Historical Irish Corpus
1600 - 1926

ÁthCliath, Ochtmhí, 1899

Title
ÁthCliath, Ochtmhí, 1899
Author(s)
Údair éagsúla,
Composition Date
1899
Publisher
Patrick O'Brien

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


AN T-EURÓPACH.



IRISLEABHAR IL-THEANGADH NA HEURÓPA.



Leabhar 1.
Vol 1.



Uibhir 2.
No. 2.



ÁTHCLIATH, OCHTMHÍ, 1899.
DUBLIN, OCTOBER, 1899.



DÁ PHINGHIN.
20 CENTIMES.



REUMH-FHOCAL.



Támaoid arís i gclódh. Bhíomar ag leigint
ár sgíthe ó shoin, acht mar sin féin ní rabhamar
in ár gcodladh; bhíomar ag cur faobhair ar ár
dtuaghannaibh chum tosuighthe ar an obair arís.
Caithfimíd ár mbuidheachas do thabhairt d'ár
gcáirdibh go léir do shín amach lámh cabhruighthe
chugainn an fhaid do bhíomar lag, agus go sonn-
radhach do'n "Chlaidheamh Soluis," "d'Fháinne an
lae," do'n Irish World, do'n Pall Mall Gazette,
do'n Educational Review, do'n Daily Express,
do'n Irish Homestead, agus d'ár léaghthóiribh ar
fud an domhain.



AN FEAR-EAGAIR.



NÓTAIDHE CHOLÁISTE.



Is trom an bhliadhain í seo do mhórán. Tá
coga ag bagairt gach lá, agus is dócha nach maith
thiocfaidh a dheireadh. Atá bóthar iarainn le
déanamh fá uisge ó'n dtír so go Sasana, agus ní
fheadramar cionnus do thiocfaidh a dheireadh súd
leis. Tá bóthar uisge d'á ghearradh treasna
an sgórnach ar a ngoirthear Panama — rud budh
ghádh; agus tá mórán eile ar siubhal ar nach
bhféidir trácht anois; acht cia labhradh ar
neithibh beaga mar iad so nuair atá iongnaidhe
níos mó ag tuitim amach 'san gColáisde so.
Do glanadh na fuinneóga! Tá a fhios againn
nach gcreidfidh mórán an sgeul so, acht is fíor
é mar sin féin; agus fós (acht ná tagadh sé
ró-throm oraibh) atáid dathuighthe go dealrach
gléagal. A righ na máigh! cad chuige bhfuil
an saoghal ag teacht! Do chorruigh an "Clár"
é féin. Cuireadh anam anns na cnámhaibh tíorma,
agus atá "solus ag an droing do shuigh i
ndorchadas."



Dá dtiocfadh duine bhí 'n-a chomhnuidhe leath-
amuigh isteach annso, agus gur bh'é an chéad uair


L. 10


agus é, chidhfeadh sé mórán do chuirfeadh iongna air.
Tá gach uile nidh ársa ann, agus geall le
diadha. Chidhfeadh sé an peann le ar sgríbh
Séicspeur, an tuagh do bhain a cheann de'n Chéad
Charles; agus fós an glórán ceóil do thógadh as
Armáda na Spáineach, acht ní fada do rach-
faidís sin i n-aois i gcomhnáird leis an nidh ar
a bhfuilim chum tráchta — 'sé sin an cháis do chidh-
tear ar an mbórd. Taobh leis so nílid acht
chomh aosda le athrughadh indé. Go deimhin is
glas é a chuimhne i n-ár n-anmnaibh. Is mór an
meas agus an uraim bhidheann againn do. Saoil-
imid gur ceart do bheith ag gearán agus ag caoi
nuair cuirtear an sgian ann. D'innseadh
sgeulta iongantacha dhúinn ar an cháis seo, acht
le huraim d'á aois ní maith linn iad d'aithris.
Má's fior a ndeirthear go dteidheann anm an
duine i gcorp eile tar éis a chorp féin d'fhágaint
do, ca fios dúinn nach bhfuil anmna ár sean-
sinsear anns an gcáis úd. Is deacair do dhuine
bheith ar a aire!



