuaidh thart le cuidiú leis an mheasardhacht. 'So an chéad uair le mo chuimhne fhéin ar chuireadh cumann dá leithéid ar bun san áit so; agus cé nach bhfuil sé acht cúpla mí uilig ó cuireadh ar bun é tá fa thuairim ar chéad go leith (150) duine sa chumann cheana fhéin. Má chuireann sé leis ní mhothóchar go rabh an dá chéadh ann. Isé an cómhartha is fearr go n-éireóchaidh leis .i. nuair atá oiread d'fhearaibh óga ann — fir atá eadar fiche bliadhain agus deich mbliadhna is fiche d'aois — atá geallta nach n-ólann siad deor bhiotáilte feasta. 'Siad na daoine óga so is tugtha den ólachán i gcomhnuidhe, agus má leanann siad dá ngeall bhéarfaidh siad som- pla maith uabhtha-sompla a rachas 'un tairbhe dóbhtha fhéin agus dá dtír amach annso. Tá scaifte maith cailín againn sa chumann; acht ní rabh féidhm ar bith ortha-san a ghabháil ann — nó cé chonnaic cailíní na Rosann riamh agus boladh uisce-bheatha ortha? Bíonn Aifreann do lucht an chumainn ar an chéad Domhnach den mhí. E. Ó S.
MACHAIRE NA H-IMEARTHA. 1. Ag imirt liathróide, 2. Ag bualadh liathróide, Playing football. 3. Imirt liathróide 4. Cluiche liathróíde Game of football. Cluiche 5. An báire a bheidh againn indiu? 6. Ní h-eadh. 7. Cad eile? 8. Cluiche liathróide. 9. Beimíd ag imirt liathróide indiu. 10. Beidh imirt liathroide indiu againn. 11. Ag imirt liathróide a bheam indiu. 12. An mó fear a bheidh ag imirt againn? 13. Chúig dhuine dhéag an taobh. 14. Ní bheidh againn ach cúig dhuine dhéag an taobh. 15. Cia bheidh ar an mbogha againn? 16. Beidh Tadhg ar an mbogha againn. 17. An raghair-se ar an mbogha, a Thaidhg. 18. Raghad, cad 'na thaobh ná raghainn! 19. Cia bheidh ag cosaint ar béal bogha againn? 20. Beidh murt ar béal bogha againn. 21. Cia bheidh ag cur isteach againn? 22. Beidh Mícheál ag cur isteach againn. 23. Feiceam anois, a Mhichíl, ná caillfir orainn! 24. Geallaim-se dhuit go ndéanfad mo dhícheall. 25. Cioca bogha a bheidh agat? 26. Ní fheadar. 27. Cioca bogha is usa a chosaint? 28. 'Sé an bogha thoir, &rl., is usa a chosaint. 29. Beidh an bogha san agam mar sin. 30. Tagaidh le chéile anso anois. 31. Seo chúghaibh an liathróid. 32. Beir ar an liathróid. 33. Cuir bár do choise fúithi? 34. Beir led' dhá láimh uirthi. 35. Beir greim daingean uirthi. 36. Ná leog di sleamhnughadh uait. 37. Léim, a dhuine, agus beir uirthi san aer. 38. Táthar chúghat, a dhuine (cúghat, chúghat, a dhuine!). 39. Buail led' dhorn í. 40. Maith an fear! 41. Is maith an buachaill thu. 42. Buail anois í. 43. Buail go maith i. 44. Buail í, a dhuine, agus ná bí ag caill- eamhaint aimsire léi. 45. Buail sa cheart í agus cuir uait na clis. 46. Imir do neart uirthi. 47. Buail de dhruim do chinn í. 48. Buail amach go clíathán no páirce í. 49. Amach go cliáthán na páirce léi. 50. Amach, amach léi, a Sheáin, &rl. 51. Isteach léi anois go béal bogha. 52. Isteach, isteach léi, a mhic! 53. Cuir isteach anois í. 54. Cuir féin isteach í. 55. Cuir isteach sa láirtheán í. 56. Cuir isteach sa líontán í. 57. Cuir de dhruim an treasáin í. 58. Cía tá ag cur isteach anso? 59. Cad 'na thaobh ná fanan sé anso ar bhéal an bhogha! 60. Fair an fear san. 61. Fair go maith é. 62. Rith isteach air. 63. Bain an liathróid de. 64. Bain de í. 65. Bain de gan mhoill í. 66. Ná leog do í bhualadh. 67. Ná leog do í thógaint le n-a chois. 68. Ná leog do í thógaint. 69. Cosain béal an bhogha. 70. Ná leog thort an liathróid 71. Fan amach ó fhear an bhogha. 72. Buail an liathróid. 73. Buail í agur ná bí ag féachaint uirthi. 74. Ná bí ag cur do choise roimis an bhfear san. 75. Ná bí ag tabhairt cor-coise dho. 76. Ná bí ag teacht sa cúl air. 77. Tá an liathróid amach thar líne chlíatháin na páirce. 78. Cia chuir amach í? 79. Chuireamair-ne amach í. 80. Is leo san a caitheamh isteach mar sin. 81. Ní leo ach linn-ne. 82. 'Siad san a chuir amach í. 83. Cad deir fear an líne? 84. Cad deir an seachtaire? 85. Deir sé gur dóibh sin is ceart í chaitheamh isteach. 86. Caithidís isteach í mar sin. 87. Caith isteach í, a Thaidhg. 88. Seo dhuit í. 89. Beir uirthi. 90. Buail í. 91. Buail uait gan mhoill í. 92. Buail isteach go béal an bhogha í. 93. Cuir-se isteach í. 94. Maith an fear. 95. An bhfuarais aon scór? 96. Fuaras. 97. Cad a fuarais? 98. An báire a fuarais? 99. An puínte a fuarais? 100. Ní h-eadh, ach báire. 101. Bhuaileas an treasán. 102. Bhuaileas an treasán agus ghaibh sí dhá dhruim. 103. Sin puínte. 104. Bhuaileas an maide seasaimh & tháinig an liathróid thar n-ais. 105. Bhuaileas an maide seasaimh & ghaibh sí lasmuigh de bhogha. 106. Is mór an truagh san. 107. Níor chuireas isteach í ach ba dhóbair dom. 108. Is olch é, ach níl leigheas air. 109. Dheineas mo dhícheal. 110. Caillfear indiu orainn. 111. Ní caillfear. 112. Buadhfar indiu orainn. 113. Ní buadhfar má's maith Linn é. 114. Ní buadhfar go deimhin. 115. Go mbuadh' Dia libh, a bhuachailí! 116. Sin éagcóir. 117. Ní h-eadh. 118. Deirim-se gurb' eadh. 119. An airighean thú an fead? 120. Cad é an fead? 121. Fead an reachtaire, a dhuine. 122. Nach dall ataoí! 123. Sin saor-chic. 124. Sin saor-chic dúinn-ne. 125. Buail-se í, a Dhómnaill. 126. Fanaidh amach uaidh anois go mbuaillidh sé í. 127. Fanaidh amach uaidh a deirim! 128. Imiridh fan na gclíathán. 129. Imiridh fan chlíathán na páirce. 130. Tá an iomarca de'n imirt i lár na páirce. 131. Tá fear ar lár. 132. Cad imthigh ort, a Thaidhg. 133. Fuaras buile chic sa lorgain. 134. Ar gortuigheadh thú? 135. An bhfuilean tú gortuighthe? 136. An bhfuarais droch-ghortughadh? 137. An bhfuil droch-chneadh ar do lorgain? 138. Ach níl. 139. Tá leath na h-aimsire caithte. 140. Tá an leath-uair caithte. 141. Beidh sos beag anois againn. 142. Tógaidh bhúr suaimhneas anois. 143. Ná bhídh bhúr gcor féin. 144. Ná suighidh nú ní bhéidh ionaibh corruighe ar neómat. 145. Ná suighidh nú béidh sibh crapuighthe nuair éireochaidh sibh. 146. Seo chuige arís sibh. 147. Tá an aimsir go léir caithte. 148. Tá deire le h-imirt an lae seo. 149. Tá an buadh againn-ne.
