Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
An Irish Seventeenth-Century Translation of the Rule of St. Clare
Title
An Irish Seventeenth-Century Translation of the Rule of St. Clare
Compiler/Editor
Knott, E.
Composition Date
1636
Publisher
(B.Á.C.: A.R.É., 1948)
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
{N Ériu15 1-187} {L 6} {B 1636 17L} {G L} {U 0199} {C Prós} {M 8} Riaghail ar Máthar Náomhtha .S. Clára Arna tionntúdh i ngaoidhilcc as bérla Le toil a n-uachtarán. 1636. Daingniucchadh apstolacdha na Riaghla tucc ar n-athair naomhtha S. Fronsisiomas dár máthair bhennaighthe S. Clára. INNOCENT easpucc serbhóntaidh do sherbhóntaighibh Dé dár ndeirbhshethraibh grádhacha in Íosa Críost Clára banab, agus dár ndeirbhshethraibh oile i Mainistir San Damian in ASSIS sláinte, agus bennuchadh apstalacdha. AS gnáth leis an suidhe apstolacdha umhla do thabhairt don uile athchuinghe dhiadha, agus go grásamhail foghar do thabhairt do chum na maithesa, agus fhuinn bhennaighthe na muintire chuires a ngerán chuca, agus ar an adhbhar sin do bhrígh gur iarrabhair go humhal orainne derbhadh, agus daingniucchadh do dhénamh ar bhar riaghail lér ndaingniucchadh apstolacdha do réir mar atátháoi ar tí bhar mbetha do thabhairt aníos go coitchenn an áoinspiraitt, agus a bprofession na bochtaine ro aírde, an Riaghail cédna arna tabhairt daoibhsi lér n-athair naomhtha S. Froinsías agus arna glacadh libhsi le hiomat toile agus luathghara; an riaghail mar an ccédna arna derbhadh le heaspucc Ostia ar ndearbhráthair mar a ffuil nísa mó, agus arna taisénadh a litreachaibh an easpuicc chédna ag coimhteacht leis an aithne tuccamar dó a daingniughadh leis na cumhachtaibh apstolacdha do aithnighemar dhe chuicce sin. Dá bhrígh sin atámaoidne anosa acc umhlucchadh dábhar n-athchuinghe diadha ag daingniughadh na riaghla remhráite leis na litreachaibhsi do láthair lér ccumhachtaibh apstolacdha agus ag daingniucchadh bríghe na litreach cédna focla ar fhocal isna litreachaibh so do láthair amhail atá inar ndiaidh; UGOLIN maille le grásaibh Dé epscop Ostia agus Veletre do chum a mháthar roghrádhaighe agus a dheirbhshethrach in Íosa Críst Clára banab ó San Damians in ASSIS agus do chum a deirbhshethrach atá do láthair, agus thiocfas sláinte, agus bennuchadh athardha, An mhéid a chlann roghrádhach in ÍOSA Críost gur tharcaisnigh
sibh poimp, onóir, agus sódh an tsaoghailsi, agus gur lenabhair lorcc ÍOSA Críost agus a mháthar robhennaighthe gur thoghabhair sibh féin do bheith a ccloustar no a bpríosún a bhfolach do chum foghanta do Dhia atámaid ag moladh bhar ccríche maithe maille lé deghthoil, agus le grádh athardha tiodhlaicmíd daoibh go humhal bhar n-athchuinghe, agus bhar ttoil bhennaighthe, agus daingnighmíd lé cumhachtaibh an Phápa, agus lér ccumhachtaibh féin daoibhsi, agus dá ttiucfa inbhar ndíaidh inbhar mainistribh an fhoirm, agus an Riaghail bhethadh áondachta bennaighthe na bochtachta ro airde, ro oirdheirce tucc an t-athair glórmhar S. Fronsias daoibh dá coimhétt le focal comhmaith, agus le sgríbhinn mar atá ann so síos inar ndiaigh AR grádh Íosa, agus a naomhmáthar millsi an Ógh naomhMuire, AR grádh San Fronséis, agus S. Clára sa riaghail tionnsccainter ann so, bíodh cuimhne accaibh a dheirbhshethra inbhar n-urnaighthe go laithemhail ar bhar nderbhráthair bocht Michel Ó Cleirigh a lóghaidheacht a shaothair. IN AINM AR TTICCHERNA AMEN bíodh mar sin Tionnsccainter Riaghail agus foirm bhethadh uird na ndeirbhshethrach mbocht arna tabhairt le S. Fronsias. An chédchaibidil. 1. Acc so Riaghail, agus foirm bhethadh uird na ndeirbhsheathrach mbocht arna horducchadh lér n-athair glórmhar S. Fronsias, edh ó Soisccél ar tTiccherna Iosa Criost do chumhdhach sic, agus do choimhéd ag marthain in umhlacht, gan dísligheacht, agus a ngeanmnaigheacht. 2. CLARA innilt, agus serbhóntaighe mídhiongmhála Iosa Criost agus plannda becc ar n-athar naomhtha S. Fronsias tug sí móid umhlachta, agus onóra don Phápa Innocentius agus da gach Pápa da ttiocfa ina dheadhaidh do toghfaidhe go dleistionach cánónta in Ecclais na Rómha. 3. Agus mar tucc sí féin, agus a deirbhsheathra móid umhlachta dár n-athair naomhtha S. Fronsías a ttús caomhc
lóidh a mbethadh: AS amhlaidh sin tucc sí móid an umhlacht cédna do choimhéd gan brisedh da gach áon dá ttiocfadh na d
iaidh, agus atá d'fhiachaibh arna deirbhshethraibh mar an ccédna umhla do thabhairt da gach áon dá ttiocfa in ionad ar n-athar naomhtha S. Fronsias, agus umhlucchadh don deirbhshiair CLARA agus da gach banabbaidh eile dá ttoghfaidhe go dleistionach cánónta dia héis.
Do thaoibh na ndaoine lena mian dol san Riaghailsi, agus cionnas as cóir a nglacadh. Cap. 2. 1. AN tráth thaisbénfas éinphersa í féin daoibh le séidedh an Spioraitt Naoimh do chum na bethadh so do ghlacadh chuice atá d'fhiachaibh ar an mbanabbaidh toil na ndeirbhshethrach d'iarraidh chuicce sin, agus ma do bheir an chuid as mó aca a ttoil cuicci (dá raibhe ced an chárdionáil as dídnightheóir ag an mbanaib), as éidir lé a glacadh. 2. An tráth mhesas an bhanabb gurab cóir a glacadh, dénadh féin, nó cuiredh d'fhíachaibh examen nó sgrúdadh dúthrachtach do dhénamh uirre a ttaoibh an chreidimh chatoilice agus Shacramainntedh naomhtha na hecclaise, agus má chreidenn sí íad sin uile, agus go n-admhann iad go creidmheach, agus a ccoimhétt go seasmhach go críochnughadh a bethadh, ann sin (muna raibhe si pósta, nó muna ndeachadh a fer maille le ced easpuicc na diosis a mbí a riaghail éiccin agus móid ghenmnaigheachta do thabhairt; acht muna raibhe sí roáosta, nó easlán nó laicce chinn do bheith uirre do bhacfadh dhi an ríaghailsi do choimhéd) foillsicchther dhi gach ní da ffuil a ffoirm bhar mbethadh. 3. Agus ma bhíonn iomchubhaidh, agus toltanach abarthar briathra an tsoiscéil ría .i. imtheacht roimpe, agus a ffuil aice do reic, agus a thabhairt dona bochtaibh, agus munab éidir lé sin do chur a ccrích budh lór dhi a toil mhaith. 4. Atá d'fhiachaibh ar an mbanaib agus arna deirbhsheathraibh beith rochoimhédach gan cúram do bheith aca ar gach máoin da mbia aice, ionnas go mbá héidir lé a toil féin do dhénamh lé gach ní da mbía aice do réir mar do sheolfadh Día dhi. 5. Gidh edh ma iarrann sí a ccomhairle san ccúis so cuiritt í chum persann éiccin deiscréidighi ar a mbia eccla Dé, ionnus go roinntí léna chomhairle a máoin ar na bochtaibh.
6. Ann sin gerrthar a grúag timcheall, agus bentar a hédach saoghalta di, agus tuccadh an bhanabb trí cóta, agus clóca dhi, agus ó shin amach ní héidir lé an mhainistir d'fháccbháil gan cúis fhollas, tharbhach, dherbhtha do bheith aice. 7. Ar ccoimhlíonadh blíadhna a nouisteachta glacthar í chum umhlachta ag tabhairt móide go ccoimhédfa sí go síordhuidhe betha, agus foirm bhar mbochtachta. 8. Ní cóir do mhnáoi ar bith an caille dubh, nó an uelam do ghlacadh uirre ar fedh bliadhna a nouisteachta. 9. As éidir leis na deirbhshethraibh chum socamhail, agus macántachta clócadha becca do bheith aca lé haghaidh a sáothair. 10. Bíodh cúram ag an mbanabbaidh soláthar deiscréittech do dhénamh do chum édaigh d'fhagháil dona deirbhsheathraibh do réir cháilidheachta na bpersann na n-aimsior, na n-ionadh, agus na Region ffúar do réir mar do c
ífe a riachtanas dá iarraidh. 11. Na mná ócca faoi áois iomchubhaidh glacfaidher don mhainistir, gerrthar a ngruacc, agus bentar a n-édach saoghalta díobh, agus cuirthear édach orra do réir édaigh na mban riaghalta amhail do cífidher do dheiscréid na banabbadh, agus an tráth thiocfas siad go haois iomchubhaidh glacaid an aibid amhail do níd cách, agus déinett bliadhain a bprofessioin, nó a nderbhtha. 12. Ordaighedh an bhanabb go cúramach banm
aighistir as mnáibh deiscréideacha na mainistre chuca sin, agus chum na nouistedh oile da tteccascc a mbésaibh, agus a modhaibh macánta, agus a cconuersáid naomhtha do réir fhoirme bhar bprofeissioin agus b
ar staide. 13. As ar an modh ccédna so glacthar na deirbhshethra bhíos ag seirbhís don taoibh amuigh don mhainistir agus as éidir leó bróga do bheith orra. 14. Ní héidir lé duine ar bith bheith istigh inbhar mainistir muna nglacthar é do réir fhoirme bhar bprofessioin. 15. Aithnighim, guidhim, agus iarraim ar mo dheirbhshethraibh (ar grádh an leinb ronaomhtha mhilis Íosa do cengladh le crios cengail agus le hédaighibh bochta, agus do léigeadh ar lár san mainnsér, agus ar grádh a Mháthar naomhtha) édaighe bochta do bheith orra do ghnáth.
Don oifficc díadha, don trosccadh, don fhaoisidin, agus do ghlacadh cumaoineach. Cap. 3. 1. Na deirbhshethra ónab eól leughtóireacht do dhénamh atá d'fhiachaibh orra an oifficc dhíadha do rádha amhail adeirit na bráithre mionúra. 2. Agus abraid sin gan canntaireacht. 3. An chuid díobh leis nach ba héidir a n-oifficc do leughadh le toirmeascc éiccin dleistionach, abraid a bpaidrecha na hionad mar do níd na deirbhsheathra dánách eól leughtóireacht do dhénamh; mar atá ceithre paidreacha fichet ar son Maitín, agus cúicc paidreacha ar son Laudeis; Ar son Prim, Tert, Sext, agus Nóin, abraid seacht bpaidreacha ar son gach uaire aca. Ar son easparta a dó décc agus ar son compléti seacht bpaidreacha. 4. Ar son easparta na marbh seacht bpaidrecha maille le Requiem aeternam, ar son Matin na marbh a dó dég. Na deirbhshethra ónab eól leughthóirecht do dhénamh, atá d'fhiachoibh orra oifficc na marbh do rádha. 5. An tráth do ghébha énbhen do na deirbhshethraibh bás inbhar mainistir abradh gach deirbhshiúr .50. paider ar a hanam. 6. Déinet na deirbhshethra trosccadh do ghnáth, acht amháin lá nodlacc accárab éidir leó bíadh do chaithemh fá dó gibé lá ara tteiccémha. As éidir leis an mbanaib dispensáid do dhénamh go carthanach leis na daoinibh ócca, leis na daoinibh bhíos lacc, agus leis na deirbhshethraibh bhíos acc seirb
ís don taoibh amuigh don mhainistir an tráth mhesfas gurab maith léna dhénamh é: gidh edh ní fhuil d'fhiachaibh ar na deirbhshethraibh in aimsir a riachtanuis fhollais trosccadh corpardha do dhénamh. 7. Déinett na deirbhshethra le ced na banabadh, an ní sa lugha dhe faoiside dá úair décc san mbliadhain, agus bíd ar a ccoimhétt gan bríathra ele nach benann ris an bhfáoisidin nó le leas a n-anmann do chor ar a fud. 8. As cóir dóibh Sacramaint bhennaighthe na haltóra do ghlacadh seacht n-uaire san mbliadhain .i. fá Nodlaicc, Dardáoin mandála, Domhnach Cáscc, Domhnach Cincthidhíse, Lá na Féile Muire ina ruccadh ar nemh í, Lá ar n-athar San Fronsias, agus Lá na n-uile naomh. 9. As éidir dá cconfessoir aifrionn do rádha istigh san mainistir do chum cumaoineach do thabhairt do dhuine thinn.
Do thaoibh toghtha na banabbadh. Cap. 4. 1. Acc togha na banabadh atá d'fhiachaibh ar na deirbhshethraibh modh cánónta do chongmháil. 2. Agus déinett soláthar an gheinerála, nó go háiridhe próuinsial na mbráthar mionúr do bheith aca do láthair do theccascc bréithre Dé dóibh do chum coimhcengail, agus choimhtheachta do bheith aca féin re chéile agus an maith choitchenn d'iarraidh isin togha sin. 3. Ní cóir duine ar bioth nach diongna a profession do thogha; nó dá ttoghtaoi a shamhailsin nó arna toirbhirt o modh oile mar bhanabbaidh, ní dhlighitt umhlacht do thabhairt di, acht muna ttucca sí an chédúair móid foirm a mbochtaine do choimhlíonadh. 4. Agus an tráth do gheibh an bhanab bás atá d'fhiachaibh orra togha banabbadh ele do dhénamh. 5. Agus ma do cíther don choimhthionól uair ar bith an bhanab sin do toghadh do bheith nemhchubhaidh do chum seirb
ísi na ndeirbhshethrach, agus na maithesa coitchinne do dhénamh atá d'fhiachaibh ar na deirbhshethraibh banab eile do thogha comhluath (agus) as éidir leó do réir na foirme remhráite. 6. Measadh, agus brethnaigheadh an bhanab do toghadh créd é an cúram do ghlac sí uirre agus cia hé eision darab éiccen di conntus a tréda do thabhairt iar na n-aithne dhi. 7. Gomadh ferr lé bheith na huachtarán a subháilcibh, agus a beith a ffiadhnaisi cáich a mbésaibh náomhtha, iná ina hoificc, ionnus go ngluaistí nísa mó na deirbhshethra chum a grádhaight
e léna deghshompla iná léna heccla. 8. Bíodh sí aireach coimhédach ar ghrádh aonaránach d'eccla go síolfadh leis an ngrádh áonda sin scannail isin ccoimhthionól. 9. Tuccadh sí sólás don dólásach, agus bíodh sí na comairce déidhenaigh don dobrónach, d'eccla gomadh éidir an t-anbhfann d'esbhaidh comhfurtachta go ttiucfadh don tuirsi, agus don édóchas a cláoi. 10. Atá d'fhiachaibh uirre an coimhthionól, nó an chommuniti do lenmhain san uile ní, go speisialta san eacclais, san dortúr, san proinnteach, agus san fhirmarii nó a ttigh na n-easlán. Agus mar an ccédna na hédach, agus atá d'fhiachaibh ar an mbanbhiocáire an modh cédna do choimhlíonadh.
11. Atá d'fhiachaibh ar an mbanabaidh na deirbhsheathra do chruinniucchadh chum caibidle an ní sa lugha dhe úair san tseachtmhain, mar a ndiongna sí féin, agus iadsan admháil, agus cuimhne a n-uile ciontadh puiplidhi, agus a mainneachtnaighe. 12. As cóir dí mar an ccédna comhairle do dhénamh leis na deirbhshethraibh fa gach ní da nglacthar ar son maithesa, agus maise na mainistre; ar an adhbhar go tteccm
ann go minic go ffoillsighenn Día don duine uiríseal an ní as ferr lena dhénamh. 13. Ní héidir fíacha móra do chur ar an cconueint gan toil na ndeirbhshethrach go coitcheann, an aimsior ina mbia an riachtanas follas. Agus caithfe sin a bheith ar na dhénamh le cett a bprocadóra. 14. Atá d'fhiachaibh ar an mbanabbaidh agus ar na deirbhshethraibh gan énní do ghlacadh da coimhétt do dhaoinibh sáoghalta ele, ar an adhbhar go tteccm
ann go minic lena leithéitt sin do chúis sccannail, agus búaidhredh d'éirghe. 15. Dlighitt oifficighe na mainistre uile beith ar na ttogha lé toil coitchinn na ndeirbhsheathar uile, ionnus gomadh feirde a ccoimhchengal, a síothc
áin, agus a ndeighinntind. 16. Ar an modh ccédna as cóir ochtar dona deirbhshethraibh as deiscréittighe do thogha, agárab í a ccomhairle so atá d'fhiachaibh ar an mbanaib do ghlacadh isna cúisibh bhenus le modh a mbethadh. 17. As éidir leisna deirbhshethraibh agus as cóir dóibh, an tráth do chífid go mbía iomchubhaidh tarbhach, ar úairibh caomhchlódh oifficceach agus deiscréiti do dhénamh, agus daoine ele do thogha na n-ionadh. Don chiúnas, agus don modh labhartha ag an ngráta agus accan (tegh) iomaccallma. Cap. 5. 1. Atá d'fhíachaibh ar na deirbhshethraibh ó chomplín go teirt ar a bhárach ciúnas do dhénamh o bhriathraibh, acht amháin an mhuinter bhíos ag dénamh seirbhísi dóibh don taoibh amuigh don mainistir. 2. Atá d'fhiachaibh orra do ghnáth ciúnas do chongmháil san ecclais, san dortúr, agus isin bproinntech amháin an fedh bheitt ag caitheamh a bproinne, As éidir leó labhairt go deiscréiteach isin ffirmaria do ghnáth chum seirbhísi, agus recreátioin na ndaoine ttinn.
3. As éidir leis na deirbhshethraibh ara shon sin an uile úair, agus isin uile áit, labhairt go haithgherr le guth ciúin fa gach ni da mbí na riachtanas orra. 4. Ní cóir dona deirbhshethraibh labhairt ag an ngráta gan ced na banabadh, nó na banbhiocáire, agus an mhuinter do gheibh ced labhartha ag an tegh cainnte ní cóir dóibh labhairt acht a ffiadhnaisi deisi dona deirbhshethraibh cluinfes gach ní da n-aibeórait. 5. Ná lamhadh duine ar bith teacht don gráta muna raibhe triúr dona deirbhshethraibh (an ní as lugha dhe) don ochtar deiscréiti adubhramar bhías ar na ttogha leis na deirbhshethraibh chum comhairlighthe na banabadh, do bheith do láthair, agus an cúram sin do bheith ar an triúrsin ón mbanaib nó ón mbainbhiocáire. 6. Atá d'fhíachaibh ar an mbanaib agus ar an mbainbhiocáire féin an modh labhartha so do chongmháil agus sin do bheith go ro annamh ag an ngráta. Acht gidhedh ag an ngeta ní cóir dóibh labhairt go bráth. 7. Agus cuirther ag an ngráta édach don taoibh astigh, agus ná hosccailter é, acht in aimsir senmóra do dhénamh, nó an tráth bheid síad ag labhairt le chéile. 8. Bíodh ós comhair, nó ar cúl an ghráta comhla cláraigh ar na daingniucchadh go maith le dhá ghlas, agus le bulta iarainn, agus bíd siadso (san oidhche go háiridhe) fo ghlas le dá eochair, eochair díbhsin ag an mbanaib, agus eochair eile ag an Sacrista, agus bíodh an dorus íata do ghnáth, acht an fedh bhias an oificc diadha da rádha nó da léghadh, nó na cúise remhráite. 10. Ní fhuil ar cumus do dhuine ar bith labhairt ag an ngráta ria n-éirghe na gréine, nó iar ndol don ghréin fáoi ar modh ar bith. 11. Bíodh acc an ngráta isin tigh labhartha édach nach tóiccébhthar do ghnáth. 12. Ní fhuil ar cumus éin ndeirbhshethar labhairt ag tegh na hiomaccallma a ccorghus naomhMartain, nó san ccorghus mór, acht amháin lena hathair faoisidne, nó le cúis bhías follus riachtanasach, agus go mbia an cedsin arna thabhairt leis an mbanaib, nó leis an mbainbhiocáire.
Cionnus nach cóir dona deirbhshethraibh sealbh ar bith do g
lacadh leó féin, nó le persainn eile. Cap. 6. 1. A ndiaigh na húaire inar toil leis an Athair nemhdha tréna ghrásaibh diadha mo chroidhe do shoillsiucchadh ar an modh sin gurab le heisiomláir agus le teccascc ar naomhathar San Froinsias gur thionnsgain mé aithrighe do dhénamh beccán becc íarna thionntúdh san tucc meisi maille le mo dheirbhshethraibh móid umhlachta go toltanach dó. 2. An tráth do mhes an t-athair nach raibhe eccla bochtaine, saothair, trioblóide, uirísleachta, nó tarcaisnight
e an tsaoghailsi oraind, acht gur mhesamar íad so mar shódh agus mar aoibhnes, do bhí seision arna ghluasacht le diadhacht, agus le trócaire ionnus gur sgríobh dúinn foirm bethadh ar an modh so. 3. Arna mhes dó maille le foillsiughadh Dé go ndernabhairsi clann, agus inniltedha dhíbh féin don Rígh ard mórchumhachtach, agus don Athair nemhdha, agus gurbó toil libh sibh féin do chengal don Spiorat naomh ag togha bhar mbetha do thabhairt aníos do réir fhoirfeachta an tsoiscéil naomhtha Geallaimsi maille riom féin, agus le mo dherbhráithribh dícheall agus cúram síordhuidhe do bheith in bhar ttimchellsa mar bhias fa mo dherbhráithribh. 4. Do choimhlíon sé féin an gealladh so go dícheallach an fedh do bhí ar in talamh agus dobadh toil leis a dherbhráithre da choimhlíonadh go síordhuidhe. 5. Agus go deiredh ar mbethadh dobadh toil leis gan sinne do chláonadh úair ar bith ón mbochtaine naomhtha do ghlacamar orainn, nó an muinnter fós do thiucfadh inar ndíaigh; Beccán riana bhás do sgríobh sé chuccainne a thiomna dhéidhenach ag rádh na mbriathar so. 6. Meisi Fronsias becc lenfad betha agus bochtaine ar n-airdrígh cumhachtaigh Íosa Críost agus a mháthar bennaighthe, agus do ghén comhnuidhe go deiredh innte agus aithnighim dhíbhsi a chlann, agus a dheirbhshethra i nDia Íosa Críost, agus comhairlighim sibh fuireach go síorrdhuidhe isin mbethaidh naomhthaso, agus a mbochtaine, agus bíodh cúram romhór accaibh gan dol ar ccúl ón sttaid so le comhairle, nó le teccuscc dhuine ar bith. 7. Agus mar do bhí mé cúramach do ghnáth maille le mo dheirbhshethraibh an bhochtacht bhennaighthe do gheallamar do Dhia, agus dar
naomhathair S. Fronsías do chomhall, ar in modh ccédna na banabadha thiucfas in oificc im dhiaidh, agus na deirbhshethra thiucfas atá d'fhiachaibh orra so do chomhall go diongm
álta go deiredh a mbethadh, mar atá gan sealbh nó dísligheacht neithe ar bith do bheith aca, nó do ghlacadh maille leó féin, nó maille le daoinibh oile ar a son, nó ní ar bith dabudh éidir sealbh do ghairm, acht amháin beccán becc ferainn iarrus a riachtanus le maisi, agus le hathnuadhughadh na mainistre, agus ní cóir an talamh sin do threabhadh, acht a b
eith le haghaidh gairdín, nó sochair na ndeirbhshethrach do bhúain as. An modh as cóir dona deirbhshethraibh do chongmháil in oibreachaibh a lámh. Cap. 7. 1. Na deirbhshethra da ttucc Dia mar thiodhlacadh oibriucchadh lámh, déinet a ndícheall íad féin d'ullmhucchadh do chum a beith réidh cum saothair a ndiaidh teirti isna huile oibreachaibh bhenus le maisi an tighe, agus leis an maith ccoitchinn ar mhodh ar tús go seachónaitt díomhaoines atá na námhaid ag an anam, agus arís nach múchfaid spiorat an chrábhaidh, agus na hurnaighthe bennaighthe dárab cóir don uile ní saoghalta seirbhís do dhénamh. 2. Atá d'fhiachaibh ar na deirbhshethraibh a innisin san ccaibidil don bhanaib nó don bhainbhiocáire, do láthair an choimhthionóil na hoibreacha sin do rinnettar lena lámhaibh. 3. Má cuirther déirc ar bith do chum riachtanais na ndeirbhshethar, déinter a roinn ionnus chum na críche sin gurab cóir dóibh guidhe go coitchenn ar a son, agus caithfe an déirc bheith arna roinn do chum maithesa an choimhthionóil le comhairle na banabadh, nó leis an mbanbhiocáire le comhairle na ndescréti. Amhail atá d'fhiachaibh ar na deirbhshethraibh gan ní ar bith do shealbhucchadh dóibh féin. Agus do thaoibh cúraim na ndeirbhshethrach bhíos tinn. Cap. 8. 1. Ní cóir dona deirbhshethraibh ní ar bith do shealbhucchadh dóibh féin mar atá tegh, nó áit, nó ní ar bith, acht a mbeith mar oilithreachaibh, agus mar aoidhedhaibh isin saoghal so ag foghnamh dar ttigherna a mbochtaine, agus in umhla.
