Historical Irish Corpus
1600 - 1926

An Irish Seventeenth-Century Translation of the Rule of St. Clare

Title
An Irish Seventeenth-Century Translation of the Rule of St. Clare
Compiler/Editor
Knott, E.
Composition Date
1636
Publisher
(B.Á.C.: A.R.É., 1948)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Riaghail ar Máthar Náomhtha .S. Clára
Arna tionntúdh i ngaoidhilcc as bérla
Le toil a n-uachtarán.
1636.



Daingniucchadh apstolacdha
na Riaghla tucc ar n-athair
naomhtha S. Fronsisiomas
dár máthair bhennaighthe
S. Clára.



INNOCENT easpucc serbhóntaidh do sherbhóntaighibh Dé dár
ndeirbhshethraibh grádhacha in Íosa Críost Clára banab, agus dár
ndeirbhshethraibh oile i Mainistir San Damian in ASSIS sláinte, agus
bennuchadh apstalacdha.



AS gnáth leis an suidhe apstolacdha umhla do thabhairt
don uile athchuinghe dhiadha, agus go grásamhail foghar do thabhairt
do chum na maithesa, agus fhuinn bhennaighthe na muintire chuires
a ngerán chuca, agus ar an adhbhar sin do bhrígh gur iarrabhair
go humhal orainne derbhadh, agus daingniucchadh do dhénamh ar
bhar riaghail lér ndaingniucchadh apstolacdha do réir mar atátháoi
ar tí bhar mbetha do thabhairt aníos go coitchenn an
áoinspiraitt, agus a bprofession na bochtaine ro aírde, an Riaghail
cédna arna tabhairt daoibhsi lér n-athair naomhtha S. Froinsías agus
arna glacadh libhsi le hiomat toile agus luathghara; an riaghail mar
an ccédna arna derbhadh le heaspucc Ostia ar ndearbhráthair
mar a ffuil nísa mó, agus arna taisénadh a litreachaibh an easpuicc
chédna ag coimhteacht leis an aithne tuccamar dó a daingniughadh
leis na cumhachtaibh apstolacdha do aithnighemar dhe chuicce
sin.



Dá bhrígh sin atámaoidne anosa acc umhlucchadh dábhar
n-athchuinghe diadha ag daingniughadh na riaghla remhráite leis
na litreachaibhsi do láthair lér ccumhachtaibh apstolacdha agus ag
daingniucchadh bríghe na litreach cédna focla ar fhocal isna
litreachaibh so do láthair amhail atá inar ndiaidh;



UGOLIN maille le grásaibh Dé epscop Ostia agus Veletre do chum
a mháthar roghrádhaighe agus a dheirbhshethrach in Íosa Críst
Clára banab ó San Damians in ASSIS agus do chum a deirbhshethrach
atá do láthair, agus thiocfas sláinte, agus bennuchadh athardha,



An mhéid a chlann roghrádhach in ÍOSA Críost gur tharcaisnigh


L. 8


sibh poimp, onóir, agus sódh an tsaoghailsi, agus gur lenabhair lorcc
ÍOSA Críost agus a mháthar robhennaighthe gur thoghabhair sibh
féin do bheith a ccloustar no a bpríosún a bhfolach do chum
foghanta do Dhia atámaid ag moladh bhar ccríche maithe maille lé
deghthoil, agus le grádh athardha tiodhlaicmíd daoibh go humhal
bhar n-athchuinghe, agus bhar ttoil bhennaighthe, agus daingnighmíd
lé cumhachtaibh an Phápa, agus lér ccumhachtaibh féin daoibhsi, agus
dá ttiucfa inbhar ndíaidh inbhar mainistribh an fhoirm, agus an Riaghail
bhethadh áondachta bennaighthe na bochtachta ro airde,
ro oirdheirce tucc an t-athair glórmhar S. Fronsias daoibh dá coimhétt
le focal comhmaith, agus le sgríbhinn mar atá ann so síos inar ndiaigh



AR grádh Íosa, agus a naomhmáthar millsi an Ógh naomhMuire,
AR grádh San Fronséis, agus S. Clára sa riaghail tionnsccainter ann so,
bíodh cuimhne accaibh a dheirbhshethra inbhar n-urnaighthe go laithemhail
ar bhar nderbhráthair bocht Michel Ó Cleirigh a lóghaidheacht a shaothair.



IN AINM AR TTICCHERNA



AMEN



bíodh mar sin



Tionnsccainter Riaghail agus foirm bhethadh uird na ndeirbhshethrach
mbocht arna tabhairt le S. Fronsias.



An chédchaibidil.



1. Acc so Riaghail, agus foirm bhethadh uird na ndeirbhsheathrach
mbocht arna horducchadh lér n-athair glórmhar S. Fronsias,
edh ó Soisccél ar tTiccherna Iosa Criost do chumhdhach sic, agus
do choimhéd ag marthain in umhlacht, gan dísligheacht, agus a
ngeanmnaigheacht.



2. CLARA innilt, agus serbhóntaighe mídhiongmhála Iosa Criost agus
plannda becc ar n-athar naomhtha S. Fronsias tug sí móid
umhlachta, agus onóra don Phápa Innocentius agus da gach Pápa
da ttiocfa ina dheadhaidh do toghfaidhe go dleistionach cánónta
in Ecclais na Rómha.



3. Agus mar tucc sí féin, agus a deirbhsheathra móid umhlachta dár
n-athair naomhtha S. Fronsías a ttús caomhc<h>lóidh a mbethadh:
AS amhlaidh sin tucc sí móid an umhlacht cédna do choimhéd
gan brisedh da gach áon dá ttiocfadh na d<h>iaidh, agus atá d'fhiachaibh
arna deirbhshethraibh mar an ccédna umhla do thabhairt da
gach áon dá ttiocfa in ionad ar n-athar naomhtha S. Fronsias, agus
umhlucchadh don deirbhshiair CLARA agus da gach banabbaidh
eile dá ttoghfaidhe go dleistionach cánónta dia héis.


L. 10


Do thaoibh na ndaoine lena mian dol san
Riaghailsi, agus cionnas as cóir a nglacadh.



Cap. 2.



1. AN tráth thaisbénfas éinphersa í féin daoibh le séidedh an
Spioraitt Naoimh do chum na bethadh so do ghlacadh chuice atá
d'fhiachaibh ar an mbanabbaidh toil na ndeirbhshethrach d'iarraidh
chuicce sin, agus ma do bheir an chuid as mó aca a ttoil cuicci (dá
raibhe ced an chárdionáil as dídnightheóir ag an mbanaib), as
éidir lé a glacadh.



2. An tráth mhesas an bhanabb gurab cóir a glacadh, dénadh
féin, nó cuiredh d'fhíachaibh examen nó sgrúdadh dúthrachtach
do dhénamh uirre a ttaoibh an chreidimh chatoilice agus
Shacramainntedh naomhtha na hecclaise, agus má chreidenn sí íad
sin uile, agus go n-admhann iad go creidmheach, agus a ccoimhétt go
seasmhach go críochnughadh a bethadh, ann sin (muna raibhe si
pósta, nó muna ndeachadh a fer maille le ced easpuicc na
diosis a mbí a riaghail éiccin agus móid ghenmnaigheachta do
thabhairt; acht muna raibhe sí roáosta, nó easlán nó laicce chinn
do bheith uirre do bhacfadh dhi an ríaghailsi do choimhéd)
foillsicchther dhi gach ní da ffuil a ffoirm bhar mbethadh.



3. Agus ma bhíonn iomchubhaidh, agus toltanach abarthar briathra
an tsoiscéil ría .i. imtheacht roimpe, agus a ffuil aice do reic, agus a
thabhairt dona bochtaibh, agus munab éidir lé sin do chur a ccrích
budh lór dhi a toil mhaith.



4. Atá d'fhiachaibh ar an mbanaib agus arna deirbhsheathraibh
beith rochoimhédach gan cúram do bheith aca ar gach máoin da
mbia aice, ionnas go mbá héidir lé a toil féin do dhénamh lé gach
ní da mbía aice do réir mar do sheolfadh Día dhi.



5. Gidh edh ma iarrann sí a ccomhairle san ccúis so cuiritt í
chum persann éiccin deiscréidighi ar a mbia eccla Dé, ionnus go
roinntí léna chomhairle a máoin ar na bochtaibh.


L. 12


6. Ann sin gerrthar a grúag timcheall, agus bentar a hédach
saoghalta di, agus tuccadh an bhanabb trí cóta, agus clóca dhi, agus ó shin
amach ní héidir lé an mhainistir d'fháccbháil gan cúis fhollas,
tharbhach, dherbhtha do bheith aice.



7. Ar ccoimhlíonadh blíadhna a nouisteachta glacthar í chum
umhlachta ag tabhairt móide go ccoimhédfa sí go síordhuidhe
betha, agus foirm bhar mbochtachta.



8. Ní cóir do mhnáoi ar bith an caille dubh, nó an uelam do
ghlacadh uirre ar fedh bliadhna a nouisteachta.



9. As éidir leis na deirbhshethraibh chum socamhail, agus macántachta
clócadha becca do bheith aca lé haghaidh a sáothair.



10. Bíodh cúram ag an mbanabbaidh soláthar deiscréittech do
dhénamh do chum édaigh d'fhagháil dona deirbhsheathraibh do réir
cháilidheachta na bpersann na n-aimsior, na n-ionadh, agus na Region
ffúar do réir mar do c<h>ífe a riachtanas dá iarraidh.



11. Na mná ócca faoi áois iomchubhaidh glacfaidher don
mhainistir, gerrthar a ngruacc, agus bentar a n-édach saoghalta díobh, agus
cuirthear édach orra do réir édaigh na mban riaghalta amhail
do cífidher do dheiscréid na banabbadh, agus an tráth thiocfas siad
go haois iomchubhaidh glacaid an aibid amhail do níd cách, agus
déinett bliadhain a bprofessioin, nó a nderbhtha.



12. Ordaighedh an bhanabb go cúramach banm<h>aighistir as
mnáibh deiscréideacha na mainistre chuca sin, agus chum na
nouistedh oile da tteccascc a mbésaibh, agus a modhaibh macánta, agus a
cconuersáid naomhtha do réir fhoirme bhar bprofeissioin agus b<h>ar
staide.



13. As ar an modh ccédna so glacthar na deirbhshethra bhíos
ag seirbhís don taoibh amuigh don mhainistir agus as éidir leó bróga
do bheith orra.



14. Ní héidir lé duine ar bith bheith istigh inbhar mainistir
muna nglacthar é do réir fhoirme bhar bprofessioin.



15. Aithnighim, guidhim, agus iarraim ar mo dheirbhshethraibh
(ar grádh an leinb ronaomhtha mhilis Íosa do cengladh le crios
cengail agus le hédaighibh bochta, agus do léigeadh ar lár san mainnsér,
agus ar grádh a Mháthar naomhtha) édaighe bochta do bheith orra do
ghnáth.


