Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Brighid Chill Dara, Amhráin agus Filíocht Chráifeach

Title
Brighid Chill Dara, Amhráin agus Filíocht Chráifeach
Author(s)
Údair éagsúla,
Composition Date
1912
Publisher
Na Caipisínigh

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


BEANNUGHADH NA LEANBH.
(Marc x., 13-16.)



(Sliocht as “Startha as an Soiscéal,” an
t-Ath Ó Duinnín. M. H. Gill & a Mhac. 1/-).



CHUM ÍOSA Nasardha
Do tugadh gasradh.
De leanbhaidhibh rathmhara,
Chum a lámha do leagadh ortha.
Acht lucht a leanamhna.
Do cháin le searbhas
An dream do bhailigh iad.
An Tighearna carthannach,
Ar a dtabhairt fá ndeara dhó,
A ngníomh níor thaithneamh leis,
Is an chainnt seo chaith sé leo:
“Scaoilidh, aitchim-se,
Chugham gach leanbh díobh,
Gan cosc gan bac ortha;
Mar is deimhin dá samhail-sin
Dhíoghacht na bhFlaitheasa.
Daoibh-se geallaim-se,
An té ná glacfaidh le
Ríoghacht na n-aingeala
Ar nós na leanbh mbeag,
Go deo ní rachaidh ann.”
Mar sin iar gcanadh dhó,
Na páistidhe laga soin
Do ghlac go ceanamhail
I gclúid a bhaclann,
A Lámha do leath ortha,
Is tré bháidh do bheannuigh iad.


L. 29


BRIGHID CHILLE DARA.



Eóin Ó Searcaigh do scríobh.



“Lóchrann geal na Laighneach
'Soillsiughadh feadh na tíre —
Ceann ar óighibh Éireann,
Ceann na mban ar mhíne.



Tig an geimhreadh dian, dubh,
'Gearradh le n-a ghéire,
Acht ar lá Fhéile Bhríghde
Geal linn earrach Éireann.”



Tomás Ó Flannghaile.



I n-aimsir Bhríghde agus ar feadh bhliadh-
anta i ndiaidh an ama sin ba le Cúige Uladh
ó thuaidh ó'n Bhóinn. Bhí Co. Lughbhaidh i n-
Ultaibh an t-am sin fosta. Thig linn a rádh
gur Ultach a bhí i mBrighid Chille Dara cé
go bhfuil Dún Dealgan i gCúige Laighean
indiu. Ultach atá ionnam fhéin, agus níl
aon am a cluinim iomrádh ar Bhrighid nach
lasann mo shúile le bród fá gur Ultach í.
Is minic a cluin tú a hainm dá luadh i
gCúige Uladh indiu, agus ní dhéan siad
dearmad dí i dTír Chonaill acht oireadh.



I dtráthaibh na bliadhna 455 adeir na
seancaidhthe a rugadh Bríghid. Isé an áit a
rugadh í, i bhFachairt comhgarach de Dhún
Dealgan. Is mór an cliú atá ar an áit
so i seanchus na hÉireann. Badh ann a
mair Cúchulainn “nár luaidheadh leis buille
gan chéim; Acht cé gur iomdha sin gais-
cidheach agus laoch mór a bhí ann ó'n tsean-
aimsir anall is mar gheall ar Bhríghid atá
ainm na háite sin i mbéal Éireann indhiu.



Bhí fuil árd ghlan i mBrighid. Dubhthach a
bhí ar a h-athair agus duine de na draoithibh
a bhí ann le n-a chois sin. De mhuintir Uí
Chonchubhair an Iarthair a máthair agus daoine
cliúiteacha fosta. Adeirtear nárbh'é as
an áit so Brighid ar chos ar bith acht go rabh
a máthair ag gabhail ar thuras go Fachairt
nuair a rugadh an leanbh.



Ní rabh Naomh Pádraich i bhfad i n-Éirinn
ath-uair nuair a tháinic Brighid ar an
tsaoghal. Baisteadh í nuair nach rabh sí
acht óg agus badh deas modhamhail an
saoghal a chaith sí. Fuair sí oideachas maith
dálta gach aonduine a bhí ann san am sin.
Adeirtear gur hiarr a muintear uirthi
pósadh uair amháin. Níor rabh a hintinn
leis ariamh, agus d'iarr sí athchuinge ar
Dhia mío-ghnaoi a chur uirthi, Tháinic meath
ar shúil amháin dá cuid, agus annsin hórd-
uigheadh dí a ghabhail isteach i na mnaoi-
riaghalta. Chomh luath géar agus thionntuigh
sí a Cúil ar an tsaoghal tháinic a hamharc
chuici arais comh maith agus bhí ariamh.



Is iomdha sin scéal deas a hinnistear i
dtaoibh Bhríghde. Adeirtear go rabh Naomh
Pádraic uair amháin ag déanamh seanmóra
thuas i lár na hÉireann. Bhí sé ag caint
leis na daoinibh ar feadh thrí lá agus thrí
n-oidhche gan stad. Thárla go rabh Bríghid
imeasg na ndaoine a bhí ag éisteacht le
Naomh Pádraic. Níorbh i fhada dí ag
éisteacht gur thuit suan chodlata uirthi.
Bhí iongantas mór ar Phádraic fá gur thuit
sí thart ina codladh. Mhúscail an naomh í
i gcionn tamaill; nuair a chonnaic sí
gurb'é Pádraic a mhúscail í chuaidh sí síos
ar a glúnaibh ag iarraidh maitheamhnais.



D'innis sí dó'n naomh go dtáinic aisling
chuici a fhad agus bhí sí ina codladh. “Isé
an rud a chonnaic mé san aisling,” arsa
Brighid, “ceithre seisrighthe ag treabhadh
bánta na hÉireann. Bhítheas ag crathadh an
síl indiaidh na seisreach. Níorbh' fhada a bhí
an síol curtha nuair a tháinic geamhas deas
glas air. Thoisigh an geamhas a d'atharrughadh
gur thionntuigh sé dath bhuidhe-ruadh. D'
apuigh sé annsin agus líon na díogacha suas
le sruth dheas bhainne mhilis. Bhí na daoine
a bhí ag cur an tsíl cumhdaighthe ó bháthas
cinn go trácht coise i n-éadach gheal.



“Tamall bheag ina dhiaidh sin tháinic
ceathrar seisreach eile agus a lucht
tiománta. Éadach dubh a bhí ar an mhuintir
a bhí ag cur an tsíl an t-am so. Mhill
siad-san agus chreach siad go dtí nár fhág
siad duilleabhar glas ins an áit.



“Sinne,” arsa Naomh Pádraic, “an
ceathrar seisreach a chonnaic tú. Tiocfaidh
toradh ar gcuid oibre i n-Éirinn, acht sul a


L. 30


dtigidh deireadh an tsaoghail tiocfaidh
daoine eile agus tarraingeóchadh muintear
na tíre ar shiubhal ó Dhia, agus cuirfidh
siad suas creideamh dá gcuid fhéin.”



Béidh ainm Bhrighid Chille Dara i mbéal
Éireann comh fada agus mhaireas duine de
shliocht Mhilidh Easpáinne ann. Níl aon
tobar bheannuighthe i n-Éirinn beagnach,
nach bhfuil a hainm air. Tá mórán de
phaidreachaibh deasa ag na sean daoinibh fá
dtaoibh de Bhrighid i nGaedhilc. Cha dtéid
Féile Bhrighde thart sa Ghaedhealtacht gan
na sean daoine agus an mhuintear óg
fosta a bheith gnaitheach ag déanamh crasann
chocháin i n-onóir de Bhríghid.



Deich mbliadhna agus trí fichid a bhí
Bríghid nuair a fuair sí bás. Chaith sí dhá
fhichid bliadhain i gCill Dara. Badh ar an
chéad lá de na Faoillidh a d'éag sí. Badh
sa bhliadháin 525 a chuaidh sí ar shluagh na
marbh. “Muire na nGaedheal” a thugtar
uirthí go minic indiu. Is le grádh agus le
meas uirthi a bheir siad an t-ainm uasal
sin uirthi.


L. 57


TEACHT AN CHREIDIMH GO H-ÉIRINN.



Sliocht as aiste ó lámh an Athar Pheadair
'san Cork Weekly Examiner, Márta 15adh, 1902.



Deirtear gur b' é cúis gur tugadh
Ailfínn ar an eaglais sin, Imleach Ónó, 'ná
so. Nuair a bhí an eaglais déanta chuir
Pádraig Asán naomhtha 'na bun agus thug
sé tobar breágh fíor-uisge ainíos as an
dtalamh i n-aice na h-eagailse. Nuair a
bhíthas ag déanamh an tobair do togadh cloch
mhór ainíos as. Do socaruígheadh an chloch
ar bhruach an tobair. Bhí an t-uisge chómh
breágh chómh glan san gus tugadh Fionn mar
ainim ar an dtobar. Bhí an chloch ar bhruach
an tobair agus is geár gur tugadh ail Fínn,
'se sin, cloch Fínn, mar ainm ar an gcloich.
As san ba ghear ná raibh ar idir chloch agus
tobar agus eaglais, mar ainim, ach Ailfínn.



Easbog dob eadh Asán naomhtha, agus
ceárdaidhe dob eadh é. Gabha geal dob
eadh é. Dhéineadh sé de Phádraig na neithe
a bhí síachtanach do Naomh-Ídhbirt an Aifrinn.
Dhéineadh sé na h-altóracha, agus cóthraí
na leabhar, agus miasa cearnacha, agus a
lán neithe de'n tsórd san. Do coimeádadh
ceann de na miasaibh cearnacha ar feadh
abhfad i n-Árd Macha, agus ceann i n-Ail-
fínn, agus ceann i nDomnach mór Magha
Seóla, ar altóir an easboig naomhtha,
Felartach, i n-Uíbh Briuin Seóla, tamal
mór siar ó Ailfínn.



D'imthig Pádraig ó Ailfínn go crích Ua
Oileala go h-áit dár bh' ainim Dúmacha.
Chuir sé suas sa n-áit sin an eaglais dár
bh' ainim Seancheall Dúmaíghe, Seanchíll a
tugtí 'na dhiagh ran ar an eaglais sin. I
gContae Roscomáin a bhí sí, ó dheas ó
Ailfínn. D' fhág sé cuid mhaith dá deis-
giobalaibh sa n-áit sin. D' fhág sé ann
Mached, agus Cétchen, agus Ródán, sagart
oirdheirc. Agus d' fhág ann Mátóna, deirbh-
shiúr do Bheinín. Do choisric Pádraig agus
Ródán í agus chuireadar an chail uirthi, agus
bhí áthas ar Bheinín nuair a thuig sé go
rabhthas 'ghá fágáilt fé stiúrúghadh Rodáin
naomhtha.