2. Cuiritt fios ar dhéirc maille le dóthchus mór, agus ní cóir dóibh náire do bheith orra (ag a mhes go raibhe ar slánuightheóir bocht ar ar ngrádhne) isin saoghal so. 3. As é airde na bochtaine roáirdesi do ordaigh sibhsi (a dheirbhshethra grádhacha) bhar n-oidhredhaibh, agus bhar mbainríoghnaibh ar ríoghaicht nimhe do rinne bocht sibh a maithes saoghalta, agus do ardaigh sibh a subháilchibh. Bíodh so na randchuid accaibh da bhar ttreórughadh go talamh na bethadh síordhuidhe agus chuicce sin a dheirbhshethra grádhacha da bhar ccoimhchengal, agus da bhar ndlúthucchadh ná bíodh accaibh go bráth sealbh neithe ar bith fo fhlaithemhnas in ainm ar tTigherna Íosa Críost. 4. Ní cóir do dheirbhshiair ar bith litreacha do chor uaithe, nó do ghlacadh, nó ní ar bith do thabhairt amach as in mainistir gan toil na banabadh, ná fós ní ar bith do b
eith aice, acht ní as toil leis an mbanaib, nó do bheir sí féin di. 5. Ma cuirther ní ar bith d'ionnsaighe ar éin ndeirbhshiair óna hathair, óna máthair, nó óna caraid as éidir leis an mbanaib sin do thabhairt di, agus as éidir lé a b
eith aice ma atá riachtanus aice ris, agus muna ffuil as éidir leis an mbanaib (a ccarthanacht) a thabhairt do dheirbhshíair eile ar a mbia a riachtanus. Da ccuirthí airgett go háoinnech aca as éidir leis an mbanaibb le comhairle na ndeiscréti a thabhairt ar a riachtanas do sholáthar don mnaoi sin, nó don tí sin. 6. Atá ó chengal, agus ó fhiachaibh ar an mbanaib féchain, nó a chur da fhéchain go cúramach friochnamhach riachtanas na ndeirbhshethrach ttinn, mar atá comhairle a ttaoibh furtachta d'iarraidh dóibh, agus a ttaoibh a mbídh, agus an neithe eile bhíos na riachtanas orra. 7. As cóir di go carthanach, agus go trócaireach soláthar do dhénamh dóibh do réir cumhachta nó chumais na háite ina ffuil. Ar an adhbhar go ffuil d'fhiachaibh ar na deirbhshethraibh soláthar, agus seirbhís do dhénamh dona deirbhshethraibh bhíos tinn do réir mar budh mían leó seirbhís do dhénamh dóibh féin da mbeidís tinn. 8. Agus foillsighitt go hésccaidh a riachtanus da chéile, ar an adhbhar do réir mar ghrádhaighes, agus mar bhethaighes an mháthair a hinghen collaidhi as mó ná sin an dúthracht, agus an cúram as cóir do dheirbhshiair do bheith aice, do ghrádhucchadh, agus d'altrannas a deirbhshethar spioratálta. 9. As cóir don easlán luighe ar leabaidh cátha nó lócháin, agus peiliúr nó cennadhairt do bheith aice do chlúimh én. An m
uinter ar a mbia riachtanas as éidir leó troighthíni édaigh, agus colpt
adha nó gamaisi do bheith aca.
10. An tráth rachas daoine ar cúairt gusna heslánaibh remhráite don mhainistir as éidir leó freccra aithgherr do thabhairt ar an muinntir bhias ag caint leó maille le briathraibh maithe deigheisiomláracha. Na deirbhshethra ele aga mbía ced beith do láthair ní cóir dóibh labhairt leis an muintir téid asteach, acht a bhfiadhnaisi deisi dona deiscréitibh bhías arna n-orducchadh leis an mbanaib, nó leis an mbanbhiocáire dárab éiccen na briathra adéraitt do chloistin. Agus atá d'fhiachaibh ar an mbanaib, agus ar an mbainbhiocáiri an modh labhartha so do chongmháil. Don smachtucchadh as cóir do chur ar na deirbhshethraibh do ní cair agus don modh arab cóir dóibh íad féin d'iomchar don taoibh amuigh don mainistir. Cap. 9. 1. Da tteccmhadh d'áon ndeirbhshiair le cathucchadh na námhat tuitim i bpeacadh marbhtha i n-aghaidh fhoirme a ríaghla, íar ffagbháil teccaiscc dá úair nó trí ón mbanaib nó ó énchuid dona deirbhshethraibh, agus nach leiseóchadh sí í féin, an méid do laithibh do an sí a n-anndánacht, nó a n-esumhlacht, caithfe sí an uiret cédna sin do laithibh arán, agus uiscce d'ithe os comhair na ndeirbhshethrach isin bproinnteach, agus ní as mó iná sin d'fhulang ma do cíther don mháthair go ffuil iomchubhaidh. An fedh b
ías sí anndána easumhal mar so déntar urnuighthe uirre gomadh toil le Dia a croidhe do lasadh do chum aithrighe. 2. Bíodh an bhanab, agus na deirbhshethra coimhédach gan fercc nó trioblóid do bheith orra ar son pheacadh nó coirthedh deirbhshethar ar bith, ar an adhbhar go ttoirmeasccann an fhercc, agus buaidhredh na hinntinne carthanacht etorra féin, agus daoine oile. 3. Da tteccmhadh (go ttoirmescca Dia) go n-éireóchadh eidir na deirbhshethraibh a mbréithir, nó a ccomharrdha coinntinn, nó sgandail ar bith, dénadh an tí tucc an tsiocair úaithe ar ball, nísa luaithe ná rachus sí chum sacrafisi na hurnuighthe í féin d'ísliucchadh fo chosaibh na deirbhshethar dá ttucc siocair, ní hé amháin ag iarraidh pardúin uirre go humhal, acht aga iarraidh uirre go dúthrachtach mar an ccédna guidhe do dhénamh chum a Slánaightheora gomadh toil leis maithemhnus do thabhairt di.
4. Dénadh an deirbhshiúr ele an úair sin cuimhniughadh ar bréithir ar Slánaightheora adubhairt. Acht muna ttucca sibh maithemhnas uaibh o bharr ccroidhe go hiomlán, ní thiubhra an tAthair nemhdha maithemhnas daoibhse, Ann sin tuccadh an deirbhshiúr ara ndernadh éccóir maithemhnas don deirbhshiaír eile san uile ainndlighedh do rinne uirre. 5. Na deirbhshethra bhíos ag seirbhís don táoibh amuigh don mainistir ná hanaid amuigh ní as foide ina a riachtanas follas. 6. Siubhlaid go macánta, agus labhraid beccán do chum deigheisiomlára do thabhairt don lucht bhíos dá fféghain, Bíd aireach gan caidreabh nó comhluadar do bheith aca le dáoinibh ar bith asa mbenfaidhe drochbharamhail, agus nach diongnaid cáirdes Críost lé duine ar bith d'eccla go ttiucfadh siocair, nó cúis buaidhertha, nó sgannlach as sin. 7. Ní cóir dóibh ní ar bith da ccluinfitt isin mainistir d'aithris isin saoghal, nó ní da ccluinfitt san saoghal d'aithris san mainistir, mar atá ní asa ttiucfadh sccannail, Da tteccm
adh do dhuine ar bith sin do dhénamh tre ainffios as cóir don m
áthair pionús do chor uirre go carthanach. Da tteccmhadh so dhi le drochghnáthucchadh as cóir don bhanaib pionús do chur uirre le comhairle na ndiscréti do réir na caire. Do chomhairle, agus do fhéchain na ndeirbhshethar. Cap. 10. 1. Féchadh, agus comhairlighedh an bhanab na deirbhshethra go humhal, agus smachtaighedh go carthanach gan ní ar bith do chengal díobh do bhiadh i n-aghaidh a n-anma nó a ríaghla. 2. Bíodh cuimhne ag na deirbhshethraibh gurab ar son grádha Dé do thréiccettar a ttoil féin, agus go ffuil d'fhiachaibh orra go daingen umhlacht do thabhairt don bhanaibb isin uile ní do gheallattar do chomhall nach bia i n-aghaidh a n-anma nó a ríaghla. 3. Bíodh an bhanab comhmuinterdha sin go mbá héidir leo labhairt agus caidreabh do dhénamh ria mar do dhénadh baintigherna lena cailín, ar an adhbhar gurab amhlaidh as cóir don bhanaib a beith na serb
óntaidh dona deirbhshethraibh uile. 4. Teccaisccim, agus comhairlighim mo dheirbhshethra in Íosa Críost ar Slánaightheoir go ccoimhédfaid iad féin ar uabhar, ar ghlóir dhíomhaoin, ar dhíoghaltas, agus ar shaint. Go seachóndáois iad féin ar chúram agus ar thathaighe an tsaoghail, ar mhonmar, ar ithiomrádh, agus ar neimhtheacht le chéile, agus ar choinntinn.
5. Bíd cúramach do ghnáth áondacht na carthanachta do chongmháil etorra féin agárab í as cengal don fhoirbhtheacht. An mhuinter ag nach fuil foghlaim ná bíd cúramach ag iarraidh foghlama. Acht os cenn an uile neithe bíodh cúram aca spiorat Dé, agus a oibriucchadh bennaighthe do bheith aca, agus do ghnáth urnuighthe do dhénamh chum Dé maille le croidhe glan, umhlacht, agus foighidne do bheith aca a ttinnes agus a ttreablaid, agus grádh do thabhairt do lucht a n-inghrema, a sprecctha, agus a smachtaighthe, ar an adhbhar go n-abair ar tTigherna: As bennaighthe an drong fhuilnges buaidhredh nó inghreim ar son an chirt ar an adhbhar go mbá leó ríghe nimhe agus an mhuinnter do dhéna buainshesamh go deiredh as iad sláineóchthar. D'oificc an doirseora. Cap. 11. 1. As cóir an doirseoir do bheith i n-áois iomchubhaidh dheiscréidigh agus abaidh a mbésaibh, agus a beith na comhnuidhe san ló a sealla osgailte ris nach bía comhla, agus compánach iomchubhaidh do bheith aice do ghéna a hoificc, agus a hionad an aimsir a riachtanais. 2. Caithfe an dorus dá chomhlaidh do bheith air le mbía a fhosgladh na lár, agus arna dhaingniughadh lé dá ghlas láidire agus barraoi, agus bultaoi iarainn do bheith air. ISan oidhche go háiridhe caithfe sé dá ghlas do bheith air maille le dá eochair, agus biaidh eochair díobh sin accan doirseoir, agus eochair eile accan mbanabbaidh agus san ló ní cóir a fháccbháil osccailti acht a bheith iadhta do ghnáth le héneochair, agus caithfid cúram speisialta do bheith aca gan a fháccbháil osccailte mar as ferr as éidir leo. Ní cóir dóibh ar mhodh ar bith an dorus do fhosccladh don mhuintir len mían dol isteach, muna raibhe ced aca ó naomhthacht an Phápa nó ón ccardional Protector as dídnighteoir don ord. 3. Ní cóir do dhuine ar bith dol istech isin mainistir ría n-éirghe gréine, ní cóir dona deirbhsheathraibh duine ar bith d'fhulang istigh íar ndol fáoi don ghréin, acht le cúis fhollais résunta, agus le riachtanas romhór. 4. Da raibhe ced acc easpog ar bith aifrionn do rádha astigh san mainistir, nó do thabhairt beandachta don b
anabbaidh, nó do choisreaccadh persann ar bith riaghalta, nó do chum ghnouighedh ar bith eile do bhíadh ríachtanasach, ní cóir dó do bhreith leis acht beccán comhlúadair, agus iadsin féin do bheith romhacánta iomchubhaidh.
5. An tráth bhías na riachtanus duine ar bith do dhol isteach do dhénamh oibre san ccloustar, caithfe an bhanab duine d'orducchadh le haghaidh an gheta nach léiccfe duine ar bith astech acht an mhuinnter atá ordaighthe chum na hoibre do dhénamh agus as cóir dona deirbhshethraibh a bheith ar a ccoimhétt gan a ffaicsin don mhuintir téid asteach chum na hoibre. Don uisitátor. Agus don confessor. Cap. 12. 1. As cóir do uisitátor a bheith d'ord na mbráthar minúr do réir thoile, agus aithne bhar ccardionáil agus caithfe sé beith na dhuine ar a mbia eólas a bheith deighbhésach dárab oificc certucchadh do dhénamh arna cennaibh, agus ar na ballaibh isna ciontaibh do rinneabhair i n-aghaidh fhoirme bhar riaghla. 2. Ar ndol asteach don uisitátor bíodh na shuidhe in áit choitchinn ionnus go mbá héidir a fhaiccsin ón uile d
uine. 3. As éidir leis labhairt le morán aca go coitchenn, agus le gach aon nduine aca fo leith do thaoibh an neithe bhenus le uísitation agus leis na neithibh do cífidhear dó féin do bheith iomchubhaidh. 4. Iarrmáoid fobhar an uird chédna tre charthanacht, agus tre ghrádh ar tTigherna, agus ar naomhathar San Fronséis go ffaghmaois confessor maille le compánach saccairt deiscréitigh ara mbia deghainm, agus dias bráthar túata aga mbía conuersáid bhennaighthe mhacánta do chum conganta linn inar mbochtaine mar fuaramar gonuicce so óna bráithribh minúra. 5. Ní cóir don chonfessor a dhol isteach gan a chompánach, agus ar ndol asteach dóibh caithfid beith in áit osccailte ina mbía radharc aca féin, agus aga ndeirbhshethraibh ar a chéile. 6. As éidir leo a dhol asteach do chum faoisidne do thabhairt don mhuintir leis nach éidir teacht gusan ngráta ó easláinte, agus do chum na Sacramainti bennaighthe, agus an ongaidh déidhenaigh do thabhairt dóibh, agus do léghadh oificce an anma an tan bhías neach in airteccal báis, agus do rádh aifrinn, agus oificce na marbh. Do thochailt nó d'fhoslaccadh uaighe as éidir leó daoine ele macánta
do bhreith asteach maille lé deiscréit na banabadh. Atá d'fhiachaibh orra mar an ccédna cairdionál do chardionálaibh na hEcclaisi Catolice Rómhánaighe do bheith aca, mar atá an tí orduighes an Pápa naomhtha dona bráithribh minúra ionnus go mbeidís umhal do ghnáth don Ecclais Rómhánaigh, sesmhach san creidemh Chatolici gomadh éidir linn an bhochtaine bhennaighthe, agus an umhlacht ar Slánaightheora Iosa Criost, agus a Mháthar bennaighthe do choimhlíonadh, agus an soisgél naomhtha do gheallamar do choimhlíonadh. Ann so críochnaighther riaghail na ndeirbhsheathar mbocht. Data Perusia .6. September an .10. bliadhain do phapdhaine ar n-athar naomhtha an 4. Innocent. An tAthair Aodh o Raghailligh, agus an tAthair Sémus o Siaghail do chuir a ngaoidhilcc as bérla an Riaghailsi, agus do sccríobhadh í sunna leis an mbráthair mbocht Míchél ó Clérigh don chonueintsi uird Sancta Clára a mBetelem a ngioll ar a nguidhe do shíor agus da ffagha bás ar phorsiún deirbhshethar do rádh o gach deirbhshiair lena ghrásaibh. .19. October.1636. Ag so síos an chuid ele don bhulla do dhaingniucchadh na riaghla. Ar an adhbhar sin ná sáraighedh, ná brisedh, nó ná tarcaisnighedh persa ar bith bhar litir, agus bhar mbulla daingnighthe, nó maille le hanndánacht leimh cur na aghaidh. Dá tteaccmhadh d'aon nduine so do dhénamh bíodh a fhios aicce go ttuillfe sé díoghaltas Dé uilechumhachtaigh, agus a apstol bennaighthe Pedar, agus Pól. Arna tabhairt amach i nASSIS .9. August .11. bliadhain dar bpápdhaine. Buidhechas do Dia . do naomhMuire bhennaighthe atá riamh na hóigh Do S. Fronsias bennaighthe agus do CHLARA bennaighthe. amen bíodh mar sin. Ar grádh na druinge sin adubhramar a dheirbhshethra grádhacha, guidhim siph tre charthanacht cuimhne do bheith accaibh in bhar nguidhe ar bhar nderbhráthair bocht, agus smuainedh go ffúair cáil éiccin shaothair ag sccríobhadh na Riaghla so dáoibhsi go coitcenn, agus go háiridhe don chuid accaibh léighfes nó éistfeas í. A mBetelem .21. October.1636.
{B 1647 17L} {U 0085} TIONNSGANTAR ANN SO TIOMNA AR MATHAR NAOMHTHA S. CLÁRA. IN AINM AN TIGHERNA AMEN. Edir gach iolmhaithes ele, dár ghlacamar ó ar ccothuighthech easlabhar Áirdrígh na trócaire, agus sin d'fhaghaíl uaidh go laethemhail, tré sa bhfuilmíd roichengailte imá mholadh, ar ar n-ord nó modh bethadh: innach ffuil do fhoirbhthecht ná do mhórtus da mhéd; nach móide atámaoidne cengailte aigesiomh é. A ndubhairt an t-apsdol cuimhnighidh nó aithnighidh bhar n-ord: Dia fén do róine slighidh, do thaispen sé d'fhocal (ó bhréithir) agus do esiomláir (agus ó ghníomh), agus ar n-athair naomhtha S. Froinsías fer gráidh agus lenamhna rofhoirbhthe na conaire cédna, do theguisg dúinne í. Creud aire sin a Shethracha soghrádhacha, nach dlecht dúinne comharthughadh (na) maithesa móraidhbhle do dhoirt Día oruinn imesg cháich, agus gur dheghmhes sé oibriughadh ionnainn, tré na fhoghantaigh, ar n-athair naomhtha S. Froinsías, ní hedh amháin ó amm ar n-iompóidh, acht roimhe mar an cceudna, ar mbeth dhúinn in nglasaibh díomháoine an domhain. Óir d'és a iompóidh (issé gan bráithre aige an uair sin) ag triall go tempall (no eglais) S. Daimian do, bhaile inar taidhlegh é le deghfhurtacht diadha, agus baoi arna choimhégniughadh go comhlán do thrégen an tsháoghail, sé líonta do shubhachus agus do shoillsiughadh an Sbioraid náoimh, do thairrngir sé sinne, do neoch ro choimhlíon ar tTigherna fa dheóigh. Óir ag sesamh ar bhallaighibh an tempuillsin (no na heglaisisin) dó, do ghair sé do ghuth ard tre fhraingcbhéurla ar ar oile bochtaibh, bádar ag áitiughadh ann sin, go ndubhairt: Tegaidh congnaigh lemsa isin tempallsa (eglaissi) S. Daimían, óir tiucfaid mná ann isa ndeghbhetha, agus a naomhchomhnuidhe, tre a n-onórfuidher ar nAthair nemhdha san egluis go huilidhe. Dé sin mesam mórthoirbhert Dé dhúinn, do neoch asa thuile trócaire agus carthanachta do dhiongmhálaigh na nethesi do thairrngire tre na shearbhfoghantaigh fén, dar n-oirdne agus dar ttogha, agus nach orainne amháin do innis ar n-athair naomhtha na neithesi, acht mar an cceudna arna páirtighibh bhías na d
iaigh so ag an ord gus ar thóchuir ar tTigherna sinn.
Ar an adhbhar sin creud é an cúram d'anam agus do chorp le a ffuilmid cengailte do choimhéud aithenta Dé, agus ar n-athar naomhtha S. Froinsías, ionnus maille re grásaibh Dé fa dheóigh, go ccuitighmís les a thallann ar bhfás go líonmhar. Ni huime amháin do suidhighiodh sinne re ar tTigherna dar mbeth mar esiomláir don druing domhanda, acht fo leth dar n-uile Shethrachaibh do neoch sheolfus sé i slighidh ar mbethadh ionnus go mbedís mar an ccéudna na n-iongnadh agus ina n-esiomláir dona tuataibh. Do bhrígh gur onóraigh ar tTigherna Dia sinne lena chomhardso do sdaid bhethadh as go bhfoigheonmáois mar fhotha agus mar esiomláir don dhruing, do dhlighfedh bheth na sompla ag daoinibh eile, caidhe (a mheud) dleghar dhínn bendughadh agus moladh ar tTigherna Día, agus ionnas go ndeunmaois maith, ar mbeith go hurgháirdech tridsion nísa mhó. Cidh tra acht dá lenam go diadha an fhoirm remhráidhte, fúigfem deghshompla ag an lucht leanfas sinn, agus d'és shaothar ngairid do gheubham toradh na bithbeatha. An tan do dhiongmhálaigh dhúinn ar nAthair neamhdha tre na mhórthrócaire agus grásaibh, gur shoillsigh mo chroidhesi, isin modhsa ionnus tre shompla agus tegasg ar n-athar naomhtha S. Froinsías gur thionnsgnas dénamh pennaide: gar d'és a chlaochmhóidhsiomh, do gheallasa maille re huathadh sethar do chengail ar tTigherna dhíom, gar tar és mh'iompóidh, umhla thoilemhail dósomh, mar do shéid Día ionnainn tre sholus a ghrás, lena bhetha mhiorbhuiligh, agus lena thegoscc naomhthasomh. Arna bhrethnughadh do S. Fróinsias gé do bhámar ó náduir anbhfhann éccrúaidh, nár eglaighemar uiresbhaidh, sáothar, treabhlaid, ná tarcaisne an tshaoghail, acht gur mhesamar na nethesi uile mar thaithnemha móra, amhail do dhearbh sé le sompla a bhráthar, do lúthg
áirigh se inar tTigherna, agus do ghluais maille re mórcharthanacht chuguinne, agus do chengail de fén, agus dá bhráithribh gnáthchúram griongalach do bheth aca umainne. Tégmídne mar an cceudna le toil nDé, agus ar n-athar naomhtha S. Froinsias, fa thuairim eagluisi S. Daimian d'áitiughadh ann sin; go doith i ndiaigh na haimsiresin do iomdhaighidh ar tTigherna sinn in nuimhir tre na mhórthrócaire fén, ionnus an uairsin gur coimhlíonadh an ní do ráidh ar tTigherna le na sherbhfoghantaidh: ór do áitighemairne in ionad ele ar ttús. Gar beg iar sin do sgríobh sé chugainn an modh betha so, agas céudamas go mbuainshesmaois san mbochtaine roibhendaighthe si.