CAINT NA gCAMÓGUIDHTHE. Tá seodh cainte sgríobhtha cheana agam sa Record, i gcóir “Machaire an Bháire.” Dhéan- fadh an chaint sin an gnó dos na camóguidhthe ach athruighthe beaga a dhéanamh uirthi anso a's ansúd — “í” a chur i n-inead “é” agus “sí i n-inead “sé” agus rudaí beaga eile de'n tsaghas san. Níl aon áit 'n-a mbeidh craobh de Chualacht Lúth Chleas na mBan Ghaedheal ná go mbeidh duine éigin ann — fear nú bean — a dh'fhéadfaidh na h-athruighthe beaga so a dhéanamh dóibh. Níl aon ana eolas agam-sa ar camóguidh- eacht agus níl fhios agam cad í an chaint a bhíon ar siúbhal agus na cailíníbh le linn imeartha dhóibh. Seo raint téarmaí ba cheart a bheith aca pé rud eile a bheadh aca nú ná beadh. 1. Camóg. Camóguidhe. Camóguidheacht. 2. Cos na camóige. Bas na camóige. 3. Báire, a goal. 4. Puinte, a point. 5. Scór, a score. 6. Bogha, the goal, or space between posts. 7. An líontán, nú líontán an bhogha, the goal net. 8. Laithreán béal bogha, nú láithreán bhéil a' bhogha, nú an láithreán, the parallelo- gram. 9. Maide seasaimh, an dá mhaide seasaimh, the goal posts. 10. An treasán, the cross beam. 11. Fuirean, buidhean, muintir, &rl., a team. 12. Ceann, captain. 13. An liathróid, the ball. 14. Poc, stroke of camóg on ball. 15. Poc anáirde, a high stroke or puck. 16. Poc ar talamh, nú poc ar an dtalamh. 17. Saor-phoc, a free stroke. 18. Poc a cúig slat ar fhichid, 25 yds. stroke. 19. Poc ó bhogha, stroke out from goal. 20. Poc isteach ó líne chlíatháin na páirce, side-line stroke. 21. Poch isteach ó chlíathán na páirce, nú poc isteach, side-line stroke. 22. Pairc na h-imearthaa, nú machaire na h-imeartha, the field. 23. An pháirc, nú an machaire, the field. 24. Stríoc a deich slat ó bhogha, the ten yds. mark 25. Deich slat ó bhogha, ten yds. from goal. 26. Stríoc a cúig slat ar fhichid ó bhogha, 25 yds. mark. 27. Cúig slat ar fhichid ó bhogha, 25 yds. from goal. 28. Lár na páirce, the centre of the field. 29. Reachtaire, referee. An reachtaire. 30. Éagcóir, a foul. 31. Fead, a whistle. An fhead. NA CAILÍNÍ AR AN bPÁIRC. 1. Cailín a' bhogha, the goalkeeper. 2. Cailín béal bogha, the full back. 3. Cailín cosanta bhéil a' bhogha ar a deis, right wing back. 4. Cailín cosanta bhéil a' bhogha ar a clí, left wing back. 5. Cailíní lár páirce, the mid-field players. 6. Cailín cur isteach ar béal bhógha, the full forward. 7. Cailín cur isteach ar dheis a láimhe deise, right wing forward. 8. Cailín cur isteach ar dheis a láimhe clé, left wing forward. 9. Lucht cosanta an bhogha, the backs. 10. Lucht cur isteach, the forwards. 1. Camóguidheacht comórtais, a challenge match, e.g., match between Cork and Dublin or between teams from different clubs. 2. Camóguidheacht trí 'na chéile, a picked match, i.e., two teams picked from same club for a practice. GLAODHACH NA gCAILÍNÍ. 1. Peig — Glaodhaim ar Mháire ní Mh — 2. Síghle — Glaodhaim-se ar Cháit ní Ch — 3. Peig — Glaodhaim-se ar Shiobhán ní — 4. Síghle — Glaodhaim-se ar Eibhlín —, &rl. NÚ ARÍS — 1. Peig — Máire agam-sa. 2. Síghle — Cáit agam-sa. 3. Peig — Siobhán agam-sa. 4. Síghle — Eibhlín agam-sa, &rl. 5. Peig — An bhfuil glaoidhte ortha go léir anois againn? 6. Síghle — Tá, is dóigh liom. 7. Síghle — Cé bheidh ar an mbogha againn-ne? 8. Ní fheadar. 9. Cé h-í siúd thuas? 10. Sin í Cáit ní — 11. Beidh Cáit ar an mbogha againn. 12. Cé bhéidh ar béal bogha againn? 13. Beidh Eibhlín ar béal bogha againn. 14. Beidh Nóra ar dheis Eibhlín & Beití ar a clí. 15. Beidh ar Eibhlín an liathróid a bhuala ó bhogha, mar is í is feárr chuige. 16. Beir-se thuas ar béal bogha ag cur isteach, a Úna. 17. Beidh Gobnait ar do chlí agat & Sadhbh ar do dheis. 18. Feiceam anois go ndéanfaidh sibh obair mhaith. 19. Beidh an chuid eile againn i lár na páirce. 20. Cioca bogha bheidh agat, a Shíghle? 21. Síghle — Beidh an bogha so thuas agam. 22. Síghle — Beidh an bogha so thíos agam. 23. Síghle — Beidh an bogha so thoir agam. 24. Síghle — Beidh an bogha thiar agam, &rl. 25. Peig — Beidh an ghaoith led' chúl agat. 26. Síghle — Beidh ach bead ag imirt i gcoinnibh an chnuic. 27. Síghle — Beir-se ag imirt le fánaidh an chnuic, a Pheig. 28. Peig — Bead ach beidh an ghaoith ag seideadh san aghaidh orm. 29. Peig — Beidh an ghaoith am' choinnibh a Shíghle. 30. Síghle — Beidh an lá linne. 31. Peig — Fan leat go bhfeicfir. 32. Peig — Mol deire an lae, a chailín. 33. Peig — Ní fheadair éinne fós conus gheo- bhaid an lá. AN IMIRT. 1. An Reachtaire — Tagaidh le chéile anso i lár na páirce. 2. Seo chúghaibh an liathróidh. AN CEANN — 3. Teigheadh gach aon chailín n-a h-áit féin. 4. Imrig go maith anois a' láimh a chéile. 5. Faireadh gach aon chailín agaibh cailín de'n bhuidhin eile. 6. Buailidh an liathróid go tapaigh. 7. Buailidh an liathróid d'urchar. 8. Buailidh an liathróid go mear. 9. Ná bídh ag cailleamhaint aimsire léi. 10. Fair an cailín sin. 11. Fair go maith í. 12. Ná leog di bheith ag bualadh na liathróide ar a caitheamhlacht. 13. Bain di í. 14. Tóg uaithe í. 15. Cuir isteach í. 16. Buail isteach i. 17. Buail poc maith uirthi. 18. Buail le fuinneamh í. 19. Buail gan mhoill í. 20. Seachain! 21. Sinn fhéin, a Cháit, 22. Táir sa tsligh orm. 23. Fág an tslígh uaim. 24. Fág ansan an liathróid. 25. Fág ansan í agus buailfead féin í. 26. Buail ma'seadh. 27. Sibh féin, a Eibhlín, sibh féin. 28. Ná bídh sa tslígh ar a chéile. 29. Buaileadh duine agaibh í. 30. Dheinis go maith é. 31. Dheinis go seóidh é. 32. Dheinis go h-iongantach é. 33. Dheinis go míorbhailteach é. 34. Dheinis go neamh-choitcheanta é. 35. Is maith án cailín thú. Maith an cailín. 36. Ana-chailín iseadh thú. 37. Is seóidh an cailín thú. 38. Is iongantach an cailín thú. 39. Is míorbhailtheach an cailín í. 40. Is neamh-choitcheanta an cailín Úna. 41. Tá sí go seóidh. 42. Tá sí thar bár. 43. Tá sí thar bár ar fad. 44. Lean leat, a Cháit, agus bain di an liath- róid. 45. Lean í, a Cháit, agus bain an liathróid di. 46. Sin é, a Cháit! 47. Sin í an obair! 48. Buail anois í. 49. An bhfuarais báire? 50. An bhfuarais puínte? 51. Fuaras báire. 52. Ní bhfhuaras ach puínte. 53. Ní bhfuaras aon scór i n-aon chor. 54. Tá an liathróid i dtaobh thiar de bhogha. 55. Imir leat, níl sí i dtaobh thiar de bhogha fós. 56. Tá sí i dtaobh thiar de bhogha anois. 57. Cé chuir i dtaobh thiar de bhogha í? 58. Chuir duine aca féin. 59. Sin poc a cúig slat ar fhichid dúinne. 60. Cé bhuailfidh é? 61. Buail féin é, a Shíghle. 62. Buail féin é, mar is tú is feárr chuige. 63. Sin éagcóir. 64. Cá bhfuil an éagcóir? 65. Chaithis do chamóg leis an liathróid. 66. Rugais ar láimh orm. 67. Sin saor-phoc dúinne. 68. Buail-se é, a Mháire, ó's agat atá an poc is feárr. 69. Ní bhuailfead, a Cháit, buail féin é. 70. Buail féin é, a Cháit, agus buail go maith é. 71. Buail anso chúgham-sa í. 72. Is maith an cailín thú.