Ansan do thug Pádraig aghaidh ar Ráth
Chruachna, an áit 'na raibh an dá draoi,
Maol agus Caplait 'na gcómhnuighe. Tá
cnuc maith árd ann. Ó'n gcnuc iseadh
tháinig an ainim Cruachain ar dtúis. Breis
agus ceithre chéad bliaghan roimis sin iseadh
bhí Méibh agus Oiliol na gcómhnuighe sa n-áit.
Bhí i n-aimsir Pádraig, agus tá fós, mórán
de rian na sean aimsire sa n-áit. Is ann
atá Roilig na Ríogh, agus uaigh Dhaithi. Sídh
Cruachna a tugtí ar an gcnuc. Amach a'
h-uaimh Cruachna iseadh tháinig na trí cait
druídheachta chun eagla chuir ar na dtriúr
laoch, Conal Ceárnach agus Laoghaire
Buadhach, agus Cúchulainn, Do theith Conal
agus Laoghaire uatha ach níor theith Cú-
chulain. Cheap Méibh agus Oiliol an cura-
mír a thabhairt do Cúchúlainn mar gheall air
sin ach ní bheadh an bheirt eile sásta.



Bhí tobar fíor uisge ag éiríghe ag bun an
chnuic. An Clebach a tugtí ar an dtobar.
Tháinig Pádraig agus a chualacht cléireach
chun an tobair ar maidin agus an ghrian ag
éiríghe, agus shuighdar i n-aice an tobair ag
cantainn na dtráth. Ní fada bhiodar ann
nuair a tháinig an bheirt bhan óg uasail,
beirt íngean an Árdrígh Laoghaire, Éithne
agus Fedelm, fé dhéin an tobair, Ba
ghnáth leó teacht ann gach maidion 'ghá nighe
féin agus chun díghe dh' ól. Nuair a chonach-
dar na cléirig agus a n-aibidí Bána ortha
mheasadar gur daoíne sídhe iad a tháinig
amach a' Síd Cruachna. D' éistadar tamal
leis an gcantainn. Ansan do labhair an
cailín ba shine acu, Éithne. “Ce h-iad sibh-


L. 58


se?” ar sise, “Nú cad as daoíbh? Nú an
amach a' Sídh Cruachna thánbhúir? An bhfuil
sgéala agaibh le h-ínsint dúinn? Má tá
déinig a ínsint dúinn, agus má tá nídh ar
bith gur maith libh sinn 'ghá déanamh déan-
fimíd é má's féidir dúinn é.”



“Ní daoíne sídhe sinn, a 'ghnín ó,” arsa
Pádraig. “Is daoíne saoghalta sinn mar
sibh féin. Ní h-amach a' Sídh Cruachna a
thánamair. Tánamair thar farge isteach
go h-Éirinn, agus tá sgéala againn le
h-ínsint, sgéala maitha, agus ní'l aoinne
gur bhfear linn na sgéala san d'ínsint dó
ná daoíbhse mar is beirt inghean sibh
d'Ardrígh Éirean agus ba mhaith linn sibh a
thabhairt suas do Dhia na nDúl, d'Árdrígh
an domháin.”



“Agus ce h-é Dia na nDúl?” arsa
Éithne. Nú ce 'cu de na dúilibh go bhfuil
a chomhnuíghe ann? An sa spéir a chomh-
nuígean sé? Nú sa talamh? Nú sa
bhfarge? Nú sa ghréin? Nú sa ghealach?
An bhfuil clann mhac agus clann inghean
aige? An bhfuil ór agus airgead agus
saidhbhreas aige? An bhfuil sé óg? Nú
an bhfuil sé aosda?”



“Cómhnuighean se ins na dúilibh go léir,”
arsa Pádraig. “Is leis féin iad go léir
mar isé féin a dhéin iad go léir. Isé
chruthuig an spéir agus an talamh, an ghrian
agus an ghealach. Isé chruthuig na cnuic
agus na gleannta, na h-éin agus na h-éisg
agus na beithig allta. Isé chruthuig na
daoíne go léir. Isé chruthuig sinne agus
sibhse. Ní'l sé óg agus ní'l sé aosda. Ní
raibh tusach le n-a shaoghal agus ní bheidh
deire le n-a shaoghal. Tá sé ins gach uile
áit. Tá fios gach uile nídh aige. Is féidir
leis gac uile nídh dhéanamh. Chíon sé gach
nídh a dhéinimíd. Chíon sé an smuíneamh is
sia isteach i n-ár n-aigne. Má dhéinimíd an
an mhaith tabharfidh sé luacht saothair dúinn
tar éis ár mbás, agus má dhéinimíd an
t-olc déanfidh sé díoghaltas orainn mar
gheall air.”



(B'é deire an sgéil gur ghlac Éithne agus Fedelm
an creideamh).



LÁ FHÉILE PÁDRAIC



Corradh beag le coicthighis eile agus béidh Lá Fhéile
Pádraic againn. Léimeann mo chroidh féin le
lúthgháir ar chluinstin an scéala sin. Níl aon
Ghaedheal ar fud an domhain mhóir nach smaointigheann
ar Éirinn ar theacht an lae sin. Tig mórán laethe
móra taobh istoigh de bhliadhain, acht isé lá fhéile
Pádraic an lá is mó ag Éireannchaibh rith na
bliadhna.



Bíonn lúthgháir agus éirghe i n-áirde go leor ar
Ghaedhealaibh an lá sin. Badh h-é an gnás a bhí in go
leor áiteachaibh ar fud na tíre lá fhéile Pádraic a
chaitheamh ag ól biotáilte.



Shaoil mórán aca nach dtiocfadh leo an lá a
chaitheamh i gceart mura mbéadh siad luchtuighthe le
biotáilte. Chaithfeadh siad an tseamróg a fhliuchadh
nó ní bhéadh maith ina bheith 'ghá chaitheamh.



Tá athrughadh mór, buidheachas do Dhia, ar intinn
na ndaoine anois thar mar bhí tá deich mbliana ó
shoin. Is mór an dí-mheas anois a saoileas fear óg
a bheith air féin má 'tchífear é i gcionn an ghloine,
go háirighthe ar lá fhéile Pádraic. Má choinnighthear
an spiorad sin beo ní fada go mbéidh an t-ól
gránda díbrighte as csíochaibh Fáil le cois gach olc
atá ar a lorg.



Tá meas mór ag muintir na h-Éireann ar Naomh
Pádraic. Isé an onóir is mó a thiocfadh leo a theis-
beáint dó gan bac leis an ól ar lá fhéile Pádraic.
Gheobhaidh na daoine óga neart pléisiúir ó na spór-
taibh eile a bhíos ar siubhal ar fud na tíre an lá
sin gan a ghabhail 'un toighe biotáilte leis an lá a
chaitheamh ann. Agus biodh a fhios agat nach ar phócaibh
folamha is ceart do dhuine ar bith a ghabhail atá ag
smaointiughadh ar leigean leis an ól.



Is maith a thaiinsigheas sé liom na daoine óga —
buachaillí agus cailíní — a fheiceáil cruinnighthe i
gcionn a chéile tráthnóna an lae sin agus tamall
damhsa a bheith aca. Níl dochar ar bith do dhaoinibh
tamall a caitheamh ag damhsa comh fada agus nach
dtig olc as.



Má tá lá ar bith eile sa bhliadhain is mó ar cheart
do mhuintir na h-Éireann sean teanga na nGaedheal
a chleachtadh ise lá fhéile Pádraic é. Badh h-é sin an
teanga a chleacht sé fhéin nuair a bhí sé ag siubhal
bánta na Fódla, agus badh h-í an Ghaedhilc a labhair
sé leis na daoinibh ag míniughadh chreideamh nua
dóbhtha. Leanadhmuis-inne a lorg. Cleachtadhmuis
an sean teanga agus béidh meas ag Pádraic orainn.



EOIN Ó SEARCAIGH.


L. 85


CRÍOSDHAIDHTHE MAITHE.



Ó'n Athair Peadar Ua Laoghaire,
Canónach S.P.



From “Seanmóin agus Trí Fichid,”
by special permission of the Irish
Book Co., 6 D'Olier St., Dublin.



“An t-é a chreidfidh agus a baistfear,
saorfar é. An t-é, ámhthach, ná creidfidh,
daorfar é.”



Ní gádh dhúinn trácht ar an mbaisteadh,
Do dhein an Eaglais an méid sin dúinn
chómh luath agus thánamair ar an saoghal.
Dhein an Eaglais, leis, dúinn an craobh-
sgaoileadh a dh'órduigh an Slánuightheóir a
dhéanamh. Do chuir sí fhiachaibh orainn
teacht anso chun tíghe Dé chun an Teagasg
Críosdaidhe a dh'fhógluim, agus do múineadh
dúinn é. Do tugadh fios aitheanta ár
gcreidimh dúinn go cruinn agus go
h-iomlán agus go fóirlíonta. Níor fágadh
aon easnamh ar ár n-eólus. Ní raibh aon
ghádh ag aon duine againn le Soisgéal an
lae seo d'aireachtaint anois chun a fhios a
bheith aige gur eirigh ár Slánuightheóir an
treas lá ó mharbhaibh, agus gur chuaidh sé
suas ar neamh, agus go bhfuil sé 'n-a shuidhe
ar deas-láimh Dé, agus go dtiocfaidh sé
as san chun breitheamhantais a thabhairt ar
bheóibh agus ar mharbhaibh. Tá an t-eólus
san go léir againn de ghlan mheabhair ó
thusach ár n-óige. B'fhéidir gur b' amhlaidh
atá an t-eólus ró ghlan againn agus an
iomad taithighe againn air, i dtreó ná
cuirimíd oiread suime ann agus ba cheart
dúinn a chur ann. Ansan, cad mar gheall
ar an bhfocailín eile úd, “An t-é ná
creidfidh daorfar é”?



“Ó,” a déarfaidh duine, b'fhéidir, “tá
an puinte sin socair go leór. Creidim
gach aon rud a mhúinean an Eaglais. Pé
rud a bheidh agam le freagairt, ní bheidh
aon nídh agam le freagairt sa méid sin.”



