Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
ÁthCliath, Ochtmhí, 1899
Title
ÁthCliath, Ochtmhí, 1899
Author(s)
Údair éagsúla,
Composition Date
1899
Publisher
Patrick O'Brien
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
AN T-EURÓPACH. IRISLEABHAR IL-THEANGADH NA HEURÓPA. Leabhar 1. Vol 1. Uibhir 2. No. 2. ÁTHCLIATH, OCHTMHÍ, 1899. DUBLIN, OCTOBER, 1899. DÁ PHINGHIN. 20 CENTIMES. REUMH-FHOCAL. Támaoid arís i gclódh. Bhíomar ag leigint ár sgíthe ó shoin, acht mar sin féin ní rabhamar in ár gcodladh; bhíomar ag cur faobhair ar ár dtuaghannaibh chum tosuighthe ar an obair arís. Caithfimíd ár mbuidheachas do thabhairt d'ár gcáirdibh go léir do shín amach lámh cabhruighthe chugainn an fhaid do bhíomar lag, agus go sonn- radhach do'n "Chlaidheamh Soluis," "d'Fháinne an lae," do'n Irish World, do'n Pall Mall Gazette, do'n Educational Review, do'n Daily Express, do'n Irish Homestead, agus d'ár léaghthóiribh ar fud an domhain. AN FEAR-EAGAIR. NÓTAIDHE CHOLÁISTE. Is trom an bhliadhain í seo do mhórán. Tá coga ag bagairt gach lá, agus is dócha nach maith thiocfaidh a dheireadh. Atá bóthar iarainn le déanamh fá uisge ó'n dtír so go Sasana, agus ní fheadramar cionnus do thiocfaidh a dheireadh súd leis. Tá bóthar uisge d'á ghearradh treasna an sgórnach ar a ngoirthear Panama — rud budh ghádh; agus tá mórán eile ar siubhal ar nach bhféidir trácht anois; acht cia labhradh ar neithibh beaga mar iad so nuair atá iongnaidhe níos mó ag tuitim amach 'san gColáisde so. Do glanadh na fuinneóga! Tá a fhios againn nach gcreidfidh mórán an sgeul so, acht is fíor é mar sin féin; agus fós (acht ná tagadh sé ró-throm oraibh) atáid dathuighthe go dealrach gléagal. A righ na máigh! cad chuige bhfuil an saoghal ag teacht! Do chorruigh an "Clár" é féin. Cuireadh anam anns na cnámhaibh tíorma, agus atá "solus ag an droing do shuigh i ndorchadas." Dá dtiocfadh duine bhí 'n-a chomhnuidhe leath- amuigh isteach annso, agus gur bh'é an chéad uair
agus é, chidhfeadh sé mórán do chuirfeadh iongna air. Tá gach uile nidh ársa ann, agus geall le diadha. Chidhfeadh sé an peann le ar sgríbh Séicspeur, an tuagh do bhain a cheann de'n Chéad Charles; agus fós an glórán ceóil do thógadh as Armáda na Spáineach, acht ní fada do rach- faidís sin i n-aois i gcomhnáird leis an nidh ar a bhfuilim chum tráchta — 'sé sin an cháis do chidh- tear ar an mbórd. Taobh leis so nílid acht chomh aosda le athrughadh indé. Go deimhin is glas é a chuimhne i n-ár n-anmnaibh. Is mór an meas agus an uraim bhidheann againn do. Saoil- imid gur ceart do bheith ag gearán agus ag caoi nuair cuirtear an sgian ann. D'innseadh sgeulta iongantacha dhúinn ar an cháis seo, acht le huraim d'á aois ní maith linn iad d'aithris. Má's fior a ndeirthear go dteidheann anm an duine i gcorp eile tar éis a chorp féin d'fhágaint do, ca fios dúinn nach bhfuil anmna ár sean- sinsear anns an gcáis úd. Is deacair do dhuine bheith ar a aire! COMHRÁDH AR AN TOBAC. Leis an bhFile. Níl nídh ag fás go bhfuil an oiread measa air agus atá ar an tobac. Tá an domhan go léir ar aon aigne ag cur neulla gorma suas anns an aer. Creach ar aon túis bhíodh d'á losgadh fad ó. Níor bh'aon sólás é; ní fada rachfaidh sé i gcomhnáird leis an brológ bin, brioghmhar, blasta, bláthmhar cuireadh ar an dtalamh mar bronntanas ar na daoinibh. Muna mbeidheadh é chaithfimís "an chír de smuaintibh searbha do chogaint," mar