COMHRÁDH AR AN TOBAC.



Leis an bhFile.



Níl nídh ag fás go bhfuil an oiread measa air
agus atá ar an tobac. Tá an domhan go léir
ar aon aigne ag cur neulla gorma suas anns
an aer. Creach ar aon túis bhíodh d'á losgadh fad
ó. Níor bh'aon sólás é; ní fada rachfaidh sé i
gcomhnáird leis an brológ bin, brioghmhar,
blasta, bláthmhar cuireadh ar an dtalamh mar
bronntanas ar na daoinibh. Muna mbeidheadh
é chaithfimís "an chír de smuaintibh searbha do
chogaint," mar adeir Séicspeur. Ní chuimhin liom
an ar tobac bhí sé ag labhairt, acht b'fhéidir nach
dóightidhe rud eile, agus muna b'eadh ní dhéan-
faidh sé aon difir.



Is minic do smuaineas cionnus fuair an chéad
fear amach brigh an tobac, agus go mbeárr é
do dhógh agus an datach do tharraing thríd a bheul
ioná é ithe. Ná labharfadh aon duine níos mó
ar Núton, an fear do mhínigh an fáth go dtuit-
eann an t-ubhal anuas seachas é thuitim suas!
Ná tráchtach aon duine ar Amhlaoibh Dáibhí, cheap
an lampa ná pleusgfadh. Is beag an obair
dheineadar seachas ar fear d'ól an chéad píopa
tobac. An ndéanfaidh "na soillse X" an oiread
sóláis do thabhairt do dhaoinibh go bráth? Ní
abraim go ndeunfaid!



Stadamaois go fóil, agus tugamaois cum ár
gcuimhne an gaisge, an chalmacht, an uaisleacht
agus an inntleacht bhain leis an bhfear do chaith,
an chéad phíopa tobac. Cuimhnigh ar an fear bocht
in a aonar — óir gan amhras bhí gach dhuine d'á
dhibirt — ag suidhe síos i gcoill uaigneach tar
éis an chéad phíopa do cheapa, agus ag sgaoile
an datach anáirde!



Cuirtear suas iomhaighe do daoineadh oir-
dhearca, agus leis sin saoilim-se gur fiú iomhaigh
óir no "miarsam" an fear so. Bidheann leath-
eagla orm roimh duine nach caitheann tobac. Ní
ghlacann sé chuige go buidheach, beannachtach nidhthe
sochamhail an Chruitheora. Aigne dubh, duairc,
gruama, amhrasach atá aige. Ní fhéadaim suighe
suaimhneasach agus é am' aice. "Is ualach ar
roithibh na haimsire é." Bidheann an radharc
thugann sé orm am' spreagadh. B'fheárr liom
bheith ar a chuideachtain.



Budh ghalánta an fear Ráili; is é thug na
phataidhe go hÉirin. Tá croidhe geal agam
riamh do'n fhear sin. B'é an fear do b'fheárr bhí
ar Chúirt Bainrioghna Bet é — duine uasal
ameasg na Seóiníneach; gidh gur bh'olc d'iom-
puigheadar air fá dheiseadh. A dhroing an tobac
cuimhnighidh air le grádh, agus tarraingidh bhur
ngal in a ainm.



(Ní críoch.)



SOCHAID NA SAOI.



(Leis "An Síodhbhra.")



Bhí ceathrar againn in ár suidhe timcheall mo
thine-se i gColáisde na Tríonóide — me féin
agus Seághan Mac Gabha ar an dtaobh abhus, agus
Ulliam Caobach agus an file ar an dtaobh thall.
Bhíodhmar uile ag dathuigheall (eadhon, ag caitheamh
thobac), agus smúit agus ceo an tobac ag éirighe
suas ar nós datuighe Shodom agus Ghomorra.
Bhí Mac Ui Ghabha ag léigheadh agus an file ag
smuaineadh. Droch-chomhartha linn an file bheith
ag smuaineamh — ciunas roimh thóirnigh; nuair
dhúiseann sé seachain do chluais nó bodharfaidh sé
thú! Bhí a bhróg aige dhá shádhadh 'san teine, agus


L. 11


níor airigh sé é; bhí sé anns na spéirthibh
uachtarach. Do phriuc an Caobach mise, agus
adubhairt i gcogar, "Ní fuláir go gcosanann
filidheacht mór-chuid leathair! A bhseacaidhis oidhre
riamh ar an Sphinx acht é?"