Seachain! B'fhéidir go mb'fhearra dhuit
gan codladh ar an gcluais sin. An t-é a


L. 86


chreidean rud, deinean sé beart do réir
mar a chreidean sé. An fear a chreidean
go bhfuil namhaid ag faire air chun a
mharbhuighthe, beidh sé coitchianta ag faire
ar an namhaid sin a d'iaraidh é sheachaint.
Má chím an fear san, agus gan aon arm
cosanta aige, ag dul sa n-áit 'n-a bhfuil
an namhaid sin, cad 'tá le rádh agam? Tá
fhios ag an saoghal go bhfuil an fear as a
mheabhair, nó, murab é sin é, ná creidean
sé go bhfuil an namhaid i n-aon cor ann.
Isé an namhaid an peacadh. Do múineadh
dúinn fadó cad é an nídh peacadh:
“Aon smuíneamh toiltheamhail, briathar, nó
gníomh, a déintear i n-aghaidh dlíghe Dé.”
Chreideamair é sin an uair sin. Creidimíd
anois é. Conus is féidir dúinn a rádh go
gcreidimíd anois é má chomáinimíd linn
ag déanamh an pheacaidh gan blúire suime
chur i ndlígh Dé? Ar ndó', tá fhios ag an
saoghal gur b'é cúis go comáinimíd linn
ar an gcuma san ag déanamh an Pheacaidh
mar ná creidimíd i gceart i ndlígh Dé,
agus siné focal an tSlánuightheóra againn
leis: “An t-é ná creidfidh, daorfar é.”
An gcreidimíd an focal san? “Ó,” a
déarfaidh duine, b'fhéidir, “creidimíd, ar
nóin! Cad 'n-a thaobh ná creidfimís é?
An focal a dúbhairt an Slánuightheóir féin!
An t-é ná creidfeadh an focal san ní
chreidfeadh sé aon rud; Go díreach! An
t-é ná creidfeadh an focal san ní chreid-
feadh sé aon rud. Ní dóich liom-sa, ámhthach,
go gcreidimíd-ne an focal san. Agus
cad é an chúis gur dóich liom ná creidimíd
é? Mar ba dhóich liom dá gcreidimís é go
gcuirfeadh sé eagal orainn. Comáinean
duine leis i gcaitheamh a shaoghail ag
déanamh na bpeacaí, 'ghá ndéanamh le
smuíneamh, le briathar, le gníomh agus le
faillighe. Agus ní'l aon bhlúire eagla air!
Conus is féidir a rádh go gcreidean an
fear san go bhfuil Dia ag feuchaint air?
Go gcaithfidh sé cúntas a thabhairt ins
gach smuíneamh; ins gach briathar; ins gach
gníomh; ins gach faillighe? Go dtabharfaidh
an Slánuightheóir breitheamhantas air? Agus
go ndúbhairt an Slánuightheóir an focal,
“An t-é ná creidfidh, daorfar é”?



B'fhéidir go bhfuil, a phobul, an creideamh
istigh i n-ár gcroídhe, ar chuma éigin, ach is
baoghalach gur 'n-a chodladh a bhíon sé go
minic. Ní foláir a dh'admhail, ámhthach, go
bhfuil Críosdaidhthe i n-ár measg agus ná
bíon codladh ná suan ná míogarnach ar a
gcreideamh choídhche. D'á chómhartha san
féin, ní feictear choidhche iad ach ag faire
ortha féin, i láthair Dé, le h-eagla go
ndéanfaidís aon nídh do chuirfeadh fearg
ar Dhia. Má chuirean an namhaid droch
smuíneamh 'n-a n-aigne, is tapaidh a thóg-
faid siad a gcroídhe suas chun Dé agus a
dh'iarfaid siad ar Dhia, tré impidh na
Maighdine Muire, an smuíneamh san a
dhíbirt. Má airighid siad an droch fhocal
ar siúbhal, beidh focal láithreach idir iad
féin agus Dia, cogar acu d'á dhéanamh le
Dia a gan fhios do'n tsaoghal. Siné an
cogar a thaithnean le Dia agus ní baoghal
ná go bhfreagaróchaidh sé an cogar, go
ceannsa agus go cneasta agus go grádh-
mhar. Má spriocan an namhaid iad chun aon
droch ghnímh a dhéanamh, nó má ráinighean, tré
nádúr chlaon an duine, go sleamhnóchaidís
beagán ó'n mbóthar ndíreach, is tapaidh a
bheid siad ag cathaoir na faoisdine, go
h-úmhal agus go h-aithrigheach: 'ghá iaraidh
ar Dhia, tríd na gcómhacht a thug an
Slánuightheóir d'á Eaglais, toradh páise an
tSlánuightheóra do dhul chun sochair dóibh
sa n-asbolóid. Tá neart an chreidimh ar
lasadh ins gach aon chor d'á gcuirean
Críosdaidhthe de'n tsórd san díobh ó
mhaidin go h-oídhche, ó Luan go Satharn,
ó thusach saoghail dóibh go dtí go dtagan
an bás ortha. Ní misde dhóibh sin aghaidh
a thabhairt ar an mBreitheamh, atá 'n-a
shuidhe ar deas-láimh Dé, agus do thiocfaidh
chun breitheamhantais a thabhairt ar bheóibh
agus ar mharbhaibh. Ní gádh dhóibh sin aon
eagla bheith acu roimis an mBreitheamh;
bíodh gur mó an t-eagla a bhíon ortha,
uaireanta, 'ná mar a bhíon ar an muintir
gur ceart dóibh eagla bheith orra.


L. 93


MISIÚN INS NA ROSAIBH.



Bhí misiún ghoirid aca ins na Rosaibh i dTír Chonaill
an tseachtmhain roimhe an Fhéil Pádraic. Beirt
sagart de Órd Naoimh Proinnsias a thug an misiún
uatha. Chaith siad trí lá ar na h-Acaraibh, trí lá i
gCeann Caslach agus tsí lá eile i n-Áth na gCoire.



Badh ar an ólachán a badh mhó a bhí siad ag trácht.
Badh deas mar labhair siad i n-aghaidh an óil. Tugadh
cluas agur aire mhaith do'n méid a dubhairt siad.
Bhí an teach-pobail lán go doras gach uile mhaidin
agus gach uile tráthnóna. Tá mé cinnte go rabh
míle go leith duine i láthair an oidhche dheireannach a
bhí siad i dtoigh-pobail Cheann Chaslach. Thug bunadhas
gach duine dá rabh ann gealladh nach n-ólfadh siad
braon biotáilte ar feadh bhliadhna. Níl amhras as
bith ná go gcoinneochaidh mórán aca an gealladh sin
suas agus nach bhfeictheas taobh istoigh de thoigh
biotáilte iad go dtí an t-am so ar an bhliadhain
chugainn.



Is mór atá an t-ól ag gabhail ar gcúl sa na
Rosaibh ar na bliadhantaibh deireannacha ro. Is iad
na misiúin so is cionntaighe leis an chúl mhór atá ag
gabhail ar an ól as an moillibh chois cladaigh annso i
dTír Chonaill. Is mór an lúthgháir a badh chóir dúinn
ith orainn nuair atchímid go bhfuil cúl ag teacht
an ól mhalluighthe annso i gcríochaibh Conaill
Ghulbain fhéin. Beidh rath agus bláth ar gach aon nach
mblasfaidh braon biotáilte go ceann bliadhna.


L. 116


“TOIL DÉ GO NDÉINTEAR!”



Ó'n Athair Peadar Ua Laoghaire,
Canónach S.P.



From “Seanmóin agus Trí Fichid,”
by special permission of the Irish
Book Co., 6 D'Olier St., Dublin.



Ní fheadair an duine cad is maith dhó
ná cad is olc dó ar an shaoghal so. Thall,
ar an saoghal eile, iseadh do socarófar
gach aon rud. Is ag Dia amháin atá fios
gach uile nídh. Tá fhios aige cad is maith
dhúinn agus cad is olc dúinn. Isé Dia do
chruthuigh sinn agus do chuir ar an saoghal
so sinn. Thug sé ciall agus tuisgint
dúinn i dtreó go bhféadfaimís aithne chur
air agus grádh thabhairt dó. Tá grádh aige
dhúinn, grádh gan teóra, grádh nach féidir
dúinn a mhéid ná a neart do thuisgint an
fhaid a bheimíd ar an saoghal so. Le méid
agus le neart a ghrádha dhúinn iseadh chuir
sé an t-Aon-Mhac uaidh chun sinn do shaoradh
ó'n bpeacadh agus chun geataí na bhflathas
a dh'osgailt dúinn. Le méid agus le neart
a ghrádh' dhúinn iseadh atá a ghrásta aige 'á
thabhairt dúinn coitchianta, chun sinn a
thabhairt ó'n bpeacadh agus chun sinn a
choimeád ó'n bpeacadh. Ní féidir d'aon
ruibe amháin d'ár ngruaig tuitim d'ár
gceann ach le n-a thoil. Ní'l ach aon nídh
amháin a dh'fhéadfaidh choídhche díobháil a
dhéanamh dúinn i gcoinnibh a thoile. Cad é
an nídh é sin, a phobul? Cad é an nidh a
dh'fhéadfaidh díobháil a dhéanamh dúinn agus
nach féidir do thoil Dé sinn a chosaint
ar an ndíobháil sin? Ár dtoil féin. Is
féidir do Dhia mé chosaint ar thoil duine
eile má's máith leis é. Ní'l cómhacht ar
thalamh ná i n-ifrean nach féidir dó mé
chosaint air má's maith leis é. Ní féidir
dó mé chosaint ar mo thoil féin má's maith
liom mo thoil do chur i gcoinnibh toile Dé.
D'fhéadfadh sé, nídh nach iongnadh, saor-thoil
a bhaint díom. D'fhéadfadh sé an mheabhair
shaoghalta a thug sé dom do bhaint díom.
Ach ní h-í sin an cheist i n-aon chor. Ní
fhéadfadh sé saor-thoil fhágáilt agam agus
ansan mé chosaint ar an saor-thoil sin dá
mba mhaith liom féin díobháil a dhéanamh dom
féin léi i n-aimhdheóin a ghrásta. D'á bhrígh,
sin, an Críosdaidhe gur maith leis leas a
anama dhéanamh ní'l ach aon usáid amháin
aige le déanamh d'á thoil, 'sé sin, í chur
i gcómhnuighe le toil Dé. Ní féidir
d'aon rud eile díobháil a dhéanamh duit
ach do d' thoil féin. Cuir an toil sin
le toil Dé i gcómhnuighe agus ansan ní
fhéadfaidh sí gabháil bun os cionn le toil
Dé. An fhaid ná raghadh do thoil bun os
cionn le toil Dé ní féidir duit peacadh
dhéanamh.



Ach is ana dheacair an toil seo againn
do chur le toil Dé ar an gcuma san. Ní
féidir é dhéanamh ach le congnamh ó ghrásta
Dé féin. Tá an congnamh san ag Dia
féin 'á thabhairt dúinn coitchianta. Ba
cheart dúinn bheith 'ghá iaraidh coitchianta.
D'á mhéid a dh'iarfaimíd é iseadh is mó a
gheóbhaimíd dé. Siné an gnó ba cheart
do'n Chríosdaidhe a cheapadh dhó féin mar
aon ghnó amháin le déanamh ar an saoghal
so, bheith coitchianta 'ghá iaraidh ar Dhia na
glóire a ghrásta thabhairt dó chun go gcuir-
feadh sé a thoil le toil Dé. Pé trioblóid
a bhéadh ag teacht air, pé cruadhtan a
bhéadh aige le gabháil tríd, pé éagcóir a
bhéadh dh'á dhéanamh air, an t-aon fhocal
amháin a bheith 'n-a chroídhe agus 'n-a bhéal
aige i gcómhnuighe: “Dé bheatha grásta
Dé! Toil Dé go ndeintear!”