Nír lór les ar ttegosg chuige sin re na bheó, maille (re) Sermonaibh mionca agus le comhairlibh dár ccomhghlúasacht do chum grádha Dé agus deaghchoimhéuda na bochtaine bendaighthe sin: acht mar an cceudna tug dhúinn iomad sgríbhenn, ionnus d'és a éuga nach claonfamáois ón mbochta mbenndaighthe sin, ar lorg esiomláire Mhec Dé, ar mbeth san sáoghal sa dhó nár fhágaibh riamh í; gurob í mar (an) ccéudna do choimhéd, agus do onóraigh ar n-athair naomhtha S. Froinsías gona bhráithribh re na ré. Cidh thrá acht, misi Clára, sherbhfoghantaidh agus innilt Chríostt, agus na sethar mbocht ó S. Daimian, gé mídhiongmhála mé, planda beg ar n-athar náomhtha S. Fróinsías ag a mhes so dhamh agus dom shethraibh ar chena, agus na chenn sin airde ar bprofession ar na deunamh d'athair mar so, d'egla ar n-aibrisge, agus aibrisge ar oile iar mbás ar náomhathar, do neoch ba carrac thuinighthe, agus ba comhfhurtacht tánaisde dhúinn in aice Dé: arís agus arís cenglaim me fén don bhaintigherna bhendaighthe an (no don) bhochtaine, ionnus fa dheóigh na sethra atá agus tiucfa d'és mo bháis, nach ccláoindís ar áonmhodh ónní céudna. Do bhádhus cúramach do ghnáth (maille re grásaibh Dé) um choimhéd na bochtaine si, agus d'fhuráilemh a coimhéuda, agus do bharr daingnighthe do rinnes proifesion air sin, do chum ar n-athar bhenduighthe an cethramhadh Innocent Pápa, sa aimsir inar thionnsgnamar, agus do neoch do athnuaidhigh í dá chom
orbaibh, ionnus choidhche ar aonfháth nach cclaonfamáois ón mbochtaine mbendaighthe si, do gheallamar do Dhia, agus do S. Fróinsías. Cidh thrá acht, ag fecadh an ghlúin damhsa, máráon ó anam agus o chorp, san uile umhalóid aithnighim; no táobhaighim le hEglais na Rómha, lé ar n-athar sic bendaighthe an Pápa, agus go háiridhe les an cháirdional sa chumairghe, maille risna bráithribh mionúra arar fágbhadh inn, ionnus ar ghrádh Dé rugadh le bochtaine adhbhalmhóir isin eachlais nó isin mhainsér, do bhí bheó bocht isin sáoghal so, agus fhuair bás go bocht isin chroich, go ccumhdaighdís an tréd beg sa thárraidh Día an tAthair ina eaglais fén, tre bhríathraibh agus somplaibh ar n-athar naomhtha S. Fróinsías; ag furáiliomh orra lenmhuin umhlachta, agus bhochtachta a Mhec dhílis ghrádhaigh fén, agus a mháthar náomhtha, agus aga thabhairt fo dera coimhéud na bochtaine bendaighthe do gheallsam do Dhia agus do S. Fróinsias, agus da nertughadhsomh do chum a coimhéuda. Agus mar tug Día dhúinn ar n-athair naomhtha S. Froinsias mar fhothaighthech, agus mar chongantaidh i serbhís Dé, agus isna nethibh do gheallamar do Dhia agus dosamh, agus amhail do bhí sesion
friothghnamhach ar fedh a bhethadh um lesughadh a los mbeg sinne, le bréthir thegaisg, agus le hesiomláir: mar so táobhaighim agus fágbhaim mo Shethra atá, agus bhías, ag comhorba S. Froinsias, gus an riaghail uile: ionnus go ccungnaidís linn do ghnáth, do chum foghainte do Dhía, agus do chomhall agus do choimhéud na bochtaine bendaighthe. Madh thegmhann (in én) aimsir dona Seathrachuibh do ráidhes fágbháil a ccríche no a ccathrach, do dhul in ionadh ele, dlighid go daingen d'és mo bháis, gíbé áit i mbíd ar bioth, an bhochtacht do gheallsam do Dhía agus do S. Froinsías do choimhéd. Gíbé dhíobh bhías in oificc, maille les na Sethraibh ele bheós, bíd ar a ccoimhéud gan ní as mó d'fherann do ghlacadh, iná a ngérriachtanus, mar atá lubhgort do chungnamh a ccothaighthe; agus dá regar a les ní as mó d'fheronn do chosnamh nó dho chaomhmaisi an chlobhsdra, ná glacaid acht an mhéd as ríachtanus amháin, bhaile nach ttreabhaid agus nach síolaid. Tegaisgim sibh a Shethracha uile, atá, agus bhías, go saothruighe sibh lenamhuin luirg na simplidhechta, na humhlachta agus na bochtachta: agus mar an ccédna chnesdachta chomhluadair bhendaighthe, mar do múinedh dhúinn i ccéudtosach ar ccláochmhóidh ó Chríosd, agus ó ar n-athair náomhtha S. Froinsías, ionnus nach tré ar ttuillemha fén, acht tre thrócaire an tabhartaigh thiodhlaicthig, Athar na trócaire go rachadh tásg ar ndeghclú i ccén agus i bhfogus. Agas ar ghrádh ar ttigherna Íosa, bíodh edraibh aondacht gráidh. An charthanacht inmhedhónach atá ionnaibh, taisbénaidh í go foirimiollach le bhar ngníomhradhaibh, ionnus tre bhar sompla, go bhfásfadh grádh Dé, agus carthanacht chumaidhe isna Sethraibh tig fa bhar ccuing. Mar an ccéudna guidhim gach áon, dá ttoghthar do chum oificce edir na sethraibh, go smuaindís dersgnughadh do chách, i subháilce agus i ccomhlúadar chnesda, ni as chóra iná in ughdardhas, agus in oificc, ionnus mar sin tre na n-esiomláir go nglúaistí na Sethra táinig san riaghail rompa d'umhlughadh dhóibh, ni hedh amhain ar aba a n-oificce, acht ar a ngrádh. Bíodh an bhanabb cúramach cáonbharrach timchioll a Sethar, mar mháthair mhaith imá cloinn. Dénadh (sí) oirichill fhriochnamhach ar gach aon aca na ríachtanus, don almsa bhús áil lé Día do chur chuigthe. Bíodh sí coimhmilis agus comhmuinterdha sin don uile, as go fhfoillseóchaidís na Sethracha dhi gan egla gan chuntabhairt gach riachtanus na mbíd, agus as a bhfédfuid rém comhdhána do bheth aca dhá hionsoighidh.
An tráth mhesas an bhanab, agus na sethra aoinní d'esbhaidh orra, cuimhnighid na sethra atá umhal, gurob ar ghrádh Dé do thrégettar a ttola fén: Cidh thrácht as áil liom, go mbedís umhal dá máthair, amhail do ghelladar da ttoil fén do Dhia, ionnus ó do chífedh a máthair an umhlacht, an charthanacht agus an áondacht do bheth aca dhá chéle, go n-iomchóradh go hurasa a fedhm oifficce. Do bhrígh gurob trom serbh sin, as égin dóibh tre na ccomhluadar bendaighthe íarraidh do thabhairt ara iompódh i millsiocht: agus ód chíther go ffhuil an cosán cumhang, agus an dorus dírech, ghlúaisios do chum na betha, agus gurob beg imghes ann, ná búainshesas, as benduighthe an drem do ghebh mar ghrásaibh imthecht, agus sesamh air sin go deóigh. Cidh thrácht bíomáoid coimhéudach, ó tharla dhúinn dul istech i slighidh ar tTigherna, nach sechnamáois an tshlighidhsin tré choir na tré mhainnechtnaighe, nach dénmís indlighiodh ina aghaidh (ar tTigherna) ná (in aghaidh) a mháthar benduighthe an Óigh ghlórmhar Muire, ná dar n-athair naomhtha S. Froinsías, ná don Egluis bhúadhaigh mhíleta: or sgríobhthar, Mallaighthe an chuidechta chláonus óna n-aithentaibh. Do fhagháil na ngrásso sléuchtaim don Athair nemhdha, tré thuillemha ar tTigherna ÍOSA, agus a mháthar benduighthe, ar n-athar náomhtha S. Fróinsías agus na huile náomh, go madh toil lé na mhórdhacht ndiadha, do neoch tug tosach maith, grása do thabhairt mar an ccéudna, go meuduighiodh sin, agus go mairedh amhlaidh gan esbhuidh go héug. A shethra sercacha soghrádhacha, do neoch athá agus bhías, ionnus gomadh ferrde do bhúainshesfáoi in bhar ríaghail, fágbhaim agaibh an sgríbhennsa i ccomhartha bhenduighthe ar tTigherna, agus bhendacht ar n-athar naomhtha S. Fróinsías, agus mo bhendachtsa bhar máthar, agus bhar Searbhfoghantaigh. Ann so críochnaighther tiomna ar máthar naomhtha, na hóighe glórmhaire S. Clára. Oraoid úaibh don DF. 1647.
Annso tionnsgantar bendachadh ar máthar náomhtha S. Clára ar a Sethrachuibh atáid agus tiucfaid. IN ainm an Athar, agus an Mhec, agus an Sbioraid Náoimh Amen. A mo Shethracha dísle deaghrádhacha, go ttuga ar tTigherna a bhendacht naomhtha dháoibh, agus go bhfécha sé oruibh le súil a thrócaire, agus go ttuga sé a shíothcháin dáoibh: agus maille re gach áon da ttiucfa astech agus anfas ann so inar ccoláisde agus inar mainisdir; go ttuga an ccéudna don uile nech ele dar n-ord shesfas go deógh isin mbochtaine bhenduighthe si. Misi Clára, serbhfhoghantaigh Íosa Críosd, agus planda beg ar n-athar náomhtha S. Fróinsías, bhar máthair agus bhar siúr, gidh mídhiongmhála me, íarruim ar ar tTigherna Íosa Críustt tre edarghuidhe a Mháthar ro náomhtha, agus náoimh-Míchél archaingil, agus an uile aingeal, agus ar n-athar naomhtha S. Froinsías, agus na náomh mbenduighthe, go madh toil leis go ttugadh, agus go ndaingnighedh sé dháoibhsi agus ionnuibh an bendachtsa in nimh agus i ttalmhain, ag iomdhughadh ionnaibh, ghrás agus shubháilcedh, ina eagluis mhíleta edir a sherbhfhoghantaibh. IN nimh, ina egluis iolbhuadhaigh, da bhar n-ardughadh eidir a náomhaibh. Do bherim mo bhendacht dáoibh rém bheó, agus d'és mo bháis, mar as édir, agus ní as mó iná as édir liom, maille leis na huile bhendachtaibh lér bhenduigh, nó le mbendeócha Athair na trócaire a chland spioradálta ar nemh agus ar talamh; nó maille re gach bendughadh do ní, no bhús éidir don mháthair Sbioradalta do dhéunamh ar a cloinn spioradalta, Amen. Grádhuighidh Día do ghnáth, bhar n-anmanna, agus bhar sethracha: Coimhéudaigh go cúramach do ghnáth bhar ngeallamh. Agus go raibhe ar tTigherna do shíor maille libh, agus sibhsi maille lessiomh. Amen.
Bulla an cethramhadh Innocent Pápa, do sholáthar ar máthar naomhtha S. Clára, do dheónughadh an tabhartais do rad an nómhadh Grioghóir Pápa. Nach ccoimhégnighther lucht riaghla do ghlacadh cíosa na sealbha. INnocent easpug, foghantaigh do fhoghantaighibh Dé, dar n-inghenaibh ionmhuine dísle, agus d'inniltibh Íosa Críosd, (do) Chlára banab, agus dona sethrachaibh ele ó mhainisdir S. Daimían in Aisís, atá, agus bhías, sláinte, agus bendacht apstolta. Ó do chíther go follus gur recabhair bhar máoin uile, do chum a tiodhlaicthe ar na bochtaibh, ní as ferr gur thrégeabhair smuaintighthe, agus saint na nethedh sáoghalta; do mhian sibh fén do dhortadh do chum Dé go huilidhe, agus go bhfuil rún daingen agaibh, gan sealbh ar bioth, na máoine doghlúaisde, do chongbháil agaibh ar aonchor, ag lenamhain san uile ní, luirg an tí do bhochtaighedh ar ar son, an tSlighidh, an Fhírinne, agus an Bhetha. NÍ hédir do ríachtanas ná d'esbhaidh na netheadh ccorpardha bhar ccriothnughadh ón deghrún daingensa, an mhéd go bhfuil clélámh an chéle nemhdha fá bhar ccenn, do chothughadh anbhfainne adhbhalmhóire bhar ccuirp, do neoch do cláoi sibh do dhlighedh na spioraide, maille re móirthes charthanachta. An Tigherna úd bhethuighes énlaith an aieóir, agus éudaighes losa an talmhan, do bheura a lúaighecht dáoibh maraon ris fén i SSíordhuidhecht; an úair fháilteóchus a dheslámh go glórdha roimhibh, ar a radharc foirfe fén. Ar nglúasacht dúinn les so, do bhríogh go n-iarrtháoi oruinn tre umhlacht adhbhuil, go ndaingnidhmís dáoibh, lé ar ttabhartus nó ar n-aonta apsdolta, an t-aignedh do g
abhabhair do láimh do lenmhuin na bochtaine ro airde; do bhermid dháoibh do bhrígh na sgríbhenn so do láthair, nach ccoimhégnighther sibh le duine ar domhan, do ghlacadh, d'fhagháil, nó do choimhéud Sealbha sáoghalta ar bioth. Da ttegmhadh aonmhaighden nach déunadh, nó nach bhféudfadh coimhéud na riaghlaso, ná bíoth sí agaibh, acht cuirther í go háit égin ele. Ar an modh ccéudna ordaighmíd agus toirmesgmid, gan aoinphersa, gibé ar bioth bhús cáilidhecht nó bhús coingheall dó, do bheth comhdhána agus sin ionnus go mesgfadh bhar mainisttir: agus da
ccuiredh clérech ná tuata, ga mbeth a fhios so ar n-ordaighthe agus ar ndaingnighthe, cathughadh i modh ar bioth, do chontrárdhughadh an nethe céudna, agus a bheth ar na chronughadh agus ar na chosg trí húaire éxamhla, nach lesaighenn agus ná sásaighenn a mhímhén, cuirfidher é as a oifficc, as a dhighnid, agus as a onóir. Agus ionnus go mbeth a fhios ag cách gurob damanta tre na lochtaibh a lethéd so do dhuine do dhlighedh Dé, gerrfuidher amach é ó náomhchumann na ccríosduidheadh ccredmhech: agus budh ciontach é ón díoghaltas diadha lá an bhrethemhnuis. Acht an drem as díles in Íosa Críosd, agus bhar n-ordsa, go háiridhe Mainisdir S. Daimian, go raibhe síoth Dé maille riú, ionnus fa dheóigh go bhfaghdáois toradh a ndeghoibrech, agus tuillemh na bendachta biothbhúaine i ló an bhrethemhnuis dén déghenaigh. Íosa gurob é fén an maithes, go ttuga a bhendacht donn druing, do neoch choimhéudfas cisde na bochtaine bendaighthe fa na ndithcheall. Amen. MINIGHTHE AGUS ORDAIGHTHE do rinedh ar riaghail ar mathar naomhtha S. Clara d'áonta na n-uachtaran 1622. Tionnsgantar and so na mínighthe, agus na hordaighthe do rónadh ar riaghail S. Clára boichte riaghalta. Ar ttús cuirther síos dá liter chuimhnighes derbhadh, agus daingniughadh na mínightheadh agus na n-orduightheadh ccéudna. ar na sgríobhadh, agus ar na ccur úadha don athair fhiréunta (inar tTigherna,) don bhráthair Uilliam Cassall, Minisdir generalta na mbráthar mionúr; do sgríobhadh liter dhíobh sin, do chum a inghine umhla boichte fén an tShiúr Collet, an chédbhen riaghalta do aithchertughadh an uird sin S. Clára: Do sgríobhadh an liter ele i ccoitchinne chuigthesi, agus fós gusna huile Shethrachaibh ele na riaghla remhráidhte. Ag so síos brígh na cédlitre. A Inghen onórach, chráibhthech i nDía, Sláinte chugaibh i cCriosd ar tTigherna, céle fíre na n-ógh. Do ghlacus bhar litrecha agus do chualus aithris bhar bhfaoisidmhigh um dhála dhaingnighthe, agus dherbhtha na sdatúitedh do chuiris, agus d'fhuráilis do thabhairt
dom láthairsi: iadsin dno gidh atáid ro oiremhnach, agus fós iomchubhaidh d'fhíorchoimhéud bhar riaghala benduighthe; Tar a chenn sin, don chédfheuchain tugus orra sin, do conncas damh a mbeth docamhlach ar mhodhoibh égin: Cidh tra acht do bhádhas (ar an adhbhar sin) in ngné bhuaidhertha agus trebhlaide, gur chuires an chúis i muinighin ar tTigherna Íosa Críosd, agus thuillemha S. Antóin bhenduighthe ó Phadua, (da madh mhian damh ar Dhia gorbham cráibhthech diongmhála,) fa dheóigh do furáiledh orm (mar chredim dháríribh, tre thuillemh an naoimh ghlórmhair sin S. Antóin) gur cuiredh na sdatúitte remhráidhte go háiridhe ó Dhía. Cidh thracht do chinnes agam fén, nach eadh amháin a ndaingniughadh, acht go mórmhór mar an ccéudna a n-órdughadh, a bhfoillsiughadh, agus a n-ughdardhásughadh. Gurob iadsin dno anois (chuirmid chugadsa, agus gótt inghenaibh) arna n-ordughadh, ar an bhfoillsiughadh, ar na nertughadh, agus ar na seulughadh re séula an uird, maille ris an sollamhantacht, agus ris an derbhthacht bhenus da shamhuil do ghnoaighibh, máráon tré ughdardhás ar n-oificce, agus na caibidle coitchinne, amhail mar an ccéudna tre ughdardhás pápamhuil agus apstolda, do neoch fhoghnus dúinn im an nísi: ag tegasg, agus ag comhairlechadh na n-inghen ccráibthech sin atáid agus tiucfaid, go nglacdaois na sdatúide sin re mórchrábhadh; agus go n-indilldís iad fén go foirfe umhal, efechtach do chum a ccoimhéda; agá mhes dóibh go demhin gurob léna ccoimhéud sin (tre thuillemha an athar roghlórmhair S. Fhroinsiais, fhothuighthigh a ríaghla bennuighthe, agus tré thuillemh na hóighe roidhiongmhála S. Clára, céudphlanda an mhuighe mhórthorthaigh sin) (.i. na ríaghla benduighthe) (iomdhaighes go rolánmhar i bhfertaibh) bhuaidheóchuid lánlúaighecht na bethadh síordhuidhe. Gurob lesna hinghenuibh sin, agus letsa ar tús, aththaobhuim mé fén íarras oraibh imá-le Dia do edarguidhe orm gidh um roimhídhiognmhala. A Genebha .a.o Dni. 1434. .28. lá do Sheptember. Ag so síos suim an dara litre. Sláinte inar tTigherna ÍOSA Críosd céle fíre na n-ógh; cuiridh an bráthair Uilliam Cassall generáll uird na mbráthar mionúr, agus maighisdir in náoimhdhíadhacht gus an siaír Collet ríaghalta (in ÍOSA Críosd) fothuighthech mhórán Mainisdrech (inghen mbocht mionúr Sh. CLÁRA,) do cumhdaighedh agus do tógbhadh san tráthsa i rannaibh na Fraingce; agus go banabaibh, agus gus na
huile Shethrachaibh eile na mainisdrech ccéudna, agus gus na huile choimhthionóluibh ele da ttá agus da ttiucfa, da ttoigeubhthar, agus dá ccuimhdeóchar, fón fhoirm agus fán modh bethadhsa. Caidhe a mhéud go míorbhuileach do fhásadar mórthuillemha na maighdine úaisle, agus na baintigherna bendaighthe S. Clára fo S. Froinsias náomhtha, athair agus ionchosgaigh an uile bhochtaine, agus náomhthachta; agus cionnus atáid na tuillemha sin ag soillsiughadh in náoimheglais Dé, agus ni hedh amháin ó chéle na n-ógh ó ar tTigherna Íosa Críosd as follas(sin) tre san lúagh tugadh dhi i ríoghacht nimhe, agus tre chémennuibh náomhtha náomh nglórmhar párdhais, do neoch chíalluighes súaimhnes suthain; gurob isna cémibh sin, edir na hóghaibh egnaidhe do glóirighedh agus do córónuighedh ísi go húathach: acht mar a ccédna san aimsirsi anois do foillsighedh go fáoilidh sin, agus do hoirdhercadh tre san moladh mór agus tre san deghthesd diongmhála tugadh uirre isin eacclais sin Dé, agus go háiridhe tré san n-iomad ógh ccráibhthech agus pherson n-oirdhearc ele, noch in ord a bethadh benduighthe agus a comhluadair mhilis, do rér a sompla, ag tethemh agus ag fágbháil ghúasacht an tsáoghail trúaighbhél, téd agus rethas go daingenchúan derbhtha an chreidimh; dá bhrígh sin as móide dhlighmíd buidhechus do Dhia tre a mhéd ad chímíd san amsa, an náduir dháonda ar ccláonadh do chum uilc; agus ar a shon sin tre chungnamh Dé nach dealuighenn do ghnáth an profession bendaighthesi ré sáthadh agus ré síoladh phlandadh núadh, gan echtrannughadh ó ordughadh an athar náomhtha S. Fhroinsías, ná ó shliochtlorg na máthar glórmhaire S. Clára, do neoch shires le haintes adhamhra, an ríaghail agus an fhoirm bhethadh (tugadh lesin S. Fhroinsias) (cédna) (dhóibh, agus do coimhédadh go hamhra lena máthair ghlórmhair S. Clára,) d'fhoillsiughadh agus do nertughadh le mínighthiph, agus le hordaighthibh oiremhnacha, ionnus go mesdáois iad fén iar bhfíor na lorgairidhe ar a comhnáomhtha so do mháthair, agus na ccuibhrenncha má tuillemha glórmhara; etorra sin, ód chím agus go sáoilim thusa a shiur Coillet reamhráidhte, ríaghalta, agus at inghin in ÍOSA Críosd, (do rér na baintigherna benduighthe) ad mháthair mhaith, ad patrún, agus ad edarghuidhthech, ag an sgríbhennuibhsi, do neoch atád do chum ciúnuis a ccoinsías, agus do chum innille a n-anmann, agus fós do chum gnáthnirt coimhéda a riaghla: Inne ar ngluasacht lé bhar n-athchuinghidh chirtsi, agus tre bhar n-urnaighthibh umhla imá-le, do bhrígh an ughdardháis apstolda tugadh dhúinn uime so, cuirmíd chuguibh, (edir banabuibh agus sethrachaibh gach Mainisdre, dar fothaighedh maille le grásaibh Dé, agus libhsi fon phroifesion agus fón
riaghail remhráidhte agus gusna huile shethrachaibh ar aile mhainesdrech, noch tóigébhthar isin fhoirm, agus isin modh cceudna) na mínighthe, na sdatúide agus na hordaighthisi do chum a ccoimhéuda do ghnáth; siad ar na ndéunamh go habaidh, agus le mórchomhairleachadh arna ccumadh, agus mar do ráidhedh roimhe arna n-ughdard
ásughadh anois le hughdardhás apstolda, agus le ar n-oifficcne mar an ccéudna, agus les an chaibidil choitchinn. Gonadh íad na mínighthe agus na horduighthesi, as móide as inmhesda, agus as coimhéudtha dháoibhsi go dúthrachtach, a mhéd agus a dhithcheallaighe do féuchadh, agus do sgrúdadh, agus do derbhadh go hoirdherc íad lesna haithrechaibh roifhíréunta (in ar tTigherna) lesna tighernaibh Cairdionala na Croiche naoimh agus S. Angeall, léugáide apsdolda, ba fiadhain a ndénmha ag comhairle bhendaighthe Bhaisill, agus le hiomad ele do dhoctúiribh díadhachta, agus mar an ccéudna le mórán do aithrechaibh onóracha, do bhí rochlúmhar ar iomláine a mbetha, agus a bhfoghloma. As so síos na sdatúide, agus na hordaighthe sin. Ar tús as édir dona hinghenaibh agus dona sethrachuibh i gCríosd gibé dhíobh lenab áil a chur i ccesd, an trésan móid bherid aga ccédphrofesion, an úair gheallaid coimhéd foirme bethadh a riaghla, bhíd cengailte tre aithne do lenmhain an tshoisgél náomhtha i. na comhairlecha mar na haithenta
bh: as é fáth do chuirfedh san chuntabhairtsi iad, do bhrígh gur hiomráidhedh fa thrí san fhoirm bhethadh ud, an Soisgéul benduighthe do lenmhuin; amhail adubhradh ar ttús i ttosach na foirme betha
sin; Así so foirm bhethadh uird na Sethar mbocht noch do orduigh S. Froinsías: Coimhéud naomhshoisgél ar tTigherna ÍOSA Críosd, marthain in umhla, gan díslidheacht agus in ngenmnaidhecht. An dara ní, adubhairt: do phósabhair sibh fén leis an Sbiorad náomh, ag togha bhar mbetha do rér fhoirbhthecht an tShoisgél náomhtha; an tres ní fa dheóigh, bhaile i ndubhairt: Coimhéudam do ghnáth an náomhshoisgeul mar do gheallsam go coingheallach. Um chenn na cuntabhartasin, agus na cúisi má ttiucfadh, as mían linn oirichill do dhénamh ar choinsíansaibh na sethrach sin, agus gach decair fhéudfam do thógbháil díobh; fregram go foirmeamhuil don nísin do fregradh re mórán Pápadh, mar atá an tres Niocól pápa, agus an cúigedh Clemétt pápa, ar a samhuil sin do chuntabhartaibh do rónsad na bráithre mionúra ar na pongcaibh cédna na ríaghail .i. go mbeith d'fhiachaibh ar na sethrachaibhsin an Soisgeul náomhtha do choimhéud (trésan móid bherid aga bprofession an úair gheallaid coimhéud na foirme bethadh úd .i.
