Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Dánta as Condae na Mí
Title
Dánta as Condae na Mí
Author(s)
Ó Neachtain, Seán,
Compiler/Editor
Ní Fhaircheallaigh, Úna
Composition Date
1728
Publisher
(B.Á.C.: Comhartha na dTrí gCoinneal, 1940)
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
A MHUIRE ÓIGH Seán Ó Neachtain cct. A Mhuire Óigh fhionnghlan fhíor Ó cháidh sinnsear is rodhshaor, A bhile barrghlas is breaghdha bláth, A threoir gach díne daonda. Réalt iúil gach taidhean thú I gcruas crádhbha a's croí-bhrughadh, 'Bhuime ionmhuin dílis Dé, A chuilt gheal chuirp an Choimdhe. Liag lóghmhar is griandha gné Buinneán ró-fhás ó Iessé Damhna sóláis bhuidhne an bhith Ní doirbh an donas 'd'aice.
Drithle lasas fiucha foinn Le siompla ceart 'n-ar n-anmuin Grian garrtha 'slánghlan lí Insging ionmhuin an áirdrígh. A ghnúis gríosnáir 's deallrach dreach An lil 'sa rós i n-aondath; Geata thú nach n-iathta ar neach Dar mian h-iarra nó h-athach. A chroinn dhíodhna na bhfaon bhfann Bhain díoruigh gan leatrom; Íce leghis chreacht a's ceas, A bheach do ní mil don domblas. A bhan-fhlaith gan fhiach gan fhuath Sláinte na ndaoine n-eagcruadh A bhuime 'sa mháthair do mhic Tú dhúinn mar tearmonn tíodhluic. 'N-allód bu mhór do mhuirn Ar chlann thóighthe mhic Calphuirn; is truagh, 'nois má shearg do shearc Orra, tá cráidhte comharc. Níor ghiall dhuit buidhin ar bith Mar shliocht bhocht bhallog Mhíle tá 'nois faoi dhaoirse Gall 'Sní fóirthear leat a leatrom. Féidir leat má thoilighean tú Gach ní nach ceart do cheartughadh Doidheanta dhuit ní bhfuil ní Neamh ó thárla an t-impídh. 'Muire, dhúinn ó thuil hádhóra Iomad duadh is díobhaladh Ó Ghallaibh ghallda gan ceart. Smachtuigh i n-am a n-ainneart. Rioghan tar gach n-uile ní Bás gan unga a's aithrigh Seir-si fhaghail dhamh-sa ó Dhia 'S duit-si an tAve Maria.
Dia do bheatha a ghnáthoigh Tá lán don tsár-phór dhiadha, Tá an triath maille riotsa Shaoras puible ó phianta. Beannuighthe tú tar na mnáibh Beannuighthe bláth do bhruinne, Íosa, 'naomh-mháthair Dé Guidh orainn féin, na cionntuigh. Sír-si ar haomhnac dílis Ós é aodhair' an tréada Sinn do shaorladh ó pheacadh 'Nár mbeatha 's n-am ar n-éaga. Do sgabadh mo bhláth gach árd, ol Éire bhocht Do chailleas mo dhán 's mo chláirseach théad 'n-a tocht Mo theanga gan fáir fo tháir ag Béarla nocht Taradh-sa 'Mháire, tráth, a's féach-sa so. ÚNA NÍ FHAIRCHEALLAIGH.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services