L. 14


Don oifficc díadha, don trosccadh,
don fhaoisidin, agus do ghlacadh
cumaoineach.



Cap. 3.



1. Na deirbhshethra ónab eól leughtóireacht do dhénamh atá
d'fhiachaibh orra an oifficc dhíadha do rádha amhail adeirit
na bráithre mionúra.



2. Agus abraid sin gan canntaireacht.



3. An chuid díobh leis nach ba héidir a n-oifficc do leughadh
le toirmeascc éiccin dleistionach, abraid a bpaidrecha na hionad mar
do níd na deirbhsheathra dánách eól leughtóireacht do dhénamh;
mar atá ceithre paidreacha fichet ar son Maitín, agus cúicc paidreacha
ar son Laudeis; Ar son Prim, Tert, Sext, agus Nóin, abraid seacht
bpaidreacha ar son gach uaire aca. Ar son easparta a dó décc
agus ar son compléti seacht bpaidreacha.



4. Ar son easparta na marbh seacht bpaidrecha maille le Requiem
aeternam, ar son Matin na marbh a dó dég.



Na deirbhshethra ónab eól leughthóirecht do dhénamh, atá
d'fhiachoibh orra oifficc na marbh do rádha.



5. An tráth do ghébha énbhen do na deirbhshethraibh bás inbhar
mainistir abradh gach deirbhshiúr .50. paider ar a hanam.



6. Déinet na deirbhshethra trosccadh do ghnáth, acht amháin
lá nodlacc accárab éidir leó bíadh do chaithemh fá dó gibé lá ara
tteiccémha. As éidir leis an mbanaib dispensáid do dhénamh go
carthanach leis na daoinibh ócca, leis na daoinibh bhíos lacc, agus
leis na deirbhshethraibh bhíos acc seirb<h>ís don taoibh amuigh don
mhainistir an tráth mhesfas gurab maith léna dhénamh é: gidh edh
ní fhuil d'fhiachaibh ar na deirbhshethraibh in aimsir a riachtanuis
fhollais trosccadh corpardha do dhénamh.



7. Déinett na deirbhshethra le ced na banabadh, an ní sa
lugha dhe faoiside dá úair décc san mbliadhain, agus bíd ar a ccoimhétt
gan bríathra ele nach benann ris an bhfáoisidin nó le leas a
n-anmann do chor ar a fud.



8. As cóir dóibh Sacramaint bhennaighthe na haltóra do ghlacadh
seacht n-uaire san mbliadhain .i. fá Nodlaicc, Dardáoin mandála,
Domhnach Cáscc, Domhnach Cincthidhíse, Lá na Féile Muire ina
ruccadh ar nemh í, Lá ar n-athar San Fronsias, agus Lá na n-uile
naomh.



9. As éidir dá cconfessoir aifrionn do rádha istigh san
mainistir do chum cumaoineach do thabhairt do dhuine thinn.


L. 16


Do thaoibh toghtha
na banabbadh.



Cap. 4.



1. Acc togha na banabadh atá d'fhiachaibh ar na deirbhshethraibh
modh cánónta do chongmháil.



2. Agus déinett soláthar an gheinerála, nó go háiridhe próuinsial
na mbráthar mionúr do bheith aca do láthair do theccascc
bréithre Dé dóibh do chum coimhcengail, agus choimhtheachta do
bheith aca féin re chéile agus an maith choitchenn d'iarraidh isin
togha sin.



3. Ní cóir duine ar bioth nach diongna a profession do thogha;
nó dá ttoghtaoi a shamhailsin nó arna toirbhirt o modh oile mar
bhanabbaidh, ní dhlighitt umhlacht do thabhairt di, acht muna
ttucca sí an chédúair móid foirm a mbochtaine do choimhlíonadh.



4. Agus an tráth do gheibh an bhanab bás atá d'fhiachaibh orra
togha banabbadh ele do dhénamh.



5. Agus ma do cíther don choimhthionól uair ar bith an bhanab
sin do toghadh do bheith nemhchubhaidh do chum seirb<h>ísi na
ndeirbhshethrach, agus na maithesa coitchinne do dhénamh atá
d'fhiachaibh ar na deirbhshethraibh banab eile do thogha comhluath
(agus) as éidir leó do réir na foirme remhráite.



6. Measadh, agus brethnaigheadh an bhanab do toghadh créd é
an cúram do ghlac sí uirre agus cia hé eision darab éiccen di conntus
a tréda do thabhairt iar na n-aithne dhi.



7. Gomadh ferr lé bheith na huachtarán a subháilcibh, agus a
beith a ffiadhnaisi cáich a mbésaibh náomhtha, iná ina hoificc,
ionnus go ngluaistí nísa mó na deirbhshethra chum a
grádhaight<h>e léna deghshompla iná léna heccla.



8. Bíodh sí aireach coimhédach ar ghrádh aonaránach d'eccla
go síolfadh leis an ngrádh áonda sin scannail isin ccoimhthionól.



9. Tuccadh sí sólás don dólásach, agus bíodh sí na comairce
déidhenaigh don dobrónach, d'eccla gomadh éidir an t-anbhfann
d'esbhaidh comhfurtachta go ttiucfadh don tuirsi, agus don édóchas
a cláoi.



10. Atá d'fhiachaibh uirre an coimhthionól, nó an chommuniti
do lenmhain san uile ní, go speisialta san eacclais, san dortúr,
san proinnteach, agus san fhirmarii nó a ttigh na n-easlán. Agus mar an
ccédna na hédach, agus atá d'fhiachaibh ar an mbanbhiocáire an
modh cédna do choimhlíonadh.


L. 18


11. Atá d'fhiachaibh ar an mbanabaidh na deirbhsheathra do
chruinniucchadh chum caibidle an ní sa lugha dhe úair san tseachtmhain,
mar a ndiongna sí féin, agus iadsan admháil, agus cuimhne a
n-uile ciontadh puiplidhi, agus a mainneachtnaighe.



12. As cóir dí mar an ccédna comhairle do dhénamh leis
na deirbhshethraibh fa gach ní da nglacthar ar son maithesa, agus
maise na mainistre; ar an adhbhar go tteccm<h>ann go minic go
ffoillsighenn Día don duine uiríseal an ní as ferr lena dhénamh.



13. Ní héidir fíacha móra do chur ar an cconueint gan toil na
ndeirbhshethrach go coitcheann, an aimsior ina mbia an riachtanas
follas. Agus caithfe sin a bheith ar na dhénamh le cett a bprocadóra.



14. Atá d'fhiachaibh ar an mbanabbaidh agus ar na deirbhshethraibh
gan énní do ghlacadh da coimhétt do dhaoinibh sáoghalta
ele, ar an adhbhar go tteccm<h>ann go minic lena leithéitt sin do
chúis sccannail, agus búaidhredh d'éirghe.



15. Dlighitt oifficighe na mainistre uile beith ar na ttogha lé
toil coitchinn na ndeirbhsheathar uile, ionnus gomadh feirde a
ccoimhchengal, a síothc<h>áin, agus a ndeighinntind.



16. Ar an modh ccédna as cóir ochtar dona deirbhshethraibh as
deiscréittighe do thogha, agárab í a ccomhairle so atá d'fhiachaibh
ar an mbanaib do ghlacadh isna cúisibh bhenus le modh a
mbethadh.



17. As éidir leisna deirbhshethraibh agus as cóir dóibh, an tráth
do chífid go mbía iomchubhaidh tarbhach, ar úairibh caomhchlódh
oifficceach agus deiscréiti do dhénamh, agus daoine ele do thogha na
n-ionadh.



Don chiúnas, agus don modh
labhartha ag an ngráta agus
accan (tegh) iomaccallma.



Cap. 5.



1. Atá d'fhíachaibh ar na deirbhshethraibh ó chomplín go teirt
ar a bhárach ciúnas do dhénamh o bhriathraibh, acht
amháin an mhuinter bhíos ag dénamh seirbhísi dóibh don taoibh
amuigh don mainistir.



2. Atá d'fhiachaibh orra do ghnáth ciúnas do chongmháil san
ecclais, san dortúr, agus isin bproinntech amháin an fedh bheitt
ag caitheamh a bproinne, As éidir leó labhairt go deiscréiteach
isin ffirmaria do ghnáth chum seirbhísi, agus recreátioin na ndaoine
ttinn.


L. 20


3. As éidir leis na deirbhshethraibh ara shon sin an uile úair, agus
isin uile áit, labhairt go haithgherr le guth ciúin fa gach ni
da mbí na riachtanas orra.



4. Ní cóir dona deirbhshethraibh labhairt ag an ngráta gan ced
na banabadh, nó na banbhiocáire, agus an mhuinter do gheibh ced
labhartha ag an tegh cainnte ní cóir dóibh labhairt acht a ffiadhnaisi
deisi dona deirbhshethraibh cluinfes gach ní da n-aibeórait.



5. Ná lamhadh duine ar bith teacht don gráta muna raibhe
triúr dona deirbhshethraibh (an ní as lugha dhe) don ochtar
deiscréiti adubhramar bhías ar na ttogha leis na deirbhshethraibh
chum comhairlighthe na banabadh, do bheith do láthair, agus an
cúram sin do bheith ar an triúrsin ón mbanaib nó ón mbainbhiocáire.



6. Atá d'fhíachaibh ar an mbanaib agus ar an mbainbhiocáire féin
an modh labhartha so do chongmháil agus sin do bheith go ro annamh
ag an ngráta. Acht gidhedh ag an ngeta ní cóir dóibh labhairt
go bráth.



7. Agus cuirther ag an ngráta édach don taoibh astigh, agus ná
hosccailter é, acht in aimsir senmóra do dhénamh, nó an tráth
bheid síad ag labhairt le chéile.



8. Bíodh ós comhair, nó ar cúl an ghráta comhla cláraigh ar
na daingniucchadh go maith le dhá ghlas, agus le bulta iarainn, agus
bíd siadso (san oidhche go háiridhe) fo ghlas le dá eochair,
eochair díbhsin ag an mbanaib, agus eochair eile ag an Sacrista, agus
bíodh an dorus íata do ghnáth, acht an fedh bhias an oificc diadha
da rádha nó da léghadh, nó na cúise remhráite.



10. Ní fhuil ar cumus do dhuine ar bith labhairt ag an ngráta
ria n-éirghe na gréine, nó iar ndol don ghréin fáoi ar modh ar bith.