a ríaghla) isin modh ara ttug ar tTigherna uaidh é .i. gach uile ní dar haithnighedh san Soisgéul, dlighid a ccoimhéud mar aithentuibh; agus na nethe ele do comhairlighedh isin Soisgéul, dlighid a ccoimhéd mar chomhairlibh, agus fós mar aithenta cengailte, dleghar dhíobh gach comhairle Shoisgéulta, da ccuirter na bhfoirm bethadh, fa bhréthir, nó fa mhodh aithne, do dhiúltaighech nó dhemhnighech, nó fa fhocal bhús coimhnertmhar riú. Gidh edh ní fhuilid cengailte um choimhlíonadh comhairledh ele an tShoisgél, acht mar gach Críosdaidhe ar chena (acht amháin dho bhrígh gur iodhbradar go háontadhach, agus go ttugadarsan íad fén do lenamhuin shompla ar tTigherna Íosa Críosd, ag tarcaisniughadh na séud saoghalta, iarraidh a bprofession go ttrialldaois go foirbhfecht ní as mó ináid Críosdaidhedha ele.) Na nethe ele atáid isin fhoirm bethadh úd, do aithentaibh, do chomhairlechuibh, agus do gach ní ar bioth dar cuiredh ann, tre mhóid a bprofessioin, ní fhuilid cengailte dhíobh, acht fán modh áiridhe a ffuilid isin fhoirm bhethadh sin; .i. do thegosgaibh, mar thegosga, do nósughadh mar nósughadh, do chomhairlighthibh mar c
omhairlighthe, agus do gach uile ní ele atáid cengailte san fhoirm(sin) agus ar an modh cceudna a ffuilid síos ann sin, agus ní fhuilid ar aitherrach. DO DHUL ISIN RÍAGHAIL BHENDAIGHTHESE. CAIB. I. Gidh atá i ttosach an dara caibidle don fhoirm bhethadh, gurob édir don bhanaib gach áonm
aighden do ghlacadh mar shiair, maille re comháonta na coda as romhó dona sethrachaibh, ar bhfagháil a cheda roimhe ón tigherna Cairdionál Dídnightheóir an uird; Tar a chennsin, ag brethnughadh dhúinne; cheudnahindill an uirdsi arna fhothughadh ar tús i ngoire do chúirt na Rómha, agus don tigherna Cairdionál remhráidhte, agus sé anois in imchén úatha sin; a ttáobh ghéurbhochtaine na setharsin, agus na ndecrach rigfidís a les do chur gus an tigherna Cairdionál sin d'fhagháil an cheda chéudna; arna mhes fffós go ttugadh go hiomlán follamhnadh agus sd
úradh an uirdsin don mhinisdir choitchenn, agus do phrouinsialuibh uird na mbráthar mionúr les an chethramhadh Innocent Pápa, agus le mórán ele dona pápadhoibh; ar an adhbhar sin foillsighmidne agus adermid go bhfuil ughdardhás ag an minisdir choitchenn (nó ghenerálta) ar fedh an uird go huilidhe, agus ag na minisdribh probhinsialta ina bproibhinsibh, agus gha mbiocáiribh
ced do thabhairt don bhanaibb an drong bhús iomchubhaidh thréiges an sáoghal do ghlacadh mar shethrachuibh do neoch choimhéudas agus chongbhus cuing na riaghla. 1. Ar an adhbhar sin ordaighmídne do rér (orduighthe) an cethramhadh Innocent Pápa, an uair fhuráilfes áon í fén do iomchar na riaghla sa (re siú athraighes a héudach sáoghalta agus ghlacas aibíd riaghalta) go ffhoillsighther dhi, na poingc rochruaidhe dhocamhlacha atáid re a ccoimh
i riaghail, ionnus d'és a glactha, nach beth siocair ar bioth aice do ghabháil a lethsgél ar ainbhfhios; agus ní géubhthar áoinnech, do neoch tré áois, tre thinnes, nó tré shimplidhecht amaidigh nach bí abaidh go hiomlán d'iomchor na riaghla so; óir as minic do sgriosadh agus do lagadh sdaid, agus nert riaghla tre na n-ionnamhuil sin. 2. Tuilledh ele, as áil linn agus ordaighmíd, go ccoimhédís na sethracha an modhsa ag glacadh áoinpherson isin ord; .i. an úair bhías áon do chum a gabhtha, go ccuirdís í ar tosach alla amuigh don ord go nech iomchubhuidh égin, ga mbí egla Dé agus grádh na mbocht, ionnus tré na chomhairle go roinntí a máoin ar na bochtaibh: agus aincedh an bhanab agus na sethracha uile, nach glacdaois (uatha) fén, ná ó nech ele áoinní do mháoin na muintire téd isin riaghuil, acht muna thegmhadh anní coimmbheg is sin, as nach fféudfadh an drong aga mbeth a fhios siocair drochbharamhla do bheth aca na n-aighidh sion, nó go ttiubhradh sisi téd istech ní égin dóibh, mar bhochtaibh ele, i modh almsan, do chosg a ccása an úair sin, nó ríachtanuis bhíos a ngar dhóiph, agus sin d'fhagháil da toil deónuigh fén. Óir íarraidh an fhoirm bhethadh, an drem téd istech do bheth sáor, agus a dhénamh réna máoinibh, amhail sheólus Día dhóibh. 3. Aincedh an bhanab agus na Sethracha ele mar an ccéudna, nach áontaighdís dóibh fén, do nech ele, ar a son fén, ná ar son áonnduine ele, cengal ná cunnradh do dhéunamh as a bhfionnfáoi gné Shiomontachta da laghad: agus fós ná fuilingdís don druing tig istech cugtha coimhéd do bheth aca ar áoinní da máoinibh sáoghalta a leth an tsháoghail fén, acht go n-iodhbraidís go nocht iad féin go huilidhe ón uile thalmhuidhecht, i lámhaibh ar tTigherna chéusda: Gidh edh da ttegmhadh áon dá nach ttiucfadh sgagadh comhullamh agus sin as a maithes aimsiordha, agus nar thoil di tuilledh ar énchor ar na nethibh do fháguibh sí ara hés; as édir
dhi ar an cháoi as fherr fhéudfus, cúram na máoini sin ar modh chinnte do chur ar dhuine áiridhe égin (ar a mbi egla Dé) go roinne sé í ar na bochtaibh. 4. Ionnus, da és so go mbedís na Sethracha ní sa riaghalta, ordaighmid gan aonnduine do ghabháil na riaghail, muna aithnighid go soillér, gurab ar ghrádh Dé do chédnethibh tig sí san ord agus ar les a hanma; agus nach glúaistter í cuige sin, amháin tre ghlúasacht chealgaigh, tré fhuráiliomh, tre choimhégniughadh, ná tre egla áondhuine; acht dá toil deónuigh fén, amhuil do thiucfadh ann go háiridhe do shédedh an Sbioraid náoimh; agus aincdis gan áon do ghlacadh san ord acht caitilcech credmhech go mén mhaith; nach ffúair sgandail phuiblidhe; bhías tuigsioch, comhlán i ccorp; da nach bí baramhuil ericdhecht; bhías sáor gan muirighin a máoine saoghalta; bhias gan chengal ag eschoitchionnughadh, ná ag crosadh achd da ttegmhadh a lethéd sin di, faghadh sí absolóid iomlán (re na glacadh) tre sna pribhilédibh tugadh uime so d'ord na mbráthar mionúr: Thairis sin foillsighter dhi, da ttuilledh sí ar an saoghal arís, go ttuillionn fós an t-eschoitchennughadh céudna, is a beth cengailte aige mar do bhí roimhe: 5. Mur an cceudna, go raibhe sí sáor, agus nach bí i modh cumhuile, .i. na banóglaigh; nó da raibhe, go bhfaghthar ced ona tigherna nó ona baintigherna, agus go raibh sí i n-áois dhá bhliadhan déug re ndul di in aibíd ríaghalta, agus ná glacthar áoinnech do chum proiffesioin go raibhe sí ocht mbliadhna déug; oir ní hédir dhi re san áois sin úalach na riaghla d'iomchur. 6. Ordaighmíd mar an ccéudna, gan áon do ghlacadh isin choraidh d'éis a cúig mbliadhan fichett, acht muna raibhe sí comhfhoghlomtha is sin as a ffhéudfadh foghloim léughtórachta na hoifficce díadha, gan roshaothar nó toirmesg do chách: Mar an ccéudna ná glacthar do phrofession áon dá nach édir rádh na hoifficce díadha lé fén amháin, nó a n-as lugha dhe le cách i ccoitchinne: agus ná glacaid áoinnech san ord, acht munab follus, gur iomchuir í fén go macánta, agus go maith ó áois a trí mbliadhan déug, go haimsir a glactha gus an cclobhsdra; agus ná glacthar aon iar n-áois .40. mbliadhan, acht muna raibhe sí
comhuasal is sin as a ttóigéubhadh a glacadh tuaith, is cill; nó muna raibhe sí coimhintlechtach is sin agus roláidir ionnus go mbiadh abaidh do chum foghnamha Dé, agus an uird do rér bhar Sdaide, agus bhar mbethadhsa. 7. Tuilledh ele ná glacthar in bhar n-ordsa áoinnech bhéras a phroifesion in ord ar bioth oile gan ced a bhanaibe, nó gan pribhiléd ón Suidhe Apsttolda. 8. Ordaighmíd ar an modh ccéudna, da ttegmhadh profession Nuásachain (nó Noibhisigh) ar bioth i mbáoghal ria ccionn bhliadhna, go nderbhadh an bhanab dhi i bhfiadhnuise na Sethrach, bíodh go ccaithfidhe an bhliadhain sin, nach ffhuighedh sí cert ar bioth isin riaghail, go ttigedh an aimsir i ccríochnóchaidís tre chomhuirliughadh abaidh créd budh indéunta dhóibh, i timchioll a profession, nó a telgen tar a hais san sáoghal. 9. An tan ghlacaid áon do chum professioin, légedh sí ar a glúinibh í ar bhéulaibh na banaba, agus abradh go suaimhnech do ghuth ard fhollusghlan ar an modh sa. IN AINM AN ATHAR: agus an MEC; agus an SBIORAID NAOIMH. AMEN. Misi an tsiur .N. gealluimm do Dhia uilechum
uchtach; don mhaighdin ghlórmhuir do Mhuire; dar n-athair náomhtha S. Froinsías; dar máthair náomhtha S. Clára; agus dona huile náomhuibh bendoighthe; agus duidsi a mháthair fhírénta abb, agus dot uile chomhorbaibh tigid at áit; go ccoimhéudfad re mo ré betha
, riaghail agus foirm bhetha
Shethrach mbocht S. Clára, noch tug S. Froinsías do S. Clára, agus noch do daingnighedh le ar n-athair bendaighthe an cethramhadh Innocent Pápa, ag marthain in UMHLA gan DÍSLIDHEACHT, agus i ngenmnaidhecht mar an ccéudna ag coimhéud chlobhsdra, do rér ordaighthe na riaghla remhráidhte. Ann sin geallaidh an bhanabb ghabhus í, an bhetha mharthanach dhi, da ccomhaille sí an mhóid sin do rad. 10. Ordaighmíd mar an cceudna, na fuilt do gherradh timchioll, ós cionn na cclúas, in aimsir an édighthe, agus ná fuilngid dá és sin choidhche fás a bhfolt go fada: acht go minic isin mbliadhain tre ordughadh na banaba berrthar fuilt na sethrach uile mar an ccédna; acht muna mestáoi tre aicíd nó anbhfainne égin gomadh iomchubhaidh a dhénamh aitherrach.
Do cháilidheacht a n-aibídeach agus dá n-éudaighibh. CAIB. II. Do bhrígh go ffhuil isin riaghail, agus isin fhoirm bhethadh, édaighe na sethrach do bheth bocht deróil. 1. Ordaighmíd agus cinnmíd, an deróile si do thigsin a ttáobh lóigh agus datha an éudaigh agus gé atá isin riaghail remhráidhte, ar mbúain a n-éudaigh sáoghalta don lucht téd isin riaghail sin, go ttiubhra an bhanab trí chóta agus aonchlócha ar iasacht do gach inghin ghlacus; tairis sin da ttegmhadh tre riachtanus, nó thinnes, no cháil na persan, na háite, nó na haimsire go rigfedh áoinnech aca a les tuilledh cótadh; foillsighmid don bhanaib (maille re comhairle na ndisgrédedh) oirichill iomchubhuidh do dhénumh ar an lucht atá i ríachtanus, aga mhes di go n-abair an fhoirm b
ethadh sin mar an ccéudna, go ndlighionn an bhanab oirichill dhisgrédech do dhéunamh ar a sethrachaibh fa éudach, do rér cháilidheacht na bperson, na n-ionad, na n-aimsior, agus na ríoghacht bhfúar, amhail do chífe sí oiremhnach dá n-esbhaidhibh. 2. As iontuigthe nach égin na trí chóta remhráidhte do bheth uile ar énnós; óir as uime tugadh an dá chóta chnis dóibh, dá ttédheadh, agus do d
éisi chuirp, agus ní dhlighid a mbeth uile ar éndath. 3. Ar an adhbhar sin as áil linn agus ordaighmíd, aibíd an uird do ghairm don tres cóta imiollach, gurab na égmais sin nach dlighthech do áon dona Sethrachaibh siobhal, ná codladh, ná a faigsin i bpuiblidheacht, acht muna mbrethnuighedh an b
anab nó an bhainbhiocáire maille re caomhaonta na coda as mó dona disgrédibh a aitherrach sin tre thinnes, tre laige, nó riachtanus fhollas égin ele. 4. Ní bhía an aibíd ag siubhal na talmhan tar és na sethrach má mbi ar a fad; agus ní bhía sí ní as lethne iná lethed .14. mbos; ní bhía fad na muinchilledh tar altaibh chaol na lámh. 5. Bíd na cótaidhe cnis do éudach dheróil gharbh, gan dúbladh lethair leó. Bíodh an clóca fós na éudach gharbh dheróil, gan cruinniughadh cúirialta ná imdhénamh maisioch im an muinél, ná bíodh comhfhad sin go soighfedh talamh, acht bíodh do ghnáth ina n-uile édaighibh taispénadh follus gairbhe, deróile, agus bochta, ima-le na modh dénta, na lúach, agus na dhath; agus ar an
modh so bhías an bhanab agus na Sethracha bhías in oificc, agus bíd in éudach coitchenn gan lethpháirt ar bioth. Bíd cresa na Sethrach coitchenn, deróil, gan cúiríaltacht ar bioth. 6. Tuilledh ele ordaighmíd, dona Sethrachaibh uile edir bhanaib agus aitherrach gan diffir ar bioth, a ccinn do c
umhdach maille risin uile umhlacht, macántacht, agus ríaghaltacht gan cúirialtacht ná díomháoines; agus fa dheóigh ionnus go madh móide do coimhéudfáoi so ag na sethrachuibh, agus ghá n-uile choimhthionóluibh, ordaighmid dona sethrachaibh uile a bhfeléd do ghabháil orra ar mhodh go ffaileóchdáois a ngnúisi begnach uile acht a súile agus a mbeóil, ionnus nach bhféudfadh áoinnech a n-aighthe d'fhaigsin choidhche go comhlán; mar an ccéudna bíd a bhfeléd agus a bhfíala coimhlethan is sin, agus ar na ngabháil ar mhodh go bhfaileóchdáois beg nach uile a ccinn, a ngúaille, agus a mbrollaighe. 7. Mar an ccéudna, as (áil) linn a bhfíala agus a bhfeléd do bheth do éudach gharbh, ionnus gomadh lér orra an bhochtaine maille re gére a bprofession. 8. Tuilledh ele, maille le toil na banaba áontaighmíd don uile shíair dá fhíala nó dhá challa dhubha, agus dá fheléd gheala do b
eth aice do chum a ngabhála uirre fa sech, agus dá ccongbháil do ghnáth glan gnáoiemhail. Agus aincid na sethracha nach rabhaid feléd imdhéunta, nó ghlainghréusacha ná calladha síoda, ná éudach lóghmhar ar bioth aca. 9. Ná gabhadh noibhísioch ar bioth an calla dubh, ria ttabhairt a proifession go follus, acht muna ttugadh sí a phroifession roimhe sin i ríaghail eile; acht gabhadh sí uirre go deghmhén sic an feléud bán, amhail ordaighius an bhanab, agus mar ba gnáth in gach am gus an úairsi. 10. Ionnus go mbedís ar leabthacha (cosmhail do sin) noch ara n-eugmaid; amhail adubhradh, bíd a mbrocacha ag na Sionnchaibh, agus a nid ag éunlaith an aieóir, gidh edh ní fhuil ag mac an duine áit i ccuirfedh a chenn; agus do bheth mar an ccéudna ní as fhuiriochra, agus ní as dicheallaighe ag érg
e do chum na ttráth, agus do aithris ar ar máthair náomhtha S. Clára, do luidh go minic ar an talamh lom, nó ní as córa ar Íosa Críusd náomhthacht na náomhthacht ag nach raibhe leabaidh ele acht an dísiort crúaidhghéur; Ordaighmid gan áoinshiur (muna raibhe sí tinn nó rolag) do chodladh ar cháoi ele acht ar shac líonta do thuighe, gus an ffhalach air bhúss disgrédech les an mbanaib; gidh edh dlighidh an b
anab tabhairt cheda go charthanach sic dona heslánuibh um shocamhal, amhail atá isin riaghail chena.
11. Tuilledh ordaighmíd, ar eng esiomláire Íosa Críosd, agus na hóighe glórmhuire S. Clára, go siobhlaidís na Sethracha coslomnocht i ccomhardha umhlachta, bochtaine, agus marbhthataidhe na tuigsena, ag techt amháin re hiallchrannaibh (fona ttroighthibh) ar a mbíd réubáin búailte do thairrngibh osa ccionn da ccongbháil orra. Don oifficc dhíadha. CAIB. III. A ttáobh na hoifficce díadha noch as égin dóibh do dhénamh i ló agus in oidhche, coimhéudtar so; riasna huairibh cánónta uile, gan mhoill iar mbúain an chéudchluig, tigid na Sethracha uile don choraidh, do ullmhughadh a ccroidhthedh do chum ar ttigherna, muna raibhe lethsgéul dlighthech aca fa ghnóaighe nach édir do chor ar cáirde, agus sin fá bhrethnughadh na banaba nó na bainbhiocáire, agus anaid ann sin gan imthecht gan techt, gan gáire, ná glórghuth, ná amharc díomháoin na ttimchioll, acht anamhuin uile imá-le re háonchródhacht i síothcháin, i socht, i ttromdhacht riaghalta, agus i ffíréntas dlightheach. 2. Ná benadh áon as fén imthecht as an choruidh an ccén bhíos an oificc dhíadha ga léughadh, acht muna bhfagha ced ón bhanaib, nó óna bainbhiocáire, nó ón tshiair do ní a hionad, go hiomlánadh na hoifficce uile. 3. Comhairlighmíd an uile shiur inar tTigherna Íosa Críosd; gíbé áite i mbíd do ghnáth go ccoimhlíndís an oifficc dhíadha go hairech edirdhelighthe áonghrádhach, agus go riaghalta, agus caithfid tionnsgnamh tochta an áoinfhecht; caithfid mar an ccéudna coimhshesamh ar áonmhodh ionann ó thús go deredh, ionnus go n-abartháoi do ghnáth an oifficc mhór ní as airde, agus ní as fosaidhthe iná oifficc ar mBaintigherna bendaighthe, agus iná oifficc na marbh. 4. Timchioll mhodha chluig oiffrinn, bentar é amhail (clocc) na n-uairedh ccánónta, agus mhodha suidhe, sléuchtana, érghe súas, fecaidh, agus sesaimh dhóibh i ndáil a chéle, lenuid na sethracha do shíor gnás na mbráthar mionúr, acht ar aisdibh égin nach iomchubhaidh dhóibhsion. 5. Tuilledh ele; ní ced d'áointshiair léughus (gibé ar bioth modh i mbí) anmhain ón choraidh in oidhche ná i ló, acht atá gremaighthe dona Sethrachaibh techt do chum oiffrinn, agus gusna huile uairibh cánónta, acht áos galair, cona lucht fritheólmha, le ced na banaba nó na bainbhiocáire, agus an drong in aimsir na hoificce
do bheth gnoaighech i bhfoghnamh égen choitchionn an choimhthionóil, d'fhios agus do ched na banaba: Agus ar an adhbharsin dlighid na hoifigigh uile remhfhéuchain ar a ngnoaighibh, agus ar a n-oifficcibh, ionnus go lúathaighdís orra ar mhodh go fféudfaidís fregra na hoifficce díadha isin choruidh mar chách. 6. Na sethracha (nach léghenn) agus nach bhfuil tinn, ná gnoaighech i bhfoghnamh ar oile, tigid mar an ccéudna don choruidh do choimhlíonadh na hoifficce diadha, noch atá cengailte dhíobh, agas sin in ionad égin d'ordughadh dhóibh: agus da bhfaghadh an bhanab nó an bhainbhiocáire áointshiur mainnechtnach sna pongcaibh remhráidhte, pennighther aca í, do réir cháilidhechta na caire. 7. Tuilledh ordaighmid, isin dá lá edir Fhél Muire mór agus Fél S. Clára, go cceilebhraidis náoi liachtana i bhFél S. Clára; i laithibh ele na hochtáibhe d'és na féle, déunaid coimmemhair ar S. Clára ag Benedictus agus ag Magnificat: ar mbeth do lá na hochtáibhe ar Fhél S. Ludoibhis, noch atá mórdhúbalta nó duplex maius, déunaid coimmeabhair ar S. Clára in easpart, agus i ttráthaibh. 8. Ordaighmid arís, in aimsir imresna coitchinn, go ttigdís na Sethracha go hairdegluis an bhaile, nó na háite i ccomhnaighid a ttráth fhoillsighe na himresnasoin dóibh go dlighthech, lesin druing dán dúal a dhéunamh, nó lé na ttechtairibh certa nó lé (na) sgríbhnibh; agus ann sin ar ndúnadh dhoras na hegailsi, agus ar n-echtrughadh na n-eschoitchendaighech, abraid na sethracha uile an oifficc dhíadha mar a derid oifficc ar mBaintigherna bennuighthe i bhféltibh simplidhe, ní ná suidhe acht ná sesamh, mar as gnáth: agus dá ttegmhadh, in úair an imresainsin, áon do áos foghainte an choimhthionóil nó áon dona sethrachaibh do thuitim i ttinnes ann sin astigh, déunuidsiomh a ccomáoinechadh na n-esslán, agus dá n-éugaid adhnaicther iad le guth ísiol ar ccur uatha mar an ccéudna na druinge ata crosda nó eschoitchennaighthe; tairis sin, ná tesdaighedh áoinní da mbenann d'oifficc na marbh nó an chomuinn. 9. Agus do bhrígh go bhfuil isin riaghail go n-abraid na Sethracha léughus an t-ord marbh, gan fhoillsiughadh an láe, na huaire ná créd an modh ná an t-ualach atá orra má chur dhíobh; atá do dhorchacht na sgríbhne, mar an ccéudna d'égsamhlacht bharamhla agus sgríbhneórachta uirre, nach fféudaim a fhoillsiughadh go cert cionnus as cóir a choimhlíonadh; ar an adhbhar sin dá chor ó chonntaphairt, agus ó dhecair da ttiugfadh tríd sin, do éuttrumughadh da ccoimhshiansaibh, agus fós do chabhair,
agus d'fhurtacht anmann mbocht na ccredmhech do chuaidh dh'éug; áontaighem, agus ordaighem, ó so súas mar do ghnáithighemar cheana .i. go n-abraidís na sethracha uile gach láoi an t-ord marbh le háonnochturn ag na Laudes, acht dardáoin, día háoine, agus día Sathrainn na Sechtmhaine náomhtha, agus mar (an) cceudna an tan léighid Dirige iomlán thrí nochturn. Na Sethracha danách eól léghadh abraid gach láoi mar an ccéudna ord marbh lé Paidrechuibh, mar atá isin riaghail. 10. Agus do bhrígh gurob riachtanus urnaighthe do chum dola ar aghaidh i bhfoghnamh Dé agus do chémniughadh i subháilcibh; ordaighmid da éffechtadh so, go n-ordaighter gach láoi dhá úair áiridhe, úair aca tar és thráth agus an úair ele ar és espairt, maille cethramhuin úaire dh'és choimpléde, do sgrúdadh coinsiansa. 11. Mar an cceudna do chongbháil an chuirp Soichennsa don spioraid, agus i ccuimhne pháisi, agus sgiúrsaidh chrúadhdáluigh ar Slánuightheóra náomhtha; ordaighmid mar an ccéudna go ngabhdáois na Sethracha sgiursa, fo thrí gach sechtmhain in aidbhent, agus i ccorghas, agus fa dhó gach sechtmhain ele isin mbliadhain; maille risin urnaighthe remhráidhte, as áil linn a ccoimhéd do ghnáth, muna sechantaoi tre shiocair égin ar fedh tamuill, noch légther fo dhisgréd na banabadh; gidh edh da ttegmhadh sin re haimsir fhada dlighidh sí comhairle na ndisgréttedh d'íarraidh. AN RIAGHUIL DO ABSDANAID. CAIB. .IIII. Do bhrígh go bhfuil isin riaghail go ndleghar dona Sethrachuibh trosgadh isin uile aimsir, a dermid na dheghaidh sin go ndlighid isin uile aimsir agus isin uile áit anmhain ó ithe feóla. Agus gidh atá isin riaghail an rádh so .i. um lá Nodluc, gibé lá ar a luidh, gurob édir dona Sethrachaibh dhá chuid do chaithemh; foillsighmíd nár cedaighedh dhóibh, feóil d'ithe isin ló soin, ní as mó ná isin uile dhomhnach, noch inar édir dona Sethrachaibh i ccoitchinne dá chuid do chaithemh, mar do ní an uile Chríosdaidhe i ndomhnaighibh an chorghais, do rér ghnáis agus ordaighthe ar máthar náomhtha na heglaisi. 2. Atá mar an ccéudna isin riaghail, gurob édir don bhanabaidh mar bhus iomchubhaidh lé toiliughadh go trócairech dona hógaibh agus dona hanbhannuibh do neoch arar ionchomharrthaighe, isin chedughadh so nach maith as édir lé háon coimsiughadh go
coitchionn ar riachtanus na háoisi, nó ar a hanbhfainne, do bhrígh go ttegaimh, go minic, drem do bheth ní as nertmhaire i ccionn tri mbliadhan ndéug, inás araile i ccionn a sé déug, agus drong mar an cceudna ní as gortaighthe agus ní as anbhfainne ó ghalor euttrom aithgherr, ináid aroile ó essláinte fhada adhuathmhair, da bhrígh sin, ar ttegosg dhóibh uile inar tTigherna go n-iomc
ruid íad fén isin uile ní coimhchríonna agus sin, ionnus gomadh mó dhealraighes carthanacht ÍOSA CRÍOSD etorra, ina crúadhgairbhe mhór mhídhisgrédech; tairis sin na shamhuil so, mar an ccédna ní háontaighthe don bhanabaidh a thoiliughadh go hurusa gan fhírríachtanus, óir tréna samhail so do d
ispensáidibh táinig go minic athlaige adhbhal in araile riaghlaibh. 3. Gidh edh féudaidh an bhanab nó a bainbhiocáire, maille re comhairle na ndisgrédedh dispensáidedh ris na hógaibh, ris na hesslánuibh, agus ris na hanbhfannuibh, asar édir dhóibh a ccuid do chaithemh go minic sa ló, an uair dáríribh rigid a les. Gurob dhóibh sin dlighid dénamh oirichle iomchuibhdhe na n-anbhfainne nó na riachtanus, ima-le do bhiadh agus d'easbhadhaibh ele. 4. Tuillemh ordaighmid go mbé duthracht dhíchiollach ag an mbanabaidh, ionnus dona halmsanuibh tig chuigthe, go lóinnedh sí go cubhuidh coitchionn dona Sethrachuibh do rér mhéde na n-almsan, ionnus nach mbeth siocair shechanta ná thrégthe a ttriall subhailech (ag na Sethrachaibh) na fhrecnarc mbenduighthe, tre dhíth coda cuibhdhe nó coitchinne. Do fháoisidin, agus do chommáoin: don fhaoisidmhech (da ngoirther confessor) agus da chompánuibh. CAIB. V. Ionnus go mbeth, agus go n-oiltí brígh ghloine cuirp agus anma edir Shethrachaibh an uird si, agus ionnus go ffásadh agus go méuduighedh do ghnáth grádh agus crábhadh do chorp ronáomhtha ar tTigherna: oirdeócham, ós cionn, na nuimhre remhráidhte ina bhfoirm bhethadh (.i. na Sethracha le ced na banaba d'fáoisidedh dá úair dhéug isin mbliadhain) as édir do gach síair nach ttoirmisgther go dlighthech a fáoiside do dhéunamh fá dhó isin Sechtmhain, agus mar an ccédna coimhminic sin (acht na Secht n-uaire sgríobhtar san fhoirm bhethadh) cumaoin (do ghlacadh lesin an crábhadh as mó fhéuduid) .i. Corp lóghmhar ar tTigherna isin oiffrend coimhthionóilte, acht
do ched na banabadh, nó ar chomhairle fháoisidmhigh an choimhthionóil, go n-anfadh áoinnech ona cumáoinechaibh sin go hathlá, tre chúis égin chert; aga ttegasg go díochra im chúram chinnte do bheth aca ann sin maille risin ullmhughadh, agus risin fhíréntas as romhó fhéudfaid, ionnus nach gabhdáois do láimh a chomór sin do obair tre (ghnás) acht re díchell anma (nó) spioraide. 2. Mar an ccéudna as áil linn, agus fós fógramuid fo umhlacht, nach lamhadh aoinshiúr (cidh cruth ar bioth i mbí sí) a fáoisidedh do áonfháoisidmhech, riaghalta, nó sháoghalta cib cém, cruth, nó d
ighnid ar bioth i mbí sé, tre ghrásaibh, nó phribiléd da ttugadh dho so, nó dho súd, acht d'fháoisidmhech an choimhthionóil, acht muna ttugadh an bhanab go ccomhairle na coda as romhó dona Sethrachuibh disgrédeacha, ced di agus sin fa chúis chert chéllidhe. 3. Ordaighmid arís, gan aoinshiúr do dhol d'fháoisidin gan riachtanus d'éis chluig dhéghenaigh choimplíne do bhúain, go híarr ttert. 4. Agus gidh atá, isin fhoirm bhethadh, gurob dlighthech don chaibealan, ceileabhradh oiffrinn astigh isin mhainisdir, do chomaoinechadh na Sethar n-esslán, tairis sin tre iomad docra, contabharta, agus míochomhgar, noch dob éidir do thecht as so dona sethrachaibh; aithnighmid don uile bhanabaidh, agus dhoirseoir, agus don uile ele ar chena dá ttá agus dá mbía, in gach áit, agus in gach coimhthionól, nach ccedaighed choidhche do áonshagart riaghalta, ná sháoghalta, celeabhradh alla astigh da cclabhsdra ná comáoinechadh esláin na shláin, acht muna ttegmhadh áonduine aca in égen tré essláinte adhúathmhair, nó tre sherg shírnimhnigh, da nach ffhéudfadh sí, nó nárbh iomchubhaidh, ar mhórbháoghal égin, a techt do chum oiffrinn, nó glacadh Chuirp ar tTigherna maráon lé cách ele isin egluis: (acht) a ccosmhuile na cúissi si cedaighmid, (isna Secht n-úairibh orduighther isin fhoirm bhethadh, agus ní as mionca, más iomchubhaidh lesin mbanabaidh go ccomhairle na ndisgrédedh é, agus mar urghairdiughadh dona hesslánuibh,) don fháoisidmhech cona c
ompán, dul alla astech don chlabhsdra do dhénamh an fhritheóilti si. 5. Tuilledh ele, gidh atá isin riaghail remhráidhte, go mbeth ag na Sethrachaibh go trócairech caibealan d'ord bhráthar mionúr, go cclérech ndeghchluach ndesgrédech, agus dá bhráthair thúata, lenab tocha comhluadar bennduighthe macánta, do chongnamh a mbochtaine; Foillsighmid gurob amhluidh dleghar na focuil sin do thuigsin mar atá síosana .i. go raibhe, nó gurob édir a mbeth ag an sethrachaibh in gach coimhthionól da rigid a
les, cethre bráithre don ord mhionúr, dhíbh sin cédus a gcennurraidh, noch bhías na shagart a ccaibeallan agus a cconfessor nó a ffáoisidmhech, dlighius bheth diadha, críonna, cráibhthech disgrédech, agus deghdherbhtha a rochoimhéd ríaghalta, gan a bheth ro óg, acht in áois iomchubhaidh. An dara fer a chompánach, do neoch nach edh amháin dhlighes bheth na chlérech, acht mar an ccéudna na Shagart dheghclúach, chríonna, disgrédech, da ffháoisidighenn faoisidmhech na Sethrach, gach uair ricc a les; bráithre túata an días ele, dhlighess (mar ader an fhoirm bheatha
) beith éudaidh im chomhluadar bhenduighthe agus mhacántacht. 6. Na cethre bráithre sin dno, dlighidh banab an choimhthionóil go ccomhairle na ndisgrédeadh a n-iarraidh, agus a n-athc
uingidh go humhal ó ghrásaibh, agus ó fhabhor an athar fhíréunta an mhinisdir generálta, nó an phroibhinsial, nó an bhiocáire, agus dlighidh an minisdir generálta sin dona huile coimhthionóluibh na setharsoin, nó na minisdri Proibhinsi, nó a mbiocáiridhe dona coimhthionóluibh bhíd na bproibhinsibh agus na mbiocáirechtaiph, ar son náomhthachta ar tTigherna, agus S. Fróinsías, aontugadh (go trócairech) an iarratuis sin agus tabhairt dóibh an chethrair bráthar sin, nó a n-as lugha dhe athair cona chompán, isna coimhthionóluibh innach rigend an bhanab náid na Sethracha bráithre túata do les. Don chomheud clabhsdra. CAIB. VI. Foillsighis an cethramhadh Ionnoicent Pápa go ndlighenn an drong gheallus coimhéd na riaghla sa agus an mhuidh bethadh gnáthchoimhéud clabhsdra; agus nach budh dlighthech ní as mhó, agus nach budh ced dóibh re na ré dul tar mhúr na mainisdrech amach, muna thég
dís do thogbháil nó do shíoladh na riag
la sa, nó dá hathnuadhughadh i mainisdir égin, nó do sdiúradh nó do chertachadh mhainisdrech, nó do shechna báoghail adhbhalmhóir égin; agus ann sin fén go cced do mhinisdir ghenerálta na mbráthar mionúr, nó do phroibhinsial na proibhinsi, nó da mbiocáiribh bhíd i n-áontalamh rissin mainisdir sin. 2. Agus an tan teagaimh dóibh áoinnech dona Sethrachaibh do chur fa na cúisibh remhráidhte amach as a mainisdir; as áil linn, agus ordoighmíd, a ccur i ccuidechta chnesda, eglaighes Día, agus go ttiagaid gus an ccoimhthionól ele aithnigher dóibh, mar as déne as édir.
