Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
ÁTLIATH, Marta, 1900
Title
ÁTLIATH, Marta, 1900
Author(s)
Údair éagsúla,
Composition Date
1900
Publisher
Patrick O'Brien
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
AN T-EURÓPACH. IRISLEABHAR IL-TEANGADH NA hEURÓPA. Leabhar 1. Vol 1. Uibhir 4. No. 4. ÁTLIATH, MARTA, 1900. DÁ PHINGHIN. 20 CENTIMES EURÓPACH NÓ EORPACH? Ó thángamar amach i gclódh ar dtús is iomdha moladh neamhthuillte fuaramar ó gach ceárd, agus is iomdha comhairle athaireamhuil do tugadh dhúinn mar an gceudna. Rinneamar do réir na gcomhairleadh sin, agus tá súil againn go dtáinig biseach orainn d'á bhárr. Is maith linn fheicsint go bhfuil ár gcáirde ionnán figheacháin fastuighthe agus casáin coimheasgtha an tsuilt dhraoitheamhuil do leanamhuint. Gidheadh tá faitchíos orainn go bhfuil aon phuint amháin ann go bhfuil ár léightheoiridhe fós ag iarraidh solais i n-a thaoibh, agus ar a shon sin tá ár measadóiridhe ag caitheamh bróg leis an gcat nach ciontach. Is ar ár dteideal atámaoid ag trácht. Caithfimíd a admháil gurbh iongantach, agus gur bh'olc linn fheicsint gurab iad na daoine ar a bhfuil ár meas go léir is cinnte leis an earáid euchtach seo — eadhon, gur tuathal atá ann, agus gur ceart "Eorpach" do bheith i n-áit "Európach." A Righ na bhfeart! Ta fios ag gach uile dhuine ar na teangthaibh Gearmáin-
Eorpacha, acht is beag duine go bhfuil eolas aige ar chanamhain fhírdheacair na teangan Ráiméiseo-Troscaighe. Tá an sompla is feárr de'n teangain so le fághail annsan láimhsgríbhinn léigheanta úd, an "Leabhar Líonáin," láimh- sgríbhinn go bhfuil a hársacht annsan am atá le teacht, mar adeir Solamh Ó Súiliobháin. Ritheann linn gurab é ár ndualgus dúthrachdach a chur i n-iúl d'ár léightheoiribh bunadhas an fhocail seo. Annso thíos stair an fhocail:- Focal iasachta iseadh é ó'n Ungairis. "Ur-jo-pagy," agus tagann sé sin ó'n bhfocal Tamairis, "Iruppu- pashu." Budh ó na Sínighibh do fuair na Tam- airighe an focal, agus is mar seo do bhí sé aca- san — Yü-lu-ping," agus adeir an t-árd-ollamh Mac Múlléir gurab amhlaidh do ghoid na Sin- eacha an focal ceudna ó na Maoruighibh, agus agus gurab é an focal bunadhasach, "Ao-ro- pakeha" — eadhon, "Tír na gcoigcríoch;" acht b'fhéidir gurab é an rud is feárr a dheunamh sompla beag de'n teangain Europaigh a thabhairt annso, agus is cosmhuil go ndéanfaidh sin an gnó chomh maith agus dá mbeidhmís ag cur síos air ar feadh an lae. Ag so rann de'n dhán ar a dtugthar "Rhyfelgyrch y Gwyddel":- "Caillte lóg hain, Los Európaigh, Süss und glórmhar cu yasuik, Too much bólkar Buile hokar Ac unhón-se kam an Draoi." 21 5 B.L.L. Focloir. — Log = daoine (focal Indiach); süs = milis (Gear- mainis); eu = a (Breatnais); yasuik = teanga (Ruisis); bólkar = labartha (Indiach); hókar = ar mbeith (Indiach); ac = agus (Breatnais); unhón-se = uatha (Indiach); kam = tháinig (Gearmainis). LITIR Ó ÁRD-DRAOI NA hÉIREANN. D'Eagarthóir an Európaigh. Tír na n-Og, an chéad lá d'Eanair, 1900. A Chara mo chroidhe istigh, — Goirim agus caiscrighim thu i n-ainm Chruim agus na nDéitheadh Síor! Gabh mo chomhgháirdeachas cáirdeamhuil a mhic ó, i dtaoibh do pháipéir shár-fhoghlumtha, do shroich m'áit-sa ar maidin indiú. Go deimhin chuir sé áthas mór orm é fheiscint, agus dá bhfeicfeá-sa féin na draoithe