11. Bíodh acc an ngráta isin tigh labhartha édach nach
tóiccébhthar do ghnáth.



12. Ní fhuil ar cumus éin ndeirbhshethar labhairt ag tegh
na hiomaccallma a ccorghus naomhMartain, nó san ccorghus
mór, acht amháin lena hathair faoisidne, nó le cúis bhías follus
riachtanasach, agus go mbia an cedsin arna thabhairt leis an mbanaib,
nó leis an mbainbhiocáire.


L. 22


Cionnus nach cóir dona deirbhshethraibh
sealbh ar bith do
g<h>lacadh leó féin, nó le
persainn eile.



Cap. 6.



1. A ndiaigh na húaire inar toil leis an Athair nemhdha
tréna ghrásaibh diadha mo chroidhe do shoillsiucchadh ar an modh
sin gurab le heisiomláir agus le teccascc ar naomhathar San Froinsias
gur thionnsgain mé aithrighe do dhénamh beccán becc íarna
thionntúdh san tucc meisi maille le mo dheirbhshethraibh móid
umhlachta go toltanach dó.



2. An tráth do mhes an t-athair nach raibhe eccla bochtaine,
saothair, trioblóide, uirísleachta, nó tarcaisnight<h>e an tsaoghailsi
oraind, acht gur mhesamar íad so mar shódh agus mar aoibhnes, do
bhí seision arna ghluasacht le diadhacht, agus le trócaire ionnus
gur sgríobh dúinn foirm bethadh ar an modh so.



3. Arna mhes dó maille le foillsiughadh Dé go ndernabhairsi
clann, agus inniltedha dhíbh féin don Rígh ard mórchumhachtach, agus
don Athair nemhdha, agus gurbó toil libh sibh féin do chengal don
Spiorat naomh ag togha bhar mbetha do thabhairt aníos do réir
fhoirfeachta an tsoiscéil naomhtha Geallaimsi maille riom féin, agus
le mo dherbhráithribh dícheall agus cúram síordhuidhe do bheith in
bhar ttimchellsa mar bhias fa mo dherbhráithribh.



4. Do choimhlíon sé féin an gealladh so go dícheallach an
fedh do bhí ar in talamh agus dobadh toil leis a dherbhráithre da
choimhlíonadh go síordhuidhe.



5. Agus go deiredh ar mbethadh dobadh toil leis gan sinne do
chláonadh úair ar bith ón mbochtaine naomhtha do ghlacamar
orainn, nó an muinnter fós do thiucfadh inar ndíaigh; Beccán
riana bhás do sgríobh sé chuccainne a thiomna dhéidhenach ag
rádh na mbriathar so.



6. Meisi Fronsias becc lenfad betha agus bochtaine ar n-airdrígh
cumhachtaigh Íosa Críost agus a mháthar bennaighthe, agus do ghén
comhnuidhe go deiredh innte agus aithnighim dhíbhsi a chlann, agus
a dheirbhshethra i nDia Íosa Críost, agus comhairlighim sibh fuireach
go síorrdhuidhe isin mbethaidh naomhthaso, agus a mbochtaine, agus
bíodh cúram romhór accaibh gan dol ar ccúl ón sttaid so le
comhairle, nó le teccuscc dhuine ar bith.



7. Agus mar do bhí mé cúramach do ghnáth maille le mo dheirbhshethraibh
an bhochtacht bhennaighthe do gheallamar do Dhia, agus dar


L. 24


naomhathair S. Fronsías do chomhall, ar in modh ccédna na
banabadha thiucfas in oificc im dhiaidh, agus na deirbhshethra
thiucfas atá d'fhiachaibh orra so do chomhall go diongm<h>álta go
deiredh a mbethadh, mar atá gan sealbh nó dísligheacht neithe
ar bith do bheith aca, nó do ghlacadh maille leó féin, nó maille le
daoinibh oile ar a son, nó ní ar bith dabudh éidir sealbh do ghairm,
acht amháin beccán becc ferainn iarrus a riachtanus le maisi, agus
le hathnuadhughadh na mainistre, agus ní cóir an talamh sin do
threabhadh, acht a b<h>eith le haghaidh gairdín, nó sochair na
ndeirbhshethrach do bhúain as.



An modh as cóir dona deirbhshethraibh
do chongmháil in oibreachaibh
a lámh.



Cap. 7.



1. Na deirbhshethra da ttucc Dia mar thiodhlacadh oibriucchadh
lámh, déinet a ndícheall íad féin d'ullmhucchadh do chum a beith
réidh cum saothair a ndiaidh teirti isna huile oibreachaibh bhenus
le maisi an tighe, agus leis an maith ccoitchinn ar mhodh ar tús go
seachónaitt díomhaoines atá na námhaid ag an anam, agus arís nach
múchfaid spiorat an chrábhaidh, agus na hurnaighthe bennaighthe
dárab cóir don uile ní saoghalta seirbhís do dhénamh.



2. Atá d'fhiachaibh ar na deirbhshethraibh a innisin san
ccaibidil don bhanaib nó don bhainbhiocáire, do láthair an
choimhthionóil na hoibreacha sin do rinnettar lena lámhaibh.



3. Má cuirther déirc ar bith do chum riachtanais na ndeirbhshethar,
déinter a roinn ionnus chum na críche sin gurab cóir dóibh guidhe
go coitchenn ar a son, agus caithfe an déirc bheith arna roinn do chum
maithesa an choimhthionóil le comhairle na banabadh, nó leis
an mbanbhiocáire le comhairle na ndescréti.



Amhail atá d'fhiachaibh ar na
deirbhshethraibh gan ní ar bith
do shealbhucchadh dóibh féin. Agus do
thaoibh cúraim na ndeirbhshethrach
bhíos tinn.



Cap. 8.



1. Ní cóir dona deirbhshethraibh ní ar bith do shealbhucchadh
dóibh féin mar atá tegh, nó áit, nó ní ar bith, acht a mbeith mar
oilithreachaibh, agus mar aoidhedhaibh isin saoghal so ag foghnamh
dar ttigherna a mbochtaine, agus in umhla.


L. 26


2. Cuiritt fios ar dhéirc maille le dóthchus mór, agus ní cóir dóibh
náire do bheith orra (ag a mhes go raibhe ar slánuightheóir
bocht ar ar ngrádhne) isin saoghal so.



3. As é airde na bochtaine roáirdesi do ordaigh sibhsi (a
dheirbhshethra grádhacha) bhar n-oidhredhaibh, agus bhar mbainríoghnaibh
ar ríoghaicht nimhe do rinne bocht sibh a maithes
saoghalta, agus do ardaigh sibh a subháilchibh. Bíodh so na randchuid
accaibh da bhar ttreórughadh go talamh na bethadh síordhuidhe agus
chuicce sin a dheirbhshethra grádhacha da bhar ccoimhchengal, agus
da bhar ndlúthucchadh ná bíodh accaibh go bráth sealbh neithe
ar bith fo fhlaithemhnas in ainm ar tTigherna Íosa Críost.



4. Ní cóir do dheirbhshiair ar bith litreacha do chor uaithe, nó
do ghlacadh, nó ní ar bith do thabhairt amach as in mainistir
gan toil na banabadh, ná fós ní ar bith do b<h>eith aice, acht ní
as toil leis an mbanaib, nó do bheir sí féin di.



5. Ma cuirther ní ar bith d'ionnsaighe ar éin ndeirbhshiair óna
hathair, óna máthair, nó óna caraid as éidir leis an mbanaib sin
do thabhairt di, agus as éidir lé a b<h>eith aice ma atá riachtanus aice
ris, agus muna ffuil as éidir leis an mbanaib (a ccarthanacht) a thabhairt
do dheirbhshíair eile ar a mbia a riachtanus.



Da ccuirthí airgett go háoinnech aca as éidir leis an mbanaibb
le comhairle na ndeiscréti a thabhairt ar a riachtanas do
sholáthar don mnaoi sin, nó don tí sin.



6. Atá ó chengal, agus ó fhiachaibh ar an mbanaib féchain, nó a
chur da fhéchain go cúramach friochnamhach riachtanas na
ndeirbhshethrach ttinn, mar atá comhairle a ttaoibh furtachta
d'iarraidh dóibh, agus a ttaoibh a mbídh, agus an neithe eile bhíos na
riachtanas orra.



7. As cóir di go carthanach, agus go trócaireach soláthar do dhénamh
dóibh do réir cumhachta nó chumais na háite ina ffuil. Ar an
adhbhar go ffuil d'fhiachaibh ar na deirbhshethraibh soláthar, agus
seirbhís do dhénamh dona deirbhshethraibh bhíos tinn do réir mar
budh mían leó seirbhís do dhénamh dóibh féin da mbeidís tinn.



8. Agus foillsighitt go hésccaidh a riachtanus da chéile, ar an adhbhar
do réir mar ghrádhaighes, agus mar bhethaighes an mháthair a hinghen
collaidhi as mó ná sin an dúthracht, agus an cúram as cóir do
dheirbhshiair do bheith aice, do ghrádhucchadh, agus d'altrannas a
deirbhshethar spioratálta.



9. As cóir don easlán luighe ar leabaidh cátha nó lócháin, agus peiliúr
nó cennadhairt do bheith aice do chlúimh én. An m<h>uinter
ar a mbia riachtanas as éidir leó troighthíni édaigh, agus colpt<h>adha
nó gamaisi do bheith aca.


L. 28


10. An tráth rachas daoine ar cúairt gusna heslánaibh
remhráite don mhainistir as éidir leó freccra aithgherr do thabhairt
ar an muinntir bhias ag caint leó maille le briathraibh maithe
deigheisiomláracha. Na deirbhshethra ele aga mbía ced beith do
láthair ní cóir dóibh labhairt leis an muintir téid asteach, acht a
bhfiadhnaisi deisi dona deiscréitibh bhías arna n-orducchadh leis
an mbanaib, nó leis an mbanbhiocáire dárab éiccen na briathra
adéraitt do chloistin. Agus atá d'fhiachaibh ar an mbanaib, agus ar an
mbainbhiocáiri an modh labhartha so do chongmháil.



Don smachtucchadh as cóir do chur
ar na deirbhshethraibh do ní cair
agus don modh arab cóir dóibh
íad féin d'iomchar don taoibh
amuigh don mainistir.



Cap. 9.



1. Da tteccmhadh d'áon ndeirbhshiair le cathucchadh na námhat
tuitim i bpeacadh marbhtha i n-aghaidh fhoirme a ríaghla, íar
ffagbháil teccaiscc dá úair nó trí ón mbanaib nó ó énchuid dona
deirbhshethraibh, agus nach leiseóchadh sí í féin, an méid do laithibh
do an sí a n-anndánacht, nó a n-esumhlacht, caithfe sí an uiret
cédna sin do laithibh arán, agus uiscce d'ithe os comhair na
ndeirbhshethrach isin bproinnteach, agus ní as mó iná sin d'fhulang ma
do cíther don mháthair go ffuil iomchubhaidh. An fedh b<h>ías sí
anndána easumhal mar so déntar urnuighthe uirre gomadh toil
le Dia a croidhe do lasadh do chum aithrighe.



