Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Scéalta, Téarmaí Iománaíochta

Title
Scéalta, Téarmaí Iománaíochta
Author(s)
Údair éagsúla,
Composition Date
1913
Publisher
Na Caipisínigh

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


AN BHLIADHAIN ÚR.



Go mairidh lucht léighte an pháipéir
so an Nua-bhliadhain agus go bhfága
siad a gcuid dá subhailcibh.



Tá an tsean-bhliadhain imthighthe
uainn mar bhéadh séidéan gaoithe ann
agus tá a cuid sógha agus an-shógha
imthighthe léithe. Ná bíodh brón nó
cumha orainn ina diaidh: má chaith gach
duine againn í go maith tairbheach béidh
ár n-intinn sástá, acht má chaithmid í
go h-olc neamh-thairbheach tá bliadhain
eile ar láimh againn anois agus dhéan-
famuid ár ndícheall le n-a caitheamh
comh maith a's thig linn.



Is maith an rud corr-uair breath-
nughadh uainn ar an aimsir atá thart.
Acht is léar do gach aon cibé atá
thart go bhfuil a shaoghal caithte. Is í
an aimsear atá le theacht is cóir
dúinn breathnughadh air anois. An
mbéidh teanga na h-Éireann arís i
n-árd réim mar bhí sí nuair a bhí Éire
i n-a h-oileán Naomh agus Ollamh?
An mbéidh Éire saor ó dheamhan an
ólacháin a choidhche arís agus a mbéidh
a clann go bráthach arísi na bhfearaibh
cródha calma? An mbéidh Teach Feise
Gaedhealach ina shuidhe go bráthach arís
i n-Áth Cliath nó an mbéidh Fódla saor
ó dhaorsaibh Gall agus ó dhaorbhruid a
námhad mar bhí sí san am a rabh Brian
Mór i bhflaitheas Éireann? Caithfear
na ceisteanna sin a fágáil ag na
glúnaibh a thiocfas inar ndiaidh le
fuascladh, acht thig linne a bheith ag
réidhtiughadh an bhealaigh agus a bheith
ag cur cúpla carraic chloiche as an
bhealach dó'n mhuintir atá le theacht i
n-ár ndiaidh.



Caidé mar chuaidh cúis na h-Éireann
ar aghaidh ó bhí an t-am so anuraidh
ann? Saoilim go dteachaidh go maith.
Tá teanga na h-Éireann dá teagasc
ins níos mó scoltach anois 'ná mar bhí
sí tá dhá mhí dhéag ó shoin. Agus mura
bhfuil mé meallta go mór chuaidh an
t-ólachán go mór ar gcúl ó bhí an
Nodlaic so chuaidh thart ann. Buaidh-
eachas dón Rígh tá an lá ag teacht
gan mhoill agus atchífear Fódla glan
saor ó dheamhan dubh an ólacháin!



Rinneadh mórán oibre i n-aghaidh an
ólacháin thall a's abhfus thríd na tíre
ar feadh na bliadhna. Is beag cearn
d'Éirinn nach dteachaidh sagairt d'órd
Naomh Proinseis agus ar lábhair siad
leis na daoinibh fá stad den ól. Is
iomdha guidhe a chuaidh suas i láthair Dé
ar feadh na bliadhna ag iarraidh Air
cuidiughadh linn ins an chúis naomhtha
so atá eadar lámhaibh againn. Ní
throidfear an cath so i n-am ghoirid
agus ní bhuaidhfimid é lá amháin nó i
mbliadhain amháin, acht is maith an rud
go bhfuilmid ag gabháil ar aghaidh go
mall fhéin agus ag cur an námhad
faoi ghoin claidhimh sa deireadh.



Is ádhbhar bróid agus luthgháire do
pháistibh na h-Éireann go bhfuil Ceann-
urraidh na h-Eaglaise thall sa Róimh
ag smaointiughadh ortha gach lá agus
ag cur a bheannachta anall chuca ó
bhliadhain go bliadhain. Scríobh sé le
n-a láimh fhéin leitir dheas anall chuca
i Mí na Bealtaine s' chuaidh thart
agus d'iarr ortha a bheith ag guidhe
chuig Dia gach lá le n-A thoil a nochtadh
i dtaoibh an óig-pháiste naomhtha udaidh,
Neillí Bheag Ní Órgáin.



Buaidhmid mórán agus chuaidhmid
ar aghaidh go maith ar feadh na bliadhna.
Acht is fada an lá go rabh an cath
thart agus go rabh an bhuaidh linn. Is
iomhdha páiste bocht i n-Éirinn go fóil
atá gan bróg gan stoca agus atá
gan greim a bhéil 'siocair an óil.
Ní'l athair nó máthair aige le dearcadh
fa dtaoibh dó. Is iomdha máthair
teaghlaigh atá ar dhroch dhóigh agus a
fear i dtoigh an óil ag caitheamh an
airgid ar chóir do'n mhnaoi a fhágháil
leithe fhéin agus le n-a páistibh a
chothughadh.



Go rabh an t-ól díbrighthe as Éirinn
ní bhéidh rath no rathamhnas sa tír
go brathach. Ba cheart dúinne ár
ndícheall a dhéanamh le n-a dhíbeirt
as críochaibh Fáil agus le sógh agus
pléisiúr agus le solus na gréine a
thabhairt do gach toigh i n-Éirinn.
Sin ar sáith oibre dúinn ar feadh
na bliadhna so, agus má ghnímid é
go h-ionnraice béimid sásta ar
theacht dó'n bhliadhain úir chugainn
ath-bhliadhain. Tá sean-fhocal ann
adeir gurbh' fhearr sompla maith
'ná aitheantha. Má 'tchí óltóir tusa
nó mise agus gan sinn ag ól tiocfaidh
atharrughadh air-sean. Isé deagh-
shompla ceann de na rudaibh is fearr
agus is tréine dá bhfuil againn fa
choinne cur i n-aghaidh an óil. Ba
cheart dúinne é a chleachtadh, agus má
chleachtuigheann, béimid ag déanamh
oibre a rachas 'un tairbhe dhúinn lá
is fuide anonn.



Eoin Ó Searcaigh.


L. 27


TEANGA NA H-ÉIREANN.



CÓMHAIRLE
AODHA RUAIDH UÍ DHÓMHNAILL.



A mhaithe agus a mhór-uaisle Gaodhal,
— Tá éistithe agam go cruinn le n-a
bhfuil ráidhte ar son síothchána. Is mór
m'uraim do'n mhuintir a labhair, agus
déanfad an méid seo dánaidheachta
ortha. Déarfad leó, agus is fíor é,
ná fuil aon duine acu is mó dúil i
síothcháin 'ná mise. Táim ar aon
fhocal agus ar aon aigne le gach
duine d'ár labhair, chómh fada agus a
théidhean olc an chogaidh agus tairbhe
na síothchána. Ach tá síothcháin agus
síothcháin ann. Tá dúil i sioth-
cháin agam, ach ní maith liom síothcháin
bhréagach. Deirim, agus is deimhin
liom é, ná coimeádfaid ár namhaid
an tsíothcháin seo ach an fhaid is maith
leó féin í choimeád. Tá Cúig' Uladh
againn le fághail gan cur isteach go
deo orainn inte, ach amháin a bhfuil ó
Dhún Dealgain go Bóinn. Tá gach
nídh le fághail ar a dtoil féin ag na
Laighneachaibh a ghaibh páirt linn sa
chogadh so. Tá a gcúige féin le
fághail ag Conachtaibh, gan suim ar
bith i n-a bhfuil d'fhuil Ghallda doir-
tithe sa chúige sin le fiche bliaghain.
Tá gach aon rud le fághail againn go
léir ar ár dtoil féin!



Nach breagh bog a thagan caint chun
ár namhad! Nach breagh bog réidh a
dhéinid siad síothcháin! Nach lean-
baidhe an chuma so 'na sgaoilid siad
uatha, mar 'dh eadh, na machairí áluinne
Chúig' Uladh agus Chúige Conacht n-a
bhfuil dúil a gcroídhe greamuighthe
ionta le fada d'aimsir! Feuch! do
thabharfaidís na súile amach as a
gceannaibh, do thabharfaidís a bhfuil ó
chroicean amach acu ar an saoghal so,
agus ba cuma leó cad a dheanfadh an
saoghal eile, ach go bhféadfaidís seilbh
an dá chúige sin d'fhághail agus do
choimeád, agus sinne do mharbhughadh
nó dhíbirt. Siné an rud atá 'n-a
gcroídhe istigh acu. Ní'l sa tsíothcháin
seo ach púicín. Ní'l uath ach aimsir
a dh'fhághail chun go bhféadfaidís gra-
thain do shloigisg catharach Lúnduin
do thabhairt leó anall agus do sgaoil-
eadh sa bhraiceal orainn i lár na síoth-
chána. Tá dúil sa tsíothcháin agam,
ach ní h-é sin an saghas síothchána a
thaithnean liom. B'fhearr liom an
cogadh ba ghéire 'ná síothcháin de'n
tsórd san. Ní dóich liom go bhfuil
aon fhear anso do ghlacfadh síothcháin
de'n tsórd san.



“Ach,” a déarfaidh duine, “b'fhéidir
go ndéanfaidís an tsíothcháin do
choimeád. B'fhéidir go bhfuilid siad
chómh cortha de'n chógadh agus atá-
imíd-ne.



Éistigh liom. An cuimhin le
h-aoinne atá suas aon ócáid riamh
ar ar dhéin an aicme sin síothcháin
gan feall a dhéanamh 'n-a dhiaigh san
agus briseadh tré n-a ngeallamhna
chómh luath agus fuaradar iad féin
láidir a ndóithin chuige? An féidir
a mheas go ndéanfaidh siad anois
ceart nár dheineadar riamh fós?
Tar éis a bhfuil d'aithne curtha againn
ortha le n-ár gcuimhne agus le cuimhne
ár sínsear an ceart dúinn codladh
ar an gcluais sin?



Má déintear an tsíothcháin seo cad
a thiocfaidh as dúinn? Sgaipfear ár
gcongnamh. Má sgaiptear iad ní
cruinneóchar airís iad. Déanfaid ár
namhaid miosgais eadrainn mar dhéin-
eadar riamh. Nuair a bhéimíd silte,
sgaipithe, dísgeóchar sinn i ndiaigh
'chéile. Ansan má deirimíd le n-ár
namhaid, “Ó, faire go deó! Táthaoí
ag briseadh na geallamhna a dhéin-
eabhair!” déarfaid siad linn, ag cur
dranagháire astá, “An amhlaidh a
mheasabhair go rabhamair dáiríribh?”



Ní h-é sin an ceann is measa de'n
sgéal, d'á olcas é. Tá nídh eile ar
aigne ag ár namhaid i dtaobh na síoth-
chána so. Is bíodhba báis Sasana ag
rígh na Spáinne. Tá sgannradh ar
Shasana roimh chómhacht na Spáinne.
Is í an Spáinn tír ár sínsear-ne. Tá
cómhacht na Spáinne ag cabhrughadh
linn anois. Mura mbéadh eagla na
cómachta san ní baoghal go mbéadh
aon trácht anso indiú ar an síothcháin
seo. Má déintear an tsíothcháin seo
sin cúl tabhartha againne le cómhacht
na Spáinne — le n-ár gcaraid féin —
agus páirt tógtha againn láithreach le
namhaid ár gcarad. Sin feall
gránda déanta againn ar rígh na
Spáinne, ar ár gcara dílis féin.
Siné ár gcara iompuighthe i n-ár
gcoinnibh go deó. Ansan iseadh bhéidh
aigne shásta ag muintir Shasana.
Ansan iseadh bhéimíd ar a dtoil acu.
Is beag an tairbhe dúinne an uair sin
bheith ag fógairt na síothchána ortha
agus ag tabhairt a ngeallamhna chun
a gcuimhne.



Ní h-eadh, a cháirde agus a uaisle
Gaodhal, a shliocht Chonaill agus
Eoghain, a chlanna Míleadh Easpáinne!
Ach cuirimís le chéile, cruinníghmís ár
neart, dlúthuighmís ár gcaradas,
sgaraimís le n-ár seana mhiosgais
féin, coimeádaimís ár n-aigne uathá,
tugaimís a ndlígh féin dóibh. Baili-
mís ár slóighte. Ruithimís fútha go
hoban nuair is lúgha a bhéidh coinne
acu linn. Tugaimís aon ghlan-sguabadh
amháin ortha a' talamh na n-Éireann
amach, idir chorp ceart! Ansan
iseadh bhéidh an tsíothcháin againn!


L. 47


AR MACHAIRE AN BHÁIRE.



The following valuable list of Hurling terms, etc., has been compiled by one of the young
hurlers in the Franciscan Capuchin College, Rochestown, Co. Cork, where Irish and Irish
only is the language of the hurling field. Another interesting instalment will appear next month.