adeir Séicspeur. Ní chuimhin liom an ar tobac bhí sé ag labhairt, acht b'fhéidir nach dóightidhe rud eile, agus muna b'eadh ní dhéan- faidh sé aon difir. Is minic do smuaineas cionnus fuair an chéad fear amach brigh an tobac, agus go mbeárr é do dhógh agus an datach do tharraing thríd a bheul ioná é ithe. Ná labharfadh aon duine níos mó ar Núton, an fear do mhínigh an fáth go dtuit- eann an t-ubhal anuas seachas é thuitim suas! Ná tráchtach aon duine ar Amhlaoibh Dáibhí, cheap an lampa ná pleusgfadh. Is beag an obair dheineadar seachas ar fear d'ól an chéad píopa tobac. An ndéanfaidh "na soillse X" an oiread sóláis do thabhairt do dhaoinibh go bráth? Ní abraim go ndeunfaid! Stadamaois go fóil, agus tugamaois cum ár gcuimhne an gaisge, an chalmacht, an uaisleacht agus an inntleacht bhain leis an bhfear do chaith, an chéad phíopa tobac. Cuimhnigh ar an fear bocht in a aonar — óir gan amhras bhí gach dhuine d'á dhibirt — ag suidhe síos i gcoill uaigneach tar éis an chéad phíopa do cheapa, agus ag sgaoile an datach anáirde! Cuirtear suas iomhaighe do daoineadh oir- dhearca, agus leis sin saoilim-se gur fiú iomhaigh óir no "miarsam" an fear so. Bidheann leath- eagla orm roimh duine nach caitheann tobac. Ní ghlacann sé chuige go buidheach, beannachtach nidhthe sochamhail an Chruitheora. Aigne dubh, duairc, gruama, amhrasach atá aige. Ní fhéadaim suighe suaimhneasach agus é am' aice. "Is ualach ar roithibh na haimsire é." Bidheann an radharc thugann sé orm am' spreagadh. B'fheárr liom bheith ar a chuideachtain. Budh ghalánta an fear Ráili; is é thug na phataidhe go hÉirin. Tá croidhe geal agam riamh do'n fhear sin. B'é an fear do b'fheárr bhí ar Chúirt Bainrioghna Bet é — duine uasal ameasg na Seóiníneach; gidh gur bh'olc d'iom- puigheadar air fá dheiseadh. A dhroing an tobac cuimhnighidh air le grádh, agus tarraingidh bhur ngal in a ainm. (Ní críoch.) SOCHAID NA SAOI. (Leis "An Síodhbhra.") Bhí ceathrar againn in ár suidhe timcheall mo thine-se i gColáisde na Tríonóide — me féin agus Seághan Mac Gabha ar an dtaobh abhus, agus Ulliam Caobach agus an file ar an dtaobh thall. Bhíodhmar uile ag dathuigheall (eadhon, ag caitheamh thobac), agus smúit agus ceo an tobac ag éirighe suas ar nós datuighe Shodom agus Ghomorra. Bhí Mac Ui Ghabha ag léigheadh agus an file ag smuaineadh. Droch-chomhartha linn an file bheith ag smuaineamh — ciunas roimh thóirnigh; nuair dhúiseann sé seachain do chluais nó bodharfaidh sé thú! Bhí a bhróg aige dhá shádhadh 'san teine, agus
níor airigh sé é; bhí sé anns na spéirthibh uachtarach. Do phriuc an Caobach mise, agus adubhairt i gcogar, "Ní fuláir go gcosanann filidheacht mór-chuid leathair! A bhseacaidhis oidhre riamh ar an Sphinx acht é?" "Foighne ar leacht, ag sméideadh ar bhuaidh- readh," arsa mise. "Do rugadh an file i raé mhilis an óir, Fá speurthaibh órdha breágh; A spré b'eadh fuath an fhuaith agus fonómhad an fhonómhaid, Agus grádh an ghrádha!" arsa an Caobach. "An bhfuil fhios aguibh," arsa Mac Ui Ghabha, "cad ar a bhfuilim ag smuaineamh anois?" "Do chuiris ceisd oruinn!" ars an Caobach. "B'fhéidir go rabhais ag cuimhneamh dá mbeidheadh Oedipus annso go bhfuighfidhe gnó de" (ag bagairt a chínn ar an bhfile). "Níor fhág asal Bhalaáim oidhre acht tu!" adubhairt Mac Ui Ghabha. "Mínigh," arsa mise. "Óir is anamh labhrann an Caobach" ar seisean, "acht nuair labhrann sé bidheann