annso, agus sgolb maide, giumhasaigh sáithte 'san mballa mar lóchrán aca, agus iad ag léigheadh an "Európaigh," agus gach uile sgairt gáiridhe ag tidheacht ar a mbeulaíbh, dar ndóigh, chuirfeadh sé bród agus rímeud mór ort féin. Nuair d'imthigh na fó-draoithe chum a leapthan, d'fhan mé féin 'mo shuidhe dhá léigheadh go dtí uair an mheadhoin-oidhche, agus innsin is ar éigin d'fheudas neul codlata fhághail, acht ag gáiridhe faoi na rudaibh greannmhara do léigheas. A Chruim an áir! Nuair a smuainim air, nach aisteach an rud í eileictreacht? Ní'l dhá bhliadhain fós ann ó chualamar trácht ar chath Rois na Ríogh for Bóinn, agus ó tháinig an cábla eileictreach innseo ó Eirinn bíonn nuaidheacht againn 'ch uile lá, 'seadh a bhealtaine! agus tagann na "cló-choisgeanna"* féin chugainn. Bhí mé ag caint le Fionn Mac Cumhaill indiu, agus 'sbáin mé an páipeur dó; thaithin sé go rí-mhaith leis; acht nuair a chonnaic sé a ainm féin 'sa dán úd go raibh trácht ar Choláiste na Tríonóide ann, bhí a a chuid eudaigh ag pleusgadh ó chéile leis an mbród do bhí air. Dubhairt sé ar an bpuint go gcaithfeadh sé íocacht bliadhan- tamhuil a chur chugadsa, agus gur feárr leis ceud uair do pháipeur-sa ná an "Teachtaire Temrach" féin. Cia'n chaoi bhfuil mo cháirde i gConnradh na Gaedhilge ag dul ar aghaidh? Tabhair m'oibliogáid dóibh an cheud uair eile fheicfeas tú iad. Bhí mé ag innsint do Gholl mac Mórna an lá cheana fá'n troid mhór go raibh an Connradh 'a tabhairt i nEirinn, ag iarraidh náimhde teangain na hEireann do chlaoidh. "Dar Crom Dubh," ar seisean, "dá mbeidhinn-se ann anois, agus mo chloidheamh ann mo láimh dheis, is geárr go gcuirfinn-se an ruaig orthu uilig." "A dhuine gan chéill," arsa mise, "an é nach bhfuil fhios agat nach le claidhmhibh a throidthear anois ar chor ar bith, acht le teangthaibh agus le peannaibh; agus tá sean-fhocal ann gur cumhachtaigh an peann ná'n claidheamh. Tá's agad féin nach bhfuil tú i ndán sgríobhadh ná léigheadh, agus mar sin ní dheunfá aon mhaith dá mbeitheá ann féin, agus rud eile," arsa mise, "is cumhachtaigh "An Claidheamh Soluis" ná ceachtar aca, fá gur le peann do rinneadh é, agus is ionann é agus peann agus cloidheamh i n-éinfheacht." "Seadh," ar seisean "go n-éirghidh leobhtha ar chuma ar bith." "Go mba mar sin," arsa mise. Nuair bheidheas tú ag sgríobhadh arís cuir chugam, má s é do thoil é, "An Claidheamh Soluis," agus "Fáinne an Lae." Caithfidh mé stad anois mar tá sé ag dul i ndorchadas. Tá mé ag feuchaint amach ar an bhfuinneoig, agus chídhim an ghrian mhór chrón ag dul faoi san iarthar. Arduighim mo lámha, agus guidhim mar is cóir do dhraoi. Tar slán, a Chroim! Tar slán! Tá cóch cumhach na gaoithe ag teachd thríd na coilltibh chugam anall. Cloisim mion-mhonbhar na mara ar an dtúirling shíos, agus tá uaigneas an tsaoghail ar fad orm. Mo shlán leat, a Eire! Ní fheicfidh mé thú níos mó; acht beidh urnuighthe na ndruadh ag éirghe d'oidhche agus do ló ar son dó theangain binne. Gabhaim párdún agat, a chara! tháinig taom filidheachta orm an t-am sin, acht ná bac liom; is sean-fhear mé, agus bíonn mé ag dul ar mearbhal ar amantaibh. Saoghal fada ag an "Európag," agus ag gach páipeur Gaodhalach eile! Hurú! Hurú! Hurú! Mise do chara bith-bhuan, CEARNACH GIOLLA CHRUIM, Ard-Draoi.
*"Cló-chosg," sin stop-press i mBeurla.