73. Ní misde bheith ag brath ort. 74. Níor chaillis riamh é. 75. Tá an liathróid i dtaobh amuigh de líne chlíatháin na páirce. 76. Níl sí amach fós. 77. Tá go deimhin, ná h-airigheann tú an fhead. 78. Seadh, is dócha go gcaithfeam rud a dhéanamh ar an reachtaire pé sgéal é. 79. Is linne an poc isteach. 80. Buail-se é, a Eibhlín. 81. Buail an liathróid, a's brostuigh ort! 82. Féach rómhat anois, a's cuir san áit cheart í. 83. Beir ar an liathróid. 84. Tóg led' chamóig í. 85. Tóg ar do chamóig í. 86. Beir ad' láimh uirthi. 87. Sin éagcóir, tóg án liathróid. 88. Stopadh an imirt anois. 89. Cuiridh uaibh na clis a's tugaidh aire do'n imirt. 90. Sin í an chaint, a Cháit. 91. Sin í an chaint go bhfuil an crot uirthí. 92. Tá an aimsir go léir caithte. 93. Corcaig abú!
FILLEADH — AOIDH RUAIDH UÍ DHÓMHNAILL. A. D. 1592. ó “PHÁDRAIC.” Is líonta anocht atá “Caisleán an Uisge,” Is lonnrach gach fuinneóg ó thalamh go díon; Gidh fairsing an díghe ann, ní'l callán ná meisge Ag músgailt mac-alla na sean-taobhán críon. Tá sláintidhe 'gá n-ól ann le taoisighibh treuna Do cheannphort a nduthaigh tá leó-san arís; Acht air maidin a mbárach, le h-éirighe na gréine, Béidh mustar níos mó air an leuna úd shíos. Feuch, cheana tá'n nuaidheacht thar mhór-leath na tíre, Tá teachtairidhe lúthmhar' a' bualadh na slíghe, Ag dúsachd tréin-spioraid in anamnaibh fíora, 'S ag gríosadh na cródhachda tá fós in gach croídhe. Feuch, feuch! tá na teinte air mhullach gach sléibhe Ag freagairt an fhógra tré dhubhachd a's ceó, Gidh dearg a lasadh, béidh pícídhe 'gus cloidhmhe Níos deirge go luath i gcogadh níos teó. Glóir, glóir, a Thír-Chonaill! le tréimhse gan cabhair, Suas, suas gach clann chródha ó'n bhFinn go Ros Eoghain, Air aghaidh, a laochra, ó Mháilionn go Samhair, Bíodh luathgháir anocht ag cur díbirt air bhrón. Nach gcluintí an gháir úd a' líonadh na spéire, Mar thóirnigh ag reubadh tré chiúineas na ngleann? Nach gcluintí guth-fháilte na ndaoineadh ag éirighe? “Hurrrá! tá Aodh Ruadh arís ós ár gceann!” Níos sia ná bídhidh a's gruaim in bhur gcroídhthibh, Tá dóthchas a' briseadh air Éirinn go léir; Andé bhí an tsean-chúis faoi neultaibh na hoídhche, Amárach béidh dath úr ar Fhairsinge spéir Amárach béidh solus geal gréine ag sileadh Air chath-bhrath Thír-Chonaill a' crothadh 'sa ngaoith, Béidh mílte fear treun againn réidh le n-a mbuille, S béidh Aodh óg Ua Dómhnaill ag treórughadh faoi. Is díomhaoin le bliadhantaibh bhí gliceas gach láimhe, Is meirgeach a d'éirigh gach píc' air a crann; Acht bheathaigh an sgith sin smior úr in ar gcnámha, 'S d'fhág meirg díomhaoinis níos géire gach lann. Mar méaduighthear neart agus luathas na h-aibhne Le fearthainn an fhóghmhair d'éis tiormachda míos, Is amhlaidh béidh sáthadh ár n-arm níos doimhne Nuair castar na Sacsanaighe orrainn arís. Ó! taraid go tapaidh, laoch-coise 'gus marcach, Ó chnocaibh a's gleanntaibh air fud Dhúin-na- nGall, Tá trom-chíos le díol ag an tsean-namhaid beartach A geineadh 'nna ghaduidhe, 's a tógadh 'measg feall. Is fada gach fear dinn go foighideach a' fanacht Le filleadh ár ngrádh ghil ó charcar Áth' Cliath, Chum buille do bhualadh, 's chum saoirse do cheannacht Le daor-fhuil ár gcroídhtheadh, má's toil é le Dia. Ná fanaidh! tá cnámha sean-sinnsear Uí Dhómhnaill Ag glaodhach chum dioghaltais ó lámhaibh a gclann; Béidh fiacha le h-íoc ag gach fear i dTír- Chonaill Chomh fhad a's tá lorg aoin sgriosadór' ann Le chéile! le chéile! béidh feallta Loch' Suilidhe Glan-nighte gan mhoill i bhfuil Sacsanach teann; Air aghaidh! air aghaidh chum saoirse, a mhílidhe! Tá'n ceart air ár dtaoib 's tá Aodh óg ós ár gceann! SGOLÁIRÍ ÓGA AG DUL AR SGOIL. Séamus — Béidh sinn mall; dein deifir, a Dhómhnaill. 'Bhfuil Art a' teacht? Dómhnall — Tá. Feuch a' teacht aníos ó'n bhainn é. Cá bhfuil do chuid leabhar? Séamus — D'fhágas iad ins a' sgoil indé nuair a bhí mé aig dul abhaile ó sgoil. Bhí dearmad orm, agus tá eagla orm anois nach mbéidh mo cheachta agam. Tabhair dhom do leabhar go fóil. Tá am go leór againn. Ní'l sé naoi a' chlog fós. Dómhnall — Seó an leabhar dhuit, acht ná dúbhairt tú tamall ó shoin go mbéidheadh sinn mall? Is fada 'tá Art. Chím é anois, agus a leabhar osgailte aige mar tú féin. Séamus — Fan leis. Béidh mo cheacht go maith agam-sa anois. Art (a' teacht suas leo) — Is orraibh atá an deifir! Bhí mise a' siúbhal go socair, mar ná raibh a fhios agam go raibh sibh-se rómham amach. Séamus — Ná feaca tú sinn nuair bhíomar ag casadh an bhóthair agus tusa 'teacht anuas ó do theach féin? Art — Ní fheaca sibh go deimhin. 'Bhfuil do cheacht agat, a Shéamuis? Séamus — Ní'l sé agam i gceart fós. Is le Dómhnall an leabhar so; d'fhág mé mo leabhar féin air sgoil agus ní maith liom blas na slaite. Dómhnall — Bhí slat nuadh ag an máistir indé. Do bhris sé an sean-cheann ar bhais Míchíl na nGleann. Séamus — Cad abhí aig Mícheál 'a dheanamh air gur bhris an máistir slat air? Dómhnall — Bhí sé ag innsint sgéil ins a' suídheachán nuair ba cheart dó bheith a' sgríobhadh. Do chuir an slat clog ar gach láimh leis, agus tá a lámha tinn fós. Bhi fearg mhór ar an máistir. Art — Bídheann fearg air go minic. Do bhuail sé buille d'á shlait sa cheann orm-sa aon lá amháin, agus bhí tinneas cinn orm 'na dhiaidh. Ní'l sé ceart cead a bheith aca tú bhualadh sa cheann. Dómhnall — Ní'l sé ceart cead a bheith aca duine a bhualadh i n-áit ar bith. Is cuma leo cá mbuaileann siad tú. Is breágh an saoghal atá aca! Séamus — Is fíor dhuit sin. An iad garsúin an Ghoirtín a chím ar a mbóthar? Art — Is iad. Agus tá fód móna ag gach uile dhuine aca. Ní'l fód againne. Tá slat i n-ár gcóir. Feuch an máistir ag an doras agus an slat nuadh aige! Dómhnall — Ní'l neart air anois. Imthighidh isteach go dána.