sé fáidheamhuil. Acht tá deifir — ní thabharfadh ain- geal féin ciall do'n Caobach, agus ní bhainfeadh sé an fhírinne as!" Do shear an Caobach é féin, agus do dhein mian-fhaoidheadh. "B'éachtach an fear an Gabán Saor!" ar seisean. "Cad é an bhrigh tá agat leis sin do rádh?" arsa mise. "Nach é an Gubán adubhairt "gur searbh iad trócaireacha séimh na ndroch-dhaoineadh"?" ar seisean. "Acht do smuainte, a Mhic Ui Gabha? arsa mise. "B'fhéidir go rabhais ag cuimhneamh gur comharthaidhe seaca cosa an fhile bheith 'san teine," Do phreab an file 'n-a shuidhe. "Greidhm ort- sa a Shéicspeur!" ar seisean, "ní hé an chéad dioghbháil deunta agat orm é!" "Ó! an ar sin do bhidhis ag smuaineamh?" do cheisdigh Mac Ui Ghabha, "nó cad do dhein an fear-san ort?" "Bhíos ag smuaineamh," ars an file, ag dúnadh a shúile, agus d'á leagaint féin siar ar a chathaoir, "mar a dubhairt sé nach sámh do luigheann an choróin go mbidheann ceann air — nó an ceann a bhíos ar an gcoróin — ní cuimhin liom ciaca. Pé sgeul é, aon bhrigh amháin atá le ceachtar díobh, mar mheasaim-se. Budh thuigsionach an fear é! So mar adeir sé:- "Luig síos, a ghann, go soghach, Ní síothach an ceann ar c'róin." Sin, "muna bhfuil airgead agat, féin, ná bíodh ceisd ort — cuinighthear an t-airgead ar siubhal, agus tiocfaidh do chuid de chugat i ndiaigh chéile"; agus gidh gur fada le fear feithimh é, is dóith- chuiseach an seanmhóireacht é sin! Budh mhór an file é!" "Ó!" ars an Caobach, "ní hé sin do mheasas duit a rádh acht gur dóithteánach an file é; agus is dóithte an file thu féin ar an nóimiot so! Do shaoileas gur ar Bhurns do bheidheadh do smaointe." "Budh cheart connradh nó comhaltas, nó com- pánacht éigin do dhéanamh chum an Caobach do chur síos, nó é theachtadh!" ars an file. "Intinn-léightheoir iseadh thu, a fhile," arsa Mac Ui Ghabha; sidé díreach go rabhas ag cuimh- neamh air — connradh do dhéanamh, máiseadh ní chum an Caobach do chur síos — gidh gur mhaith le deunamh é sin féin — acht cómhaltus staruidheachta, conn- radh Léighin, go inneosfadh gach n-aon gach ar ghabh sé féin tríd, agus gach ar imthigh air i rith a shaoghail. Abair 's gur sin-ne locht an connradh; ó's fear me féin do shiubhlaigh mórán 'sa domhan tsoir, do neosfainn sgeulta ar na hionganta do bhuail liom, na conntabhairtidhe trí n-ar ghabhas agus mar sin dóibh. Do neosfadh an Caobach gach ar imthigh ar féin, agus ní'l amhras agam ná gur mór an chuid é, idir fírinne agus breug. Déarfaidh an Síothbhra sgeul as leabhar, nó dán as a cheann féin; agus déarfaidh an file abhrán anois agus arís dúinn, i d'fhon gan ár ngnó bheith tur again; nó dá n-aistsreochadh sé dánta Sacs-bheurla go Gaedhilg, cuid d'ár sgríobh a shean-chara Séicspéar, nó cuid éigin aca. Cuirim mo smuaineamh fá nbhur gcead agus fá nbhúr gcómhairle. Cad déarfaidh sibh leis?" "Budh mhaith mar gnó é," ars an Caobach. (Ní críoch)
SEOINÍNEACHT. Gidh nách irisleabhar na healadhna leigheasaighe an páipeur seo, tá sé d'fhiachaibh orainn a chur i n-iúl d'ár léaghthóiribh gach rud nuadh dá bhfagh- thar amach ag na dochtúiribh. Ní "thesis" a leanas annso acht fuagradh geárr ar ghalar gháibhtheach do frith amach tá sgathadh beag ó shoin ann. Ní luaithe thagas aicíd nuadh ioná déanann na dochtúiridhe a ndithchioll le n-a leigheas fhághail. Bhí an "influensa," nó an "grippe" againn, agus dar ndóigh rinne sí díoghbháil mhór, acht fá dheireadh