Go dtugaidh an Slánuightheóir, tré impidhe
na Maighdine Muire agus na n-Aspol, a
ghrásta dhúinn go léir chun ár dtoile do
chur le toil Dé, pé fada gairid is toil le
Dia na glóire sinn fhágailt ar an saoghal
so, Amen, a Thighearna.


L. 141


The Pope's Message
translated into Irish by
An t-Athair Peadar Ua
Laoghaire, Canónach, S.P.



Tugaimíd anois ó chroidhe, tré mhéid ár ngrádh dhóibh,
agus le h-ionmhuine fé leith, an bheanacht aspolda,
do´n chlaínn seo atá i gCrúsáid na nGaedhal Óg.
Molaimíd iad go h-árd mar gheall ar an obair ró
rathmhar atá acu á dhéanamh, agus tá ana chion againn
ortha mar gheall ar a gcroidhthe do bhronadh orainn.



I dtaobh na h-athchuiníghe seo atá ag na leanaíbh
céadna 'á iaraidh orainn, ar son Cúise an leinbh
fhóghanta san, Neilli Bheag Ní Órgain, níl againn le
rádh leó ach bheith ag cur a nguidhe suas go dúthrachtach
chun Déi sa chás, óir is ag Dia amháin atá a mian do
thabhairt dóibh agus A Thoil ró-naomhtha féin a thais-
beáint go mirbhuilteach. PIUS PP. X.



Ó'n Vatican,
An sémhadh lá de Bhealtaine, 1912,


L. 145


ÁTHAS.



Ó'n Athair Peadar Ua Laoghaire,
Canónach S.P.



From “Seanmóin agus Trí Fichid,”
by special permission of the Irish
Book Co., 6 D'Olier St., Dublin.



Ní féidir áthas iomlán a dh'fhághail ó
aoinne ach ó'n Athair Síoruidhe. Agus ní
féidir an t-áthas iomlán san a dh'fhághaíl ar
an saoghal so, ach sa mhéid go seólan sé an
duine chun an áthais atá le fághail ar an
saoghal eile, chun an áthais atá síoruidhe.
Bíon áthas ar dhuine nuair a mhothuighean sé
neart agus fuinneamh na sláinte 'n-a
bhallaibh beatha. Ní h-áthas iomlán an
t-áthas san. D'fhéadfadh droch ghaoth, nó
coiscéim anacair, nó lán béil de bhiadh ná
bhéadh foláin, an t-áthas san do lot ar
iompáil na Baise. Is fada ó áthas iomlán
an t-áthas is féidir a chur chun siubhail chómh
h-uiriste sin.



Bíon áthas ar dhuine, b'fhéidir, nuair a
bhíon saidhbhreas saoghalta aige, agus creide-
amhaint ameasg a chómharsan. Bíon fiche
rud ag baint ó'n áthas san. Ní h-iad lucht
an tsaidhbhris mhóir is sáimhe chodlan an
oidhche. Leanan cúram agus buairt aigne
an saidhbhreas. Ní bhíon an fear saidhbhir
choídhche gan lán a chroidhe d'eagla air go
mb'fhéidir go dtiocfadh sóinseáil éigin sa
tsaoghal, agus go sgaipfí an saidhbhreas,
agus go mbéadh sé beó bocht. Ní h-áthas
iomlán, ní h-eadh, ach ní h-áthas i n-aon chor,
rud a chuirean, agus do choimeádan, buairt
agus céimaighrádh aigne de'n tsórd san ar
dhuine.



Is áthas iomlán, ámhthach, ar an saoghal
so féin, an t-áthas a bhíon ar chroídhe agus
ar aigne an duine nuair a bhíon, cuir i
gcás, faoisdin mhaith déanta aige agus
síothcháin ar a choinsias, agus nuair is féidir
dó feuchaint suas agus a rádh, i láthair Dé,
“Má 's é toil Dé glaodhach orm tá súil le
Dia agam go bhfuilim ollamh.” Tá an
t-áthas san iomlán, chómh fada agus is
féidir d'aon áthas bheith iomlán ar an
saoghal so, mar is áthas é atá ag seóladh
an duine sin chun an áthais agus chun an
aoibhnis atá síoruidhe.



“Go dtí so,” arsa'n Slánuightheóir,
“níor iarabhair aon nídh am' ainim.”



Tá brígh ana dhoimhinn leis an bhfocal
san. Tá daoine sa tsaoghal agus nuair a
thagan buairt nó trioblóid mhór ortha, is
amhlaidh a léimean a gcroídhe agus a
n-aigne suas láithreach chun Dé. Sgreadan
a gcroídhe láithreach ar Dhia, 'ghá iaraidh air
an trioblóid sin do thógaint díobh má 's é
a thoil naomhtha é agus leas a n-anama, nó,
murab é a thoil naomhtha é thógaint díobh,
'ghá iaraidh air é bhogadh dhóibh, agus a ghrásta
thabhairt dóibh chun é dh'fhulang mar is cóir
do Chríosdaidhe buairt agus trioblóid a
dh'fhulang. Freagran Dia Críosdaidhe de'n
tsórd san. Tugan sé a ghrásta do'n
duine sin. Bainean grásta Dé an nimh as
an dteinneas, nó cuirean sé neart i
gcroídhe an duine i dtreó ná géillean sé
do'n trioblóid, go bhfuilingean sé gach aon
rud do réir thoile Dé. Cuirid Críosdaidhthe
de'n tsórd san buairt agus trioblóid
díobh, agus nuair a bhíon an bhuairt nó an
trioblóid imthighthe ní fhanan blúire cuimhne
acu air. Ansan tagan trioblóid eile,
trioblóid, b'fhéidir, is truime 'ná an chéad
trioblóid. Ach is lúgha a ghoillean sé ortha
'ná an chéad trioblóid, mar bhíon breis nirt
fághalta acu as an gcéad fhulang, agus
bíon breis grásta acu d'á fhághaíl ó Dhia.
Ansan tagan dhá thrioblóid, trí trioblóidí;
tagaid siad ag brúth ar a chéile, ag baint
tusach slíghe dh'á cheile, ag satailt ar shálaibh
a cheile, go dtí gur dhóich le h-aoinne gur
cheart do'n duine sin bheith as a mheabhair,
glan, acu. Ach ní bhíon sé as a mheabhair ná
as a chéill. Bíon a shúil agus a intinn agus
a aigne socair go daingean ar thoil Dé.
Is amhlaidh a dhainginighid na trioblóidí go
léir a chroídhe ar Dhia, i dtreo gur ag dul


L. 146


i ndaingineacht a bhíon sé le gach trioblóid
d'á gcuireann sé dhé. I lár na buartha
agus na dtrioblóidí agus na gcathana
tagan an t-am, fé mar a tháinig an t-am
do Pheadar go dtárnalfaí ar an gcrois é,
nó fé mar a tháinig an t-am do Phól go
gcuirfeadh sé a cheann ar an mbloc, tagan
an t-am do'n Chríosdaidhe go nglaodhan
Dia as an saoghal é suas chuige féin.
Tagan am a bháis. Ní bhíon, tré ghrásta Dé,
sgáth ná eagla aige roimis an mbás.
Tugan Dia an neart san dó le linn a bháis
fé mar a thug sé gach neart eile dhó i
gcaitheamh a shaoghal. Téighean sé suas i
láthair Dé, agus tugan Dia na glóire a
thuarasdal dó. Thug an duine sin a
shaoghal go léir 'ghá iaraidh ar Dhia, i gcómh-
nuighe, i n-ainim an tSlánuightheóra, gach
aon ghrásta ba mhó a bhí i n-easnamh air do
thabhairt dó. Do tugadh dó iad. Tá a
thoradh san anois aige. Tá áthas air, agus
tá an t-áthas iomlán. Isé an t-áthas é a
thugan aoibnhneas síoruidhe na bhflathas do
dhuine.


L. 164


AN DUAIS-LITIR.



28 Tighthe Rialtó,
Bóthar Timcheallach Theas,
Áth Cliath, 13adh de Bhealtaine, 1912.



A Bhanbha, a chara, — Nach deas an rud é cuaird fá'n
tír? Badh mhaith liom do bheith i mo chómhnuidhe san
tír. Chuaidheas go Conndae Chill Mhanntain anuraidh
nuair bhí na fir ag baint an choirce agus na neornan.
Ó! is deas an pictiúr é — guirt buidhe le cruithneacht
agus arbhar; páirceanna glas leis an bhféar atá ag
fás ionta agus na ba is na caoire ag cimín ionta.



Bhíos i naice na fairrge agus chonnaiceas na longa
ag teacht isteach cumh an chuain. Bhíos ar an bhfairrge
go minic i mbád rámha agus ba mhaith liom é. Nuair
d'fhilleas a bhaile bhí brón mór orm, acht, le congnamh
Dé, beidh mé ag dul ann arís san samhraidh. — Is mise,
le meas mór, MAIRE NÍ RAGHALLAIGH.


L. 165


BEANNACHT LEAT, A MHUIRE.



[This beautiful rhymed prayer is repeated by the
people in certain of the Irish-speaking districts, as
they leave the church. We give it here in the
ordinary and simplified spellings.]



Beannacht leat, a Mhuire,
Beannacht leat, a Chríost,
Go gcumhdaigh sibh m'anam
Go dtigidh mé arís.



Beannacht leat, a thigh Dé,
Agus beannacht Dé n'ár dtimcheall,
Nár sgara uainn-ne grása Dé
Go bhfillimid chun a theampaill.


L. 171


TRIOBLÓID & MEISGE.



Ó'n Athair Peadar Ua Laoghaire,
Canónach S.P.



From “Seanmóin agus, Trí Fichid,”
by special permission of the Irish
Book Co., 6 D'Olier St., Dublin.