"Foighne ar leacht, ag sméideadh ar bhuaidh-
readh," arsa mise.



"Do rugadh an file i raé mhilis an óir,
Fá speurthaibh órdha breágh;



A spré b'eadh fuath an fhuaith agus fonómhad
an fhonómhaid,



Agus grádh an ghrádha!"
arsa an Caobach.



"An bhfuil fhios aguibh," arsa Mac Ui Ghabha,
"cad ar a bhfuilim ag smuaineamh anois?"



"Do chuiris ceisd oruinn!" ars an Caobach.
"B'fhéidir go rabhais ag cuimhneamh dá mbeidheadh
Oedipus annso go bhfuighfidhe gnó de" (ag
bagairt a chínn ar an bhfile).



"Níor fhág asal Bhalaáim oidhre acht tu!"
adubhairt Mac Ui Ghabha.



"Mínigh," arsa mise.



"Óir is anamh labhrann an Caobach" ar
seisean, "acht nuair labhrann sé bidheann sé
fáidheamhuil. Acht tá deifir — ní thabharfadh ain-
geal féin ciall do'n Caobach, agus ní bhainfeadh
sé an fhírinne as!"



Do shear an Caobach é féin, agus do dhein
mian-fhaoidheadh. "B'éachtach an fear an Gabán
Saor!" ar seisean.



"Cad é an bhrigh tá agat leis sin do rádh?"
arsa mise.



"Nach é an Gubán adubhairt "gur searbh iad
trócaireacha séimh na ndroch-dhaoineadh"?" ar
seisean.



"Acht do smuainte, a Mhic Ui Gabha? arsa
mise. "B'fhéidir go rabhais ag cuimhneamh gur
comharthaidhe seaca cosa an fhile bheith 'san teine,"



Do phreab an file 'n-a shuidhe. "Greidhm ort-
sa a Shéicspeur!" ar seisean, "ní hé an chéad
dioghbháil deunta agat orm é!"



"Ó! an ar sin do bhidhis ag smuaineamh?" do
cheisdigh Mac Ui Ghabha, "nó cad do dhein an
fear-san ort?"



"Bhíos ag smuaineamh," ars an file, ag dúnadh
a shúile, agus d'á leagaint féin siar ar a
chathaoir, "mar a dubhairt sé nach sámh do luigheann
an choróin go mbidheann ceann air — nó an ceann
a bhíos ar an gcoróin — ní cuimhin liom ciaca.
Pé sgeul é, aon bhrigh amháin atá le ceachtar
díobh, mar mheasaim-se. Budh thuigsionach an fear
é! So mar adeir sé:-



"Luig síos, a ghann, go soghach,
Ní síothach an ceann ar c'róin."



Sin, "muna bhfuil airgead agat, féin, ná bíodh
ceisd ort — cuinighthear an t-airgead ar siubhal,
agus tiocfaidh do chuid de chugat i ndiaigh chéile";
agus gidh gur fada le fear feithimh é, is dóith-
chuiseach an seanmhóireacht é sin! Budh mhór an
file é!"



"Ó!" ars an Caobach, "ní hé sin do mheasas
duit a rádh acht gur dóithteánach an file é; agus
is dóithte an file thu féin ar an nóimiot so! Do
shaoileas gur ar Bhurns do bheidheadh do smaointe."



"Budh cheart connradh nó comhaltas, nó com-
pánacht éigin do dhéanamh chum an Caobach do
chur síos, nó é theachtadh!" ars an file.