AN FEAR ÍCE. Do chuaidh, trá, Rómhánach óg fé dhéin na Gréige. Is ann do chuir sé fé, i gcathair na hAithne. Dob é gnó do thug ann é 'ná chun léigheann do chruinniú. Is mó Rómhánach do rinne an ní sin. Do dhéin Cíceró é. Dob é duine é sin, an t-óráidí dob' fheárr bhí riamh ar Rómhánachaibh. Is ann do bhí cómhnaí ar an ógánach sa chathair sin, i dtig ceannaí mhóir. Gréagach dob' eadh an ceannaí. Bhí sé in a dhuine shaidhbhir agus do bhí inghean aige. Cailín fíor- uasal do b'eadh í sin. Níorbh' fhada annsúd don Rómhánach óg 'ná gur eirigh an-mhuíntearas idir é féin agus inghean an cheannaí. Do neartuigh ar an muíntearas agus mar is gnáthach in a leithéid siúd de scéal, ba ghairid go raibh an grá ann. Níl leigheas ar sin ach bás nó pósa. Ní fhuair aoinne den bheirt bás. Do phósadar. Tamall d'éis an phósta, do imthigheadar go ruig dúithe an ógánaigh, mar ar mhaireadar ar feadh tréimhse. Is annsan do tháinig aicíd éigin ar an óg-mhnaí. Do chuaidh sé siúd ar lorg leighis dí, ach má chuaidh, ní fhuair. Ní fhéadfadh dochtúir 'ná báinliaig dá raibh ar Rómhánachaibh í leigheas. Do rug a fear abhaile í ag triall ar a hathair. Ní raibh leigheas ag aon liaig sa Ghréig dí, ach chó beag. Do réir mar a bhí an aicíd ag dul i ngéire, bhí áilneacht snó agus ceannacha ag fás dí. Dob í an iongnadh shaoghail bá mhó bhí ann len a línn í. Do tugadh isteach go dtí an fear feasa agus an draoí a bhí i dteampall Apollo í. Do theip air sin ortha 'ná leigheas d'imirt uirthe. Do thagadh na céadta á féuchaint an fhaid as do bhí sí annsúd agus iad go léir ag déanamh iongna dá háilneacht. Treis tamaill do tháinig a fear agus a hathair dá breith abhaile. Sa tslighe abhaile dhóibh do casadh an tsean-chaille ortha. “Tá an bhean áluinn go breóite,” ar sise. “Tá breóiteacht a báis uirthe,” ars an t-athair. Do rug sí ar láimh ar an óg-mhnaí. “Má théighir go dtí Gaililía,” ar sise, “do gheobhair ann an t-é leighisfaidh thú. Is ann atá an Fear Íce.” Níor chuir an chuideachta aon tsuím sa bhfocal san. Do mheasadar san ná raibh innte ach sean-bhean ar éadromacht. Do choinnigh an bhean bhreóite cuíne ar an bhfocal, ámh. D'éis mí sa' bhaile i dteannta a muíntire dhi, d'iarr sí ar a hathair agus ar a fear céile i bhreith soir go Gaililía, ag triall ar an bhFear Íce. A dubhradar san léi ná feadradar ciarbh é féin nó an raibh a leithéid ann in aon chor. Do dheinadar iarracht ar chur in a luighe uirthe ná raibh i gcaint na mná úd ach caint gan bhunús. Ach do lean sise den tathant agus sa' deire do ghéilleadar. Is annsan do chuínigh an Rómhánach óg go raibh uachtarán na tíre úd agus a athair féin in a sean-chomráidithibh. Dob' é an t-oide léighinn céadna bí aca araon le línn a n-óige. Do chuir sé teachtaireacht uaidh ag triall ar an Uachtarán, ar Phíoláit, 'á chur in iúl do ciara' dhíobh é agus 'á iarraidh air cead do thabhairt dó a bhean chéile do bhreith leis go dtí Gaililía. Do thug Píoláit an cead san dó agus in a theannta san do thug sé cuireadh dhóibh cur fútha i gceann dá thighthibh féin a bhí ar imeall sráide ann, agus a dubhairt go bhfeicfadh sé féin anois agus arís iad. Do chaith an lánmha roinnt aimsire ansúd agus do chídís an t-uachtarán go minic óir is chun an tighe sin do thagadh sé an t-an do bhíodh gádh aige le sos agus le suaíneas. Do bhí an cuardach ar siubhal go tiugh aca ach níor aimsighdar an t-é go rabhadar 'á lorg. D'eirigh an t-ógánach tuirseach de mar scéal agus do thosnaigh sé ag tathant ar a mhnaí eirighe as, agus go n-imeóchaidís thar n-ais abhaile, gur dóicíghde gur ann a leigheas- faí í agus nach sa' tír iasachta san. D'aontaigh Píoláit leis agus adubhairt nárbh foláir nó gur speabhraídí bhí ar an sean-chaile úd. Ach níorbh' aon-mhaith dhóibh bheith ag caint léi; ní imeochadh sise go bhfeicfadh sí an Fear Íce. Do thárla dhi bheith in a suidhe ar áiléur an tighe, lá, nuair do chonnaic sí Píoláit chúichi. Ní h-i gcomhnaí do thagadh sé go dtí an tig sin chó luath san sa' ló. Do thug sí fé ndeara an mí-líth in a cheanachaibh. Do tháinig sé fé n-a déin agus isé bhí go suaite. D'fhiaruigh sise d'é fáth a bhuartha. Is annsan do chuala sí an scéal. Scéal do bhíog a croidhe agus do chorraigh a h-inntinn. D'innis sé dhi i dtaoibh an duine do tugadh chuige an lá san in a chime. Na Giúdaig do rug air agus do chuir fiche coir in a leith. Gur dhein sé féin taghde ar an scéal agus ná féadfadh sé breith báis ann do thabhairt air. Gur leig sé do na saghdiúiríbh é sciúirseadh ag súil leis go sásóchadh an méid sin na Giúdaigh, ach nár shásaig. Gurb é crích an scéil gur fhág sé fútha féin é agus go rabhadar á bhreith go dtí cnoc Chalbhaire, i láthair na huaire chun é 'céusadh. Bhí cathú air gur gheill sé dhóibh ach gur scéal gan leigheas aige é. D'éist an óig-bhean go h-aireach leis an scéal agus do leig frasa deór le truagh don duine bocht stolltha úd. Do bheartuigh sí lom láithreach dul d'fhéuchaint an duine chiapaithe