1. Camánaí, m., nú Iománaí, m., a hurler.



2. Báire, m., .i. Cluiche an chamánaí, the game.



3. Báire, m., .i. Trí puínte, .i. a goal.



4. Camán, m., a hurley.



5. Camán fuínseóige, an ash hurley; Camán
sgeiche gile, a whitethorn hurley.



6. Bas an chamáin, the head of the hurley.



7. Cos an chamáin, the handle of the hurley.



8. Tá cos cham ar do chamán, the head of
your hurley is crooked.



9. Tá bas cham ar do chamán, the handle of
your hurley is crooked.



10. Tugadh ana thógaint do bhas an chamáin sin,
that hurley was well seasoned.



11. Bogha, m., nú cúl, m., space between the
goal posts.



12. Láithreán bhéil an bhoga, the parallelogram.



13. Treasán, m., cross beam.



14. Maide seasaimh, an dá mhaide seasaimh, the
goal posts.



15. Scór, m., .i. Báire nú puínt, a score.



16. Liathróid,f., ball.



17. Báire, m., a goal (scored).



18. Puínte, m., a point (scored).



19. Machaire an bháire, nú páirc an bháire, the
hurling field.



20. Poc, m, the blow given to the ball.



21. Poc i n-áirde, high puck.



22. Poc ar talamh nú ar an dtalamh, ground
puck.



23. Poc ó chúl nú poc ó bhogha, puck-out.



24. Poc isteach ó cliathán na páirce, side-line
puck.



25. Poc isteach ó líne cliatháin na páirce,
side-line puck.



26. Poc an deich slat agus trí fichid, 70 yds.
puck.



27. Poc an deich slat agus dachad, 50 yds. puck.



28. Poc saor nú Poc aonair, free puck.



29. Éagcóir, f., foul.



30. Calaoís,f., deceit. deception.



31. Tralans (?), scrimmage.



32. Breitheamh nú fear cirt a dhéanamh, referee.



33. Ceann nú captaoin, captain.



34. Fuirean, f,, Buidhean,f., muintir, f., taobh,
m., sluagh, m., cuallacht, f., team.



35. Stríoc a slat a's fiche ó bhogha, 21 yds.
mark.



36. Slat a's fiche ó bhogha, 21 yds. from goal.



37. Fead, m., whistle.



38. Feadaire, m., whistler. referee.



39. An Líontán, nú líontán an bhogha, the
goal net.



NA FIR AR MACHAIRE AN BHÁIRE.



1. An cúl-báire, nú fear-chúil, nú Fear an
bhogha, goal-minder.



2. Fear cosanta an chúil-báire, nú fear
cosanta fhir an bhogha, nú Fear cosanta
bhéil an bhogha, the full back.



3. Fear cosanta bhéil an bhogha ar dheis a
láimhe deise, the back on the right wing.



4. Fear cosanta bhéil an bhogha ar dheis a
láimhe chlé, the back on the left wing.



5. Fir láir na páirce, the mid-field players.



6. An fear ar bhéil an bhogha ag cur isteach,
the full forward or centre forward.



7. An fear ag cur isteach ar dheis a láimhe
deise, the right wing scorer.



8. An fear ag cur isteach ar dheis a láimhe chlé,
the left wing scorer.



9. Na fir ag díriughadh chun na bhfear (atá) ag
cur isteach, the forward division of the
mid-field players.



AN BÁIRE.



1. Báire comórtais, a challenge match.



2. Báire trí n-a chéile, a picked match.



GLAODHACH AN CHÉAD FHIR.



1. TADHG — Cuirim ort, I'll toss with you.



2. SEÁN — Leogaim leat, nú ní leogaim
leat, I consent, or I don't.



3. TADHG — An nglacfair cuir-ort uaim,
a Sheáin?



4. SEÁN — Glacfad a's fáilte, nú ní ghlac-
fad. Faigh duine éigin eile.



Má ghlacann Seán cuir-air ó Thadhg, seo mar
dheinid: — Beireann Tadhg ar a chamán i ndorn
a láimhe deise, cos an chamáin suas agus bas
an chamáin síos. Caitheann sé chun Seáin é ar
an gcor san. Beireann Seán ar an gcamán,
le na dhorn deas, san aer. Ansan cuireann
Tadhg a dhorn os cion duirn Sheáin & má bhíon
slighe ag dorn Thaidhgh 'dir dhorn Sheáin agus
ceann coise an chamáin, bíon glaodhach an chéad
fhir ag Tadhg. Mara mbíon slighe an duirn
ann bíon glaodhach an chéad fhir ag Seán.



Cuma eile chun a dhéanta: — Beireann Tadhg
ar a chamán agus caitheann sé 'san aer é.
Chómh luath a's chaitheann Tadhg a chamán
deireann Seán “Deas chun bheith suas,” nú
“Deas chun bheith síos,” fé mar is maith leis
féin. Caithfidh sé é do rádh sar a dtuitfidh
an camán ar an dtalamh. Má deir sé an
ceann ceart; cuir i gcás gur “deas chun
bheith suas” a deir sé & go mbíon deas an
chamáin suas, sé sin le rádh ina thuiteann an
camán 'na chorrán tuathail ar an dtalamh,
beireann sé glaodhach an chéad fhir. Má bhíon
deas an chamáin síos beireann Tadhg glaodhach
an chéad fhir.



Is gnáth so a dhéanamh i gcóir rogha an dá
bhogha, & breith ar an gcamán san aer féachaint
cé bhéarfadh glaodhach an chéad fhir.



GLAODHACH NA BHFEAR.



1. An mbéidh báire indiu againn?



2. Béidh, nú ní bhéidh.



3. Cad é an saghas báire bhéidh againn indiu?



4. Ó, báire maith, le congnamh Dé.



5. Ach, airiú! ní h-é sin atá uaim, ach an
báire comórtais, nú báire trí na chéile
bhéidh againn?



6. Báire comórtais, gan amhras.



7. Ní h-eadh, ach báire trí na chéile.



8. Seo, seo, cioca bhéidh againn?



9. An báire comórtais a bhéidh againn?



10. Ní h-eadh.



11. Cad eile?



12. Cad eile bheadh againn, airiú! ach báire
trí n-a chéile?



13. Seadh, má'seadh, an nglacfair cuir ort
uaim?



14. Ní ghlacfad, b'fheárr liom duine eigin
eile 'á dhéanamh.



15. An nglacfair-sé cuir-ort uaim, a Sheáin?



16. Glacfad is fáilte, a Thaidhg.



17. Seo, beir ar seo má'seadh.



18. Seadh! tá glaodhach an chéad fhir agam-sa,
a Thaidhg.



19. TADHG — Tá, glaoidh é.



20. SEÁN — Tar i leith chúgham, a Eoghain.



21. TADHG — Tar-sa chúgham-sa, a Dhonchadh.



22. SEÁN — Agus tusa chúgham-sa, a Mhichíl, &rl.



23. MÍCHEÁL — Seo chúghat mé, a Sheáin, a mhic ó!



24. Bí sé ar mo thaobh-sa, a Dhómhnail.



25. SEÁN — Agus tusa n-a choinnibh ar mo
thaobh-sa, a Pheaidí.



26. Bead; ná bíodh eagla ort ná go mbead.



27. Brostuigh ort.



28. Corruigh ort.



29. Ná bí ag cailleamhaint an lae ag féach-
aint tímcheal ort



30. Ní gádh an bhroid go léir.



31. Tá aimsir ár ndóthain againn.



32. Is dóigh liom go bhfuilid go léir glaoidhte
anois againn.



33. Fan go bhfeicfead.



34. Ó! is dócha go bhfuilid go léir glaoidhte.



35. TADHG — Seadh! cioca bogha bheidh agat?



36. SEÁN — Caith an camán agus béidh fhios
againn.



37. TADHG — Tabharfad do rogha bogha dhuit-se,
mar tá fhíos agam go mbeimíd ró
láidir dhíbh.



38. SEÁN — B'fhéidir go mbéidh sibh ró láidir
dhúinn ach ní bhéidh sibh ró mhaith dhúinn.



39. Ní bhéidh sibh ró ghlic dhúinn.



40. Ní bhéidh sibh ró mhear dhúinn



41. Ó! beam ró mhaith ar fad dhíbh



42. Beam fiain ró mhaith dhíbh.



43. Buadhfam orraibh.



44. Fan leat go fóil agus béidh fhios agat.



45. Fan leat agus mol do thaobh taréis an
bháire má thuillfid siad uait é.



46. Caith an camán agus má bhuadhfad nú bhéar-
fad sa ghlaodhach béidh mo rogha bogha
agam; mara mbéarfad fágfad fút-sa
do rogha bogha do thógaint.



47. TADHG — Seo, má seadh; caithfead an camán
& glaoidh-se.



48. SEÁN — Deas chun bheith suas.



49. TADHG — Deas chun bheith síos.



50. SEÁN — Dheinis an corrán tuathal de.



51. TADHG — Dheineas, am briathar, agus fágan
san rogha an dá bhogha agat-sa.



52. Seadh! cioca bogha a thógfair?



53. Tógfad bogha an chlaidhe.



54. Tógfad an bogha thíos.



55. Tógfad an bogha thuas.



56. Tógfad an bogha thoir, thiar, &rl.



57. Ach beir ag imirt i gcoinnibh an chnuic.



58. Bead, ach bhéidh an ghaoith lem' chúl agam.



59. Cá bhfuil an liathróid?



60. Tá sí anso agam.



61. Cad é an saghas liathróide í?



62. Liathróid dheas, chruaidh éadhtrom de righin-
chroicean capail.



63. Cár deineadh í?



64. Ni fheadar, agus is cuma liom.



65. Ní fheadar sé cár deineadh í, ach tá fhios
aige go bhfuil sí go maith.



66. Níl aon bhaoghal ná go bhfuil sí go maith.



67. Is fearr dhúinn tosnugha agus gan bheith
anso nár seasamh a thuille.



68. Is fearr go deimhin, tá ár ndóthain de'n
lá caithte againn ag cur 'sa' cúiteamh
anso.



69. Seo chun a chéile sinn



70. Seo chúige sinn i n-ainm Dé.



71. Caith chúghainn an liathróid.



(Ní Chríoch).


L. 65


AR MACHAIRE AN BHÁIRE.



(Ar leanamhaint).



An Captaoin ag comhairliughadh na
bhfear.



1. Ní'l aon rud is mó thugan buadh do bhuidhin
ná an fear ceart a bheith san áit cheart
i gcómhnuidhe.



2. Fanadh gach aon fhear 'n-áit féin agus
imiridh go cródha a' láimh a chéile.



3. Cuireadh gach éinne an liathróid chun duine
dá bhuidhin féin.



4. Ná cuireadh éinne an liathróid chun duine
dár naimhdibh.



5. Faireadh gach éinne a fhear féin.



6. Ná bíodh aon eagla orraibh roimhe éinne.



7. Buailidh an liathróid go tapaidh agus ná
bídh ag cailleamhaint aimsire léi.



8. Buailidh an liathróid d'urchar ar eagla go
mbainfí dhíbh í.



9. Buailidh an liathróid chomh luath a's gheobhaidh
sibh í & ná bíodh aon chlis agaibh léi.



10. Seachanaigh & na gortuighidh éinne leis na
camánaibh.



An Captaoin ag socrughadh na bhfear
& 'á gcur 'na n-ionad ar an pháirc.



1. Cia bheidh sa bhogha againn?



2. Beidh Seán sa bhogha againn, ó 'sé is cruinne.



3. Ar do bhás, a Sheáin, ná leog an liathróid
thart isteach.



4. Geallaim-se dhuit na leogfad.



5. Beir-se ag cosaint bhéil an bhogha, a
Thomáis, & beidh ort an liathróid a
bhualadh amach ó chúl, mar is agat atá
an poc is sia.



6. Ta fhios agam, a Thomáis, nach misde bheith
ag brath ort.



7. Déanfad mo dhícheal; na bíodh aon eagla
ort ná go ndéanfad.



8. Beir-se ag cosaint bhéil an bhogha ar dheis
do láimhe deise.



9. Agus tusa 'á chosaint ar dheis do láimhe chlé.



10. Imthigh-se leat suas go béal an bhogha ag
cur isteach dúinn, agus feiceam anois
ná caillfir orrainn.



11. Beir-se ag cur isteach ar dheis do láimhe chlé.



12. Agus tusa ag cur isteacar deis do
láimhe deise.



13. Béidh an chuid eile agaibh i lár na páirce.



14. Béidh sibh-se araon ar chliathán deas na
páirce.



15. Agus sibh-se ar an gcliathán gclé.



16. Fear an reatha i gcómhnuidhe amuigh ar
chliathan na páirce, mara mbeidh comh-
throm reatha aige.



17. Cá mbeir-se ag imirt?



18. Bead ag cosaint bhéil an bhogha.



19. Cá mbeir-se ag imirt?



20. Bead ar bhéal an bhogha ag cur isteach.



21. Agus cá mbeir-se ag imirt?



22. Bead ag cur isteach ar dheis mo láimhe
deise.



23. Agus tusa, cá mbeir ag imirt?



24. Bead ag díriughadh chun na bhfear a bheidh
ag cur isteach.



An Báire agus Caint na bhfear
le linn imeartha an Bháiré.