CUMANN NA BPÍOBAIRIDHE. "A chumainnín na gcumann, is cumainnín mo chléibh thú, A chumainnín na gcumann, is mo chumainnín go heug tú." "Neá neá do dídil ídil neá do dídil í neá!!" Tá na píobairidhe ag teacht, agus ceud fáilte rómpa ó n ár gcroidhe amach, deirimíd-ne. Do cuireadh ar bun "Cumann na bPíobairidhe, Baile-atha-cliath," an lá fá dheireadh, agus go mairidh sé go deo! Is maith an comhartha é seannós eile ár dtíre do bheith d'á aithbheodhughadh, agus cuireann sé áthas mór orainn fheicsint gurab í an Ghaedhilig a dteanga oifigeamhuil. Tá súil againn go gcuideochaidh Gaedhilgeoiridhe Bhaile-atha- cliath leo, agus nach fada go mbeidh buidhean mór de phíob- airidhibh ar fághail, i riocht nach mbeidh aon díth píobaireachta ag an chéad Oireachtas eile. Tá go maith acht go dtí sin, go dtugaidh Dia foighid do cháirdibh agus do dhaoinibh muinteardha locht foghlumtha an phíb mhóir. COIR SGOTH NA DRUADH. Mo cheasnadh! a cháirde, óir táimse go brónach, An dubhlacht ag teacht, 'gus an reoth ar an dtuath. Tá anfa ar árdaibh ag cathadh le fóirneart, 'Gus dúiseann na gártha le tóirneach an duaidh; Tá mo mheanma tráighte gan cáirde gan comhfhogus, Acht dubh-chroidhe agus cás ag teacht romhann mar is dual — Acht ní ceachtar, gídh táir, do bheir cráidhteach im' mheon sa, Acht cumha bheith bhúr bhfágaint, a Chóir Sgoth na nDruadh! Is fada 's is fánach ar bhán 's ar bhó-chnoc An chúrsa tá geárrtha dom stróithreacht go buan. Is mairgeach sgáthmhar mo theácht imeasg stroinsidhe, Ná tabharfaidh a lámh dom le comharsanacht dual, Nuair sheasochad go tláth-lag fá bhaisteach na nóna Ag cúiteach mo chás, nach ar foghnamh, monuar! Seadh chasfaidh mo ghrádh chúghaibh thar árdaibh na bóchna, 'S is dubhach beidhead bhúr gcásamh a Chór-Sgoth na nDruadh! 'S má thagann go bráth liom bheith lá in bhur gcomhgar, Is súgach 'gus is sámh 'gus is sóghach bheidhead gan ghruaim, 'S ní bhacfad ar thárlaig de chás 's de bhreoighteacht, O shiúbhalas chum fáin uaibh go teorainn gan truaigh; An cearna, 's an cráidhteacht, an táire 's an stróinsidheacht Do bhrúdhaigh mé go tláth 'gus do leomhain mé go duairc Ní fhanfaidh a dtrácht ná a gcásamh níos mó 'gam Ag fonn ann bhur ngrádh-sa, a Chóir Sgoth na nDruaidh! GNÓTHAIDHE AN CHOLÁISTE. Tá móran airgid d'á dhéanamh suas le haghaidh stocaidhe chur amach ag triall ar an bhuidhin chogaidh 'san Transbhál. Bailigheadh mórán de 'san Choláisde so féin. Ní haontuighmíd leis an obair so. Budh mhaith linn biadh do chur chúcha, acht cread fáth stocaidhe. Nach só-theasaidhe táid siad annsan áit sin. Tá an ghrian d'á losgadh annsan, agus an fhuacht ag dul go croidhe orainn-ne annso; agus cia hiad is mó truagh ameasg na droinge ar a bhfuil an fhuacht ag goilleadh? Cait bochta an Choláisde seo. Tá an "Clár" ag cur cabhair stocaidhe amach chum an ionaid cogaidh. An bhfuil aon truagh i n-a gcroidhthibh do na cataibh lomnochta gan bhróg, gan stoca, ata mar thaibhsighibh ag imtheacht tim- cheall na háite seo. Cuireann siad i gcuimhne dhúinn caint an fhile — "Ní raibh bróg ná stoca, cóip, ná clocha ar mo stóirín óg ó'n spéir." Briseann sé ár gcroidhe an radharc brónach bhidheann aca ag siúbhal treasna an tsneachta. Lá éigin gheobham marbh i bpoll nó i gcúinne iad, agus beidhmíd d'á gcaoineadh mar bhí an file fad ó shoin — Mo phuisín bán, bán, bán; mo phuisín bhán, cat Bhrighde; Mo phuisin bán, bán, bán, do báthadh annsan trínse. FEAR AIT. (Aistrighthe ó Shacs-Bheurla Uilliam Parce.) Do sheas ar a cheann fear cois na dtonn, Agus greann dob'eadh fáth a ghnímh, Óir d'airigh sé feabhas ag teacht ar an domhan, 'Gus é 'g dul as a mheamhair le baois. Cad fá? anns an Loing noch d'fhág an tír Bhí máthair a mhnaoi ar siúbhal Go tír teasuidhe i bhfad thar toinn, Mar raibh ainmhidhe nimhe radhaiseamhail. Agus léi in aon rian cuid de lucht na bhfiach Do chuir eagla treun air, tráth Ag gluaiseacht chum siubhail anns an long "Cúirliun." Bhí go haoibhin fé shiultaibh árd." Bhí a dhóthchas feasda le socaracht beatha, Nídh, fóraor! nár thathaigh sé 'riamh; Gidh dob' fhíor, mo bhrón! go raibh bean aige fós, 'Gus nár sgaoileadh formhór na bhfiach! Acht d'fhair sé an long — an fear greanmhar — Ag seoladh na dtonn go sámh, 'Gus shaoil sé é féin bheith i n-Impire Éireann Tráth sgaoílfear na Gaodhail as brágha; Gur imthigh an long tar teorainn a radharc Ar an bhfairge doimhin ar siúbhal, 'Gus léim sé de phreab ar iomaire chailce, 'Gus do rínc sé mar "cheangarú."