fuaramar a híocshláinte. Anois tá pláigh eile i n-ár measg ag marbhadh na mílte, agus ag fuadach léithe daoineadh bhreágh ghean- amhuil gach uile lá 'san mbliadhain a gan fhios dóibh, mar adeir fuagradh "Máthar Seigel." Aire dhaoibh! aire dhaoibh! a cháirde! tá sí 'n bhur measg, cogairidh a leith, 'sé is ainm di "Seoinín- eacht." Tamall beag ó shoin do sgannruigh an Dochtúir Tódmacher domhain na saoitheadh tré n-a pháipeur eolach, "Englischitischenkrankheits- zeichenlehre," eadhon, comharthaidhe na haicíde d'a ngoirthear "Seoiníneacht." Seadh, adeir sé ann- san bpáipeur sin — "Is tearc, éadtrom na comh- arthaidhe corpordha — eadhon, muineul doghluaiste, feuchaint amuideach ar an dúdán, cineul pairi- líse ar an sgórnach, a bheireas ar an chiothramach labhairt i módh míonádúrtha, agus glasdaille iomlán. Tá na comharthaidhe inchinnidhe i bhfad níos truime; bíonn smuainte aisteacha gan fáith aige; caitheann sé culaidheacha bacóideacha eudaigh, coiléir d'áirde inchreidte, agus pláta cruinn de ghlaine i n-a leath-shúil, acht is é príomh- smuaineadh a bheatha a chuid eudaigh. Tagann taomanna go minic air, agus bíonn sé ag glaodhach agus ag glamaoil focal éigciallta, mar shompla, "gád saobh do caoin." Dubhairt an Dochtúir Mahaffsky, atá i n-a árd-ollamh ins gach ealadhan i Nisninobhgorod, go bhfuil ciall éigin leis na focalaibh seo, dar leis an gcioth- ramach, acht is doichreidte sin. Deir an Dochtúir Tódmacher freisin gur mór an bhrigh atá annsan sgríbhin seo leanas:- R. Decoctum verborum Gadelicorum 4 uncias. Extractum Historiae Hibernicae 4 unicias. Tinctura Patriae Amoris ad XII unicias. Ft, mist. Cap. coch. mag. ter in die. Deir sé gur cóir an ciothramach do chongbháil i gcómhnuidhe i n-áit 'n-a gclosfaidhe píobair- eacht, agus gur cheart dó ceoiltighe nó buidheanna tae óil do sheachnadh, agus gach áit eile in a mbeidheadh baoghal méaduighthe a aicíde. Mar is aicíd na hinchinne í níor cheart a mheanma a ghríosadh le léigheadh a leithéid seo d'áirtiogail, "An Chaoi a Bhuaidheamar ar Chnoc Mhajuba," nó "Sinn féin Anaghaidh na Cruinne." Má tá an comhartha contabhairteach úd "búrophóbia" aige déanfaidh an sgríbhin seo maith dhó. Vini Historiae (Vint. 17) ad lib. Victoriarum Boerorum, ad nauseam. Chuir an dochtúir Franncach, Dr. Carabin de Meurtrier tuilleadh i n-iúl dúinn tré n-a áir- tiogal annsan Journal des Scie-ences. Thug sé air mar ainm, "Aspects bactériologiques du Gagaitis." D'éirigh leis an dochtúir cludhamhuil seo i rith a stiúdéarachta ar cheithre chásannaibh a bhí fá n-a chúram 'san Osbuidéal "de l'Abat- toir," an bachaillín a rinne an dioghbháil d'fhághail agus a idirdhealughadh. Is amhlaidh sgríobhann sé, "Is ádhbhul-mhór, fada an bachaillín é, agus tá se roinnte go mór. Tá dath duibhghealbh nó donn air, agus tá ceann cam air cosmhuil le cumán. Ní bhfuil mórán deifir idir a chruth-san
agus cruth bachaillín na cnaoi." Ní chuirfimíd buaidhreadh ar ár léaghthóiribh leis na hanman- naibh ealadhanaidhe agus módh oilte an bhachaillín, acht budh cheart dóibh módh a leighis d'infhiuchadh go ró-gheur. Ní bhfuil an prognosis socruighthe go fóil, agus tá connartha ar n-a gcur ar bun le n-a cosg, go háirighthe CONNRADH NA GAEDHILGE, a bheurfas gach druga dá ndubh- ramar shuas do'n uile dhuine tinn i n-aisge. Má thagann a thuilleadh nuaidheachta 'n-a taoibh déanfamaid a innsint d'ár léaghthóiribh gan mhoill.