1. Seo, tá sé i n-am tosnuighthe.



2. Tosnuighmís má'seadh, i n-ainim Dé.



3. Tagaidh le chéile anso i lár na páirce go
gcaithfead an liathróid isteach eadraibh.



4. Téigheadh an cúl-báire & cuallacht cosanta
siar ar gach taobh.



5. Brostuighidh orraibh agus ná bídh ag
cailleamhaint na h-aimsire.



6. An bhfuileann sibh ullamh?



7. Táimíd, airiú, caith chúghainn an liathróid.



8. Tá an lá ag dul i ndéidheanaí.



9. Tá, ach tá ar ndóthain de'n lá fós againn.



10. Béid leath-uair an chluig ag gach taobh
i ngach bogha.



11. Béidh gach taobh ag imirt leath uair an
chluig ó gach bogha.



12. Seo, ní ghádh dhíbh a thuille cainte a dhéanamh.



13. Seo chúgháibh an liathróid & tosnuigheadh an
imirt.



14. Maith an fear.



15. Is maith an buachail thú, a Thaidhg, &rl.



16. Níor chaillis riamh é!



17. Mo sheasamh ort! Ní mhisde bheith ag brath
ort.



18. Buail an liathróid.



19. Buail arís í, a dhuine.



20. Fair an fear san.



21. Ná bac an fear ach fair an liathróid.



22. Brostuigh ort!



23. Brostuigh ort, nú buadhfar ort.



24. Corruigh ort!



25. Rith, a Thaidhg; rith, a dhuine!



26. Rith ar do dhícheal.



27. Buail anois í.



28. Buail anso anuas chúgham-sa í.



29. Buail anso aníos chúgham-sa í, ó tá an
chaoitheamhalacht agam.



30. Cas anso isteach chúgham-sa í.



31. Seo dhuit í.



32. Seo chúghat í.



33. Buail í.



34. Buail gan mhoill í.



35. Táthar chúghat!



36. Chúghat an púca!



37. Leog thart chúgham-sa í, agus tar-sa roimis
an bhfear.



38. Tar-sa roimis an bhfear agus fág fúm-sa
an liathróid,



39. Táthar chúghat a dhuine, buail í!



40. Seo, Buail-se isteach í.



41. Is maith an buachaill!



42. Dheinis go mhaith é.



43. An bhfuarais aon scór?



44. Fuaras



45. Cad a fuarais?



46. Fuaras Báire.



47. Sin báire.



48. Is báire é sin.



49. Sin é an chéad bháire



50. Ní bhainfeadh an deamhan an bheárna de
Thadhg, &rl.



51. Ní bhainfeadh an deamhan an bheárna dhe.



52. Ní bhuadhfadh aon rud air.



53. Ní bhuadhfadh an saoghal air.



54. Chuirfeadh sé an liathróid trí pholl
tráthair.



55. Gaiscidheach fir iseadh é.



56. Is cuma nú tarbh é.



57. Ní stopfadh an t-aonach é.



58. Níl fear ar an bpáirc a bhainfeadh an
liathróid de.



59. Ní bhainfeadh aon fhear ar an bpáirc an
liathróid dhe.



60. Ní bhainfeadh ná aon triúr aca dhe í.



61. Ana-fhear iseadh é; ana-fhear.



62. Togha fir iseadh é; togha fir! Togha fear
iseadh iad.



63. Fair (fairidh) an poc (amach) ó chúl.



64. Fair an liathróid.



65. Fair í.



66. Fair go maith í.



67. Stop í.



68. Stop led' chois í.



69. Stop led' chamáin í.



70. Cuir do chamán roímpi.



71. Cuir do chos roímpi.



72. Stop led' láimh í.



73. Buail í.



74. Buail go maith í.



75. Buail go tréan í.



76. Buail le fuinneamh í.



77. Buail go mear í.



78. Buail go tapaigh í.



79. Buail d'urchar í.



80. Tóg ar do chamán í.



81. Buail de d' chamán í.



82. Beir i d' láimh uirthi.



83. Tabhair poc i n-áirde dhi.



84. Tabhair poc ar an dtalamh dhi.



85. Buail poc i n-áirde uirthi.



86. Buail poc ar an dtalamh uirthi.



87. Buail de dhruim do chinn í.



88. Buail de dhruim do leath-ghualann í.



89. Buail deas agus clé í.



90. Buail í ded' dheis agus ded' chlí.



91. Tabhair poc maith dhi.



92. Tabhair do sheana-phoc féin dhi.



93. Go neartuighidh Dia leat!



94. Go neartuighidh Dia led' bhuile!



95. Ná bí ag stop na liathróide.



96. Ná bí á' stop. Cuir uait na clis agus
buail an liathróid.



97. Buail í agus na bí á' stop.



98. Buail í agus í ag rith,



99. Ní ghádh dhuit í stop ach í do bhualadh agus
í ag rith.



100. Ná bí á' stop do'n taobh eile.



101. Buail an liathróid agus í ag gabháil thart
san aér.



102. Droch-bhéas iseadh bheith ag stop na liath-
róide.



103. Ná bí ag stop na liathróide, a dhuine, ach
buail uait chun duine éigint eile í.



104. Dheinis go maith é.



105. Bhuailis ana-phoc uirthi.



106. An bhfuarais báire?



107. Ní bhfuaras.



108. An bhfuarais aon rud i n-aon chor (aon
scór i n-aon chor)?



109. Fuaras.



110. An bhfuarais an puínt? Fuaras.



111. An báire fuarais? Ní h-eadh.



112. An puínt a fuarais? 'Seadh.



113. Mo cheól thú!



114. Conus táimíd-ne ag imirt?



115. Táimíd-ne ag imirt le fánaidh an chnuic
& an mhuíntir eile i gcoinnibh an chnuic.



116. Táimíd-ne ag imirt amach ó bhogha an
chlaidhe.



117. Táimíd-ne i mbogha an chlaidhe agus an
taobh eile ag cur isteach i mbogha an
chlaidhe.



118. Táimíd-ne ag imirt mar seo, agus an
ghaoth le nar gcúl & an mhuintir eile
i gcoinnibh na gaoithe.



119. Sinn-ne agus an ghaoth 'nár n-aghaidh & an
fhuirean eile agus an ghaoth le 'na gcúl.



120. Conus ghabhan an imirt?



(Ní Chríoch).


L. 84


AR MHACHAIRE AN BHÁIRE.



(ar leanamhaint).



An Báire agus Caint na bhfear
le linn imeartha an Bháire.



123. Tá báire againn-ne & níl pioc ag an
dtaobh eile.



124. Báire againn-ne agus puínte ag an
dtaobh eile.



125. Tá trí bháire ag ar dtaobh-na & dhá bháire
ag an dtaobh eile



126. Tá báire agus puínte ag ar mbuidhin-na
agus chúig phuínt ag an mbuidhin eile.



127. Conus tá an imirt ag gabháil?



128. Táimíd-ne ag buadhachtaint ortha.



129. Táthar ag buadhachtaint orrainn-ne.



130. Tá puínte againn sa mbreis ortha.



131. Tá báire againn sa mbreis ortha.



132. Tá ceithre phuínte sa mbreis againn ortha.



133. Ach cad é an brigh an méid sin?



134. Ní h-aon bhrigh an méid sin.



135. Ní fiú biorán a's an méid sin.



136. Níl puinn san mbreis agaibh ortha.



137. Buadhfam ortha.



138. Tá buaidhte cheana againn ortha.



139. Tá buaidhte cheana féin againn ortha.



140. Tá buaidhte glan againn ortha.



141. Tá buaidhte glan amach ar fad againn
ortha.



142. Táimíd ró-mhaith dhóibh.



143. Táimíd ró-mhaith ar fad dóibh.



144. Táimíd fiain ró-mhaith dhóibh.



145. Níl aon bhreith aca orrainn.



146. Fair an fear san agus buadhfam ortha.



147. Fair go maith é.



148. Fair ar do dhícheal e.



149. Rith 'na dhiaidh!



150. Rith ar do dhícheal n-a dhiaidh.



151. Rith isteach air.



152. Lean é.



153. Bain an liathróid de.



154. Bain de an liathróid.



155. Bain de í.



156. Leag é.



157. Leag led' leath-ghualainn é.



158. Buail an liathróid agus ná bac an fear
san.



159. Ná dein éagcóir air.



160. Ná bí ag déanamh éagcóra.



161. Ná buail led' chamán é.



162. Ná gortuigh é.



163. Na basc é.



164. Ná leag é.



165. Ná tabhair cor-coise dhó.



166. Ná leag led' chamán é.



167. Ná bí ag cur do choise roimis.



168. Ná cuir do chamán idir a chosaibh.



169. Tóg réidh é.



170. Tóg ana-réidh é.



171. Tóg bog é.



172. Tóg ana-bhog é.



173. Cad a thógfad bog?



174. An saoghal & an báire.



175. Tóg bog an báire agus is feárr imir-
theóchair.



176. Taoí 'á thógaint ró bhog.



177. Taoí 'á thogaint ró bhog ar fad.



178. Tánn tú 'á thógaint ró shaoráideach.



179. Cad 'na thaobh ná faireann tú an fear
san?



180. An bhfuilir maith do dhóthain dhó?



181. An bhfuil sé ró mhait dhuit?



182. An bhfuil sé ró láidir dhuit?



183. An bhfuil sé ró mhór dhuit?



184. An bhfuil sé ró mhear dhuit?



185. An bhfuil sé ró aicillí dhuit?



186. Níl sé ró mhaith dhom, &rl.



187. Fair é, má'seadh.



188. Ná leog dó bheith ag bualadh na liathróide
ar a chaoitheamhalacht.



189. Ná leog dó bheith á' bualadh ar a shuaimh-
neas.



190. Ní fhéadfainn é d'fhaire.



191. Fair féin é.



192. Fairfead, má'seadh.



193. Fairfead go maith é, geallaim-se dhuit.



194. Geallaim-se dhuit go bhfairfead go
maith é.



195. Tar-sa anso am' ionad-sa agus fairfead-
sa é.



196. Ni fiú piuc thú, sibh, &rl.



197. Nil aon mhaith ionat, &rl.



198. Mo náire thú, &rl.



199. Fair an fear san, tá sé ag déanamh an
iomarca díobhála.



200. Tá an fear san ag déanamh seó díobhála.



201. Fair é agus ná leog dó a thuille díobhála
a dhéanamh.



202. Dia leat, a mic ó!



203. Dia go deo leat!



204. Buail anois í.



205. Buail í, a dhuine.



206. Maith an fear!



207. Togha fir iseadh thú.



208. Cosain an áit seo (nú an áit sin).



209. Tar agus cosain an áit seo.



210. Cosain go maith í.



211. An Báire é sin? Ní h-eadh.



212. An puínte é sin? Ní h-eadh.



213. Bhuail an liathróid an maide seasaimh.



214. Bhuail sí an treasán.



215. Cuaidh sí i dtaobh thiar de'n bhogha (nú
de bhogha).



216. Cuireadh i dtaob thiar de bhogha í.



217. Cia bhuail í?



218. Cia chuir dtaobh thiar de bhogha í?



219. Chuireamair-ne i dtaobh thiar de bhogha í.



220. Chuireadar féin i dtaobh thiar de bhogha í.



221. Sin poc a' deich slat agus trí fichid
againn-ne.



222. Faigh báire anois.



223. Faigh puínte anois.



224. Dein puínte dhe.



225. Dein báire dhe.



226. Cuir os cionn an treasáin anois í.



227. Cuir fé'n dtreasán í.



228. Cuir isteach i láithreán bhéil an bhogha í.



229. Cia bhuailfidh poc a' deich slat agus trí
fichid dúinn-ne?



230. Buail féin é mar is tú is feárr chuige.



231. Sin poc a' deich slat agus trí fichid do'n
bhuidhin eile.



232. Ná bídh sa tslighe ar a chéile ansin.



233. Sibh féin, a bhuachailí, sibh féin, ná bidh sa
tslighe ar a chéile (Sinn féin, a Thaidhg,
&rl.).



234. Buaileadh duine agaibh é agus ná bídh sa
tslighe ar a chéile.



235. Tá an iomarca agaibh (againn, &rl.)
ansan.



236. Druidigh amach ó chéile agus na bídh sa
tslighe ar a chéile.



237. Tagadh duine agaibh anuas anso.



238. Sin éagcóir.



239. Sin poc dúinn-ne.



240. Tóg-sa nú buail-se an poc, a Bh —



241. Sin éagcóir eile.



242. Cá bhfuil an éagcóir?



243. Níl sé ceaduighthe ag duine nuair a bhíon
sé ag bualadh puic aonair an liathróid
a bhualadh dá uair as a chéile.



244. Ar nóin theip air (orm, &rl.) í bhualadh
an chéad uair.



245. Níor theip go deimhin, ach níor bhuail sé
ar fóghnamh í.



246. Ar nóin níor bhuail sé i n-aon chor an
chéad uair í.



247. Bhuail go deimhin ach shleamhnuig an liath-
róid dá chamán.



248. Bhuail sé ansan aris í agus tugan san
an poc dúinn-ne.



249. Bíodh sé agaibh má 'seadh.



250. Tógaidh é má'seadh.



251. An báire é sin?



252. Seadh, ach ní bhfuighidh sibh é sa chómhaireamh.



253. Cad 'na thaobh ná fuighimís é? (ná gheobh-
aimís é).



254. Mar bhí duine d'bhúr muintir i láithreán
bhéil an bhogha le linn 'dul isteach do'n
liathróid.



255. Ó ní raibh, cuiridh uaibh an chalaoís.



256. Níl aon chalaoís againn á dhéanamh.



257. Agus dá chomhartha ná fuil ní chómhair-
eochar díbh-se an báire sin.



258. Bhí an liathróid ar an dtaobh amuigh de
líne chlíatháin na páirce ansan.



259. Tá an liathróid ar an dtaobh amuigh de
líne clíatháin na páirce.



260. Cia chuir amach í?



261. Chuir an fear san thall amach thar an
líne í.



262. Is linn-ne an poc isteach mar sin
(leo-san).



263. Tá an aimsir caithte.



264. Níl ach leath na h-aimsire caithte.



265. Caithfidh gach taobh aistriughadh anois.



266. Caithfidh an mhuintir thíos dul suas, &



267. Caithfidh an mhuintir thuas dul síos.



268. Caithfear aistriughadh.



269. Tá an aimsir go léir caithte.



270. Bhí an ghaoith le n-ár gcúl againn.



271. Bhí an ghaoith 'n-ár n-aghaidh againn.



272. Bhí an lá linn indiu.



273. Bhuadhmair ortha.



274. Buadhadh orrainn. Bhuadar orrainn-ne.



275. B'shin ana-bháire.



276. Bhí ana-bháire indiu againn.



277. Cia h-iad a bhuaidh?



278. Bhúadhmair-ne.



279. Fuaramair sé báire & fuaradar-san
cheithre bháire.



280. Fuaramair dhá bháire sa mbreis ortha.



281. Fuaramair báire agus puínte sa mbreis
ortha, &rl.



282. An bhfuilean sibh cortha?



283. Táimíd marbh baileach glan.



284. Táimíd réid ar fad.



285. Tá an lá ana-bhrothallach.



286. Tá an pháirc ana-bhog.



287. Bhí an iomarca reatha againn.



288. Bhí an mhuintir eile ana-luath & ana-dheas-
lámhach.



289. Beam ullamh arís amáireach.


L. 100


Cumann Measardhachta na Rosann.



