AN T-EURÓPACH.
IRISLEABHAR IL-TEANGADH NA hEURÓPA.
Leabhar 1.
Vol 1.
Uibhir 4.
No. 4.
ÁTLIATH, MARTA, 1900.
DÁ PHINGHIN.
20 CENTIMES
EURÓPACH NÓ EORPACH?
Ó thángamar amach i gclódh ar dtús is iomdha
moladh neamhthuillte fuaramar ó gach ceárd,
agus is iomdha comhairle athaireamhuil do tugadh
dhúinn mar an gceudna. Rinneamar do réir
na gcomhairleadh sin, agus tá súil againn go
dtáinig biseach orainn d'á bhárr. Is maith
linn fheicsint go bhfuil ár gcáirde ionnán
figheacháin fastuighthe agus casáin coimheasgtha
an tsuilt dhraoitheamhuil do leanamhuint. Gidheadh
tá faitchíos orainn go bhfuil aon phuint amháin
ann go bhfuil ár léightheoiridhe fós ag iarraidh
solais i n-a thaoibh, agus ar a shon sin tá ár
measadóiridhe ag caitheamh bróg leis an gcat
nach ciontach. Is ar ár dteideal atámaoid ag
trácht. Caithfimíd a admháil gurbh iongantach,
agus gur bh'olc linn fheicsint gurab iad na
daoine ar a bhfuil ár meas go léir is cinnte
leis an earáid euchtach seo — eadhon, gur tuathal
atá ann, agus gur ceart "Eorpach" do bheith i
n-áit "Európach." A Righ na bhfeart! Ta fios
ag gach uile dhuine ar na teangthaibh Gearmáin-
Eorpacha, acht is beag duine go bhfuil eolas
aige ar chanamhain fhírdheacair na teangan
Ráiméiseo-Troscaighe. Tá an sompla is feárr
de'n teangain so le fághail annsan láimhsgríbhinn
léigheanta úd, an "Leabhar Líonáin," láimh-
sgríbhinn go bhfuil a hársacht annsan am atá le
teacht, mar adeir Solamh Ó Súiliobháin. Ritheann
linn gurab é ár ndualgus dúthrachdach a chur
i n-iúl d'ár léightheoiribh bunadhas an fhocail seo.
Annso thíos stair an fhocail:- Focal iasachta
iseadh é ó'n Ungairis. "Ur-jo-pagy," agus
tagann sé sin ó'n bhfocal Tamairis, "Iruppu-
pashu." Budh ó na Sínighibh do fuair na Tam-
airighe an focal, agus is mar seo do bhí sé aca-
san — Yü-lu-ping," agus adeir an t-árd-ollamh
Mac Múlléir gurab amhlaidh do ghoid na Sin-
eacha an focal ceudna ó na Maoruighibh, agus
agus gurab é an focal bunadhasach, "Ao-ro-
pakeha" — eadhon, "Tír na gcoigcríoch;" acht
b'fhéidir gurab é an rud is feárr a dheunamh
sompla beag de'n teangain Europaigh a thabhairt
annso, agus is cosmhuil go ndéanfaidh sin an
gnó chomh maith agus dá mbeidhmís ag cur síos
air ar feadh an lae. Ag so rann de'n dhán ar
a dtugthar "Rhyfelgyrch y Gwyddel":-
"Caillte lóg hain,
Los Európaigh,
Süss und glórmhar cu yasuik,
Too much bólkar
Buile hokar
Ac unhón-se kam an Draoi." 21 5 B.L.L.
Focloir. — Log = daoine (focal Indiach); süs = milis (Gear-
mainis); eu = a (Breatnais); yasuik = teanga (Ruisis);
bólkar = labartha (Indiach); hókar = ar mbeith (Indiach);
ac = agus (Breatnais); unhón-se = uatha (Indiach); kam
= tháinig (Gearmainis).
LITIR Ó ÁRD-DRAOI NA hÉIREANN.
D'Eagarthóir an Európaigh.
Tír na n-Og, an chéad lá d'Eanair, 1900.
A Chara mo chroidhe istigh, —
Goirim agus caiscrighim thu i n-ainm Chruim agus na
nDéitheadh Síor! Gabh mo chomhgháirdeachas cáirdeamhuil a mhic
ó, i dtaoibh do pháipéir shár-fhoghlumtha, do shroich m'áit-sa ar
maidin indiú. Go deimhin chuir sé áthas mór orm é fheiscint,
agus dá bhfeicfeá-sa féin na draoithe annso, agus sgolb maide,
giumhasaigh sáithte 'san mballa mar lóchrán aca, agus iad ag
léigheadh an "Európaigh," agus gach uile sgairt gáiridhe ag
tidheacht ar a mbeulaíbh, dar ndóigh, chuirfeadh sé bród agus
rímeud mór ort féin. Nuair d'imthigh na fó-draoithe chum a
leapthan, d'fhan mé féin 'mo shuidhe dhá léigheadh go dtí uair
an mheadhoin-oidhche, agus innsin is ar éigin d'fheudas neul
codlata fhághail, acht ag gáiridhe faoi na rudaibh greannmhara
do léigheas. A Chruim an áir! Nuair a smuainim air, nach
aisteach an rud í eileictreacht? Ní'l dhá bhliadhain fós
ann ó chualamar trácht ar chath Rois na Ríogh for Bóinn, agus ó
tháinig an cábla eileictreach innseo ó Eirinn bíonn nuaidheacht
againn 'ch uile lá, 'seadh a bhealtaine! agus tagann na
"cló-choisgeanna"* féin chugainn. Bhí mé ag caint le Fionn
Mac Cumhaill indiu, agus 'sbáin mé an páipeur dó; thaithin
sé go rí-mhaith leis; acht nuair a chonnaic sé a ainm féin 'sa
dán úd go raibh trácht ar Choláiste na Tríonóide ann, bhí a
a chuid eudaigh ag pleusgadh ó chéile leis an mbród do bhí air.