"Intinn-léightheoir iseadh thu, a fhile," arsa
Mac Ui Ghabha; sidé díreach go rabhas ag cuimh-
neamh air — connradh do dhéanamh, máiseadh ní chum
an Caobach do chur síos — gidh gur mhaith le deunamh
é sin féin — acht cómhaltus staruidheachta, conn-
radh Léighin, go inneosfadh gach n-aon gach ar
ghabh sé féin tríd, agus gach ar imthigh air i rith a
shaoghail. Abair 's gur sin-ne locht an connradh;
ó's fear me féin do shiubhlaigh mórán 'sa domhan
tsoir, do neosfainn sgeulta ar na hionganta
do bhuail liom, na conntabhairtidhe trí n-ar
ghabhas agus mar sin dóibh. Do neosfadh an
Caobach gach ar imthigh ar féin, agus ní'l amhras
agam ná gur mór an chuid é, idir fírinne agus
breug. Déarfaidh an Síothbhra sgeul as leabhar,
nó dán as a cheann féin; agus déarfaidh an
file abhrán anois agus arís dúinn, i d'fhon gan ár
ngnó bheith tur again; nó dá n-aistsreochadh sé
dánta Sacs-bheurla go Gaedhilg, cuid d'ár
sgríobh a shean-chara Séicspéar, nó cuid éigin
aca. Cuirim mo smuaineamh fá nbhur gcead
agus fá nbhúr gcómhairle. Cad déarfaidh sibh
leis?"



"Budh mhaith mar gnó é," ars an Caobach.



(Ní críoch)


L. 12


SEOINÍNEACHT.



Gidh nách irisleabhar na healadhna leigheasaighe
an páipeur seo, tá sé d'fhiachaibh orainn a chur i
n-iúl d'ár léaghthóiribh gach rud nuadh dá bhfagh-
thar amach ag na dochtúiribh. Ní "thesis" a
leanas annso acht fuagradh geárr ar ghalar
gháibhtheach do frith amach tá sgathadh beag ó shoin
ann. Ní luaithe thagas aicíd nuadh ioná déanann
na dochtúiridhe a ndithchioll le n-a leigheas fhághail.
Bhí an "influensa," nó an "grippe" againn,
agus dar ndóigh rinne sí díoghbháil mhór, acht fá
dheireadh fuaramar a híocshláinte. Anois tá
pláigh eile i n-ár measg ag marbhadh na mílte,
agus ag fuadach léithe daoineadh bhreágh ghean-
amhuil gach uile lá 'san mbliadhain a gan fhios
dóibh, mar adeir fuagradh "Máthar Seigel."
Aire dhaoibh! aire dhaoibh! a cháirde! tá sí 'n bhur
measg, cogairidh a leith, 'sé is ainm di "Seoinín-
eacht." Tamall beag ó shoin do sgannruigh an
Dochtúir Tódmacher domhain na saoitheadh tré
n-a pháipeur eolach, "Englischitischenkrankheits-
zeichenlehre," eadhon, comharthaidhe na haicíde d'a
ngoirthear "Seoiníneacht." Seadh, adeir sé ann-
san bpáipeur sin — "Is tearc, éadtrom na comh-
arthaidhe corpordha — eadhon, muineul doghluaiste,
feuchaint amuideach ar an dúdán, cineul pairi-
líse ar an sgórnach, a bheireas ar an chiothramach
labhairt i módh míonádúrtha, agus glasdaille
iomlán. Tá na comharthaidhe inchinnidhe i bhfad níos
truime; bíonn smuainte aisteacha gan fáith
aige; caitheann sé culaidheacha bacóideacha
eudaigh, coiléir d'áirde inchreidte, agus pláta
cruinn de ghlaine i n-a leath-shúil, acht is é príomh-
smuaineadh a bheatha a chuid eudaigh. Tagann
taomanna go minic air, agus bíonn sé ag
glaodhach agus ag glamaoil focal éigciallta,
mar shompla, "gád saobh do caoin." Dubhairt an
Dochtúir Mahaffsky, atá i n-a árd-ollamh ins
gach ealadhan i Nisninobhgorod, go bhfuil ciall
éigin leis na focalaibh seo, dar leis an gcioth-
ramach, acht is doichreidte sin. Deir an Dochtúir
Tódmacher freisin gur mór an bhrigh atá annsan
sgríbhin seo leanas:-



R. Decoctum verborum Gadelicorum 4 uncias.
Extractum Historiae Hibernicae 4 unicias.
Tinctura Patriae Amoris ad XII unicias.
Ft, mist.