Tá bród agus lúthgháir mhór orm go dtig
liom a rádh go bhfeicthear damh fhéin gur mór
atá an t-ólachán ag gabháil ar gcúl a chois
cladaigh annso i dTír Chonaill. Cibé mar atá
scéal i n-áiteachaibh eile thríd an tír is léar
do chách gur mór a chuaidh an t-ól ar gcúl ar
na haontaighibh annso le cúpla bliadhain. Bhí
am ann, tá leath-scór bliadhanta ó shoin, nuair
atchífeá go leor fear agus stócach caoch ar
meisce ar aonach is ar mhargadh; acht buidheachas
don Rígh d'imthigh an t-am sin agus tá súil
agam go dtiocfaidh rath agus séan ar na
daoinibh feasta.



I dtír Chonaill atá na Rosa. Áit mhór
ólacháin a bhí ann tá cúig nó sé bhliadhna ó shoin.
Ba ghnáthach leis na fearaibh a ghabháil anonn go
h-Albain 'ach a'n bhliadhain i dtrathaibh mhí
Mheadhoin an tSamhraidh agus thigeadh siad
anall ag Mí na Samhna agus leath-scor puint
nó níos mó saothruighthe aca. Toisigheadh ias-
caireacht na scadán fa Nodlaic agus is beag
de na hiascairibh nach mbéadh leath-scór eile
nó b'fhéidir fiche punt saothruighthe aige ar na
scadáin nuair stadadh an iascaireacht. Acht
ar theacht an tsamhraidh ath-bhliadhain ní bhéadh
pighinn de sin nach mbéadh caithte aca; agus
creid mise nach bi í an phighinn bheag a chaithtí
as an bhiotáilte. Acht nílthear a fagháil na
scadán ar na bliadhantaibh deireannacha so
agus caithfear a theacht i dtír níos tanaidhe
'ná mar ba ghnáthach. Má chaithtear beagán as
an bhiotáilte ní bhéidh a dhath fágtha leis na
rudaibh a cheannach atá a dhith ar gach duine le
h-anál agus le teas a choinneáil sa cholainn.
Agus b'fhéidir gurab é sin an fáth a bhfuil an
t-ólachán ag gabháil ar gcúl comh mór is tá sé
le cúpla bliadhain san áit so. Isé mo bara-
mhail dá ndruidtí na toighthe biotáilte gach
Domhnach nach bhfeicfidhe fear nó stócach ar
meisce fa'n áit so.



Cuireadh cumann ar bun i gCeann Caslach
i dtráthaibh na Féile Pádraic so chuaidh thart
le cuidiú leis an mheasardhacht. 'So an chéad
uair le mo chuimhne fhéin ar chuireadh cumann
dá leithéid ar bun san áit so; agus cé nach
bhfuil sé acht cúpla mí uilig ó cuireadh ar bun
é tá fa thuairim ar chéad go leith (150) duine
sa chumann cheana fhéin. Má chuireann sé leis
ní mhothóchar go rabh an dá chéadh ann. Isé an
cómhartha is fearr go n-éireóchaidh leis .i. nuair
atá oiread d'fhearaibh óga ann — fir atá eadar
fiche bliadhain agus deich mbliadhna is fiche
d'aois — atá geallta nach n-ólann siad deor
bhiotáilte feasta. 'Siad na daoine óga so is
tugtha den ólachán i gcomhnuidhe, agus má
leanann siad dá ngeall bhéarfaidh siad som-
pla maith uabhtha-sompla a rachas 'un tairbhe
dóbhtha fhéin agus dá dtír amach annso. Tá
scaifte maith cailín againn sa chumann; acht
ní rabh féidhm ar bith ortha-san a ghabháil ann —
nó cé chonnaic cailíní na Rosann riamh agus
boladh uisce-bheatha ortha?



Bíonn Aifreann do lucht an chumainn ar an
chéad Domhnach den mhí.



E. Ó S.


L. 101


MACHAIRE NA H-IMEARTHA.



1. Ag imirt liathróide,
2. Ag bualadh liathróide,
Playing football.



3. Imirt liathróide
4. Cluiche liathróíde
Game of football.
Cluiche



5. An báire a bheidh againn indiu?



6. Ní h-eadh.



7. Cad eile?



8. Cluiche liathróide.



9. Beimíd ag imirt liathróide indiu.



10. Beidh imirt liathroide indiu againn.



11. Ag imirt liathróide a bheam indiu.



12. An mó fear a bheidh ag imirt againn?



13. Chúig dhuine dhéag an taobh.



14. Ní bheidh againn ach cúig dhuine dhéag an
taobh.



15. Cia bheidh ar an mbogha againn?



16. Beidh Tadhg ar an mbogha againn.



17. An raghair-se ar an mbogha, a Thaidhg.



18. Raghad, cad 'na thaobh ná raghainn!



19. Cia bheidh ag cosaint ar béal bogha
againn?



20. Beidh murt ar béal bogha againn.



21. Cia bheidh ag cur isteach againn?



22. Beidh Mícheál ag cur isteach againn.



23. Feiceam anois, a Mhichíl, ná caillfir
orainn!



24. Geallaim-se dhuit go ndéanfad mo
dhícheall.



25. Cioca bogha a bheidh agat?



26. Ní fheadar.



27. Cioca bogha is usa a chosaint?



28. 'Sé an bogha thoir, &rl., is usa a chosaint.



29. Beidh an bogha san agam mar sin.



30. Tagaidh le chéile anso anois.



31. Seo chúghaibh an liathróid.



32. Beir ar an liathróid.



33. Cuir bár do choise fúithi?



34. Beir led' dhá láimh uirthi.



35. Beir greim daingean uirthi.



36. Ná leog di sleamhnughadh uait.



37. Léim, a dhuine, agus beir uirthi san aer.



38. Táthar chúghat, a dhuine (cúghat, chúghat,
a dhuine!).



39. Buail led' dhorn í.



40. Maith an fear!



41. Is maith an buachaill thu.



42. Buail anois í.



43. Buail go maith i.



44. Buail í, a dhuine, agus ná bí ag caill-
eamhaint aimsire léi.



45. Buail sa cheart í agus cuir uait na clis.



46. Imir do neart uirthi.



47. Buail de dhruim do chinn í.



48. Buail amach go clíathán no páirce í.



49. Amach go cliáthán na páirce léi.



50. Amach, amach léi, a Sheáin, &rl.



51. Isteach léi anois go béal bogha.



52. Isteach, isteach léi, a mhic!



53. Cuir isteach anois í.



54. Cuir féin isteach í.



55. Cuir isteach sa láirtheán í.



56. Cuir isteach sa líontán í.



57. Cuir de dhruim an treasáin í.



58. Cía tá ag cur isteach anso?



59. Cad 'na thaobh ná fanan sé anso ar bhéal
an bhogha!



60. Fair an fear san.



61. Fair go maith é.



62. Rith isteach air.



63. Bain an liathróid de.



64. Bain de í.



65. Bain de gan mhoill í.



66. Ná leog do í bhualadh.



67. Ná leog do í thógaint le n-a chois.



68. Ná leog do í thógaint.



69. Cosain béal an bhogha.



70. Ná leog thort an liathróid



71. Fan amach ó fhear an bhogha.



72. Buail an liathróid.



73. Buail í agur ná bí ag féachaint uirthi.



74. Ná bí ag cur do choise roimis an bhfear
san.



75. Ná bí ag tabhairt cor-coise dho.



76. Ná bí ag teacht sa cúl air.



77. Tá an liathróid amach thar líne chlíatháin
na páirce.



78. Cia chuir amach í?



79. Chuireamair-ne amach í.



80. Is leo san a caitheamh isteach mar sin.



81. Ní leo ach linn-ne.



82. 'Siad san a chuir amach í.



83. Cad deir fear an líne?



84. Cad deir an seachtaire?



85. Deir sé gur dóibh sin is ceart í chaitheamh
isteach.



86. Caithidís isteach í mar sin.



87. Caith isteach í, a Thaidhg.



88. Seo dhuit í.



89. Beir uirthi.



90. Buail í.



91. Buail uait gan mhoill í.



92. Buail isteach go béal an bhogha í.



93. Cuir-se isteach í.



94. Maith an fear.



95. An bhfuarais aon scór?



96. Fuaras.



97. Cad a fuarais?



98. An báire a fuarais?



99. An puínte a fuarais?



100. Ní h-eadh, ach báire.



101. Bhuaileas an treasán.



102. Bhuaileas an treasán agus ghaibh sí dhá
dhruim.



103. Sin puínte.



104. Bhuaileas an maide seasaimh & tháinig an
liathróid thar n-ais.



105. Bhuaileas an maide seasaimh & ghaibh sí
lasmuigh de bhogha.



106. Is mór an truagh san.



107. Níor chuireas isteach í ach ba dhóbair dom.



108. Is olch é, ach níl leigheas air.



109. Dheineas mo dhícheal.



110. Caillfear indiu orainn.



111. Ní caillfear.



112. Buadhfar indiu orainn.



113. Ní buadhfar má's maith Linn é.



114. Ní buadhfar go deimhin.



115. Go mbuadh' Dia libh, a bhuachailí!



116. Sin éagcóir.



117. Ní h-eadh.



118. Deirim-se gurb' eadh.



119. An airighean thú an fead?



120. Cad é an fead?



121. Fead an reachtaire, a dhuine.



122. Nach dall ataoí!



123. Sin saor-chic.



124. Sin saor-chic dúinn-ne.



125. Buail-se í, a Dhómnaill.



126. Fanaidh amach uaidh anois go mbuaillidh
sé í.



127. Fanaidh amach uaidh a deirim!



128. Imiridh fan na gclíathán.



129. Imiridh fan chlíathán na páirce.



130. Tá an iomarca de'n imirt i lár na
páirce.



131. Tá fear ar lár.



132. Cad imthigh ort, a Thaidhg.



133. Fuaras buile chic sa lorgain.



134. Ar gortuigheadh thú?



135. An bhfuilean tú gortuighthe?



136. An bhfuarais droch-ghortughadh?



137. An bhfuil droch-chneadh ar do lorgain?



138. Ach níl.



139. Tá leath na h-aimsire caithte.



140. Tá an leath-uair caithte.



141. Beidh sos beag anois againn.



142. Tógaidh bhúr suaimhneas anois.



143. Ná bhídh bhúr gcor féin.



144. Ná suighidh nú ní bhéidh ionaibh corruighe ar
neómat.



145. Ná suighidh nú béidh sibh crapuighthe nuair
éireochaidh sibh.



146. Seo chuige arís sibh.



147. Tá an aimsir go léir caithte.



148. Tá deire le h-imirt an lae seo.



149. Tá an buadh againn-ne.


L. 120


CAINT NA gCAMÓGUIDHTHE.



Tá seodh cainte sgríobhtha cheana agam sa
Record, i gcóir “Machaire an Bháire.” Dhéan-
fadh an chaint sin an gnó dos na camóguidhthe
ach athruighthe beaga a dhéanamh uirthi anso a's
ansúd — “í” a chur i n-inead “é” agus “sí
i n-inead “sé” agus rudaí beaga eile de'n
tsaghas san. Níl aon áit 'n-a mbeidh craobh
de Chualacht Lúth Chleas na mBan Ghaedheal ná
go mbeidh duine éigin ann — fear nú bean — a
dh'fhéadfaidh na h-athruighthe beaga so a dhéanamh
dóibh.



Níl aon ana eolas agam-sa ar camóguidh-
eacht agus níl fhios agam cad í an chaint a
bhíon ar siúbhal agus na cailíníbh le linn
imeartha dhóibh. Seo raint téarmaí ba cheart
a bheith aca pé rud eile a bheadh aca nú ná
beadh.



1. Camóg. Camóguidhe. Camóguidheacht.



2. Cos na camóige. Bas na camóige.



3. Báire, a goal.



4. Puinte, a point.



5. Scór, a score.



6. Bogha, the goal, or space between posts.



7. An líontán, nú líontán an bhogha, the goal
net.



8. Laithreán béal bogha, nú láithreán bhéil a'
bhogha, nú an láithreán, the parallelo-
gram.



9. Maide seasaimh, an dá mhaide seasaimh, the
goal posts.



10. An treasán, the cross beam.



11. Fuirean, buidhean, muintir, &rl., a team.



12. Ceann, captain.



13. An liathróid, the ball.



14. Poc, stroke of camóg on ball.



15. Poc anáirde, a high stroke or puck.



16. Poc ar talamh, nú poc ar an dtalamh.



17. Saor-phoc, a free stroke.



18. Poc a cúig slat ar fhichid, 25 yds. stroke.



19. Poc ó bhogha, stroke out from goal.



20. Poc isteach ó líne chlíatháin na páirce,
side-line stroke.



21. Poch isteach ó chlíathán na páirce, nú poc
isteach, side-line stroke.



22. Pairc na h-imearthaa, nú machaire na
h-imeartha, the field.



23. An pháirc, nú an machaire, the field.



24. Stríoc a deich slat ó bhogha, the ten yds.
mark



25. Deich slat ó bhogha, ten yds. from goal.



26. Stríoc a cúig slat ar fhichid ó bhogha, 25
yds. mark.



27. Cúig slat ar fhichid ó bhogha, 25 yds. from
goal.



28. Lár na páirce, the centre of the field.



29. Reachtaire, referee. An reachtaire.



30. Éagcóir, a foul.