Dubhairt sé ar an bpuint go gcaithfeadh sé íocacht bliadhan-
tamhuil a chur chugadsa, agus gur feárr leis ceud uair do
pháipeur-sa ná an "Teachtaire Temrach" féin. Cia'n chaoi
bhfuil mo cháirde i gConnradh na Gaedhilge ag dul ar aghaidh?
Tabhair m'oibliogáid dóibh an cheud uair eile fheicfeas tú iad.
Bhí mé ag innsint do Gholl mac Mórna an lá cheana fá'n
troid mhór go raibh an Connradh 'a tabhairt i nEirinn, ag
iarraidh náimhde teangain na hEireann do chlaoidh. "Dar
Crom Dubh," ar seisean, "dá mbeidhinn-se ann anois, agus
mo chloidheamh ann mo láimh dheis, is geárr go gcuirfinn-se an
ruaig orthu uilig." "A dhuine gan chéill," arsa mise, "an é
nach bhfuil fhios agat nach le claidhmhibh a throidthear anois ar
chor ar bith, acht le teangthaibh agus le peannaibh; agus tá
sean-fhocal ann gur cumhachtaigh an peann ná'n claidheamh.
Tá's agad féin nach bhfuil tú i ndán sgríobhadh ná léigheadh,
agus mar sin ní dheunfá aon mhaith dá mbeitheá ann féin,
agus rud eile," arsa mise, "is cumhachtaigh "An Claidheamh
Soluis" ná ceachtar aca, fá gur le peann do rinneadh é,
agus is ionann é agus peann agus cloidheamh i n-éinfheacht."
"Seadh," ar seisean "go n-éirghidh leobhtha ar chuma ar bith."
"Go mba mar sin," arsa mise. Nuair bheidheas tú ag sgríobhadh
arís cuir chugam, má s é do thoil é, "An Claidheamh Soluis,"
agus "Fáinne an Lae."
Caithfidh mé stad anois mar tá sé ag dul i ndorchadas.
Tá mé ag feuchaint amach ar an bhfuinneoig, agus chídhim an
ghrian mhór chrón ag dul faoi san iarthar. Arduighim mo
lámha, agus guidhim mar is cóir do dhraoi. Tar slán, a
Chroim! Tar slán! Tá cóch cumhach na gaoithe ag teachd
thríd na coilltibh chugam anall. Cloisim mion-mhonbhar na
mara ar an dtúirling shíos, agus tá uaigneas an tsaoghail ar
fad orm. Mo shlán leat, a Eire! Ní fheicfidh mé thú níos
mó; acht beidh urnuighthe na ndruadh ag éirghe d'oidhche agus
do ló ar son dó theangain binne. Gabhaim párdún agat, a
chara! tháinig taom filidheachta orm an t-am sin, acht ná bac
liom; is sean-fhear mé, agus bíonn mé ag dul ar mearbhal
ar amantaibh. Saoghal fada ag an "Európag," agus ag gach
páipeur Gaodhalach eile! Hurú! Hurú! Hurú! Mise do
chara bith-bhuan,
CEARNACH GIOLLA CHRUIM, Ard-Draoi.
<An F. E.>
*"Cló-chosg," sin stop-press i mBeurla.
CUMANN NA BPÍOBAIRIDHE.
"A chumainnín na gcumann, is cumainnín mo chléibh thú,
A chumainnín na gcumann, is mo chumainnín go heug tú."
"Neá neá do dídil ídil neá do dídil í neá!!" Tá na
píobairidhe ag teacht, agus ceud fáilte rómpa ó n ár
gcroidhe amach, deirimíd-ne. Do cuireadh ar bun "Cumann
na bPíobairidhe, Baile-atha-cliath," an lá fá dheireadh, agus go
mairidh sé go deo! Is maith an comhartha é seannós eile ár
dtíre do bheith d'á aithbheodhughadh, agus cuireann sé áthas mór
orainn fheicsint gurab í an Ghaedhilig a dteanga oifigeamhuil.
Tá súil againn go gcuideochaidh Gaedhilgeoiridhe Bhaile-atha-
cliath leo, agus nach fada go mbeidh buidhean mór de phíob-
airidhibh ar fághail, i riocht nach mbeidh aon díth píobaireachta ag
an chéad Oireachtas eile. Tá go maith acht go dtí sin, go
dtugaidh Dia foighid do cháirdibh agus do dhaoinibh muinteardha
locht foghlumtha an phíb mhóir.
COIR SGOTH NA DRUADH.
Mo cheasnadh! a cháirde, óir táimse go brónach,
An dubhlacht ag teacht, 'gus an reoth ar an dtuath.
