Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Cathal Mac Muireadhaigh cc.
Title
Cathal Mac Muireadhaigh cc.
Author(s)
Mac Muireadhaigh, Cathal,
Compiler/Editor
Watson, J. Carmichael
Composition Date
1649
Publisher
(B.Á.C.: Comhartha na dTrí gCoinneal, 1940)
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
CATHAL MAC MUIREDHUIGH CC. Do ísligh onóir Gaoidheal, snaidhm a raith do rosgaoiledh; seól a n-arduighthe ar ndul díobh a mbun laghduighthe a láinghníomh. Tug a n-eghnamh céim ar gcúl, ortha do fhill a bhfortún; críoch a raith arna bhrath bhes, do chaith a rath a reimhes. Do chlaochló a los a legtha cádhus uird a n-uaislechta, nach fes liaigh chabhartha a gcnedh a ndiaidh anorchra a n-imnedh. Dóibhsion cá dál as docra? tesda muirn a mórdhachta, na Gaoidhilsi sgiath na sgol fá iath braoininnsi Bretan. Siad fá dheóidh gan chenn gcabhra umhal d'fhoirinn allmharrdha; doiligh lem críoch a gcora do dhíoth a ccenn cosnamha. Na Gaoidhilsi fhóid Alban, riú gion gur chóir comhardadh, a mbuaidh do claonadh ar ccúl, sluaigh arar faomadh fortún.
Níor fháguibh an t-ég aca, Gaoidhil na ccles ccurata, giodh eadh a dhesga as doilghe, fer cesda ina comhuirle. Ar shíol Leóid tar fhéinn oile do thuit an trom eólchuire; an tann budh gairdeamhla a nglóir dá n-airdmheanma as am iompóidh. Mar atáid ní diongna dhóibh dul faoi a bhfúdomhuin dobróin; tugadh dhíobh ceann a ccabhra, díon dob fherr 'gá n-athardha. Ursa chothuighthe chláir Sgí, deghmhac ríoghamhuil Ruaidhrí, a bhás 'na ghrísneimh dá nglóir, cás dár ísligh a n-onóir. Do chaithsiod ní cian ó shin síol Tormóid treall dá n-aimsir ré lúth sdéd ré coimhlinn gcon, nár thoirrling a méd mhenman. Cúitighther an cluche sáimh bhu leó ré linn a mbranáin; aoibhnes ann íocar ré hedh, bann ar íochtar 'gá n-aignedh. Ní bhí ré lán nach loitir, gar maidhm do na mórthoicthibh, legthar rí na ruire ttenn, ní bhí tuile nach tráighenn. Terc roimhe táinig dá threibh, Eóin Mhic Leóid, menma mhílidh, fer baramhla dá recht ríogh, nár chlecht anumhla acht d'eissíodh. Dob é a chert coimhghe a chinnidh, a ndíon éigne is aindlighidh, a ccabhuir fhíre ré a n-uchd, a ttíre ar fhalaidh d'fhurtachd.
Faidide a chumha ar cuimhne, ua Tormóid cenn comhuirle, gan fher a chasmhuile ar chean ar fhedh gasraidhe Gaoidheal. Do thuill toil Dé agus daoine fán gcruinne ar ccur chomaoine, dá bhfuair sé naomhthogha ó nimh; budh haonchara é ag uaislibh. Rí amhlaidh sin echt oile ós chionn chríche Laoghuire, flaith corónna 'gár ghnáth geall ar sgáth onóra Éireann. Cormac oighre Airt Aoinfhir, an rí go rún bhforbhfaoilidh, breitheamh slóigh sídheinge Bregh, fírinne dhóibh adeiredh. Le gaois le gliocas gcridhe do bhí an t-airdrí oirnidhe do dhruim ionmhuine don eing ag ionghuire fhuinn Fheidhlim. Ní bhíodh cúis 'na cúis fhrithir ná diongnadh í d'fhóirithin le breith gceirt sheinrechta a shen do sheirc eighrechta d'innremh. Fá flaith derbhtha an dlighidh ríogh, fá breithemh mhúchaidh míghníomh, fer tighe do bhí ag Banbha, rí agus file foghlamtha. Aderthaoi a bheith 'na bhrughaidh ar fhéile ar rath ríoghamhuil, ar thorchairthe ag tocht as tteagh mar thromthoirthe um ghort Ghaoidheal.
