Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Three Poems by Maol Muire Ó hUiginn
Title
Three Poems by Maol Muire Ó hUiginn
Author(s)
Ó hUiginn, Maol Mhuire,
Compiler/Editor
Mac Cárthaigh, Eoin
Composition Date
1654
Publisher
(B.Á.C.: A.R.É., 1997)
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Maol Muire Ó hUiginn do chum so don Chalbhach Ruadh chédna: Ort mo cheisd, a Chalbhaigh Ruaidh, a lámh thrén iomchrus anbhuain, ós tú, a chaithbhile chraoi Floinn, an tsaoi as aithnidhe agoinn. Ós ceisd ionrúin aguinn sin, tearc ann dar cóir a cloisdin d'fhéin Breagh na tteannaolbhoth ttais acht sleagh beannfhaobhrach Bearnais.
Créd nach bíthi bádhach linn? fiafraighim dod dhreich dhoinnshlim, a bhrath Banbha na ngég nglan, nó créd damhna bhar ndiomdhadh? Innis dhúinne, a fhlaith Line, créd é adhbhar th'oirbhire? a leaca shaor, a ghruaidh gheal, nó uainn gá taobh ar tuilleadh? Bíd gach aonuair, muin ar mhuin, fileadha Fódla at fhochair, a fhlaith an chaoinlis Cuinn-si, fa sgaith n-aoibhnis aguibh-si. Bíodh nach beinn mar fhilidh ann, ciodh bhós nach beinn-si ag tadhall, a ghég Doire as dáigh fa ghoil, mar thráill oile san adhbhaidh? Iongnadh nach tógbhann tú linn an ghnúis dhealbhdha, an dreich n-aoibhinn, nó fabhra na ngormshúl nglan, a chomhrún calma curadh. Do-bhéarainn buidheachus daoibh dá n-aghainn uaibh-si, a mhacaoimh, a chlodhfhainn ghégaigh go ngart, fégain orainn tre aobhdhacht. An chaoimhe do chleacht sinne uaibh-si, a dhreagain Duibhlinne! Créd an claochládh rod chuir ruinn, a thuir ó chaomhchlár Conuill? Cuimhneach libh-si, a fhlaith ó cCuinn, an chúis rúin go roich eadruinn 's mé ag comhrádh led dhealbhshúil ndil ar orlár seanmhúir Sligigh. An lásoin, ní leigfeá ar ais mo ghrádh dhíot, a mheic Maghnais; iongnadh liom gá damhna duibh, a mhionn as amhra a n-iorghuil.
Ní teangtha carad do chuir caint eadrainn, a eó Murbhuigh; lucht diomdhadh dá dhéanaimh ruinn; énoil dob iongnadh eadruinn. Ná creid, má iarrair mh'annsa, teangtha an iomlait oram-sa, a bhrath cléire ar lios na Lugh, fios na fréimhe go bhfaghur. Ná creid an céidsgél orainn, a chraobh fhréimhe ríoghChonaill; a ghríobh chatha, a mhaighre ós mhuir, airrdhe flatha ná fáguibh. Dhá dhéanamh dhéag ar gach sgél suil faghar fios a chédfhrémh, a chur gleóidh le féin bhfoghla, do réir an eóil ughdardha. Ná creid-si, a chodhnach Doire, sgél orm óm fhior dhiomdhaidhe - gá bríogh sna briathraibh ro-clos? - acht fiafraigh dhíom a ndearnos. Ná habair go madh eól uainn ó rádh bréige ar bhreith dhiombuain; acht go ttí dhíom a dhénoimh gach ní as fhíor aidéamhair. ORT Rann d'Aquino an abhra mhoill ag so uaim do chionn chumoinn le a ghruaidh líghgil nach aomh mh'oil, mo chraobh dhídin ar dhiomdhaidh. II An Maol Muire céanna don Chalbhach réamhráite: Fuasgail mo cheasda, a Chalbhaigh, go mbiam led dhlaoi ndonnamhlaigh gan fháth n-oirbhire fam thuinn, a bhláth coillbhile ó cConuill.