2. Bíodh an bhanab, agus na deirbhshethra coimhédach gan fercc
nó trioblóid do bheith orra ar son pheacadh nó coirthedh
deirbhshethar ar bith, ar an adhbhar go ttoirmeasccann an fhercc, agus
buaidhredh na hinntinne carthanacht etorra féin, agus daoine oile.



3. Da tteccmhadh (go ttoirmescca Dia) go n-éireóchadh
eidir na deirbhshethraibh a mbréithir, nó a ccomharrdha coinntinn,
nó sgandail ar bith, dénadh an tí tucc an tsiocair úaithe ar ball,
nísa luaithe ná rachus sí chum sacrafisi na hurnuighthe í féin
d'ísliucchadh fo chosaibh na deirbhshethar dá ttucc siocair, ní hé
amháin ag iarraidh pardúin uirre go humhal, acht aga iarraidh
uirre go dúthrachtach mar an ccédna guidhe do dhénamh chum a
Slánaightheora gomadh toil leis maithemhnus do thabhairt di.


L. 30


4. Dénadh an deirbhshiúr ele an úair sin cuimhniughadh ar
bréithir ar Slánaightheora adubhairt. Acht muna ttucca sibh
maithemhnas uaibh o bharr ccroidhe go hiomlán, ní thiubhra an
tAthair nemhdha maithemhnas daoibhse, Ann sin tuccadh an
deirbhshiúr ara ndernadh éccóir maithemhnas don deirbhshiaír eile
san uile ainndlighedh do rinne uirre.



5. Na deirbhshethra bhíos ag seirbhís don táoibh amuigh don
mainistir ná hanaid amuigh ní as foide ina a riachtanas follas.



6. Siubhlaid go macánta, agus labhraid beccán do chum
deigheisiomlára do thabhairt don lucht bhíos dá fféghain, Bíd
aireach gan caidreabh nó comhluadar do bheith aca le dáoinibh ar
bith asa mbenfaidhe drochbharamhail, agus nach diongnaid cáirdes
Críost lé duine ar bith d'eccla go ttiucfadh siocair, nó cúis
buaidhertha, nó sgannlach as sin.



7. Ní cóir dóibh ní ar bith da ccluinfitt isin mainistir d'aithris
isin saoghal, nó ní da ccluinfitt san saoghal d'aithris san
mainistir, mar atá ní asa ttiucfadh sccannail, Da tteccm<h>adh do
dhuine ar bith sin do dhénamh tre ainffios as cóir don m<h>áthair
pionús do chor uirre go carthanach. Da tteccmhadh so dhi le
drochghnáthucchadh as cóir don bhanaib pionús do chur uirre
le comhairle na ndiscréti do réir na caire.



Do chomhairle, agus do fhéchain
na ndeirbhshethar.



Cap. 10.



1. Féchadh, agus comhairlighedh an bhanab na deirbhshethra
go humhal, agus smachtaighedh go carthanach gan ní ar bith do
chengal díobh do bhiadh i n-aghaidh a n-anma nó a ríaghla.



2. Bíodh cuimhne ag na deirbhshethraibh gurab ar son grádha
Dé do thréiccettar a ttoil féin, agus go ffuil d'fhiachaibh orra go daingen
umhlacht do thabhairt don bhanaibb isin uile ní do gheallattar do
chomhall nach bia i n-aghaidh a n-anma nó a ríaghla.



3. Bíodh an bhanab comhmuinterdha sin go mbá héidir leo
labhairt agus caidreabh do dhénamh ria mar do dhénadh
baintigherna lena cailín, ar an adhbhar gurab amhlaidh as cóir
don bhanaib a beith na serb<h>óntaidh dona deirbhshethraibh uile.



4. Teccaisccim, agus comhairlighim mo dheirbhshethra in Íosa
Críost ar Slánaightheoir go ccoimhédfaid iad féin ar uabhar, ar
ghlóir dhíomhaoin, ar dhíoghaltas, agus ar shaint. Go seachóndáois
iad féin ar chúram agus ar thathaighe an tsaoghail, ar mhonmar, ar
ithiomrádh, agus ar neimhtheacht le chéile, agus ar choinntinn.


L. 32


5. Bíd cúramach do ghnáth áondacht na carthanachta do
chongmháil etorra féin agárab í as cengal don fhoirbhtheacht. An
mhuinter ag nach fuil foghlaim ná bíd cúramach ag iarraidh
foghlama. Acht os cenn an uile neithe bíodh cúram aca spiorat
Dé, agus a oibriucchadh bennaighthe do bheith aca, agus do ghnáth
urnuighthe do dhénamh chum Dé maille le croidhe glan, umhlacht, agus
foighidne do bheith aca a ttinnes agus a ttreablaid, agus grádh do
thabhairt do lucht a n-inghrema, a sprecctha, agus a
smachtaighthe, ar an adhbhar go n-abair ar tTigherna:
As bennaighthe an drong fhuilnges buaidhredh nó inghreim ar
son an chirt ar an adhbhar go mbá leó ríghe nimhe agus an mhuinnter
do dhéna buainshesamh go deiredh as iad sláineóchthar.



D'oificc an doirseora.



Cap. 11.



1. As cóir an doirseoir do bheith i n-áois iomchubhaidh
dheiscréidigh agus abaidh a mbésaibh, agus a beith na comhnuidhe
san ló a sealla osgailte ris nach bía comhla, agus compánach
iomchubhaidh do bheith aice do ghéna a hoificc, agus a hionad an
aimsir a riachtanais.



2. Caithfe an dorus dá chomhlaidh do bheith air le mbía a
fhosgladh na lár, agus arna dhaingniughadh lé dá ghlas láidire agus
barraoi, agus bultaoi iarainn do bheith air. ISan oidhche go háiridhe
caithfe sé dá ghlas do bheith air maille le dá eochair, agus biaidh
eochair díobh sin accan doirseoir, agus eochair eile accan mbanabbaidh
agus san ló ní cóir a fháccbháil osccailti acht a bheith iadhta do
ghnáth le héneochair, agus caithfid cúram speisialta do bheith aca
gan a fháccbháil osccailte mar as ferr as éidir leo. Ní cóir dóibh ar
mhodh ar bith an dorus do fhosccladh don mhuintir len mían dol
isteach, muna raibhe ced aca ó naomhthacht an Phápa nó ón
ccardional Protector as dídnighteoir don ord.



3. Ní cóir do dhuine ar bith dol istech isin mainistir ría n-éirghe
gréine, ní cóir dona deirbhsheathraibh duine ar bith d'fhulang istigh
íar ndol fáoi don ghréin, acht le cúis fhollais résunta, agus le
riachtanas romhór.



4. Da raibhe ced acc easpog ar bith aifrionn do rádha astigh
san mainistir, nó do thabhairt beandachta don b<h>anabbaidh, nó
do choisreaccadh persann ar bith riaghalta, nó do chum ghnouighedh
ar bith eile do bhíadh ríachtanasach, ní cóir dó do bhreith leis acht
beccán comhlúadair, agus iadsin féin do bheith romhacánta iomchubhaidh.


L. 34


5. An tráth bhías na riachtanus duine ar bith do dhol isteach do
dhénamh oibre san ccloustar, caithfe an bhanab duine d'orducchadh
le haghaidh an gheta nach léiccfe duine ar bith astech acht
an mhuinnter atá ordaighthe chum na hoibre do dhénamh agus as
cóir dona deirbhshethraibh a bheith ar a ccoimhétt gan a ffaicsin
don mhuintir téid asteach chum na hoibre.



Don uisitátor. Agus
don confessor.



Cap. 12.



1. As cóir do uisitátor a bheith d'ord na mbráthar minúr do
réir thoile, agus aithne bhar ccardionáil agus caithfe sé beith na dhuine
ar a mbia eólas a bheith deighbhésach dárab oificc certucchadh
do dhénamh arna cennaibh, agus ar na ballaibh isna ciontaibh
do rinneabhair i n-aghaidh fhoirme bhar riaghla.



2. Ar ndol asteach don uisitátor bíodh na shuidhe in áit choitchinn
ionnus go mbá héidir a fhaiccsin ón uile d<h>uine.



3. As éidir leis labhairt le morán aca go coitchenn, agus le gach
aon nduine aca fo leith do thaoibh an neithe bhenus le uísitation agus
leis na neithibh do cífidhear dó féin do bheith iomchubhaidh.



4. Iarrmáoid fobhar an uird chédna tre charthanacht, agus
tre ghrádh ar tTigherna, agus ar naomhathar San Fronséis go ffaghmaois
confessor maille le compánach saccairt deiscréitigh ara mbia
deghainm, agus dias bráthar túata aga mbía conuersáid bhennaighthe
mhacánta do chum conganta linn inar mbochtaine mar fuaramar
gonuicce so óna bráithribh minúra.



5. Ní cóir don chonfessor a dhol isteach gan a chompánach, agus
ar ndol asteach dóibh caithfid beith in áit osccailte ina mbía
radharc aca féin, agus aga ndeirbhshethraibh ar a chéile.



6. As éidir leo a dhol asteach do chum faoisidne do thabhairt
don mhuintir leis nach éidir teacht gusan ngráta ó easláinte, agus
do chum na Sacramainti bennaighthe, agus an ongaidh déidhenaigh
do thabhairt dóibh, agus do léghadh oificce an anma an tan bhías
neach in airteccal báis, agus do rádh aifrinn, agus oificce na marbh. Do
thochailt nó d'fhoslaccadh uaighe as éidir leó daoine ele macánta


L. 36


do bhreith asteach maille lé deiscréit na banabadh. Atá
d'fhiachaibh orra mar an ccédna cairdionál do chardionálaibh na
hEcclaisi Catolice Rómhánaighe do bheith aca, mar atá an tí
orduighes an Pápa naomhtha dona bráithribh minúra ionnus go
mbeidís umhal do ghnáth don Ecclais Rómhánaigh, sesmhach
san creidemh Chatolici gomadh éidir linn an bhochtaine
bhennaighthe, agus an umhlacht ar Slánaightheora Iosa Criost, agus a
Mháthar bennaighthe do choimhlíonadh, agus an soisgél naomhtha
do gheallamar do choimhlíonadh.



Ann so críochnaighther riaghail na ndeirbhsheathar mbocht.



Data Perusia .6. September an .10. bliadhain do
phapdhaine ar n-athar naomhtha an 4. Innocent.