agus do chuir d'fhíachaibh ar a fear dul 'á tionnlacain go dtí an tsráid. Ar shroisint na sráide dhí, do chonnaic sí an brú daoine agus an duine in a lár istigh, agus crois mhór throm aige 'á hiompar. D'eirigh trua thar meón in a croídhe istigh do. Do chonnaic sí ar lár é agus sa tsiubhal arís. Bhí allas agus fuil leis, agus an neart dá thréigint. Bhí an daoscar-shlua ag fonóid fé. Dob é b' oth léi gan neart a dóthain innte féin chun dul 'á chosaint. Do raghadh, dá bhféadadh. D'ímpigh sí ar a fear dul agus fóirithin ar an gcime mbocht. Dubhairt seisean léi ciall bheith aici agus teacht thar n-ais go nuige an tigh. Do lean sí den tsiubhal, ar nós cách. D'imigh sí amú ó'n a fear céile, bhí an brú chó dian san. In ionad laige bheith uirthe is amhlaidh go raibh neart ag fás dí. Do stad an tsocraid. Do chonnaic si an cime dá nochta agus dá leaga ar an gCrois. D'airigh sí na buillí dá mbualadh. Ba mhaol na tairingí iad. Ba saíghead tré a croídhe gach buille dá gcuala. Níor fhág sí an fód. D'fhan sí ag féuchaint ar an té bhí ar chrocadh annsúd ós a cómhair. Aici bhí an truagh dho. Níorbh fhiú brobh an tinneas bhí uirthe féin seachas an tinneas bhí air sin. Do mheas sí gur fhéuch sé uirthe amhail as dá mba gur ag gábhail buidheachais léi do bhí. Do dhruid sí isteach i gcomhgar na Croise. Ba ghairid go raibh sí gá bun. Bhí saighdiúir in aice léi. Bhí an sluagh d'á rádh leis an nduine ar an gCrois teacht anuas dá bhféadadh sé é! Adubhairt an saighdiúir leis féin go mba chóir go mbeadh a chion den spórt aige féin. D'árduig sé an tsleagh agus do thug súnc fén easna ar an té bhí d'á chéusadh. Do scéig an fhuil in a srúilín mire amach agus do thárla braon di ar éudan na hóg-mhná. Do mhothuigh sí mar a mbeadh borra istigh in a croídhe. Do ghluais a cuid fola go mear láidir fan a colna. Do tháinig a sean-neart féin dí ar an láthair sin… An Fear Íce, is É bhí d'á chéusadh. SEÁN TÓIBÍN. i gCorcaigh, 8/VII./'13.
Bíodh meas agat ar Éirinn, Bí cneasta le gach aoinne, Ná h-innis focal bréige, An fhaid a bhéas tú beo; Bíodh dúil agat i séimhe, Bí múinte, mánlach, béasach, 'S an lá go mbeadh aithmhéala ort, Ní thiocfaidh sé go deo.
TORADH SAOTHAIR AN ATHAIR TIOBÓID. Tá leath-chéad bliadhan is breis caithte ó cuireadh corp an Athar Tiobóid 'san úir. Ní'l indiu 'n-a chroidhe ná i n-a chnámhaibh ná 'san in- tinn a bhí aibidh tráth acht dorn cré. Mara bhfuil, féin, ná saoileadh éinne ná fuil, fé'n dtráth so, i dtoradh a shaothair acht neimhnidh. An síol a chuir- tear 'san ithir de ghnáth ní bhaintear barraidhe nó toradh an tsíl sin chum go mbíonn an síol féin agus gan ann acht luaithre. Cuirtear síol agus cuir- tear cuirp; acht ní gnáthach comórtas do dhéanamh eadartha, agus ní móide gur ró-oireamhnach an bheart a dhéanamh acht chomh beag. Acht ó's é toil agus deonughadh Dé go bhfásann is go n-aibidheann barraidhe díreach de réir mar deintear luaithre de'n tsíol ní féidir do lucht faire gan a thabhairt fé ndeara, mar a chéile, go bhfuil toradh saothair an Athar Tiobóid ag aiseirghe ó'n ló do síneadh a chorp fé dheoraibh sluaigh i gcómhrain chumhaing le hais na Laoi. An lá chuirtear síol i gcré ní gnáthach gas nó bileog d'fheicsint ag preabadh as thar gnúis talmhan; agus tar éis do'n bhileoig í féin do nochtadh ní ró-mhear a chuir- eann sí dhi go minic. An uair d'áthfhás gas na Measardhachta go mall as luaithre an Athar Tiobóid, má's cead- tha an comórtas so, thárla go raibh an droch-uain ag feitheamh léi. D'árduigh bileoga Gallda is bileoga bréige a gcinn nimhe mór-dtimcheall uirthe agus d'fhágadar gan teas is gan solas na gréine í. Acht níor ráinig leo í mhúcadh ná í crapadh, féin. I gcionn na haimsire cuireadh spéis innte. Níor bh'annamh an tAthair Urramach Tomás De Burc agus an tÁirdeasbog* dúthrachtach deoradhta gur ionann a shloinne agus ainm a thíre dúthcais ag tagairt di agus ag a moladh go hárd. Bhí sí ag teacht chúiche féin fé'n mholadh so agus ag dul i bhfeabhas i ndiaidh ar ndiaidh, agus is iomdha fíor-Ghaedheal a bhí ag freastal uirthe leis an aimsir. Scaipeadh a cumhar cneasta de réir mar bhí sí ag at agus ag borradh agus ag bláthughadh. Cuireadh mar chúram i dtráth ar Órd na gCapuisineach an talamh do ghlanadh i n-a timcheall agus lán-aire do thabhairt di feasta mar ba dhual dhóibh. Agus seo indiu í, céad moladh le Righ na nDúl, i n-a holl-chrann áluinn ag a sileadh a síl bheannuighthe féin ar iathaibh ársa agus ag síneadh a leathan-ghéag thar cóigibh Fódla. As “Beatha an Athar Tiobóid” (Sceilg). BAILE AN ÓIL. Teach mór óil é siúd ar an gcoir- néal, is geall le pálás é ar bhreágh- achta: fir oibre ag obair ann, ag tarraint isteach agus ag tárladh amach, ag chur chaoi ar earraidh le n-a gcur do dtí daoine a cheannuigh iad; capall nó dá chapall nó trí capaill ghlana bhearrtha sgiúrtha agus gléas iomchuir dhá réir. Fear an tighe, is fear breágh toirtéiseach é, lán an dorais ann agus do réir a bharamhla féin tuilleann sé é agus tuilleann sé lán na sráide a bheith ann. Is giúistís é agus fear ughdaráis i gcúrsaibh an bhaile, cúrsaí gur surach le rádh iad. Tá fear bocht oibre nó beirt nó thriúr díobh ar an gcoirnéal tamall ón teach óil, a lámha ina bpócaibh aca. Táid siad gan bhear- radh le seachtmhain agus gan nigheachán le dhá lá; tá na súile sáidhte aca ins gach uile dhuine dhá dtéighe thart théint a mbeadh aon neach ann a mbeadh dhá phighinn le fhagháil uaidh go bog agus níor bhfearr leo an dá phighinn fhagáil mar dhéirce ná iad a ghoid. Siubhail thart agus chífidh tú tighthe ag dul i léig, tighthe a bhí tamall go slachtmhar sonaidhe. Cuir tuairisg agus innseofar duit go raibh fear an tighe sin atá imthighe i léig gair tugtha don ól atá sé; gur ól sé an oiread agus dhéanfadh teach breagh dhó ó bhonn go slinn agus a cheannóchadh an talamh ar a seasfadh an teach thar bárr amach. Bhí eallach aige tamall agus talamh, bhí caoire aige agus uain agus capaill agus tighthe. B'éigin dó na tighthe a dhíol agus an teach comhnuidhthe i bhfuil sé atá sé na bhéal le aer, agus a bhean is a chlann ar an-chaoi le salachar agus le boichteanas. Agus féach, ní'l aon teach ar an mbaile mara bhfuil corr-theach ann a bhfuil cuma an tsaidhbhris air. Níl an t-airgead ag na daoinibh bochta le
