Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Brighid Chill Dara, Amhráin agus Filíocht Chráifeach
Title
Brighid Chill Dara, Amhráin agus Filíocht Chráifeach
Author(s)
Údair éagsúla,
Composition Date
1912
Publisher
Na Caipisínigh
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
BEANNUGHADH NA LEANBH. (Marc x., 13-16.) (Sliocht as “Startha as an Soiscéal,” an t-Ath Ó Duinnín. M. H. Gill & a Mhac. 1/-). CHUM ÍOSA Nasardha Do tugadh gasradh. De leanbhaidhibh rathmhara, Chum a lámha do leagadh ortha. Acht lucht a leanamhna. Do cháin le searbhas An dream do bhailigh iad. An Tighearna carthannach, Ar a dtabhairt fá ndeara dhó, A ngníomh níor thaithneamh leis, Is an chainnt seo chaith sé leo: “Scaoilidh, aitchim-se, Chugham gach leanbh díobh, Gan cosc gan bac ortha; Mar is deimhin dá samhail-sin Dhíoghacht na bhFlaitheasa. Daoibh-se geallaim-se, An té ná glacfaidh le Ríoghacht na n-aingeala Ar nós na leanbh mbeag, Go deo ní rachaidh ann.” Mar sin iar gcanadh dhó, Na páistidhe laga soin Do ghlac go ceanamhail I gclúid a bhaclann, A Lámha do leath ortha, Is tré bháidh do bheannuigh iad.
BRIGHID CHILLE DARA. Eóin Ó Searcaigh do scríobh. “Lóchrann geal na Laighneach 'Soillsiughadh feadh na tíre — Ceann ar óighibh Éireann, Ceann na mban ar mhíne. Tig an geimhreadh dian, dubh, 'Gearradh le n-a ghéire, Acht ar lá Fhéile Bhríghde Geal linn earrach Éireann.” Tomás Ó Flannghaile. I n-aimsir Bhríghde agus ar feadh bhliadh- anta i ndiaidh an ama sin ba le Cúige Uladh ó thuaidh ó'n Bhóinn. Bhí Co. Lughbhaidh i n- Ultaibh an t-am sin fosta. Thig linn a rádh gur Ultach a bhí i mBrighid Chille Dara cé go bhfuil Dún Dealgan i gCúige Laighean indiu. Ultach atá ionnam fhéin, agus níl aon am a cluinim iomrádh ar Bhrighid nach lasann mo shúile le bród fá gur Ultach í. Is minic a cluin tú a hainm dá luadh i gCúige Uladh indiu, agus ní dhéan siad dearmad dí i dTír Chonaill acht oireadh. I dtráthaibh na bliadhna 455 adeir na seancaidhthe a rugadh Bríghid. Isé an áit a rugadh í, i bhFachairt comhgarach de Dhún Dealgan. Is mór an cliú atá ar an áit so i seanchus na hÉireann. Badh ann a mair Cúchulainn “nár luaidheadh leis buille gan chéim; Acht cé gur iomdha sin gais- cidheach agus laoch mór a bhí ann ó'n tsean- aimsir anall is mar gheall ar Bhríghid atá ainm na háite sin i mbéal Éireann indhiu. Bhí fuil árd ghlan i mBrighid. Dubhthach a bhí ar a h-athair agus duine de na draoithibh a bhí ann le n-a chois sin. De mhuintir Uí Chonchubhair an Iarthair a máthair agus daoine cliúiteacha fosta. Adeirtear nárbh'é as an áit so Brighid ar chos ar bith acht go rabh a máthair ag gabhail ar thuras go Fachairt nuair a rugadh an leanbh. Ní rabh Naomh Pádraich i bhfad i n-Éirinn ath-uair nuair a tháinic Brighid ar an tsaoghal. Baisteadh í nuair nach rabh sí acht óg agus badh deas modhamhail an saoghal a chaith sí. Fuair sí oideachas maith dálta gach aonduine a bhí ann san am sin. Adeirtear gur hiarr a muintear uirthi pósadh uair amháin. Níor rabh a hintinn leis ariamh, agus d'iarr sí athchuinge ar Dhia mío-ghnaoi a chur uirthi, Tháinic meath ar shúil amháin dá cuid, agus annsin hórd- uigheadh dí a ghabhail isteach i na mnaoi- riaghalta. Chomh luath géar agus thionntuigh sí a Cúil ar an tsaoghal tháinic a hamharc chuici arais comh maith agus bhí ariamh. Is iomdha sin scéal deas a hinnistear i dtaoibh Bhríghde. Adeirtear go rabh Naomh Pádraic uair amháin ag déanamh seanmóra thuas i lár na hÉireann. Bhí sé ag caint leis na daoinibh ar feadh thrí lá agus thrí n-oidhche gan stad. Thárla go rabh Bríghid imeasg na ndaoine a bhí ag éisteacht le Naomh Pádraic. Níorbh i fhada dí ag éisteacht gur thuit suan chodlata uirthi. Bhí iongantas mór ar Phádraic fá gur thuit sí thart ina codladh. Mhúscail an naomh í i gcionn tamaill; nuair a chonnaic sí gurb'é Pádraic a mhúscail í chuaidh sí síos ar a glúnaibh ag iarraidh maitheamhnais. D'innis sí dó'n naomh go dtáinic aisling chuici a fhad agus bhí sí ina codladh. “Isé an rud a chonnaic mé san aisling,” arsa Brighid, “ceithre seisrighthe ag treabhadh bánta na hÉireann. Bhítheas ag crathadh an síl indiaidh na seisreach. Níorbh' fhada a bhí an síol curtha nuair a tháinic geamhas deas glas air. Thoisigh an geamhas a d'atharrughadh gur thionntuigh sé dath bhuidhe-ruadh. D' apuigh sé annsin agus líon na díogacha suas le sruth dheas bhainne mhilis. Bhí na daoine a bhí ag cur an tsíl cumhdaighthe ó bháthas cinn go trácht coise i n-éadach gheal. “Tamall bheag ina dhiaidh sin tháinic ceathrar seisreach eile agus a lucht tiománta. Éadach dubh a bhí ar an mhuintir a bhí ag cur an tsíl an t-am so. Mhill siad-san agus chreach siad go dtí nár fhág siad duilleabhar glas ins an áit. “Sinne,” arsa Naomh Pádraic, “an ceathrar seisreach a chonnaic tú. Tiocfaidh toradh ar gcuid oibre i n-Éirinn, acht sul a
dtigidh deireadh an tsaoghail tiocfaidh daoine eile agus tarraingeóchadh muintear na tíre ar shiubhal ó Dhia, agus cuirfidh siad suas creideamh dá gcuid fhéin.” Béidh ainm Bhrighid Chille Dara i mbéal Éireann comh fada agus mhaireas duine de shliocht Mhilidh Easpáinne ann. Níl aon tobar bheannuighthe i n-Éirinn beagnach, nach bhfuil a hainm air. Tá mórán de phaidreachaibh deasa ag na sean daoinibh fá dtaoibh de Bhrighid i nGaedhilc. Cha dtéid Féile Bhrighde thart sa Ghaedhealtacht gan na sean daoine agus an mhuintear óg fosta a bheith gnaitheach ag déanamh crasann chocháin i n-onóir de Bhríghid. Deich mbliadhna agus trí fichid a bhí Bríghid nuair a fuair sí bás. Chaith sí dhá fhichid bliadhain i gCill Dara. Badh ar an chéad lá de na Faoillidh a d'éag sí. Badh sa bhliadháin 525 a chuaidh sí ar shluagh na marbh. “Muire na nGaedheal” a thugtar uirthí go minic indiu. Is le grádh agus le meas uirthi a bheir siad an t-ainm uasal sin uirthi.