Dealbh chiothramaigh déanta leis an Dr. Tódmacher. (Tá an bachaillín ann a láimh dheis.) AN FEAR-EAGAIR. FOCLOIR. — Ciothramach = duine tinn; bachaillín = bacil- lus; dúdan = cab nó beul aimideach (focal greannmhar).
OISÍN I gColáisde na Triónóide 'san bhliadhain 1899. (Tuilleadh.) Sgur. Do sheas Oirín tláth tamall, Fá dhubh sgamal a mheoin, Mar thagann ar sioc fearthainn, A chroidhe 'leachadh leis an gceol. Oisin: "Go mbeannuighe dhuit na déithe síor, A fhir is fíor, cidh óg, Is mise, gidh lag, Oisín, Is minic bhí ar cheann slógh! "Cé thusa, a fhir ghroidhe; An rabhais linn i gCath Finn Trágha? An neach tú de mhacaibh Fhinn, Budh bheag bínn ar a namhaid?" Sgur. Do thug an óglách feuchaint thairis, Do shaoil gur fear beag-chéil Do labhair baoth ar na mairbh Do dhein gaisge 'san tsean-shaoghal. Fear Óg: "A Oisín aosda, má's i ndán Gur tu an dámh a deirir Do bhí ann le Lín Phádruig, Is mór-chás liom do mhí-creideamh! "Do shaoileas féin gur chuadhais chum suain, Nuair dheinis luaidh ar na dtreoin, Sul tháinig na croidhthe fuara Do thug buadhirt orainn 's brón. "Cread thug tu go Dubh-lín, Go fann-chroidheach as do fhad-chodladh? Is é seo Coláisde na Tríonóide, Is iomadh oide ann 's ollamh." Oisín: "Má's iomdha oide agus ollamh Sa 'n áit seo, a fhir óig, Is iongantach ná tuigid focal De chaint borb na mór-slógh!" Fear Óg: "Cé theangaidh leat, a fhir ársa, Nuair do tháinís ód' chéin-shiubhal?" Oisín: "Draoi, fathach, agus fear fánach, Níor thuig neach aca fáth mo rún! Do labhras leo sa' Ghaodhal-theangain, Budh mhór-barbartha leo mo ghlór." Fear Óg: "Uch! Cad fáth nár labhrais Laidion; Do dheinis dearmad a Sheanóir! "Is leamh le hoide an nidh tuigthe ar; An nidh misgiseach is mór-luach. Críoch agus fáth gach ceárd an phinghin, Imeasg fuireann na leabhar-sluagh!" Oisín: "Uch! mo chumhadh!" do raidh Oisín, "Sin mar bhiodh sa' tsean-saoghal, Meabhal 's ainbhfios na ndraoi, Droich-mheas do'n nidh nach tuigid féin. "Bhiodh amadáin i gCaisiol-Mhumhan, Agus mór-chuid abhus i gCruachán, Do chaill fáth dlighe na mbreitheamh Le breis creideamh i n-iomráidh. "Breis spéis i nglór marbh, Agus a ndual-teanga fá neimhchionn, Sin ceárd baoth na n-aimid, Nós bradach is beag orm.
"Nós eile is gnáthach Ag lucht ceárd an léighin, Beag-spéis ar an laoigh Nach teagmhaigheann ag a mbuin féin. "Labhairt borb gan tuigsint, Nidh is furas do chách, Caint mhór ar bheag-neithibh, Sin cluiche na ndámh. "Árd-ghlór agus cam-chomhairle, B'in eolas lucht léighin; Neart lámh agus glan-chomhraic, B'in gnó thuit do'n bhFéin. "'S mar bhí sé sa' tSean-reacht, Saoilim 'san am so bheith — An fear diomhaoin ag déanamh magaidh Fé'n bhfear is buan-troid." Fear Og: "Is fíor duit, a sheanóir, Is sár-eolgach do bhreith; Iomanaidhe ar an gclaidhe go deo, Fear gníomh mór d'á rithfeadh leis." (Ní Críoch.)