An tAthair Aodh o Raghailligh, agus an tAthair Sémus o Siaghail do chuir
a ngaoidhilcc as bérla an Riaghailsi, agus do sccríobhadh í sunna leis an
mbráthair mbocht Míchél ó Clérigh don chonueintsi uird Sancta Clára a
mBetelem a ngioll ar a nguidhe do shíor agus da ffagha bás ar phorsiún
deirbhshethar do rádh o gach deirbhshiair lena ghrásaibh.
.19. October.1636.




Ag so síos an chuid ele don
bhulla do dhaingniucchadh na riaghla.



Ar an adhbhar sin ná sáraighedh, ná brisedh, nó ná tarcaisnighedh
persa ar bith bhar litir, agus bhar mbulla daingnighthe, nó maille
le hanndánacht leimh cur na aghaidh. Dá tteaccmhadh d'aon
nduine so do dhénamh bíodh a fhios aicce go ttuillfe sé díoghaltas
Dé uilechumhachtaigh, agus a apstol bennaighthe Pedar, agus Pól.



Arna tabhairt amach i nASSIS .9. August .11. bliadhain dar
bpápdhaine.



Buidhechas do Dia . do naomhMuire bhennaighthe atá
riamh na hóigh Do S. Fronsias bennaighthe agus do CHLARA
bennaighthe. amen bíodh mar sin.



Ar grádh na druinge sin adubhramar a dheirbhshethra grádhacha,
guidhim siph tre charthanacht cuimhne do bheith accaibh in bhar nguidhe
ar bhar nderbhráthair bocht, agus smuainedh go ffúair cáil éiccin shaothair
ag sccríobhadh na Riaghla so dáoibhsi go coitcenn, agus go háiridhe don
chuid accaibh léighfes nó éistfeas í.
A mBetelem .21. October.1636.


L. 38


B 1647 17L
U 0085
TIONNSGANTAR ANN SO
TIOMNA AR MATHAR NAOMHTHA
S. CLÁRA.



IN AINM AN TIGHERNA
AMEN.



Edir gach iolmhaithes ele, dár ghlacamar ó ar ccothuighthech
easlabhar Áirdrígh na trócaire, agus sin d'fhaghaíl uaidh go laethemhail,
tré sa bhfuilmíd roichengailte imá mholadh, ar ar n-ord nó
modh bethadh: innach ffuil do fhoirbhthecht ná do mhórtus da
mhéd; nach móide atámaoidne cengailte aigesiomh é.



A ndubhairt an t-apsdol cuimhnighidh nó aithnighidh bhar n-ord:
Dia fén do róine slighidh, do thaispen sé d'fhocal (ó bhréithir)
agus do esiomláir (agus ó ghníomh), agus ar n-athair naomhtha S.
Froinsías fer gráidh agus lenamhna rofhoirbhthe na conaire cédna,
do theguisg dúinne í.



Creud aire sin a Shethracha soghrádhacha, nach dlecht dúinne
comharthughadh (na) maithesa móraidhbhle do dhoirt Día oruinn
imesg cháich, agus gur dheghmhes sé oibriughadh ionnainn, tré na
fhoghantaigh, ar n-athair naomhtha S. Froinsías, ní hedh
amháin ó amm ar n-iompóidh, acht roimhe mar an cceudna, ar
mbeth dhúinn in nglasaibh díomháoine an domhain.



Óir d'és a iompóidh (issé gan bráithre aige an uair sin) ag triall
go tempall (no eglais) S. Daimian do, bhaile inar taidhlegh é
le deghfhurtacht diadha, agus baoi arna choimhégniughadh go comhlán
do thrégen an tsháoghail, sé líonta do shubhachus agus do
shoillsiughadh an Sbioraid náoimh, do thairrngir sé sinne, do neoch
ro choimhlíon ar tTigherna fa dheóigh.



Óir ag sesamh ar bhallaighibh an tempuillsin (no na heglaisisin)
dó, do ghair sé do ghuth ard tre fhraingcbhéurla ar ar oile bochtaibh,
bádar ag áitiughadh ann sin, go ndubhairt:



Tegaidh congnaigh lemsa isin tempallsa (eglaissi) S.
Daimían, óir tiucfaid mná ann isa ndeghbhetha, agus a naomhchomhnuidhe,
tre a n-onórfuidher ar nAthair nemhdha san egluis go
huilidhe.



Dé sin mesam mórthoirbhert Dé dhúinn, do neoch asa thuile
trócaire agus carthanachta do dhiongmhálaigh na nethesi do
thairrngire tre na shearbhfoghantaigh fén, dar n-oirdne agus dar ttogha,
agus nach orainne amháin do innis ar n-athair naomhtha na
neithesi, acht mar an cceudna arna páirtighibh bhías na d<h>iaigh
so ag an ord gus ar thóchuir ar tTigherna sinn.


L. 40


Ar an adhbhar sin creud é an cúram d'anam agus do chorp le a
ffuilmid cengailte do choimhéud aithenta Dé, agus ar n-athar naomhtha
S. Froinsías, ionnus maille re grásaibh Dé fa dheóigh, go
ccuitighmís les a thallann ar bhfás go líonmhar.



Ni huime amháin do suidhighiodh sinne re ar tTigherna
dar mbeth mar esiomláir don druing domhanda, acht fo leth dar
n-uile Shethrachaibh do neoch sheolfus sé i slighidh ar mbethadh
ionnus go mbedís mar an ccéudna na n-iongnadh agus ina n-esiomláir
dona tuataibh.



Do bhrígh gur onóraigh ar tTigherna Dia sinne lena chomhardso
do sdaid bhethadh as go bhfoigheonmáois mar fhotha agus mar esiomláir
don dhruing, do dhlighfedh bheth na sompla ag daoinibh eile,
caidhe (a mheud) dleghar dhínn bendughadh agus moladh ar
tTigherna Día, agus ionnas go ndeunmaois maith, ar mbeith go
hurgháirdech tridsion nísa mhó.



Cidh tra acht dá lenam go diadha an fhoirm remhráidhte, fúigfem
deghshompla ag an lucht leanfas sinn, agus d'és shaothar ngairid
do gheubham toradh na bithbeatha.



An tan do dhiongmhálaigh dhúinn ar nAthair neamhdha tre na
mhórthrócaire agus grásaibh, gur shoillsigh mo chroidhesi, isin modhsa
ionnus tre shompla agus tegasg ar n-athar naomhtha S. Froinsías
gur thionnsgnas dénamh pennaide: gar d'és a chlaochmhóidhsiomh,
do gheallasa maille re huathadh sethar do chengail ar tTigherna
dhíom, gar tar és mh'iompóidh, umhla thoilemhail dósomh, mar
do shéid Día ionnainn tre sholus a ghrás, lena bhetha mhiorbhuiligh,
agus lena thegoscc naomhthasomh.



Arna bhrethnughadh do S. Fróinsias gé do bhámar ó náduir
anbhfhann éccrúaidh, nár eglaighemar uiresbhaidh, sáothar,
treabhlaid, ná tarcaisne an tshaoghail, acht gur mhesamar na nethesi
uile mar thaithnemha móra, amhail do dhearbh sé le sompla
a bhráthar, do lúthg<h>áirigh se inar tTigherna, agus do ghluais maille
re mórcharthanacht chuguinne, agus do chengail de fén, agus dá
bhráithribh gnáthchúram griongalach do bheth aca umainne.



Tégmídne mar an cceudna le toil nDé, agus ar n-athar naomhtha
S. Froinsias, fa thuairim eagluisi S. Daimian d'áitiughadh ann
sin; go doith i ndiaigh na haimsiresin do iomdhaighidh ar tTigherna
sinn in nuimhir tre na mhórthrócaire fén, ionnus an uairsin gur
coimhlíonadh an ní do ráidh ar tTigherna le na sherbhfoghantaidh:
ór do áitighemairne in ionad ele ar ttús.



Gar beg iar sin do sgríobh sé chugainn an modh betha so, agas
céudamas go mbuainshesmaois san mbochtaine roibhendaighthe si.


L. 42


Nír lór les ar ttegosg chuige sin re na bheó, maille (re) Sermonaibh
mionca agus le comhairlibh dár ccomhghlúasacht do chum grádha
Dé agus deaghchoimhéuda na bochtaine bendaighthe sin: acht mar
an cceudna tug dhúinn iomad sgríbhenn, ionnus d'és a éuga nach
claonfamáois ón mbochta mbenndaighthe sin, ar lorg esiomláire
Mhec Dé, ar mbeth san sáoghal sa dhó nár fhágaibh riamh í; gurob
í mar (an) ccéudna do choimhéd, agus do onóraigh ar n-athair naomhtha
S. Froinsías gona bhráithribh re na ré.



Cidh thrá acht, misi Clára, sherbhfoghantaidh agus innilt Chríostt,
agus na sethar mbocht ó S. Daimian, gé mídhiongmhála mé, planda
beg ar n-athar náomhtha S. Fróinsías ag a mhes so dhamh agus dom
shethraibh ar chena, agus na chenn sin airde ar bprofession ar na deunamh
d'athair mar so, d'egla ar n-aibrisge, agus aibrisge ar oile iar
mbás ar náomhathar, do neoch ba carrac thuinighthe, agus ba
comhfhurtacht tánaisde dhúinn in aice Dé: arís agus arís cenglaim me
fén don bhaintigherna bhendaighthe an (no don) bhochtaine,
ionnus fa dheóigh na sethra atá agus tiucfa d'és mo bháis, nach
ccláoindís ar áonmhodh ónní céudna.



Do bhádhus cúramach do ghnáth (maille re grásaibh Dé) um
choimhéd na bochtaine si, agus d'fhuráilemh a coimhéuda, agus do
bharr daingnighthe do rinnes proifesion air sin, do chum ar n-athar
bhenduighthe an cethramhadh Innocent Pápa, sa aimsir inar
thionnsgnamar, agus do neoch do athnuaidhigh í dá chom<h>orbaibh,
ionnus choidhche ar aonfháth nach cclaonfamáois ón mbochtaine
mbendaighthe si, do gheallamar do Dhia, agus do S. Fróinsías.



Cidh thrá acht, ag fecadh an ghlúin damhsa, máráon ó anam agus
o chorp, san uile umhalóid aithnighim; no táobhaighim le
hEglais na Rómha, lé ar n-athar sic bendaighthe an Pápa, agus go
háiridhe les an cháirdional sa chumairghe, maille risna bráithribh
mionúra arar fágbhadh inn, ionnus ar ghrádh Dé rugadh le bochtaine
adhbhalmhóir isin eachlais nó isin mhainsér, do bhí bheó bocht
isin sáoghal so, agus fhuair bás go bocht isin chroich, go ccumhdaighdís
an tréd beg sa thárraidh Día an tAthair ina eaglais fén, tre
bhríathraibh agus somplaibh ar n-athar naomhtha S. Fróinsías; ag
furáiliomh orra lenmhuin umhlachta, agus bhochtachta a Mhec
dhílis ghrádhaigh fén, agus a mháthar náomhtha, agus aga thabhairt
fo dera coimhéud na bochtaine bendaighthe do gheallsam do
Dhia agus do S. Fróinsias, agus da nertughadhsomh do chum a coimhéuda.