TEACHT AN CHREIDIMH GO H-ÉIRINN. Sliocht as aiste ó lámh an Athar Pheadair 'san Cork Weekly Examiner, Márta 15adh, 1902. Deirtear gur b' é cúis gur tugadh Ailfínn ar an eaglais sin, Imleach Ónó, 'ná so. Nuair a bhí an eaglais déanta chuir Pádraig Asán naomhtha 'na bun agus thug sé tobar breágh fíor-uisge ainíos as an dtalamh i n-aice na h-eagailse. Nuair a bhíthas ag déanamh an tobair do togadh cloch mhór ainíos as. Do socaruígheadh an chloch ar bhruach an tobair. Bhí an t-uisge chómh breágh chómh glan san gus tugadh Fionn mar ainim ar an dtobar. Bhí an chloch ar bhruach an tobair agus is geár gur tugadh ail Fínn, 'se sin, cloch Fínn, mar ainm ar an gcloich. As san ba ghear ná raibh ar idir chloch agus tobar agus eaglais, mar ainim, ach Ailfínn. Easbog dob eadh Asán naomhtha, agus ceárdaidhe dob eadh é. Gabha geal dob eadh é. Dhéineadh sé de Phádraig na neithe a bhí síachtanach do Naomh-Ídhbirt an Aifrinn. Dhéineadh sé na h-altóracha, agus cóthraí na leabhar, agus miasa cearnacha, agus a lán neithe de'n tsórd san. Do coimeádadh ceann de na miasaibh cearnacha ar feadh abhfad i n-Árd Macha, agus ceann i n-Ail- fínn, agus ceann i nDomnach mór Magha Seóla, ar altóir an easboig naomhtha, Felartach, i n-Uíbh Briuin Seóla, tamal mór siar ó Ailfínn. D'imthig Pádraig ó Ailfínn go crích Ua Oileala go h-áit dár bh' ainim Dúmacha. Chuir sé suas sa n-áit sin an eaglais dár bh' ainim Seancheall Dúmaíghe, Seanchíll a tugtí 'na dhiagh ran ar an eaglais sin. I gContae Roscomáin a bhí sí, ó dheas ó Ailfínn. D' fhág sé cuid mhaith dá deis- giobalaibh sa n-áit sin. D' fhág sé ann Mached, agus Cétchen, agus Ródán, sagart oirdheirc. Agus d' fhág ann Mátóna, deirbh- shiúr do Bheinín. Do choisric Pádraig agus Ródán í agus chuireadar an chail uirthi, agus bhí áthas ar Bheinín nuair a thuig sé go rabhthas 'ghá fágáilt fé stiúrúghadh Rodáin naomhtha. Ansan do thug Pádraig aghaidh ar Ráth Chruachna, an áit 'na raibh an dá draoi, Maol agus Caplait 'na gcómhnuighe. Tá cnuc maith árd ann. Ó'n gcnuc iseadh tháinig an ainim Cruachain ar dtúis. Breis agus ceithre chéad bliaghan roimis sin iseadh bhí Méibh agus Oiliol na gcómhnuighe sa n-áit. Bhí i n-aimsir Pádraig, agus tá fós, mórán de rian na sean aimsire sa n-áit. Is ann atá Roilig na Ríogh, agus uaigh Dhaithi. Sídh Cruachna a tugtí ar an gcnuc. Amach a' h-uaimh Cruachna iseadh tháinig na trí cait druídheachta chun eagla chuir ar na dtriúr laoch, Conal Ceárnach agus Laoghaire Buadhach, agus Cúchulainn, Do theith Conal agus Laoghaire uatha ach níor theith Cú- chulain. Cheap Méibh agus Oiliol an cura- mír a thabhairt do Cúchúlainn mar gheall air sin ach ní bheadh an bheirt eile sásta. Bhí tobar fíor uisge ag éiríghe ag bun an chnuic. An Clebach a tugtí ar an dtobar. Tháinig Pádraig agus a chualacht cléireach chun an tobair ar maidin agus an ghrian ag éiríghe, agus shuighdar i n-aice an tobair ag cantainn na dtráth. Ní fada bhiodar ann nuair a tháinig an bheirt bhan óg uasail, beirt íngean an Árdrígh Laoghaire, Éithne agus Fedelm, fé dhéin an tobair, Ba ghnáth leó teacht ann gach maidion 'ghá nighe féin agus chun díghe dh' ól. Nuair a chonach- dar na cléirig agus a n-aibidí Bána ortha mheasadar gur daoíne sídhe iad a tháinig amach a' Síd Cruachna. D' éistadar tamal leis an gcantainn. Ansan do labhair an cailín ba shine acu, Éithne. “Ce h-iad sibh-
se?” ar sise, “Nú cad as daoíbh? Nú an amach a' Sídh Cruachna thánbhúir? An bhfuil sgéala agaibh le h-ínsint dúinn? Má tá déinig a ínsint dúinn, agus má tá nídh ar bith gur maith libh sinn 'ghá déanamh déan- fimíd é má's féidir dúinn é.” “Ní daoíne sídhe sinn, a 'ghnín ó,” arsa Pádraig. “Is daoíne saoghalta sinn mar sibh féin. Ní h-amach a' Sídh Cruachna a thánamair. Tánamair thar farge isteach go h-Éirinn, agus tá sgéala againn le h-ínsint, sgéala maitha, agus ní'l aoinne gur bhfear linn na sgéala san d'ínsint dó ná daoíbhse mar is beirt inghean sibh d'Ardrígh Éirean agus ba mhaith linn sibh a thabhairt suas do Dhia na nDúl, d'Árdrígh an domháin.” “Agus ce h-é Dia na nDúl?” arsa Éithne. Nú ce 'cu de na dúilibh go bhfuil a chomhnuíghe ann? An sa spéir a chomh- nuígean sé? Nú sa talamh? Nú sa bhfarge? Nú sa ghréin? Nú sa ghealach? An bhfuil clann mhac agus clann inghean aige? An bhfuil ór agus airgead agus saidhbhreas aige? An bhfuil sé óg? Nú an bhfuil sé aosda?” “Cómhnuighean se ins na dúilibh go léir,” arsa Pádraig. “Is leis féin iad go léir mar isé féin a dhéin iad go léir. Isé chruthuig an spéir agus an talamh, an ghrian agus an ghealach. Isé chruthuig na cnuic agus na gleannta, na h-éin agus na h-éisg agus na beithig allta. Isé chruthuig na daoíne go léir. Isé chruthuig sinne agus sibhse. Ní'l sé óg agus ní'l sé aosda. Ní raibh tusach le n-a shaoghal agus ní bheidh deire le n-a shaoghal. Tá sé ins gach uile áit. Tá fios gach uile nídh aige. Is féidir leis gac uile nídh dhéanamh. Chíon sé gach nídh a dhéinimíd. Chíon sé an smuíneamh is sia isteach i n-ár n-aigne. Má dhéinimíd an an mhaith tabharfidh sé luacht saothair dúinn tar éis ár mbás, agus má dhéinimíd an t-olc déanfidh sé díoghaltas orainn mar gheall air.” (B'é deire an sgéil gur ghlac Éithne agus Fedelm an creideamh). LÁ FHÉILE PÁDRAIC Corradh beag le coicthighis eile agus béidh Lá Fhéile Pádraic againn. Léimeann mo chroidh féin le lúthgháir ar chluinstin an scéala sin. Níl aon Ghaedheal ar fud an domhain mhóir nach smaointigheann ar Éirinn ar theacht an lae sin. Tig mórán laethe móra taobh istoigh de bhliadhain, acht isé lá fhéile Pádraic an lá is mó ag Éireannchaibh rith na bliadhna. Bíonn lúthgháir agus éirghe i n-áirde go leor ar Ghaedhealaibh an lá sin. Badh h-é an gnás a bhí in go leor áiteachaibh ar fud na tíre lá fhéile Pádraic a chaitheamh ag ól biotáilte. Shaoil mórán aca nach dtiocfadh leo an lá a chaitheamh i gceart mura mbéadh siad luchtuighthe le biotáilte. Chaithfeadh siad an tseamróg a fhliuchadh nó ní bhéadh maith ina bheith 'ghá chaitheamh. Tá athrughadh mór, buidheachas do Dhia, ar intinn na ndaoine anois thar mar bhí tá deich mbliana ó shoin. Is mór an dí-mheas anois a saoileas fear óg a bheith air féin má 'tchífear é i gcionn an ghloine, go háirighthe ar lá fhéile Pádraic. Má choinnighthear an spiorad sin beo ní fada go mbéidh an t-ól gránda díbrighte as csíochaibh Fáil le cois gach olc atá ar a lorg. Tá meas mór ag muintir na h-Éireann ar Naomh Pádraic. Isé an onóir is mó a thiocfadh leo a theis- beáint dó gan bac leis an ól ar lá fhéile Pádraic. Gheobhaidh na daoine óga neart pléisiúir ó na spór- taibh eile a bhíos ar siubhal ar fud na tíre an lá sin gan a ghabhail 'un toighe biotáilte leis an lá a chaitheamh ann. Agus biodh a fhios agat nach ar phócaibh folamha is ceart do dhuine ar bith a ghabhail atá ag smaointiughadh ar leigean leis an ól. Is maith a thaiinsigheas sé liom na daoine óga — buachaillí agus cailíní — a fheiceáil cruinnighthe i gcionn a chéile tráthnóna an lae sin agus tamall damhsa a bheith aca. Níl dochar ar bith do dhaoinibh tamall a caitheamh ag damhsa comh fada agus nach dtig olc as. Má tá lá ar bith eile sa bhliadhain is mó ar cheart do mhuintir na h-Éireann sean teanga na nGaedheal a chleachtadh ise lá fhéile Pádraic é. Badh h-é sin an teanga a chleacht sé fhéin nuair a bhí sé ag siubhal bánta na Fódla, agus badh h-í an Ghaedhilc a labhair sé leis na daoinibh ag míniughadh chreideamh nua dóbhtha. Leanadhmuis-inne a lorg. Cleachtadhmuis an sean teanga agus béidh meas ag Pádraic orainn. EOIN Ó SEARCAIGH.