Tá daoine eile sa tsaoghal agus nuair a
thagan buairt mhór, nó trioblóid mhór, nó
umárd mór ortha, is amhlaidh a thagan dúire,
nó doircheacht aigne, ortha, i dtreó ná
chuimhnighid siad i n-aon chor ar Dhia. Tagan
mairbhithighe ar a gcroidhe, lag-spioraidighe
éigin, agus is amhlaidh a luighid siad ar an
dtalamh fé'n ualac. Bíon a gcroídhe
briste brúighte, agus ní fhanan preab ná
cor ionta. Cromaid siad a gceann agus
sgaoilid siad a srian féin leis an nbuairt.
Ní chuimhnighid siad i n-aon chor ar Dhia ná
ar ghuidhe chun Dé ná ar aon rud a dh'iaraidh
ar Dhia. Bíd siad díreach sa chás 'n-a raibh
na deisgiobuil nuair a chas an Slánuightheóir
leó ná raibh aon nídh acu 'á iaraidh ar an
Athair Síoruidhe i n'ainim féin. Mura
ndeinid Críosdaidhthe de'n tsórd san cuimh-
neamh ar Dhia is baoghalach go ndeinid siad
rud nach é. Is baoghalach go gcuimhnighid
siad ar shlígh eile chun an teinnis aigne do
mhaolughadh. Cuimhnighid siad ar an mbraon
díghe. Luighid siad ar ól. Cuirid siad
ortha ní chuimhnighid siad ar an mbuairt.
Nuair a bhíon an mheisge sin imthighthe bíon
an sgéal dhá uair níos measa acu. Mús-
glan nimh na buartha níos géire 'ná riamh,
agus cuirean dólas an mheisge atá curtha
dhíobh acu tuille faobhair ar a mbuairt,
tuille meagchaint sa bhrón atá ar a gcroídhe.
Má ba dheacair an buairt a dh'fhulang ar
dtúis, dá dheacra an bhuairt agus an
brón a dh'fhulang anois. Siúd chun an óil
airís iad. Siúd chun an óil iad airís agus
airís eile. I ndiaigh ar ndiaigh beirean
béas an óil greim ortha, greim ar chroídhe
agus ar aigne agus ar intinn ortha. As
san amach is cuma leó cad a dheinean
Buairt ná trioblóid, gnó ná cúram, Dia
ná duine, an saoghal so ná an saoghal eile,
aoibhneas na bhflathas ná teinte ifrinn. Ní
mhothuighid siad aon rud. Cuirid siad an
chuid eile d'á saoghal díobh idir bheith 'n-a
gcodladh agus 'n-a ndúiseacht. Ní ró fhada
a théighean leó. Loisgean an t-ól préamh
na beatha agus na sláinte istigh ionta.
Tagan an bás ortha abhfad sar a mbíon a
saoghal nádúrtha caithte acu. Ní féidir
dóibh fanamhaint a thuille ar an saoghal so.
Caithfid siad, pé olc maith leó é, aghaidh a
thabhairt ar an síoruidheacht. An suas a
raghaid siad? Conus is féidir dóibh dul
suas? Ó, a Chríosdaidhthe, is crúaidh an cás
é! Ní féidir dóibh dul suas. Do dhúnadar
féin an uile dhorus ortha féin. Ní h-é Dia
do dhún na dóirse ná na bóithre suas ortha,
Iad féin a dhún iad. Ní h-é Dia do chuir a
saoghal i ngioracht. Thabharfadh Dia a
saoghal nádúrtha dhóibh dá leigidís dó é.
Cá bh'fhios dúinne ná d'aoinne eile cad iad
na grásta a thug Dia dhóibh i gcaitheamh a
saoghal, a d'iaraidh iad a dh'iompáil ar a
leas, agus ná déanfaidís rud air! Tá
fhios againn go maith nár leig Dia uaidh iad
gan a ghrásta thabhairt dóibh go flúirseach
chun iad a choimeád. D'imthigheadar uaidh,
ach is í n-aimhdheóin na ngrást a d'imthighea-
dar uaidh. Ní raibh aoinne chun iad do
bhreith suas go h-aoibhneas na bhflathas ach
Dia. Bhéarfadh Dia leis suas iad dá mba
mhaith leo dul leis. Ní raghaidís leis.
Conus is féidir dóibh dul suas anois? Ní
féidir dóibh dul suas anois. Síos a
chaithfid siad dul. Síos, i gcóir na
síoruidheachta!


L. 193


LITIR Ó SHEAN-CHARAID.



Baile an Róistigh i gCo. Corcaighe,
An 11adh lá de Mheitheamh, 1912.



Do Bhanba — Tá ceist & ceann-fé & náire an domhain
orm toisg gan cuimhneamh le fada d'aimsir ar mo
charaid Banba a bhí chómh muínteardha liom & chómh
maith dhom i gcómhnuighe. Ní h-alaidh d'aoinne ded'
chlainn a leithéid sin dhéanamh ort, & is oth liom a
dh'admhail gur mise a bhí ciontach an uair seo. Gaibh
mo leath-sgéal a Bhanba. Ná tóg orm é mé bheith
chómh fada gan sgríobhadh chughat.



Is mór a thaithn liom an méid cainte a dubhradh ins
an Record i dtaobh “Neillí Bhig” & tá súil againn go
léir anso go raghaidh a cúis ar aghaidh sa Róimh & gur
gearr go mbeimíd ag tabhairt onóra dhi ar an
altóir. Ach tá naomh eile leis go bhfuil a cúis ag
dul ar aghaidh go maith sa Róimh & ba cheart go mbeadh
aithne & eolas ag gach aon Y.I.C. uirthi: mar táim
deimhnightheach go gcabhróchaidh sí leo & le gach aoinne
a déanfaidh ímpí uirthí. Tá a cáil i n-áirde sa tír seo
& i dtíorthaibh eile indiú, & tá cur síos ar a beatha
naomhtha ins gach aon teangain geall leis. Nach
chóir dá bhrígh sin go mbeadh sé i nGaoluing leis
& go mbeadh aithne & cion ag's na Y.I.C.'s uirthi?
Geallaim dhóibh nách miste dhóibh guidhe chúichi, mar go
bhfaghaid siad gach aon tabarthas a iarfaid siad uirthi.
Tá a geallamhaint féin againn leis — dubhairt sí le
na siúrachaibh, “caithfeadsa mo shaoghal ar neamh ag
déanamh maitheasa don chine daona.”



Sin é an machtnamh a thug deimhne dhom gur mhaith
an rud é dá dtabharfainn fé raint neithe innsint
díbh mar gheall uirthi a Gaoluing. Táim ar aigne
iaraidh ar dhuine éigin Gaoluing a chur ar Bheatha an
Seathar Terésa i gcaitheamh an tSamhraidh. D'fhéadfá-
sa é thabhairt do'n Eatarthóir nuair a bheidh sé
sgríobhtha, agus b'fhéidir go gcuirfeadh sé é féin &
peictiúir an “Bhláith Ghléigil” i gcló i dteanta
chéile. Go bhfága Dia suas abhfad tú & go gcuirfidh
Dia an sath ort. — Mise, a Bhanba, do chara go buan
MÁIRGHRÉAD NÍ MHAOLDHOMHNA.



“AN RÉILTHEAN LEANBHACH”



.i.



An t-Siúir Terésa ó Lísieux,
nó Flós Gléigeal Íosa.



Do rugadh “An Réilthean leanbhach” nó mar a
nglaodhfaidís uirthi i bhFraincis Marie-Francoise
Thérèse Martin, i n-Alencon sa bhFrainc an dara lá
d'Eanair, 1873. Nuair a bhí sí cúig bliadhna déag
d'aois chuaidh sí isteach i gConbhint d'Órd na gCar-
mailíteach & do chaith sí naoi mbliadhna go leith ann
go subháilceach & go naomhtha & go deagh-thréitheach.
Bhí mainighin iongantach a Dia aici & thug sí grádh a
h-anam dó. Fuair sí bás an deichmheadh lá fichid de
Mhí an Mheadhoin-Fhoghmhair sa bhliadhain 1897. Faghtar
a lán grásta trí n-a h-ímpí & do h-iaradh ar an
Eaglais Naomhtha í chur ameasg na mBeannuighthe.



Féadfar Leaflets d'fhághail ó'n Orphans' Press,
Rochdale, England, ar cúpla pingin. Iartar ar
gach aoinne a leighiseadh nó a fuair grásta specíala
ó'n Naomh é innsint do'n Rev. Prioress, Le Carmel,
Lisieux, Calvados, France.



MAIRGHRÉAD NÍ MHAOLDHOMHNA


L. 201


NAOMHTHACHT BEATHA.



Ó'n Athair Peadar Ua Laoghaire, Canónach S.P.



From “Seanmóin agus Trí Fichid,”
by special permission of The Irish
Book Co., 6 D'Olier St., Dublin.



Isé nádúr na ndaoine riamh go mbíon
uraim ana mhór acu do naomhthacht beatha
nuair a chídh siad é. Má's naomhthacht firin-
neach é is ceart an uraim sin a thabhairt dó.
Nuair a chíd na daoine cómharthaí so-fheicse
naomhthachta tuigid siad 'n-a n-aigne go
bhfuil an naomhthacht sa n-áit 'n-a bhfeicid
siad na cómharthaí. Nuair a chíd siad an
aghaidh bhán, mhí-lítheach agus an ghnúis
ghruama, dhorcha, gan sult gan gáire ann,
“Ó,” adeirid siad leó féin, “is ana naomh-
tha an duine é sin! Is uathbhásach a ndéin-
ean sé de throsgadh agus dé thréadhnas
agus de chlaoidh ar a cholainn ar gach aon
tsaghas cuma, nó ní bhéadh an driuch san
air.” Ansan tagan árd uraim acu do'n
duine sin. Tá daoine ann, a phobul;
bhiodar ann an uair sin, pé 'n-Éirinn é,
(i.e. le linn ár Slánuightheora), agus bhí
ana dhúil acu sa n-uraim sin ó'n
bpoibilidheacht, ach ní raibh aon dhúil i n-aon
chor i dtrosgadh ná i dtréadhnas acu, ná i
n-aon nídh eile do ghoillfeadh ar an gcolainn
ná do chuirfeadh aon tsrian le h-ainmhian-
taibh na colna. Cheapadar an uraim a
dh'fhághail ó'n bpoibilidheacht agus gan aon
trosgadh dhéanamh chun na h-urama thuilleamh.
Ansan do thánadar ar a n-aghaidh agus dhein-
radar rud éigin leis a chuir an dath mí-
lítheach air i dtreó gur dhóich leis na daoine
go raibh an trosgadh acu 'á dhéanamh.
Bhuaileadar bob ar na daoine ar an gcuma
san agus fuaradar an uraim a bhí uatha.
B'shin cuid d'á ndíoluigheacht féin.



Má dhein cuid acu trosgadh dáiríribh,
agus gur chun na h-urama san a dh'fhághail
ó'n bpoibilidheacht a dheineadar é, agus go
bhfuaradar an uraim sin a bhí uatha, bhí a
ndíoluigheacht fághalta acu, an díoluigheacht
bhí uatha agus ní raibh aon teidiol acu
chun aon tsaghas eile díoluigheachta. Ní
raibh aon teidiol acu chun aon díoluigheachta
dh'fhághail ó Dhia na glóire mar gheall ar
an dtrosgadh a dheineadar má ba throsgadh
dáiríribh féin é. Bhí an sgéal go h-ait acu.
Uraim agus creideamhaint acu ó dhaoine
mar 'dh eadh go rabhadar ana naomhtha, ana
uasal i láthair Dé, agus gan blúire bríghe
leis an gcreideamhaint ná leis an naomh-
thacht ná leis an uaisleacht, i láthair Dé.
Ainim naomhthachta ortha agus gan acu ach
an ainim. An trosgadh agus an tréadhnas
déanta acu, bh'fhéidir, agus gan pioc d'á
bhárr acu ach an rud san gan ghus gan
tairbhe, moladh ó bhéalaibh daoine, moladh
baoth, moladh bréagach, moladh ná creidid
na daoine a thugan é, go minic. Is suarach
an tuarasdal é, ach isé an tuarasdal a bhí
uatha é, agus ní'l aon teidiol acu chun aon
tuarasdail eile.