31. Fead, a whistle. An fhead.



NA CAILÍNÍ AR AN bPÁIRC.



1. Cailín a' bhogha, the goalkeeper.



2. Cailín béal bogha, the full back.



3. Cailín cosanta bhéil a' bhogha ar a deis,
right wing back.



4. Cailín cosanta bhéil a' bhogha ar a clí,
left wing back.



5. Cailíní lár páirce, the mid-field players.



6. Cailín cur isteach ar béal bhógha, the full
forward.



7. Cailín cur isteach ar dheis a láimhe deise,
right wing forward.



8. Cailín cur isteach ar dheis a láimhe clé,
left wing forward.



9. Lucht cosanta an bhogha, the backs.



10. Lucht cur isteach, the forwards.



1. Camóguidheacht comórtais, a challenge
match, e.g., match between Cork and
Dublin or between teams from different
clubs.



2. Camóguidheacht trí 'na chéile, a picked
match, i.e., two teams picked from same
club for a practice.



GLAODHACH NA gCAILÍNÍ.



1. Peig — Glaodhaim ar Mháire ní Mh —



2. Síghle — Glaodhaim-se ar Cháit ní Ch —



3. Peig — Glaodhaim-se ar Shiobhán ní —



4. Síghle — Glaodhaim-se ar Eibhlín —, &rl.



NÚ ARÍS —



1. Peig — Máire agam-sa.



2. Síghle — Cáit agam-sa.



3. Peig — Siobhán agam-sa.



4. Síghle — Eibhlín agam-sa, &rl.



5. Peig — An bhfuil glaoidhte ortha go léir
anois againn?



6. Síghle — Tá, is dóigh liom.



7. Síghle — Cé bheidh ar an mbogha againn-ne?



8. Ní fheadar.



9. Cé h-í siúd thuas?



10. Sin í Cáit ní —



11. Beidh Cáit ar an mbogha againn.



12. Cé bhéidh ar béal bogha againn?



13. Beidh Eibhlín ar béal bogha againn.



14. Beidh Nóra ar dheis Eibhlín & Beití ar
a clí.



15. Beidh ar Eibhlín an liathróid a bhuala ó
bhogha, mar is í is feárr chuige.



16. Beir-se thuas ar béal bogha ag cur isteach,
a Úna.



17. Beidh Gobnait ar do chlí agat & Sadhbh ar
do dheis.



18. Feiceam anois go ndéanfaidh sibh obair
mhaith.



19. Beidh an chuid eile againn i lár na páirce.



20. Cioca bogha bheidh agat, a Shíghle?



21. Síghle — Beidh an bogha so thuas agam.



22. Síghle — Beidh an bogha so thíos agam.



23. Síghle — Beidh an bogha so thoir agam.



24. Síghle — Beidh an bogha thiar agam, &rl.



25. Peig — Beidh an ghaoith led' chúl agat.



26. Síghle — Beidh ach bead ag imirt i gcoinnibh
an chnuic.



27. Síghle — Beir-se ag imirt le fánaidh an
chnuic, a Pheig.



28. Peig — Bead ach beidh an ghaoith ag seideadh
san aghaidh orm.



29. Peig — Beidh an ghaoith am' choinnibh a Shíghle.



30. Síghle — Beidh an lá linne.



31. Peig — Fan leat go bhfeicfir.



32. Peig — Mol deire an lae, a chailín.



33. Peig — Ní fheadair éinne fós conus gheo-
bhaid an lá.



AN IMIRT.



1. An Reachtaire — Tagaidh le chéile anso i
lár na páirce.



2. Seo chúghaibh an liathróidh.



AN CEANN —



3. Teigheadh gach aon chailín n-a h-áit féin.



4. Imrig go maith anois a' láimh a chéile.



5. Faireadh gach aon chailín agaibh cailín de'n
bhuidhin eile.



6. Buailidh an liathróid go tapaigh.



7. Buailidh an liathróid d'urchar.



8. Buailidh an liathróid go mear.



9. Ná bídh ag cailleamhaint aimsire léi.



10. Fair an cailín sin.



11. Fair go maith í.



12. Ná leog di bheith ag bualadh na liathróide
ar a caitheamhlacht.



13. Bain di í.



14. Tóg uaithe í.



15. Cuir isteach í.



16. Buail isteach i.



17. Buail poc maith uirthi.



18. Buail le fuinneamh í.



19. Buail gan mhoill í.



20. Seachain!



21. Sinn fhéin, a Cháit,



22. Táir sa tsligh orm.



23. Fág an tslígh uaim.



24. Fág ansan an liathróid.



25. Fág ansan í agus buailfead féin í.



26. Buail ma'seadh.



27. Sibh féin, a Eibhlín, sibh féin.



28. Ná bídh sa tslígh ar a chéile.



29. Buaileadh duine agaibh í.



30. Dheinis go maith é.



31. Dheinis go seóidh é.



32. Dheinis go h-iongantach é.



33. Dheinis go míorbhailteach é.



34. Dheinis go neamh-choitcheanta é.



35. Is maith án cailín thú. Maith an cailín.



36. Ana-chailín iseadh thú.



37. Is seóidh an cailín thú.



38. Is iongantach an cailín thú.



39. Is míorbhailtheach an cailín í.



40. Is neamh-choitcheanta an cailín Úna.



41. Tá sí go seóidh.



42. Tá sí thar bár.



43. Tá sí thar bár ar fad.



44. Lean leat, a Cháit, agus bain di an liath-
róid.



45. Lean í, a Cháit, agus bain an liathróid di.



46. Sin é, a Cháit!



47. Sin í an obair!



48. Buail anois í.



49. An bhfuarais báire?



50. An bhfuarais puínte?



51. Fuaras báire.



52. Ní bhfhuaras ach puínte.



53. Ní bhfuaras aon scór i n-aon chor.



54. Tá an liathróid i dtaobh thiar de bhogha.



55. Imir leat, níl sí i dtaobh thiar de bhogha
fós.



56. Tá sí i dtaobh thiar de bhogha anois.



57. Cé chuir i dtaobh thiar de bhogha í?



58. Chuir duine aca féin.



59. Sin poc a cúig slat ar fhichid dúinne.



60. Cé bhuailfidh é?



61. Buail féin é, a Shíghle.



62. Buail féin é, mar is tú is feárr chuige.



63. Sin éagcóir.



64. Cá bhfuil an éagcóir?



65. Chaithis do chamóg leis an liathróid.



66. Rugais ar láimh orm.



67. Sin saor-phoc dúinne.



68. Buail-se é, a Mháire, ó's agat atá an poc
is feárr.



69. Ní bhuailfead, a Cháit, buail féin é.



70. Buail féin é, a Cháit, agus buail go
maith é.



71. Buail anso chúgham-sa í.



72. Is maith an cailín thú.


L. 121


73. Ní misde bheith ag brath ort.



74. Níor chaillis riamh é.



75. Tá an liathróid i dtaobh amuigh de líne
chlíatháin na páirce.



76. Níl sí amach fós.



77. Tá go deimhin, ná h-airigheann tú an fhead.



78. Seadh, is dócha go gcaithfeam rud a
dhéanamh ar an reachtaire pé sgéal é.



79. Is linne an poc isteach.



80. Buail-se é, a Eibhlín.



81. Buail an liathróid, a's brostuigh ort!



82. Féach rómhat anois, a's cuir san áit cheart í.



83. Beir ar an liathróid.



84. Tóg led' chamóig í.



85. Tóg ar do chamóig í.



86. Beir ad' láimh uirthi.



87. Sin éagcóir, tóg án liathróid.



88. Stopadh an imirt anois.



89. Cuiridh uaibh na clis a's tugaidh aire do'n
imirt.



90. Sin í an chaint, a Cháit.



91. Sin í an chaint go bhfuil an crot uirthí.



92. Tá an aimsir go léir caithte.



93. Corcaig abú!


L. 136


FILLEADH —
AOIDH RUAIDH UÍ DHÓMHNAILL.



A. D. 1592.



ó “PHÁDRAIC.”



Is líonta anocht atá “Caisleán an Uisge,”
Is lonnrach gach fuinneóg ó thalamh go díon;
Gidh fairsing an díghe ann, ní'l callán ná
meisge
Ag músgailt mac-alla na sean-taobhán críon.
Tá sláintidhe 'gá n-ól ann le taoisighibh treuna
Do cheannphort a nduthaigh tá leó-san arís;
Acht air maidin a mbárach, le h-éirighe na
gréine,
Béidh mustar níos mó air an leuna úd shíos.



Feuch, cheana tá'n nuaidheacht thar mhór-leath
na tíre,
Tá teachtairidhe lúthmhar' a' bualadh na slíghe,
Ag dúsachd tréin-spioraid in anamnaibh fíora,
'S ag gríosadh na cródhachda tá fós in gach
croídhe.
Feuch, feuch! tá na teinte air mhullach gach
sléibhe
Ag freagairt an fhógra tré dhubhachd a's ceó,
Gidh dearg a lasadh, béidh pícídhe 'gus cloidhmhe
Níos deirge go luath i gcogadh níos teó.



Glóir, glóir, a Thír-Chonaill! le tréimhse gan
cabhair,
Suas, suas gach clann chródha ó'n bhFinn go
Ros Eoghain,
Air aghaidh, a laochra, ó Mháilionn go Samhair,
Bíodh luathgháir anocht ag cur díbirt air bhrón.
Nach gcluintí an gháir úd a' líonadh na spéire,
Mar thóirnigh ag reubadh tré chiúineas na
ngleann?
Nach gcluintí guth-fháilte na ndaoineadh ag
éirighe?
“Hurrrá! tá Aodh Ruadh arís ós ár gceann!”



Níos sia ná bídhidh a's gruaim in bhur gcroídhthibh,
Tá dóthchas a' briseadh air Éirinn go léir;
Andé bhí an tsean-chúis faoi neultaibh na
hoídhche,
Amárach béidh dath úr ar Fhairsinge spéir
Amárach béidh solus geal gréine ag sileadh
Air chath-bhrath Thír-Chonaill a' crothadh 'sa
ngaoith,
Béidh mílte fear treun againn réidh le n-a
mbuille,
S béidh Aodh óg Ua Dómhnaill ag treórughadh
faoi.



Is díomhaoin le bliadhantaibh bhí gliceas gach
láimhe,
Is meirgeach a d'éirigh gach píc' air a crann;
Acht bheathaigh an sgith sin smior úr in ar
gcnámha,
'S d'fhág meirg díomhaoinis níos géire gach
lann.
Mar méaduighthear neart agus luathas na
h-aibhne
Le fearthainn an fhóghmhair d'éis tiormachda
míos,
Is amhlaidh béidh sáthadh ár n-arm níos doimhne
Nuair castar na Sacsanaighe orrainn arís.



Ó! taraid go tapaidh, laoch-coise 'gus marcach,
Ó chnocaibh a's gleanntaibh air fud Dhúin-na-
nGall,
Tá trom-chíos le díol ag an tsean-namhaid
beartach
A geineadh 'nna ghaduidhe, 's a tógadh 'measg
feall.
Is fada gach fear dinn go foighideach a' fanacht
Le filleadh ár ngrádh ghil ó charcar Áth' Cliath,
Chum buille do bhualadh, 's chum saoirse do
cheannacht
Le daor-fhuil ár gcroídhtheadh, má's toil é
le Dia.



Ná fanaidh! tá cnámha sean-sinnsear Uí
Dhómhnaill
Ag glaodhach chum dioghaltais ó lámhaibh a
gclann;
Béidh fiacha le h-íoc ag gach fear i dTír-
Chonaill
Chomh fhad a's tá lorg aoin sgriosadór' ann
Le chéile! le chéile! béidh feallta Loch' Suilidhe
Glan-nighte gan mhoill i bhfuil Sacsanach
teann;
Air aghaidh! air aghaidh chum saoirse, a mhílidhe!
Tá'n ceart air ár dtaoib 's tá Aodh óg ós ár
gceann!



SGOLÁIRÍ ÓGA AG DUL AR SGOIL.



Séamus — Béidh sinn mall; dein deifir, a
Dhómhnaill. 'Bhfuil Art a' teacht?



Dómhnall — Tá. Feuch a' teacht aníos ó'n
bhainn é. Cá bhfuil do chuid leabhar?



Séamus — D'fhágas iad ins a' sgoil indé
nuair a bhí mé aig dul abhaile ó sgoil. Bhí
dearmad orm, agus tá eagla orm anois nach
mbéidh mo cheachta agam. Tabhair dhom do
leabhar go fóil. Tá am go leór againn. Ní'l
sé naoi a' chlog fós.



Dómhnall — Seó an leabhar dhuit, acht ná
dúbhairt tú tamall ó shoin go mbéidheadh sinn
mall? Is fada 'tá Art. Chím é anois, agus a
leabhar osgailte aige mar tú féin.



Séamus — Fan leis. Béidh mo cheacht go maith
agam-sa anois.



Art (a' teacht suas leo) — Is orraibh atá an
deifir! Bhí mise a' siúbhal go socair, mar ná
raibh a fhios agam go raibh sibh-se rómham amach.