CRÍOSDHAIDHTHE MAITHE. Ó'n Athair Peadar Ua Laoghaire, Canónach S.P. From “Seanmóin agus Trí Fichid,” by special permission of the Irish Book Co., 6 D'Olier St., Dublin. “An t-é a chreidfidh agus a baistfear, saorfar é. An t-é, ámhthach, ná creidfidh, daorfar é.” Ní gádh dhúinn trácht ar an mbaisteadh, Do dhein an Eaglais an méid sin dúinn chómh luath agus thánamair ar an saoghal. Dhein an Eaglais, leis, dúinn an craobh- sgaoileadh a dh'órduigh an Slánuightheóir a dhéanamh. Do chuir sí fhiachaibh orainn teacht anso chun tíghe Dé chun an Teagasg Críosdaidhe a dh'fhógluim, agus do múineadh dúinn é. Do tugadh fios aitheanta ár gcreidimh dúinn go cruinn agus go h-iomlán agus go fóirlíonta. Níor fágadh aon easnamh ar ár n-eólus. Ní raibh aon ghádh ag aon duine againn le Soisgéal an lae seo d'aireachtaint anois chun a fhios a bheith aige gur eirigh ár Slánuightheóir an treas lá ó mharbhaibh, agus gur chuaidh sé suas ar neamh, agus go bhfuil sé 'n-a shuidhe ar deas-láimh Dé, agus go dtiocfaidh sé as san chun breitheamhantais a thabhairt ar bheóibh agus ar mharbhaibh. Tá an t-eólus san go léir againn de ghlan mheabhair ó thusach ár n-óige. B'fhéidir gur b' amhlaidh atá an t-eólus ró ghlan againn agus an iomad taithighe againn air, i dtreó ná cuirimíd oiread suime ann agus ba cheart dúinn a chur ann. Ansan, cad mar gheall ar an bhfocailín eile úd, “An t-é ná creidfidh daorfar é”? “Ó,” a déarfaidh duine, b'fhéidir, “tá an puinte sin socair go leór. Creidim gach aon rud a mhúinean an Eaglais. Pé rud a bheidh agam le freagairt, ní bheidh aon nídh agam le freagairt sa méid sin.” Seachain! B'fhéidir go mb'fhearra dhuit gan codladh ar an gcluais sin. An t-é a
chreidean rud, deinean sé beart do réir mar a chreidean sé. An fear a chreidean go bhfuil namhaid ag faire air chun a mharbhuighthe, beidh sé coitchianta ag faire ar an namhaid sin a d'iaraidh é sheachaint. Má chím an fear san, agus gan aon arm cosanta aige, ag dul sa n-áit 'n-a bhfuil an namhaid sin, cad 'tá le rádh agam? Tá fhios ag an saoghal go bhfuil an fear as a mheabhair, nó, murab é sin é, ná creidean sé go bhfuil an namhaid i n-aon cor ann. Isé an namhaid an peacadh. Do múineadh dúinn fadó cad é an nídh peacadh: “Aon smuíneamh toiltheamhail, briathar, nó gníomh, a déintear i n-aghaidh dlíghe Dé.” Chreideamair é sin an uair sin. Creidimíd anois é. Conus is féidir dúinn a rádh go gcreidimíd anois é má chomáinimíd linn ag déanamh an pheacaidh gan blúire suime chur i ndlígh Dé? Ar ndó', tá fhios ag an saoghal gur b'é cúis go comáinimíd linn ar an gcuma san ag déanamh an Pheacaidh mar ná creidimíd i gceart i ndlígh Dé, agus siné focal an tSlánuightheóra againn leis: “An t-é ná creidfidh, daorfar é.” An gcreidimíd an focal san? “Ó,” a déarfaidh duine, b'fhéidir, “creidimíd, ar nóin! Cad 'n-a thaobh ná creidfimís é? An focal a dúbhairt an Slánuightheóir féin! An t-é ná creidfeadh an focal san ní chreidfeadh sé aon rud; Go díreach! An t-é ná creidfeadh an focal san ní chreid- feadh sé aon rud. Ní dóich liom-sa, ámhthach, go gcreidimíd-ne an focal san. Agus cad é an chúis gur dóich liom ná creidimíd é? Mar ba dhóich liom dá gcreidimís é go gcuirfeadh sé eagal orainn. Comáinean duine leis i gcaitheamh a shaoghail ag déanamh na bpeacaí, 'ghá ndéanamh le smuíneamh, le briathar, le gníomh agus le faillighe. Agus ní'l aon bhlúire eagla air! Conus is féidir a rádh go gcreidean an fear san go bhfuil Dia ag feuchaint air? Go gcaithfidh sé cúntas a thabhairt ins gach smuíneamh; ins gach briathar; ins gach gníomh; ins gach faillighe? Go dtabharfaidh an Slánuightheóir breitheamhantas air? Agus go ndúbhairt an Slánuightheóir an focal, “An t-é ná creidfidh, daorfar é”? B'fhéidir go bhfuil, a phobul, an creideamh istigh i n-ár gcroídhe, ar chuma éigin, ach is baoghalach gur 'n-a chodladh a bhíon sé go minic. Ní foláir a dh'admhail, ámhthach, go bhfuil Críosdaidhthe i n-ár measg agus ná bíon codladh ná suan ná míogarnach ar a gcreideamh choídhche. D'á chómhartha san féin, ní feictear choidhche iad ach ag faire ortha féin, i láthair Dé, le h-eagla go ndéanfaidís aon nídh do chuirfeadh fearg ar Dhia. Má chuirean an namhaid droch smuíneamh 'n-a n-aigne, is tapaidh a thóg- faid siad a gcroídhe suas chun Dé agus a dh'iarfaid siad ar Dhia, tré impidh na Maighdine Muire, an smuíneamh san a dhíbirt. Má airighid siad an droch fhocal ar siúbhal, beidh focal láithreach idir iad féin agus Dia, cogar acu d'á dhéanamh le Dia a gan fhios do'n tsaoghal. Siné an cogar a thaithnean le Dia agus ní baoghal ná go bhfreagaróchaidh sé an cogar, go ceannsa agus go cneasta agus go grádh- mhar. Má spriocan an namhaid iad chun aon droch ghnímh a dhéanamh, nó má ráinighean, tré nádúr chlaon an duine, go sleamhnóchaidís beagán ó'n mbóthar ndíreach, is tapaidh a bheid siad ag cathaoir na faoisdine, go h-úmhal agus go h-aithrigheach: 'ghá iaraidh ar Dhia, tríd na gcómhacht a thug an Slánuightheóir d'á Eaglais, toradh páise an tSlánuightheóra do dhul chun sochair dóibh sa n-asbolóid. Tá neart an chreidimh ar lasadh ins gach aon chor d'á gcuirean Críosdaidhthe de'n tsórd san díobh ó mhaidin go h-oídhche, ó Luan go Satharn, ó thusach saoghail dóibh go dtí go dtagan an bás ortha. Ní misde dhóibh sin aghaidh a thabhairt ar an mBreitheamh, atá 'n-a shuidhe ar deas-láimh Dé, agus do thiocfaidh chun breitheamhantais a thabhairt ar bheóibh agus ar mharbhaibh. Ní gádh dhóibh sin aon eagla bheith acu roimis an mBreitheamh; bíodh gur mó an t-eagla a bhíon ortha, uaireanta, 'ná mar a bhíon ar an muintir gur ceart dóibh eagla bheith orra.
MISIÚN INS NA ROSAIBH. Bhí misiún ghoirid aca ins na Rosaibh i dTír Chonaill an tseachtmhain roimhe an Fhéil Pádraic. Beirt sagart de Órd Naoimh Proinnsias a thug an misiún uatha. Chaith siad trí lá ar na h-Acaraibh, trí lá i gCeann Caslach agus tsí lá eile i n-Áth na gCoire. Badh ar an ólachán a badh mhó a bhí siad ag trácht. Badh deas mar labhair siad i n-aghaidh an óil. Tugadh cluas agur aire mhaith do'n méid a dubhairt siad. Bhí an teach-pobail lán go doras gach uile mhaidin agus gach uile tráthnóna. Tá mé cinnte go rabh míle go leith duine i láthair an oidhche dheireannach a bhí siad i dtoigh-pobail Cheann Chaslach. Thug bunadhas gach duine dá rabh ann gealladh nach n-ólfadh siad braon biotáilte ar feadh bhliadhna. Níl amhras as bith ná go gcoinneochaidh mórán aca an gealladh sin suas agus nach bhfeictheas taobh istoigh de thoigh biotáilte iad go dtí an t-am so ar an bhliadhain chugainn. Is mór atá an t-ól ag gabhail ar gcúl sa na Rosaibh ar na bliadhantaibh deireannacha ro. Is iad na misiúin so is cionntaighe leis an chúl mhór atá ag gabhail ar an ól as an moillibh chois cladaigh annso i dTír Chonaill. Is mór an lúthgháir a badh chóir dúinn ith orainn nuair atchímid go bhfuil cúl ag teacht an ól mhalluighthe annso i gcríochaibh Conaill Ghulbain fhéin. Beidh rath agus bláth ar gach aon nach mblasfaidh braon biotáilte go ceann bliadhna.
“TOIL DÉ GO NDÉINTEAR!” Ó'n Athair Peadar Ua Laoghaire, Canónach S.P. From “Seanmóin agus Trí Fichid,” by special permission of the Irish Book Co., 6 D'Olier St., Dublin. Ní fheadair an duine cad is maith dhó ná cad is olc dó ar an shaoghal so. Thall, ar an saoghal eile, iseadh do socarófar gach aon rud. Is ag Dia amháin atá fios gach uile nídh. Tá fhios aige cad is maith dhúinn agus cad is olc dúinn. Isé Dia do chruthuigh sinn agus do chuir ar an saoghal so sinn. Thug sé ciall agus tuisgint dúinn i dtreó go bhféadfaimís aithne chur air agus grádh thabhairt dó. Tá grádh aige dhúinn, grádh gan teóra, grádh nach féidir dúinn a mhéid ná a neart do thuisgint an fhaid a bheimíd ar an saoghal so. Le méid agus le neart a ghrádha dhúinn iseadh chuir sé an t-Aon-Mhac uaidh chun sinn do shaoradh ó'n bpeacadh agus chun geataí na bhflathas a dh'osgailt dúinn. Le méid agus le neart a ghrádh' dhúinn iseadh atá a ghrásta aige 'á thabhairt dúinn coitchianta, chun sinn a thabhairt ó'n bpeacadh agus chun sinn a choimeád ó'n bpeacadh. Ní féidir d'aon ruibe amháin d'ár ngruaig tuitim d'ár gceann ach le n-a thoil. Ní'l ach aon nídh amháin a dh'fhéadfaidh choídhche díobháil a dhéanamh dúinn i gcoinnibh a thoile. Cad é an nídh é sin, a phobul? Cad é an nidh a dh'fhéadfaidh díobháil a dhéanamh dúinn agus nach féidir do thoil Dé sinn a chosaint ar an ndíobháil sin? Ár dtoil féin. Is féidir do Dhia mé chosaint ar thoil duine eile má's máith leis é. Ní'l cómhacht ar thalamh ná i n-ifrean nach féidir dó mé chosaint air má's maith leis é. Ní féidir dó mé chosaint ar mo thoil féin má's maith liom mo thoil do chur i gcoinnibh toile Dé. D'fhéadfadh sé, nídh nach iongnadh, saor-thoil a bhaint díom. D'fhéadfadh sé an mheabhair shaoghalta a thug sé dom do bhaint díom. Ach ní h-í sin an cheist i n-aon chor. Ní fhéadfadh sé saor-thoil fhágáilt agam agus ansan mé chosaint ar an saor-thoil sin dá mba mhaith liom féin díobháil a dhéanamh dom féin léi i n-aimhdheóin a ghrásta. D'á bhrígh, sin, an Críosdaidhe gur maith leis leas a anama dhéanamh ní'l ach aon usáid amháin aige le déanamh d'á thoil, 'sé sin, í chur i gcómhnuighe le toil Dé. Ní féidir d'aon rud eile díobháil a dhéanamh duit ach do d' thoil féin. Cuir an toil sin le toil Dé i gcómhnuighe agus ansan ní fhéadfaidh sí gabháil bun os cionn le toil Dé. An fhaid ná raghadh do thoil bun os cionn le toil Dé ní féidir duit peacadh dhéanamh. Ach is ana dheacair an toil seo againn do chur le toil Dé ar an gcuma san. Ní féidir é dhéanamh ach le congnamh ó ghrásta Dé féin. Tá an congnamh san ag Dia féin 'á thabhairt dúinn coitchianta. Ba cheart dúinn bheith 'ghá iaraidh coitchianta. D'á mhéid a dh'iarfaimíd é iseadh is mó a gheóbhaimíd dé. Siné an gnó ba cheart do'n Chríosdaidhe a cheapadh dhó féin mar aon ghnó amháin le déanamh ar an saoghal so, bheith coitchianta 'ghá iaraidh ar Dhia na glóire a ghrásta thabhairt dó chun go gcuir- feadh sé a thoil le toil Dé. Pé trioblóid a bhéadh ag teacht air, pé cruadhtan a bhéadh aige le gabháil tríd, pé éagcóir a bhéadh dh'á dhéanamh air, an t-aon fhocal amháin a bheith 'n-a chroídhe agus 'n-a bhéal aige i gcómhnuighe: “Dé bheatha grásta Dé! Toil Dé go ndeintear!” Go dtugaidh an Slánuightheóir, tré impidhe na Maighdine Muire agus na n-Aspol, a ghrásta dhúinn go léir chun ár dtoile do chur le toil Dé, pé fada gairid is toil le Dia na glóire sinn fhágailt ar an saoghal so, Amen, a Thighearna.