Bhí daoine de'n tsórd san ar an saoghal
le linn ár Slánuightheora. Tá daoine de'n
tsórd san ar an saoghal fós. Is mairg a
dhéanfadh aithris ortha. Do chómhairligh ár
Slánuightheóir d'á dheisgiobulaibh gan aithris
a dhéanamh ortha. “Ach tusa,” ar seisean,
“nuair a dhéanfair trosgadh, cuir oíle ar
do cheann agus nigh t'aghaidh, i dtreó ná
haithneóchaid daoine tú bheith ag déanamh
trosgaidh, ach go n-aithneochaidh t'Athair é
atá fé cheilt, agus go dtabharfaidh t'Athair,
a chíon fé cheilt, do dhíoluigheacht duit.”



Tá Críosdaidhthe ann, buidheachas le Dia,
agus ní cuid bheag acu é, agus deinid siad
an chómhairle sin do ghnáth. Pé gníomhartha
maithe, diadha, a dheinid siad, a gan fhios
do'n tsaoghal iseadh dheinid siad iad.
Coimeádaid siad an sgéal go léir idir iad
féin agus Dia na glóire. Chíon Dia iad a
gan fhios do'n tsaoghal, agus tabharfaidh
Dia dhóibh, a gan fhios do'n tsaoghal, tuaras-
dal agus díoluigheacht ná féadfadh an
saoghal a thabhairt dóibh. Is ar Chríosdaidh-
thibh de'n tsórd san is ceart dúinn aithris a
dhéanamh agus ní h-ar dhaoinibh baoithe, ar
dhaoinibh leanabaidhe, ná féadfadh an gníomh
fóghanta is lúgha a dhéanamh mura molfaí iad.


L. 232


“AN RÉILTHEAN LEANBHACH”



BARBARA NÍ DHÓMHNAILL do scríobh



Is beag duine nár airig trácht éigin ar
an Siúr Treasa ó Lisieux. “Flós gléigeal
Íosa” is gnáth a thabhairt uirthi. An té gur
mhaith leis fhios a bheith aige cad é méid a
cáil ar fuaid an domhain ní gádh dho ach na
páipéir a léigheadh agus is beag lá ná go
bhfeicfidh rud éigin ionta mar gheall uirthi
— daoine ag breith bhuidheachais léi i dtaobh
leighis nú tabharthais éigin ó Dhia a fuaradh
trí n-a h-ímpidhe. Go deimhin níor mhisde
dhúinn a rádh gur naomh iongantach í a thug
Dia do'n Eaglais le n-ár linn féin.



Le congnamh Dé, agus trí impidhe Threasa
naomhtha beidh rath ó Dhia ar an leabhar beag
so leis i dtaobh an méid seo a sgríobhadh ann.



Rugadh Treasa naomhtha an tarna lá de
Mhí Dheireadh an Gheimhridh i mbliadhain an
Tighearna 1873. Bhí ochtar eile clainne
ann 'n-a teannta. B' í Treasa an té dob'
óige aca go léir. Fuair ceathrar aca bás
i dtúis a n-óige agus táid siad i bhfochair
a ndeirbhshéathar i Ríoghacht na bhFlaitheas
anois le congnamh Dé. Bhí Treasa féin
agus an ceathrar eile 'n-a mnáibh riaghalta.
Saghas ceannuighe a b' eadh a h-athair. Ag
ceannach agus ag díol seód is eadh is mó a
bhíodh sé, ach ní raibh seód riamh 'n-a sheilbh ba
luachmhaire ná b' uaisle 'ná Treasa bheag.
“An Bhainríoghain Bheag” a thugadh a h-athair
mar ainm uirthi; agus is minic i gcaitheamh
an gheimhridh a chaitheadh sí tamal de'n
tráthnóna nú de thosach na h-oidhche 'na
suidhe ar a ghlúin agus é ag trácht ar
Flaitheas agus ar na naomhaíbh, nú ag
léigheadh leabhair éigin bheannuighthe dhi.



Leanbh ana-chaomh a b'eadh Treasa, leanbh
go raibh uaisleacht 'na h-aigne agus
áilneacht 'n-a pearsain; agus b' í an leanbh
céadna san í go ló a báis. Ní misde, dá
bhrigh sin, an “Réilthean Leanbhach” a
thabhairt mar ainm uirthi.



Bhí Treasa ana-bheannuighthe ana-naomhtha
ach 'n-a dhiaidh san bhí rudaí saoghaltha agus
thaithneadh léi go seóigh bheith ag féachaint
ortha. Níl aon rud is mó a thaithneadh léi
'ná bheith ag féachaint ar na bláthannaibh
beaga dath-áilne a chíodh sí ag fás ins na
páirceannaibh, nú bheith ag féachaint ar na
móinfhéaraibh nuair a bheadh barra trom
féir ortha agus leoithne beaga gaoithe ag
séideadh agus ag síor-luasgadh an féir sin,
i dtreo gur dhóigh leat gur tonnta beaga
na mara móire a bheadh ag síor-ghluaiseacht
i ndiaidh chéile. Ba mhaith léi leis bheith ag
féachaint ar na réilthínibh nuair a thagadh an
oidhche, agus mheasadh sí go bhfeiceadh sí a
h-ainm féin sgríobhtha le réilthinibh ar an
spéir; agus ar nóin bhí an ceart aici, mar
bhí a h-ainm sgríobhtha ag na h-aingealaibh
ar Neamh ó thosach a h-óige. Ba mhaith léi
leis bheith ag féachaint ar an bhfarraige
móir. Nuair a chíodh sí na tonnta móra ag
gluaiseacht i ndiaidh chéile agus ag bualadh
i gcoinnibh na gcarraigreach ar an dtráigh,
agus an ceo gheal niamh ag eirighe go h-árd
sa spéir agus ag gluaiseacht isteach fé'n
dtír, bhíodh sí ag machtnamh ar an neart
iongantach agus ar na chómhachtaibh iongan-
tacha nach foláir a bheith sa Té a chruthuigh
muir agus tír. Ansan nuair a chíodh sí
bád beag fé seolthaibh geala bána ag
gluaiseacht leis an ngaoith a's ag eirighe go
h-éadtrom éasgaidh de druim na dtonn,
chuireadh sé a gcuimhne dhi anam ghlan
ghléigeal gheanmnuidhe a bheadh ag cur na


L. 233


slighe dhi tríd an saoghal so ag gluaiseacht
fé dhéin na bhFlaitheas. Níl aon bhaoghal ná
gurb'é sin saghas anam a bhí aici féin —
anam a fuair gairm bheannuighthe mar
thabharthas ó'n Slánuightheoir. 'Sí an ghairm
sin a chuir 'n-a h-aigne dul isteach i
gconbhint. Bhí ana-dhúil aici dul isteach i
gconbhint na gCármailíteach mar a raibh
duine dá deirbhshéathrachaibh ar a raibh ana-
chion aici.



D'oir di dul isteach sa chonbhint gan
mhoill, ach ní raibh sí ach chúig bhliadhna déag
agus bhí san ró óg do'n Órd. Ní raibh fhios
aici ansan cad a b' fhearra dhi a dhéanamh.
'Sa deire shocraidh sí ar dhul go dtí an
Pápa í féin agus cead d'fhághail uaidh dul
isteach sa chonbhint agus bheith ina mnaoi
riaghalta i n-Órd na gCármailíteach. Chuaidh
sí go dtí an Pápa agus d'iarr sí an cead
air, ach d'fhág an Pápa an sgéal fé easpog
na h-áite gurbh as Treasa beag. Nár
ghleóite go léir an leanbh beag Treasa ag
caint leis an bPápa, le h-árd-cheann na
h-Eaglaise go léir, í ansúd 'na láthair
mar bheadh an t-uan beag i láthair árd-
aodhaire na gcaorach.



'Sa deire chuaidh sí sa chonbhint nuair
a bhí an Caraigheas caithte i mbliadhain ár
dTighearna 1888. Ansan thosnuigh sí ar
dhul i mbeannuigheacht agus i naomhthacht i
n-aghaidh an lae. Ní raibh de ghuidhe ná
d'athchuingí aici ó mhaidin go h-oidhche ach
á' iarraidh ar Dhia cabhair a thabhairt di chun
é a ghrádhughadh ón-a croidhe agus druim-
láimhe a thabhairt leis an saoghal agus le
h-oibreachaibh an tsaoghail. Ba gheárr go
raibh sí ar an té ba naomhtha agus ba
bheannuighthe dos na mnáibh riaghalta go léir,
agus ní raibh éinne aca óg nú críona ná
féadfadh deagh-shompla a ghlacadh uaithi. Bhí
sí umhal d'a h-uachtaránaibh, dílis do Dhia,
cráibhtheach, deagh-mhóideach, deigh-mhéineach,
deagh-aigeanta; ciúin, cialmhar, banamhail,
diadha. Bhí sí foidneach, fírinneac, so-
ghluaiste.



(Tuille.)


L. 249


CARA NUA.



Bóthar Árd,
Carraig na bhFear,
I gCo. Chorcaige.



A Bhanba dhílis, — Is dócha go gcuirfidh sé iong-
nadh ort litir d'fághail ó'n áit seo, ach bíodh
fhios agat go bhfuil seódh ded' cháirdibh anso i
gCarraig na bhFear; & ní nach iongnadh, cuirfidh sé
áthas ort san d'insint duit.



Tá roinnt bliadhnta anois ó fuaras an Record ar
dtúis, agus fuaras gach aon Record riamh a tháinig
amach ó thoin. Níl páipéar ná leabhar beag a
thagan amach is fear liom ná é; agus deirid cailíní
go léir an bhaill seo an rud céadna. Taithnean an
uile phioc de liom, ach sé “Cúinne an Aoibhnis” an
chuid is fearr liom de. Bíon litreacha Gaoluinne
ann uaireanta agus bíd siad go h-áluinn. Is truagh
ná bíon litir Ghaoluinne agat ann gach aon mhí.
Chuirfinn féin litir chúgat go minic a chuirfá ann ach
go deimhin níl an Ghaoluinn ar fóghnamh agam fós &
b'fhearr liom leogaint do'n mhúintir go bhfuil an
Ghaoluinn go maith aca é do dhéanamh. 'N-a dhiaidh san
b'fhéidir go ndéanfainn seift éigin ar litir a chur
chúghat uaireanta as so amach.