Ceasda do chuirios oraibh im dhán, a dhraig shíodhamhail; a ghég chnuasghlan nach measg mionn, fuasgladh na cceasd ní chluiniom. As iongnadh liom ód dhreich dhil nach fuarus freagra éigin, a chiabh na ccuach, a lámh lonn, tre ghrádh nó tre fhuath orom. Fiú na freagra, dámadh áil, do chur uait, a chraobh chonáigh; a rún nach cásmhar fa chradh, rob sásmhar dhún a dhénamh. Nó más neimhchion tug tusa orm budh-éin, gér urusa, ná déantar dimbríogh dom dhán, a rinnghríobh éachtmhar Iomdhán. Ná más fearg as fachain daoibh, ná ceil orm-sa é, a mhacaoimh; ní fáth cóir sírfheirge sinn, a dhóigh dhíbheirge an díginn. Dhaoibh-si ní damhna cogaidh mo mheanma mhaoth anabaidh; a n-iorghoil ní heólach sinn, a bheófhlath ionmhuin fhoirtill. Tuar cogaidh ar fhear mh'anma nó fearg le fear m'ealadhna ní dhligh neach gan édóigh ann dá mbeath an égcóir agam. Barr air nach éidir a rádh go ndearnus damhna diombádh ribh-si, a ghég ghlantairtheach Breagh, nach féd antaithleach d'fheithiomh. Gabh ailgheana uaim dot thaoibh, gabh aobhdhacht uaim, a mhacaoimh; a chnuasghloin chneasda gan oil, fuasgail mo cheasda, a Chalbhaigh. F. Guidhim Tomás naomhtha a-niodh do thocht eadrom is imniodh
- cúl na ndual ccladhsholus ccorr, gruadh gan amhorus orom. FUASGAIL III. An fear céanda don Chalbhach réimhsgríobhtha: Dénam cóir, a Chalbhaigh Ruaidh, a lámh lonn nar ob anbhuain; liom-sa, a rí caithmheach Cearmna, bí go maithmheach muinnteardha. Corraighe eadrainn ar-aon má tá, a ghég na ngealchraobh, a laoich thréin ó thulaigh Breagh, nír chéim cubhaidh a chloisdean. Déanam féin cóir le chéile, fan gcúis más cúis shoiréidhe suil bhiam aimhréidh rer-oile, a niadh airmréidh Eóthaile. Bí-si id bhreithiomh uaim-si ann; as tú an breithiomh bhias agam do chongbháil na córa dhamh, a bhonnbháin chródha a ccogadh. Ag congbháil chóra dhuibh-si, bím-si im bhreithiomh aguibh-si, a ghég bharrghlan dá ttráigh tonn, fan dáil as adhbhar orom. Breithiomhnus aga mbia barr - ná bí a n-amharus oram - tiocfa dhíom a dhéinimh dhuit, dom dhíon ar fhéinnidh orrdhruic. Lá agus ionad ordaigh féin eadrainne ar-aon go haigmhéil; biaidh gan easgar, a ghruaidh ghlan, freasdal uaim ar an ionadh. Ná tabhair neamhshuim a-nois orom-sa, a ghég bheann mBearnais, ní mór dhamh a ndéna rum: bhar sgéala do char chugam.
Ag so an treas duain duibh-si agam dá cur chuguibh-si, a chlá séamhshotal sluaigh Fáil, 's gan énfhocal uaibh d'fhagháil. Más meisi, a Eibhilín óig, bhus breithiomh, beag an urchóid; sdíoma béldearg cíogh ccruinne, ná bíodh éinfhearg eadruinne. Teisd uaim ar a méin mhórdha gur beag ón duinn dualórdha, - gruaidh fhíochnáir gan chrádh fa chrodh - síothcháin na ndámh do dhéanomh. Ag snadhmadh síothchána dhamh bíodh Aqui-no, an naomh iúlmhar go leacain sídh ndonnbháin ndil, le rígh an domhnáin dúiligh. DENAM
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services