NÓTAIDHE TEANGTHADH. BEURLA DO RÉIR MAR LABHARTHAR É. Le "Tor Bháibeil." Is geárr nach mbeidh i mBeurla ar fad acht focail aointsiollaigh, rud is follus do chách. 'S é sin claonadh na haoise seo, Támuid féin ag breathnughadh go geurchúiseach ar theangaidh na Sacsan anois le tamall, agus is í ár mbar- amhuil-ne nach fada go mbudh chosmhuil le Sínís í. Cúpla bliadhain ó shoin bhídís sásta le "Smôking Rûm," agus, dar ndóigh, ní dheunfadh aon rud an gnó anois acht "smôk rûm." Bhíodh "Sigarets" ann fad ó, ní'l ann anois acht "sigs," agus ní "baisikuls" atá ann anois acht "baiks," agus mar sin do gach focal ilshiollach eile Má's mian le duine fiadhain, ó oileánaibh na Ciúin-fhairrge "beirt fhear" do rádh, ní dheun- faidh sé acht an focal d'athrádh mar seo, "fear, fear," agus tá's ag gach uile dhuine go bhfuil an nós ceudna, nach beag, ag na páisdidhibh Sasan- acha. Mar shompla, ní'l aon leanbh d'á labhrann Beurla do dheurfadh "lôkomôtiv" ná "stîm- enjin," acht "puff, puff." Tá nós ait eile aca, freisin, agus is é sin dha fhocal do chur i n-áit aon fhocail amháin, d.cg., "mû kiau," in áit "kiau;" "bâ lam," in áit "lam;" "pus cat," "bau-au" (madadh), i n-áit "kat" "dog," agus mar sin dóibh, gan trácht ar an "tin jî-jî" (an capaillín stáin). "Romáis! Romáis!" a deir tú," sin sórt baothchainte bhidheas ag na banal- traidhibh ag tál ar na leanbhaibh. Bíodh mar sin, acht ní hiad na leinbh amháin do labhras mar sin. Chualamar féin an lá fá dheireadh duine do bhi deich mbliadhain ar fhithchid d'aois ag comhrádh le duine eile, agus is é dúbhairt sé acht — "Lets av a sing-song," agus rud is measa ioná sin, tá páipeur nuadh ann ar a dtugthar an "Teuf-Teuf"!!! Ní hé "Wîklî Atomôbîl," ná "Môtor-kâr Gazet," ní headh, acht "Teuf-teuf." Go bhfóiridh Dia orainn! An í sin an sórt cainte do b'fheárr leis na hEireannachaibh ná a dteanga féin? Is cuimhin linn gur eisteamar le comhrádh idir bheirt chleasadóir sgathadh beag ó shoin, agus d'fhiafhruigh duine aca de'n duine eile an raibh Sínís aige. Dubhairt seisean go raibh. "Má tá," ar seisean, "cia an focal chuirfeá ar "chrann?" "Pong," arsa duine eile. "Agus dhá chrann?" ar seisean. "Pong-pong." "Agus cia'n tSínís a chuirfeá ar fháschoill?" "Pong-pong-pong-pong-pong —" A! Deun- faidh sin an gnó," ar seisean, "ná bac leis an gcuid eile de'n choill. Bhí na daoine ag sgairt gáiridhe ar gach taoibh, agus mheasadar gurbh an- ait agus an-chlisde an rádh é, agus níor airigh- eadar gur chosmhuil le n-a gcuid cainte féin é. Do léigheamar ó chianaibh dán le file Sasanach, agus ag so líne de — "Pê, pê, pê, pê, pê," agus seo líne de dhán eile leis an bhfile céadna — "Yû must gô, gô, gô." Is deas an fhilidheacht í; is deas go deimhin; bhainfeadh sí deor as cloich. Is coitcheann an rádh é seo freisin — "Ar yû tî- tî?" Tá's ag an deabhcas goidé'n bhrigh atá leis. Ní féidir linn anois trácht ar na míltibh sompla eile atá ar fághail i litridheachd an Bheurla; acht bíodh a fhios so agad, a léightheoir, go dtuitfidh an Beurla i n-a míltibh midirlínibh fós i n-ain- dheoin Shacspéar agus Tennisoin. Sul chríoch- nóchas mé an alt so tá rud eile agam le rádh, agus is é sin nach é an litriughadh coitcheann do chuireas ar an méid Beurla atá 'san scríbhinn so; acht munab é féin, is mar sin litreochthar é 'san am atá le teacht má bheidheas an bhuaidh ag lucht leanamhainte Phitmain. EACTRA AN CHOILIGH. Iompuighidh bhúr smaointe go fóil ó chogaidhibh agus ó nidhthibh thnáthann an inntinn, agus éis- tighidh leis an eachtra iongantach so leanas. Ní ar tighearna talamh rud sé; ní ar Nansen nó ar aon de na laochaibh tá ós comhair an tsaoghail isna laethibh seo. Ní headh, a cháirde! Tugaidh aire mhaith dom' chaint; acht is ar choileach bocht, neimhchionntach, neimhpheacamhuil do thárla sé. Nár bheiridh a leithéid orainn; sin é mo ghuidhe dhaoibh go léir. Seadh, chum teachta ar mo sgeul. Lá breágh samhraidh b'eadh é. Bhí an brothall am chur a chodladh, agus mé sínte ar shuidhéachán am' thigh féin. Bhí coileach breágh agam, agus timcheall le seachtmhain roimhe sin d'imthigh sé gan fios a