3. Dlighidh an drem athruigher mar so beth cúramach an tan bhíd edir na dáoinibh sáoghalta, do shechna an uile dhíomhaoinis agus díomaisi beóil agus súla, ná feuchain ná amharc go hiomlán ar áoinneach, acht go ttaispénuid iad fen fa marbhdhataid, go labhra n-umhuil, agus go ccomhrádh ccnesda, re gach n-áon, mar as dúal d'inniltibh Íosa Críosd, agus d'inghenuibh S. Clára. 4. Ar an modh cceudna do bhrígh go n-iomráidhter isin fhoirm bhethadh na Sethracha fhoghnus alla muigh don mhainisdir, do ní a bprofesion mar na Sethrachuibh ele, mar sgríobhtar ann sin (acht móid chlabhsdra) agus téd istech agus imach, agus foghnus dona Sethrachuibh ele, um nethibh regar a les do dhénamh táoibh amuigh don mhainisdir mar as iomchubhaidh; gidh edh tre iomad periocla, agus báoghal dob édir (do) thecht an tshiocair sin dona Sethrachuibh sin, agus dá ccoimhthionóluibh, do ordaigh, agus do achtuigh an dara Beinéd dég Pápa, nach laimheóbha áoinshiúr da ndéunadh profession dul tar an chlabhsdra amach, acht tresna cúisibh remhráidhter isin fhoirm bhethadh; Inne mar an ccédna lenab áil an t-ordughadh sin do choimhéud gan trúailledh, orduighmid, don uile shiair cib cruth nó sdaid ar bith a mbí síad, noch atá cengailte do choimheud chédriagla S. Clára, nó bhus cengailte dhi na dhiaigh so, anamhain do shíor fó ghnáthchlabhsdra, ar modh o so súas ar son serbhísi, ná adhbhair ele, nach biadh siocair ag áoinnech aca, do dhul imach tar an chlabhsdra soin, acht, muna thegmhadh dona cúisibh remhráidhte. Tairis sin da ttegmhadh dá és so riachtanus ag na Sethrachuibh re congnamh, agus re foghnamh bhan ccráibhthech égin, noch bhíos cnesda, disgrédech iomáosda, as édir dhóibh a nglacadh do chongnamh, agus d'fhoghnamh dóibh, ar modh gidh edh nach ttiagaid istech isin mhainisdir. 5. Tuilledh orduighmid, isin uile coimhthionól, in áit osgailte choitchinn, áonrotha amhaín láidir do dhénamh, go lethne agus go n-áirde iomchubhaidh, agus sé ima ccuairt, ionnus tré sgoiltedh, ná sgáinedh nach ffaicther áoinnech don choimhthionól ón táoibh amuigh, ná ón táobh astigh amach mur an ccédna; tresan rotha sin as édir don Sethrachuibh gabháil gach nethe dá ttugthar chuca, agus tabhairt amach gach nethe as iontabhartha amach: acht dá ttegmhadh do mhéd nó d'fhad issna nethibh sin as nar bh édir a ttabhairt istech nó amach tresan rotha, tugthar iad tresan dorus, gusan mhainisdir, agus imach isin c
onair chéudna, an tan regar a less. 6. Ar an modh ccéudna do bharr dherbhtha agus ghlaine na Sethar agus na ccoimhthionól, ordaighmid, gan áontughadh do
thabhairt ar áonchor in áonchoimhthionól dá ndearnadh, ná da ndéntar don ord so, déunamh rotha, dorus, ná tighe iomagmhalla oile acht mar do gnáthaighedh go so: Cidh tra acht as lór in gach áonchoimhthionól agus isin uile aimsir áointegh amháin iomagallmha, maille re rotha, agus áonghráta, agus áondorus, agus sin in ionad coitchenn phuiblidhe. 7. Ordaighmid arís an fhuinneog iomagallmha (do dhéunamh ag an rotha) ar a mbí cur cléthe nó gráta iomdhaingin iarainn, bhail a labhraid na Sethracha an tan rigid a les, do rér an mhodha cuirther síos isin fhoirm bhethadh, agus isna horduigthibhsi do láthair, tré chúisibh certa. 8. Orduighmid mar an ccéudna, táoibh asdigh do mhúr an choimhthionóil, go dírech ar chom
air an doruis phrinsiopálta, go raibhe dorus ele bhías ar na shuidhiughadh ar mhodh nach édir do na Sethrachuibh, asgnámh na imthecht gus an dorus prinsiobalta, agus fós do bhrígh an dara doruis sin, nach édir le háon don táoibh amaigh amharc isin choimhthionól, tré sgáoiledh, da ttegmhadh sé isin céuddorus, ná estecht na Sethrach ón táoibh asdigh. As áil linn fós an lubhgort agus an coduiltech do ghlasadh go daingen isin oidhche. 9. Do bharr derbhtha arna Sethrachuibh sin orduighmid, gan áoinshiur cib cruth ar bith i mbí sí, do chur litre aithne, ná aoinsgríbhne, osgailte, ná dúnta, le fén, ná le nech ele, ag an rotha, ag an ghráta, ná ag an dorus, ná furáilemh a fágbhála ann sin, do chum a cuirthe amach: agus gibé ar bioth liter cuirther, nó caithter ann sin nó in áit ele aca, ná lamhadh áon a glacadh ná furáilemh a glactha, ná a hosgladh, ná a léughadh, nó go ttaispéntar don bhanabaidh í go hiomlán, do neoch dhlighius a léughadh rena glacadh d'áoinshíair, agus da ffagha an bhanab áoinní éccnesda isin litir sin, ní tiubharthar ar áonchor don tsiair do chumar cuiredh í, nó lé ar cuiredh amach as an
coimhthionól í, acht pennighther an tsiur sin go trom, agus ní fuilngter d'áoinnech tabhairt a litrech ar lámhuibh na druinge do iomchóradh íad. 10. Ar an modh ccéudna, ná cuiredh an bhanab amach as an mainisdir, agus ná léughadh áoinlitir dar ccuirther chuigthe amuigh nó go ttaispéuntar í do áon dona Sethrachuibh disgrédecha do neoch orduighther lesna disgrédibh ele do chum an fhedhma soin, gurob í an tshiur sin dhlighes a hathrughadh gacha bliadhna, agus síur ele d'ainmniughadh ina háit; do neoch dhlighes léughadh na huile litrech réna léughadh don bhanabaidh, nó ria na ccur amach asan ccoimhthionól.
Do thogha banabadh, dhisgrédeadh, agus oifficcech oile. CAIB. VII. Gidh ader an riaghail, go sirfid na Sethracha go solamh Minisdir generálta nó Proibhinsial na mbráthar mionúr, da ttig tre bhréthir nDé a ccosg do chum coimhthechta, agus áondachta, agus d'iarraidh na tarbha coitchinne, i ttogha banabadh; tairis sin, ar mbrethnughadh dhúinne iomad gnoaighedh na n-uachtarán, agus mar an ccédna gnáthchúram an g
enerail agus an p
roibhinsial sin, im sdiúradh agus úalach a n-íochtarán; uime sin agus ar iomad ele do chialluibh certa, ordaighmid da ttegmhadh toirmesg orra tre áonghnoaighe ele, an cúram sin do chur ar athair égin bhus iomchubhuidh leó. 2. Ionnus go mbeth an togha so na Sethrach ní as súaimhnighe, as áil linn agus orduighimid, (an úair éugfus banab áonchoimhthionóil, nó crapuilter í re hessláinte fhada, ar modh nach ttiugfadh dhi iomchor a fedhma, nó go ttrégfedh sí an oifficc sin, fa chúis égin chert chéllidhe, nó go madh truaillight
ech í ar an riaghail agus ar) (an) (chuing bhenduighthe, nó go ffuig
thi ciontach i ccair mhíríaghalta égin í nó in urchóid chruadhdáluigh,) trí lá do láthair d'és a báis, a hathc
uir, nó a sgáoilte dona Sethrachaibh do ríne profession Soláthar banabadh oile do dhénamh dóibh fén, lé togha chánónta: isin togha soin dno ní dleghar áoinnech do thogha mur bhanabaidh muna raibhe sí in áois tríochtaidhe .i. i ccionn a .30. bliadhain agus gur gheall sí go soilér an fhoirm bhethadh, agus sí ar ná dearbhadh innte go maith. 3. An uair bhíd do chum na togha soin, coimhédaid an t-ord so. Ar tús i ccionn thrí lá d'és a báis, tugadh an bhainbhiocáire a dhemhin (don uachtarán noch chomhnuidhius isin proibhinsi an tan sin) le litir nó le techtaire gur éuccasdair nó gur hathc
uiredh a mbanab, ag a athchuingidhsiomh im thecht, nó nech do chur do t
ogha banabadh ele; agus an fedh bhíd ag fuirech ris, guidhid do ghnáth na Sethracha Día uilechumhachtach go díochra dúthrachtach, d'iarruidh air egar an uile nethe do chum onóra agus glóire a mhórd
achta díadha fén. 4. Furáilmíd tre umhlacht iomláin, gan na sethracha do labhra re ar oile im an togha, amhail adeuradh nech ag comhairliughadh, nó ag rádh, ad chíther dhamhsa gurob iomchubhaidh an té si, nó, creud (do) bharamhail dá samhuil so; acht légedh gach áon aca na gnoaighe fa ghrásaibh an Sbioraid náoimh, agus tugaid
aire adhbhalmhór im c
émniughadh ina n-uile thoghaibh go glan, dírech, diadha, cánónta, gan fhochuidbhedh agus bíd uile áonda i sídh agus i ccarthanacht, agus toghaid an tí as ferr as fesach iad oires do shlánughadh a n-anmann, agus do Shochor na mainisdrech. 5. Ionnus go madh móide do áointeochaidís agus do shaimhleochaidis na sethracha les an áonta ndíadha, agus go madh ferrde do foillseochtháoi dhóibh í, isin maidin i ndéntar an togha, mas édir é, tiagaid na Sethracha do chomáoinechuibh, agus fós abarthar oiffrend an Sbioraid náoimh isin maidin chéudna. Agus tuig go ndlighenn an bhainbiocáire bille in aghaidh gach Sethar da nderna a profession do sgríobhadh nó a fhuráilemh a sgríobhadh uile d'aonláimh fá dhó nó fa thrí, ina sgríobhthar na focuil si. Toghaim mar ar máthair fhíréunta ab an tsiur .N. agus tugadh an bhainbhiocáire bille díobh sin do gach síair, bhail i sgríbheobha gach siur ainm na mná bhus iomchuibhdhe ad chíther dhi do rér Dhé agus choinsiansa, do thogha do chum na hoifficce sin. An tan téd an t-úachtarán nó an visitour, nó an tí fagaibhther do dhéunamh na togha sin, isttech go tigh na caibidlech, ag beth dona Sethrachuibh uile ann sin in áondáil, déunadh sé tegosg dhóibh do thaobh na togha, iar sin, tíagaid na sethracha uile amach a tigh na caibidlech, agus iompáid iaramh gach áon fo leth gusan uachtarán, do thabhairt a mbilledh dho, bhail ar sgríobhsad ainm an tí do thoghadar: agus ar ttabhairt a mbilledh úatha uile, tiagaid uile arís go tegh na caibidlech, agus ann sin foillsighedh an phrealáid (do ghlac na billedha) na gotha, ag tosughadh lési do neoch as úaithte gotha, go a ccríochnughadh, agus an b
en as mó gotha (tar leth) toghtar í gan amhrus. Agus dá ttegmhadh gan a togha ar tús, tillid do chum na togha arís, ar an modh ccéudna, go ttoghthar isi: agus mar so regar a les, agus as lór, isin uile togha, ní as lía iná leth na nguth; arna toghasidhe, agus ar bhfoillsiughadh na nguth don úachtarán, daingnighedh sé í in ainm an Athar, agus an Mhec, agus an Sbioraid náoimh. Amen. Arna dhénamh sin abraid, Te Deum laudamus; agus fa dheóidh ader an phréuláid, Confirma hoc Deus, agus an urnaighthe Actiones: agus iar sin uile tiagaid uile áos na riag
la d'fháiltiughadh réná núamháthair, agus gabhaid í go fírinnech, mar bhanabaidh ndlighthigh, agus mar úachtarán. 6. Asé an modh céudna as cóir do choimhéd ag togha bainbhiocáire agus an uile oifficcigh ele, acht amháin go n-ainmnighid iad tre ghothaibh gan sgríbhionna ar bioth. Agus ionnus go mbeth síth, grádh, agus fírinne coinsiansa do ghnáth edir na
Seathrachaibh sin iarram orra inar tTigherna Íosa Críosd, ina n-uile thoghthaibh, claochlaidhtibh, agus malairt oifficcech agus disgrédedh, go sechnaid an uile shlighthedóirechta, nemhtechta, mailís agus míochláonta, ag togha neich nemhchubhaidh, agus ag athchur an tí as roidhiongmhála agus as rochuibhdhe, oir do thiucfadh lot a ccoinsians de sin go romhór. 8. A chontrardha sin, gíbé dhíobh toghthar do thoil an Sbioraid náoimh, agus do ghothaibh na Sethar, in áonoifficc, ná diúltadh pían, agus sáothar; acht ar ghrádh ar tTigherna, gabhadh go humhal, agus sdiúradh go dícheallach do rér na ngrás do bhéura Día dhóibh; agus ná hiarraid a sgáoiledh ná a n-athchor óna n-oifficc, gan mórchúis chéllidhe, agus sin tre d
eghchomhairle chomhláin; agus bíodh foighid mhaith agus fulang carthanach aca do shíor i ffollamhnadh a ffedhma: óir an tí, sa ghrádh ar a ndeunaid sin, do bhéura sé luaighidhecht shíor ar a shon sin dóibh. Modh congbhála caibidlech. CAIB. VIII. Do bhrígh go ffuil do rér na foirme bethadh, d'fiachaibh ar an mbanabaidh a sethracha do ghairm do chum caibidlioch anas lugha dhe úair sa thSechtmhain, Ionnus go ccoimhéudtháoi so do shíor in gach ionadh, ordaighmid, go mbiadh an bhanab, no an bhainbhiocáire cúramach do chomhardhughadh úaire áirithe do chongbháil na caibidli sin, ionnus go ttiucfaid uile na Sethracha Slána chuigthe. Táobh amuigh don c
aibidil sin, as ionchuirthe lé a háon nó a dhó, in gach Sechtmhain do rér nuimhre na Sethrach, agus éccsamhlacht na ngnoaighedh; agus ar a shon so ná legid díobh áoinní don oifficc dhíadha, ná do na hoifficcibh coitchenna ele. 2. Coimminic is chruinnighes an bhanab na Sethracha do chum chaibidlech, asé clog na humhla amháin bentar, agus ann sin dlighidh uile na Sethracha Slána nach ffhuil i ffhedhm riachtanusach, nó ag foghnamh dona hesslánuibh, techt do chum an chruinnighthe, comhluath is chluinid comhartha an chluig. 3. Iar nguidhe an Sbioraid náoimh déunadh an bhanab nó an bhainbhiocáire edarghuidhe choitchionn ar son na mbeó agus na marbh, ag ainmniughadh fo leth na ccothaighthech do thiodhluic almsana orra: iar ndénamh na hedarghuidhe sin, érghid na Sethracha ina Sesamh, ag rádh na n-urnaighthedh so ar a son .i. Ad te
leuaui oculos meos. De profundis clamaui maille ris na hurnaighthibh lenus íad, Pater noster, V. Et ne nos .R. sed libera .V. Fiat pax etc. agus fa dheóigh abraid Pater Noster, agus abradh an bhanab Deus det nobis suam pacem. Amen. 4. Ann sin suidhidh an bhanab agus na Sethracha uile síos arís, agus dá rabhaid noibhísigh ann labhraid (nó admhuid) a ccion
ar tús, agus ar fhfaomhadh pennaide dhóibh ón mbanabaidh, nó óna bainbhiocáire, tíagaid amach ón chaibidil, gus an chill, agus guidhid ar chách ele. 5. Iar ndealughadh dhóibh sin, íslighid an t-áos professionta iad fén agus admhuid a ccionta i ccoitchinne, agus glacuid pennuid ar a shon sin go coitchionn; agus iar sin, admhadh gach áon a ccionta fén fo leth go humhal, agus go cráibhthech, amhuil ghebhid iad fén faillitheach, agus sin maille re cur a lámh re ar oile, agus síad ar a nglúinibh, go huirísiol ar talamh, ag tosughadh les an tí as óige: agus ann sin cuiridh an bhanab, nó a bainbhiocáire, pennuid ar gach áon aca fo mhéd na coire inar chiontuighedar; agus má regar a les tegaisgedh sí, cronaighedh, agus certuighedh go carthanach íad, mar bhus iomchubhaidh lé, gan lethrann d'aithne uirre: agus dlighid na Sethracha do shíor an phennuid sin do ghabháil, les an uile umhlacht agus fhoighide agus a coimhlíonadh go cráibhthech. 6. Coimhéudaid na Sethracha uile go hairech isin chaibidil, nó in áit ele, nach déunad aithleughthóirecht, ná bratradh lethsgél, agus nach beth aon aca comhdhána agus sin, as a laibheórudh ann sin, gan ced na banabadh. 7. Mar an ccéudna coimhéudad na Sethratha, ar chaoi san bhioth nach cairighdis a chéle im na ciontaibh do certuighedh isin chaibidil, nó isin chúartughadh ná (um) áoinesbhuidh ele da ndernadh ar domhan: agus da bfag
tháoi áoinnech ciontach ann so, pennighther í go hamhnus ón mbanabaidh. 8. Ar ccoimhlíonadh agus ar ccríochnughadh an uile nethe ann sin, mar a dubhradh, dia mbé gnoaighe ar bioth aca re a ndéunamh do rér na foirme bethadh, féuduid labhairt orra ima-le, agus sin go ccuibhdhes, agus go ttromdhacht ndlightigh, agus le modhamhlacht, aga ccoimhéud fén go friochnamhach, nach labhraid, agus na ttionnsgnuid briathra beagtharbhacha, liosda, na nemhordaighthe: agus ar ccoimhlíonadh gach nethe mar so, déunadh an bhanab comhardha na croiche, agus abradh Adiutorium nostrum in nomine Domini, R. Qui fecit. etc. Ag
mar so sgáoilid ón chaibidil, in ainm ar tTigherna.