Tá anfa ar árdaibh ag cathadh le fóirneart,
'Gus dúiseann na gártha le tóirneach an duaidh;
Tá mo mheanma tráighte gan cáirde gan comhfhogus,
Acht dubh-chroidhe agus cás ag teacht romhann mar is dual —
Acht ní ceachtar, gídh táir, do bheir cráidhteach im' mheon sa,
Acht cumha bheith bhúr bhfágaint, a Chóir Sgoth na nDruadh!
Is fada 's is fánach ar bhán 's ar bhó-chnoc
An chúrsa tá geárrtha dom stróithreacht go buan.
Is mairgeach sgáthmhar mo theácht imeasg stroinsidhe,
Ná tabharfaidh a lámh dom le comharsanacht dual,
Nuair sheasochad go tláth-lag fá bhaisteach na nóna
Ag cúiteach mo chás, nach ar foghnamh, monuar!
Seadh chasfaidh mo ghrádh chúghaibh thar árdaibh na bóchna,
'S is dubhach beidhead bhúr gcásamh a Chór-Sgoth na nDruadh!
'S má thagann go bráth liom bheith lá in bhur gcomhgar,
Is súgach 'gus is sámh 'gus is sóghach bheidhead gan ghruaim,
'S ní bhacfad ar thárlaig de chás 's de bhreoighteacht,
O shiúbhalas chum fáin uaibh go teorainn gan truaigh;
An cearna, 's an cráidhteacht, an táire 's an stróinsidheacht
Do bhrúdhaigh mé go tláth 'gus do leomhain mé go duairc
Ní fhanfaidh a dtrácht ná a gcásamh níos mó 'gam
Ag fonn ann bhur ngrádh-sa, a Chóir Sgoth na nDruaidh!
GNÓTHAIDHE AN CHOLÁISTE.
Tá móran airgid d'á dhéanamh suas le haghaidh
stocaidhe chur amach ag triall ar an bhuidhin
chogaidh 'san Transbhál. Bailigheadh mórán de
'san Choláisde so féin. Ní haontuighmíd leis
an obair so. Budh mhaith linn biadh do chur chúcha,
acht cread fáth stocaidhe. Nach só-theasaidhe táid
siad annsan áit sin. Tá an ghrian d'á losgadh
annsan, agus an fhuacht ag dul go croidhe
orainn-ne annso; agus cia hiad is mó truagh
ameasg na droinge ar a bhfuil an fhuacht ag
goilleadh? Cait bochta an Choláisde seo.
Tá an "Clár" ag cur cabhair stocaidhe amach
chum an ionaid cogaidh. An bhfuil aon truagh i n-a
gcroidhthibh do na cataibh lomnochta gan bhróg,
gan stoca, ata mar thaibhsighibh ag imtheacht tim-
cheall na háite seo. Cuireann siad i gcuimhne
dhúinn caint an fhile — "Ní raibh bróg ná stoca,
cóip, ná clocha ar mo stóirín óg ó'n spéir."
Briseann sé ár gcroidhe an radharc brónach
bhidheann aca ag siúbhal treasna an tsneachta.
Lá éigin gheobham marbh i bpoll nó i gcúinne iad,
agus beidhmíd d'á gcaoineadh mar bhí an file
fad ó shoin —
Mo phuisín bán, bán, bán; mo phuisín bhán, cat Bhrighde;
Mo phuisin bán, bán, bán, do báthadh annsan trínse.
FEAR AIT.
(Aistrighthe ó Shacs-Bheurla Uilliam Parce.)
Do sheas ar a cheann fear cois na dtonn,
Agus greann dob'eadh fáth a ghnímh,
Óir d'airigh sé feabhas ag teacht ar an domhan,
'Gus é 'g dul as a mheamhair le baois.
Cad fá? anns an Loing noch d'fhág an tír
Bhí máthair a mhnaoi ar siúbhal
Go tír teasuidhe i bhfad thar toinn,
Mar raibh ainmhidhe nimhe radhaiseamhail.
Agus léi in aon rian cuid de lucht na bhfiach
Do chuir eagla treun air, tráth
Ag gluaiseacht chum siubhail anns an long
"Cúirliun."
Bhí go haoibhin fé shiultaibh árd."
Bhí a dhóthchas feasda le socaracht beatha,
Nídh, fóraor! nár thathaigh sé 'riamh;
Gidh dob' fhíor, mo bhrón! go raibh bean aige fós,
'Gus nár sgaoileadh formhór na bhfiach!
Acht d'fhair sé an long — an fear greanmhar —
Ag seoladh na dtonn go sámh,
'Gus shaoil sé é féin bheith i n-Impire Éireann
Tráth sgaoílfear na Gaodhail as brágha;
Gur imthigh an long tar teorainn a radharc
Ar an bhfairge doimhin ar siúbhal,
'Gus léim sé de phreab ar iomaire chailce,
'Gus do rínc sé mar "cheangarú."
<An Síodhbhra d'aistrigh.>
NÓTAIDHE TEANGTHADH.
BEURLA DO RÉIR MAR LABHARTHAR É.
Le "Tor Bháibeil."
Is geárr nach mbeidh i mBeurla ar fad acht
focail aointsiollaigh, rud is follus do chách.