caitheamh ar aon rud acht ar an ól. Níl aon tsnáithe éadaigh ortha, aon tsnáithe slachtmhar agus is siopaí éadaigh bochta atá ann. Agus is dá réir sin atá na siopaí eile. eoghan ó neachtain. SUANTRAIGHE (Ag cur Bábóige na Luighe). Cuirfidh mé 'nois 'do luighe 'do leab- aidh thú, 'Do luighe 'do leabaidh thú, Sínte 'do leabaidh thú; Cuirfidh mé 'nois 'do luighe 'do leab- aidh thú, Óir is tú mo bhábóg gach lá, lá, lá, Is tú mo bhábóg gach lá is go bráth. Bhearfaidh mé íochtar is uachtar na leabtha dhuit, Íochtar na leabtha dhuit, Uachtar na leabtha dhuit; Bhearfaidh mé sin agus póga 'na mil- tíbh dhuit, Óir is tú mo stóirín gach lá, lá, lá, Is tú mo stóirín gach lá is go bráth. Glaoidhfidh mé arís le solas na maidne ort, Le solas na maidne ort, Le solas na maidne ort; Glaoidhfidh, is cuirfidh mé beannughadh na maidne ort, Óir is tú mo mhuirnín gach lá, lá, lá, Is tú mo mhuirnín gach lá is go bráth. Cuirfidh mé gúna de'n tsíoda is daoire ort, Gúna de'n síoda ort, An síoda is daoire ort; Cuirfidh mé hata is clóca is gúna ort, Óir is tú mo rún-sa gach lá, lá, lá, Is tú mo rún-sa gach lá is go bráth. Bhearfaidh mé siúcra is mil ar maidin duit, Siúcra ar maidin duit, Mil ar maidin duit; Bhearfaidh mé 'n siúcra is milse 'sa tsiopa dhuit, Óir is tú mo pheata gach lá, lá, lá, Is tú mo pheata gach lá is go bráth Dheanfaidh mé cómhradh annsin i nGae- dhilg leat, Cómhrádh i nGaedhilg leat, Togha na Gaedhilg' leat; Nach dtuigheann tú mé ag labhairt togha na Gaedhilg' leat? Ó tuigeann mo sheircín gach lá, lá, lá, Is tuigfidh mo sheircín gach lá is go bráth. As Léightheoir Chúchulainn.
NEAD NA GAEDHILGE MAINISTIR DHÚIN NA nGALL. eoin ó searcaigh do sgríobh. Is íomdha mainistir do chuir Ord Naoimh Proinsis ar bun sa tír so ó tháinic siad go h-Éirinnn ar dtús; acht do réir mo bharamhla ní raibh aon mhainistir den iomlán suidhte i n-áit níos deise nó níos fóirsteanaighe ioná mainistir Dhúin na nGall. Tír chomh- throm, réidhtighthe í siud ina bhfuil an mhainistir suidhte, agus ar a cúl tá árdáin agus cnocáin ghlasa fhéarmhara agá cosaint ar ghaoith mhóir agus ar dhoininn gheimhridh. Ar chúl na n-árdán mbeag agus na gcnocán n-íseal agus fa thuairim ar chúig mhíle talaimh ón mhainistir tá leath-fhainne de shléibhtibh árda ag tógáil a gcinn 'un na spéire. Is dóigh gur iomdha uair do bhí na bráithre i ndiaidh na bhfiadh fa na cnocaibh so. Bhí taobh na gcnoc cumh- daighthe sa tsean am le coilltibh móra ádhmaid agus is dóigh gur choinnigh an t-ádhmad so teine gheimhridh leis na bráithribh a bhí ina gcomhnuidhe sa mhainistir ag taoibh na trágha. Agus bhí an fhairge mhór ar amharc na mainis- treach gach lá dá n-éirigheadh grian. Á, b'áluinn an áit í don té do thug cúl ar an tsaoghal agus do gheall a shaoghal do chaitheamh go h-iomlán ar son a Slánuightheora! sgéal na mainistreach. Adeir Annála na gCeithre Maighis- tir, agus iad ag cur síos ar sheanchus na bliadhna 1474 d'aois ár dTighearna, gur chuir Aodh Ruadh, mac Néill Ghairbh Uí Dhomhnaill agus a bhean (.i. Fionn- ghuala, inghean Uí Bhriain, 'sé sin Con- chubhar na Sróna), an mhainistir so ar bun sa bhliadhain 1474 do bhráithribh Uird Naoimh Phroinsis. 'So an fáth ar cuireadh an mhainistir ar bun: Lá amháin chuaidh bean Aodha Ruaidh agus mórán de mhnáibh uaisle agus de mhaithibh Thír 'Chonaill i láthair na mbráthar ag mainistir do bhí aca i Ros Rialla. Dh'iarr Fionnghuala Ní Chonchubhair ar na bráithribh mainistir do chur ar bun i nDún na nGall; acht isé an freagra do fuair sí uatha nach gcuirfeadh san am i láthair, acht go gcuirfeadh siad cuid de na bráith- ribh chuici i n-am éighinteacht le mainis- tir do thógáil i dTír Chonaill. Ní rabh Fionnghuala sásta leis an ghealls- tan so agus dubhairt sí leo go dtáinic sí fhéin agus na mná uaisle do bhí léithe céad míle mar gheall ar an deagh-obair so agus gur dhána an t-éadan do bhí ortha í do dhiúltú. “Tabhairighidh aire,” ar sise, “ar eagla go dtuillfeadh sibh fearg agus díoghal- tas Dé, nó cuirfidh mise i láthair na Tríonóide Naomhtha an diúltú so agus fúigfidh mé mar ualach oraibh an méid anam do chaillfear i dTír Chonaill Ghulbain d'easbhuidh na mainistreach.” Sa deireadh d'aontuigh cuid de na bráithribh theacht léithe go Tír Chonaill; agus, ar ndóighe, is uirthi do bhí an luthgháir annsin. Thoisigh siad do chur suas na mainistreach ins an áit ina bhfuil an tsean roilic anois — fa thuairim ar dhá chéad coiscéim ó bhaile Dhúin na nGall. caisleán na nDálach. Críochnuigheadh agus rinneadh an mhainistir do choisreacadh sa bhliadhain 1474. Do phronn Aodh Ruadh mórán furradh toighe agus cultach Aifrinn ar na bráithribh agus do thug dóbhtha oiread talaimh is ba mhian leo. Acht fuair Fionnghuala Ní Chonchubhair bás sul ar críochnuigheadh an mhainistir. Tugadh an léighthóir dá aire gur sa roilic ag taoibh na mainistreach atá prionnsaidhe Thír' Chonaill curtha ó aimsir Aodha Ruaidh, mac Néill Ghairbh go h-am aodha Ruaidh, mac Aodha Duibh mhic Mhághnasa, &rl. .i. Ball Dearg. Ní rabh Caisleán na nDálach níos mó ioná trí chéad coiscéim ó'n mhainis- tir agus adeireadh na sean daoine go rabh bealach-faoi-thalaimh eatortha dá dtigeadh dainseár ar bith ar na bráithribh thiocfadh leo a theacht slán 'siocair go rabh siad comh comhgasach so de Chaisleán na nDálach. Agus níor leig an eagla do námaid ar bith a theacht ortha a fhad is bhí an Dálach ina chaisleán agus claidheamh dá iom- chur aige. micheal ó cléirigh. Chualaidh cách iomrádh ar an abhainn atá ina rioth síos ag taoibh na mainis- treach .i. Abhainn na h-Éisc. Tá bradáin comh líonmar innti le gain- eamh ar thráigh. Adeirtear go dtearn Aodh Ruadh charra, nó áit fa choinne bradán, do na bráithribh ar an abhainn so. Thiocfadh leo breith ar an méid bradán ba mhian leo ar an ádhbhar sin. Acht ní mar gheall ar an tír mhaisigh áluinn ud ina bhfuil an mhainistir suidhte atá cáil na mainistreach ar fud na h-Éireann indiu. Ní h-é, leoga, acht mar gheall ar shaothar Mhícheál Uí Cléirigh