Séamus — Ná feaca tú sinn nuair bhíomar ag
casadh an bhóthair agus tusa 'teacht anuas ó do
theach féin?



Art — Ní fheaca sibh go deimhin. 'Bhfuil do
cheacht agat, a Shéamuis?



Séamus — Ní'l sé agam i gceart fós. Is le
Dómhnall an leabhar so; d'fhág mé mo leabhar
féin air sgoil agus ní maith liom blas na
slaite.



Dómhnall — Bhí slat nuadh ag an máistir
indé. Do bhris sé an sean-cheann ar bhais
Míchíl na nGleann.



Séamus — Cad abhí aig Mícheál 'a dheanamh
air gur bhris an máistir slat air?



Dómhnall — Bhí sé ag innsint sgéil ins a'
suídheachán nuair ba cheart dó bheith a' sgríobhadh.
Do chuir an slat clog ar gach láimh leis, agus
tá a lámha tinn fós. Bhi fearg mhór ar an
máistir.



Art — Bídheann fearg air go minic. Do
bhuail sé buille d'á shlait sa cheann orm-sa
aon lá amháin, agus bhí tinneas cinn orm 'na
dhiaidh. Ní'l sé ceart cead a bheith aca tú
bhualadh sa cheann.



Dómhnall — Ní'l sé ceart cead a bheith aca
duine a bhualadh i n-áit ar bith. Is cuma leo
cá mbuaileann siad tú. Is breágh an saoghal
atá aca!



Séamus — Is fíor dhuit sin. An iad garsúin
an Ghoirtín a chím ar a mbóthar?



Art — Is iad. Agus tá fód móna ag gach
uile dhuine aca. Ní'l fód againne. Tá slat
i n-ár gcóir. Feuch an máistir ag an doras
agus an slat nuadh aige!



Dómhnall — Ní'l neart air anois. Imthighidh
isteach go dána.


L. 152


AN FEAR ÍCE.



Do chuaidh, trá, Rómhánach óg fé dhéin na
Gréige. Is ann do chuir sé fé, i gcathair na
hAithne. Dob é gnó do thug ann é 'ná chun
léigheann do chruinniú. Is mó Rómhánach do
rinne an ní sin. Do dhéin Cíceró é. Dob é
duine é sin, an t-óráidí dob' fheárr bhí riamh
ar Rómhánachaibh.



Is ann do bhí cómhnaí ar an ógánach sa
chathair sin, i dtig ceannaí mhóir. Gréagach
dob' eadh an ceannaí. Bhí sé in a dhuine
shaidhbhir agus do bhí inghean aige. Cailín fíor-
uasal do b'eadh í sin. Níorbh' fhada annsúd
don Rómhánach óg 'ná gur eirigh an-mhuíntearas
idir é féin agus inghean an cheannaí. Do
neartuigh ar an muíntearas agus mar is
gnáthach in a leithéid siúd de scéal, ba ghairid
go raibh an grá ann. Níl leigheas ar sin ach
bás nó pósa. Ní fhuair aoinne den bheirt bás.
Do phósadar.



Tamall d'éis an phósta, do imthigheadar go
ruig dúithe an ógánaigh, mar ar mhaireadar ar
feadh tréimhse. Is annsan do tháinig aicíd
éigin ar an óg-mhnaí. Do chuaidh sé siúd ar
lorg leighis dí, ach má chuaidh, ní fhuair. Ní
fhéadfadh dochtúir 'ná báinliaig dá raibh ar
Rómhánachaibh í leigheas.



Do rug a fear abhaile í ag triall ar a
hathair. Ní raibh leigheas ag aon liaig sa
Ghréig dí, ach chó beag. Do réir mar a bhí an
aicíd ag dul i ngéire, bhí áilneacht snó agus
ceannacha ag fás dí. Dob í an iongnadh shaoghail
bá mhó bhí ann len a línn í.



Do tugadh isteach go dtí an fear feasa
agus an draoí a bhí i dteampall Apollo í.
Do theip air sin ortha 'ná leigheas d'imirt
uirthe. Do thagadh na céadta á féuchaint an
fhaid as do bhí sí annsúd agus iad go léir ag
déanamh iongna dá háilneacht.



Treis tamaill do tháinig a fear agus a
hathair dá breith abhaile. Sa tslighe abhaile
dhóibh do casadh an tsean-chaille ortha.



“Tá an bhean áluinn go breóite,” ar sise.



“Tá breóiteacht a báis uirthe,” ars an
t-athair.



Do rug sí ar láimh ar an óg-mhnaí. “Má
théighir go dtí Gaililía,” ar sise, “do gheobhair
ann an t-é leighisfaidh thú. Is ann atá an Fear
Íce.”



Níor chuir an chuideachta aon tsuím sa
bhfocal san. Do mheasadar san ná raibh
innte ach sean-bhean ar éadromacht. Do
choinnigh an bhean bhreóite cuíne ar an bhfocal,
ámh.



D'éis mí sa' bhaile i dteannta a muíntire
dhi, d'iarr sí ar a hathair agus ar a fear
céile i bhreith soir go Gaililía, ag triall ar
an bhFear Íce.



A dubhradar san léi ná feadradar ciarbh é
féin nó an raibh a leithéid ann in aon chor.
Do dheinadar iarracht ar chur in a luighe uirthe
ná raibh i gcaint na mná úd ach caint gan
bhunús. Ach do lean sise den tathant agus
sa' deire do ghéilleadar.



Is annsan do chuínigh an Rómhánach óg go
raibh uachtarán na tíre úd agus a athair féin
in a sean-chomráidithibh. Dob' é an t-oide
léighinn céadna bí aca araon le línn a
n-óige. Do chuir sé teachtaireacht uaidh ag
triall ar an Uachtarán, ar Phíoláit, 'á chur in
iúl do ciara' dhíobh é agus 'á iarraidh air cead
do thabhairt dó a bhean chéile do bhreith leis go
dtí Gaililía. Do thug Píoláit an cead san
dó agus in a theannta san do thug sé cuireadh
dhóibh cur fútha i gceann dá thighthibh féin a bhí
ar imeall sráide ann, agus a dubhairt go
bhfeicfadh sé féin anois agus arís iad.



Do chaith an lánmha roinnt aimsire ansúd
agus do chídís an t-uachtarán go minic óir is
chun an tighe sin do thagadh sé an t-an do
bhíodh gádh aige le sos agus le suaíneas.



Do bhí an cuardach ar siubhal go tiugh aca
ach níor aimsighdar an t-é go rabhadar 'á
lorg. D'eirigh an t-ógánach tuirseach de mar
scéal agus do thosnaigh sé ag tathant ar a
mhnaí eirighe as, agus go n-imeóchaidís thar
n-ais abhaile, gur dóicíghde gur ann a leigheas-
faí í agus nach sa' tír iasachta san. D'aontaigh
Píoláit leis agus adubhairt nárbh foláir nó
gur speabhraídí bhí ar an sean-chaile úd. Ach
níorbh' aon-mhaith dhóibh bheith ag caint léi; ní
imeochadh sise go bhfeicfadh sí an Fear Íce.



Do thárla dhi bheith in a suidhe ar áiléur an
tighe, lá, nuair do chonnaic sí Píoláit chúichi.
Ní h-i gcomhnaí do thagadh sé go dtí an tig sin
chó luath san sa' ló. Do thug sí fé ndeara an
mí-líth in a cheanachaibh. Do tháinig sé fé n-a
déin agus isé bhí go suaite. D'fhiaruigh sise
d'é fáth a bhuartha. Is annsan do chuala sí an
scéal. Scéal do bhíog a croidhe agus do
chorraigh a h-inntinn. D'innis sé dhi i dtaoibh
an duine do tugadh chuige an lá san in a chime.
Na Giúdaig do rug air agus do chuir fiche
coir in a leith. Gur dhein sé féin taghde ar
an scéal agus ná féadfadh sé breith báis ann
do thabhairt air. Gur leig sé do na saghdiúiríbh
é sciúirseadh ag súil leis go sásóchadh an méid
sin na Giúdaigh, ach nár shásaig. Gurb é crích
an scéil gur fhág sé fútha féin é agus go
rabhadar á bhreith go dtí cnoc Chalbhaire, i
láthair na huaire chun é 'céusadh. Bhí cathú air
gur gheill sé dhóibh ach gur scéal gan leigheas
aige é.



D'éist an óig-bhean go h-aireach leis an
scéal agus do leig frasa deór le truagh don
duine bocht stolltha úd. Do bheartuigh sí lom
láithreach dul d'fhéuchaint an duine chiapaithe


L. 153


agus do chuir d'fhíachaibh ar a fear dul 'á
tionnlacain go dtí an tsráid.



Ar shroisint na sráide dhí, do chonnaic sí an
brú daoine agus an duine in a lár istigh, agus
crois mhór throm aige 'á hiompar. D'eirigh
trua thar meón in a croídhe istigh do. Do
chonnaic sí ar lár é agus sa tsiubhal arís. Bhí
allas agus fuil leis, agus an neart dá
thréigint. Bhí an daoscar-shlua ag fonóid fé.
Dob é b' oth léi gan neart a dóthain innte
féin chun dul 'á chosaint. Do raghadh, dá
bhféadadh. D'ímpigh sí ar a fear dul agus
fóirithin ar an gcime mbocht. Dubhairt
seisean léi ciall bheith aici agus teacht thar
n-ais go nuige an tigh.



Do lean sí den tsiubhal, ar nós cách. D'imigh
sí amú ó'n a fear céile, bhí an brú chó dian
san. In ionad laige bheith uirthe is amhlaidh go
raibh neart ag fás dí. Do stad an tsocraid.



Do chonnaic si an cime dá nochta agus dá
leaga ar an gCrois. D'airigh sí na buillí dá
mbualadh. Ba mhaol na tairingí iad. Ba
saíghead tré a croídhe gach buille dá gcuala.



Níor fhág sí an fód. D'fhan sí ag féuchaint
ar an té bhí ar chrocadh annsúd ós a cómhair.
Aici bhí an truagh dho. Níorbh fhiú brobh an
tinneas bhí uirthe féin seachas an tinneas bhí
air sin. Do mheas sí gur fhéuch sé uirthe amhail
as dá mba gur ag gábhail buidheachais léi
do bhí. Do dhruid sí isteach i gcomhgar na
Croise. Ba ghairid go raibh sí gá bun. Bhí
saighdiúir in aice léi. Bhí an sluagh d'á rádh
leis an nduine ar an gCrois teacht anuas dá
bhféadadh sé é!



Adubhairt an saighdiúir leis féin go mba
chóir go mbeadh a chion den spórt aige féin.
D'árduig sé an tsleagh agus do thug súnc fén
easna ar an té bhí d'á chéusadh. Do scéig an
fhuil in a srúilín mire amach agus do thárla
braon di ar éudan na hóg-mhná. Do mhothuigh
sí mar a mbeadh borra istigh in a croídhe. Do
ghluais a cuid fola go mear láidir fan a
colna. Do tháinig a sean-neart féin dí ar
an láthair sin… An Fear Íce, is É bhí
d'á chéusadh.



SEÁN TÓIBÍN.



i gCorcaigh, 8/VII./'13.


L. 167


Bíodh meas agat ar Éirinn,
Bí cneasta le gach aoinne,
Ná h-innis focal bréige,
An fhaid a bhéas tú beo;
Bíodh dúil agat i séimhe,
Bí múinte, mánlach, béasach,
'S an lá go mbeadh aithmhéala ort,
Ní thiocfaidh sé go deo.


L. 174


TORADH SAOTHAIR AN ATHAIR
TIOBÓID.



Tá leath-chéad bliadhan is breis
caithte ó cuireadh corp an Athar
Tiobóid 'san úir. Ní'l indiu 'n-a
chroidhe ná i n-a chnámhaibh ná 'san in-
tinn a bhí aibidh tráth acht dorn cré.
Mara bhfuil, féin, ná saoileadh éinne
ná fuil, fé'n dtráth so, i dtoradh a
shaothair acht neimhnidh. An síol a chuir-
tear 'san ithir de ghnáth ní bhaintear
barraidhe nó toradh an tsíl sin chum
go mbíonn an síol féin agus gan ann
acht luaithre. Cuirtear síol agus cuir-
tear cuirp; acht ní gnáthach comórtas
do dhéanamh eadartha, agus ní móide
gur ró-oireamhnach an bheart a dhéanamh
acht chomh beag. Acht ó's é toil agus
deonughadh Dé go bhfásann is go
n-aibidheann barraidhe díreach de réir
mar deintear luaithre de'n tsíol ní
féidir do lucht faire gan a thabhairt
fé ndeara, mar a chéile, go bhfuil
toradh saothair an Athar Tiobóid ag
aiseirghe ó'n ló do síneadh a chorp fé
dheoraibh sluaigh i gcómhrain chumhaing
le hais na Laoi. An lá chuirtear síol
i gcré ní gnáthach gas nó bileog
d'fheicsint ag preabadh as thar gnúis
talmhan; agus tar éis do'n bhileoig í
féin do nochtadh ní ró-mhear a chuir-
eann sí dhi go minic. An uair d'áthfhás
gas na Measardhachta go mall as
luaithre an Athar Tiobóid, má's cead-
tha an comórtas so, thárla go raibh an
droch-uain ag feitheamh léi. D'árduigh
bileoga Gallda is bileoga bréige a
gcinn nimhe mór-dtimcheall uirthe agus
d'fhágadar gan teas is gan solas na
gréine í. Acht níor ráinig leo í
mhúcadh ná í crapadh, féin. I gcionn na
haimsire cuireadh spéis innte. Níor
bh'annamh an tAthair Urramach Tomás
De Burc agus an tÁirdeasbog*
dúthrachtach deoradhta gur ionann a
shloinne agus ainm a thíre dúthcais ag
tagairt di agus ag a moladh go hárd.
Bhí sí ag teacht chúiche féin fé'n mholadh
so agus ag dul i bhfeabhas i ndiaidh ar
ndiaidh, agus is iomdha fíor-Ghaedheal
a bhí ag freastal uirthe leis an aimsir.
Scaipeadh a cumhar cneasta de réir
mar bhí sí ag at agus ag borradh agus
ag bláthughadh. Cuireadh mar chúram i
dtráth ar Órd na gCapuisineach an
talamh do ghlanadh i n-a timcheall
agus lán-aire do thabhairt di feasta
mar ba dhual dhóibh. Agus seo indiu
í, céad moladh le Righ na nDúl, i n-a
holl-chrann áluinn ag a sileadh a síl
bheannuighthe féin ar iathaibh ársa agus
ag síneadh a leathan-ghéag thar cóigibh
Fódla.