The Pope's Message translated into Irish by An t-Athair Peadar Ua Laoghaire, Canónach, S.P. Tugaimíd anois ó chroidhe, tré mhéid ár ngrádh dhóibh, agus le h-ionmhuine fé leith, an bheanacht aspolda, do´n chlaínn seo atá i gCrúsáid na nGaedhal Óg. Molaimíd iad go h-árd mar gheall ar an obair ró rathmhar atá acu á dhéanamh, agus tá ana chion againn ortha mar gheall ar a gcroidhthe do bhronadh orainn. I dtaobh na h-athchuiníghe seo atá ag na leanaíbh céadna 'á iaraidh orainn, ar son Cúise an leinbh fhóghanta san, Neilli Bheag Ní Órgain, níl againn le rádh leó ach bheith ag cur a nguidhe suas go dúthrachtach chun Déi sa chás, óir is ag Dia amháin atá a mian do thabhairt dóibh agus A Thoil ró-naomhtha féin a thais- beáint go mirbhuilteach. PIUS PP. X. Ó'n Vatican, An sémhadh lá de Bhealtaine, 1912,
ÁTHAS. Ó'n Athair Peadar Ua Laoghaire, Canónach S.P. From “Seanmóin agus Trí Fichid,” by special permission of the Irish Book Co., 6 D'Olier St., Dublin. Ní féidir áthas iomlán a dh'fhághail ó aoinne ach ó'n Athair Síoruidhe. Agus ní féidir an t-áthas iomlán san a dh'fhághaíl ar an saoghal so, ach sa mhéid go seólan sé an duine chun an áthais atá le fághail ar an saoghal eile, chun an áthais atá síoruidhe. Bíon áthas ar dhuine nuair a mhothuighean sé neart agus fuinneamh na sláinte 'n-a bhallaibh beatha. Ní h-áthas iomlán an t-áthas san. D'fhéadfadh droch ghaoth, nó coiscéim anacair, nó lán béil de bhiadh ná bhéadh foláin, an t-áthas san do lot ar iompáil na Baise. Is fada ó áthas iomlán an t-áthas is féidir a chur chun siubhail chómh h-uiriste sin. Bíon áthas ar dhuine, b'fhéidir, nuair a bhíon saidhbhreas saoghalta aige, agus creide- amhaint ameasg a chómharsan. Bíon fiche rud ag baint ó'n áthas san. Ní h-iad lucht an tsaidhbhris mhóir is sáimhe chodlan an oidhche. Leanan cúram agus buairt aigne an saidhbhreas. Ní bhíon an fear saidhbhir choídhche gan lán a chroidhe d'eagla air go mb'fhéidir go dtiocfadh sóinseáil éigin sa tsaoghal, agus go sgaipfí an saidhbhreas, agus go mbéadh sé beó bocht. Ní h-áthas iomlán, ní h-eadh, ach ní h-áthas i n-aon chor, rud a chuirean, agus do choimeádan, buairt agus céimaighrádh aigne de'n tsórd san ar dhuine. Is áthas iomlán, ámhthach, ar an saoghal so féin, an t-áthas a bhíon ar chroídhe agus ar aigne an duine nuair a bhíon, cuir i gcás, faoisdin mhaith déanta aige agus síothcháin ar a choinsias, agus nuair is féidir dó feuchaint suas agus a rádh, i láthair Dé, “Má 's é toil Dé glaodhach orm tá súil le Dia agam go bhfuilim ollamh.” Tá an t-áthas san iomlán, chómh fada agus is féidir d'aon áthas bheith iomlán ar an saoghal so, mar is áthas é atá ag seóladh an duine sin chun an áthais agus chun an aoibhnis atá síoruidhe. “Go dtí so,” arsa'n Slánuightheóir, “níor iarabhair aon nídh am' ainim.” Tá brígh ana dhoimhinn leis an bhfocal san. Tá daoine sa tsaoghal agus nuair a thagan buairt nó trioblóid mhór ortha, is amhlaidh a léimean a gcroídhe agus a n-aigne suas láithreach chun Dé. Sgreadan a gcroídhe láithreach ar Dhia, 'ghá iaraidh air an trioblóid sin do thógaint díobh má 's é a thoil naomhtha é agus leas a n-anama, nó, murab é a thoil naomhtha é thógaint díobh, 'ghá iaraidh air é bhogadh dhóibh, agus a ghrásta thabhairt dóibh chun é dh'fhulang mar is cóir do Chríosdaidhe buairt agus trioblóid a dh'fhulang. Freagran Dia Críosdaidhe de'n tsórd san. Tugan sé a ghrásta do'n duine sin. Bainean grásta Dé an nimh as an dteinneas, nó cuirean sé neart i gcroídhe an duine i dtreó ná géillean sé do'n trioblóid, go bhfuilingean sé gach aon rud do réir thoile Dé. Cuirid Críosdaidhthe de'n tsórd san buairt agus trioblóid díobh, agus nuair a bhíon an bhuairt nó an trioblóid imthighthe ní fhanan blúire cuimhne acu air. Ansan tagan trioblóid eile, trioblóid, b'fhéidir, is truime 'ná an chéad trioblóid. Ach is lúgha a ghoillean sé ortha 'ná an chéad trioblóid, mar bhíon breis nirt fághalta acu as an gcéad fhulang, agus bíon breis grásta acu d'á fhághaíl ó Dhia. Ansan tagan dhá thrioblóid, trí trioblóidí; tagaid siad ag brúth ar a chéile, ag baint tusach slíghe dh'á cheile, ag satailt ar shálaibh a cheile, go dtí gur dhóich le h-aoinne gur cheart do'n duine sin bheith as a mheabhair, glan, acu. Ach ní bhíon sé as a mheabhair ná as a chéill. Bíon a shúil agus a intinn agus a aigne socair go daingean ar thoil Dé. Is amhlaidh a dhainginighid na trioblóidí go léir a chroídhe ar Dhia, i dtreo gur ag dul
i ndaingineacht a bhíon sé le gach trioblóid d'á gcuireann sé dhé. I lár na buartha agus na dtrioblóidí agus na gcathana tagan an t-am, fé mar a tháinig an t-am do Pheadar go dtárnalfaí ar an gcrois é, nó fé mar a tháinig an t-am do Phól go gcuirfeadh sé a cheann ar an mbloc, tagan an t-am do'n Chríosdaidhe go nglaodhan Dia as an saoghal é suas chuige féin. Tagan am a bháis. Ní bhíon, tré ghrásta Dé, sgáth ná eagla aige roimis an mbás. Tugan Dia an neart san dó le linn a bháis fé mar a thug sé gach neart eile dhó i gcaitheamh a shaoghal. Téighean sé suas i láthair Dé, agus tugan Dia na glóire a thuarasdal dó. Thug an duine sin a shaoghal go léir 'ghá iaraidh ar Dhia, i gcómh- nuighe, i n-ainim an tSlánuightheóra, gach aon ghrásta ba mhó a bhí i n-easnamh air do thabhairt dó. Do tugadh dó iad. Tá a thoradh san anois aige. Tá áthas air, agus tá an t-áthas iomlán. Isé an t-áthas é a thugan aoibnhneas síoruidhe na bhflathas do dhuine.
AN DUAIS-LITIR. 28 Tighthe Rialtó, Bóthar Timcheallach Theas, Áth Cliath, 13adh de Bhealtaine, 1912. A Bhanbha, a chara, — Nach deas an rud é cuaird fá'n tír? Badh mhaith liom do bheith i mo chómhnuidhe san tír. Chuaidheas go Conndae Chill Mhanntain anuraidh nuair bhí na fir ag baint an choirce agus na neornan. Ó! is deas an pictiúr é — guirt buidhe le cruithneacht agus arbhar; páirceanna glas leis an bhféar atá ag fás ionta agus na ba is na caoire ag cimín ionta. Bhíos i naice na fairrge agus chonnaiceas na longa ag teacht isteach cumh an chuain. Bhíos ar an bhfairrge go minic i mbád rámha agus ba mhaith liom é. Nuair d'fhilleas a bhaile bhí brón mór orm, acht, le congnamh Dé, beidh mé ag dul ann arís san samhraidh. — Is mise, le meas mór, MAIRE NÍ RAGHALLAIGH.
BEANNACHT LEAT, A MHUIRE. [This beautiful rhymed prayer is repeated by the people in certain of the Irish-speaking districts, as they leave the church. We give it here in the ordinary and simplified spellings.] Beannacht leat, a Mhuire, Beannacht leat, a Chríost, Go gcumhdaigh sibh m'anam Go dtigidh mé arís. Beannacht leat, a thigh Dé, Agus beannacht Dé n'ár dtimcheall, Nár sgara uainn-ne grása Dé Go bhfillimid chun a theampaill.