Cap. coch. mag. ter in die.



Deir sé gur cóir an ciothramach do chongbháil
i gcómhnuidhe i n-áit 'n-a gclosfaidhe píobair-
eacht, agus gur cheart dó ceoiltighe nó buidheanna
tae óil do sheachnadh, agus gach áit eile in a
mbeidheadh baoghal méaduighthe a aicíde. Mar is
aicíd na hinchinne í níor cheart a mheanma a
ghríosadh le léigheadh a leithéid seo d'áirtiogail,
"An Chaoi a Bhuaidheamar ar Chnoc Mhajuba,"
nó "Sinn féin Anaghaidh na Cruinne." Má tá an
comhartha contabhairteach úd "búrophóbia" aige
déanfaidh an sgríbhin seo maith dhó.



Vini Historiae (Vint. 17) ad lib.
Victoriarum Boerorum, ad nauseam.



Chuir an dochtúir Franncach, Dr. Carabin de
Meurtrier tuilleadh i n-iúl dúinn tré n-a áir-
tiogal annsan Journal des Scie-ences. Thug sé
air mar ainm, "Aspects bactériologiques du
Gagaitis." D'éirigh leis an dochtúir cludhamhuil
seo i rith a stiúdéarachta ar cheithre chásannaibh
a bhí fá n-a chúram 'san Osbuidéal "de l'Abat-
toir," an bachaillín a rinne an dioghbháil d'fhághail
agus a idirdhealughadh. Is amhlaidh sgríobhann sé,
"Is ádhbhul-mhór, fada an bachaillín é, agus tá
se roinnte go mór. Tá dath duibhghealbh nó
donn air, agus tá ceann cam air cosmhuil le
cumán. Ní bhfuil mórán deifir idir a chruth-san


L. 13


agus cruth bachaillín na cnaoi." Ní chuirfimíd
buaidhreadh ar ár léaghthóiribh leis na hanman-
naibh ealadhanaidhe agus módh oilte an bhachaillín,
acht budh cheart dóibh módh a leighis d'infhiuchadh
go ró-gheur. Ní bhfuil an prognosis socruighthe
go fóil, agus tá connartha ar n-a gcur ar bun
le n-a cosg, go háirighthe CONNRADH NA
GAEDHILGE, a bheurfas gach druga dá ndubh-
ramar shuas do'n uile dhuine tinn i n-aisge.
Má thagann a thuilleadh nuaidheachta 'n-a taoibh
déanfamaid a innsint d'ár léaghthóiribh gan
mhoill.


L. 12


Dealbh chiothramaigh déanta leis an Dr. Tódmacher.
(Tá an bachaillín ann a láimh dheis.)



AN FEAR-EAGAIR.



FOCLOIR. — Ciothramach = duine tinn; bachaillín = bacil-
lus; dúdan = cab nó beul aimideach (focal greannmhar).


L. 13


OISÍN



I gColáisde na Triónóide 'san bhliadhain 1899.



(Tuilleadh.)



Sgur.



Do sheas Oirín tláth tamall,
Fá dhubh sgamal a mheoin,
Mar thagann ar sioc fearthainn,
A chroidhe 'leachadh leis an gceol.



Oisin:



"Go mbeannuighe dhuit na déithe síor,
A fhir is fíor, cidh óg,
Is mise, gidh lag, Oisín,
Is minic bhí ar cheann slógh!



"Cé thusa, a fhir ghroidhe;
An rabhais linn i gCath Finn Trágha?
An neach tú de mhacaibh Fhinn,
Budh bheag bínn ar a namhaid?"



Sgur.