Agus mar tug Día dhúinn ar n-athair naomhtha S. Froinsias
mar fhothaighthech, agus mar chongantaidh i serbhís Dé, agus isna nethibh
do gheallamar do Dhia agus dosamh, agus amhail do bhí sesion


L. 44


friothghnamhach ar fedh a bhethadh um lesughadh a los mbeg
sinne, le bréthir thegaisg, agus le hesiomláir: mar so táobhaighim agus
fágbhaim mo Shethra atá, agus bhías, ag comhorba S. Froinsias, gus
an riaghail uile: ionnus go ccungnaidís linn do ghnáth, do chum
foghainte do Dhía, agus do chomhall agus do choimhéud na bochtaine
bendaighthe.



Madh thegmhann (in én) aimsir dona Seathrachuibh do ráidhes
fágbháil a ccríche no a ccathrach, do dhul in ionadh ele, dlighid
go daingen d'és mo bháis, gíbé áit i mbíd ar bioth, an bhochtacht
do gheallsam do Dhía agus do S. Froinsías do choimhéd.



Gíbé dhíobh bhías in oificc, maille les na Sethraibh ele
bheós, bíd ar a ccoimhéud gan ní as mó d'fherann do ghlacadh, iná
a ngérriachtanus, mar atá lubhgort do chungnamh a ccothaighthe;
agus dá regar a les ní as mó d'fheronn do chosnamh nó dho chaomhmaisi
an chlobhsdra, ná glacaid acht an mhéd as ríachtanus amháin,
bhaile nach ttreabhaid agus nach síolaid. Tegaisgim sibh a Shethracha
uile, atá, agus bhías, go saothruighe sibh lenamhuin luirg na
simplidhechta, na humhlachta agus na bochtachta: agus mar an
ccédna chnesdachta chomhluadair bhendaighthe, mar do múinedh
dhúinn i ccéudtosach ar ccláochmhóidh ó Chríosd, agus ó ar n-athair
náomhtha S. Froinsías, ionnus nach tré ar ttuillemha fén, acht tre
thrócaire an tabhartaigh thiodhlaicthig, Athar na trócaire go
rachadh tásg ar ndeghclú i ccén agus i bhfogus.



Agas ar ghrádh ar ttigherna Íosa, bíodh edraibh aondacht gráidh.
An charthanacht inmhedhónach atá ionnaibh, taisbénaidh í go
foirimiollach le bhar ngníomhradhaibh, ionnus tre bhar
sompla, go bhfásfadh grádh Dé, agus carthanacht chumaidhe isna
Sethraibh tig fa bhar ccuing. Mar an ccéudna guidhim gach áon,
dá ttoghthar do chum oificce edir na sethraibh, go smuaindís
dersgnughadh do chách, i subháilce agus i ccomhlúadar chnesda, ni
as chóra iná in ughdardhas, agus in oificc, ionnus mar sin tre na
n-esiomláir go nglúaistí na Sethra táinig san riaghail rompa
d'umhlughadh dhóibh, ni hedh amhain ar aba a n-oificce, acht
ar a ngrádh.



Bíodh an bhanabb cúramach cáonbharrach timchioll a Sethar,
mar mháthair mhaith imá cloinn. Dénadh (sí) oirichill fhriochnamhach
ar gach aon aca na ríachtanus, don almsa bhús áil lé
Día do chur chuigthe. Bíodh sí coimhmilis agus comhmuinterdha
sin don uile, as go fhfoillseóchaidís na Sethracha dhi gan egla
gan chuntabhairt gach riachtanus na mbíd, agus as a bhfédfuid rém
comhdhána do bheth aca dhá hionsoighidh.


L. 46


An tráth mhesas an bhanab, agus na sethra aoinní d'esbhaidh orra,
cuimhnighid na sethra atá umhal, gurob ar ghrádh Dé do thrégettar
a ttola fén: Cidh thrácht as áil liom, go mbedís umhal dá máthair,
amhail do ghelladar da ttoil fén do Dhia, ionnus ó do chífedh
a máthair an umhlacht, an charthanacht agus an áondacht do bheth
aca dhá chéle, go n-iomchóradh go hurasa a fedhm oifficce.



Do bhrígh gurob trom serbh sin, as égin dóibh tre na ccomhluadar
bendaighthe íarraidh do thabhairt ara iompódh i millsiocht: agus
ód chíther go ffhuil an cosán cumhang, agus an dorus dírech, ghlúaisios
do chum na betha, agus gurob beg imghes ann, ná búainshesas,
as benduighthe an drem do ghebh mar ghrásaibh imthecht, agus
sesamh air sin go deóigh.



Cidh thrácht bíomáoid coimhéudach, ó tharla dhúinn dul istech i
slighidh ar tTigherna, nach sechnamáois an tshlighidhsin tré choir
na tré mhainnechtnaighe, nach dénmís indlighiodh ina aghaidh
(ar tTigherna) ná (in aghaidh) a mháthar benduighthe an Óigh
ghlórmhar Muire, ná dar n-athair naomhtha S. Froinsías, ná
don Egluis bhúadhaigh mhíleta: or sgríobhthar, Mallaighthe an
chuidechta chláonus óna n-aithentaibh.



Do fhagháil na ngrásso sléuchtaim don Athair nemhdha, tré
thuillemha ar tTigherna ÍOSA, agus a mháthar benduighthe, ar
n-athar náomhtha S. Fróinsías agus na huile náomh, go madh
toil lé na mhórdhacht ndiadha, do neoch tug tosach maith, grása
do thabhairt mar an ccéudna, go meuduighiodh sin, agus go mairedh
amhlaidh gan esbhuidh go héug.



A shethra sercacha soghrádhacha, do neoch athá agus bhías, ionnus
gomadh ferrde do bhúainshesfáoi in bhar ríaghail, fágbhaim agaibh
an sgríbhennsa i ccomhartha bhenduighthe ar tTigherna, agus
bhendacht ar n-athar naomhtha S. Fróinsías, agus mo bhendachtsa
bhar máthar, agus bhar Searbhfoghantaigh.



Ann so críochnaighther
tiomna ar máthar naomhtha,
na hóighe glórmhaire S. Clára.



Oraoid úaibh don DF. 1647.


L. 48


Annso tionnsgantar bendachadh
ar máthar náomhtha
S. Clára ar a Sethrachuibh
atáid agus tiucfaid.
IN
ainm an Athar, agus an Mhec,
agus an Sbioraid Náoimh
Amen.



A mo Shethracha dísle deaghrádhacha, go ttuga ar tTigherna a
bhendacht naomhtha dháoibh, agus go bhfécha sé oruibh le
súil a thrócaire, agus go ttuga sé a shíothcháin dáoibh: agus maille re
gach áon da ttiucfa astech agus anfas ann so inar ccoláisde agus inar
mainisdir; go ttuga an ccéudna don uile nech ele dar n-ord shesfas
go deógh isin mbochtaine bhenduighthe si.



Misi Clára, serbhfhoghantaigh Íosa Críosd, agus planda beg ar n-athar
náomhtha S. Fróinsías, bhar máthair agus bhar siúr, gidh
mídhiongmhála me, íarruim ar ar tTigherna Íosa Críustt tre
edarghuidhe a Mháthar ro náomhtha, agus náoimh-Míchél archaingil,
agus an uile aingeal, agus ar n-athar naomhtha S. Froinsías, agus na náomh
mbenduighthe, go madh toil leis go ttugadh, agus go ndaingnighedh
sé dháoibhsi agus ionnuibh an bendachtsa in nimh agus i ttalmhain,
ag iomdhughadh ionnaibh, ghrás agus shubháilcedh, ina eagluis
mhíleta edir a sherbhfhoghantaibh.



IN nimh, ina egluis iolbhuadhaigh, da bhar n-ardughadh eidir
a náomhaibh.



Do bherim mo bhendacht dáoibh rém bheó, agus d'és mo bháis,
mar as édir, agus ní as mó iná as édir liom, maille leis na huile
bhendachtaibh lér bhenduigh, nó le mbendeócha Athair na trócaire
a chland spioradálta ar nemh agus ar talamh; nó maille re gach
bendughadh do ní, no bhús éidir don mháthair Sbioradalta do
dhéunamh ar a cloinn spioradalta, Amen.



Grádhuighidh Día do ghnáth, bhar n-anmanna, agus bhar sethracha:
Coimhéudaigh go cúramach do ghnáth bhar ngeallamh.
Agus go raibhe ar tTigherna do shíor maille libh, agus sibhsi maille
lessiomh.



Amen.


L. 50


Bulla an cethramhadh Innocent Pápa, do sholáthar ar
máthar naomhtha S. Clára, do dheónughadh an tabhartais do rad
an nómhadh Grioghóir Pápa.



Nach ccoimhégnighther lucht
riaghla do ghlacadh cíosa
na sealbha.



INnocent easpug, foghantaigh do fhoghantaighibh Dé, dar
n-inghenaibh ionmhuine dísle, agus d'inniltibh Íosa Críosd, (do) Chlára
banab, agus dona sethrachaibh ele ó mhainisdir S. Daimían in Aisís,
atá, agus bhías, sláinte, agus bendacht apstolta. Ó do chíther go follus
gur recabhair bhar máoin uile, do chum a tiodhlaicthe ar na
bochtaibh, ní as ferr gur thrégeabhair smuaintighthe, agus saint na
nethedh sáoghalta; do mhian sibh fén do dhortadh do chum
Dé go huilidhe, agus go bhfuil rún daingen agaibh, gan sealbh ar
bioth, na máoine doghlúaisde, do chongbháil agaibh ar aonchor, ag
lenamhain san uile ní, luirg an tí do bhochtaighedh ar ar son, an
tSlighidh, an Fhírinne, agus an Bhetha.



NÍ hédir do ríachtanas ná d'esbhaidh na netheadh ccorpardha
bhar ccriothnughadh ón deghrún daingensa, an mhéd go bhfuil
clélámh an chéle nemhdha fá bhar ccenn, do chothughadh
anbhfainne adhbhalmhóire bhar ccuirp, do neoch do cláoi sibh
do dhlighedh na spioraide, maille re móirthes charthanachta. An
Tigherna úd bhethuighes énlaith an aieóir, agus éudaighes losa an
talmhan, do bheura a lúaighecht dáoibh maraon ris fén i
SSíordhuidhecht; an úair fháilteóchus a dheslámh go glórdha
roimhibh, ar a radharc foirfe fén. Ar nglúasacht dúinn les so, do
bhríogh go n-iarrtháoi oruinn tre umhlacht adhbhuil, go
ndaingnidhmís dáoibh, lé ar ttabhartus nó ar n-aonta apsdolta,
an t-aignedh do g<h>abhabhair do láimh do lenmhuin na bochtaine
ro airde; do bhermid dháoibh do bhrígh na sgríbhenn so do láthair,
nach ccoimhégnighther sibh le duine ar domhan, do ghlacadh,
d'fhagháil, nó do choimhéud Sealbha sáoghalta ar bioth.