TRIOBLÓID & MEISGE. Ó'n Athair Peadar Ua Laoghaire, Canónach S.P. From “Seanmóin agus, Trí Fichid,” by special permission of the Irish Book Co., 6 D'Olier St., Dublin. Tá daoine eile sa tsaoghal agus nuair a thagan buairt mhór, nó trioblóid mhór, nó umárd mór ortha, is amhlaidh a thagan dúire, nó doircheacht aigne, ortha, i dtreó ná chuimhnighid siad i n-aon chor ar Dhia. Tagan mairbhithighe ar a gcroidhe, lag-spioraidighe éigin, agus is amhlaidh a luighid siad ar an dtalamh fé'n ualac. Bíon a gcroídhe briste brúighte, agus ní fhanan preab ná cor ionta. Cromaid siad a gceann agus sgaoilid siad a srian féin leis an nbuairt. Ní chuimhnighid siad i n-aon chor ar Dhia ná ar ghuidhe chun Dé ná ar aon rud a dh'iaraidh ar Dhia. Bíd siad díreach sa chás 'n-a raibh na deisgiobuil nuair a chas an Slánuightheóir leó ná raibh aon nídh acu 'á iaraidh ar an Athair Síoruidhe i n'ainim féin. Mura ndeinid Críosdaidhthe de'n tsórd san cuimh- neamh ar Dhia is baoghalach go ndeinid siad rud nach é. Is baoghalach go gcuimhnighid siad ar shlígh eile chun an teinnis aigne do mhaolughadh. Cuimhnighid siad ar an mbraon díghe. Luighid siad ar ól. Cuirid siad ortha ní chuimhnighid siad ar an mbuairt. Nuair a bhíon an mheisge sin imthighthe bíon an sgéal dhá uair níos measa acu. Mús- glan nimh na buartha níos géire 'ná riamh, agus cuirean dólas an mheisge atá curtha dhíobh acu tuille faobhair ar a mbuairt, tuille meagchaint sa bhrón atá ar a gcroídhe. Má ba dheacair an buairt a dh'fhulang ar dtúis, dá dheacra an bhuairt agus an brón a dh'fhulang anois. Siúd chun an óil airís iad. Siúd chun an óil iad airís agus airís eile. I ndiaigh ar ndiaigh beirean béas an óil greim ortha, greim ar chroídhe agus ar aigne agus ar intinn ortha. As san amach is cuma leó cad a dheinean Buairt ná trioblóid, gnó ná cúram, Dia ná duine, an saoghal so ná an saoghal eile, aoibhneas na bhflathas ná teinte ifrinn. Ní mhothuighid siad aon rud. Cuirid siad an chuid eile d'á saoghal díobh idir bheith 'n-a gcodladh agus 'n-a ndúiseacht. Ní ró fhada a théighean leó. Loisgean an t-ól préamh na beatha agus na sláinte istigh ionta. Tagan an bás ortha abhfad sar a mbíon a saoghal nádúrtha caithte acu. Ní féidir dóibh fanamhaint a thuille ar an saoghal so. Caithfid siad, pé olc maith leó é, aghaidh a thabhairt ar an síoruidheacht. An suas a raghaid siad? Conus is féidir dóibh dul suas? Ó, a Chríosdaidhthe, is crúaidh an cás é! Ní féidir dóibh dul suas. Do dhúnadar féin an uile dhorus ortha féin. Ní h-é Dia do dhún na dóirse ná na bóithre suas ortha, Iad féin a dhún iad. Ní h-é Dia do chuir a saoghal i ngioracht. Thabharfadh Dia a saoghal nádúrtha dhóibh dá leigidís dó é. Cá bh'fhios dúinne ná d'aoinne eile cad iad na grásta a thug Dia dhóibh i gcaitheamh a saoghal, a d'iaraidh iad a dh'iompáil ar a leas, agus ná déanfaidís rud air! Tá fhios againn go maith nár leig Dia uaidh iad gan a ghrásta thabhairt dóibh go flúirseach chun iad a choimeád. D'imthigheadar uaidh, ach is í n-aimhdheóin na ngrást a d'imthighea- dar uaidh. Ní raibh aoinne chun iad do bhreith suas go h-aoibhneas na bhflathas ach Dia. Bhéarfadh Dia leis suas iad dá mba mhaith leo dul leis. Ní raghaidís leis. Conus is féidir dóibh dul suas anois? Ní féidir dóibh dul suas anois. Síos a chaithfid siad dul. Síos, i gcóir na síoruidheachta!
LITIR Ó SHEAN-CHARAID. Baile an Róistigh i gCo. Corcaighe, An 11adh lá de Mheitheamh, 1912. Do Bhanba — Tá ceist & ceann-fé & náire an domhain orm toisg gan cuimhneamh le fada d'aimsir ar mo charaid Banba a bhí chómh muínteardha liom & chómh maith dhom i gcómhnuighe. Ní h-alaidh d'aoinne ded' chlainn a leithéid sin dhéanamh ort, & is oth liom a dh'admhail gur mise a bhí ciontach an uair seo. Gaibh mo leath-sgéal a Bhanba. Ná tóg orm é mé bheith chómh fada gan sgríobhadh chughat. Is mór a thaithn liom an méid cainte a dubhradh ins an Record i dtaobh “Neillí Bhig” & tá súil againn go léir anso go raghaidh a cúis ar aghaidh sa Róimh & gur gearr go mbeimíd ag tabhairt onóra dhi ar an altóir. Ach tá naomh eile leis go bhfuil a cúis ag dul ar aghaidh go maith sa Róimh & ba cheart go mbeadh aithne & eolas ag gach aon Y.I.C. uirthi: mar táim deimhnightheach go gcabhróchaidh sí leo & le gach aoinne a déanfaidh ímpí uirthí. Tá a cáil i n-áirde sa tír seo & i dtíorthaibh eile indiú, & tá cur síos ar a beatha naomhtha ins gach aon teangain geall leis. Nach chóir dá bhrígh sin go mbeadh sé i nGaoluing leis & go mbeadh aithne & cion ag's na Y.I.C.'s uirthi? Geallaim dhóibh nách miste dhóibh guidhe chúichi, mar go bhfaghaid siad gach aon tabarthas a iarfaid siad uirthi. Tá a geallamhaint féin againn leis — dubhairt sí le na siúrachaibh, “caithfeadsa mo shaoghal ar neamh ag déanamh maitheasa don chine daona.” Sin é an machtnamh a thug deimhne dhom gur mhaith an rud é dá dtabharfainn fé raint neithe innsint díbh mar gheall uirthi a Gaoluing. Táim ar aigne iaraidh ar dhuine éigin Gaoluing a chur ar Bheatha an Seathar Terésa i gcaitheamh an tSamhraidh. D'fhéadfá- sa é thabhairt do'n Eatarthóir nuair a bheidh sé sgríobhtha, agus b'fhéidir go gcuirfeadh sé é féin & peictiúir an “Bhláith Ghléigil” i gcló i dteanta chéile. Go bhfága Dia suas abhfad tú & go gcuirfidh Dia an sath ort. — Mise, a Bhanba, do chara go buan MÁIRGHRÉAD NÍ MHAOLDHOMHNA. “AN RÉILTHEAN LEANBHACH” .i. An t-Siúir Terésa ó Lísieux, nó Flós Gléigeal Íosa. Do rugadh “An Réilthean leanbhach” nó mar a nglaodhfaidís uirthi i bhFraincis Marie-Francoise Thérèse Martin, i n-Alencon sa bhFrainc an dara lá d'Eanair, 1873. Nuair a bhí sí cúig bliadhna déag d'aois chuaidh sí isteach i gConbhint d'Órd na gCar- mailíteach & do chaith sí naoi mbliadhna go leith ann go subháilceach & go naomhtha & go deagh-thréitheach. Bhí mainighin iongantach a Dia aici & thug sí grádh a h-anam dó. Fuair sí bás an deichmheadh lá fichid de Mhí an Mheadhoin-Fhoghmhair sa bhliadhain 1897. Faghtar a lán grásta trí n-a h-ímpí & do h-iaradh ar an Eaglais Naomhtha í chur ameasg na mBeannuighthe. Féadfar Leaflets d'fhághail ó'n Orphans' Press, Rochdale, England, ar cúpla pingin. Iartar ar gach aoinne a leighiseadh nó a fuair grásta specíala ó'n Naomh é innsint do'n Rev. Prioress, Le Carmel, Lisieux, Calvados, France. MAIRGHRÉAD NÍ MHAOLDHOMHNA
NAOMHTHACHT BEATHA. Ó'n Athair Peadar Ua Laoghaire, Canónach S.P. From “Seanmóin agus Trí Fichid,” by special permission of The Irish Book Co., 6 D'Olier St., Dublin. Isé nádúr na ndaoine riamh go mbíon uraim ana mhór acu do naomhthacht beatha nuair a chídh siad é. Má's naomhthacht firin- neach é is ceart an uraim sin a thabhairt dó. Nuair a chíd na daoine cómharthaí so-fheicse naomhthachta tuigid siad 'n-a n-aigne go bhfuil an naomhthacht sa n-áit 'n-a bhfeicid siad na cómharthaí. Nuair a chíd siad an aghaidh bhán, mhí-lítheach agus an ghnúis ghruama, dhorcha, gan sult gan gáire ann, “Ó,” adeirid siad leó féin, “is ana naomh- tha an duine é sin! Is uathbhásach a ndéin- ean sé de throsgadh agus dé thréadhnas agus de chlaoidh ar a cholainn ar gach aon tsaghas cuma, nó ní bhéadh an driuch san air.” Ansan tagan árd uraim acu do'n duine sin. Tá daoine ann, a phobul; bhiodar ann an uair sin, pé 'n-Éirinn é, (i.e. le linn ár Slánuightheora), agus bhí ana dhúil acu sa n-uraim sin ó'n bpoibilidheacht, ach ní raibh aon dhúil i n-aon chor i dtrosgadh ná i dtréadhnas acu, ná i n-aon nídh eile do ghoillfeadh ar an gcolainn ná do chuirfeadh aon tsrian le h-ainmhian- taibh na colna. Cheapadar an uraim a dh'fhághail ó'n bpoibilidheacht agus gan aon trosgadh dhéanamh chun na h-urama thuilleamh. Ansan do thánadar ar a n-aghaidh agus dhein- radar rud éigin leis a chuir an dath mí- lítheach air i dtreó gur dhóich leis na daoine go raibh an trosgadh acu 'á dhéanamh. Bhuaileadar bob ar na daoine ar an gcuma san agus fuaradar an uraim a bhí uatha. B'shin cuid d'á ndíoluigheacht féin. Má dhein cuid acu trosgadh dáiríribh, agus gur chun na h-urama san a dh'fhághail ó'n bpoibilidheacht a dheineadar é, agus go bhfuaradar an uraim sin a bhí uatha, bhí a ndíoluigheacht fághalta acu, an díoluigheacht bhí uatha agus ní raibh aon teidiol acu chun aon tsaghas eile díoluigheachta. Ní raibh aon teidiol acu chun aon díoluigheachta dh'fhághail ó Dhia na glóire mar gheall ar an dtrosgadh a dheineadar má ba throsgadh dáiríribh féin é. Bhí an sgéal go h-ait acu. Uraim agus creideamhaint acu ó dhaoine mar 'dh eadh go rabhadar ana naomhtha, ana uasal i láthair Dé, agus gan blúire bríghe leis an gcreideamhaint ná leis an naomh- thacht ná leis an uaisleacht, i láthair Dé. Ainim naomhthachta ortha agus gan acu ach an ainim. An trosgadh agus an tréadhnas déanta acu, bh'fhéidir, agus gan pioc d'á bhárr acu ach an rud san gan ghus gan tairbhe, moladh ó bhéalaibh daoine, moladh baoth, moladh bréagach, moladh ná creidid na daoine a thugan é, go minic. Is suarach an tuarasdal é, ach isé an tuarasdal a bhí uatha é, agus ní'l aon teidiol acu chun aon tuarasdail eile. Bhí daoine de'n tsórd san ar an saoghal le linn ár Slánuightheora. Tá daoine de'n tsórd san ar an saoghal fós. Is mairg a dhéanfadh aithris ortha. Do chómhairligh ár Slánuightheóir d'á dheisgiobulaibh gan aithris a dhéanamh ortha. “Ach tusa,” ar seisean, “nuair a dhéanfair trosgadh, cuir oíle ar do cheann agus nigh t'aghaidh, i dtreó ná haithneóchaid daoine tú bheith ag déanamh trosgaidh, ach go n-aithneochaidh t'Athair é atá fé cheilt, agus go dtabharfaidh t'Athair, a chíon fé cheilt, do dhíoluigheacht duit.” Tá Críosdaidhthe ann, buidheachas le Dia, agus ní cuid bheag acu é, agus deinid siad an chómhairle sin do ghnáth. Pé gníomhartha maithe, diadha, a dheinid siad, a gan fhios do'n tsaoghal iseadh dheinid siad iad. Coimeádaid siad an sgéal go léir idir iad féin agus Dia na glóire. Chíon Dia iad a gan fhios do'n tsaoghal, agus tabharfaidh Dia dhóibh, a gan fhios do'n tsaoghal, tuaras- dal agus díoluigheacht ná féadfadh an saoghal a thabhairt dóibh. Is ar Chríosdaidh- thibh de'n tsórd san is ceart dúinn aithris a dhéanamh agus ní h-ar dhaoinibh baoithe, ar dhaoinibh leanabaidhe, ná féadfadh an gníomh fóghanta is lúgha a dhéanamh mura molfaí iad.