Don tosd, agus don mhodh labhartha isin tegh iomagallmha, agus ag an ngráta. CAIB. IX. Do bhrígh gurob í an tshíothcháin obair an chirt, agus gurob é an tosd fál agus coimheudaidh na síothchána soin, ionnus nach bhfúaruighedh tes an chrábhaidh, agus nach múchtáoi é tré anord, agus iomarcaigh cainnte, orduighmid (mar atá isin fhoirm bhethadh) gan labhairt dona Sethrachaibh ó choimplín, go léughtar tert arna mhárach. 2. Mar ader an fhoirm bhethadh, congbhad gnáithchiúnus nó tosdán síor isin egluis, isin choduiltech, agus isin phroinntech an tan bhíd ag ithe, acht i ttigh na n-esslán. 3. Agus gen go n-abartar isin fhoirm bhethadh, a mbeth ina ttosd isin chlabhsdra; tegéumhadh sin ar an adhbhar in aimsir S. Clára an tan tug S. Froinsías an fhoirm bhethadh dhi i mainisdir S. Daimían, bhaile ar áitigh si, ní raibhe áonchlabhsdra aca an uair sin, tre bhochtacht adhbhail na háite: tairis sin arna mhes dúinne go díchiollach gur ordaigh an nómhadh Greghóir Pápa (isin chédríagail,) dona Sethrachuibh sin bheth na ttocht gach tráth, agus isin uile áit, agus mar atá fós isin uile ríagaltacht dheghorduighthe an clobhsdra ar an ccéudáit as goire don egluis, bhail i ngnáthaighid beth na ttosd; Samhaighmid agus ordaighmid, oso súas dona Sethrachaibh Socht uile do ghnáth isin cclabhsdra, mar do níther isna háitibh ele ainmnighther isin fhoirm bhethadh. 4. Tuilleadh fhuráilmid, gan áoinshiur cib oifficc, cém, nó cruth ar bioth i mbí sí, do dhul go tegh na hiomagallm
a gan ced na banabadh nó a bainbhiocáire, ná fós áoinshiur dá bhfaghann ced dul ann, do labhairt re háoinnech ag an tegh iomagall
a sin, acht muna raibhe días do Shethrachuibh professionta do láthair ag ésdecht, agus ag tuigsi go réidh gacha ráidhid; agus budh égin a mbeth do nuimhir ocht ndisgrédedh an choimhthionóil. Óir ó tharla gurob égin triúr dona disgrédibh sin do bheth ag an ghráta isin egluis bhail a bhfuilid i ffiadhnaisi Dé uilechumhachtaigh, agus a aingeal, caidhe nach córa an chiall, go mbeth (ag an tegh iomagallmha atá ní as coitchinne agus ní as puiblidhe inás) días dona disgrédib sin ag an síair úd, téd do chaint go cced na banabadh um chúis chéllidhe.
5. Orduighem fós, gan áoinshiur choidhche do chaintiughadh ag dorus an choimhthionóil, re háoinnech ón táoibh amuigh, ós aird ná ós ísiol, ná léna compánuibh nó gan íad. 6. Tuilleadh áiliom agus ordaighem, an tan dhlighes áoinshiúr um shochar nó um ríachtanus, nó um áonchúis chéllidhe, labhairt re háoinphersoin ag an ghráta atá isin egluis, ria agus iar ttosughadh labhartha dhi, go raibhe áon noch ordoighter do bheth ann sin, tóigeúbhus begán an t-éudach atá crochta alla astigh, agus legfes síos é arís ar an uair isin áit chéudna, ionnus an tan labhrus sí, nach ffhaicer choidhche a haghaidh ó aoinnech, agus ni laibheóra áoinshiúr ann sin acht mar ader an fhoirm bhethadh, le personuibh áirmhecha, cuibhdhe cnesda, nó lena n-aithribh agus rena ngaol roghar nó rena ccáirdibh spioradálta agus sin go ro annamh. 7. Da ttegmhadh dh'áoinnech dhul astech do labhra leó, foilghidis a ngnúisi go cnesda, agus iníslighid begán, mar bhenus do chnesdacht na riaghaltacht. 8. Tuilleadh ele i ccorghus S. Mártain (noch as áil linn do thionnsngamh lá d'és láoi Samhna, agus do chríochnughadh um Nodluicc ar tTigherna) agus isin chorghus mhór (noch bhús áil linn do thosughadh an lá d'és Quinquagesima, agus do chríochnughadh um cháisg,) ná labhradh áoinshiúr isna haimsioruibh sin ag an thegh iomagallmha ná ag an ghráta re háonnduine, acht (trésna cúisibh cantar isin fhoirm bhethadh) an bhanab, nó a bainbhiocáire, agus an doirseóir amháin, um shoc
or an choimhthionóil, amhail ba gnáth go so. 9. Ar an modh ccéudna, isin aimsir si ní sgríbheobha áoinshiúr go a haithribh, ná go a cáirdibh, acht munab adhbhar égendálach é, nach édir techt tairis, noch légther fá dhisgréd na banabadh. 10. Comhairlighem arís íad inar tTigherna ÍOSA Críosd an tan labhrus áoinshiur ag an ghráta isin egluis nó isin tegh iomagallmha (oir ní háontaighter iomagallamh ag an rotha) í fén do choimhéud ar comhrádh liosda, díomháoin míotharbhach, ná Sáoghalta, acht bíd briathra a mbeóil, bendaighthe cnesda, tarbhach, mar as iomchubhuidh d'inniltibh ar tTigherna IOSA, agus do choimheudaidhibh an tShoisgél náomhtha. 11. Do shechna drochbharamhladh, agus mhuinteruis na ndáoineadh sáoghalta, cona ccomhráidhtibh liosda nemhtharbhacha, orduighem gan na Sethracha do bheth ar áonchor na ccáirdesa Críosd ag énleanab fir ná mná, triotha fén, ná tré áoinnech ele ar a son. 12. Tuilleadh ordaighem, (an tan regar a les áoinnech do dhol istech isin chlabhsdra, d'fhéuchain essláin, nó fa chúis chirt égin
ele,) dona Sethrachaibh ga bhfuil ced labhartha, gan labhairt leó acht do láthair an da Shethar, darab égin ésdecht riú, agus bíd sin do nuim
ir na ndisgrédedh, agus siad arna n-ordughadh les an mbanabaidh no lena bainbhiocáire, do chum an fheadhma sin. Don choimhéud bochtaine; agus nach lamhaid na Sethracha Sealbha ar bioth, ná áoinní do dhísliughadh dhóibh. CAIB. X. Ó atá do rér na foirme bethadh, cenguilte don bhanabaidh agus dona huile Shethracha bochtaine do choimhéud, noch do gheallsad do Dhia agus do S. Froinsías .i. gan glacadh na muiniughadh Sealbh ná díslighecht, triotha fén ná tré áoinnech ele dhóibh; ionnus gomadh móide do choimhédfaidís an bhochtaine sin, go foirfe friochnamhach in nemhghlacadh ná in nemhcháomhna áoinshealbha, ná díslidhechta; crosmuid ar na Sethrachaibh sin tre umhlacht, ar áonchor glacadh áointighe do chum brabaigh, ná feroinn ná lubhguirt do chum a ttreabhtha, ná móinfhéur do chum a artha, ná fínemhuin, ná áoinní ele do lamhughadh, ná da Shealbhughadh. 2. Tuilleadh ele ná glacuid edhrecht, cíos, ná lóinte bliadhnamhla, ná almsana Suthuine triotha fén, ná tre áon ele. Mar an ccéudna ná bíodh aca gráinsiocha ná Sailér lána do nethibh cennaigh nó íarratais, gusan iomdughadh sin da recfadáois ní don lón sin, nó ní do bhethóchadh ré blíadhain íad, gan íarratus; cuiridh so go huilidhe in aghaidh a mbochtaine: 3. Ná bíodh aca choidhche, daimh, ba, ná tréuda cáorach, ná cupadha, náid míasa óir, ná airgid ná ionnmhuis, náid lega lóghmhara, ná áoinní ele, ná lóinte do mhairfedh ní as sía iná blíadhain: atáid so uile toirmisgthe orra. 4. Tuilleadh ele as áil linn, ina n-uile éudaighibh, éudghadh, soighthighibh, ghléus, agus isin uile ní bhenus don egluis agus nach benann, go sechnaidis ainfhriochnamh, agus iomurcaigh, ionnus do shíor go soillsighedh an bhochtuine bhenduighthe ionnta, agus go ttighernuighedh terce nethe agus riachtanus etorra gach uair, mar bhenus don bhuidhin dhlighes lenamhuin na bochtaine roibhenduighthe.
5. Tuilleadh áilem agus ordaighem, go ndéunad na Sethracha ris na nethibh ghebhidh in udhachtaibh agus i ttiomantuibh mar do ordoigh an tres Niocól Pápa, i bhfhoillsiughadh riaghla na mbráthar mionúr. 6. Arís, do bhrígh go n-abair an fhoirm bhethadh, nach dísleóchaid na Sethracha áoinní dhóibh fén, do thech, ná do áit ná d'áoinní ele. Agus les an tres Niocól Pápa sin, agus lesin cúigedh Clement, agus le mórán ele aithrech roibhendaighthe, do foillsighedh i bhfhoillsighthibh riag
la na mbráthar mionúr, gurob iontuigthe, agus gurob (coimhéudtha) ar leth agus i ccoitchinne má n-ionann, gach diúltadh agus gach trégen dá ndéunuid na bráithre sin ar an uile ní; agus isin airtiocal sa ghremuighes don sgríbhinn remhráidhte, as áil linn agus foráilmid an diúltadh agus an trégen sin dhíslighechta gach nethe, do níd na Sethracha ar Sherc nDé, (ionnus gomadh tuillmhech tarbhach agus diongmhála ar thabhartus shíordhuidhe) do choimhéud go díchiollach nemhéllnidhe etorra uile, an mhéd atá dhiobh agus bhías, edir úathadh agus sochaidhe: tairis sin féudaid na Sethracha, go ccubhus nglan, lomshochor gach nethe do bheth aca, da ttugadh do rér na foirme bethadh, agus sochar na nethedh (nach ttoirmisgenn orra) gan a ndíslighecht, amhuil atá; sochar nethe regar dho les do chum celeabhartha agus cothaighthe na hoiffige díadha. 7. Do chum a n-áitighthe; agus oiliomhna an chuirp, agus do ghníomhughadh na n-oifigedh, agus na ngnoaighedh rigid do les do rér na foirme bethadh, agus a riaghla benduighthe, féudaid fós sochar na nethedh tugadh nó do hairchisiodh dhóibh go sochraidh ar son Dé do bheth aca; agus mar an ccéudna Sochor na nethedh do ghnoaighedar ar sháothar a lámh, ó nach ccuirid a samhuil sin do nethibh tabhartuis, iarratuis, nó gnoaighthe in aghaidh na bochtaine. 8. Tuilleadh ordaighem, na halmsana tugtar ar leth, nó curtar do chum na Sethar, do roinn, ar leth, no i ccoitchinne ar an druing ricces do les fo dhisgréd na banabadh; Agus ni háil linn gomadh dlighthech d'áoinshiair, tabhairt na nethedh cuirther chuigthe, nó do bherid a haithre nó a cáirde dhi, d'áoinshiair uiresbhaigh, ná a ccur go háoinnech ele amach ón choimhthionól, gan toiliughadh agus ced follus na banabadh. 9. Tuilleadh áilim, a ttáobh na bhfiach noch do thegéumhadh, go ndiongnad na Sethracha do shíor, agus isin uile aimsir, mar atá isin fhoirm bheathadh.
10. Foráilem orra arís a ccoimhéud ar foirghentaibh flaithemhla ná lóghmhara do dhéunamh, acht go ttoilighid íad fén re déuntaibh socra inísle nó umhla. Do na Sethrachaibh esslána. CAIB. XI. Orduighem, an úair bhías áoinshiúr i ttinnes throm, nó ro anbhfann, d'fiachaibh ar an mbanabaidh nó ar a bainbhiocáire ar ball a friothólamh iomchubhaidh do ullmhughadh dhi: agus coimheuduid na Sethracha dan díor foghnamh do na hesslánuibh, nach déunad a ffhedhm go bernach, acht foghnad dóibh go humhal cráibhthech, maille re tess carthanachta, amhuil budh mían leo foghnamh dhóibh fén diamdís tinne. 2. Dlighidh fós an bhanab muna thoirmisgter go dlighthech í, dul d'féchain na Sethrach n-esslán úair gach láoi anus lugha dhe, agus ina héugmaissi dlighidh an bhainbhiocáire a dhéunamh, ionnus tre na mainnechtnaidh
siomh nach beth áoinní d'easbhaidh ar na Sethrachaibh tinne ina n-essláinte. 3. Coimhéudad an bhanab agus a bainbhiocáire nach íarraid comhairle do chum lesaighthe agus sláinte na Sethrach n-esslán ar áoinfhisige ná ar liaigh nach catoilce, agus sirid do shíor leighes ón liaigh as cráibhthighe as édir d'fagháil, acht ná legid áoinnech díobh istech isin chlabhsdra, acht tre riachtanus, agus essláinte, agus an drem téd istech bíodh cuidechta chubhuidh aca, ar mhodh, go mbiadh an bhanab, nó a bainbhiocáire, nó días nó tríar do dhisgrédibh an choimhthionóil, do láthair do ghnáth, go ffágbhaid sin an clabhsdra. 4. Arís, da ttegmhadh áon, nó iomad do na Sethraibh in essláinte úathmhair égin, mar atá lubhra, nó tinnes cinn, nó éttruime chélle, nó a Samhail ele d'essláintibh, trésnach bhféudfaidís go hiomchubhaidh anamhain maráon re chách ele, glésdar dhóibh Seómra ar leth, istigh isin choimhthionól, cona fhfritheólmhaibh oiremhnacha amhail íarraid a n-aicíde, ionnus nach racha áoinnech imach choidhche as an chlabhsdra. 5. Tuilleadh tegaisgem na huile Shethra (in ar tTigherna) atád agus tiucfad, ionnus nach rabhaid lesg ná tarcaisnech ar ghrádh Dé, agus ar bhás Serbh agus ar chéusadh Críosd ÍOSA ar Slánuightheóra, im fhritheólamh na n-esslán, acht go soláthraid chuca, go humhal cráibhthech maille re dáonnacht agus re carthanacht gach fritheólamh rigid do less.
6. Muna soláthraigh an bhanab, nó a bainbhiocáire, nó na Sethra ele ar a ffhuil fritheólamh na n-esslán, dhóibh do rér a modha, a ccáile, agus fo acmhaing na háite, i ccomhairle, i mbíadh, agus in esbhuidhibh ele, geránuid na Sethra ele uile íad risin visitour (.i. fios
dóir) in aimsir na cúarta, agus pennighter iad go trom, da cciontaighid go follus i ffhritheólamh na n-esslán. 7. Atá fós isin fhoirm bhethadh, do rér an cethramhadh Innocent Pápa, go luidhfid na Sethra tinne, nach bí in essláinte fhada nó iomthruim, ar shacaibh lán do lócháith, go ccerchaill chlúimhe fóna ccennuibh; acht dá ttegmhadh áoinnech in essláinte thruim nó fhada, nó tre chúis chéllidhe dhlighthigh égin ele nach bhféudfaidís comhnuidhe ar na leabthuibh lóchátha sin, as cóir cáoi ele d'fhagháil dóibh, do rér Dé agus chomhairle na ndisgrédedh; agus ar an adhbhar sin áilem agus ordaighem (an tan tegmhus áon, nó iomad do na Sethraibh tinn d'eassláinte mar so,) don b
anabaidh, nó dá bainbhiocáire a n-oirchisiocht, nó furáilemh a n-oirchisiochta le comhairle na ndisgrédedh um leapthaibh clúimhe, agus im nethibh ele ar a riccid do les comhsanadh, do rér na foirme bethadh, agus fós mar mhesaidsiomh na ccubhus go regar a les, agus mar íarrus aicíd an essláin sin, agus tugad fa dera orra anmhain arna leabthaibh sin maille ris an uile dháonnacht, mar bhús iomchubhaidh dá n-essláinte. 8. Déunadh mar an ccéudna an bhanab, nó a bainbhiocáire, nó na Sethracha ele orduighther do fhritheólamh na n-esslán, oirichill dhíchiollach, an uair dhealuighes áon díobh risin sáoghal sa, an úair a báis édighter í le haibíd an uird, agus criosaighter í lesin téd, agus a calla ar a cenn, agus adhnuicther í ina héudach. 9. Atá arís isin fhoirm bethadh, gurob édir don druing ricces a les cúaráin nó troig
t
íne olna; a ccur orra, gurob íad na focail sin atá cedaighthech, an tan tig riachtanus riú: agus ar an adhbhar sin ordaighiom gan áoinshiur cib fedhm nó modh ar bioth i mbí sí, rena sláinte, do chur cuarán nó troight
íne uirre, gan riachtanus do láthair; gurob é an riachtanus sin nach légther fo bhreth gach áoinshethrach, acht gus an mbanabaidh go ccomhairle na ndisgrédedh nó na druinge as mó dhíobh; agus dlighidh an bhanab an úair ad chí sí áoinnech aca ar esbhaidh troighthínedh, nó iarraid ced uirre, madh cíther dhi agus dona disgrédibh go regar do les agus go bhfuil riachtanus follus riú, ar mes go críonna cháile na person dar b
en an t-adhbhar maille ré héugsamhlacht
na n-aimsior agus na n-ionad, ceduighedh sí dhóibh troighthíne olna do chur orra, ar fedh an riachtanuis sin; agus da ttigedh esbhuidh budh mó, do fheudfadh sí a chedughadh dhóibh, bunnaighe lethair do chur orra maille rena ttroighthínibh olna. Do oibribh lámh .i. lámhthoradh na Sethar. CAIB. XII. Do bhrígh go n-abair an fhoirm bhethadh, go ndlighid na Sethracha da ttug Día grása oibrighthe, oibriughadh d'és therte; ionnus gomadh móide do coimhéudfaoi so ag na sethraibh uile, as áil linn, ar ghrádh Dé nach n-etighid ualach na carthanachta, agus na humhlachta, acht an tan ghreamaighes an bhanab nó a bainbhiocáire áoinní don fhedhm sin díobh um tharbha lethigh nó choitchinn an choimhthionóil, glacaid sin go sochraidh shoimhilis gan murmur ná contrárdhadh, agus coimhlíonaid go credmhech cráibhthech, mar a dubhradh riú. 2. An tan gremaighther áoinní dona nethibh remhráidhte, lesin mbanabaidh nó lena bainbhiocáire dona Sethraibh, ná cuiredh áon aca bhús com
lán i ccéll agus a ccorp, falach uirre fén do bhrat na mainnechtnaighe, na lesge, ná an uabhair, ag rádh, ní thug Día na grása dhamhsa asa ndénainn a shamhail sin do sháothar: acht bíd umhal áilghen, mar as cubhaidh don druing gheallus umhla iomlán dá n-uachtaránuibh. 3. Dlighidh an bhanab agus a bainbhiocáire a choimhéud go cáoiemhail, nach ffuráilid aoinní orra, noch go follus (nó go) fírdhemhin as fesach dhóibh, do chum nach ffuilid infhedhma, nó nach ttig dhíobh a dhéunamh. 4. Gidh adubhradh isin fhoirm bhethadh go sáothraighid na Sethra d'és therte gidh edh ar mbrethnughadh fhiorb
ochtaine na Sethar sin, agus an riachtanuis agus na hesbhadha noch dob édir do thecht dhóibh, cedaighem da ttegmhadh isin choimhthionól, áonobair iomchubhaidh nó doba riachtanus do dhéunamh riasan úair sin, go fféudann an bhanab nó a bainbhiocáire a fhuráilemh ar an druing as dócha leó do dhéunamh na sáothar sin, nó a ccríochnughadh madh do thionnsgnattar iad. 5. Furáilem arís arna Sethraibh sin nach lamhadh áon aca o so súas, déunamh, ná críochnughadh aonoibre da n-ord, ná do áoinnech ele cib cruth i mbí, ná i slighidh ar bioth, tresa mbraithfidhe díomháoinius agus friothghnamhacht dá ríribh orra;
an tan regar do les leis na Sethruibh a shamhail so do sháothar do dhénamh; ría na ghlacadh nó ría na thionnsgnamh taispéuntar í (nó é) go huilidhe don bhanabaidh nó da bainbhiocáire, dhlighes a mhes an indéunta an obair sin leis na Sethraibh nó nach edh, agus ní deuntar aoinní nach áil léissi, nó gan a háontughadh: agus na Sethra do ní a chontrárdha sin pennighther (iad) fo dhisgréd na banabadh nó a bainbhiocáire. 6. Arís, in amm iomchubhuidh d'és oiffrend, benad clog oibre, agus an uile shiur ag nach ffhuil lethsgéul dlighthech, tegadh do chum na hoibre do horduighedh agus do furáilemh dóibh do dhéunamh. 7. Tuilledh ele, ordoighem don uile Shíair dá ffhuil agus da mbía, iad fén do chongbháil gach amm, agus in gach áit ón uile chaithemh aimsire sáoghalta, agus díomháoinech, agus óna huile chluichthibh díomháoine domhanda gíbé ní nó modh ar bioth ma mbíd. 8. An uair bhíos días díobh nó ní as lía, i ffarradh a chéle, ma tá ced labhartha aca, agus caithmhe aimsire (óir muna bhfuil budh égen dóibh bheth na ttocht) labhraid do ghnáth ar Dhía, agus ar bhethadhoibh náomh mbeo nó marbh, nó ar ní égin bhenus do Shláinte a n-anmann, nó ar ghnoaighibh cnesda tarbhacha égin, agus sechnaid do shíor na huile iomráidhte díomháoine urchóidecha, anordaighthe, mar as cubhaidh d'inniltibh IOSA Críosd, agus do choimhéudaighibh an tShoisgél náomhtha, agus do dhúthchasachaibh na ríagla bendaighthe. 9. Tuilledh croismid ar na Sethraibh áoinleabhar do b
eth aca, ná do choimhéud ina ccoimhthionól, ná do léghadh, ná do sgríobhadh, ná furáilemh a sgríobhta, ina mbeth go follus iná go folaighthech aoinní díomháoinis na colnaighechta, ná Sdair áosa domhanda: tairis sin as dlighthech, leabhair dhíadha (do bheth aca ina ccoimhthionól i ccoitchinne do chomhfhurtacht agus do shochar a n-anmann,) noch bhus édir leó do léughadh ar leth nó i ccoitchinne, ag an cclár, nó in áonáit ele do rér thola agus orduighthe na banabadh. Do chertughadh na cciontach. CAIB. XIII. Orduighem, isin uile choimhthionól, don bhanabaidh nó na héugmhais da bainbhiocáire, tegosg agus certughadh na Sethar go humhal, agus go carthanach, ionnus nach ttuitdis tre thairimthecht i bhfán, do dhíth certaighthe nó tegoisg; ar modh go cclechtfaid na huachtaráin sin (amhail ordaighther isin chertughadh) carthanacht fhíre agus umhulóid mhilis.