'S é sin claonadh na haoise seo, Támuid féin
ag breathnughadh go geurchúiseach ar theangaidh na
Sacsan anois le tamall, agus is í ár mbar-
amhuil-ne nach fada go mbudh chosmhuil le Sínís
í. Cúpla bliadhain ó shoin bhídís sásta le
"Smôking Rûm," agus, dar ndóigh, ní dheunfadh
aon rud an gnó anois acht "smôk rûm." Bhíodh
"Sigarets" ann fad ó, ní'l ann anois acht
"sigs," agus ní "baisikuls" atá ann anois acht
"baiks," agus mar sin do gach focal ilshiollach eile
Má's mian le duine fiadhain, ó oileánaibh na
Ciúin-fhairrge "beirt fhear" do rádh, ní dheun-
faidh sé acht an focal d'athrádh mar seo, "fear,
fear," agus tá's ag gach uile dhuine go bhfuil an
nós ceudna, nach beag, ag na páisdidhibh Sasan-
acha. Mar shompla, ní'l aon leanbh d'á labhrann
Beurla do dheurfadh "lôkomôtiv" ná "stîm-
enjin," acht "puff, puff." Tá nós ait eile aca,
freisin, agus is é sin dha fhocal do chur i n-áit
aon fhocail amháin, d.cg., "mû kiau," in áit
"kiau;" "bâ lam," in áit "lam;" "pus cat,"
"bau-au" (madadh), i n-áit "kat" "dog," agus
mar sin dóibh, gan trácht ar an "tin jî-jî" (an
capaillín stáin). "Romáis! Romáis!" a deir
tú," sin sórt baothchainte bhidheas ag na banal-
traidhibh ag tál ar na leanbhaibh. Bíodh mar
sin, acht ní hiad na leinbh amháin do labhras
mar sin. Chualamar féin an lá fá dheireadh
duine do bhi deich mbliadhain ar fhithchid d'aois ag
comhrádh le duine eile, agus is é dúbhairt sé acht —
"Lets av a sing-song," agus rud is measa ioná
sin, tá páipeur nuadh ann ar a dtugthar an
"Teuf-Teuf"!!! Ní hé "Wîklî Atomôbîl,"
ná "Môtor-kâr Gazet," ní headh, acht "Teuf-teuf."
Go bhfóiridh Dia orainn! An í sin an sórt
cainte do b'fheárr leis na hEireannachaibh ná a
dteanga féin? Is cuimhin linn gur eisteamar
le comhrádh idir bheirt chleasadóir sgathadh beag
ó shoin, agus d'fhiafhruigh duine aca de'n duine
eile an raibh Sínís aige. Dubhairt seisean go
raibh. "Má tá," ar seisean, "cia an focal
chuirfeá ar "chrann?" "Pong," arsa duine eile.
"Agus dhá chrann?" ar seisean. "Pong-pong."
"Agus cia'n tSínís a chuirfeá ar fháschoill?"
"Pong-pong-pong-pong-pong —" A! Deun-
faidh sin an gnó," ar seisean, "ná bac leis an
gcuid eile de'n choill. Bhí na daoine ag sgairt
gáiridhe ar gach taoibh, agus mheasadar gurbh an-
ait agus an-chlisde an rádh é, agus níor airigh-
eadar gur chosmhuil le n-a gcuid cainte féin é.
Do léigheamar ó chianaibh dán le file Sasanach,
agus ag so líne de — "Pê, pê, pê, pê, pê," agus seo
líne de dhán eile leis an bhfile céadna — "Yû
must gô, gô, gô." Is deas an fhilidheacht í; is
deas go deimhin; bhainfeadh sí deor as cloich.
Is coitcheann an rádh é seo freisin — "Ar yû tî-
tî?" Tá's ag an deabhcas goidé'n bhrigh atá leis.
Ní féidir linn anois trácht ar na míltibh sompla
eile atá ar fághail i litridheachd an Bheurla; acht
bíodh a fhios so agad, a léightheoir, go dtuitfidh
an Beurla i n-a míltibh midirlínibh fós i n-ain-
dheoin Shacspéar agus Tennisoin. Sul chríoch-
nóchas mé an alt so tá rud eile agam le rádh,
agus is é sin nach é an litriughadh coitcheann do
chuireas ar an méid Beurla atá 'san scríbhinn
so; acht munab é féin, is mar sin litreochthar é
'san am atá le teacht má bheidheas an bhuaidh
ag lucht leanamhainte Phitmain.
EACTRA AN CHOILIGH.
Iompuighidh bhúr smaointe go fóil ó chogaidhibh
agus ó nidhthibh thnáthann an inntinn, agus éis-
tighidh leis an eachtra iongantach so leanas.
Ní ar tighearna talamh rud sé; ní ar Nansen
nó ar aon de na laochaibh tá ós comhair an
tsaoghail isna laethibh seo. Ní headh, a cháirde!
Tugaidh aire mhaith dom' chaint; acht is ar choileach
bocht, neimhchionntach, neimhpheacamhuil do thárla
sé. Nár bheiridh a leithéid orainn; sin é mo
ghuidhe dhaoibh go léir.
Seadh, chum teachta ar mo sgeul. Lá breágh
samhraidh b'eadh é. Bhí an brothall am chur a
chodladh, agus mé sínte ar shuidhéachán am' thigh
féin. Bhí coileach breágh agam, agus timcheall
le seachtmhain roimhe sin d'imthigh sé gan fios a
thuairisg. Cheapamar gur bh'é an mada-ruadh
rug leis é, agus d'á bhrigh sin ní raibh súil agam
liadhb d'á chlúmh d'fhaicsint go bruinne na bratha.