AISTRIUGHADH Le KOROSHIMA SAMA. Annsan aimsir i n-allóid bhí sean-duine ann, agus chuir na daoine "Cícíbéi buidheach" mar leas-ainm air, óir ba chuma ceurd d'éireochadh dhó 'seadh dheurfadh sé i gcomhnuidhe, "Atá me buidheach," "Atá me buidheach." Mar shompla, dá dtiucfadh duine chuige annsan tsamhradh, agus dá ndeurfadh sé leis, "Maiseadh, nach iongan- tach an teas atá ann?" Seadh d'fhreagrochadh "Cícíbéi, "I n-aimsir an tsamhraidh budh chóir dúinn a bheith buidheach ar son an teasa, agus i n-aimsir an gheimhridh ar son na fuachta." Is mar sin do labhrochadh "Cícíbéi." Aon lá amháin bhí duine eile ag caint leis fá n-a bhocht- aineacht, agus adubhairt sé, "Is truagh liom do chás, a dhuine bhoicht! (óir bhí Cícíbéi ró-bhocht.) Tá tú go dona," agus ar Cícíbéi, "Ó ní'lim; ní'l bean ná muirighin agam, agus ní chaithim biadh daor; b'fhéidir gur ar an ádhbhar sin atá saoghal fada agam, agus tá mé buidheach ar a shon sin." Lá eile chuaidh Cícíbéi go teach comh- arsan, agus an uair do bhí sé ag dul isteach ar an dorus bhuail sé a cheann ar an ursain, agus ghortuigh sé é féin go mór, gidheadh níor dhubhairt sé acht "Tá mé buidheach," "Tá me buidheach." Dubhairt fear a bhí ag eisteacht leis, "A Chící- béi, bidheann tú buidheach ar son gach ruda, acht cia'n chúis buidheachais do bhí i mbualadh do chínn ar an ursain? Ní dheárna tú acht pian do chur ann." "Seadh," ar Cícíbéi, "is de'n phian atá me buidheach, mar dá mbrisfidhe mo chlaigeann 'san am sin ní mhothóchainn pian ar bith, óir do bheidhinn-se marbh. Acht innsigheann an pian dam go bhfuil mé beo fós, agus sin é an fáth go bhfuil mé buidheach." (Ní críoch) ALTUGHADH ANNSAN GCOLÁISDE. I. Ar son an bhóird, na feola 's gach a dtéidheann leó; Ar son an bheóir nach leónfaidh aigne éinneach; Ar son an spóla dreoighte i bhfad tar téarnamh, A Riarathóir gach sócain glac ár mbuidheachas! II. Ar lucht friothólaimh, modhmhrach, salach-meurach; Ar son a ngnó, mo bhrón, is anamh deunta; Má thagann leó 'nár dtreó-na teacht ar aonchor A Riarathóir gach sócain glac ár mbuidheachas! III. Ní ainmneochad an scór, óir measaim saor é; Budh luach leath-ch'róin an próinn de airgead éinneach, De thogha mairt-fheoil deagh-rósda, lachain 's géadhna, A Riarathóir gach sócain glac ár mbuidheachas! IV. Ar son an Próbhost glórmhar, danaid, aosda; Ar son gach Sóchuis eolmhar, aibigh, léighéanta; Ar son ár dTreorach, gnóthach in ár dtaobh-na, A Riarthóir gach sócain glac ar mbuaideachas! V. (Dála 'n Deamhan-óg 's an c'róin do bhain indé dhíom Dtaobh déanamh ceoil, is spóirt, 's seinim Gaodhalach, Í Sráid na h-Óighe, 's comhaireamh adharca 'n rae ghlain,) A Riarathóir ní cóir go mbeurfainn buidheachas! VI. Má théidhim ó bhórd na n-óg go dream na gcéimeann (Dtaobh freagarthóir, ní dóigh do mbacfad féin leis, 'S na leabhraibh nuadh, ní mór go sladfaidh Gray me), A Riarathóir gach sócain glac ár mbuidheachas! VII. 'Dtaobh creidhimh ceoil le fórsa 'san tSéipéal so An leightheóir-Domhnal óinseamhuil, fada-breith- reach