Do thug an óglách feuchaint thairis,
Do shaoil gur fear beag-chéil
Do labhair baoth ar na mairbh
Do dhein gaisge 'san tsean-shaoghal.



Fear Óg:



"A Oisín aosda, má's i ndán
Gur tu an dámh a deirir
Do bhí ann le Lín Phádruig,
Is mór-chás liom do mhí-creideamh!



"Do shaoileas féin gur chuadhais chum suain,
Nuair dheinis luaidh ar na dtreoin,
Sul tháinig na croidhthe fuara
Do thug buadhirt orainn 's brón.



"Cread thug tu go Dubh-lín,
Go fann-chroidheach as do fhad-chodladh?
Is é seo Coláisde na Tríonóide,
Is iomadh oide ann 's ollamh."



Oisín:



"Má's iomdha oide agus ollamh
Sa 'n áit seo, a fhir óig,
Is iongantach ná tuigid focal
De chaint borb na mór-slógh!"



Fear Óg:



"Cé theangaidh leat, a fhir ársa,
Nuair do tháinís ód' chéin-shiubhal?"



Oisín:



"Draoi, fathach, agus fear fánach,
Níor thuig neach aca fáth mo rún!



Do labhras leo sa' Ghaodhal-theangain,
Budh mhór-barbartha leo mo ghlór."



Fear Óg:



"Uch! Cad fáth nár labhrais Laidion;
Do dheinis dearmad a Sheanóir!



"Is leamh le hoide an nidh tuigthe ar;
An nidh misgiseach is mór-luach.
Críoch agus fáth gach ceárd an phinghin,
Imeasg fuireann na leabhar-sluagh!"



Oisín:



"Uch! mo chumhadh!" do raidh Oisín,
"Sin mar bhiodh sa' tsean-saoghal,
Meabhal 's ainbhfios na ndraoi,
Droich-mheas do'n nidh nach tuigid féin.



"Bhiodh amadáin i gCaisiol-Mhumhan,
Agus mór-chuid abhus i gCruachán,
Do chaill fáth dlighe na mbreitheamh
Le breis creideamh i n-iomráidh.



"Breis spéis i nglór marbh,
Agus a ndual-teanga fá neimhchionn,
Sin ceárd baoth na n-aimid,
Nós bradach is beag orm.


L. 14


"Nós eile is gnáthach
Ag lucht ceárd an léighin,
Beag-spéis ar an laoigh
Nach teagmhaigheann ag a mbuin féin.



"Labhairt borb gan tuigsint,
Nidh is furas do chách,
Caint mhór ar bheag-neithibh,
Sin cluiche na ndámh.



"Árd-ghlór agus cam-chomhairle,
B'in eolas lucht léighin;
Neart lámh agus glan-chomhraic,
B'in gnó thuit do'n bhFéin.



"'S mar bhí sé sa' tSean-reacht,
Saoilim 'san am so bheith —
An fear diomhaoin ag déanamh magaidh
Fé'n bhfear is buan-troid."



Fear Og:



"Is fíor duit, a sheanóir,
Is sár-eolgach do bhreith;
Iomanaidhe ar an gclaidhe go deo,
Fear gníomh mór d'á rithfeadh leis."



(Ní Críoch.)


L. 15


AISTRIUGHADH



Le KOROSHIMA SAMA.