Da ttegmhadh aonmhaighden nach déunadh, nó nach bhféudfadh
coimhéud na riaghlaso, ná bíoth sí agaibh, acht cuirther í go háit
égin ele.



Ar an modh ccéudna ordaighmíd agus toirmesgmid, gan aoinphersa,
gibé ar bioth bhús cáilidhecht nó bhús coingheall dó, do bheth
comhdhána agus sin ionnus go mesgfadh bhar mainisttir: agus da


L. 52


ccuiredh clérech ná tuata, ga mbeth a fhios so ar n-ordaighthe agus ar
ndaingnighthe, cathughadh i modh ar bioth, do chontrárdhughadh
an nethe céudna, agus a bheth ar na chronughadh agus ar na chosg trí
húaire éxamhla, nach lesaighenn agus ná sásaighenn a mhímhén,
cuirfidher é as a oifficc, as a dhighnid, agus as a onóir. Agus ionnus
go mbeth a fhios ag cách gurob damanta tre na lochtaibh a lethéd
so do dhuine do dhlighedh Dé, gerrfuidher amach é ó náomhchumann
na ccríosduidheadh ccredmhech: agus budh ciontach é ón
díoghaltas diadha lá an bhrethemhnuis.



Acht an drem as díles in Íosa Críosd, agus bhar n-ordsa, go háiridhe
Mainisdir S. Daimian, go raibhe síoth Dé maille riú, ionnus fa
dheóigh go bhfaghdáois toradh a ndeghoibrech, agus tuillemh na
bendachta biothbhúaine i ló an bhrethemhnuis dén déghenaigh.



Íosa gurob é fén an maithes, go ttuga a bhendacht donn druing,
do neoch choimhéudfas cisde na bochtaine bendaighthe fa na
ndithcheall.



Amen.



MINIGHTHE AGUS ORDAIGHTHE
do rinedh ar riaghail
ar mathar naomhtha
S. Clara
d'áonta na n-uachtaran
1622.



Tionnsgantar and so na mínighthe, agus na hordaighthe do rónadh
ar riaghail S. Clára boichte riaghalta. Ar ttús cuirther síos dá
liter chuimhnighes derbhadh, agus daingniughadh na mínightheadh agus
na n-orduightheadh ccéudna. ar na sgríobhadh, agus ar na
ccur úadha don athair fhiréunta (inar tTigherna,) don bhráthair
Uilliam Cassall, Minisdir generalta na mbráthar mionúr; do
sgríobhadh liter dhíobh sin, do chum a inghine umhla boichte
fén an tShiúr Collet, an chédbhen riaghalta do aithchertughadh an
uird sin S. Clára:



Do sgríobhadh an liter ele i ccoitchinne chuigthesi, agus fós gusna
huile Shethrachaibh ele na riaghla remhráidhte.



Ag so síos brígh na cédlitre.



A Inghen onórach, chráibhthech i nDía, Sláinte chugaibh i cCriosd
ar tTigherna, céle fíre na n-ógh. Do ghlacus bhar litrecha agus do
chualus aithris bhar bhfaoisidmhigh um dhála dhaingnighthe,
agus dherbhtha na sdatúitedh do chuiris, agus d'fhuráilis do thabhairt


L. 54


dom láthairsi: iadsin dno gidh atáid ro oiremhnach, agus fós
iomchubhaidh d'fhíorchoimhéud bhar riaghala benduighthe; Tar a
chenn sin, don chédfheuchain tugus orra sin, do conncas damh a
mbeth docamhlach ar mhodhoibh égin: Cidh tra acht do bhádhas
(ar an adhbhar sin) in ngné bhuaidhertha agus trebhlaide, gur chuires
an chúis i muinighin ar tTigherna Íosa Críosd, agus thuillemha S.
Antóin bhenduighthe ó Phadua, (da madh mhian damh ar Dhia
gorbham cráibhthech diongmhála,) fa dheóigh do furáiledh orm
(mar chredim dháríribh, tre thuillemh an naoimh ghlórmhair sin
S. Antóin) gur cuiredh na sdatúitte remhráidhte go háiridhe
ó Dhía. Cidh thracht do chinnes agam fén, nach eadh amháin a
ndaingniughadh, acht go mórmhór mar an ccéudna a n-órdughadh,
a bhfoillsiughadh, agus a n-ughdardhásughadh. Gurob iadsin dno
anois (chuirmid chugadsa, agus gótt inghenaibh) arna n-ordughadh,
ar an bhfoillsiughadh, ar na nertughadh, agus ar na seulughadh re
séula an uird, maille ris an sollamhantacht, agus ris an derbhthacht
bhenus da shamhuil do ghnoaighibh, máráon tré ughdardhás ar
n-oificce, agus na caibidle coitchinne, amhail mar an ccéudna tre
ughdardhás pápamhuil agus apstolda, do neoch fhoghnus dúinn im an
nísi: ag tegasg, agus ag comhairlechadh na n-inghen ccráibthech sin
atáid agus tiucfaid, go nglacdaois na sdatúide sin re mórchrábhadh;
agus go n-indilldís iad fén go foirfe umhal, efechtach do chum a
ccoimhéda; agá mhes dóibh go demhin gurob léna ccoimhéud sin
(tre thuillemha an athar roghlórmhair S. Fhroinsiais, fhothuighthigh
a ríaghla bennuighthe, agus tré thuillemh na hóighe roidhiongmhála
S. Clára, céudphlanda an mhuighe mhórthorthaigh sin) (.i. na
ríaghla benduighthe) (iomdhaighes go rolánmhar i bhfertaibh)
bhuaidheóchuid lánlúaighecht na bethadh síordhuidhe. Gurob
lesna hinghenuibh sin, agus letsa ar tús, aththaobhuim mé
fén íarras oraibh imá-le Dia do edarguidhe orm gidh um
roimhídhiognmhala.



A Genebha .a.o Dni. 1434.
.28. lá do Sheptember.
Ag so síos suim an dara litre.



Sláinte inar tTigherna ÍOSA Críosd céle fíre na n-ógh; cuiridh
an bráthair Uilliam Cassall generáll uird na mbráthar mionúr, agus
maighisdir in náoimhdhíadhacht gus an siaír Collet ríaghalta
(in ÍOSA Críosd) fothuighthech mhórán Mainisdrech (inghen
mbocht mionúr Sh. CLÁRA,) do cumhdaighedh agus do tógbhadh
san tráthsa i rannaibh na Fraingce; agus go banabaibh, agus gus na


L. 56


huile Shethrachaibh eile na mainisdrech ccéudna, agus gus na huile
choimhthionóluibh ele da ttá agus da ttiucfa, da ttoigeubhthar, agus
dá ccuimhdeóchar, fón fhoirm agus fán modh bethadhsa.



Caidhe a mhéud go míorbhuileach do fhásadar mórthuillemha
na maighdine úaisle, agus na baintigherna bendaighthe S. Clára fo S.
Froinsias náomhtha, athair agus ionchosgaigh an uile bhochtaine, agus
náomhthachta; agus cionnus atáid na tuillemha sin ag soillsiughadh
in náoimheglais Dé, agus ni hedh amháin ó chéle na n-ógh ó ar tTigherna
Íosa Críosd as follas(sin) tre san lúagh tugadh dhi i ríoghacht nimhe,
agus tre chémennuibh náomhtha náomh nglórmhar párdhais,
do neoch chíalluighes súaimhnes suthain; gurob isna cémibh sin,
edir na hóghaibh egnaidhe do glóirighedh agus do córónuighedh ísi
go húathach: acht mar a ccédna san aimsirsi anois do foillsighedh
go fáoilidh sin, agus do hoirdhercadh tre san moladh mór agus tre san
deghthesd diongmhála tugadh uirre isin eacclais sin Dé, agus go háiridhe
tré san n-iomad ógh ccráibhthech agus pherson n-oirdhearc
ele, noch in ord a bethadh benduighthe agus a comhluadair mhilis,
do rér a sompla, ag tethemh agus ag fágbháil ghúasacht an tsáoghail
trúaighbhél, téd agus rethas go daingenchúan derbhtha an chreidimh;
dá bhrígh sin as móide dhlighmíd buidhechus do Dhia tre a mhéd
ad chímíd san amsa, an náduir dháonda ar ccláonadh do chum
uilc; agus ar a shon sin tre chungnamh Dé nach dealuighenn do
ghnáth an profession bendaighthesi ré sáthadh agus ré síoladh phlandadh
núadh, gan echtrannughadh ó ordughadh an athar náomhtha
S. Fhroinsías, ná ó shliochtlorg na máthar glórmhaire S. Clára,
do neoch shires le haintes adhamhra, an ríaghail agus an fhoirm bhethadh
(tugadh lesin S. Fhroinsias) (cédna) (dhóibh, agus do coimhédadh
go hamhra lena máthair ghlórmhair S. Clára,) d'fhoillsiughadh agus
do nertughadh le mínighthiph, agus le hordaighthibh oiremhnacha,
ionnus go mesdáois iad fén iar bhfíor na lorgairidhe ar a
comhnáomhtha so do mháthair, agus na ccuibhrenncha má tuillemha
glórmhara; etorra sin, ód chím agus go sáoilim thusa a shiur Coillet
reamhráidhte, ríaghalta, agus at inghin in ÍOSA Críosd, (do rér na
baintigherna benduighthe) ad mháthair mhaith, ad patrún, agus ad
edarghuidhthech, ag an sgríbhennuibhsi, do neoch atád do chum
ciúnuis a ccoinsías, agus do chum innille a n-anmann, agus fós do
chum gnáthnirt coimhéda a riaghla: Inne ar ngluasacht lé bhar
n-athchuinghidh chirtsi, agus tre bhar n-urnaighthibh umhla imá-le,
do bhrígh an ughdardháis apstolda tugadh dhúinn uime so, cuirmíd
chuguibh, (edir banabuibh agus sethrachaibh gach Mainisdre, dar
fothaighedh maille le grásaibh Dé, agus libhsi fon phroifesion agus fón


L. 58


riaghail remhráidhte agus gusna huile shethrachaibh ar aile mhainesdrech,
noch tóigébhthar isin fhoirm, agus isin modh cceudna) na mínighthe,
na sdatúide agus na hordaighthisi do chum a ccoimhéuda do
ghnáth; siad ar na ndéunamh go habaidh, agus le mórchomhairleachadh
arna ccumadh, agus mar do ráidhedh roimhe arna n-ughdard<h>ásughadh
anois le hughdardhás apstolda, agus le ar n-oifficcne mar an ccéudna,
agus les an chaibidil choitchinn.



