Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Three Poems by Maol Muire Ó hUiginn

Title
Three Poems by Maol Muire Ó hUiginn
Author(s)
Ó hUiginn, Maol Mhuire,
Compiler/Editor
Mac Cárthaigh, Eoin
Composition Date
1654
Publisher
(B.Á.C.: A.R.É., 1997)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Maol Muire Ó hUiginn do chum so don Chalbhach Ruadh chédna:



Ort mo cheisd, a Chalbhaigh Ruaidh,
a lámh thrén iomchrus anbhuain,
ós tú, a chaithbhile chraoi Floinn,
an tsaoi as aithnidhe agoinn.



Ós ceisd ionrúin aguinn sin,
tearc ann dar cóir a cloisdin
d'fhéin Breagh na tteannaolbhoth ttais
acht sleagh beannfhaobhrach Bearnais.


L. 63


Créd nach bíthi bádhach linn?
fiafraighim dod dhreich dhoinnshlim,
a bhrath Banbha na ngég nglan,
nó créd damhna bhar ndiomdhadh?



Innis dhúinne, a fhlaith Line,
créd é adhbhar th'oirbhire?
a leaca shaor, a ghruaidh gheal,
nó uainn gá taobh ar tuilleadh?



Bíd gach aonuair, muin ar mhuin,
fileadha Fódla at fhochair,
a fhlaith an chaoinlis Cuinn-si,
fa sgaith n-aoibhnis aguibh-si.



Bíodh nach beinn mar fhilidh ann,
ciodh bhós nach beinn-si ag tadhall,
a ghég Doire as dáigh fa ghoil,
mar thráill oile san adhbhaidh?



Iongnadh nach tógbhann tú linn
an ghnúis dhealbhdha, an dreich n-aoibhinn,
nó fabhra na ngormshúl nglan,
a chomhrún calma curadh.



Do-bhéarainn buidheachus daoibh
dá n-aghainn uaibh-si, a mhacaoimh,
a chlodhfhainn ghégaigh go ngart,
fégain orainn tre aobhdhacht.



An chaoimhe do chleacht sinne
uaibh-si, a dhreagain Duibhlinne!
Créd an claochládh rod chuir ruinn,
a thuir ó chaomhchlár Conuill?



Cuimhneach libh-si, a fhlaith ó cCuinn,
an chúis rúin go roich eadruinn
's mé ag comhrádh led dhealbhshúil ndil
ar orlár seanmhúir Sligigh.



An lásoin, ní leigfeá ar ais
mo ghrádh dhíot, a mheic Maghnais;
iongnadh liom gá damhna duibh,
a mhionn as amhra a n-iorghuil.


L. 64


Ní teangtha carad do chuir
caint eadrainn, a eó Murbhuigh;
lucht diomdhadh dá dhéanaimh ruinn;
énoil dob iongnadh eadruinn.



Ná creid, má iarrair mh'annsa,
teangtha an iomlait oram-sa,
a bhrath cléire ar lios na Lugh,
fios na fréimhe go bhfaghur.



Ná creid an céidsgél orainn,
a chraobh fhréimhe ríoghChonaill;
a ghríobh chatha, a mhaighre ós mhuir,
airrdhe flatha ná fáguibh.



Dhá dhéanamh dhéag ar gach sgél
suil faghar fios a chédfhrémh,
a chur gleóidh le féin bhfoghla,
do réir an eóil ughdardha.



Ná creid-si, a chodhnach Doire,
sgél orm óm fhior dhiomdhaidhe
- gá bríogh sna briathraibh ro-clos? -
acht fiafraigh dhíom a ndearnos.



Ná habair go madh eól uainn
ó rádh bréige ar bhreith dhiombuain;
acht go ttí dhíom a dhénoimh
gach ní as fhíor aidéamhair.
ORT



Rann d'Aquino an abhra mhoill
ag so uaim do chionn chumoinn
le a ghruaidh líghgil nach aomh mh'oil,
mo chraobh dhídin ar dhiomdhaidh.



II
An Maol Muire céanna don Chalbhach réamhráite:



Fuasgail mo cheasda, a Chalbhaigh,
go mbiam led dhlaoi ndonnamhlaigh
gan fháth n-oirbhire fam thuinn,
a bhláth coillbhile ó cConuill.