thuairisg. Cheapamar gur bh'é an mada-ruadh rug leis é, agus d'á bhrigh sin ní raibh súil agam liadhb d'á chlúmh d'fhaicsint go bruinne na bratha. Bhídheas cínnte go raibh a chnámha bochta piocaidhthe go glan, sgapaighthe fá líogaibh agus fá ghlór na bhfaoileann, nach bhfógrochadh sé breacadh na neul go bráth arís le n-a ghlaodh chroidheamhuil, soiléir. "Faraor," arsa mise, "is mairg chuirfeadh puin cúram 'san tsaoghal so. I lár mo smuainteadh duairc cia phreabfadh anáirde ar an bhfár-dorus chugam acht an coileach. Chuimileas mo shúile. An é gur taidhbhse bheidheadh ann? Acht níor bh'eadh. B'é mo choilichín gleoidhte féin do bhí ann! Acht budh dhóbair ná aithneochainn é, d'fheuch sé chomh caithte sguithte, chomh deireoil sin, le n-a sgiathánaibh ag crochadh fá n-a chosaibh, agus a shúile ag dúnadh le brón agus brise croidhe. Ní raibh ann a chos do thógaint, ná do chur thar an chois eile le luige, agus é théitheadh fá n-a chúm. Ní mó bhí glór i n-a phíob, "acht an tocht d'á thraochadh." D'fhanas go ceann tamaill mhaith, gan duine chugam ná thorm, d'á iniúchadh agus d'á bhreath- nughadh, agus mé ag cur agus ag cúiteamh liom féin cread d'imthigh air. Bhí an clúmh bainte dh'á sgórnach, agus an croiceann lomnochd ag tais- beánadh thríd, mar a rugadh ar sgórnach ar. "Mo ghreinn tú mar choiligh," arsa mise, "mar dob ort rug an sgannra. Ba bheag an súil bhí agam leat." D'árduigh an coileach a cheann go mall mall- bhrathach. "Is beag an súil bhí agam féin leis," ar seisean. Bhain na focail sgeinn asam ar an mball, agus dóbair go dtuitfinn le hiongantas fá'n gcaint tháinig dó. Acht ar athsmuaineadh dham, thainig am' cheann mar do labhradh na hainmhintidhe fad ó shoin, agus mar bhidheadh na heunlaith ag diosbóireacht eadorra féin. Chuimhnigheas go mb'fhéidir gur bronnadh úrlabhra do'n choileach mar an gceudna. "Arú," arsa mise, "cread d'imthigh ort, nó cionnus thárla an droich-íde sin go léir ort." Chuir sé leath-cheann ar féin, agus chaith tamail- lín ag smuaineamh. "D'á dhonacht le hinnsint é," ar seisean "inneosfad gach ní dhuit d'imthigh orm." "Budh mhaith liom é chlos," arsa mise." "Seadh," ar seisean, "an mhaidin mhí-ádhbharach sin, seachtmhain ó shoin, in ar sgiobadh mé, nuair do sgaoileadh amach na cearca agus mé féin, tháinig spiorad baoth na hainleasa orm, agus sheolas na cearca chum eisg as radharc an tighe, áit in a raibh cadáin, nó aon nídh de'n rath le fághail. Ní raibh aon mhadradh amuigh, mar bhídear curtha, traochda ó amhstarach ar feadh na hoidhche. Budh gheárr ann dúinn nuair léim an mada ruadh amach as tor chúghainn; dhein sé fá'm dhéin-se, agus ní gádh dham a rádh gur baineadh as mo mheamhair mé ar dhúnadh do shúl. Thugas fá eitil, acht ní dhéanfadh mo sgiathain rud orm, agus lúb mo chosa fúm. "Faire fúm! Táim sgiubtha go bráth," arsa mise, "ní bheidh liadhb de'm chroicean le fághail, ná fios mo thuairisg." Rug sé orm go neamhtruaghach, agus budh gheárr an mhaill ar mé chaitheamh ar a ghualain, agus imtheacht ar siúbhal." "A choiligh bhoicht," arsa mise, "budh mhór an deonughadh nár thuit an t-anam asat ar an láthair." "Níor thuit, mhuise," ar seisean, "óir tar éis an chéad sgeinm tháinig saghas codla orm, agus d'airigheas na toir aitin agus an talamh ag dul tharm mar's go mbeidhinn i dtaidhreamh. Choimeud sé ag rith i gcomhnuidhe, go láidir léir, agus anois agus arís d'fheachfadh sé timcheall air ar eagla go mbeidheadh na madraidhe ar a thóruigh- eacht. Níor thárla aon nidh chuirfeadh bac ná eagla air, agus is ró-ghearr go rabhamar ar bhárr na faille móire, áit nach rabhas riamh roimhe sin (ní gádh dham a rádh), agus síos linn le fánaigh. Síos linn trí casáinín caol, trí clochaibh agus carraigibh gur thángamar go pluais mhóir mar a raibh trí nó ceathair de choileánaibh óga chuir fáilte roimh an sean cheann bhí am' iomchur." "A mháthair," arsa ceann aca, "nach maith d'éirigh leat indiu? Nach coileach é sin agat? "A mháthair," arsa ceann eile, "bhí ocras mór orainn, acht anois sáiseochaidh an coileach so sinn." "Nuair chuala na focail sin thuit mo chroidhe níos ísle ná bhí sé cheana, agus cheapas go