2. Coimhéudad fós fo dhath umhlachta agus millsiochta, nach ttugad siocra dona Sethruibh do chum sáoirsi agus lagsaine; agus fa sgáile carthanachta, nach n-oiled iar bhfíor collaidhecht an chuirp, agus cruadhdáil na n-anmann; acht certaighed iad uile ima n-ionann amhail as iomchubhaidh, gan diffir, do rér a ccionta. 3. Da ttegmhadh (nar lege Dia) d'áoinshiair ciontughadh commór agus sin, nó pecughadh míriag
alta, tresa ccuirfedh sí a hanam i mbáoghal a mhillte, agus a hord i míochlú, agus i ccomusg, nó da mbeth áon aca coimhesáontadhach, doichertaighthe, sesmhach agus sin ina mailís ar mhodh nach lesaighenn í fén ar áonchor; déntar in gach coimhthionól da samhuil so, seomra disiplíne, láidir nó daingen acht bíodh dáonda, bhail i ccuirther agus i ccoimhéudtar isi re ré áirid
the ar arán agus uisge, mar atá .15. lá, mí, bliadhain, nó do ghnáth, mar thuilles an choir, agus fó dhisgréd na banabadh agus na ndisgrédedh. 4. Arís dá ttegmhadh do áoinshiair ciontughadh in aghuidh na banabadh nó na banbhiocáire, agus go n-aibeoradh sí áonfhocuil éccnesda agus indlighthecha riú, ithedh sí arán agus uisge amháin, na suidhe ar an talomh ar aghaidh na Sethar uile, ar fedh bhíd ar a ccuid. Don doirseóir, agus do dhol isin mhainisdir istech. CAIB. XIIII. Gidh atá isin fhoirm bhethadh go ccoimhéuda an doirseóir a comhnuidhe ar léus lae, i ssealla osgailte alla muigh do dhorus tairis sin tre iomad d'adhbharuibh certa dar ccomhghlúasacht chuige, ní háil linn so do chlechtadh, ná a choimhéud ar áonchor: óir in aimsir S. Clára gé doba dlighthech cnesda sin ag na Sethraibh, gidh edh anois dob édir a bheth rourchóidech, báoghlach dhóibh. 2. Ar an adhbhar sin in oirichill a cchaomhanta, agus a ccnesdachta, ordaighiom dhóibh coimhéud an mhodhasa síos .i. siur egluighes Dia, d'ordughadh d'iomchoimhéd dhoruis na mainisdrech, agus an tighe n-iomagallmha, áon noch bhús mesardha, deghbhésach, dúthrachtach, disgrédech, in áois iomchubhaidh, ionnus (mar a der an fhoirm b
ethadh) ó bhréthir agus ó ghníomh go ttogbhadh sí an drem re a labhrann, nó ré a ccomhráidhionn. 3. Ordaighedh an bhanab, go ccomhairle na ndisgrédedh compán cubhaidh dhi, noch bhus comhchubhaidh lé fén nó bhus cuibhdhe
inás, iomchrus a fedhm isin uile ní, da ttegmhadh tinnes don doirseóir: cuirther i ffarradh na desi doirseóiredh siúr ele do nuimhir na n-ocht ndisgrédedh (noch as édir d'athrughadh gacha Sechtmhaine, agus siúr ele d'ordughadh ina hionad) d'ésdecht na druinge labhrus risna Sethraibh. Ór (mar adubhradh) ní dhligh áoinshiur labhairt re háoinnech ón táoibh amuigh, acht muna raibhe do láthair dá shiair do nuimhir na n-ocht ndisgrédedh, noch ésdes íad: gurob iad an tríar sin an tan bentar é (tig isin Seomra in áitigher) an rotha agus an fhuinneog iomagallmha ionnus, nach labhradh áon díobh gan an días ele, ná an días gan an tres, acht bíd a ttriur in áoinfhecht imá-le. 4. An príomhd
oirseóir amháin freagrus an drong labhrus ag an ngráta, agus bed an días ele do láthair ag ésdecht lé: agus dá ttegmhadh d'áoinnech labhra re háon dona Sethraibh ele, tégedh sisi nó áon da compánuibh d'iarraidh ced labhartha ar an mbanabaidh nó ar a bainbhiocáire, agus ar ffhagháil cheda, fédaidh sisi ara ngoirther, labhairt, ar chor go mbíaidh dhá shíair do nuimhir na n-ocht ndisgrédedh do láthair, is áon díbh sin gach amm an príomhdhoirseóir, muna thoirmisge riachtanus gnoaighe ele í. 5. Tuilleadh ordaighem, an Sealla no an Seomra sin d'innioll re dorus crainn, bías fo ghlasaibh dhá eochrach do ghnáth do ló agus do oidhche, an úair nach bíd na doirseóradha ann isdigh: bíoth eochair dhíobh sin ag an mbanabaidh i ttaisgidh isin oidhche, agus an eochair ele agan doirseóir, agus an tres siúr ordaighther i ffarradh na desi ele tre shechtmhainibh taisgedh sí san ló an eochair thaisges an bhanab isin oidhche: Ni hédir d'aon dona doirseóiribh dol istech isin tigh iomagallmha sin gan a compánach. 6. Um dhul istech isin mainisdir, furáilem go fírchinnte, agus go daingen, gan áonbhanab, ná a Sethra, da dheónughadh d'áoinnech riaghalta na sháoghalta, gibé sdaid, nó dighnid ar bioth i mbí sé, dol istech isin mainisdir: agus ní dlighthech d'áoinnech ar bioth sin, muna cheduighedh an Pápa, nó an tigherna Cairdional cosnamhach an uird; (da ngoirid Protector.) 7. On dlighedh sa nemhdhula istech, achtaighther fisighe, agus legha tre fhírriachtanus, nó essláinte; an drong fós re ttenidh, nó áoinsgrios éle, nó periocal nó báoghal, nó téd do dheunamh áonoibre istech nar édir a déunamh alla amuigh don mhainisdir. Dá ttégedh áonchairdional istech isin mainisdir, gabhthar é le fíréuntacht agus ré crábhadh; acht íarraid air dul astech amháin le días nó tríar don druing as cnesda da chuidechta.
8. Ar a shon sin ná labhradh áoinshiúr shlán, ná thinn, re háoinnech aca, acht ar an modh atá isin fhoirm bhethadh, agus go háiridhe tugad dá n-aire an drem
deonaigher dul istech do bheth comhmaith agus sin, ionnus an lucht ad chí íad ag dul istech go ttoigéubhaid a mbetha, a mbéusa agus a mbríathra, agus ionnus nach ttugthar áoinshiocair sgandala d'áoinnech. 9. Orduighem arís (an tan tig gus an ccomhthionól aoinní nach édir go hiomchubhaidh a chur astech ag an rotha, mar atá bairille beórach, no a ionnshamhuil:) don bhanabaidh, nó don bhainbhiocáire cona compánuibh a choimheud gan an dorus do bheith osgailte ní as sía iná regar a les, agus ná fuilngid don lucht iomchuir nó do (na) techtaibh tig leis na nethibh sin techt istech in áonáit ele isin choimhthionól, acht amháin isin áit edir dá dhorus an choimhthionóil, nó gus na háitibh ele inar égin dóibh dol d'fhágbháil na nethedh sin ionnta. 10. Coimhéudaid na Sethra nach tégedh áoinnech istech acht an drong regar dho les, agus ná fuilingther don drem téid istech anamhain ann ní as sía ina íarrus a ngnóaighe. 11. Coimhéudaid na Sethra ele nach bhfaicther íad lesin druing téd istech, acht gíbé dhíobh ordaighes an bhanab nó a bainbhiocáire, agus ná labhraid sin fén riú, acht amháin an mhéd as ríachtanus do rádh um na nethibh sin. 12. Ionnus gomadh ferrde do foirb
theochthaoi gan a fhaigsin an cúram sa na Sethar, an tan nach rigid do les an drem téd istech dol ní as sia (ar son oibre nó aoinnethe da ttuguid ann) iná an áit édir an dá dhorus; as áil linn iad do choimhéud an mhodha so .i. go n-osgludh an doirseóir an céuddorus isin coimhthionól istigh agus dol istech isin áit sin di d'osgladh an dara doruis, noch as príomhdhorus don choimhthionól, noch nach ffágbhaid óibhéula mar an dorus ele, acht amháin a nemhghlasadh risin dá eochair, agus an tshlat iarainn shaighes go claon do thógbháil súas agus tiagaid ar ball alla stech don dara dorus, druided é risin dá eochair: agus ann sin as édir don fhoirinn do bher na nethe sin leó an laisde do thógbháil súas, agus dol istech isin áit sin, agus na nethe tugsad leo d'fhágbháil ann, agus ar ball dol dóibh amach ag laisdiughadh an doruis da n-és, agus ann sin tigedh an doirseoir istech arís, agus druidedh an priomhdhorus sin lesin dá eochair; agus ann sin ordaighedh sí (na nethe noch tugadh astech) go cubhaidh. 13. Tuilledh atá isin fhoirm bhethadh gan an dorus d'fhágbháil isin ló coidhche gan áon aca aga c
oimhéud. Gonadh dho sin adermid, gurob lór mar láinderbhadh air, bheth don dá
dhorus go daingen mar adubhradh fo ghlasaibh. Agus na dhiaigh sin sgríobhthar na focail sí sios .i. An tan regar a les áoinnech do dhol do dheunamh oibre istech don mhainisdir, ann sin orduighedh an bhanab áon d'fhosgladh an doruis don druing tig do dhéunamh na hoibre sin amháin, agus ní d'aoinnech oile. Ar na focluibh sin dno adermid, an doirseóir remhraidhte, noch do rér na foirme bethadh, dlighes bheth cnesda disgrédeach gus na compánuibh comhtharaighther dhi, go ndlighenn foghnamh d'fhosgladh an doruis don druing sin téd istech do dhéunamh oibre, nó tré áoinshiocair ele chirt céllidhe: ar a shon gurob do ched na banabadh osglus sí é, agus coimhéudadh an doirseóir sin í fén ar fhaidsgéul comhráidh riú, acht amháin an mhéd regar a les, agus as iomchubhaidh do fhoirbhthiughadh na hoibre, ima ttiagaid istech: acht más riachtanus é, féudaid a ttreórughadh go cnesda disgrédeach gus an obair sin. 14. Coidhche ná tégedh áoinshiúr cib cruth ar bioth i mbí si, d'fhéuchain na n-oibrighthech, ná a n-oibre, acht an drem orduighes an bhanab, tré tharbha an nethe do níther: agus an uair as égin uime so dul da ffhios, ná tíagaid coidhche gan cuidechta dherbhtha dona disgrédibh; agus bíd in ionadh osgailte choitchenn choidhche, agus ná hanaid ar aon riú ní as sía, agus ná canaid do chaint riu ní as mhó ina a regar (a les) do dhéunamh nó d'fhorbadh na hoipre sin. 15. Aincedh an bhanab, agus na Sethra uile nach ffuráildís ar comhaithechaibh deunamh na n-oibrech, do thiucfadh leo fén do dhénamh; agus nach ffhuilngid d'oibrighthechaibh ná d'áoinnech ele; da ttéid istech, (cib cruth ar bioth i mbíd,) bíadh d'ithe alla astigh don chlaphsdra. 16. Tuilledh ele tegoisgem na huile Sethra in (Íosa) Críosd ar tTigherna nach rabhaid coidhche critheglach anshuaimhnech ag saothrughadh bennaighthe bhanabadh agus choisregadh chaillech ndubh, acht sásaid íad fén lena bprofession benduighthe, ar son a ffhuighid (madh choimhéudaid é) benndughadh an easbuig fhlaithemhuil ar tTigherna Íosa Críosd. 17. Ordaighem arís, an uair téid an fáoisidmhech agus a chompán isstech isin mainisdir go rabhaid édaighthe d'éudach choisregtha .i. do ghúnna nó do Shuirplís. 18. Tuilledh ordaighem tre dhiffir, agus éugsamhlacht na haimsire si, ón aimsir i ttugadh an fhoirm bhethadh, nach celeabhartar áonoiffrend istigh isin mainisdir ó so amach ar son na mbeo, ná na marbh. Ní dleghar d'áoinnech dul istech do dhéunamh
úaighe, acht tochaltaidh nó a dhó nó sáoir m
odhamhla chnesda: agus sin amháin i ccoimhthionóluibh in nach fheudaid na Sethra tochailt, agus dúnadh na huaighe mar as dlecht. 19. Arís d'adhlacadh na Sethar, ná legid áoinnech isin chlabhsdra, acht an fáoisidmhech agus a chompán, nó in éugmais a chompáin, bráthair modhamhuil ele: agus ar ndéunamh an adhnaicthe sin, imghid imach gan mhoill as an mainisdir. Don fhiosattóir .i. (visitatuor). CAIB. XV. Cuiridh an riaghail bhethadh dhá ní síos a ttáobh an fhiosatóir: an cédní go ndlighenn sé bheth d'ord na mbráthar mionúr; an dara ní go ndlighther so do dhéunamh do thoil agus d'fhuráiliomh an tigherna Cairdionáil chosnamhuigh: as coimhéudtha fós an cédní, acht ní hedh an dara ní, óir an uair do cédshuidhedh an riaghail, ní rabhadar mainisdre na Sethar, náid na Sethra fén fan tráth sin go hiomlán fo chengul umhla, agus sdiúrtha na mbráthar mionúr; gidh edh na dhiaigh sin tré chúisibh cherta chéllidhe do cuiredh go comhlán a ccúram agus a sdiúradh in gach sdaid ar ionchaibh mhinisdrech ngeneralta agus proibhinsialta na mbráthar mionúr leis an ccethramhadh Ionnoicent Pápa, agus le hesbugaibh bendaighthe éugsamhla ele. 2. Ionnus go soighmís ní as nósamhla isin ord sin tre dhéunamh ar ffhiosraighthedh; Ordoighem, do rér na foirme bethadh remhráidhte, gurob fiosatóir don ord remhráidhte na mbráthar mionúr bhías ag na Sethraibh do shíor, noch do rér sdatúide an cethramhadh Innocent Pápa remhráidhte, dhlighes a oirdnedh agus a fhuráilemh do ched agus d'ordughadh mhinisdir gheneralta nó choitchinn an uird chéudna, nó an mhinisdir proibhinsialta alla astigh d'imlibh a riaghlaighthe; an fiosatóir sin dno dlighid na sethra a iarraidh go humhal, nó furáilemh a iarrata ar áon dona personuibh remhráidhte, asé sin re a rádh, ar an ghenerál bhíos ós uile coimhthionóluibh an uird sin, nó ar phroibhinsialuibh choimhthionól a bproibhinseadh. 3. Croisiom agus toirmesgem go mór mhór nach iarraid agus nach glacaid na Sethra sin, áoinnech ele mar fhiosatóir, acht duine oirdherc (bhíos) dearbhtha go maith i mbethaidh riag
alta, i
ndeghbhéusaibh, agus i ccredemh, agus fós atá éudaidh um Dhía nó ara mbí airdhe Dé, agus atá na choimheudaidh ar a riag
ail, na Shercach ghun mbochtaine mbenduighthe, agus agan uile mhodhamhlacht. 4. Dlighidh an fiosadóir sin fiosrughadh na huile choimhthionól noch atá dh'ualach air, uair isin mbliadhain, nó ní us mionca da sáoilter go regar a les; mar an cceudna fós an uair íarrtar é lesin mbanabaidh, agus lesna Sethraibh disgrédecha ele um chúis égin chert chéllidhe. 5. Ordaighem fós, nach ttairrngid choidhche an fiosadóir um dhol isna háitibh as sía astech isin choimhthionól, gan roiriachtanus, agus so, an uair chongbhus sé a c
uairt certaighthe, a fhiosrughadh dlighthemhuil agus ordaighthe. 6. An uair téd istech d'fhiosrughadh na mainisdrech dlighidh é fén do thaispéunadh ina uile oibrighthibh, ionnus les sin go ngluaisdís cách ele ó mhaith go romhaith agus ní sa mhó ag gríosadh in ngrádh Dé, agus go mbeth malairt chart
anachta etorra fén do ghnáth. Dlighidh a chompán do bheth maráon ris in ionad óibhéula iomchubhuidh, agus comhgar is sin dó ionnas go ffaicid a chéle go hurusa: agus dethbherighedh air, ionnus nach anadh alla istigh don chlabhsdra, ní as sía ina fedh na fiosruighe sin, noch mar críochnaigher téghedh gan maill amach asin mainisdir. 7. An tan tig d'fheúchain áonchoimhthionóil, cuiredh roimhe críochnughadh a chuarta ar fedh dá lá nó trí aigenta: ria ttionsgnamh an fhiosraighthe sin dó, as indeunta dho tegosg dona Sethraibh, um (an) fhiosrughadh thríallus, ma tá rédh cuige; dá és so léughadh sé a riaghail gus an ordughadh sa do láthair bhail i labhrann ar mhodh fiosruighthe: gar iar sin furáiledh ar gach áon agus ar an uile dona Sethraibh, ar shubháilce shochair na humhla, a fhregra dha ríribh go roilér, um gach ní as eól dóibh dona nethibh ara ndénsiomh lorgairecht, agus dlighidh gach áon uile dona Sethraibh umhlughadh isin uile ní bhenus d'oifficc an fhiosraighthe. 8. As édir don fhiosatóir (madh áil agus madh iomchubhaidh leis) an modh labhartha so do lenmhuin .i. labhairt leo uile, nó re druing dhíobh, nó ré háon go hinchlethe ag beth do dhá shiaír ele do láthair i ngoire dhóibh, gidh edh ar mhodh nach ccluinid créd ráidhter ann; ionnus ar gach áonchor, go ccoimhéudtar comhláine aca: Agus ann sin féudaid na Sethra techt na n-áon agus na n-áon do thaispéunadh a mbaramhla da mbé áoinní ann re a bhrethnughadh.
9. Día n-éugnaigher áon díobh tre chion nó choir, sgríobhthar ann sin anmanna an luchta éugnaighius agus eugnaighther, gus na ciontaibh ima n-éugnaighther: agus ar ccríochnughadh an fhiosraighthe, goirther na Sethra uile do chum caibidle, agus foillsighther cionta na Sethar égnaighther, agus cuirther pennaitt a ccuttruma orra, madh derbhthar na cairthe go dlighthech, reil (.i. léir), roichert re días go ndeghclú. Tairis sin ní diúltar éstecht do thabhairt d'áoinnech, ionnus go ngéubhdáois a lethsgéula ma tá aca áoinlethsgéul dlighthech re a thabhairt a rann nó in uiléutaidh; gidh edh ná hiarraid na Sethra éugnaighther anmanna na Sethar do éugnaigh íad, agus ná hinnister dhóibh íad ar áonchor, acht a ccás, go sáorfadh an tshiúr eugnaighther í féin ón chair do cuiredh uirre, agus mar sin go dlighthemhail go n-íarrfadh anmanna luchta a heugnaighthe do indisin di. 10. Dá ttegmhadh d'áoinnech gerán fallsa éccert do dhénamh ar a chéle, agus a fhios sin d'fhagháil go dlighthemhail, fuilngedh sí gach a bhfhuileóngadh an tshiúr geránaighther, amhail is da ffaghthaoi ciontach isin choir sin do cuiredh uirre í. Tairis sin damadh demhin re háoinshiair in áonchoimhthionól Siúr égin do ríne tairimthecht throm, nó do bheth mun am soin i bpecadh mhéth nó cholnaidhe, nar bhédir do shuidhiughadh go hiomlán an úair sin; as dlighthech agus as déunta don tsíair darob fes an choir sin a foillsiughadh don fhiosadóir, agus an tshiúr do ríne í, ar an modh as aithne dhi .i. go secrédech; agus isin chás so ní cóir ar áonchor don fhiosadóir úair ar bioth innisin na Sethar gheránaighius don tshíair geránaighther. 11. Dá ttegmhadh áoinní in áonaimsir, nár édir les do lesughadh úaidhe fén go hinnill, foillsighedh é dá uachtarán flaithemhail, ionnus tre na chomhairle agus fhuráilemh go bpennighthí an chair sin, mar do thuill. 12. Dlighidh an bhanab beth friochnamhach, nach ccelter modha na mainisdrech, lé fén na léna Sethraibh ar eolus an fhesadóir, i ccoimhéud a riagla, in áondacht iomlaid carthanachta, noch dhlighid uile dha chéle; óir nír bheg an pecadh so, acht as cion as cóir do thromaithbher. 13. Cidh thrá acht, áilem agus furáilem, na nethisi as ionchertaighthe, agus as inlesaighthe do rér na foirme bethadh, ós aird nó ós ísiol, a ffhoillsiughadh don fhiosadóir ar an modh as fherr fhéudaid:
agus dá ndéunadh áoinnech a aitherrach, damadh í ann bhanab, nó gibé ele do chách, pennig
ther í go géur ris an fhiosadóir, amhail do thuill sí. 14. An tan do ní an fiosadóir a fhiosrughadh go puiblidhe nó go secrédech; edir gach ní dá ffiosraighionn do na Sethraibh, fiafraighedh ar tús na nethe as mó bhenus dá riaghuil etc. mar atá (céudus) umhlacht, bochtacht, genmnaidhecht, agus gnáithchoimhéd chla
sdra. An dara ní, cionnus coimheuduid an oifficc dhíadha, do ló agus d'oidhche: ann sin a modh labhartha ag an ghráta agus ag an tegh n-iomagallmha. An tres ní do chruinniughadh ionnmhuis, arbha, ola, agus fhíona. An cethramhadh do fhritheolamh na n-esslán, na n-anbhfhann, agus na Sen. An cúigedh do nuimhir, do lóghmhaire, agus do fhriothghnamh a n-aibidedh, agus a n-éudach. An Sesiodh do choimhéud absdanaide agus troisgthe: agus do mhainnechtnaidhe na foirne riag
las. An sechtmhadh, do na Sethraibh disgrédecha agus do na doirseóruibh. An t-ochtmhadh, do umhla, agus d'esumhla na n-íochtarán. An nómhadh, do choimhéud a riaghla, a mbethadh, agus na n-ordaighthedh sa do láthair. An dechmhadh, don tsíth agus don áondacht as ionchoimhéudtha le cúaine na carthanachta. An t-áonmhadh déucc do fhrecar Shacramuinte na haithrighe, agus naomhShacramuinte na haltóra. An dara deug, a lorgairecht cionnus congbhaidhther iodhbairt na náomhurnaighthe, agus an chrábhaidh isin coimhthionól. 15. Dá ffaghthar úathadh nó iolar faillighech in áoinní dá ndubhramar nó in áoinní dob esbhadhach aitherrach, certaighther í nó íad agus pennighther fo d
isgréd, fo g
rádh na carthanachta agus an chirt, agus fós fo aignedh agus fo m
ionca da ndernadh an chair. Tre chungnamh na mínighthedh, agus na n-ordaighthedh so, sáoilem maille re grásaibh Dé, gur oirchillighemar go lór ar bhar sdaid; noch lesna sgríbhnibh si chuirmid chuguibh uile, agus go gach áon agaibh, asa ccoimheudfa agus asa ccoimhlíonfa sibh iad go dithchiollach. Agus dlighthísi bheth ní as duthrachtaighe da ccoimhéud sin agus da ccoimhlíonadh, tre a mhéud bhrethnaighemuidne go demhin gurob tre na ffhíorchoimhéd sin bhuaidheochtháoi agus do gheabhtháoi an toradh mór, lóghmhar, éuccoimsigh, glórmhar. Agus ionnus, go madh móide ughdardhas na n-ordaighthedh sin é, agus go ngeubhtháoisi iad re méudughadh crábhaidh, agus umhlachta, d'fhuráilemar a ccomhtharughadh, a nertughadh, agus a ndaingniughadh, lesna Sollamnuibh gnáthacha, mar atá le beoughadh, féuchain, derbhadh, agus le dlúthughadh Shéula ar n-oifficce.
