CATHAL MAC MUIREDHUIGH CC.
Do ísligh onóir Gaoidheal,
snaidhm a raith do rosgaoiledh;
seól a n-arduighthe ar ndul díobh
a mbun laghduighthe a láinghníomh.
Tug a n-eghnamh céim ar gcúl,
ortha do fhill a bhfortún;
críoch a raith arna bhrath bhes,
do chaith a rath a reimhes.
Do chlaochló a los a legtha
cádhus uird a n-uaislechta,
nach fes liaigh chabhartha a gcnedh
a ndiaidh anorchra a n-imnedh.
Dóibhsion cá dál as docra?
tesda muirn a mórdhachta,
na Gaoidhilsi sgiath na sgol
fá iath braoininnsi Bretan.
Siad fá dheóidh gan chenn gcabhra
umhal d'fhoirinn allmharrdha;
doiligh lem críoch a gcora
do dhíoth a ccenn cosnamha.
Na Gaoidhilsi fhóid Alban,
riú gion gur chóir comhardadh,
a mbuaidh do claonadh ar ccúl,
sluaigh arar faomadh fortún.
Níor fháguibh an t-ég aca,
Gaoidhil na ccles ccurata,
giodh eadh a dhesga as doilghe,
fer cesda ina comhuirle.
Ar shíol Leóid tar fhéinn oile
do thuit an trom eólchuire;
an tann budh gairdeamhla a nglóir
dá n-airdmheanma as am iompóidh.
Mar atáid ní diongna dhóibh
dul faoi a bhfúdomhuin dobróin;
tugadh dhíobh ceann a ccabhra,
díon dob fherr 'gá n-athardha.
Ursa chothuighthe chláir Sgí,
deghmhac ríoghamhuil Ruaidhrí,
a bhás 'na ghrísneimh dá nglóir,
cás dár ísligh a n-onóir.
Do chaithsiod ní cian ó shin
síol Tormóid treall dá n-aimsir
ré lúth sdéd ré coimhlinn gcon,
nár thoirrling a méd mhenman.
Cúitighther an cluche sáimh
bhu leó ré linn a mbranáin;
aoibhnes ann íocar ré hedh,
bann ar íochtar 'gá n-aignedh.
Ní bhí ré lán nach loitir,
gar maidhm do na mórthoicthibh,
legthar rí na ruire ttenn,
ní bhí tuile nach tráighenn.
Terc roimhe táinig dá threibh,
Eóin Mhic Leóid, menma mhílidh,
fer baramhla dá recht ríogh,
nár chlecht anumhla acht d'eissíodh.
Dob é a chert coimhghe a chinnidh,
a ndíon éigne is aindlighidh,
a ccabhuir fhíre ré a n-uchd,
a ttíre ar fhalaidh d'fhurtachd.
Faidide a chumha ar cuimhne,
ua Tormóid cenn comhuirle,
gan fher a chasmhuile ar chean
ar fhedh gasraidhe Gaoidheal.
Do thuill toil Dé agus daoine
fán gcruinne ar ccur chomaoine,
dá bhfuair sé naomhthogha ó nimh;
budh haonchara é ag uaislibh.
Rí amhlaidh sin echt oile
ós chionn chríche Laoghuire,
flaith corónna 'gár ghnáth geall
ar sgáth onóra Éireann.
Cormac oighre Airt Aoinfhir,
an rí go rún bhforbhfaoilidh,
breitheamh slóigh sídheinge Bregh,
fírinne dhóibh adeiredh.
Le gaois le gliocas gcridhe
do bhí an t-airdrí oirnidhe
do dhruim ionmhuine don eing
ag ionghuire fhuinn Fheidhlim.
Ní bhíodh cúis 'na cúis fhrithir
ná diongnadh í d'fhóirithin
le breith gceirt sheinrechta a shen
do sheirc eighrechta d'innremh.
Fá flaith derbhtha an dlighidh ríogh,
fá breithemh mhúchaidh míghníomh,
fer tighe do bhí ag Banbha,
rí agus file foghlamtha.
Aderthaoi a bheith 'na bhrughaidh
ar fhéile ar rath ríoghamhuil,
ar thorchairthe ag tocht as tteagh
mar thromthoirthe um ghort Ghaoidheal.
As a thegasg do thuig cách
ar ó Cuinn na gceasd n-ionghnáth
a mhac samhla riamh roimhe
nach tarrla ar iath nIúghuine.
Rí Éirenn d'éis a nderna
fuair bás do bhrígh cinneamhna;
dár leg uille ar chlár Chriomhthuinn
fá crádh uile d'Éirennchuibh.