agus a thriúir comh- oibridhe. Chualaidh cách iomrádh ar an leabhar chéimeamhail ud, “Annala na gCeithre Maighistir.” Ba i mainistir Dhúin na nGall do stríobhadh é agus is dóigh go mbéidh meas ar an mhainis- tir mar gheall ar an leabhar so ag fearaibh Fáil go foircheann beathadh. aodh ruadh. Do mhair na bráithre go rásta séan- mhar sa mhainistir go dtí an bhliadhain 1592 nuair do ghlac dhá chéad Sasanach seilbh ar an mhainistir go dtearn comh- nuidhe ann ar feadh tamaill. Acht do chuir Aodh Ruadh Ó Domhnaill, an stócach ruadh, ruaig ar na Sasanaighibh so as an mhainistir nuair do tháinic sé 'un an bhaile go Tír Chonaill i ndiaidh a bheith ina phríosunach i gCaisleán Bhaile Átha Cliath. Phill na bráithre annsin 'un na mainistreach arais, acht ní rabh sé i ndán dóbhtha mórán suaimh- nis d'fhágháil. niall garbh. Naoi mbliadhna ina dhiaidh sin do ghlac Niall Garbh Ó Dómhnaill agus a lucht leanamhna seilbh ar an mhainistir. Thréig Niall Garbh a thír agus a dhaoine muinteardha agus do chuaidh ar thaoibh na Sasanach. Acht ní rabh sé i bfad sa mhainistir gur ghlac a chuid púdair teine, agus dóigheadh an mhainistir agus míle dá chuid fear. Do bhí dhá fhichid claigeann de na bráithribh sa mhainistir sul a dtáinic Niall Garbh, acht fuais siad scéala go rabh sé ag teacht agus cuaidh siad ar shiubhal ina luing. Níl fágtha den mhainistir indiu acht na ceithre ballaí. Acht níl duine dá dtéighe ann ar cuairt nach bhfoghluim- eóchaidh rud éighinteacht ann — nó is iomdha naomh agus easboc agus fear céimeamhail atá curtha sa tsean roilic, agus nach faoi fhascadh na mballaí liath so do scríobhadh príomh-ádhbhar sean- chus Éireann (.i. Annála na gCeithre Maighistir) a mhaireas ar theangaidh fear Éireann go deo.
NEAD NA GAEDHILGE EACHTRA MO SHEAN-ATHAIR. An Craoibhín Aoibhinn do sgríobh. Rugadh mo shean-athair ag bun Chnuic Neífin i gCondae Mhuigh Eó. Bhí sé bliadhain agus fiche d'aois nuair tháinig na Franncaigh go Cill-alla. Chuaidh sé 'na gcoinne, nuair chualaidh sé trácht orra. Is mar so do chualaidh sé ar dtús go raibh siad ann. Bhí sé 'na shuidhe cois na teineadh, san tráthnóna, nuair dorchuigheadh go h-obann an dorus. D'fhéach sé suas & chonnairc sé pei- dileir nó mangaire air a dtugadar an Cean- nuidhe dubh ag seasamh ans an dorus. “Go mbeannuighidh Dia dhuit,” arsa mo shean- athair. “Go mbeannuighidh an fear céadna dhuit-se,” ar san peidiléir. “Bhfuil aon sgeul nuadh agad?” ar sa mo shean-athair. “Tá sgeul nuadh agam, a Leithéid de sgeul agus nár sgaoileadh i n-Éirinn le dá chéad bliadhan, a leitheid de sgeul agus nach raibh ann ó d'imthigh Ó Néill & Ó Dómhnall as Éirinn. Tá sgeul agam a chuirfeas bainne ann sna buaibh' agus a bhéarfas uain do na caorchaibh, agus a chuirfeas tora ar na crannaibh, agus bláth ar an gcraoibh, agus duilleóga ar choill- tibh glasa na h-Éireann.!” “M'anam a Dhia,” ar sa mo shean-athair, ag feachaint suas air go géar, & iongantas air faoi an gcómhrádh árd-aigeantach sin, “M'anam a Dhia,” ar sé, “is dóígh gur mór an sgeul ar fad atá agad. Labhair amach é, a bhúachaill.” “Tháinig mé chomh luath & bhí in mo dá chois, ó bhord an chuain, agus ó imioll na fairrge. Chonnairc mé an loingeas agus é faoi sheól, chonnairc mé an cnofás bhán ar na seól-chrann- aibh i n-áirde, chonnairc mé beula na ngunna mór thar taoibh na long amach, chonnairc mé saighdiúraidh faoi ghorm agus faoi dhearg ar bórd na long sin, & chualaibh mé na dromanna d'á mbualadh agus an ceól-cogaidh ar siubhal aca, & bhí na báid beaga, mar bheith ealta éan, ag dul ó'n loingeas go dtí an tír, & ó'n tír go dtí na longa, agus gach bád aca líonta de lucht airm agus éadaigh. Ní'l teach ná tigh, both ná bothán, baile beag ná baile mór ar ghabh mé thrid ó'n maidin ané, nár chuir mé an sgeul breágh sin d'á fhuagradh ionnta. Preab i d' shuidhe má's fear atá ionat, & rith go Cill-alla agus bí leó, Caithfidh mise an tír mhúsgailt.” Leis sin do thionntaigh sé ó'n dorus agus d'imthigh ag rith suas an bóthar. D'fhan mo shean-athair ag féuchaint air, go raibh sé fad a radhairc uaidh. Ann sin dh'éirigh sé agus chuir sé a lámh suas ann san tsimiléir agus rug sé anuas as ceann píce fada, an ceann iarainn do'n phíce. Ghlan sé an suíchthe dhe & chuimil sé muinchille ashean-chóta bréidín leis, go raibh sé beagnach chomh geal le sgín. Ann sin d'eirigh sé agus chuaidh sé amach chum an chairn aoiligh, & thóg sé an bárr dhe le grápa, gur nochtuigh sé cleath mhór fada fuinnseóige, tim- chioll dá throigh déag ar fad, do bhí curtha síos aige faoi an aoileach. Do b' é sin crann a phíce. Rug sé leis go sruthán beag é gur ghlan sé go maith é, & tar eis faobhar níos fearr do chur ar an iarann le cloic, do shocruigh sé an ceann síos ar an ádhmad go daingion le cúpla tairrnge. Leis sin do shuidh sé síos & d'ith ceapaire mine, mar do bhí aca an uair sin, & d'ól sé cupán de bhainne gabhair. Chuir sé an chuid eile do'n cheapaire in a phóca, & buidéall beag de phoitín bán do bhí aige i n-éinfeacht leis. D'fháisg sé a hata ar a cheann, agus amach Leis go rachad sé do dtí na Franncaigh. Níor bhfada shiúbhail sé nó gur thuig sé go raibh rud éigin neamh-ghnáthach ar siúbhal. Do bhuail sé thar na sléibhtibh, óir bhí faitchíos air siúbhal ar na bóithribh, chomh fhad agus bhí píce in a lámh, acht chonnairc sé daoine ag teacht amach ar h-uile thigh agus ar h-uile bhothán 'na choinne, cuid aca faoi sgannrughach mór, agus cuid aca faoi lúthgháire, agus ghlaodh níos mó 'ná beirt ná triúr aca amach leis, “fan beagáinín beag & béidhmíd leat,” acht do bhí an oiread sin de dheifir air nár fhan sé leó. Sul táinig an trathnóna do bhí sé féin ag breith ar ógánaibh eile do bí ag deunamh ar Cill-alla mar é féin, agus arm ag