1. Toirdhealbhach Mac Mathghamhna chum Mhíchíl Coimín
A Mhichíl, ó chím sínte i gcré gach fear
ba bhinn linn is gur sinn fuíoll na féinne ar fad
ó díscíodh le síorchaoi go léir mo lacht
an bhuíon chroí sin fíorchaoinse, a dtréithe can.
Ós díthreabhach mé i dtír choimhthíoch d'éis gach cath
is gur fíoraoibhinn síorbhinn tú tréitheach ceart
i do chrích dhíleas faoi chraobhghlais le taobh na sreabh
is díot dlítear laoiscríbhinn ar éag na bhfear.
Éag na bhfear ba mhar is b'fhíorghroí suairc,
éag na bhflaith is gan neach dá bhfíorshíol suas,
éag na dtreabh do cheap gach saoidhlí suadh
id bhréithre bleacht is ceart go síoraí a luadh.
Luaigh agus trácht ar cháil gach saoi acu súd
do chuaigh chum fáin nó fágadh sínte in úir,
cé cruaidh an cás sa tásc a scríobhaim chughat
gan luaid ó táimse tábhacht a gcaointe fút.
Fút os feas anois éagaoine
na saorbhuíne ba glaine mian
chughainn de do lachtsa braon bríomhar
thraochfas m'íota léig aniar.
Aniar, a chara, léig bleachtas dod chaoimheolais
id bhriathraibh blasta glanchneasta go saorchomhdach
ar rian ceart d'eagna chanfas go déarbhrónach
ár dtriatha marbh is a maireann gan aon chomhachta.
Ó stiall ár n-aithreacha reachta agus naomhchomhairle
an Tiarna, stealladh gach fear ar a shaorchomharsain.
Do léig Dia le Gallaibh a dtalamh is a dtréanchomhachta
do chuir iad ar seachmall is a sleachtaibh le déirceoireacht.
Gach triath dá sleachtaibh do sheachain an éagóir sin
is d'fhiad a bhfearainn do sheasamh le caomhchrógacht
sin iad fé leacaibh dá leagadh gan aon teora,
in iathaibh eachtrann scaipthe i mbéalchomhrainn.
Ina dhiaidh so ár dteanga inar canadh gach aon eolas
is riamh ba taitneamhach blas agus béalchóngar
do dhianscrios achta na Breatan as réim Fhódla,
Mo chiach, 'na leabaidh gan againn ach Béarlóireacht.
Gan rian is fada mé ar leaba go héidreorach,
mo chiall ar scaipeadh is mo dhearca gur thraoch deora.
a thriath is a chara dhil, glacsa mo scéal brónach
is léig rian do theanga dá thagairt go léireolach.
U Mícheál Coimín
2. Freagra Mhíchíl Coimín arna fágail i siopa
Shéamais Uí Eoghanáin in Inis.
'Nár sost go fóill is fearr sinn
is an tórmach so 'nár n-intinn,
a ua na dtriath ba tréine i dtreas,
ar eagla céim dár n-aimhleas.
U Anaithnid
3. Toirdhealbhach Mac Mathghamhna ag athfhreagra Mhíchíl.
Ar dteacht aniar ba trua géar
liom an rann is suairc soiléir
ar chlár siopa nach saor dáil
ag droing dhuairc daor dá díotáil.
Fuar faonlag na fir is feas
dom rá grinn ná tug mímheas
ar bheo ná ar mharbh thiar ná thoir
focal uaim chugat ní chloisfir.
Draoithe fann fá líog 'na sost
na fir úd is céim ródhocht -
na rá binn dob fhaobhrach snas
nár aobh uaill, olc ná aimhleas.
Uatha san ba chleachtadh linn,
gan fíoch ná fuath 'nár n-intinn,
duain réimghroí 'na scata rann
go snoite suairc, dáil neamhghann.
Gan scéal do luadhsa, 'shuaircfhir, más eagal dlí bann,
tréigim uait suairceas ná feasta arís greann.
'Sé a thug uaim duain duit ag achainí rann
Séamas rua fuar is Mac Fhlannchaidh fann.
Éag na suadh suairc sin dob eagnaí greann
do shéid go buan cruachnead treasna im chroí anall,
do mhaolaigh uaim oghaim cheart aiste is dlí rann
's do léig ar fuarchuaird mé dá n-achainí id chall.
Cé gur fuar uaigneach mé, caite críon fann,
gan spéis i nduairc scuaine na mbagarthaí bann,
a dtréithe suairc luafad gan bhlandar trím' rann,
éag na suadh uaisle ba taithneamhach tís am.
Féile bhuan, suairceas, sult, geanmnaíocht, greann,
léann is lua cruacheasta le malartaíocht rann,
d'éigse duais, d'uaisle bhocht beatha 'gus díon fann,
tréithe an tsuairc-chuaine nár mheata i ngníomh lann.
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11