Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Comhfhreagras Fileata ó Chontae an Chláir
Title
Comhfhreagras Fileata ó Chontae an Chláir
Compiler/Editor
Ó hAnluain, Eoghan
Composition Date
1760
Publisher
(B.Á.C.: Coiste Fhéilscríbhinn Thomáis de Bhaldraithe, 1986)
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
1. Toirdhealbhach Mac Mathghamhna chum Mhíchíl Coimín A Mhichíl, ó chím sínte i gcré gach fear ba bhinn linn is gur sinn fuíoll na féinne ar fad ó díscíodh le síorchaoi go léir mo lacht an bhuíon chroí sin fíorchaoinse, a dtréithe can. Ós díthreabhach mé i dtír choimhthíoch d'éis gach cath is gur fíoraoibhinn síorbhinn tú tréitheach ceart i do chrích dhíleas faoi chraobhghlais le taobh na sreabh is díot dlítear laoiscríbhinn ar éag na bhfear. Éag na bhfear ba mhar is b'fhíorghroí suairc, éag na bhflaith is gan neach dá bhfíorshíol suas, éag na dtreabh do cheap gach saoidhlí suadh id bhréithre bleacht is ceart go síoraí a luadh. Luaigh agus trácht ar cháil gach saoi acu súd do chuaigh chum fáin nó fágadh sínte in úir, cé cruaidh an cás sa tásc a scríobhaim chughat gan luaid ó táimse tábhacht a gcaointe fút. Fút os feas anois éagaoine na saorbhuíne ba glaine mian chughainn de do lachtsa braon bríomhar thraochfas m'íota léig aniar. Aniar, a chara, léig bleachtas dod chaoimheolais id bhriathraibh blasta glanchneasta go saorchomhdach ar rian ceart d'eagna chanfas go déarbhrónach ár dtriatha marbh is a maireann gan aon chomhachta.
Ó stiall ár n-aithreacha reachta agus naomhchomhairle an Tiarna, stealladh gach fear ar a shaorchomharsain. Do léig Dia le Gallaibh a dtalamh is a dtréanchomhachta do chuir iad ar seachmall is a sleachtaibh le déirceoireacht. Gach triath dá sleachtaibh do sheachain an éagóir sin is d'fhiad a bhfearainn do sheasamh le caomhchrógacht sin iad fé leacaibh dá leagadh gan aon teora, in iathaibh eachtrann scaipthe i mbéalchomhrainn. Ina dhiaidh so ár dteanga inar canadh gach aon eolas is riamh ba taitneamhach blas agus béalchóngar do dhianscrios achta na Breatan as réim Fhódla, Mo chiach, 'na leabaidh gan againn ach Béarlóireacht. Gan rian is fada mé ar leaba go héidreorach, mo chiall ar scaipeadh is mo dhearca gur thraoch deora. a thriath is a chara dhil, glacsa mo scéal brónach is léig rian do theanga dá thagairt go léireolach.
2. Freagra Mhíchíl Coimín arna fágail i siopa Shéamais Uí Eoghanáin in Inis. 'Nár sost go fóill is fearr sinn is an tórmach so 'nár n-intinn, a ua na dtriath ba tréine i dtreas, ar eagla céim dár n-aimhleas.
3. Toirdhealbhach Mac Mathghamhna ag athfhreagra Mhíchíl. Ar dteacht aniar ba trua géar liom an rann is suairc soiléir ar chlár siopa nach saor dáil ag droing dhuairc daor dá díotáil. Fuar faonlag na fir is feas dom rá grinn ná tug mímheas ar bheo ná ar mharbh thiar ná thoir focal uaim chugat ní chloisfir.
Draoithe fann fá líog 'na sost na fir úd is céim ródhocht - na rá binn dob fhaobhrach snas nár aobh uaill, olc ná aimhleas. Uatha san ba chleachtadh linn, gan fíoch ná fuath 'nár n-intinn, duain réimghroí 'na scata rann go snoite suairc, dáil neamhghann. Gan scéal do luadhsa, 'shuaircfhir, más eagal dlí bann, tréigim uait suairceas ná feasta arís greann. 'Sé a thug uaim duain duit ag achainí rann Séamas rua fuar is Mac Fhlannchaidh fann. Éag na suadh suairc sin dob eagnaí greann do shéid go buan cruachnead treasna im chroí anall, do mhaolaigh uaim oghaim cheart aiste is dlí rann 's do léig ar fuarchuaird mé dá n-achainí id chall. Cé gur fuar uaigneach mé, caite críon fann, gan spéis i nduairc scuaine na mbagarthaí bann, a dtréithe suairc luafad gan bhlandar trím' rann, éag na suadh uaisle ba taithneamhach tís am. Féile bhuan, suairceas, sult, geanmnaíocht, greann, léann is lua cruacheasta le malartaíocht rann, d'éigse duais, d'uaisle bhocht beatha 'gus díon fann, tréithe an tsuairc-chuaine nár mheata i ngníomh lann.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services