Bhídheas cínnte go raibh a chnámha bochta
piocaidhthe go glan, sgapaighthe fá líogaibh agus
fá ghlór na bhfaoileann, nach bhfógrochadh sé
breacadh na neul go bráth arís le n-a ghlaodh
chroidheamhuil, soiléir. "Faraor," arsa mise,
"is mairg chuirfeadh puin cúram 'san tsaoghal
so. I lár mo smuainteadh duairc cia phreabfadh
anáirde ar an bhfár-dorus chugam acht an coileach.
Chuimileas mo shúile. An é gur taidhbhse bheidheadh
ann? Acht níor bh'eadh. B'é mo choilichín
gleoidhte féin do bhí ann! Acht budh dhóbair ná
aithneochainn é, d'fheuch sé chomh caithte sguithte,
chomh deireoil sin, le n-a sgiathánaibh ag crochadh
fá n-a chosaibh, agus a shúile ag dúnadh le brón
agus brise croidhe. Ní raibh ann a chos do
thógaint, ná do chur thar an chois eile le luige,
agus é théitheadh fá n-a chúm. Ní mó bhí glór i n-a
phíob, "acht an tocht d'á thraochadh."
D'fhanas go ceann tamaill mhaith, gan duine
chugam ná thorm, d'á iniúchadh agus d'á bhreath-
nughadh, agus mé ag cur agus ag cúiteamh liom
féin cread d'imthigh air. Bhí an clúmh bainte dh'á
sgórnach, agus an croiceann lomnochd ag tais-
beánadh thríd, mar a rugadh ar sgórnach ar.
"Mo ghreinn tú mar choiligh," arsa mise, "mar
dob ort rug an sgannra. Ba bheag an súil bhí
agam leat."
D'árduigh an coileach a cheann go mall mall-
bhrathach. "Is beag an súil bhí agam féin leis,"
ar seisean.
Bhain na focail sgeinn asam ar an mball,
agus dóbair go dtuitfinn le hiongantas fá'n
gcaint tháinig dó. Acht ar athsmuaineadh dham,
thainig am' cheann mar do labhradh na hainmhintidhe
fad ó shoin, agus mar bhidheadh na heunlaith
ag diosbóireacht eadorra féin. Chuimhnigheas go
mb'fhéidir gur bronnadh úrlabhra do'n choileach
mar an gceudna.
"Arú," arsa mise, "cread d'imthigh ort, nó
cionnus thárla an droich-íde sin go léir ort."
Chuir sé leath-cheann ar féin, agus chaith tamail-
lín ag smuaineamh.
"D'á dhonacht le hinnsint é," ar seisean
"inneosfad gach ní dhuit d'imthigh orm."
"Budh mhaith liom é chlos," arsa mise."
"Seadh," ar seisean, "an mhaidin mhí-ádhbharach
sin, seachtmhain ó shoin, in ar sgiobadh mé, nuair
do sgaoileadh amach na cearca agus mé féin,
tháinig spiorad baoth na hainleasa orm, agus
sheolas na cearca chum eisg as radharc an tighe,
áit in a raibh cadáin, nó aon nídh de'n rath le
fághail. Ní raibh aon mhadradh amuigh, mar
bhídear curtha, traochda ó amhstarach ar feadh na
hoidhche. Budh gheárr ann dúinn nuair léim an
mada ruadh amach as tor chúghainn; dhein sé fá'm
dhéin-se, agus ní gádh dham a rádh gur baineadh
as mo mheamhair mé ar dhúnadh do shúl. Thugas
fá eitil, acht ní dhéanfadh mo sgiathain rud orm,
agus lúb mo chosa fúm. "Faire fúm! Táim
sgiubtha go bráth," arsa mise, "ní bheidh liadhb
de'm chroicean le fághail, ná fios mo thuairisg."
Rug sé orm go neamhtruaghach, agus budh gheárr
an mhaill ar mé chaitheamh ar a ghualain, agus
imtheacht ar siúbhal."
"A choiligh bhoicht," arsa mise, "budh mhór an
deonughadh nár thuit an t-anam asat ar an
láthair."
"Níor thuit, mhuise," ar seisean, "óir tar éis
an chéad sgeinm tháinig saghas codla orm, agus
d'airigheas na toir aitin agus an talamh ag dul
tharm mar's go mbeidhinn i dtaidhreamh. Choimeud
sé ag rith i gcomhnuidhe, go láidir léir, agus
anois agus arís d'fheachfadh sé timcheall air ar
eagla go mbeidheadh na madraidhe ar a thóruigh-
eacht. Níor thárla aon nidh chuirfeadh bac ná
eagla air, agus is ró-ghearr go rabhamar ar
bhárr na faille móire, áit nach rabhas riamh roimhe
sin (ní gádh dham a rádh), agus síos linn le
fánaigh. Síos linn trí casáinín caol, trí clochaibh
agus carraigibh gur thángamar go pluais mhóir
mar a raibh trí nó ceathair de choileánaibh óga
chuir fáilte roimh an sean cheann bhí am' iomchur."
"A mháthair," arsa ceann aca, "nach maith
d'éirigh leat indiu? Nach coileach é sin agat?
"A mháthair," arsa ceann eile, "bhí ocras mór
orainn, acht anois sáiseochaidh an coileach so
sinn."
"Nuair chuala na focail sin thuit mo chroidhe
níos ísle ná bhí sé cheana, agus cheapas go
labharfainn leis an sean cheann firionn tháinig
amach nuair chualaidh sé an t-aidhnios amuigh,
chum athchuingidhe do chur air gan mé chur chum
báis go neamhthrócaireach.