labharfainn leis an sean cheann firionn tháinig amach nuair chualaidh sé an t-aidhnios amuigh, chum athchuingidhe do chur air gan mé chur chum báis go neamhthrócaireach. ""Fóil! Fóil!" arsa mise, agus mé sínte ar an dtalamh, fad do bhí an mháthair am' choimeád, agus na coileáin ag rith timcheall orm, am chaitheamh le na lapaidhibh, agus ag tógaint bolaidh orm, "go réidh, go fóil, agus tabhair cáirde an lae fhada dham." "Abair a bhfuil le rádh agat," arsan sean bhuachaill, "cia an fáth ná hísfimís thú? "Seadh," arsa mise, "annsan chéad áit, táim chomh ríghin le sean-leathar, óir is iomdha bliadhan d'aois dam, agus d'á n-íosfá mé thiocfadh greim tinnis agus coilice géir ann do ghoile, mar dheonughadh agus díoghaltas ó neamh ort i dtaobh mise mharbhughadh. Cia saothrochaidh do na cearcaibh bochda am dhiaigh, atá am' chaoineadh go brónach." "Cread é sin damhsa?" arsa an sionnach, "cad do dhéanfaidh do chearca. Oireann malairt bídh dham, mar táim marbh ó bheith ag ithe luibheann agus cabáiste an mhada ruaidh, agus bheidheadh piocadh deas agam ort-sa. Cionnus thabharfainn cead do chos duit-se, le ar gnáthach bheith ag déanamh maitheasa d'ár namhadaibh, bhidheann ár ndíbirt agus ár gcluithcheadh? Dá mbeithfeá fiadhain mar na faoileain bheidheadh lúth do sgiathán agat, agus ní bhéarfainn ort." "Ar rádh na cainte sin dó, bhog an ceann do rug léi mé a greim, agus leis sin d'árduigheas mo sgiatháin, agus d'eitileas go splínc, áit nár bh'féidir leis breith orm. D'fhanas i bhfochair na bhfaoilean an oidhche sin, agus ar maidin amárach bhaineas bárr na faille amach, agus as sin thánag abhaile, ag siúbhal go mall thríd an chnoc, agus táim annso anois." Do stad sé annsin, agus chroch sé síos a cheann arís, agus bhí i n-a thosd. Budh gheárr gur dúisigheadh as mó neul cod- alta mé le glaodh fada faoidheach as mo choileach, agus cread do bheidheadh ann acht é i n-a sheasamh ar an bhfárdorus, agus mise agus mo cheann tuitighthe as an ionad in a raibh sé, agus é ag crochadh le ceann an tsuidheachain. NÓTAIDHE AN CHOLÁISTE. Ní bhídheann aon gheimhreadh ceart againn anns na bliadhantaibh deigheanacha so. Nuair bhidheamar óg bhidheadh sioc agus sneachta ann mar chomhartha nár bh'é grian an tsamhraidh bhidheadh ag taithneamh, acht cread é an saghas geimhridh thagas chugainn go deirionnach? Geimhreadh fliuch láibeach, ceo- mhar, gaothmhar, draoghanánach. Ní deas bheith ag siúbhal na sráide in a leithéid so d'aimsir, agus i dtaobh istigh de'n phóna Coláisde seo ní móide an sult. Ba bhreágh linn an sioc do theacht chum an guta do chruadhughadh, agus ní'l an mhéid aoibhnis ag gabháil do na cearnachaibh gur mhisde linn iad bheith foluighthe le sneachta; acht ní mar sin ritheann leis an "gclár." Shamhlaigheamar go rabhadar i n-a sámh chodladh arís go dtí cúpla lá ó shoin, acht is dócha go mbidheann fáigh aimsire ar aimsir aca, a chuireann i niúl dóibh cread é an fuadar bhidheann fa'n aimsir. Seadh; an mhaidin fá dheireadh, ar éirghe dhúinn, agus ar bhfeuchaint amach as an bhfuinneoig, con- narcamar an áit lán de shneachta. Budh bhreágh le feicsint é; budh aoibhinn an radharc é. Bhí brat geal mar chlúdadh ar aon ghráineamhlacht bhidheann ann. Acht is beag atá fhios ag aon duine cread tá i n-a chomhair, Chuadhmar amach go dtí leictiúr, agus ár ngúna umainn, acht ar ndul timcheall an chúinne dhúinn, dob' ion- gantach an rud do thárla. Creud do bheidheadh ann acht meithioll mhór preabadóireadh, geat- óiridheadh, giollaidheadh, agus maor tarraingthe amach, a ráinne, a sluaisde, agus a sguaba aca, agus iad ag rith mar dhaoinibh buile anonn agus anall, ag caitheamh an tsneachta rómpa i gcárnaibh, agus d'á chartadh isteach i dturcaillidhibh. Bhí an t-árd stíobhard d'á ngríosadh, agus bhí an oiread sin fusdar fútha go ndóbair go leagfaidh sinn fá n-a gcosaibh sul ar rugamar ár n-anam uatha. B'é sin obair an Chláir, measamar, bheith i n-a shámh suan, agus ó shoin ní leigfidhe d'aon lubhóg tuitim gan é sguabadh suas go tapaidh, Acht b'fhéidir go ndearfadh duine éigin, "Cread é an fáth bhí leis an obair sin?" 'Neosfad-sa dhó. Tá an "clár" an-aosda, agus leis sin tá