As a thegasg do thuig cách ar ó Cuinn na gceasd n-ionghnáth a mhac samhla riamh roimhe nach tarrla ar iath nIúghuine. Rí Éirenn d'éis a nderna fuair bás do bhrígh cinneamhna; dár leg uille ar chlár Chriomhthuinn fá crádh uile d'Éirennchuibh. Do sgaoil a bhrón fán mBanbha, gur therc tuirsi a baramhla; níor shaoire dháibh 'na dheaghaidh; gáir chaoine le a gcroidhedhuibh. Caoi Éirennach d'ég an ríogh, a shamhuil oirne d'imshníomh; caoi roighér as brón ré bun ag slógh oilén na hAlban. Cenn ó Leóid ar ghaois ar ghníomh do lenadh d'airrdhibh airdríogh acht rí na coróna ós chách ar tí onóra d'iomráth. Crú Olbhuir d'iomad orchra 'na dhiaidh gan dáil chobhartha; don tslógh thaghaidhe tar thol mór an t-anoire a hiomchar. Do chuir cumha a ces naoidhen seachnóin fairche fíorGhaoidhel, dár thoirnedair sén na sen le lén ttroimleaguidh ttuisledh. Fada ó chéile atá a thuirsi cenn na haicme Olbhuirsi; téid tar iath caithfhréimhe Cuinn aithmhéile ag triall tar tóruinn.
Tuirsi Eóin fá iath nAlban, brón nach éidir d'iomardadh; mar tá ag Gaoidhealaibh 'na ghoimh atá ag saoirfheruibh Sagsan. Dar lat así an tonn tuile táinig do dhruim diomdhuighe, 'na príomhaife ós taoibh gach tráigh a laoibh díoghaibhthe an domhnáin. Dár fearadh dhóibh an díle, luchd aitreabh gach éintíre, 'na tromchladhuibh muin ar muin 'na muir chonfadhuigh chethuigh. Níor fháguibh iath gan fhalach an díle ard anfadhach, tonn fán ccaomhchruinne gur chuir; trom a fraochbhuinne ag ferthuin. Do báidhedh ann na huile acht Naoi 's a aos ionmhuine: tig d'fhíorghloine an té do thogh míorbhuile Dé do dherbhadh. Ní fes tar fhoirinn n-ochtair ón dílinn déin díoghaltuigh énduine do dhíon don dreim, más fhíor sgéluidhe an sgríbhinn. Bás Mhic Leóid lennán sgoile, dhúinn gá díle as decruighe? - le roineimh go bhfraoch bhferge nach traoth doinenn díbhferge. Mar atáid fá thuirsi bhróin do shíol Leóid d'éis a n-iompóidh sluagh ochtair ní mór go mair; brón ag rochtain tar riaghuil.
Ég Eóin 'na thuirsi thonnuigh téid fá thír gach Domhnalluigh ar nós gargaife 'gá nguin a ttós arduighthe a hanfaidh. Do chaoinedh leóghuin Langa do las gach dúil domhanda; san fhirminnte go ngné nguil do sgé minnlinnte Monuidh. Gan torchar ag techt a ttráigh dá bhás, ní beg an diombáidh; dergtheine ar gach taobh do thigh ó bhraon teintidhe tuitigh. Gach cuan go cconfadh neimhe, gach laithe lán toirnighe; ní faghaifir goil a ngréin do ghoimh anaithnidh aiéir. Na síona ag snighe a ngoimhe fá Mhac Leóid, lór d'eólchuire; neóil ghoimheamhla a ccéill 'gá chur tré sbéir dhoighearrdha ag dubhadh. Do ceiledh tairthe an taluimh, ní liú a ttuinn do thorcharuibh; ní fiú cnuas ionghuire ar fhiodh: fiodhbhaidhe suas 'na sínedh. Ó 'taoi, a Eóin, a bpurt parrthuis gan fhios uilc nó iomarbhuis, créd acht fáth soimheanma sin, ar sgáth roimheadhra an ríchidh? Maith an rogha rug sibhsi, Mhic Leóid, ón chuairt chélighsi, bheith go tenn san toigh nemhdha gerr ó thoil an Tigherrna.
Míle is sé céd, ríomh riaghla, a naoi is cearchad caoimhmbliadhna ó bhreith ríogh cabhartha cáigh go sníomh anorchra th'annáil. Mairidh 'na dhiaidh gan dol d'ég a chlú, gá ríomh a roimhéd? gé do athruigh saor mar so go cathruigh na naomh nemhdha. Do ísligh.
DO ISLIGH Marbhna Eóin Mhic Leóid anuas gonuige sin. Cathelus Mak Murrich.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services