""Fóil! Fóil!" arsa mise, agus mé sínte ar
an dtalamh, fad do bhí an mháthair am' choimeád,
agus na coileáin ag rith timcheall orm, am
chaitheamh le na lapaidhibh, agus ag tógaint
bolaidh orm, "go réidh, go fóil, agus tabhair
cáirde an lae fhada dham."
"Abair a bhfuil le rádh agat," arsan sean
bhuachaill, "cia an fáth ná hísfimís thú?
"Seadh," arsa mise, "annsan chéad áit, táim
chomh ríghin le sean-leathar, óir is iomdha bliadhan
d'aois dam, agus d'á n-íosfá mé thiocfadh greim
tinnis agus coilice géir ann do ghoile, mar
dheonughadh agus díoghaltas ó neamh ort i dtaobh
mise mharbhughadh. Cia saothrochaidh do na cearcaibh
bochda am dhiaigh, atá am' chaoineadh go brónach."
"Cread é sin damhsa?" arsa an sionnach,
"cad do dhéanfaidh do chearca. Oireann malairt
bídh dham, mar táim marbh ó bheith ag ithe luibheann
agus cabáiste an mhada ruaidh, agus bheidheadh
piocadh deas agam ort-sa. Cionnus thabharfainn
cead do chos duit-se, le ar gnáthach bheith ag
déanamh maitheasa d'ár namhadaibh, bhidheann ár
ndíbirt agus ár gcluithcheadh? Dá mbeithfeá fiadhain
mar na faoileain bheidheadh lúth do sgiathán
agat, agus ní bhéarfainn ort."
"Ar rádh na cainte sin dó, bhog an ceann do
rug léi mé a greim, agus leis sin d'árduigheas
mo sgiatháin, agus d'eitileas go splínc, áit nár
bh'féidir leis breith orm. D'fhanas i bhfochair na
bhfaoilean an oidhche sin, agus ar maidin amárach
bhaineas bárr na faille amach, agus as sin
thánag abhaile, ag siúbhal go mall thríd an chnoc,
agus táim annso anois." Do stad sé annsin,
agus chroch sé síos a cheann arís, agus bhí i n-a thosd.
Budh gheárr gur dúisigheadh as mó neul cod-
alta mé le glaodh fada faoidheach as mo choileach,
agus cread do bheidheadh ann acht é i n-a sheasamh ar
an bhfárdorus, agus mise agus mo cheann tuitighthe
as an ionad in a raibh sé, agus é ag crochadh le
ceann an tsuidheachain.
NÓTAIDHE AN CHOLÁISTE.
Ní bhídheann aon gheimhreadh ceart againn anns
na bliadhantaibh deigheanacha so. Nuair bhidheamar
óg bhidheadh sioc agus sneachta ann mar chomhartha
nár bh'é grian an tsamhraidh bhidheadh ag taithneamh,
acht cread é an saghas geimhridh thagas chugainn
go deirionnach? Geimhreadh fliuch láibeach, ceo-
mhar, gaothmhar, draoghanánach. Ní deas bheith ag
siúbhal na sráide in a leithéid so d'aimsir, agus
i dtaobh istigh de'n phóna Coláisde seo ní móide
an sult. Ba bhreágh linn an sioc do theacht
chum an guta do chruadhughadh, agus ní'l an mhéid
aoibhnis ag gabháil do na cearnachaibh gur mhisde
linn iad bheith foluighthe le sneachta; acht ní
mar sin ritheann leis an "gclár." Shamhlaigheamar
go rabhadar i n-a sámh chodladh arís go dtí cúpla
lá ó shoin, acht is dócha go mbidheann fáigh
aimsire ar aimsir aca, a chuireann i niúl dóibh
cread é an fuadar bhidheann fa'n aimsir.
Seadh; an mhaidin fá dheireadh, ar éirghe dhúinn,
agus ar bhfeuchaint amach as an bhfuinneoig, con-
narcamar an áit lán de shneachta. Budh bhreágh
le feicsint é; budh aoibhinn an radharc é. Bhí
brat geal mar chlúdadh ar aon ghráineamhlacht
bhidheann ann. Acht is beag atá fhios ag aon
duine cread tá i n-a chomhair, Chuadhmar amach
go dtí leictiúr, agus ár ngúna umainn, acht
ar ndul timcheall an chúinne dhúinn, dob' ion-
gantach an rud do thárla. Creud do bheidheadh
ann acht meithioll mhór preabadóireadh, geat-
óiridheadh, giollaidheadh, agus maor tarraingthe
amach, a ráinne, a sluaisde, agus a sguaba
aca, agus iad ag rith mar dhaoinibh buile anonn
agus anall, ag caitheamh an tsneachta rómpa i
gcárnaibh, agus d'á chartadh isteach i dturcaillidhibh.