Do sgaoil a bhrón fán mBanbha,
gur therc tuirsi a baramhla;
níor shaoire dháibh 'na dheaghaidh;
gáir chaoine le a gcroidhedhuibh.
Caoi Éirennach d'ég an ríogh,
a shamhuil oirne d'imshníomh;
caoi roighér as brón ré bun
ag slógh oilén na hAlban.
Cenn ó Leóid ar ghaois ar ghníomh
do lenadh d'airrdhibh airdríogh
acht rí na coróna ós chách
ar tí onóra d'iomráth.
Crú Olbhuir d'iomad orchra
'na dhiaidh gan dáil chobhartha;
don tslógh thaghaidhe tar thol
mór an t-anoire a hiomchar.
Do chuir cumha a ces naoidhen
seachnóin fairche fíorGhaoidhel,
dár thoirnedair sén na sen
le lén ttroimleaguidh ttuisledh.
Fada ó chéile atá a thuirsi
cenn na haicme Olbhuirsi;
téid tar iath caithfhréimhe Cuinn
aithmhéile ag triall tar tóruinn.
Tuirsi Eóin fá iath nAlban,
brón nach éidir d'iomardadh;
mar tá ag Gaoidhealaibh 'na ghoimh
atá ag saoirfheruibh Sagsan.
Dar lat así an tonn tuile
táinig do dhruim diomdhuighe,
'na príomhaife ós taoibh gach tráigh
a laoibh díoghaibhthe an domhnáin.
Dár fearadh dhóibh an díle,
luchd aitreabh gach éintíre,
'na tromchladhuibh muin ar muin
'na muir chonfadhuigh chethuigh.
Níor fháguibh iath gan fhalach
an díle ard anfadhach,
tonn fán ccaomhchruinne gur chuir;
trom a fraochbhuinne ag ferthuin.
Do báidhedh ann na huile
acht Naoi 's a aos ionmhuine:
tig d'fhíorghloine an té do thogh
míorbhuile Dé do dherbhadh.
Ní fes tar fhoirinn n-ochtair
ón dílinn déin díoghaltuigh
énduine do dhíon don dreim,
más fhíor sgéluidhe an sgríbhinn.
Bás Mhic Leóid lennán sgoile,
dhúinn gá díle as decruighe? -
le roineimh go bhfraoch bhferge
nach traoth doinenn díbhferge.
Mar atáid fá thuirsi bhróin
do shíol Leóid d'éis a n-iompóidh
sluagh ochtair ní mór go mair;
brón ag rochtain tar riaghuil.
Ég Eóin 'na thuirsi thonnuigh
téid fá thír gach Domhnalluigh
ar nós gargaife 'gá nguin
a ttós arduighthe a hanfaidh.
Do chaoinedh leóghuin Langa
do las gach dúil domhanda;
san fhirminnte go ngné nguil
do sgé minnlinnte Monuidh.
Gan torchar ag techt a ttráigh
dá bhás, ní beg an diombáidh;
dergtheine ar gach taobh do thigh
ó bhraon teintidhe tuitigh.
Gach cuan go cconfadh neimhe,
gach laithe lán toirnighe;
ní faghaifir goil a ngréin
do ghoimh anaithnidh aiéir.
Na síona ag snighe a ngoimhe
fá Mhac Leóid, lór d'eólchuire;
neóil ghoimheamhla a ccéill 'gá chur
tré sbéir dhoighearrdha ag dubhadh.
Do ceiledh tairthe an taluimh,
ní liú a ttuinn do thorcharuibh;
ní fiú cnuas ionghuire ar fhiodh:
fiodhbhaidhe suas 'na sínedh.
Ó 'taoi, a Eóin, a bpurt parrthuis
gan fhios uilc nó iomarbhuis,
créd acht fáth soimheanma sin,
ar sgáth roimheadhra an ríchidh?
Maith an rogha rug sibhsi,
Mhic Leóid, ón chuairt chélighsi,
bheith go tenn san toigh nemhdha
gerr ó thoil an Tigherrna.
Míle is sé céd, ríomh riaghla,
a naoi is cearchad caoimhmbliadhna
ó bhreith ríogh cabhartha cáigh
go sníomh anorchra th'annáil.
Mairidh 'na dhiaidh gan dol d'ég
a chlú, gá ríomh a roimhéd?
gé do athruigh saor mar so
go cathruigh na naomh nemhdha.
Do ísligh.
DO ISLIGH
Marbhna Eóin Mhic Leóid
anuas gonuige sin.
Cathelus Mak Murrich.
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11