Bíon aisdí ana bhreághtha go léir sa chuid eile de'n
Record leis. Tá aisde ag teacht amach ann a dheinean
cur síos cruinn ar theacht na mBráthar go h-Éirinn,
agus ar a n-obair tar éis teacht dóibh. Tá an aisde
sin go h-ana mhaith go léir. B'fhiú d'éinne é do
léigheadh. Duine dos na Bráthaireachaibh atá 'á
sgríobhadh is dóigh liom. Is truagh ná sgríobhan
duine éigin rud éigin mar é a' Gaoluinn. Bíodh
aisdí Gaoluinne roimhe seo sa Record & bhídís thar
bárr. Bean gurb' ainm Eibhlín Ní Chróinín a
sgríobhadh iad. Dheininn féin iad go léigheadh agus
d'áth-léigheadh trí h-uaire go minic. Ní bheinn corra
go deó dhíobh. Mhuise, ní fheadar cad d'imthigh ar
Eibhlín. B'fhéidir go bhfuair sí bás. Má fuair
beannacht Dé le n-a h-anam. Mara bhfuair go
gcuiridh Dia ar a leas í & go gcuiridh sé n-a croidhe
tosnughadh ar sgríobhadh sa Record arís. Bheadh ana
fháilte againn go léir anso roimhe na cuid Gaoluinne.


L. 250


Is dóigh liom gur leigheas sa Record uair éigin go
bhfuilir-se ad shean-bhean chríoná chaithte, a Bhanba.
Tá súil agam nách mar sin atá an sgéal, agus go
bhfuilir ad' mhnaoí óig láidir fós. Pé aca óg nú
críona thú ba chóir gur mór an sásamh aigne ort an
deagh-obair atá agat á dhéanamh sa Record. Ní
baoghal leis ná go gcuirfidh na litireacha, gheibhean
tú ós na leanbhaíbh go léir ar fuaid na tíre, óige ar
do chroidhe agus faid mhór ar do saoghal. Go
dtugaidh Dia san, a Bhanba. — Mise, MÁIRE NÍ
MHURCHADHA.



[Mhaise, naoi gcéad míle fáilte rómhat, a Mhaire,
a chroidhe 'stigh! Is iongantach a bhfuil de dhaltaibh
nua ag teacht chugham 'na laetheannta so. Is fíor
dhuit go bhfuilim ag dul i n-óige, toisg na leitreacha
go léir. Nach é an truagh é, a Mháire, ná fuil an
Ghaoluinn ar do chómhairle féin agat! Is truagh ná
fuil Bárbara Ní Dhómhnaill nó Maighréadh Ní Mhaol-
dhomhna mar múinteoir agat.]


L. 255


“AN RÉILTHEAN LEANBHACH”



BARBARA NÍ DHÓMHNAILL do scríobh



(Ar leanamhaint.)



Aon tráthnóna amháin theip uirthi a lampa
d'fhághail. Ní raibh sé san áit nar fhág sí é
agus bhí fhios aici gurbh' amhlaidh a thóg duine
éigin é i n-ionad a lampa féin i ndearmhad.
Bhí gádh cruaidh aici leis an lampa ach b'é a
riaghail gan focal a labhairt le chéile ó uair
áirighthe de'n tráthnóna go h-uair áirighthe
de'n mhaidin. Níor mhaith léi an riaghail sin
a bhriseadh agus i n-ionad dul ag fiafruighe
i ndiaidh a lampa 'sé rud a dhein sí ná
fanamhaint sa doircheacht ag paidireóireacht
agus ag machtnamh ar Dhia, agus ag breith
bhuidheachais leis 'dtaobh í bheith bocht, dealbh,
gan aon phioc de shaidhbhreas an tsaoghail.
As san amach ní raibh aon rud is mó a
thaithneadh léi ná cruadhtan agus gádhtar,
agus ní a d'iarraidh aon bhuige a dhéanamh
ar an saoghal a bhíodh sí ach ag fulaing gach
aon ní dá dheacra ar son Dé. Ní misde
a rádh ná gur mhaith an sás foghluma í mar
thóg sí an léighean go tiugh. Níorbh' fhada
an mhoill uirthi taithighe do dhéanamh de gach
aon nós a bhain leis an órd, agus eolas a
chur ar gach aon rud a bhain le beannuigheacht
agus slígh De do chleachtadh.



Dhein sí na geallamhna nú na móide a
bhain leis an órd, a's ní raibh a leithéid de
shólás ná de shásamh aigne riamh roimhe sin
uirthi agus bhí an lá a dhein sí na móide sin.
An t-ochtmhadh lá de Mhithiomh an Fhoghmhair is


L. 256


eadh a dhein sí na móide, agus ní raibh de
phaidir aici i rith an lae sin ach 'á iarraidh ar
Dhia síothcháin agus sólás aigne a thabhairt
di agus í do ghrádhughadh, agus cabhair a
thabhairt di chun an Tighearna Íosa a
ghrádhughadh ar feadh a saoghail.



Bhí sí ana-óg nuair a cuireadh an mhuíntir
a bhí gan na móide a dhéanamh mar chúram
uirthi, agus níl aon bhaoghal ná go raibh sí
oireamhnach do'n obair. Mhúin sí gach aon
rud dóibh díreach mar múineadh di féin.
'Sí cómhairle a thugadh sí i gcomhnuidhe dhóibh
a gcúl a thabhairt ar an saoghal agus Íosa
a ghrádhughadh díreach mar ghrádhóch' an leanbh
a mháthair, agus mainghín a bheith aca as an
dTighearna díreach mar beadh mainghín ag
an leanbh as a mháthair. Ní misde rádh gur
thug sí deagh-shompla dhóibh mar ní raibh éinne
dos na mnáibh riaghalta ba mhó grádh d'
Íosa ná ba mhó mainghín as an dTighearna
ná Treasa féin. Nuair déarfadh éinne léi
go raibh sí ana-bheannuighthe 'sé déarfadh
sise léi ná raibh inti féin ach duine bocht
dár thug Dia seódh grásta agus seódh
tabharaistí.



Bhí ana-ghrádh go léir aici d' Íosa Críost.
Dhineadh sí amhráin bheaga dhiadha uaireanta
agus bhíodh sí 'á rádh le grádh Dhó. Deireadh
sí go minic gur mhaith léi ana-ghrádh go léir
a bheith aici d'Íosa. Deireadh sí gur mhaith
léi é a ghrádhughadh ní ba mhó go mór ná mar
a dhein éinne riamh roimhe sin. Níor mhaith
léi aon rud a dhéanamh ach an rud gur thoil
le Dia í 'á dhéanamh. B'é a toil toil Dé i
gcomhnuidhe.



Bhí ana-urraim aici do shagartaibh agus
do dhaoinibh a bhí ag foghluim i gcóir na
sagartóireacht. Deireadh sí go minic gur
mhaith léi bheith na sagart í féin, agus dá
mbeadh go ndéanfadh sí Eabhra d'fhoghluim i
dtreó go dtuigfeadh sí an Sgríbhinn Diadha
ní b' feárr. Ní bréag a rádh go raibh an
grádh aici do Dhia ba chóir a bheith ag aon
Charmailíteach — grádh “do'n Tíghearna Dia
na Sluagh.”



Bhí Treasa ana-bheannuighthe agus bhí ana-
ghrádh aici do Dhia, ach na' dhiaidh san is minic
a mheasadh sí go raibh Dia tar éis í a
thréigint agus a chúl a thabhairt uirthi i
dtreo gurbh' ar éigin fhéadadh sí aon Phaidir
a rádh. Bhíodh sí dubhach, uaigneach, trom-
chroidheach mar cheapadh sí go mbíodh Íosa
imthighthe uaithe ar fad. Ach bhíodh a mainghín
as an dTighearna i gcomhnuidhe aici agus
d'fhágfadh sí í féin fé Dhia.



I dtosach na bliadhna míle ocht gcéad a
sé déag a's ceithre fichid tháinig droch-thaom
breoidhteachta uirthi. Bhí fhios aici go raibh
an bás buailthe léi. Níor chuir san aon
chorrabhuais uirthi, mar thuig sí na h-aigne ná
raibh aici ach bas d'fhaghail agus an saoghal
so d'fhágaint a's dul go Flaitheas Dé mar
a mbeadh sí i láthair an tSlánuightheora
féin ar feadh na síoruidheachta. Nuair bhí sí
breoidhte dudhairt sí go gcaithfeadh sí féin
a saoghal ar Neamh ag déanamh maitheasa
do'n chineadh daona. “Déanfaidh Dia mo
thoil-se ar Neamh,” ar sise, “mar níor
dhineas-sa mo thoil féin riamh i gcaitheamh
mo shaoghail.”



Chuaidh an bhreoidhteacht i n-achrann intí
an bhliadhain a bhí chúghainn. Fuair sí bás
beannuighthe an deichmhadh lá fichead de
Mhithiomh an Fhóghmhair i mbliadhain an
Tighearna míle ocht gcéad a seacht déag a's
ceithre fichid. 'Siad na focail dheireanach
a labhair sí ar an saoghal so ná: “Ó mo
ghrádh É: a Dhia, mo ghrádh go daingean
Thú!”



Cheanna féin tá mór-chuid míorbhuilt
déanta aici agus cuirean san i n-úil dúinn
gurbh' fhíor di a rádh go ndéanfadh Dia a
toil agus gur ag déanamh maitheasa do'n
chineadh daona a bheadh sí féin ar Neamh.
Ba chóir go spriocfadh san sinn go léir
chun seódh tabharaistí diadha agus seódh
grásta d'iarraidh ar Dhia trí ímpidhe Threasa
Bheannuighthe. Go dtugaidh Dia dhúinn go
léir bheith mar í — fíor-ghrádh a bheith againn
do Dia ar an saoghal so, agus Ríoghacht Dé
a shealbhughadh ar an saoghal eile ar feadh na
síoruidheachta.


L. 291


ÚMHLUIGHEACHT.



Ó'n Athair Peadar Ua Laoghaire, Canónach S.P.



From “Seanmóin agus Trí Fichid,”
by special permission of the Irish
Book Co., 6 D'Olier St., Dublin.



Ní'l aon chuma is fearr 'n-a bhféadfaimíd
maitheas na h-úmhluigheachta d'fheisgint 'ná
má chuirimíd os comhair ár súl olcas an
uabhair. As an uabhar iseadh fhásan an uile
shaghas uilc. An t-uabhar isé chuirean duine
ag formad le n-a chómharsain. As an
bhformad san tagan fuath do'n chómharsain,
agus fearg, agus mioscais, agus cúlchaint,
agus tromaidheacht; agus ansan, dlígh
agus clampar agus fuil. As an uabhar
a dh'fhásan an tsaint. Ní bhéadh leath beann
ar an airgead ag fear na sainte mura
mbéadh go dtuigean sé i n'aigne go
gcuirfidh an t-airgead ar a chumas bheith
níos aoirde 'ná duine eile, agus níos
uaisle, dar leis féin. Ar ball, nuair a
théighean an tsaint i n-achran i gceart 'n-a
chroídhe, ní chuimhnighean sé ar uaisleacht ná
ar ísleacht ach ar an airgead féin, Ach isé
an t-uabhar a thosnuigh an t-olc.