“AN RÉILTHEAN LEANBHACH” BARBARA NÍ DHÓMHNAILL do scríobh Is beag duine nár airig trácht éigin ar an Siúr Treasa ó Lisieux. “Flós gléigeal Íosa” is gnáth a thabhairt uirthi. An té gur mhaith leis fhios a bheith aige cad é méid a cáil ar fuaid an domhain ní gádh dho ach na páipéir a léigheadh agus is beag lá ná go bhfeicfidh rud éigin ionta mar gheall uirthi — daoine ag breith bhuidheachais léi i dtaobh leighis nú tabharthais éigin ó Dhia a fuaradh trí n-a h-ímpidhe. Go deimhin níor mhisde dhúinn a rádh gur naomh iongantach í a thug Dia do'n Eaglais le n-ár linn féin. Le congnamh Dé, agus trí impidhe Threasa naomhtha beidh rath ó Dhia ar an leabhar beag so leis i dtaobh an méid seo a sgríobhadh ann. Rugadh Treasa naomhtha an tarna lá de Mhí Dheireadh an Gheimhridh i mbliadhain an Tighearna 1873. Bhí ochtar eile clainne ann 'n-a teannta. B' í Treasa an té dob' óige aca go léir. Fuair ceathrar aca bás i dtúis a n-óige agus táid siad i bhfochair a ndeirbhshéathar i Ríoghacht na bhFlaitheas anois le congnamh Dé. Bhí Treasa féin agus an ceathrar eile 'n-a mnáibh riaghalta. Saghas ceannuighe a b' eadh a h-athair. Ag ceannach agus ag díol seód is eadh is mó a bhíodh sé, ach ní raibh seód riamh 'n-a sheilbh ba luachmhaire ná b' uaisle 'ná Treasa bheag. “An Bhainríoghain Bheag” a thugadh a h-athair mar ainm uirthi; agus is minic i gcaitheamh an gheimhridh a chaitheadh sí tamal de'n tráthnóna nú de thosach na h-oidhche 'na suidhe ar a ghlúin agus é ag trácht ar Flaitheas agus ar na naomhaíbh, nú ag léigheadh leabhair éigin bheannuighthe dhi. Leanbh ana-chaomh a b'eadh Treasa, leanbh go raibh uaisleacht 'na h-aigne agus áilneacht 'n-a pearsain; agus b' í an leanbh céadna san í go ló a báis. Ní misde, dá bhrigh sin, an “Réilthean Leanbhach” a thabhairt mar ainm uirthi. Bhí Treasa ana-bheannuighthe ana-naomhtha ach 'n-a dhiaidh san bhí rudaí saoghaltha agus thaithneadh léi go seóigh bheith ag féachaint ortha. Níl aon rud is mó a thaithneadh léi 'ná bheith ag féachaint ar na bláthannaibh beaga dath-áilne a chíodh sí ag fás ins na páirceannaibh, nú bheith ag féachaint ar na móinfhéaraibh nuair a bheadh barra trom féir ortha agus leoithne beaga gaoithe ag séideadh agus ag síor-luasgadh an féir sin, i dtreo gur dhóigh leat gur tonnta beaga na mara móire a bheadh ag síor-ghluaiseacht i ndiaidh chéile. Ba mhaith léi leis bheith ag féachaint ar na réilthínibh nuair a thagadh an oidhche, agus mheasadh sí go bhfeiceadh sí a h-ainm féin sgríobhtha le réilthinibh ar an spéir; agus ar nóin bhí an ceart aici, mar bhí a h-ainm sgríobhtha ag na h-aingealaibh ar Neamh ó thosach a h-óige. Ba mhaith léi leis bheith ag féachaint ar an bhfarraige móir. Nuair a chíodh sí na tonnta móra ag gluaiseacht i ndiaidh chéile agus ag bualadh i gcoinnibh na gcarraigreach ar an dtráigh, agus an ceo gheal niamh ag eirighe go h-árd sa spéir agus ag gluaiseacht isteach fé'n dtír, bhíodh sí ag machtnamh ar an neart iongantach agus ar na chómhachtaibh iongan- tacha nach foláir a bheith sa Té a chruthuigh muir agus tír. Ansan nuair a chíodh sí bád beag fé seolthaibh geala bána ag gluaiseacht leis an ngaoith a's ag eirighe go h-éadtrom éasgaidh de druim na dtonn, chuireadh sé a gcuimhne dhi anam ghlan ghléigeal gheanmnuidhe a bheadh ag cur na
slighe dhi tríd an saoghal so ag gluaiseacht fé dhéin na bhFlaitheas. Níl aon bhaoghal ná gurb'é sin saghas anam a bhí aici féin — anam a fuair gairm bheannuighthe mar thabharthas ó'n Slánuightheoir. 'Sí an ghairm sin a chuir 'n-a h-aigne dul isteach i gconbhint. Bhí ana-dhúil aici dul isteach i gconbhint na gCármailíteach mar a raibh duine dá deirbhshéathrachaibh ar a raibh ana- chion aici. D'oir di dul isteach sa chonbhint gan mhoill, ach ní raibh sí ach chúig bhliadhna déag agus bhí san ró óg do'n Órd. Ní raibh fhios aici ansan cad a b' fhearra dhi a dhéanamh. 'Sa deire shocraidh sí ar dhul go dtí an Pápa í féin agus cead d'fhághail uaidh dul isteach sa chonbhint agus bheith ina mnaoi riaghalta i n-Órd na gCármailíteach. Chuaidh sí go dtí an Pápa agus d'iarr sí an cead air, ach d'fhág an Pápa an sgéal fé easpog na h-áite gurbh as Treasa beag. Nár ghleóite go léir an leanbh beag Treasa ag caint leis an bPápa, le h-árd-cheann na h-Eaglaise go léir, í ansúd 'na láthair mar bheadh an t-uan beag i láthair árd- aodhaire na gcaorach. 'Sa deire chuaidh sí sa chonbhint nuair a bhí an Caraigheas caithte i mbliadhain ár dTighearna 1888. Ansan thosnuigh sí ar dhul i mbeannuigheacht agus i naomhthacht i n-aghaidh an lae. Ní raibh de ghuidhe ná d'athchuingí aici ó mhaidin go h-oidhche ach á' iarraidh ar Dhia cabhair a thabhairt di chun é a ghrádhughadh ón-a croidhe agus druim- láimhe a thabhairt leis an saoghal agus le h-oibreachaibh an tsaoghail. Ba gheárr go raibh sí ar an té ba naomhtha agus ba bheannuighthe dos na mnáibh riaghalta go léir, agus ní raibh éinne aca óg nú críona ná féadfadh deagh-shompla a ghlacadh uaithi. Bhí sí umhal d'a h-uachtaránaibh, dílis do Dhia, cráibhtheach, deagh-mhóideach, deigh-mhéineach, deagh-aigeanta; ciúin, cialmhar, banamhail, diadha. Bhí sí foidneach, fírinneac, so- ghluaiste. (Tuille.)