As “Beatha an Athar Tiobóid”



(Sceilg).



BAILE AN ÓIL.



Teach mór óil é siúd ar an gcoir-
néal, is geall le pálás é ar bhreágh-
achta: fir oibre ag obair ann, ag
tarraint isteach agus ag tárladh
amach, ag chur chaoi ar earraidh le n-a
gcur do dtí daoine a cheannuigh iad;
capall nó dá chapall nó trí capaill
ghlana bhearrtha sgiúrtha agus gléas
iomchuir dhá réir. Fear an tighe, is
fear breágh toirtéiseach é, lán an
dorais ann agus do réir a bharamhla
féin tuilleann sé é agus tuilleann
sé lán na sráide a bheith ann. Is
giúistís é agus fear ughdaráis i
gcúrsaibh an bhaile, cúrsaí gur surach
le rádh iad. Tá fear bocht oibre nó
beirt nó thriúr díobh ar an gcoirnéal
tamall ón teach óil, a lámha ina
bpócaibh aca. Táid siad gan bhear-
radh le seachtmhain agus gan nigheachán
le dhá lá; tá na súile sáidhte aca ins
gach uile dhuine dhá dtéighe thart théint
a mbeadh aon neach ann a mbeadh dhá
phighinn le fhagháil uaidh go bog agus
níor bhfearr leo an dá phighinn fhagáil
mar dhéirce ná iad a ghoid.



Siubhail thart agus chífidh tú tighthe
ag dul i léig, tighthe a bhí tamall go
slachtmhar sonaidhe. Cuir tuairisg
agus innseofar duit go raibh fear an
tighe sin atá imthighe i léig gair tugtha
don ól atá sé; gur ól sé an oiread
agus dhéanfadh teach breagh dhó ó bhonn
go slinn agus a cheannóchadh an talamh
ar a seasfadh an teach thar bárr amach.
Bhí eallach aige tamall agus talamh,
bhí caoire aige agus uain agus capaill
agus tighthe. B'éigin dó na tighthe a
dhíol agus an teach comhnuidhthe i bhfuil
sé atá sé na bhéal le aer, agus a
bhean is a chlann ar an-chaoi le salachar
agus le boichteanas.



Agus féach, ní'l aon teach ar an
mbaile mara bhfuil corr-theach ann a
bhfuil cuma an tsaidhbhris air. Níl an
t-airgead ag na daoinibh bochta le


L. 175


caitheamh ar aon rud acht ar an ól.
Níl aon tsnáithe éadaigh ortha, aon
tsnáithe slachtmhar agus is siopaí
éadaigh bochta atá ann. Agus is dá
réir sin atá na siopaí eile.



eoghan ó neachtain.



SUANTRAIGHE



(Ag cur Bábóige na Luighe).



Cuirfidh mé 'nois 'do luighe 'do leab-
aidh thú,
'Do luighe 'do leabaidh thú,
Sínte 'do leabaidh thú;
Cuirfidh mé 'nois 'do luighe 'do leab-
aidh thú,
Óir is tú mo bhábóg gach lá, lá, lá,
Is tú mo bhábóg gach lá is go bráth.



Bhearfaidh mé íochtar is uachtar na
leabtha dhuit,
Íochtar na leabtha dhuit,
Uachtar na leabtha dhuit;
Bhearfaidh mé sin agus póga 'na mil-
tíbh dhuit,
Óir is tú mo stóirín gach lá, lá, lá,
Is tú mo stóirín gach lá is go bráth.



Glaoidhfidh mé arís le solas na maidne
ort,
Le solas na maidne ort,
Le solas na maidne ort;
Glaoidhfidh, is cuirfidh mé beannughadh
na maidne ort,
Óir is tú mo mhuirnín gach lá, lá, lá,
Is tú mo mhuirnín gach lá is go bráth.



Cuirfidh mé gúna de'n tsíoda is
daoire ort,
Gúna de'n síoda ort,
An síoda is daoire ort;
Cuirfidh mé hata is clóca is gúna ort,
Óir is tú mo rún-sa gach lá, lá, lá,
Is tú mo rún-sa gach lá is go bráth.



Bhearfaidh mé siúcra is mil ar maidin
duit,
Siúcra ar maidin duit,
Mil ar maidin duit;
Bhearfaidh mé 'n siúcra is milse 'sa
tsiopa dhuit,
Óir is tú mo pheata gach lá, lá, lá,
Is tú mo pheata gach lá is go bráth



Dheanfaidh mé cómhradh annsin i nGae-
dhilg leat,
Cómhrádh i nGaedhilg leat,
Togha na Gaedhilg' leat;
Nach dtuigheann tú mé ag labhairt
togha na Gaedhilg' leat?
Ó tuigeann mo sheircín gach lá, lá, lá,
Is tuigfidh mo sheircín gach lá is go
bráth.



As Léightheoir Chúchulainn.


L. 199


NEAD NA GAEDHILGE



MAINISTIR DHÚIN NA nGALL.



eoin ó searcaigh do sgríobh.



Is íomdha mainistir do chuir Ord
Naoimh Proinsis ar bun sa tír so ó
tháinic siad go h-Éirinnn ar dtús;
acht do réir mo bharamhla ní raibh aon
mhainistir den iomlán suidhte i n-áit
níos deise nó níos fóirsteanaighe ioná
mainistir Dhúin na nGall. Tír chomh-
throm, réidhtighthe í siud ina bhfuil an
mhainistir suidhte, agus ar a cúl tá
árdáin agus cnocáin ghlasa fhéarmhara
agá cosaint ar ghaoith mhóir agus ar
dhoininn gheimhridh. Ar chúl na n-árdán
mbeag agus na gcnocán n-íseal agus
fa thuairim ar chúig mhíle talaimh ón
mhainistir tá leath-fhainne de shléibhtibh
árda ag tógáil a gcinn 'un na spéire.
Is dóigh gur iomdha uair do bhí na
bráithre i ndiaidh na bhfiadh fa na
cnocaibh so. Bhí taobh na gcnoc cumh-
daighthe sa tsean am le coilltibh móra
ádhmaid agus is dóigh gur choinnigh an
t-ádhmad so teine gheimhridh leis na
bráithribh a bhí ina gcomhnuidhe sa
mhainistir ag taoibh na trágha. Agus
bhí an fhairge mhór ar amharc na mainis-
treach gach lá dá n-éirigheadh grian.
Á, b'áluinn an áit í don té do thug
cúl ar an tsaoghal agus do gheall a
shaoghal do chaitheamh go h-iomlán ar
son a Slánuightheora!



sgéal na mainistreach.



Adeir Annála na gCeithre Maighis-
tir, agus iad ag cur síos ar sheanchus
na bliadhna 1474 d'aois ár dTighearna,
gur chuir Aodh Ruadh, mac Néill Ghairbh
Uí Dhomhnaill agus a bhean (.i. Fionn-
ghuala, inghean Uí Bhriain, 'sé sin Con-
chubhar na Sróna), an mhainistir so ar
bun sa bhliadhain 1474 do bhráithribh
Uird Naoimh Phroinsis. 'So an fáth ar
cuireadh an mhainistir ar bun:



Lá amháin chuaidh bean Aodha Ruaidh
agus mórán de mhnáibh uaisle agus
de mhaithibh Thír 'Chonaill i láthair na
mbráthar ag mainistir do bhí aca i
Ros Rialla. Dh'iarr Fionnghuala Ní
Chonchubhair ar na bráithribh mainistir
do chur ar bun i nDún na nGall;
acht isé an freagra do fuair sí uatha
nach gcuirfeadh san am i láthair, acht
go gcuirfeadh siad cuid de na bráith-
ribh chuici i n-am éighinteacht le mainis-
tir do thógáil i dTír Chonaill. Ní
rabh Fionnghuala sásta leis an ghealls-
tan so agus dubhairt sí leo go dtáinic
sí fhéin agus na mná uaisle do bhí
léithe céad míle mar gheall ar an
deagh-obair so agus gur dhána an
t-éadan do bhí ortha í do dhiúltú.
“Tabhairighidh aire,” ar sise, “ar eagla
go dtuillfeadh sibh fearg agus díoghal-
tas Dé, nó cuirfidh mise i láthair na
Tríonóide Naomhtha an diúltú so agus
fúigfidh mé mar ualach oraibh an méid
anam do chaillfear i dTír Chonaill
Ghulbain d'easbhuidh na mainistreach.”
Sa deireadh d'aontuigh cuid de na
bráithribh theacht léithe go Tír Chonaill;
agus, ar ndóighe, is uirthi do bhí an
luthgháir annsin. Thoisigh siad do chur
suas na mainistreach ins an áit ina
bhfuil an tsean roilic anois — fa
thuairim ar dhá chéad coiscéim ó bhaile
Dhúin na nGall.



caisleán na nDálach.



Críochnuigheadh agus rinneadh an
mhainistir do choisreacadh sa bhliadhain
1474. Do phronn Aodh Ruadh mórán
furradh toighe agus cultach Aifrinn
ar na bráithribh agus do thug dóbhtha
oiread talaimh is ba mhian leo. Acht
fuair Fionnghuala Ní Chonchubhair bás
sul ar críochnuigheadh an mhainistir.



Tugadh an léighthóir dá aire gur sa
roilic ag taoibh na mainistreach atá
prionnsaidhe Thír' Chonaill curtha ó
aimsir Aodha Ruaidh, mac Néill Ghairbh
go h-am aodha Ruaidh, mac Aodha
Duibh mhic Mhághnasa, &rl. .i. Ball
Dearg.



Ní rabh Caisleán na nDálach níos
mó ioná trí chéad coiscéim ó'n mhainis-
tir agus adeireadh na sean daoine
go rabh bealach-faoi-thalaimh eatortha
dá dtigeadh dainseár ar bith ar na
bráithribh thiocfadh leo a theacht slán
'siocair go rabh siad comh comhgasach
so de Chaisleán na nDálach. Agus
níor leig an eagla do námaid ar bith
a theacht ortha a fhad is bhí an Dálach
ina chaisleán agus claidheamh dá iom-
chur aige.



micheal ó cléirigh.



Chualaidh cách iomrádh ar an abhainn
atá ina rioth síos ag taoibh na mainis-
treach .i. Abhainn na h-Éisc. Tá
bradáin comh líonmar innti le gain-
eamh ar thráigh. Adeirtear go dtearn
Aodh Ruadh charra, nó áit fa choinne
bradán, do na bráithribh ar an abhainn
so. Thiocfadh leo breith ar an méid
bradán ba mhian leo ar an ádhbhar sin.



Acht ní mar gheall ar an tír mhaisigh
áluinn ud ina bhfuil an mhainistir
suidhte atá cáil na mainistreach
ar fud na h-Éireann indiu. Ní h-é,
leoga, acht mar gheall ar shaothar
Mhícheál Uí Cléirigh agus a thriúir comh-
oibridhe. Chualaidh cách iomrádh ar an
leabhar chéimeamhail ud, “Annala na
gCeithre Maighistir.” Ba i mainistir
Dhúin na nGall do stríobhadh é agus
is dóigh go mbéidh meas ar an mhainis-
tir mar gheall ar an leabhar so ag
fearaibh Fáil go foircheann beathadh.



aodh ruadh.



Do mhair na bráithre go rásta séan-
mhar sa mhainistir go dtí an bhliadhain
1592 nuair do ghlac dhá chéad Sasanach
seilbh ar an mhainistir go dtearn comh-
nuidhe ann ar feadh tamaill. Acht do
chuir Aodh Ruadh Ó Domhnaill, an
stócach ruadh, ruaig ar na Sasanaighibh
so as an mhainistir nuair do tháinic sé
'un an bhaile go Tír Chonaill i ndiaidh
a bheith ina phríosunach i gCaisleán
Bhaile Átha Cliath. Phill na bráithre
annsin 'un na mainistreach arais, acht
ní rabh sé i ndán dóbhtha mórán suaimh-
nis d'fhágháil.



niall garbh.



Naoi mbliadhna ina dhiaidh sin do
ghlac Niall Garbh Ó Dómhnaill agus a
lucht leanamhna seilbh ar an mhainistir.
Thréig Niall Garbh a thír agus a dhaoine
muinteardha agus do chuaidh ar thaoibh
na Sasanach. Acht ní rabh sé i bfad
sa mhainistir gur ghlac a chuid púdair
teine, agus dóigheadh an mhainistir
agus míle dá chuid fear. Do bhí dhá
fhichid claigeann de na bráithribh sa
mhainistir sul a dtáinic Niall Garbh,
acht fuais siad scéala go rabh sé ag
teacht agus cuaidh siad ar shiubhal ina
luing.