Annsan aimsir i n-allóid bhí sean-duine ann,
agus chuir na daoine "Cícíbéi buidheach" mar
leas-ainm air, óir ba chuma ceurd d'éireochadh
dhó 'seadh dheurfadh sé i gcomhnuidhe, "Atá me
buidheach," "Atá me buidheach." Mar shompla, dá
dtiucfadh duine chuige annsan tsamhradh, agus
dá ndeurfadh sé leis, "Maiseadh, nach iongan-
tach an teas atá ann?" Seadh d'fhreagrochadh
"Cícíbéi, "I n-aimsir an tsamhraidh budh chóir
dúinn a bheith buidheach ar son an teasa, agus i
n-aimsir an gheimhridh ar son na fuachta." Is
mar sin do labhrochadh "Cícíbéi." Aon lá
amháin bhí duine eile ag caint leis fá n-a bhocht-
aineacht, agus adubhairt sé, "Is truagh liom do
chás, a dhuine bhoicht! (óir bhí Cícíbéi ró-bhocht.)
Tá tú go dona," agus ar Cícíbéi, "Ó ní'lim;
ní'l bean ná muirighin agam, agus ní chaithim
biadh daor; b'fhéidir gur ar an ádhbhar sin atá
saoghal fada agam, agus tá mé buidheach ar a
shon sin." Lá eile chuaidh Cícíbéi go teach comh-
arsan, agus an uair do bhí sé ag dul isteach ar
an dorus bhuail sé a cheann ar an ursain, agus
ghortuigh sé é féin go mór, gidheadh níor dhubhairt
sé acht "Tá mé buidheach," "Tá me buidheach."
Dubhairt fear a bhí ag eisteacht leis, "A Chící-
béi, bidheann tú buidheach ar son gach ruda, acht
cia'n chúis buidheachais do bhí i mbualadh do chínn
ar an ursain? Ní dheárna tú acht pian do chur
ann." "Seadh," ar Cícíbéi, "is de'n phian atá
me buidheach, mar dá mbrisfidhe mo chlaigeann
'san am sin ní mhothóchainn pian ar bith, óir do
bheidhinn-se marbh. Acht innsigheann an pian dam
go bhfuil mé beo fós, agus sin é an fáth go
bhfuil mé buidheach."



(Ní críoch)



ALTUGHADH ANNSAN GCOLÁISDE.



I.



Ar son an bhóird, na feola 's gach a dtéidheann
leó;
Ar son an bheóir nach leónfaidh aigne éinneach;
Ar son an spóla dreoighte i bhfad tar téarnamh,
A Riarathóir gach sócain glac ár mbuidheachas!



II.



Ar lucht friothólaimh, modhmhrach, salach-meurach;
Ar son a ngnó, mo bhrón, is anamh deunta;
Má thagann leó 'nár dtreó-na teacht ar aonchor
A Riarathóir gach sócain glac ár mbuidheachas!



III.



Ní ainmneochad an scór, óir measaim saor é;
Budh luach leath-ch'róin an próinn de airgead
éinneach,
De thogha mairt-fheoil deagh-rósda, lachain 's
géadhna,
A Riarathóir gach sócain glac ár mbuidheachas!



IV.



Ar son an Próbhost glórmhar, danaid, aosda;
Ar son gach Sóchuis eolmhar, aibigh, léighéanta;
Ar son ár dTreorach, gnóthach in ár dtaobh-na,
A Riarthóir gach sócain glac ar mbuaideachas!



V.



(Dála 'n Deamhan-óg 's an c'róin do bhain indé
dhíom
Dtaobh déanamh ceoil, is spóirt, 's seinim
Gaodhalach,
Í Sráid na h-Óighe, 's comhaireamh adharca 'n rae
ghlain,)
A Riarathóir ní cóir go mbeurfainn buidheachas!



VI.



Má théidhim ó bhórd na n-óg go dream na
gcéimeann
(Dtaobh freagarthóir, ní dóigh do mbacfad féin
leis,
'S na leabhraibh nuadh, ní mór go sladfaidh Gray
me),
A Riarathóir gach sócain glac ár mbuidheachas!



VII.



'Dtaobh creidhimh ceoil le fórsa 'san tSéipéal so
An leightheóir-Domhnal óinseamhuil, fada-breith-
reach


L. 16


Níor chuadhas 'n-a dtreó, 's dar ndóigh do chaileas
real leis),
A Riarathóir gach sócain glac ár mbuicheachas!



VIII.



Acht leigim leó ar chóip do cheap mo léir chreach,
Mo phreabedóir do león 's do chuir gan chéil me.
Tá lucht an bhóird mí-thróicreach, an-aosda,
Tá 'n breíth 'n-a gcomhair — 's má's glóire glac
ár mbuaidheachas!



IX.