CARA NUA. Bóthar Árd, Carraig na bhFear, I gCo. Chorcaige. A Bhanba dhílis, — Is dócha go gcuirfidh sé iong- nadh ort litir d'fághail ó'n áit seo, ach bíodh fhios agat go bhfuil seódh ded' cháirdibh anso i gCarraig na bhFear; & ní nach iongnadh, cuirfidh sé áthas ort san d'insint duit. Tá roinnt bliadhnta anois ó fuaras an Record ar dtúis, agus fuaras gach aon Record riamh a tháinig amach ó thoin. Níl páipéar ná leabhar beag a thagan amach is fear liom ná é; agus deirid cailíní go léir an bhaill seo an rud céadna. Taithnean an uile phioc de liom, ach sé “Cúinne an Aoibhnis” an chuid is fearr liom de. Bíon litreacha Gaoluinne ann uaireanta agus bíd siad go h-áluinn. Is truagh ná bíon litir Ghaoluinne agat ann gach aon mhí. Chuirfinn féin litir chúgat go minic a chuirfá ann ach go deimhin níl an Ghaoluinn ar fóghnamh agam fós & b'fhearr liom leogaint do'n mhúintir go bhfuil an Ghaoluinn go maith aca é do dhéanamh. 'N-a dhiaidh san b'fhéidir go ndéanfainn seift éigin ar litir a chur chúghat uaireanta as so amach. Bíon aisdí ana bhreághtha go léir sa chuid eile de'n Record leis. Tá aisde ag teacht amach ann a dheinean cur síos cruinn ar theacht na mBráthar go h-Éirinn, agus ar a n-obair tar éis teacht dóibh. Tá an aisde sin go h-ana mhaith go léir. B'fhiú d'éinne é do léigheadh. Duine dos na Bráthaireachaibh atá 'á sgríobhadh is dóigh liom. Is truagh ná sgríobhan duine éigin rud éigin mar é a' Gaoluinn. Bíodh aisdí Gaoluinne roimhe seo sa Record & bhídís thar bárr. Bean gurb' ainm Eibhlín Ní Chróinín a sgríobhadh iad. Dheininn féin iad go léigheadh agus d'áth-léigheadh trí h-uaire go minic. Ní bheinn corra go deó dhíobh. Mhuise, ní fheadar cad d'imthigh ar Eibhlín. B'fhéidir go bhfuair sí bás. Má fuair beannacht Dé le n-a h-anam. Mara bhfuair go gcuiridh Dia ar a leas í & go gcuiridh sé n-a croidhe tosnughadh ar sgríobhadh sa Record arís. Bheadh ana fháilte againn go léir anso roimhe na cuid Gaoluinne.
Is dóigh liom gur leigheas sa Record uair éigin go bhfuilir-se ad shean-bhean chríoná chaithte, a Bhanba. Tá súil agam nách mar sin atá an sgéal, agus go bhfuilir ad' mhnaoí óig láidir fós. Pé aca óg nú críona thú ba chóir gur mór an sásamh aigne ort an deagh-obair atá agat á dhéanamh sa Record. Ní baoghal leis ná go gcuirfidh na litireacha, gheibhean tú ós na leanbhaíbh go léir ar fuaid na tíre, óige ar do chroidhe agus faid mhór ar do saoghal. Go dtugaidh Dia san, a Bhanba. — Mise, MÁIRE NÍ MHURCHADHA. [Mhaise, naoi gcéad míle fáilte rómhat, a Mhaire, a chroidhe 'stigh! Is iongantach a bhfuil de dhaltaibh nua ag teacht chugham 'na laetheannta so. Is fíor dhuit go bhfuilim ag dul i n-óige, toisg na leitreacha go léir. Nach é an truagh é, a Mháire, ná fuil an Ghaoluinn ar do chómhairle féin agat! Is truagh ná fuil Bárbara Ní Dhómhnaill nó Maighréadh Ní Mhaol- dhomhna mar múinteoir agat.]
“AN RÉILTHEAN LEANBHACH” BARBARA NÍ DHÓMHNAILL do scríobh (Ar leanamhaint.) Aon tráthnóna amháin theip uirthi a lampa d'fhághail. Ní raibh sé san áit nar fhág sí é agus bhí fhios aici gurbh' amhlaidh a thóg duine éigin é i n-ionad a lampa féin i ndearmhad. Bhí gádh cruaidh aici leis an lampa ach b'é a riaghail gan focal a labhairt le chéile ó uair áirighthe de'n tráthnóna go h-uair áirighthe de'n mhaidin. Níor mhaith léi an riaghail sin a bhriseadh agus i n-ionad dul ag fiafruighe i ndiaidh a lampa 'sé rud a dhein sí ná fanamhaint sa doircheacht ag paidireóireacht agus ag machtnamh ar Dhia, agus ag breith bhuidheachais leis 'dtaobh í bheith bocht, dealbh, gan aon phioc de shaidhbhreas an tsaoghail. As san amach ní raibh aon rud is mó a thaithneadh léi ná cruadhtan agus gádhtar, agus ní a d'iarraidh aon bhuige a dhéanamh ar an saoghal a bhíodh sí ach ag fulaing gach aon ní dá dheacra ar son Dé. Ní misde a rádh ná gur mhaith an sás foghluma í mar thóg sí an léighean go tiugh. Níorbh' fhada an mhoill uirthi taithighe do dhéanamh de gach aon nós a bhain leis an órd, agus eolas a chur ar gach aon rud a bhain le beannuigheacht agus slígh De do chleachtadh. Dhein sí na geallamhna nú na móide a bhain leis an órd, a's ní raibh a leithéid de shólás ná de shásamh aigne riamh roimhe sin uirthi agus bhí an lá a dhein sí na móide sin. An t-ochtmhadh lá de Mhithiomh an Fhoghmhair is
eadh a dhein sí na móide, agus ní raibh de phaidir aici i rith an lae sin ach 'á iarraidh ar Dhia síothcháin agus sólás aigne a thabhairt di agus í do ghrádhughadh, agus cabhair a thabhairt di chun an Tighearna Íosa a ghrádhughadh ar feadh a saoghail. Bhí sí ana-óg nuair a cuireadh an mhuíntir a bhí gan na móide a dhéanamh mar chúram uirthi, agus níl aon bhaoghal ná go raibh sí oireamhnach do'n obair. Mhúin sí gach aon rud dóibh díreach mar múineadh di féin. 'Sí cómhairle a thugadh sí i gcomhnuidhe dhóibh a gcúl a thabhairt ar an saoghal agus Íosa a ghrádhughadh díreach mar ghrádhóch' an leanbh a mháthair, agus mainghín a bheith aca as an dTighearna díreach mar beadh mainghín ag an leanbh as a mháthair. Ní misde rádh gur thug sí deagh-shompla dhóibh mar ní raibh éinne dos na mnáibh riaghalta ba mhó grádh d' Íosa ná ba mhó mainghín as an dTighearna ná Treasa féin. Nuair déarfadh éinne léi go raibh sí ana-bheannuighthe 'sé déarfadh sise léi ná raibh inti féin ach duine bocht dár thug Dia seódh grásta agus seódh tabharaistí. Bhí ana-ghrádh go léir aici d' Íosa Críost. Dhineadh sí amhráin bheaga dhiadha uaireanta agus bhíodh sí 'á rádh le grádh Dhó. Deireadh sí go minic gur mhaith léi ana-ghrádh go léir a bheith aici d'Íosa. Deireadh sí gur mhaith léi é a ghrádhughadh ní ba mhó go mór ná mar a dhein éinne riamh roimhe sin. Níor mhaith léi aon rud a dhéanamh ach an rud gur thoil le Dia í 'á dhéanamh. B'é a toil toil Dé i gcomhnuidhe. Bhí ana-urraim aici do shagartaibh agus do dhaoinibh a bhí ag foghluim i gcóir na sagartóireacht. Deireadh sí go minic gur mhaith léi bheith na sagart í féin, agus dá mbeadh go ndéanfadh sí Eabhra d'fhoghluim i dtreó go dtuigfeadh sí an Sgríbhinn Diadha ní b' feárr. Ní bréag a rádh go raibh an grádh aici do Dhia ba chóir a bheith ag aon Charmailíteach — grádh “do'n Tíghearna Dia na Sluagh.” Bhí Treasa ana-bheannuighthe agus bhí ana- ghrádh aici do Dhia, ach na' dhiaidh san is minic a mheasadh sí go raibh Dia tar éis í a thréigint agus a chúl a thabhairt uirthi i dtreo gurbh' ar éigin fhéadadh sí aon Phaidir a rádh. Bhíodh sí dubhach, uaigneach, trom- chroidheach mar cheapadh sí go mbíodh Íosa imthighthe uaithe ar fad. Ach bhíodh a mainghín as an dTighearna i gcomhnuidhe aici agus d'fhágfadh sí í féin fé Dhia. I dtosach na bliadhna míle ocht gcéad a sé déag a's ceithre fichid tháinig droch-thaom breoidhteachta uirthi. Bhí fhios aici go raibh an bás buailthe léi. Níor chuir san aon chorrabhuais uirthi, mar thuig sí na h-aigne ná raibh aici ach bas d'fhaghail agus an saoghal so d'fhágaint a's dul go Flaitheas Dé mar a mbeadh sí i láthair an tSlánuightheora féin ar feadh na síoruidheachta. Nuair bhí sí breoidhte dudhairt sí go gcaithfeadh sí féin a saoghal ar Neamh ag déanamh maitheasa do'n chineadh daona. “Déanfaidh Dia mo thoil-se ar Neamh,” ar sise, “mar níor dhineas-sa mo thoil féin riamh i gcaitheamh mo shaoghail.” Chuaidh an bhreoidhteacht i n-achrann intí an bhliadhain a bhí chúghainn. Fuair sí bás beannuighthe an deichmhadh lá fichead de Mhithiomh an Fhóghmhair i mbliadhain an Tighearna míle ocht gcéad a seacht déag a's ceithre fichid. 'Siad na focail dheireanach a labhair sí ar an saoghal so ná: “Ó mo ghrádh É: a Dhia, mo ghrádh go daingean Thú!” Cheanna féin tá mór-chuid míorbhuilt déanta aici agus cuirean san i n-úil dúinn gurbh' fhíor di a rádh go ndéanfadh Dia a toil agus gur ag déanamh maitheasa do'n chineadh daona a bheadh sí féin ar Neamh. Ba chóir go spriocfadh san sinn go léir chun seódh tabharaistí diadha agus seódh grásta d'iarraidh ar Dhia trí ímpidhe Threasa Bheannuighthe. Go dtugaidh Dia dhúinn go léir bheith mar í — fíor-ghrádh a bheith againn do Dia ar an saoghal so, agus Ríoghacht Dé a shealbhughadh ar an saoghal eile ar feadh na síoruidheachta.