Mar sin do gach sórd aimhleasa d'á
ndeinean an duine, ar an saoghal. Isé
an t-uabhar a chuirean an chéad droch lámh
sa dhuine. Isé bun-phréamh gach uilc é i
gcroídhe an duine. Is leasughadh saidhbhir é
do gach droch intinn agus do gach droch
mhian agus do gach droch bhéas. Is nimh
marbhuightheach é do gach sobhailce diadha, do
gach intinn mhaith, do gach deagh-bhéas, do
gach deagh-shampla, do gach deagh-chomhairle,
do gach cogar fóghanta d'á labhran grásta
Dé istigh i gcroídhe an duine.



Ar an dtaobh eile dhé, isí an úmhluigheacht
a mhúchan agus a mhillean agus a mharbhuighean
an t-uabhar. Isí an úmhluigheacht bun-phréamh
gach maitheasa i gcroídhe an duine. Near-
tuighean sí creideamh agus dóchas agus
carthanacht. Tugan sí cead cinn do gach
intinn mhaith, breis ghreama do gach deagh-
bhéas, breis toradh do gach deagh-shampla,
feidhm níos treise do gach deagh-chómhairle,
agus deinean sí guth árd de'n chogar a
labhran grásta Dé i gcroídhe an duine. Is
amhlaidh mar atá an sgéal, a phobul, ní
féidir do Dhia na glóire féin, ná do
ghrásta Dé, aon cheart a bhaint de'n duine
an fhaid a bheidh an t-uabhar istigh i gcroídhe
an duine. D'fhéadfadh Dia, laithreach, an
mac mallachtain do thiomáint síos go
h-ifrean agus é choimeád thíos ann, agus
gan leigint dó baint i n-aon chor leis
an nduine. D'fhéadfadh Dia namhaid an
creidimh ar an saoghal so do chlaoidh
láithreach agus do chur fé chois. D'fhéadfadh
Dia an uile shólás saoghalta thabhairt dos
na Críosdaidhthibh, ar an saoghal so, agus
gan teinneas ná trioblóid do leigint 'n-a
ngoire choídhce. Ach cad é an tairbhe bhéadh
ag Dia as san go léir an fhaid a bhéadh an
t-uabhar, namhaid Dhé, istigh i n-ár gcroidhe
againne!



D'á bhrígh sin, sar ar féidir do Dhia
na glóire aon mhaitheas a dh'fhághail as
an gCríosdaidhe, ní foláir, ar dtúis, an
t-uabhar do dhíbirt amach a' croídhe an
Chríosdaidhe sin, agus an croídhe do líonadh
go bara le fíor úmhluigheacht, i n-inead an
uabhair.



Chuige sin iseadh chuirean an Eaglais anso
os ár gcómhair indiú, sa tSoisgéal so a
léigheas daoibh, an úmhluigheacht uathbhásach
san a bhí istigh 'n-a chroídhe ag Naomh Eóin
Baiste. Dúbhairt an Slánuightheóir ná raibh
duine beó riamh dob' aoirde i láthair Dé
'ná Naomh Eóin Baiste, agus dúbhairt Naomh


L. 292


Eóin Baiste féin ná raibh ann ach guth, ná
raibh duine beó ba shuaraighe 'ná é.



Má bhí Naomh Eóin Baiste chómh h-árd
san i láthair. Dé agus chómh h-umhal san i
n' aigne féin, conus is féidir dúinne, atá
íseal, suarach go leór, i láthair Dé, bheith
árd i n-ár n-aigne féin? Cad é mar
obair dúinne uabhar a bheith orainn, agus
mór-is-fiú, agus eiríghe-anáirde, agus droch
mheas a bheith againn ar ár gcómharsain?
Obair gan chiall, gan mheabhair, gan tuisgint
iseadh é, a Chríosdaidhthe. Ach galar iseadh
an t-uabhar gur deacair leigheas a dhéanamh
air. Cuid de'n leigheas iseadh an teagasg
so a tugtar dúinn i Soisgéal an lae
indiú. Má bhí aon duine beó riamh nár
mhisde dhó raint mór-is-fiú bheith air b' é
Naomh Eóin Baiste an duine sin. Má bhí
sé sin gan uabhar cad é mar obair dúinne
uabhar a bheith orainn? Má bhí sé sin úmhal
nach é is lúgha is gann dúinne bheith úmhal?



Iaraimís anois ar Dhia, a Chríosdaidhthe,
an úmhluigheacht san do bhronnadh orainn,
go flúirseach agus go saidhbhir, tré impidhe
na Maighdine Muire Máthair Dé, agus tré
impidhe Naomh Eóin Baiste, i dtreó go
mbeidh ár slígh chun Dé go maith an fhaid a
fágfar ar an saoghal so sinn, agus ansan,
nuair a thógfaidh Dia as an saoghal sinn, go
dtabharfaidh sé aoibhneas na bhflathas dúinn
ar feadh na síoruidheachta, i bhfochair na
naomh agus na n-aingeal agus i bhfochair
Naoimh Eóin Baiste féin. Amen, a
Thighearna!


L. 316


NA SAOITHE ANOIR.



(Math. ii., 1-18.)



Sliocht as
“Startha as an Soiscéal”
(An t-Athair Pádraig Ua Duinnín).



IAR mbreith don leanbh gheal
Íosa taithneamhach,
I mBeithil, baile atá
Suidhte i bhfearantas
Na nIúdaidheach gcalma,
Is le linn a fhlaitheasa
Do Iorruadh acfuinneach,
Anoir seadh ghabhadar
Saoithe feasa chirt
Go cathair Salaime:
“Cá bhfuil an leanbh so
Ar an saoghal tá tagaithe
Anois le tamall beag,
Is gurab é a ghairm sin,
Rí ceart sleachta uile
Na nIúdaidheach meanmnach?
Mar, san oirthear dhearcamar
A réilteann lasamhail,
Is siúd ar aistear sinn
I gcéin n-a airchis
Chum adhradh an taithnimh ghil
Do thabhairt is gradam dó.”



Iar gclos an teastais sin
D'Iorruadh, an calmfhlaith,
Is buaidheartha cathuightheach
Do bhí sé ina aigne,
Is ghabh buaidhirt is eagla
Dá dhruim gan mearbhall
Lucht na cathrach;
'S is cruinn do bhailigh sé
Cinn na sagartacht
Is scríobhnaighe an tseanchais
Ag lorg feasa ortha,
Cá mbéarfaidhe ar talamhain
An Críost ró-bheannuighthe.
Is éascaidh fhreagradar:



“I mBeithil, baile atá
I nIúid an talaimh mhaith,
Mar is amhlaidh dhearbhann
An fáidh i dtairngireacht:
‘A Bheithil, ceartshuidhte
I nIúid na maitheasa,
Ní tú is lugha, admhaim,
Le rádh is le canadh guib
I measc prionnsaidhe calma
Iúid an aitis chirt;
Mar, tiocfaidh asat-sa
An t-urradh gaisceamhail
Fá réir do smacht-chuirfidh
Mo Phobal, treabhanna
Israel cheannasaigh.’”
Iorruadh cleasach glic
I ganfhios ghairm sé
Na saoithe cneasta soin,
Ag lorg feasa chirt
Go cruinn gan mearbhall:
Cathain gheal ortha
An réilteann taithneamhach?
Is ghá seoladh feasta uaidh
Go Beithil dreachsholuis
Is mar seo d'agaill iad:
“Imthighidh, a fheara suilt,
Aimsighidh an leanbh so,
'S ar a fhagháil daoibh, casaidh-se
Le scéala is teastas air
I dtreo go ndeachainn-se
Dá adhradh dhen tsamhail sin.



Iar gclos go fírcheart
Bréithre an ríogh dhóibh,
Is luath d'imthigheadar;
Is an réilteann aoibhinn
San oirthear shoillsigh
Rompa bhí sí
Ag foillsiughadh slighe dhóibh,
Gur stad go díreach
Ós cionn an bhaill chirt
Ina raibh an naoidhean bheag.
An reann nuair chíd sin
Do leath a gcroidhe ortha
Le háthas fíre.
Is siúd gan aga
San tigh isteach leo;


L. 317


Do-chíd an leanbh
Is Muire chneasta
A mháthair fairis.
Umhluighid go talamh
Dá adhradh, is feasach;
A gcófraidhe osclaid,
Is don leanbh toirbhrid
Maoin is ionnmhus:
Ór is miorr gile
Is tús bhí so-bholaidh.
Is ó fuair siad freagra
I bhfís gan teacht ar ais
Go hIorruadh, chasadar
Slighe na malairte
Ar a gcríochaibh athardha.



D'éis imtheachta
An tslighe tar n-áis dhóibh,
Tháinig aingeal
Dé ó Neamh thuas,
'S i bhfís do labhair
Le Ioseph ceannais:
“Éirigh it sheasamh,
Beir leat an leanbh
Is a mháthair chneasta
Go hÉigipt; fan ann
Go bhfuighir uaim sanas
Dá rádh leat casadh;
Beidh Iorruadh, geallaim-se,
Ar tí, go deagbhtha,
An naoidhean do mharbhadh.”
D'éirigh an caomhfhear
Is rug go hÉigipt
An leanbh séin sin,
Is a mháthair mhaordha,
San oidhche i gcéin leis,
Is d'fhan gan bhéim ann,
An rí gur éag sé.
Go gcomhallfaidhe bréithre
An fháidhe naomhtha:
“Amach as Éigipt
Mo mhac do ghlaodhas-sa.”



Ghabh brón is an-fhearg
Iorruad an aimhris,
'S a rádh gur fhealladar
Na saoithe feasacha air;
Is gan moill chuir teachtairidhe
Fá dhéin an bhaile sin,
Beithil ghradamach,
Is na críocha i n-aice léi,
Chum na leanbhaidhe mharbhadh
Bhí dhá bhliadhain tagaithe
'S fá bhun an aga soin,
De réir mar theagaisc sin
Saoithe an tsanais ghil
I dtaobh an ama chirt.
Do b'shin gan mearbhall
Coimhlíonadh ar abarthaibh
Iaróim bheannuighthe
Fáidh le tairngireacht:
“Guth is gártha,
Is caoidh go gáibhtheach,
Uaill is árdghol,
Ba chlos i Ráma;
Mar do bhí Ráchail
Ag caoineadh a háil-se
De leanbhaidhibh bána,
Is ní bhfuighfidhe a sásamh,
Mar n-a gcodladh sáimhe
San úir do bhádar.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services