Acht ní Carlós, Rí Seóirse, Bet, ná Séamus
Do thug dúinn spóla, feóil, ná geir na gcaorach,
Acht neart comórtais, óir is teist ár ngaodh-
alta;
Dúinn féin, 's dóibh, 's do'n óg-mhac bheirim
buidheachas!



NÓTA.



Dubhramar annsan chéad uibhir de'n "Európach"
go gceapfamaois altughadh do'n Choláisde dá
nglacfaidís uainn é. Seadh! Do mheasamhar an
uair sin ceann do ghoid ar sean Saltar éigin,
agus leigint orainn gur sinn-féin do cheap é;
acht an fhaid do bhíomar ag cuardach sean-leabhar
anns an leabhar-lán do fuarmar é seo ó'n
bpost. "Diabhal an chlodhadóra" is doigh linn
do cheap é, agus "má tá breug ann bidheadh.
Do fuaramar litir in aoinfheacht leis; agus
dubhairt an té do sgríbh an litir gur léigh sé i
n-úghdar dárab ainm Uan (Lamb: Essays of Elia)
nach raibh i n-aon altughadh le biadh acht nós
bárbartha, agus go ndubhairt an Naomh Pól gur
bárbaracht bheith ag déanamh urnaighthe i dtean-
gaidh ná tuigeann an pobal; agus gur b'é sin
fáth go ndéintear an altughadh 'san gColáisde i
Laidin, óir ná tuigeann furmhór atá ann é. Bhí
an méid seo mínighthe leis ann:-



Rann 1. Beóir = uisge buidhe; ní fheadar cad é an sórd
salachar a cuirtear ann.



Rann 4. ár dtreorach = our tutors; gnóthach = díomhaoin.



Rann 5. Deamhan Og = Junior Dean; saghas giuistís neamh-
thrócaireach; Sráid na h-Oighe = Dame street.



Rann 6. Bórd na n-óg, Freshmen's table; dream na
gCéimeann = graduates; freagarthóir, respondent; Gray,
Tomás Mac Tomáis, fear go bhfuil claidheamh soluis aige ag
cosaint gach onóir — piast na herperidos ag congbháil na
n-ubhall.



Rann 7. Léightheóir-Domhnail = Donnellan Lecturer, pláigh
bliadhantamhail i dtaoibh ár bpeacaidh; raol — cuirtear raol
(sé pinghine) "fíneáil" ar gach n-aon ná téidheann go Séipéal
Domhnaigh (cuid de dhlighthibh Bainríoghain Bet, is dócha).



Rann 8. Preabadóir, skip = sórd robálaidhe, nó ropaire
leigeann air bheith ag obair ad' seómaraidhibh an uair bhíonn
sé ad' chreachadh.



Rann 9. Carlós, agus c. — atá ainmneacha chuid de bhuidheann
Ríoghdha Shasana annsan altughadh laidne — gurab maith an
mhaise dhóibh é!



AN FEAR-EAGAIR



ATÁ TOGHA AGUS ROGHA



Gach ÓL is feárr le fághail i mBaile-athá-Cliath
ó MÍCHEAL UA FLANNAGÁIN,
I NEAMH NA NEUL.
1 GREAT STRAND STREET.



FUAGRADH.



Tigh-Ósda LÍONÁIN, i n-aice Cuain na Caoil-
sháire.



Sléibhte árda, glasa, fraochmhara,
Bádóireacht, seoltóireacht, iasgaireacht,
Lámhach coinín, geárrfhiadh, coileach-fhraoigh, agus
creabhar. Botháin snámh, agus c.



Téidheann an cárr puiblidhe ó dhorus an tigh go
Cathair-na-Mart agus go Clochán gach lá.



Labharthar Gaedhilge. Goillaidhe agus bain-
ghiollaidhe Gaodhalacha. Cosdas saor.



R. N. MacEOIN, Fear an Tigh.



Labharthar Gaedhilge.



Má tá easbaidh Leabhar Gaedhilge ort
Cuir iarraidh orra go
Pádruig O Briain, Clodhadóir an Pháipéir so,
agus gheabhair luach d'airgid.



AN T-EURÓPACH.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services