an meara-chuimhne so i n-a gceann go bhfuil siad tuigseanach glic. Tá fhios aca gur bhris mí- dhathamhlacht na háite seo spiorad gach duine tá 'n-a chomhnuidhe ann; agus mar an sean- duine bhí 'san bpríosún, go bhfuilimíd sásta anois leis. Dá bhrigh sin, budh mhaith leo aon nidh chur as an tslighe dhéanfadh mí-shásta le n-ár bpríosún sinn. Is mó nidh dhéanann daoine i gcoinnibh a leur- thuigsiona féin, agus cuirfead ós bhur gcomhair sompla do'n obair sin. Nuair bhí fuacht na laetheadh so ghabh tharainn ag imtheacht, agus an sioc ag briseadh, thugas fá ndeara go raibh beirt fhear ag casadh súgán, ar sudar fá n-ár bhfuin- neogaibh. B'iongantach an rud é sin annsan áit so, agus níor leigeamar as ár radharc iad feuchaint cread do dheunfaidís asta. Budh gheárr gur thosnuigheadar ar iad do fhilleadh tim- cheall púmpa iarainn taoibh leo. Bhíomar ag cuimhniughadh agus ag machtnamh cread budh bhunadhas le n-a n-obair, agus níorbh aon chabhair dhúinn bheith leis. Chuireamar tuairisg, agus fuaramar amach gur b'é an "Clár" arís budh chionntach leis. Cheapadar an fhuacht do choimeád amach ó'n uisge bhí i n-a leic-oighre, acht b'é an mhaitheas dheineadar an fhuacht do choimeád isteach. SOCHAID NA SAOI. (Leis "An Síoodhbhra." Tuilleadh,) Acht innis brigh do sgéil dúinn, Má's breug é ní bhacfam thú! Oir nach é sin do chéad cheann, Acht ceudta thig leat go holl! Má thagann leis an tSíobhra A smaointe do ghleus' i gcóir, Ní déarfainn gur b'é 'n fhírinne Do sgaoilfeadh sé chughainn is mó; Ní thig le teanga líomhtha Bheith díreach agus ceart go deoigh. Is mall an rud an fír-cheart, 'S ní haoibhin leis teacht 'n-a treo! "Sin a bhfuil," ars an file. "Níor mhaith liom piuc do rádh mar gheall orm féin. Níor chuibhe liom é. "Moladh an fear thall tu agus ní do bheul féin," dubhairt an sean-fhocal. Nior thánadh fós (buidheachas le Brighid) chum na críche sin air ar ghlaodhaigh Milton "galar déighionach na híntinne uasail."" "Is maith an tosnughadh é!" ars an Caobach. "Dar Chrom Dubh, is áluin agus is comaointeach Acht feuch! má fhaghmaoid a leithéid sin d'úr- laicidhe uait go bráth arís gheobhair do dhíol!" "Uch! ná bac leis," arsa Mac Ui Ghabha, "Fógra! fógra! a dhaoine uaisle! Ós orm-sa théidheann an chéad sgeul, inneosfad rud d'imthigh orm nuair bhíos 'san tSín, cúig bliadhna, nó mar sin ó shoin." Sgeul an Uachdaráin annso síos: — Lá dá rabhas ag gabháil suas sráid i gcathair 'san tSín d'á ngoirthear Pisgín,* do thosnuigh an sgeul so. Bhí culaith máirneulaigh orm, agus mo lámha am' phócaibh, agus mé ag súrac soigeár. Bhí mo dhóthain aimsire agam — mar a déarfá, bhí mo bha crúidhte agam, agus mo chearca in a gcodladh, agus réir na hoidhche déanta agam — óir bhí seachtmhain na saoire agam. Bhí an t-árthach le n-ar bhuaineas, amuigh 'san gcuan, chomh díomhaoin, droch-ghnóthach liom féin. Ní raibh faic le déanamh agam acht muna luighfinn amach ar liosdacht éigin. Bhíos ag feuchaint isteach anns na fuinneogaibh chum caitheamh-aimsire, agus ag bola- thóireacht gach bolaidh do tháinig le gaoith chugam, agus dob eugsamhail iad. Budh dóigh leat gur úcaireacht an Sín ar fad, agus a raibh de dhroch- bholadh ann. Bhí na Sínigh mór-dtimcheall orm, gan piuc aca le déanamh, acht iad féin do thochas gcoinnibh falluidhe, nó síneadh ar na dóirsibh agus tuitim i n-a gcodladh, agus taidhbhreadh go raibh a ndóthain le n-ithe aca — rud nach raibh, Dia linn. Ocras agus adhasáid saoghal an tSínigh, ar nós na madradh i n-Eirinn. Acht deir sean- úghdar go mbidheann a dhóthain ag an madradh féin dhá lá annsan mbliadhain: — Lá an Nodlaig agus lá na móna, Laethanta saoire go n-íosfam ár ndóthain. "Acht, foraor! ní bhidheann Nodlag ná buint-