L. 65


Ceasda do chuirios oraibh
im dhán, a dhraig shíodhamhail;
a ghég chnuasghlan nach measg mionn,
fuasgladh na cceasd ní chluiniom.



As iongnadh liom ód dhreich dhil
nach fuarus freagra éigin,
a chiabh na ccuach, a lámh lonn,
tre ghrádh nó tre fhuath orom.



Fiú na freagra, dámadh áil,
do chur uait, a chraobh chonáigh;
a rún nach cásmhar fa chradh,
rob sásmhar dhún a dhénamh.



Nó más neimhchion tug tusa
orm budh-éin, gér urusa,
ná déantar dimbríogh dom dhán,
a rinnghríobh éachtmhar Iomdhán.



Ná más fearg as fachain daoibh,
ná ceil orm-sa é, a mhacaoimh;
ní fáth cóir sírfheirge sinn,
a dhóigh dhíbheirge an díginn.



Dhaoibh-si ní damhna cogaidh
mo mheanma mhaoth anabaidh;
a n-iorghoil ní heólach sinn,
a bheófhlath ionmhuin fhoirtill.



Tuar cogaidh ar fhear mh'anma
nó fearg le fear m'ealadhna
ní dhligh neach gan édóigh ann
dá mbeath an égcóir agam.



Barr air nach éidir a rádh
go ndearnus damhna diombádh
ribh-si, a ghég ghlantairtheach Breagh,
nach féd antaithleach d'fheithiomh.



Gabh ailgheana uaim dot thaoibh,
gabh aobhdhacht uaim, a mhacaoimh;
a chnuasghloin chneasda gan oil,
fuasgail mo cheasda, a Chalbhaigh.
F.



Guidhim Tomás naomhtha a-niodh
do thocht eadrom is imniodh


L. 66


- cúl na ndual ccladhsholus ccorr,
gruadh gan amhorus orom.
FUASGAIL



III.
An fear céanda don Chalbhach réimhsgríobhtha:



Dénam cóir, a Chalbhaigh Ruaidh,
a lámh lonn nar ob anbhuain;
liom-sa, a rí caithmheach Cearmna,
bí go maithmheach muinnteardha.



Corraighe eadrainn ar-aon
má tá, a ghég na ngealchraobh,
a laoich thréin ó thulaigh Breagh,
nír chéim cubhaidh a chloisdean.



Déanam féin cóir le chéile,
fan gcúis más cúis shoiréidhe
suil bhiam aimhréidh rer-oile,
a niadh airmréidh Eóthaile.



Bí-si id bhreithiomh uaim-si ann;
as tú an breithiomh bhias agam
do chongbháil na córa dhamh,
a bhonnbháin chródha a ccogadh.



Ag congbháil chóra dhuibh-si,
bím-si im bhreithiomh aguibh-si,
a ghég bharrghlan dá ttráigh tonn,
fan dáil as adhbhar orom.



Breithiomhnus aga mbia barr
- ná bí a n-amharus oram -
tiocfa dhíom a dhéinimh dhuit,
dom dhíon ar fhéinnidh orrdhruic.



Lá agus ionad ordaigh féin
eadrainne ar-aon go haigmhéil;
biaidh gan easgar, a ghruaidh ghlan,
freasdal uaim ar an ionadh.



Ná tabhair neamhshuim a-nois
orom-sa, a ghég bheann mBearnais,
ní mór dhamh a ndéna rum:
bhar sgéala do char chugam.


L. 67


Ag so an treas duain duibh-si
agam dá cur chuguibh-si,
a chlá séamhshotal sluaigh Fáil,
's gan énfhocal uaibh d'fhagháil.



Más meisi, a Eibhilín óig,
bhus breithiomh, beag an urchóid;
sdíoma béldearg cíogh ccruinne,
ná bíodh éinfhearg eadruinne.



Teisd uaim ar a méin mhórdha
gur beag ón duinn dualórdha,
- gruaidh fhíochnáir gan chrádh fa chrodh -
síothcháin na ndámh do dhéanomh.



Ag snadhmadh síothchána dhamh
bíodh Aqui-no, an naomh iúlmhar
go leacain sídh ndonnbháin ndil,
le rígh an domhnáin dúiligh.
DENAM



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services