h-uile dhuine aca. Bhí sean-ghunnaí ag cuid aca, acht bhí pící ag an gcuid is mó aca mar do bhí aige féin, agus an fear nach raibh píce 'ná gunna aige bhí speal nó grápa nó arm éigin eile in a láimh. Ar dtuitim na h-oidhche do chuir mo shean- athair faoi, i mbhothán beag i ngleanntán sléibhe, 'n áit ar shaoil sé go raibh sé chomh sábhálta agus dá mbeith' sé in a thigh féin, óir fuair sé céad míle fáilte ó fhear an tighe agus ó n-a mháthair, agus dúbhairt an fear Leis go mbeith sé féin ag imtheacht in a chuideachta le h-éirighe na gréine an lá ar n-a mhárach & go rachaidís go Cill-alla le chéile. Dá mbeith aon eolas ag mo shean-athair ar an taoibh sin de'n tír, do bheith fhios aige nach raibh aon teach eile i gConndaé Mhuigh Eó go h-iom- lán, ar mheasa dhó bheith ann, 'ná an teach sin. Ba spídeóir do bhí in san bhfear, & do chothuigh sé é féin agus a mháthair leis an airgead do gheibheadh sé ó bheith ag braith ar na daoinibh. Ní raibh aon fhear dá'r bhraith sé nach raibh a luach aige as, deic bpúnta ar chuid aca, agus suas go fiche púnt ar chuid eile aca. Ní raibh uaidh acht an Gaedheal d'fhághail agus píce in a láimh, ag dul go campa na bhFranncach; dá bhféadfadh sé é thabhairt ar láimh na Sacsanach b'fhiú air- gead dó é. Acht ní raibh fhios aige cia an chaoi d'fheudfadh sé a ghabhail ná a chur ar láimh na Sacsanach anois, mar bhí na Gaedhil níos láidre ná na Sacranaigh ar an uair sin, mar gheall ar na Franncaigh do bhéith 'na measg. Acht shaoil sé go ndeunfadh sé iarracht le príosúnach do dhéanamh de in san oidhche, mar do shaoil sé go bhfuighfeadh sé faill, b'éidir, le n-a thabhairt Leis go “barraic’ na Sacsanach am éigin eile. Nuair bhí a shuipéar ithte ag mo shean-athair agus beagán cómhráidh deunta aige leis an mbeirt eile, do shín sé siar cois na teineadh, agus mar bhí sé an-tuirseach, do thuit trom- chodladh air, & níor bhfada go raibh sé ag srann- fartuigh go h-árd. Dhúisigh sé in san meadhon-oidhche, óir shaoil sé gur airigh sé luchóga ag rith thar a éadan. Dh'iarr sé éirighe, acht níor fhéad sé. Bhí a dhá chois cean- gailte le cheile agus a dhá uillin ceangailte le cathaoir. Chraith sé é féin agus chuir sé liúgh as, do cloisfidhe míle uaidh ar gach taoibh. Ní luaithe rinne sé sin 'ná shaith fear an tighe goban asteach in a bhéul, agus d'fháisg sé na córdaidh air go docht agus go daingion gur ghearradar an fheóil. Nuair bhí mo shean-athair córuighthe aige i riocht nár fhéad sé cor do chur as, ná focal do rádh, acht é mar smotán crainn, do thóg an fear eile é agus do chaith sé asteach é faoi an tsean-leabaidh do bhí ar thaoibh an tighe Ann sin do mhúch sé an choinneal agus do luidh féin síos ar an leabaidh, agus níor bhfada gur chualaidh mo shean-athair é ag srannfartuigh go binn. Ní tháinig neull codalta ar mo shean-athair. Bhí sé beag nach múchta faoi an sean-leabuidh salach sin, agus bhí sé ceangailte chomh cruaidh teann sin go raibh sé ag fulaing go mór ó na córdaibh. Fá dheireadh do chualaidh sé coileach ag glaodhach, agus tamall beag tar éis sin chualaidh sé buille ar an dorus, agus nuair nár fosgladh go luath é chualaidh sé mórán buille d'á mbualadh air, andiaigh a chéile. D'éirigh an fear do bhí ar an leabaidh, & chuir sé mallacht as, acht d'fhosgail sé an dorus, & ba bheag nár léim a chroidhe amach ar bhéal mo shean-athair nuair d'aithin sé guth an duine do tháinig asteach. Do b'é an Ceannuidhe dubh é. Do chualaidh sé an Ceannuidhe ag suidhe síos agus ag tosughadh ar an sgeul céadna d'innis sé dhó féin an maidin roimhe sin, agus ní raibh acht aon fhaitchios amháin ar mo shean-athair — go n-imtheóchadh sé amach arís nuair a bhí a sgéul inniste aige. Bhí mo shean-athair ag déanamh a láindhíthchioll le corughadh nó le toran do dhéa- namh ag súil go n-aireóchad an ceannuidhe Dubh é, acht níor fhéad sé aon chor de chur as, bhí sé ceangailte chomh righin sin, cos & lámh. Níor fhéad sé aon ghlór do chur as mar bhí an gobán in a bhéal, acht thosaigh sé ag séideadh chomh h-árd agus d'fhéad sé tríd a dhá pholláire, agus péire maith do bhí aige! Leis an séideadh do bhí aige ag tarraing a anáil asteach 's amach tríd a shrón, is dóigh go gcualaidh an Cheannuidhe é, óir dubhairt sé leis an bhfear eile, “Cia 'n sórt beithídhigh é sin faoi 'n leabaidh agad?” “Sin é an rógaire madaidh atá ag srann- fartuigh,’, ar san fear eile. “M'anam o'n diabhal, nach aisteach an madadh é,” ar san Ceannuidhe; ag éirighe agus ag dul anonn chuig an leabaidh. Nuair chonnairc an fear eile é d'á dhéanamh sin bhí fhios aige go raibh sé i gcruadhchás agus rith sé amach ar an dorus,
agus a shean mháthair 'na dhiaigh & tharraing sé an comhla na dhiaigh & chuir sé ceangailt air, an taobh amuigh. Rith an Ceannuidhe chuig an dorus acht níor fhéad sé a fhosghailt. Chrom sé síos ann sin & dhearc sé fá'n leabaidh & fuair sé mo shean-athair fúithi, an gobán in a bheul & é ceangailte chomh cruaidh sin go raibh na córdaidh ag dul asteach in a fheóil. Thar- raing sé mo shean-athair amach & d'aithin sé ar an móimid é. Bhain sé an gobán & na córdaidh dhe, agus chuir sé 'na sheasamh é, acht thuit mo shean-athair arís 'na phleist ar an urlár, óir bhí an meabhar imthighthe as a ghéagaibh. Acht níor bhfada do dtháinig se chuige féin & ann sin thug sé congnamh do'n Cheannuidhe Dubh & níor bh'fhada go ndearnaidh siad smidirinidh de'n dorus, & ritheadar amách, acht ní raibh aon amharc le fágh- ail ar an rógaire spídeóra ná ar a mháthair. Ag sin mar thuit sé amach le mo shean-athair an chéad lá do thóg sé a píce in a láimh le dul ag troid i mbliadhain na bhFranncach. Mo leun! ní raibh san méad sin acht tús a thriob- lóide!
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services