mhóna ag an tSíneach bocht, agus tá a rian ar indiu! Seadh. Ní raibh éinneach ag cur chúgham ná tharm, acht mo smuainte féin ag tabhairt mo dhóthain le déanamh dam, agus mé ag feuchaint suas an tsráid, nuair chonnarc chúgham anuas ceann de cathaoireacha d'á ngoirthear "'Ricseá." Is anamh do chidhfeá capall annsan tSín, agus is fir do tharraingeann na gleusa so. An t-asal daona bhí fá an gceann so. Bhí aghaidh air mar a bheidheadh leite. Ní fheacaidhis oidhre ar mhonchaidhe buidhe acht é, acht gan an t-earball do bheith ar. Bhí sé ag rith ar nós capall ráis. Ní fheacadh aon tSíneach riamh go raibh an oiread- san deithnis air, acht fear do bhí ag dul fá dhéin bídh. D'fhanas tamall ag feuchaint air, agus ní mó iongnadh chuir sé orm ioná an t-iongnadh do chuireas-sa air. Bhí sé ag feuchaint orm, agus im' infhiuchadh, go dtí gur bhuail sé a órdóg i gcoinnibh cloiche — bhí sé cos-lomnnochta, agus gur imthigh sé ar bhior a chinn seacht slat i ndiaigh a chaingcín ar lár. Níor mhór liom dó. Do chuaidh an 'ricseá i n-a dhiaigh le fánaigh, agus d'fhan i n-áirde air i n-a chuaille, agus i n-uachtar gach neithe d'fhan ualách na cathaoireach. Cailín óg do bhí ann, agus do síneadh amach í chómh sámh le muimí. 'Nuair chonnarc féin gur bean do bhí ann, do ritheas fá na déin — droch-thathuighe d'fhoghlamaigheas i n-Éirinn — do rugas gréim uirthi, agus d'fhiafhruigheas di an raibh sí gor- tuighthe. D'fhan sí tamall ag feuchaint timcheall uirri, mar bheidheadh duine thuitfeadh ó'n spéir, agus ná feacaidh an talamh so riamh roimhe sin. 'Nuair a bhí lán a súl de feichithe aici, d'fhreagair sí, "Ní'lim puin, go raibh maith agat," ar sise, acht gur baineadh geit beag asam, acht táim go ceart anois." An fhaid bhí sí ag caint d'airigheas griofadach an ghrádha ag crith timcheall mo chroidhe, nó mo sgéithín, nó áit éigin istigh ionam, agus do bhí fhios agam go raibh an aicíd ag teacht pé uair do léigheasfaidh í. Bean an-dheas dob'eadh í. Bhí aghaidh uirri chómh bog, chómh buidhe, chómh sleamhain le hím, agus a dá súil ag féachaint ó n-a chéile, agus ceann aca. mar a dearfá, soir- 's-badh-dheas, agus an ceann eile siar-'s-badh- thuaidh. Bhí feuchaint marbhthach aici, óir d'fheuch sí tríot as dá áird, 'sa' tslighe, pé cumadh d'fheuchfa uirri go mbéidheadh an leath-chumaigh aici ort. Pé sgeul é, bhí fios agam (toisg sean- thathuighe) go raibh an caomh-ghalar orm, agus do leigeas dom féin tuitim le taoide. Do chuireas fá n-a cead leigint dom í thiúnlac abhaile, agus do thug sí mar sochar dom é. Do bhailigh an giolla é féin i dtreo a chéile — agus ní "giolla" do mheasas thabhairt air acht "giobal"" — agus do ghluaiseamar orainn, sinn araon annsan "'ricsea," agus eisean mar each- ratha againn. Do thug sé chum mo chuimhne sgeul do chloisinn 'nuair bhidheas óg. Do bhí mór chuid capall ag tarraing ciseán móna, agus bhí bean, agus a leanbh mic ar a druim, ag siúbhal i n-aoinfheacht leo. Nuair badh mhall leis an gearra-gharsún so bhí a mháthair ag cur an bóthar, déireadh sé léi, d'á spreagadh chum siúbhail, — "Hurrá! a mháthair, cuingnimh suas leis na capaillibh!" Ní gádh dham innsint díbh ná rabhas diomhaoin nuair bhí an caoth agam. Bhíos ag déanamh grádha chomh mear agus do thánag air, ag innsint sgeul, agus ag cáthadh filidheachta ar raide na ngrás — Acht má cheapasa eachtra breágh di (le gean is le grádh dar ndóigh!), Ná bac-sa cad tá ráidhte, Acht lean go sámh do ghnó! (Ní Críoch.)
*Pekin. Má tá easbuidh leabhar Gaedhilge ort Cuir iarraidh orra go Pádruig O Briain, Clódhadóir an Pháipéir so, agus gheabhair luach d'airgid. "AN T-EURÓPACH," Páipeur iltheangadh, foilsighthear sé uaire 'san mbiadhain le Pádruig O Briain, 46 Sráid Chuffe, Baile-átha-cliath, do na sealbhthóiridhibh. Díolaidheacht bliadhnamhuil, 1s. 6p., saor tré'n phost. Cuirthear gach sgeula ag triall ar an seoladh so thuas.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services