Bhí an t-árd stíobhard d'á ngríosadh, agus bhí an
oiread sin fusdar fútha go ndóbair go leagfaidh
sinn fá n-a gcosaibh sul ar rugamar ár n-anam
uatha. B'é sin obair an Chláir, measamar, bheith
i n-a shámh suan, agus ó shoin ní leigfidhe d'aon
lubhóg tuitim gan é sguabadh suas go tapaidh,
Acht b'fhéidir go ndearfadh duine éigin, "Cread
é an fáth bhí leis an obair sin?" 'Neosfad-sa
dhó. Tá an "clár" an-aosda, agus leis sin tá
an meara-chuimhne so i n-a gceann go bhfuil siad
tuigseanach glic. Tá fhios aca gur bhris mí-
dhathamhlacht na háite seo spiorad gach duine
tá 'n-a chomhnuidhe ann; agus mar an sean-
duine bhí 'san bpríosún, go bhfuilimíd sásta
anois leis. Dá bhrigh sin, budh mhaith leo aon nidh
chur as an tslighe dhéanfadh mí-shásta le n-ár
bpríosún sinn.
Is mó nidh dhéanann daoine i gcoinnibh a leur-
thuigsiona féin, agus cuirfead ós bhur gcomhair
sompla do'n obair sin. Nuair bhí fuacht na
laetheadh so ghabh tharainn ag imtheacht, agus an
sioc ag briseadh, thugas fá ndeara go raibh beirt
fhear ag casadh súgán, ar sudar fá n-ár bhfuin-
neogaibh. B'iongantach an rud é sin annsan
áit so, agus níor leigeamar as ár radharc iad
feuchaint cread do dheunfaidís asta. Budh gheárr
gur thosnuigheadar ar iad do fhilleadh tim-
cheall púmpa iarainn taoibh leo. Bhíomar
ag cuimhniughadh agus ag machtnamh cread budh
bhunadhas le n-a n-obair, agus níorbh aon
chabhair dhúinn bheith leis. Chuireamar tuairisg,
agus fuaramar amach gur b'é an "Clár" arís
budh chionntach leis. Cheapadar an fhuacht do
choimeád amach ó'n uisge bhí i n-a leic-oighre, acht
b'é an mhaitheas dheineadar an fhuacht do choimeád
isteach.
SOCHAID NA SAOI.
(Leis "An Síoodhbhra."
Tuilleadh,)
Acht innis brigh do sgéil dúinn,
Má's breug é ní bhacfam thú!
Oir nach é sin do chéad cheann,
Acht ceudta thig leat go holl!
Má thagann leis an tSíobhra
A smaointe do ghleus' i gcóir,
Ní déarfainn gur b'é 'n fhírinne
Do sgaoilfeadh sé chughainn is mó;
Ní thig le teanga líomhtha
Bheith díreach agus ceart go deoigh.
Is mall an rud an fír-cheart,
'S ní haoibhin leis teacht 'n-a treo!
"Sin a bhfuil," ars an file. "Níor mhaith liom
piuc do rádh mar gheall orm féin. Níor chuibhe
liom é. "Moladh an fear thall tu agus ní
do bheul féin," dubhairt an sean-fhocal. Nior
thánadh fós (buidheachas le Brighid) chum na críche
sin air ar ghlaodhaigh Milton "galar déighionach
na híntinne uasail.""
"Is maith an tosnughadh é!" ars an Caobach.
"Dar Chrom Dubh, is áluin agus is comaointeach
Acht feuch! má fhaghmaoid a leithéid sin d'úr-
laicidhe uait go bráth arís gheobhair do dhíol!"
"Uch! ná bac leis," arsa Mac Ui Ghabha,
"Fógra! fógra! a dhaoine uaisle! Ós orm-sa
théidheann an chéad sgeul, inneosfad rud d'imthigh
orm nuair bhíos 'san tSín, cúig bliadhna, nó mar
sin ó shoin."
Sgeul an Uachdaráin annso síos: —
Lá dá rabhas ag gabháil suas sráid i gcathair
'san tSín d'á ngoirthear Pisgín,* do thosnuigh an
sgeul so. Bhí culaith máirneulaigh orm, agus mo
lámha am' phócaibh, agus mé ag súrac soigeár.
Bhí mo dhóthain aimsire agam — mar a déarfá,
bhí mo bha crúidhte agam, agus mo chearca in a
gcodladh, agus réir na hoidhche déanta agam —
óir bhí seachtmhain na saoire agam. Bhí an
t-árthach le n-ar bhuaineas, amuigh 'san gcuan,
chomh díomhaoin, droch-ghnóthach liom féin. Ní raibh
faic le déanamh agam acht muna luighfinn amach
ar liosdacht éigin. Bhíos ag feuchaint isteach anns
na fuinneogaibh chum caitheamh-aimsire, agus ag bola-
thóireacht gach bolaidh do tháinig le gaoith chugam,
agus dob eugsamhail iad. Budh dóigh leat gur
úcaireacht an Sín ar fad, agus a raibh de dhroch-
bholadh ann. Bhí na Sínigh mór-dtimcheall orm,
gan piuc aca le déanamh, acht iad féin do thochas
gcoinnibh falluidhe, nó síneadh ar na dóirsibh
agus tuitim i n-a gcodladh, agus taidhbhreadh go
raibh a ndóthain le n-ithe aca — rud nach raibh, Dia
linn. Ocras agus adhasáid saoghal an tSínigh,
ar nós na madradh i n-Eirinn. Acht deir sean-
úghdar go mbidheann a dhóthain ag an madradh
féin dhá lá annsan mbliadhain: —
Lá an Nodlaig agus lá na móna,
Laethanta saoire go n-íosfam ár ndóthain.
"Acht, foraor! ní bhidheann Nodlag ná buint-
mhóna ag an tSíneach bocht, agus tá a rian ar
indiu!