Arna thabhairt in Geneabha i bproibhinsi na Burguindi, áois an Tigherna .1434. an 28. September, agus an tres bliadhain do phápdhaine ar n-athar náomhtha an cethramhadh Eugenius Pápa, agus fós an treas bliadhain do c
omhairle bhenduighthe Bhaisil, do tionóiledh agus do mórdháiledh do athnuadhughadh statadh, agus d'ullmhughadh síothchána edir prionsaidhibh, agus do sgrios na heritecachta; isin c
omhairle sin do beoaighedh, do feuchadh agus do derbhadh na hordaighthe agus na mínighthe si. Aríss atád arna n-athnúadhadh agus arna n-ughdardhasughadh lesan athair fhíréunta an bráthair Bingnus ó Ghenua, generall uird ar n-athair náomhtha S. Froinsías uile, isin mbliadhain si ar tTigherna. 1622. an .22. do Ieanair. TEAGOSG DERBHTHA les an athair fhíréunta an bráthair Benignus ó Ghenua Minisdir generall uird bhendaighthe an athar ainglidhe S. Fhróinsias, ionnus go madh ferrde coimheud na n-orduighthedh sa é. A cháirde ionmhuine inar tTigherna ÍOSA. Ní hí ar n-inntinn a chur d'fhiachaibh fa phén phecaidh marbhtha oruibh coimhéud na n-ordaighthedh remhráidhte, acht amháin an (méd) chenglus Día, bar riaghail, agus an egluis díbh é: Tairis sin áilem agus ordaighem a ttairimthechtaighe sin do chertughadh go crúaidh; agus da mbé an bhanab mainnechtnach imá ccoimhéud, nó im fhuráiliomh a ccoimhéuda, nó im chertughadh na ttairimthechtach, spregthar go géur í, agus do rér méde na caire cuirther pennuid uirre lessin phroibhinsial nó lesin fhiosadóir. Óir ag beth in airtegal bháis da b
ar máthair náomhtha S. Clára do fhágbhaidh sí bendacht fhoirlethan na Tríonóide, agus a bendacht máthardha fén ag Sercachaibh fíre, agus ag coimheudaidhibh a riaghla, agus na bochtaine benduighthe. Cidh tra acht dlighthísi go dúthrachtach triall grádhuighthe agus coimhéda (le grádh dil dírech) na foirbhthechta do foillsighedh agus do múinedh dháoibh isin ríaghail remhráidhte, agus isna horduighthibh benduighthi si, ag légen do lethtaoibh an uile mainnechtnaighe agus sesgairecht (no spadántacht). Agus ar an adhbhar go mbeanann (foghnamh do Dhía gan intinn as airde iná do shechna péne,) amháin do sbioradoibh dáora uirísle agus do chethern cennaigh, agus déanamh nethe thaithnighes re a mhórdhacht ndíadha go glan ina onóir agus ar a ghlóir agus tabhairt
deghshompla do chách ele, úair go mbenaid so agus a samhail do fhíorchloinn Dé; comhairlighem ibh uile inar tTigherna ÍOSA a choimhéud nach beg an condus i ccuirfí tairimthecht na n-ordoighthedh so ar son nach ffuilid d'fhiachaibh oroibh fo phén pecaidh mar adubhramar roimhe; acht ag smuainedh créud an Sbiorad agus an fhoirbhthecht atá aca, acht triallaigh a ccoimheud gan truailledh, mar dhlighthibh, orduighthibh, agus statúidibh bhar riaghla. Tríd sin cuirfí méudughadh glóire lé bhar ccoróin do shiocair na ttriall mbenduighthi si, agus do dhéuntaoi sibh fén ag coimhtecht le Mac nDé, noch ar nach raibhe d'fhiachaibh nó cengailte dhe ó dhlighedh na nethe do ríne, ar a shon sin ba mían do a ccoimhéud do chum maithesa cháich ele. Iarraidh ann sin drud le hardsdaid bar riaghla, aga bhar bhforrach fén um na nethibh atáid isna horduighthibh si do chur in ngníomh: ód cíther go mbenann d'fhoghantaidhibh maithe dlighthecha gan íad fén do shásadh le coimhlíonadh na nethedh sa amháin, noch fhuráiles a maighisdir orra, tré bhagar, acht fós iarraidh, agus santughadh déunmha, agus coimhlíonta gach nethe sháoilid ar áoncháoi do (bheth) taithnemhach, buidhech agá maighisdribh. Ar an adhbhar sin tre charthanacht ar tTigherna Íosa teagaisgiom na huile Sethra da ttig agus da ffhuil don ord bhendaighthe si, go ccoimhéudad ar chomhair a Súl na Soisgeul náomhtha, an riaghail do ghealladar do Dhia, na gnása molta bendaighthe, Sompladha memhracha náomh a n-uird, go háiridhe ar leth a bhfothaighthech (.i. fundúiredh) fén, ag díorghadh an n-uile smuaintighthe, a ngníomha, agus a mbriathra do chum onóra agus glóire Dé, agus do chum sláinte a n-anmann, agus da dhéunamh so, múinfe an Sbiorad náomh íad isin uile ní. Togbhaidh, ar an adhbhar sin bhar Súile, agus bhar smúaintighthe go ar bhfúasgaltaidh milis Íosa, agus ar ttuigsin a thola náoimhe agus a thaithnemha, coimhégnighidh sibh fén do thaitnemh les ní hedh amháin in nemhtharcaisniughadh na n-ordaighthedh sa (óir nír bheg an pecadh a ttarcaisniughadh) acht fós ag sechna agus ag telgen do lethtaoibh gach mainnechtnaighe ina ccoimhéud ar a ghrádhsomh. Óir cuideochaidh leibh ní hedh amháin do choimhlíonadh go dioghraisioch bhar riaghla benduighthe noch do gheallabhair (acht fós) an dlighidh dhiadha, agus comhairledh Soisgéulta, agus buaidheocha dhúibh grása Dé tré Íosa Críosd shaorfus shibh ó iomad mbaoghal. Médeócha b
ar sólás i sáothraibh, agus bethí infhedhma do dhéunamh gach nethe trídsiomh .i. tre Íosa Críosd, atá uilechumhachtach agus do bhéura comhfhurtacht
dáoibh, agus tuigsi isna huile nethibh, noch as egna Dé, agus do bher go hiomdha da gach áon, agus do bheura sé brígh agus nert dáoibh, óir as esiomh amháin an nert, agus an bhriathar iomchrus an uile. A mo Shethra dísle in Íosa ar tTigherna, cuimhnighidh go minic ar an tema oirdherc úd ara nderna ar n-athair ainglidhe, Sermóin roidhiongmhála do iomad mór bráthar .i. Do gheallamar nethe móra do Dhía, acht as mó do gheall Dia dhúinn: uime sin coimhéudam ar ngeallamh, agus re mianaibh lasamhna, Sédem do thecht gus na maithesaibh sin do gealladh dhúinn: ad gáirde taithnemha an tSáoghail si, gidh edh ad síordhuidhe na piana iffrionda gebhmíd tre a lenmhuin Súd. An fulang fhuilingmid ar ghrádh Íosa Críosd, agus an pennuid gabhmuid ar a shon, as gerr go ccríochnuighther; gidh edh an ghlóir do bhéura Día dhúinn ara son sin, bíaidh sí gan chrích: Do goiredh iomad go ríoghacht nDé, acht as beg do toghadh, fó bhíth as beg lenus IOSA Críosd in nglaine chroidhe; acht fa dheredh do bheura Día do gach duine luach a sháothair, ima-le don olc agus don mhaith, cechtar de glóir agus sonus, nó cumusg agus tene síordhuidhe. Go soighidh so atád briathra S. Froinsías, noch a Shethracha dile dob édir a ttarraing go rochubhaidh chuguibhsi, tresna nethibh do gheallabhair: agus ge atáid mór, as beg iad a ffarradh no sic lóighechta Suthuine do bheura Dia dháoibh, da rabhtháoisi inar ccoimheudoighibh iochtacha orra. Ergidh ar bhar n-aghaidh ainnsén, agus coimhédaidh go cródha íad, agus ná bíodh droichmhesnech agaibh as bhar mbríoghaibh, ór an tAthair síordhaidhe, do chruthaigh Sibh, agus do ghoir sibh do choimhéud na foirbhthechta Soisgéulda, aga ffuil fios bhar n-aibrisge nádúrtha, ní hedh amháin go nerteocha sé sibh go hinfhedhma lé na chongnamh, acht fós do bheura sé dhúibh a thiodhluigthe aithremhla, ina chommór so do mhéudughadh agus d'iomdhughadh, ionnus ag érg
e thuas ar gach ndecair go mbethí infhedhma ní hedh amháin d'umhlughadh da Mhac díles deghrádhoch, acht fós do chum a lenamhna agus a lorgairechta re lúthg
aire lánmhóir, agus re simplidhecht chroidhe: ag tarcaisniughadh go foirfe na ráed n-aimsiordha sofhaicsiona, agus ag sédedh do shíor gus na nethibh nemhdha agus síordhuidhe in Íosa Críosd, Dia agus Duine, solus fíre, agus dealradh glóire an tsoluis shíordhuidhe, an t-iongnadh gan toibhém, íomháigh Dé comhshuidhighe les an Athair shíordhuidhe, brethemh, fer dlighidh, agus slánaightheoir na ndaoinedh, da ttabhair an tAthair agus an Sbiorad náomh fiadhain. Cidh tra acht, amhuil as innsiomh atáid ar n-uile thuillemha,
ar sompladha bethadh, ar ccabhair, ar bhfabhor, agus ar luaighecht, bíd mar an ccéudna ar n-uile smuaintighthe, ar midhemhna, agus ar n-aithresa inn; agus gus (nó ag) an druing do ní mar so, biaidh an uile ní milis, taithnemhach, urusa, éttrum, bendaighthe, agus foirbhthe. Óir as esion Solus agus fuirech na ccinedhach, deredh an dlighidh, Slánughadh Dé, Athair an tSáoghail tódhóchaidhe agus fa dheoigh ar ndóchus do rónadh dhúinn, críonnacht, cert, naomhadh, agus fuasgladh; noch maires agus ríoghus lesin Athair, agus les an Sbiorad naomh na áoindiá chomhsuthain, chomhshubsdaintech, agus chosmhail, dá mbí moladh Suthain, onóir, agus glóir. Ar na thabhairt i bPairís inar ccoimhthionól an Aue Maria .22. do Enáir 1622. Br. Benignus a Genua biocáire-generálta. COR NÓ OIBLIOGÁID RIAGLA ar máthar náomhtha S. Clára fo phén pecaidh marbhtha. Foillsighidh an cethramhadh Eoghan (.i. Eugenius) Pápa nach ffuil áonaithne isin riaghail sin ag cengal fa p
ecadh marbhtha, acht na móide umhla, bochtaine, genmnaidhechta, choimhéd chlabhsdra, togha agus athchuir banabadh. Comhshuidhter foirbhthechta na riaghla i sé heitibh ainglidhe .i. in umhla iomláin, i mbochtaine Shoisgéulta, in ngenmnaidhecht ghloin, in umhalóid fhodhom
ain, i simplidheacht fhoighidigh, i ccarthanacht ainglidhe. As é ní da ngoirther Umhla subháilce ga bhfuilid trí cémeanna; as é an cédna: umhla tre profession, as edh sin an tan choimhlíonus nech aithne Dé, nó na preuláide go himiollach. As é an dara; umhla go ccosmhaile, as edh sin an tan coimhlíontar an aithne ní hedh amháin go himeallach, acht fós gan murmur, do rér inntinne, agus thola an tí aithnighes. As edh an tres; umhla tré áondacht, tré nach bí ag an umhal fhíre, áonadhbhar ele acht taithnemh agus toil nDé. 2. As edh an bhochtaine Shoisgéulta Subháilce ga ffuilid trí cémenna: as edh an céudna, bochtaine tre profession .i. gan cert na díslidheacht do bheth ag nech in aoinní; As edh an dara
congbháil amháin shochair shimplidhe na raed (regar) do les, agus bheth rédh ris na nethibh as roimhesa. As edh an tres cém, gan dúil ar bioth, do bheth aca in nethibh riachtanuis fén, acht ar modh gur égen dóibh a nglacadh go lompuisneach re na les. 3. As edh an ghenmnaidhecht Subháilce na ffuilid tri cémenna: an ceudna: genmnaidhecht chuirp, tresa ccuibhrighther na boill fhoirimiollacha uile o gach áoinghniomh amhghlan, nó drochbharamhlach: as é an dara, genmnaidhecht chroidhe, trésa ccáomhantar an croidhe ó gach smúainedh éccnesda nó amhghlan: As é an tres cém, genmnaidhecht, ni headh amháin trésa ccennsaighiom sinn fén ó gach áonghrádh éccnesda, acht fós ón uile thaithnemh iomurcach, nó comhshólásughadh spioradalta. 4. As edh an umhalóid Subháilce agá ffuilid tri cémenna: as é an .c. chém, umhalóid fhesa trésa ttuigionn an duine é fén do bheith beglóigh doimesda ann fén. As é an dara cém umhalóid thaispénta, trésa ffhoillsighther an umhalóid inmhedhonach isin umhalóid imeallaigh, mar atá tresan édghudh tresna briathraibh, tresan toil, agus tresna hoibribh uirísle. As é an tres cém, umhalóid athraighthe, ní hedh amháin tresa n-umhlaighionn an t-anam é fén i bhfiadhnaisi Dé, acht fós i bhfiadhnuisi an duine, ag santughadh a mhesda go bocht uirísiol. 5. As edh an tshimplidhecht; subháilce trí ccémenn: as edh an cédna; simplidhecht smuaintighedh, as edh sin, gan smuainedh ní as airde ina mar as ionghabhtha don tuigsi, agus gan smúainedh ar onóir ná ar dhíghnid an domhain, acht é féin do mhes ní as mhídhiongbhála iná an uile ele d'fhoghnamh Dé: As é an dara céim, Simplidhecht i mbriathraibh, ag Sechna an uile chláonta do chum comhráidh chúiríalta, ag labhra go lér gan liosdacht, noch tig go minic ó d
roichfhrémh .i. díomháoinius: As é an tres cém Simplidhecht Sháothar .i. gan a lamhadh linn acht sáothar simplidhe tarbhach. Agus as riaghuil choitchenn don tSubháilci si inntinn glan, dhírech, simplidhe do bheth ag nech: gidh edh ní mór as fiú simplidhecht gan chríonnacht: óir as ionmhuin le Día na daoine críonna. 6. As edh an carthanacht Subháilce tri ccémenn: as é an cédna grádhughadh Dé ní ar a m
aithes amháin, acht fós gurab roidhíol gráidh é. As é an dara cém ar ccomharsa do charthain, ní amháin do ghrádh ar ccomharsan, acht go simplidhe ar sherc nDé: an tres cém, sinn fén do ghrádhughadh ag sáothrughadh do chum Subháilce, ar sonus, agus ar nglóir; agus ní ar ar son fén, acht ar grádh Dé, agus do thaithniomh leis.
MOLADH NA RÍAGHLA. Adubhairt an t-athair náomhtha S. Fróinsias, ag soinertughadh a áosa riaghalta do chum coimheuda na riaghla, gurob í leabhar na bethadh; toradh na hegna; smior an tSoisgél: dóigh na Sláinte, Slighidh an tShlánaighe, drémire dula ar nemh: eochair phárdhuis agus snaidhm na síodha suthaine, í. Tri prib
iléde fuair ar n-athair naomhtha S. Froinsías ó Dhia uilechumhachtach. Adubhairt an nómhadh Grioghóir Pápa gur thuig sé ó S. Froinsias, go ttug Dia uilechumhachtach tri pribhiléde dho: An ceudna; da mhéud do fhásfadh a ord, go médeóchadh sé soláthar dóibh: An dara; nach n-éugfadh áoinnech go miochonáigh ina aibid: An tres; gibé do dhéunadh inghremm ar a ord go bpianfaidhe go trom é ó Dhia uilechumhachtach. Trí pribhiléde ele noch adubhairt sé d'fagháil tresna hainglibh Seraphim an tan tarla sé dho i Sliabh Aibhern. As é an cédna .i. go mairfedh a ord go bráth: An dara; gíbé do b
eth go meabhlach isin ord nach fada do mhairfedh: An tres; gíbé do charfadh a ord, ge gomadh móirphecthach go ffhuighedh trócaire ó Dhía. Secht bphribhiléde ele noch do foillsighedh don athair náomhtha S. Froinsías thre aingeal i ccoimhthionól S. Urbáin, don uile c
oimheudus a ríaghuil agus éugus ina ord. An chédphribhiléd .i. dá raibhe a n-intinn go maith, go sdiúrthar iad do shíor les an Sbiorad náomh: An dara, .i. ann so ina n-oilithre gomdís cosanta fo leth, agus ina n-uile cathaighthibh fós, o phecadh marbhtha: An treas pribhiléd nach congbhann tene purghadóra íad d'és a mbáis ó shelbhughadh inmhedhonach na glóire suthuine: An cethramhadh, go nglacfaid ionnta fén an
geallamh úd tug ar Slánaightheóir da apstoluibh, um Shuidhe ar dhá Shuidhe dhéug do bhrethnughadh threabh nIsrael: An cúigedh, gíbé ghrádhaighes an t-ord méuduighidh Dia uilechumhachtach a ghrása agus a bhennughadh orra abhus agus thall: An seisiodh; naimhde a uird, agus do ní air inghrem gan aithrighe, gerrfaidher a sáoghal, nó muna ngerraighther líonfaidher íead do bhochtacht, agus d'és a mbáis rachuid imugha go síordhaidhe: An sechtmhadh .i. go mbed choidhche isin ord so áos riaghalta deghbhethadh bhenduighthe, ghrádhaighes onóir Dé agus a riaghail. Loghadh áiridhe tugadh edir mhórán ele, lé heaspug flaithemhuil na Romha, don uile áos riaghalta uird S. Fróinsías. Do ghebhid an t-áos riaghla edir fhior agus mnáoi loghadh iomlán a poena et culpa, o phén agus ó phecadh, i laithibh a n-eudghaidh, a bprofession, agus a mbáis; mar an cceudna as édir d'aithribh agus do mháithribh na mbráthar agus an Setharsoin an ccédna d'fhagháil in airtegal a mbáis ar na thabhairt dóibh, le fáoisidmhech dlighthech égin. 2. Na huile don áos riaghla ghlacus an tShacramaint ronáomhtha i ndomhnuighibh na bliadhna, i bhféilibh ar Slánaightheóra náomhtha, agus ar mbaintigherna benduighthe, agus náomh an uird, do gheabhaid loghadh iomlán. Agus da ttegmhadh áon nach ffeudfadh fáoisidedh agus cumáoineachadh isna laithibh sin, tre thoirmesg ndlighthech, féudaid an loghadh sin do ghnoughadh d'és a sháortha ón toirmesg sin, madh fhaoisidighidh agus madh commaoinchighidh les an intinn úd, bíodh go rachadh lá na féle Secha. 3. An t-áos riaghal adérus coróin ar ttigherna .i. 33. paidrecha, gus Aue Maria, in onóir na .33. mbliadhan do mhair sé isin Sáoghal, nó coróin na maighdine glórmhuire Muire, ina bhfuilid .72. Aue, secht bpaidrecha, agus áonp
aidir agus aue ar son an espuic fhlaithemhuil, do ghebhid loghadh iomlán. Mar an ccédna gnoaighther an loghadh sin coimminic is a derid na Secht Sailm agus na liottáin, na Sailm ghradualta, ord marbh, nó chuidighid um na liottánaibh gach dara domhnach don mhí. 4. Coimminic is aderid an t-áos riaghla i ló nó in oidhche, gibé áit i mbíd, sé paidreacha agus sé aue, agus Gloria Patri, a cúig dhíobh ar son esbuidhe na hegluise, agus an sesiodh ar son náomhthachta an
Phápa, gnoaighid loghadh Station Iarusalem, na Romha S. Seum, agus Partiuncula. 5. Mar an ccéudna ag rádh an tshailm Exaudiat te Dominus in die tribulationis etc. thrí bpaidrecha agus tri n-aue le hintinn an Phápa, gnoaighid an uile loghadh dá ttugsad na hesbuig fhlaithemhla do chommbraithres an phaidrín, do egailsibh ar mBaintigherna benduighthe ó Loreto, Mont-Serat, agus S. Séum de Compostella. 6. An uile úair aderid Angelus Domini isin amm ghnáth a mbentar an clog, gnouighid loghadh iomlán; agus an ccéudna gach uair chommáoinchighid. Gach úair ésdid oiffrend choimperta ar mBaintigherna benduighthe, ag guidhe ar a náomhthacht agus ar an Egluis chatoilce do gebhther loghadh iomlán. Ag radh na hoifficce diadha, nó oifficce ar mbaintigherna benduighthe, tar na huile loghthaibh ele, gnoaighid .100. bliadhain do phardún. 7. Ag rádh áonuair gach láoi aonp
aidre agus áon Aue Maria, ag gairm fo thrí go cráibhthech ar naómhainm Íosa, gnoaighid .3000. bl. do p
ardún. 8. Tugadh dona Sethraibh fo c
ethair isin mbliadhoin go fféudaid absolóid choitchionn d'fhagháil i lánmhaithiomh a n-uile phecadh ar bioth, agus a n-aisioc go sdaid na nemhurchóide, coimhiomlán is dob édir dóibh a ghlacadh óna náomhthacht, agus tugadh an ccéudna dhóibh in uile fhélibh ar Slánaightheóra náomhtha, ar mbaintigherna benduighthe, i bhfél S. Pedair agus S. Póil, S. Froinsias, S. Clára, S. Caitriona bainríoghna agus mairtirech, i bhfél an uile naómh, agus in gach lá don tSechtmhain náomhtha; gidh edh tairis sin ní tharbhaighid na grásasoin áoinní don droing phecaighes ní as fairsinge, tré andóchus asna loghthaibh sin d'fhagháil. As édir leó gach loghadh agus gach pribhiléd da ttugadh dhóibh fén do thobhairt ar son na marbh ccredmhech. Comharthaigh go n-iarrthar tabhairt na hinntinne do chum na loghadh sin nó áonloghaidh do ghnoughadh mar sin. Sgagadh coinsíansa do dhuine riaghalta. Créud íad a chláonta olca, agus a dhrochghnása, ciodh ó ttigid, agus créd an cathughadh, agus an frecar do ní riú. 2. Créd na hainmiana as mó thighernaighius ann agus créd an cháoi go so arar thriall a ccláoi.
3. Créud iad na cathuighthe as tresi, as roghnáithche, agus as robhúaidhertha bhíd air, agus cionnus do iomchair é fén ionnta go soighidh so. 4. An ffuil sé indethbhirech i nglacadh gnoaighe na riaghla bennaighthe, ag glacadh go háontadhach gach nethe orduighther dho. 5. An é Día amháin indfethemh a uile ghníomhradh, nó an sirenn Sochar díles, nó moladh ina oibribh. 6. Féuch an nach mberionn do roghain adhbhair fhoirimeallacha, mar cháilidhechta maithe agus mar thiodhluicthibh nádurtha agus mar ghrása, ria ffoghloim ferta agus foirbhtheachta. 7. An mian les, agus an bhfuil sé roidheóntach um fhios a locht do bheth uile ag a uachtaránuibh. 8. An bhfuil sé sochraidh, iochtach dha uachtaránuibh, agus an labhrann leo in gach cúis riachtanuis bhenus do mhaith a anma. 9. An bhfuil sé in áondacht fhíre tré ionmhuine da uachtaránuibh, nó más bun os cionn atá sé, agus cidh ó ttig dho. 10. An nach bí sé romhuinterdha re dáoinibh égin, agus an bhfuil an muinterus sin urchóideach do fén agus don té ele, agus an mbí sé na shiocair do chailledh na haimsire, agus do laghdughadh dáoinedh ele. 11. An ngrádhuighenn agus an ngabhann go genamhuil an marbhthataidh mhedhonach agus imeallach, agus na cúisi umhla uirísle, ní as fhonnmhaire inaid cúisi móirmhesa. 12. An ar choimhéd na riagla, agus na horduighthi si uile, noch da ndén brigh mbig agus créd an t-adhbhar. 13. An Sanntuighenn aithrighe fhíre ina uile chiontuibh, ga n-admháil go fírinnech, re rún láidir lesaighthe. 14. An ndén sgrúdadh fo leth go láethemhuil ar áon anfhoirbhthecht, agus creud an t-ullmhughadh re nglacann an tSacramaint náomhtha, agus cionnus chlechtus gnáthughadh benduighthe na hurnuighthe. 15. An mbíd a bhríathra béusacha agus a chomhráidhte cnesda i ccomhlúadar, nó aitherrach, agus fós re dáoinibh Sáoghalta: cionnus do choimhéd (nó choimhédus) tosd, agus do chaith (no chaithes) a aimsir.
Dhá mhórulc dhéug tigid tré phecthaibh Sologhta. 1. Ar tús dallaid agus dorchuighid derca ar ttuigsiona, ionnus nach féudaid faicsin Dé uilechumhachtaigh. 2. Marbhaid tes an ghráidh agus na carthanachta díadha. 3. Bacaid gan Día d'ésdecht ar ngerán agus ar n-urnuighthedh. 4. Sailchid agus riabhaighid an t-anam. 5. Brónuighid an Sbiorad náomh, agus urgháirdighid an námhuid. 6. Tairrngid inn ó mhuinterus milis Shoghradhach ar Slánaight
eora náomhtha. 7. As siocair mhór iad agus cúis dar ccoimhlegadh i bpecthaibh as truma. 8. Furáilid ar anam tuitim i lesge mhóir agus i sesgairecht (no spadantacht) isin uile mhaithius. 9. Anbhfannuighid go hadhbhalmhór bríogha an anma, o chur in aghuidh a drochcláonta. 10. Cláonuid ar ccláonta agus ar miana go nethibh aimsiordha. 11. Sínid agus méudaighid piana purgadóra. 12. Toirmisgid inn go hadhbhalmhór ó amharc agus ó fhagháil fhíadhnuise Dé. Náoi Slighthe na ccuidighmíd do phecthaibh cháich ele. 1. Tre chomhairle. 2. Tre fhuráilemh. 3. Tre c
omháontughadh. 4. Tre ullmhughadh nó thothlughadh. 5. Tre b
ladar. 6. Tre ésdecht re cion an tí do dhlighemar do choimhéd. 7. Tre chelt nó nemhspregadh nó nemhthoirmesg madh dlighther dhínn a thoirmesg. 8. Tre chuidiughadh an adhbhair da ttiucfadh a shamhuil sin do phecadh. 9. Tre chosnamh chionta duine ele. Dá thoradh dhéug na Sacramainte náomhtha. Ní amháin go ndén Soidhéunmha acht furáilidh fós go hurusa trégen agus fágbháil an uile nethe tuitmhigh agus talmhaidhe. 2. Cúisighidh mórtharbha agus cémniughadh in nethibh nemhdha. 3. Tógbhaidh an t-anam os na huile dhúilibh.
4. Nertaighidh an spiorad gus an uile mhaith. 5. Sorchaighidh agus soillsighidh an tuigsi in eólus Dé. 6. Cúisighidh Sealbhughadh de, lasamhain glanghráidh Dé amháin. 7. Así foirbhthecht na huile fhiort agus fhoirbhthechta. 8. Dáilidh don anam Selbhughadh thighe Séud an uile mhaithesa agus shaidhbhresa. 9. Cúisighidh subha síor inmhedhónach. 10. Crod
aighidh (í) (.i. anam) le urradhus sonaidhe, agus le demhin fhaigsiona an tí da ccredionn sí. 11. Síoth fhoirbhthe ag tosughadh isin Sáoghal so agus ag marthain go síordhuidhe. 12. Áondacht fhoirbhthe le Dia uilechumhachtach, tresa ndeunthar cuidighthech na huile fhoirbhthechta don anam. Dá chomhairle dhéug Shoisgéulta. Bochtaine tresa n-echtraighther duine riaghalta óna huile nethibh talmhuidhe. 2. Umhla, gan í ní foirbhthe aoinfhiort nó Subháilce. 3. Genmnaidhecht, sgiamuighes agus áillighes an uile shubháilce ele. 4. Carthanacht dar náimhdibh, trésa sgriosdar an uile thedhm spioradálta an phecaidh. 5. Cennsacht (mar adubhairt S. Ambros) noch as leghes don chroidhe, tresa Soillsighther an t-anam le Día uileachumhachtach d'fhagháil eóluis a Shecrédedh. 6. Trócaire, shínes í fén do chongnamh le gach áon gan fhoirchionn, téd isteach lé truaighe go soimhilis isin chroidhe, agus glanaigh
é ón uile phecadh. 7. An focal simplidhe do shíor ag torthughadh i nDia, i nglaine inntinne, i ccarthanacht, etc.
8. Sechna siocra pecaidh, ag treorughadh an anma le críonnacht agus le ciúnus do ghnoughadh Subháilce. 9. Intinn chert, noch fhuráiles an uile obair do thriall tre umhlacht, do mhéudughadh ar ccomharsan. 10. Cosmhaile an ghníomha les an mbréthir, tresa nglacthar gach tegosg áiridhe da ríribh, agus maille le tarbha. 11. Sechna gach anualuigh éuttarbhaigh, as go madh ferrde do beurthaoi aire dona Soillsighthibh spiordaidhe, noch dhorchuighther le cúram talmhaidhe. 12. Certughadh bráthardha, noch as solus Soillsighes an tuigsi, do rér raidhte an apstoil, ader gibé certuighther go ffaicther é lesan tSolus tiucfa. Mallacht S. Froinsías. A Shíordhaidhe, agus a athair nemhdha rob malluighthe uaibhsi, agus ón chuirt nemhdha, agus uaimsi an mídhiongmhála, na huile bhráithre, noch trena ndrochShompla sgriosas na nethe do thógbhuisi agus dá nach sguire da ttógbháil, le hiomad bhráthar mbendaighthe don ord sa. FINIT.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services