ÚMHLUIGHEACHT. Ó'n Athair Peadar Ua Laoghaire, Canónach S.P. From “Seanmóin agus Trí Fichid,” by special permission of the Irish Book Co., 6 D'Olier St., Dublin. Ní'l aon chuma is fearr 'n-a bhféadfaimíd maitheas na h-úmhluigheachta d'fheisgint 'ná má chuirimíd os comhair ár súl olcas an uabhair. As an uabhar iseadh fhásan an uile shaghas uilc. An t-uabhar isé chuirean duine ag formad le n-a chómharsain. As an bhformad san tagan fuath do'n chómharsain, agus fearg, agus mioscais, agus cúlchaint, agus tromaidheacht; agus ansan, dlígh agus clampar agus fuil. As an uabhar a dh'fhásan an tsaint. Ní bhéadh leath beann ar an airgead ag fear na sainte mura mbéadh go dtuigean sé i n'aigne go gcuirfidh an t-airgead ar a chumas bheith níos aoirde 'ná duine eile, agus níos uaisle, dar leis féin. Ar ball, nuair a théighean an tsaint i n-achran i gceart 'n-a chroídhe, ní chuimhnighean sé ar uaisleacht ná ar ísleacht ach ar an airgead féin, Ach isé an t-uabhar a thosnuigh an t-olc. Mar sin do gach sórd aimhleasa d'á ndeinean an duine, ar an saoghal. Isé an t-uabhar a chuirean an chéad droch lámh sa dhuine. Isé bun-phréamh gach uilc é i gcroídhe an duine. Is leasughadh saidhbhir é do gach droch intinn agus do gach droch mhian agus do gach droch bhéas. Is nimh marbhuightheach é do gach sobhailce diadha, do gach intinn mhaith, do gach deagh-bhéas, do gach deagh-shampla, do gach deagh-chomhairle, do gach cogar fóghanta d'á labhran grásta Dé istigh i gcroídhe an duine. Ar an dtaobh eile dhé, isí an úmhluigheacht a mhúchan agus a mhillean agus a mharbhuighean an t-uabhar. Isí an úmhluigheacht bun-phréamh gach maitheasa i gcroídhe an duine. Near- tuighean sí creideamh agus dóchas agus carthanacht. Tugan sí cead cinn do gach intinn mhaith, breis ghreama do gach deagh- bhéas, breis toradh do gach deagh-shampla, feidhm níos treise do gach deagh-chómhairle, agus deinean sí guth árd de'n chogar a labhran grásta Dé i gcroídhe an duine. Is amhlaidh mar atá an sgéal, a phobul, ní féidir do Dhia na glóire féin, ná do ghrásta Dé, aon cheart a bhaint de'n duine an fhaid a bheidh an t-uabhar istigh i gcroídhe an duine. D'fhéadfadh Dia, laithreach, an mac mallachtain do thiomáint síos go h-ifrean agus é choimeád thíos ann, agus gan leigint dó baint i n-aon chor leis an nduine. D'fhéadfadh Dia namhaid an creidimh ar an saoghal so do chlaoidh láithreach agus do chur fé chois. D'fhéadfadh Dia an uile shólás saoghalta thabhairt dos na Críosdaidhthibh, ar an saoghal so, agus gan teinneas ná trioblóid do leigint 'n-a ngoire choídhce. Ach cad é an tairbhe bhéadh ag Dia as san go léir an fhaid a bhéadh an t-uabhar, namhaid Dhé, istigh i n-ár gcroidhe againne! D'á bhrígh sin, sar ar féidir do Dhia na glóire aon mhaitheas a dh'fhághail as an gCríosdaidhe, ní foláir, ar dtúis, an t-uabhar do dhíbirt amach a' croídhe an Chríosdaidhe sin, agus an croídhe do líonadh go bara le fíor úmhluigheacht, i n-inead an uabhair. Chuige sin iseadh chuirean an Eaglais anso os ár gcómhair indiú, sa tSoisgéal so a léigheas daoibh, an úmhluigheacht uathbhásach san a bhí istigh 'n-a chroídhe ag Naomh Eóin Baiste. Dúbhairt an Slánuightheóir ná raibh duine beó riamh dob' aoirde i láthair Dé 'ná Naomh Eóin Baiste, agus dúbhairt Naomh
Eóin Baiste féin ná raibh ann ach guth, ná raibh duine beó ba shuaraighe 'ná é. Má bhí Naomh Eóin Baiste chómh h-árd san i láthair. Dé agus chómh h-umhal san i n' aigne féin, conus is féidir dúinne, atá íseal, suarach go leór, i láthair Dé, bheith árd i n-ár n-aigne féin? Cad é mar obair dúinne uabhar a bheith orainn, agus mór-is-fiú, agus eiríghe-anáirde, agus droch mheas a bheith againn ar ár gcómharsain? Obair gan chiall, gan mheabhair, gan tuisgint iseadh é, a Chríosdaidhthe. Ach galar iseadh an t-uabhar gur deacair leigheas a dhéanamh air. Cuid de'n leigheas iseadh an teagasg so a tugtar dúinn i Soisgéal an lae indiú. Má bhí aon duine beó riamh nár mhisde dhó raint mór-is-fiú bheith air b' é Naomh Eóin Baiste an duine sin. Má bhí sé sin gan uabhar cad é mar obair dúinne uabhar a bheith orainn? Má bhí sé sin úmhal nach é is lúgha is gann dúinne bheith úmhal? Iaraimís anois ar Dhia, a Chríosdaidhthe, an úmhluigheacht san do bhronnadh orainn, go flúirseach agus go saidhbhir, tré impidhe na Maighdine Muire Máthair Dé, agus tré impidhe Naomh Eóin Baiste, i dtreó go mbeidh ár slígh chun Dé go maith an fhaid a fágfar ar an saoghal so sinn, agus ansan, nuair a thógfaidh Dia as an saoghal sinn, go dtabharfaidh sé aoibhneas na bhflathas dúinn ar feadh na síoruidheachta, i bhfochair na naomh agus na n-aingeal agus i bhfochair Naoimh Eóin Baiste féin. Amen, a Thighearna!
NA SAOITHE ANOIR. (Math. ii., 1-18.) Sliocht as “Startha as an Soiscéal” (An t-Athair Pádraig Ua Duinnín). IAR mbreith don leanbh gheal Íosa taithneamhach, I mBeithil, baile atá Suidhte i bhfearantas Na nIúdaidheach gcalma, Is le linn a fhlaitheasa Do Iorruadh acfuinneach, Anoir seadh ghabhadar Saoithe feasa chirt Go cathair Salaime: “Cá bhfuil an leanbh so Ar an saoghal tá tagaithe Anois le tamall beag, Is gurab é a ghairm sin, Rí ceart sleachta uile Na nIúdaidheach meanmnach? Mar, san oirthear dhearcamar A réilteann lasamhail, Is siúd ar aistear sinn I gcéin n-a airchis Chum adhradh an taithnimh ghil Do thabhairt is gradam dó.” Iar gclos an teastais sin D'Iorruadh, an calmfhlaith, Is buaidheartha cathuightheach Do bhí sé ina aigne, Is ghabh buaidhirt is eagla Dá dhruim gan mearbhall Lucht na cathrach; 'S is cruinn do bhailigh sé Cinn na sagartacht Is scríobhnaighe an tseanchais Ag lorg feasa ortha, Cá mbéarfaidhe ar talamhain An Críost ró-bheannuighthe. Is éascaidh fhreagradar: “I mBeithil, baile atá I nIúid an talaimh mhaith, Mar is amhlaidh dhearbhann An fáidh i dtairngireacht: ‘A Bheithil, ceartshuidhte I nIúid na maitheasa, Ní tú is lugha, admhaim, Le rádh is le canadh guib I measc prionnsaidhe calma Iúid an aitis chirt; Mar, tiocfaidh asat-sa An t-urradh gaisceamhail Fá réir do smacht-chuirfidh Mo Phobal, treabhanna Israel cheannasaigh.’” Iorruadh cleasach glic I ganfhios ghairm sé Na saoithe cneasta soin, Ag lorg feasa chirt Go cruinn gan mearbhall: Cathain gheal ortha An réilteann taithneamhach? Is ghá seoladh feasta uaidh Go Beithil dreachsholuis Is mar seo d'agaill iad: “Imthighidh, a fheara suilt, Aimsighidh an leanbh so, 'S ar a fhagháil daoibh, casaidh-se Le scéala is teastas air I dtreo go ndeachainn-se Dá adhradh dhen tsamhail sin. Iar gclos go fírcheart Bréithre an ríogh dhóibh, Is luath d'imthigheadar; Is an réilteann aoibhinn San oirthear shoillsigh Rompa bhí sí Ag foillsiughadh slighe dhóibh, Gur stad go díreach Ós cionn an bhaill chirt Ina raibh an naoidhean bheag. An reann nuair chíd sin Do leath a gcroidhe ortha Le háthas fíre. Is siúd gan aga San tigh isteach leo;
Do-chíd an leanbh Is Muire chneasta A mháthair fairis. Umhluighid go talamh Dá adhradh, is feasach; A gcófraidhe osclaid, Is don leanbh toirbhrid Maoin is ionnmhus: Ór is miorr gile Is tús bhí so-bholaidh. Is ó fuair siad freagra I bhfís gan teacht ar ais Go hIorruadh, chasadar Slighe na malairte Ar a gcríochaibh athardha. D'éis imtheachta An tslighe tar n-áis dhóibh, Tháinig aingeal Dé ó Neamh thuas, 'S i bhfís do labhair Le Ioseph ceannais: “Éirigh it sheasamh, Beir leat an leanbh Is a mháthair chneasta Go hÉigipt; fan ann Go bhfuighir uaim sanas Dá rádh leat casadh; Beidh Iorruadh, geallaim-se, Ar tí, go deagbhtha, An naoidhean do mharbhadh.” D'éirigh an caomhfhear Is rug go hÉigipt An leanbh séin sin, Is a mháthair mhaordha, San oidhche i gcéin leis, Is d'fhan gan bhéim ann, An rí gur éag sé. Go gcomhallfaidhe bréithre An fháidhe naomhtha: “Amach as Éigipt Mo mhac do ghlaodhas-sa.” Ghabh brón is an-fhearg Iorruad an aimhris, 'S a rádh gur fhealladar Na saoithe feasacha air; Is gan moill chuir teachtairidhe Fá dhéin an bhaile sin, Beithil ghradamach, Is na críocha i n-aice léi, Chum na leanbhaidhe mharbhadh Bhí dhá bhliadhain tagaithe 'S fá bhun an aga soin, De réir mar theagaisc sin Saoithe an tsanais ghil I dtaobh an ama chirt. Do b'shin gan mearbhall Coimhlíonadh ar abarthaibh Iaróim bheannuighthe Fáidh le tairngireacht: “Guth is gártha, Is caoidh go gáibhtheach, Uaill is árdghol, Ba chlos i Ráma; Mar do bhí Ráchail Ag caoineadh a háil-se De leanbhaidhibh bána, Is ní bhfuighfidhe a sásamh, Mar n-a gcodladh sáimhe San úir do bhádar.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services