Seadh. Ní raibh éinneach ag cur chúgham ná
tharm, acht mo smuainte féin ag tabhairt mo
dhóthain le déanamh dam, agus mé ag feuchaint
suas an tsráid, nuair chonnarc chúgham anuas
ceann de cathaoireacha d'á ngoirthear "'Ricseá."
Is anamh do chidhfeá capall annsan tSín, agus
is fir do tharraingeann na gleusa so. An
t-asal daona bhí fá an gceann so. Bhí aghaidh air
mar a bheidheadh leite. Ní fheacaidhis oidhre ar
mhonchaidhe buidhe acht é, acht gan an t-earball
do bheith ar. Bhí sé ag rith ar nós capall ráis.
Ní fheacadh aon tSíneach riamh go raibh an oiread-
san deithnis air, acht fear do bhí ag dul fá
dhéin bídh. D'fhanas tamall ag feuchaint air, agus
ní mó iongnadh chuir sé orm ioná an t-iongnadh
do chuireas-sa air. Bhí sé ag feuchaint orm,
agus im' infhiuchadh, go dtí gur bhuail sé a órdóg
i gcoinnibh cloiche — bhí sé cos-lomnnochta, agus
gur imthigh sé ar bhior a chinn seacht slat i ndiaigh
a chaingcín ar lár. Níor mhór liom dó. Do
chuaidh an 'ricseá i n-a dhiaigh le fánaigh, agus
d'fhan i n-áirde air i n-a chuaille, agus i n-uachtar
gach neithe d'fhan ualách na cathaoireach. Cailín
óg do bhí ann, agus do síneadh amach í chómh sámh
le muimí. 'Nuair chonnarc féin gur bean do
bhí ann, do ritheas fá na déin — droch-thathuighe
d'fhoghlamaigheas i n-Éirinn — do rugas gréim
uirthi, agus d'fhiafhruigheas di an raibh sí gor-
tuighthe. D'fhan sí tamall ag feuchaint timcheall
uirri, mar bheidheadh duine thuitfeadh ó'n spéir,
agus ná feacaidh an talamh so riamh roimhe sin.
'Nuair a bhí lán a súl de feichithe aici, d'fhreagair
sí, "Ní'lim puin, go raibh maith agat," ar sise,
acht gur baineadh geit beag asam, acht táim go
ceart anois."
An fhaid bhí sí ag caint d'airigheas griofadach
an ghrádha ag crith timcheall mo chroidhe, nó mo
sgéithín, nó áit éigin istigh ionam, agus do bhí
fhios agam go raibh an aicíd ag teacht pé uair
do léigheasfaidh í. Bean an-dheas dob'eadh í.
Bhí aghaidh uirri chómh bog, chómh buidhe, chómh
sleamhain le hím, agus a dá súil ag féachaint
ó n-a chéile, agus ceann aca. mar a dearfá, soir-
's-badh-dheas, agus an ceann eile siar-'s-badh-
thuaidh. Bhí feuchaint marbhthach aici, óir d'fheuch
sí tríot as dá áird, 'sa' tslighe, pé cumadh
d'fheuchfa uirri go mbéidheadh an leath-chumaigh
aici ort. Pé sgeul é, bhí fios agam (toisg sean-
thathuighe) go raibh an caomh-ghalar orm, agus do
leigeas dom féin tuitim le taoide. Do chuireas
fá n-a cead leigint dom í thiúnlac abhaile, agus
do thug sí mar sochar dom é.
Do bhailigh an giolla é féin i dtreo a chéile —
agus ní "giolla" do mheasas thabhairt air acht
"giobal"" — agus do ghluaiseamar orainn, sinn
araon annsan "'ricsea," agus eisean mar each-
ratha againn. Do thug sé chum mo chuimhne sgeul
do chloisinn 'nuair bhidheas óg. Do bhí mór chuid
capall ag tarraing ciseán móna, agus bhí bean,
agus a leanbh mic ar a druim, ag siúbhal i
n-aoinfheacht leo. Nuair badh mhall leis an
gearra-gharsún so bhí a mháthair ag cur an
bóthar, déireadh sé léi, d'á spreagadh chum
siúbhail, — "Hurrá! a mháthair, cuingnimh suas
leis na capaillibh!"
Ní gádh dham innsint díbh ná rabhas diomhaoin
nuair bhí an caoth agam. Bhíos ag déanamh
grádha chomh mear agus do thánag air, ag innsint
sgeul, agus ag cáthadh filidheachta ar raide na
ngrás —
Acht má cheapasa eachtra breágh di
(le gean is le grádh dar ndóigh!),
Ná bac-sa cad tá ráidhte,
Acht lean go sámh do ghnó!
(Ní Críoch.)
*Pekin.
Má tá easbuidh leabhar Gaedhilge ort
Cuir iarraidh orra go
Pádruig O Briain, Clódhadóir an Pháipéir so,
agus gheabhair luach d'airgid.
"AN T-EURÓPACH,"
Páipeur iltheangadh, foilsighthear sé uaire
'san mbiadhain le
Pádruig O Briain, 46 Sráid Chuffe,
Baile-átha-cliath,
do na sealbhthóiridhibh.
Díolaidheacht bliadhnamhuil, 1s. 6p., saor tré'n
phost.
Cuirthear gach sgeula ag triall ar an seoladh
so thuas.
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11