Níor chuadhas 'n-a dtreó, 's dar ndóigh do chaileas real leis), A Riarathóir gach sócain glac ár mbuicheachas! VIII. Acht leigim leó ar chóip do cheap mo léir chreach, Mo phreabedóir do león 's do chuir gan chéil me. Tá lucht an bhóird mí-thróicreach, an-aosda, Tá 'n breíth 'n-a gcomhair — 's má's glóire glac ár mbuaidheachas! IX. Acht ní Carlós, Rí Seóirse, Bet, ná Séamus Do thug dúinn spóla, feóil, ná geir na gcaorach, Acht neart comórtais, óir is teist ár ngaodh- alta; Dúinn féin, 's dóibh, 's do'n óg-mhac bheirim buidheachas! NÓTA. Dubhramar annsan chéad uibhir de'n "Európach" go gceapfamaois altughadh do'n Choláisde dá nglacfaidís uainn é. Seadh! Do mheasamhar an uair sin ceann do ghoid ar sean Saltar éigin, agus leigint orainn gur sinn-féin do cheap é; acht an fhaid do bhíomar ag cuardach sean-leabhar anns an leabhar-lán do fuarmar é seo ó'n bpost. "Diabhal an chlodhadóra" is doigh linn do cheap é, agus "má tá breug ann bidheadh. Do fuaramar litir in aoinfheacht leis; agus dubhairt an té do sgríbh an litir gur léigh sé i n-úghdar dárab ainm Uan (Lamb: Essays of Elia) nach raibh i n-aon altughadh le biadh acht nós bárbartha, agus go ndubhairt an Naomh Pól gur bárbaracht bheith ag déanamh urnaighthe i dtean- gaidh ná tuigeann an pobal; agus gur b'é sin fáth go ndéintear an altughadh 'san gColáisde i Laidin, óir ná tuigeann furmhór atá ann é. Bhí an méid seo mínighthe leis ann:- Rann 1. Beóir = uisge buidhe; ní fheadar cad é an sórd salachar a cuirtear ann. Rann 4. ár dtreorach = our tutors; gnóthach = díomhaoin. Rann 5. Deamhan Og = Junior Dean; saghas giuistís neamh- thrócaireach; Sráid na h-Oighe = Dame street. Rann 6. Bórd na n-óg, Freshmen's table; dream na gCéimeann = graduates; freagarthóir, respondent; Gray, Tomás Mac Tomáis, fear go bhfuil claidheamh soluis aige ag cosaint gach onóir — piast na herperidos ag congbháil na n-ubhall. Rann 7. Léightheóir-Domhnail = Donnellan Lecturer, pláigh bliadhantamhail i dtaoibh ár bpeacaidh; raol — cuirtear raol (sé pinghine) "fíneáil" ar gach n-aon ná téidheann go Séipéal Domhnaigh (cuid de dhlighthibh Bainríoghain Bet, is dócha). Rann 8. Preabadóir, skip = sórd robálaidhe, nó ropaire leigeann air bheith ag obair ad' seómaraidhibh an uair bhíonn sé ad' chreachadh. Rann 9. Carlós, agus c. — atá ainmneacha chuid de bhuidheann Ríoghdha Shasana annsan altughadh laidne — gurab maith an mhaise dhóibh é! AN FEAR-EAGAIR ATÁ TOGHA AGUS ROGHA Gach ÓL is feárr le fághail i mBaile-athá-Cliath ó MÍCHEAL UA FLANNAGÁIN, I NEAMH NA NEUL. 1 GREAT STRAND STREET. FUAGRADH. Tigh-Ósda LÍONÁIN, i n-aice Cuain na Caoil- sháire. Sléibhte árda, glasa, fraochmhara, Bádóireacht, seoltóireacht, iasgaireacht, Lámhach coinín, geárrfhiadh, coileach-fhraoigh, agus creabhar. Botháin snámh, agus c. Téidheann an cárr puiblidhe ó dhorus an tigh go Cathair-na-Mart agus go Clochán gach lá. Labharthar Gaedhilge. Goillaidhe agus bain- ghiollaidhe Gaodhalacha. Cosdas saor. R. N. MacEOIN, Fear an Tigh. Labharthar Gaedhilge. Má tá easbaidh Leabhar Gaedhilge ort Cuir iarraidh orra go Pádruig O Briain, Clodhadóir an Pháipéir so, agus gheabhair luach d'airgid. AN T-EURÓPACH.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services