Níl fágtha den mhainistir indiu acht
na ceithre ballaí. Acht níl duine dá
dtéighe ann ar cuairt nach bhfoghluim-
eóchaidh rud éighinteacht ann — nó is
iomdha naomh agus easboc agus fear
céimeamhail atá curtha sa tsean roilic,
agus nach faoi fhascadh na mballaí liath
so do scríobhadh príomh-ádhbhar sean-
chus Éireann (.i. Annála na gCeithre
Maighistir) a mhaireas ar theangaidh
fear Éireann go deo.


L. 220


NEAD NA GAEDHILGE



EACHTRA MO SHEAN-ATHAIR.



An Craoibhín Aoibhinn do sgríobh.



Rugadh mo shean-athair ag bun Chnuic Neífin i
gCondae Mhuigh Eó. Bhí sé bliadhain agus fiche
d'aois nuair tháinig na Franncaigh go Cill-alla.
Chuaidh sé 'na gcoinne, nuair chualaidh sé trácht
orra. Is mar so do chualaidh sé ar dtús go
raibh siad ann. Bhí sé 'na shuidhe cois na teineadh,
san tráthnóna, nuair dorchuigheadh go h-obann
an dorus. D'fhéach sé suas & chonnairc sé pei-
dileir nó mangaire air a dtugadar an Cean-
nuidhe dubh ag seasamh ans an dorus.



“Go mbeannuighidh Dia dhuit,” arsa mo shean-
athair.



“Go mbeannuighidh an fear céadna dhuit-se,”
ar san peidiléir.



“Bhfuil aon sgeul nuadh agad?” ar sa mo
shean-athair.



“Tá sgeul nuadh agam, a Leithéid de sgeul
agus nár sgaoileadh i n-Éirinn le dá chéad
bliadhan, a leitheid de sgeul agus nach raibh ann
ó d'imthigh Ó Néill & Ó Dómhnall as Éirinn.
Tá sgeul agam a chuirfeas bainne ann sna
buaibh' agus a bhéarfas uain do na caorchaibh,
agus a chuirfeas tora ar na crannaibh, agus
bláth ar an gcraoibh, agus duilleóga ar choill-
tibh glasa na h-Éireann.!”



“M'anam a Dhia,” ar sa mo shean-athair, ag
feachaint suas air go géar, & iongantas air
faoi an gcómhrádh árd-aigeantach sin, “M'anam
a Dhia,” ar sé, “is dóígh gur mór an sgeul ar
fad atá agad. Labhair amach é, a bhúachaill.”



“Tháinig mé chomh luath & bhí in mo dá chois, ó
bhord an chuain, agus ó imioll na fairrge.
Chonnairc mé an loingeas agus é faoi sheól,
chonnairc mé an cnofás bhán ar na seól-chrann-
aibh i n-áirde, chonnairc mé beula na ngunna
mór thar taoibh na long amach, chonnairc mé
saighdiúraidh faoi ghorm agus faoi dhearg ar
bórd na long sin, & chualaibh mé na dromanna
d'á mbualadh agus an ceól-cogaidh ar siubhal
aca, & bhí na báid beaga, mar bheith ealta éan,
ag dul ó'n loingeas go dtí an tír, & ó'n tír go
dtí na longa, agus gach bád aca líonta de
lucht airm agus éadaigh. Ní'l teach ná tigh, both
ná bothán, baile beag ná baile mór ar ghabh mé
thrid ó'n maidin ané, nár chuir mé an sgeul
breágh sin d'á fhuagradh ionnta. Preab i d'
shuidhe má's fear atá ionat, & rith go Cill-alla
agus bí leó, Caithfidh mise an tír mhúsgailt.”



Leis sin do thionntaigh sé ó'n dorus agus
d'imthigh ag rith suas an bóthar. D'fhan mo
shean-athair ag féuchaint air, go raibh sé fad a
radhairc uaidh. Ann sin dh'éirigh sé agus chuir
sé a lámh suas ann san tsimiléir agus rug sé
anuas as ceann píce fada, an ceann iarainn
do'n phíce. Ghlan sé an suíchthe dhe & chuimil sé
muinchille ashean-chóta bréidín leis, go raibh
sé beagnach chomh geal le sgín. Ann sin
d'eirigh sé agus chuaidh sé amach chum an chairn
aoiligh, & thóg sé an bárr dhe le grápa, gur
nochtuigh sé cleath mhór fada fuinnseóige, tim-
chioll dá throigh déag ar fad, do bhí curtha síos
aige faoi an aoileach. Do b' é sin crann a
phíce. Rug sé leis go sruthán beag é gur ghlan
sé go maith é, & tar eis faobhar níos fearr do
chur ar an iarann le cloic, do shocruigh sé an
ceann síos ar an ádhmad go daingion le cúpla
tairrnge.



Leis sin do shuidh sé síos & d'ith ceapaire
mine, mar do bhí aca an uair sin, & d'ól sé
cupán de bhainne gabhair. Chuir sé an chuid eile
do'n cheapaire in a phóca, & buidéall beag de
phoitín bán do bhí aige i n-éinfeacht leis. D'fháisg
sé a hata ar a cheann, agus amach Leis go rachad
sé do dtí na Franncaigh.



Níor bhfada shiúbhail sé nó gur thuig sé go
raibh rud éigin neamh-ghnáthach ar siúbhal. Do
bhuail sé thar na sléibhtibh, óir bhí faitchíos air
siúbhal ar na bóithribh, chomh fhad agus bhí píce in
a lámh, acht chonnairc sé daoine ag teacht amach
ar h-uile thigh agus ar h-uile bhothán 'na choinne,
cuid aca faoi sgannrughach mór, agus cuid aca
faoi lúthgháire, agus ghlaodh níos mó 'ná beirt
ná triúr aca amach leis, “fan beagáinín beag
& béidhmíd leat,” acht do bhí an oiread sin de
dheifir air nár fhan sé leó.



Sul táinig an trathnóna do bhí sé féin ag
breith ar ógánaibh eile do bí ag deunamh ar
Cill-alla mar é féin, agus arm ag h-uile
dhuine aca. Bhí sean-ghunnaí ag cuid aca, acht
bhí pící ag an gcuid is mó aca mar do bhí aige
féin, agus an fear nach raibh píce 'ná gunna
aige bhí speal nó grápa nó arm éigin eile in a
láimh.



Ar dtuitim na h-oidhche do chuir mo shean-
athair faoi, i mbhothán beag i ngleanntán sléibhe,
'n áit ar shaoil sé go raibh sé chomh sábhálta agus
dá mbeith' sé in a thigh féin, óir fuair sé céad
míle fáilte ó fhear an tighe agus ó n-a mháthair,
agus dúbhairt an fear Leis go mbeith sé féin
ag imtheacht in a chuideachta le h-éirighe na
gréine an lá ar n-a mhárach & go rachaidís go
Cill-alla le chéile.



Dá mbeith aon eolas ag mo shean-athair ar an
taoibh sin de'n tír, do bheith fhios aige nach raibh
aon teach eile i gConndaé Mhuigh Eó go h-iom-
lán, ar mheasa dhó bheith ann, 'ná an teach sin.
Ba spídeóir do bhí in san bhfear, & do chothuigh
sé é féin agus a mháthair leis an airgead do
gheibheadh sé ó bheith ag braith ar na daoinibh. Ní
raibh aon fhear dá'r bhraith sé nach raibh a luach
aige as, deic bpúnta ar chuid aca, agus suas
go fiche púnt ar chuid eile aca. Ní raibh uaidh
acht an Gaedheal d'fhághail agus píce in a láimh,
ag dul go campa na bhFranncach; dá bhféadfadh
sé é thabhairt ar láimh na Sacsanach b'fhiú air-
gead dó é. Acht ní raibh fhios aige cia an chaoi
d'fheudfadh sé a ghabhail ná a chur ar láimh na
Sacsanach anois, mar bhí na Gaedhil níos láidre
ná na Sacranaigh ar an uair sin, mar gheall ar
na Franncaigh do bhéith 'na measg. Acht shaoil
sé go ndeunfadh sé iarracht le príosúnach do
dhéanamh de in san oidhche, mar do shaoil sé go
bhfuighfeadh sé faill, b'éidir, le n-a thabhairt
Leis go “barraic’ na Sacsanach am éigin eile.



Nuair bhí a shuipéar ithte ag mo shean-athair
agus beagán cómhráidh deunta aige leis an
mbeirt eile, do shín sé siar cois na teineadh,
agus mar bhí sé an-tuirseach, do thuit trom-
chodladh air, & níor bhfada go raibh sé ag srann-
fartuigh go h-árd.



Dhúisigh sé in san meadhon-oidhche, óir shaoil sé
gur airigh sé luchóga ag rith thar a éadan. Dh'iarr
sé éirighe, acht níor fhéad sé. Bhí a dhá chois cean-
gailte le cheile agus a dhá uillin ceangailte
le cathaoir. Chraith sé é féin agus chuir sé liúgh
as, do cloisfidhe míle uaidh ar gach taoibh. Ní
luaithe rinne sé sin 'ná shaith fear an tighe goban
asteach in a bhéul, agus d'fháisg sé na córdaidh
air go docht agus go daingion gur ghearradar
an fheóil. Nuair bhí mo shean-athair córuighthe
aige i riocht nár fhéad sé cor do chur as, ná
focal do rádh, acht é mar smotán crainn, do
thóg an fear eile é agus do chaith sé asteach é
faoi an tsean-leabaidh do bhí ar thaoibh an tighe
Ann sin do mhúch sé an choinneal agus do luidh
féin síos ar an leabaidh, agus níor bhfada gur
chualaidh mo shean-athair é ag srannfartuigh go
binn.



Ní tháinig neull codalta ar mo shean-athair.
Bhí sé beag nach múchta faoi an sean-leabuidh
salach sin, agus bhí sé ceangailte chomh cruaidh
teann sin go raibh sé ag fulaing go mór ó na
córdaibh. Fá dheireadh do chualaidh sé coileach
ag glaodhach, agus tamall beag tar éis sin
chualaidh sé buille ar an dorus, agus nuair nár
fosgladh go luath é chualaidh sé mórán buille
d'á mbualadh air, andiaigh a chéile.



D'éirigh an fear do bhí ar an leabaidh, & chuir
sé mallacht as, acht d'fhosgail sé an dorus, &
ba bheag nár léim a chroidhe amach ar bhéal mo
shean-athair nuair d'aithin sé guth an duine do
tháinig asteach. Do b'é an Ceannuidhe dubh é.



Do chualaidh sé an Ceannuidhe ag suidhe síos
agus ag tosughadh ar an sgeul céadna d'innis
sé dhó féin an maidin roimhe sin, agus ní raibh
acht aon fhaitchios amháin ar mo shean-athair — go
n-imtheóchadh sé amach arís nuair a bhí a sgéul
inniste aige. Bhí mo shean-athair ag déanamh a
láindhíthchioll le corughadh nó le toran do dhéa-
namh ag súil go n-aireóchad an ceannuidhe Dubh
é, acht níor fhéad sé aon chor de chur as, bhí sé
ceangailte chomh righin sin, cos & lámh. Níor
fhéad sé aon ghlór do chur as mar bhí an gobán
in a bhéal, acht thosaigh sé ag séideadh chomh h-árd
agus d'fhéad sé tríd a dhá pholláire, agus péire
maith do bhí aige! Leis an séideadh do bhí aige
ag tarraing a anáil asteach 's amach tríd a
shrón, is dóigh go gcualaidh an Cheannuidhe é, óir
dubhairt sé leis an bhfear eile, “Cia 'n sórt
beithídhigh é sin faoi 'n leabaidh agad?”



“Sin é an rógaire madaidh atá ag srann-
fartuigh,’, ar san fear eile.



“M'anam o'n diabhal, nach aisteach an madadh
é,” ar san Ceannuidhe; ag éirighe agus ag dul
anonn chuig an leabaidh. Nuair chonnairc an
fear eile é d'á dhéanamh sin bhí fhios aige go raibh
sé i gcruadhchás agus rith sé amach ar an dorus,


L. 221


agus a shean mháthair 'na dhiaigh & tharraing sé an
comhla na dhiaigh & chuir sé ceangailt air, an
taobh amuigh. Rith an Ceannuidhe chuig an dorus
acht níor fhéad sé a fhosghailt.



Chrom sé síos ann sin & dhearc sé fá'n leabaidh
& fuair sé mo shean-athair fúithi, an gobán in a
bheul & é ceangailte chomh cruaidh sin go raibh
na córdaidh ag dul asteach in a fheóil. Thar-
raing sé mo shean-athair amach & d'aithin sé ar
an móimid é. Bhain sé an gobán & na córdaidh
dhe, agus chuir sé 'na sheasamh é, acht thuit mo
shean-athair arís 'na phleist ar an urlár, óir bhí
an meabhar imthighthe as a ghéagaibh. Acht níor
bhfada do dtháinig se chuige féin & ann sin thug
sé congnamh do'n Cheannuidhe Dubh & níor bh'fhada
go ndearnaidh siad smidirinidh de'n dorus, &
ritheadar amách, acht ní raibh aon amharc le fágh-
ail ar an rógaire spídeóra ná ar a mháthair.



Ag sin mar thuit sé amach le mo shean-athair
an chéad lá do thóg sé a píce in a láimh le dul
ag troid i mbliadhain na bhFranncach. Mo
leun! ní raibh san méad sin acht tús a thriob-
lóide!




19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services