Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Dánta as Condae na Mí

Title
Dánta as Condae na Mí
Author(s)
Ó Neachtain, Seán,
Compiler/Editor
Ní Fhaircheallaigh, Úna
Composition Date
1728
Publisher
(B.Á.C.: Comhartha na dTrí gCoinneal, 1940)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


A MHUIRE ÓIGH



Seán Ó Neachtain cct.



A Mhuire Óigh fhionnghlan fhíor
Ó cháidh sinnsear is rodhshaor,
A bhile barrghlas is breaghdha bláth,
A threoir gach díne daonda.



Réalt iúil gach taidhean thú
I gcruas crádhbha a's croí-bhrughadh,
'Bhuime ionmhuin dílis Dé,
A chuilt gheal chuirp an Choimdhe.



Liag lóghmhar is griandha gné
Buinneán ró-fhás ó Iessé
Damhna sóláis bhuidhne an bhith
Ní doirbh an donas 'd'aice.


L. 98


Drithle lasas fiucha foinn
Le siompla ceart 'n-ar n-anmuin
Grian garrtha 'slánghlan lí
Insging ionmhuin an áirdrígh.



A ghnúis gríosnáir 's deallrach dreach
An lil 'sa rós i n-aondath;
Geata thú nach n-iathta ar neach
Dar mian h-iarra nó h-athach.



A chroinn dhíodhna na bhfaon bhfann
Bhain díoruigh gan leatrom;
Íce leghis chreacht a's ceas,
A bheach do ní mil don domblas.



A bhan-fhlaith gan fhiach gan fhuath
Sláinte na ndaoine n-eagcruadh
A bhuime 'sa mháthair do mhic
Tú dhúinn mar tearmonn tíodhluic.



'N-allód bu mhór do mhuirn
Ar chlann thóighthe mhic Calphuirn;
is truagh, 'nois má shearg do shearc
Orra, tá cráidhte comharc.



Níor ghiall dhuit buidhin ar bith
Mar shliocht bhocht bhallog Mhíle
tá 'nois faoi dhaoirse Gall
'Sní fóirthear leat a leatrom.



Féidir leat má thoilighean tú
Gach ní nach ceart do cheartughadh
Doidheanta dhuit ní bhfuil ní
Neamh ó thárla an t-impídh.



'Muire, dhúinn ó thuil hádhóra
Iomad duadh is díobhaladh
Ó Ghallaibh ghallda gan ceart.
Smachtuigh i n-am a n-ainneart.



Rioghan tar gach n-uile ní
Bás gan unga a's aithrigh
Seir-si fhaghail dhamh-sa ó Dhia
'S duit-si an tAve Maria.


L. 99


Dia do bheatha a ghnáthoigh
Tá lán don tsár-phór dhiadha,
Tá an triath maille riotsa
Shaoras puible ó phianta.



Beannuighthe tú tar na mnáibh
Beannuighthe bláth do bhruinne,
Íosa, 'naomh-mháthair Dé
Guidh orainn féin, na cionntuigh.



Sír-si ar haomhnac dílis
Ós é aodhair' an tréada
Sinn do shaorladh ó pheacadh
'Nár mbeatha 's n-am ar n-éaga.



Do sgabadh mo bhláth gach árd, ol Éire bhocht
Do chailleas mo dhán 's mo chláirseach théad 'n-a tocht
Mo theanga gan fáir fo tháir ag Béarla nocht
Taradh-sa 'Mháire, tráth, a's féach-sa so.



ÚNA NÍ FHAIRCHEALLAIGH.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services