Gonadh íad na mínighthe agus na horduighthesi, as móide as
inmhesda, agus as coimhéudtha dháoibhsi go dúthrachtach, a mhéd agus
a dhithcheallaighe do féuchadh, agus do sgrúdadh, agus do derbhadh
go hoirdherc íad lesna haithrechaibh roifhíréunta (in ar
tTigherna) lesna tighernaibh Cairdionala na Croiche naoimh agus
S. Angeall, léugáide apsdolda, ba fiadhain a ndénmha ag comhairle
bhendaighthe Bhaisill, agus le hiomad ele do dhoctúiribh díadhachta,
agus mar an ccéudna le mórán do aithrechaibh onóracha, do bhí
rochlúmhar ar iomláine a mbetha, agus a bhfoghloma.



As so síos na sdatúide, agus na hordaighthe sin.



Ar tús as édir dona hinghenaibh agus dona sethrachuibh i gCríosd
gibé dhíobh lenab áil a chur i ccesd, an trésan móid bherid
aga ccédphrofesion, an úair gheallaid coimhéd foirme bethadh a
riaghla, bhíd cengailte tre aithne do lenmhain an tshoisgél náomhtha
i. na comhairlecha mar na haithenta<i>bh: as é fáth do chuirfedh
san chuntabhairtsi iad, do bhrígh gur hiomráidhedh fa thrí san
fhoirm bhethadh ud, an Soisgéul benduighthe do lenmhuin; amhail
adubhradh ar ttús i ttosach na foirme betha<dh> sin;



Así so foirm bhethadh uird na Sethar mbocht noch do orduigh
S. Froinsías: Coimhéud naomhshoisgél ar tTigherna ÍOSA Críosd,
marthain in umhla, gan díslidheacht agus in ngenmnaidhecht.
An dara ní, adubhairt: do phósabhair sibh fén leis an Sbiorad
náomh, ag togha bhar mbetha do rér fhoirbhthecht an tShoisgél
náomhtha; an tres ní fa dheóigh, bhaile i ndubhairt: Coimhéudam
do ghnáth an náomhshoisgeul mar do gheallsam go coingheallach.
Um chenn na cuntabhartasin, agus na cúisi má ttiucfadh, as mían
linn oirichill do dhénamh ar choinsíansaibh na sethrach sin, agus
gach decair fhéudfam do thógbháil díobh; fregram go
foirmeamhuil don nísin do fregradh re mórán Pápadh, mar atá
an tres Niocól pápa, agus an cúigedh Clemétt pápa, ar a samhuil sin
do chuntabhartaibh do rónsad na bráithre mionúra ar na pongcaibh
cédna na ríaghail .i. go mbeith d'fhiachaibh ar na sethrachaibhsin
an Soisgeul náomhtha do choimhéud (trésan móid bherid aga
bprofession an úair gheallaid coimhéud na foirme bethadh úd .i.


L. 60


a ríaghla) isin modh ara ttug ar tTigherna uaidh é .i. gach uile
ní dar haithnighedh san Soisgéul, dlighid a ccoimhéud mar
aithentuibh; agus na nethe ele do comhairlighedh isin Soisgéul, dlighid
a ccoimhéd mar chomhairlibh, agus fós mar aithenta cengailte, dleghar
dhíobh gach comhairle Shoisgéulta, da ccuirter na bhfoirm bethadh,
fa bhréthir, nó fa mhodh aithne, do dhiúltaighech nó dhemhnighech,
nó fa fhocal bhús coimhnertmhar riú.



Gidh edh ní fhuilid cengailte um choimhlíonadh comhairledh ele
an tShoisgél, acht mar gach Críosdaidhe ar chena (acht amháin
dho bhrígh gur iodhbradar go háontadhach, agus go ttugadarsan
íad fén do lenamhuin shompla ar tTigherna Íosa Críosd, ag
tarcaisniughadh na séud saoghalta, iarraidh a bprofession go
ttrialldaois go foirbhfecht ní as mó ináid Críosdaidhedha ele.)



Na nethe ele atáid isin fhoirm bethadh úd, do aithentaibh, do
chomhairlechuibh, agus do gach ní ar bioth dar cuiredh ann, tre mhóid
a bprofessioin, ní fhuilid cengailte dhíobh, acht fán modh áiridhe
a ffuilid isin fhoirm bhethadh sin; .i. do thegosgaibh, mar thegosga,
do nósughadh mar nósughadh, do chomhairlighthibh mar
c<h>omhairlighthe, agus do gach uile ní ele atáid cengailte san fhoirm(sin)
agus ar an modh cceudna a ffuilid síos ann sin, agus ní fhuilid ar
aitherrach.



DO DHUL ISIN RÍAGHAIL BHENDAIGHTHESE.



CAIB. I.



Gidh atá i ttosach an dara caibidle don fhoirm bhethadh, gurob
édir don bhanaib gach áonm<h>aighden do ghlacadh mar
shiair, maille re comháonta na coda as romhó dona sethrachaibh,
ar bhfagháil a cheda roimhe ón tigherna Cairdionál Dídnightheóir
an uird; Tar a chennsin, ag brethnughadh dhúinne; cheudnahindill
an uirdsi arna fhothughadh ar tús i ngoire do chúirt na Rómha,
agus don tigherna Cairdionál remhráidhte, agus sé anois in imchén
úatha sin; a ttáobh ghéurbhochtaine na setharsin, agus na ndecrach
rigfidís a les do chur gus an tigherna Cairdionál sin d'fhagháil
an cheda chéudna; arna mhes fffós go ttugadh go hiomlán
follamhnadh agus sd<i>úradh an uirdsin don mhinisdir choitchenn, agus
do phrouinsialuibh uird na mbráthar mionúr les an chethramhadh
Innocent Pápa, agus le mórán ele dona pápadhoibh; ar an adhbhar
sin foillsighmidne agus adermid go bhfuil ughdardhás ag an minisdir
choitchenn (nó ghenerálta) ar fedh an uird go huilidhe, agus ag na
minisdribh probhinsialta ina bproibhinsibh, agus gha mbiocáiribh


L. 62


ced do thabhairt don bhanaibb an drong bhús iomchubhaidh
thréiges an sáoghal do ghlacadh mar shethrachuibh do neoch
choimhéudas agus chongbhus cuing na riaghla.



1. Ar an adhbhar sin ordaighmídne do rér (orduighthe) an
cethramhadh Innocent Pápa, an uair fhuráilfes áon í fén do iomchar
na riaghla sa (re siú athraighes a héudach sáoghalta agus ghlacas
aibíd riaghalta) go ffhoillsighther dhi, na poingc rochruaidhe
dhocamhlacha atáid re a ccoimh<eud> i riaghail, ionnus d'és a
glactha, nach beth siocair ar bioth aice do ghabháil a lethsgél
ar ainbhfhios; agus ní géubhthar áoinnech, do neoch tré áois, tre
thinnes, nó tré shimplidhecht amaidigh nach bí abaidh go hiomlán
d'iomchor na riaghla so; óir as minic do sgriosadh agus do lagadh
sdaid, agus nert riaghla tre na n-ionnamhuil sin.



2. Tuilledh ele, as áil linn agus ordaighmíd, go ccoimhédís na
sethracha an modhsa ag glacadh áoinpherson isin ord; .i. an úair
bhías áon do chum a gabhtha, go ccuirdís í ar tosach alla amuigh
don ord go nech iomchubhuidh égin, ga mbí egla Dé agus grádh
na mbocht, ionnus tré na chomhairle go roinntí a máoin ar na
bochtaibh: agus aincedh an bhanab agus na sethracha uile, nach
glacdaois (uatha) fén, ná ó nech ele áoinní do mháoin na muintire
téd isin riaghuil, acht muna thegmhadh anní coimmbheg is sin,
as nach fféudfadh an drong aga mbeth a fhios siocair drochbharamhla
do bheth aca na n-aighidh sion, nó go ttiubhradh sisi téd istech
ní égin dóibh, mar bhochtaibh ele, i modh almsan, do chosg a
ccása an úair sin, nó ríachtanuis bhíos a ngar dhóiph, agus sin
d'fhagháil da toil deónuigh fén. Óir íarraidh an fhoirm bhethadh,
an drem téd istech do bheth sáor, agus a dhénamh réna máoinibh,
amhail sheólus Día dhóibh.



3. Aincedh an bhanab agus na Sethracha ele mar an ccéudna, nach
áontaighdís dóibh fén, do nech ele, ar a son fén, ná ar son áonnduine
ele, cengal ná cunnradh do dhéunamh as a bhfionnfáoi gné
Shiomontachta da laghad: agus fós ná fuilingdís don druing tig
istech cugtha coimhéd do bheth aca ar áoinní da máoinibh sáoghalta
a leth an tsháoghail fén, acht go n-iodhbraidís go nocht iad féin
go huilidhe ón uile thalmhuidhecht, i lámhaibh ar tTigherna
chéusda: Gidh edh da ttegmhadh áon dá nach ttiucfadh
sgagadh comhullamh agus sin as a maithes aimsiordha, agus nar thoil
di tuilledh ar énchor ar na nethibh do fháguibh sí ara hés; as édir


L. 64


dhi ar an cháoi as fherr fhéudfus, cúram na máoini sin ar modh chinnte
do chur ar dhuine áiridhe égin (ar a mbi egla Dé) go roinne sé
í ar na bochtaibh.



4. Ionnus, da és so go mbedís na Sethracha ní sa riaghalta,
ordaighmid gan aonnduine do ghabháil na riaghail, muna aithnighid
go soillér, gurab ar ghrádh Dé do chédnethibh tig sí san ord agus
ar les a hanma; agus nach glúaistter í cuige sin, amháin tre ghlúasacht
chealgaigh, tré fhuráiliomh, tre choimhégniughadh, ná tre egla
áondhuine; acht dá toil deónuigh fén, amhuil do thiucfadh ann
go háiridhe do shédedh an Sbioraid náoimh; agus aincdis gan áon
do ghlacadh san ord acht caitilcech credmhech go mén mhaith;
nach ffúair sgandail phuiblidhe; bhías tuigsioch, comhlán i ccorp;
da nach bí baramhuil ericdhecht; bhías sáor gan muirighin a
máoine saoghalta; bhias gan chengal ag eschoitchionnughadh,
ná ag crosadh achd da ttegmhadh a lethéd sin di, faghadh
sí absolóid iomlán (re na glacadh) tre sna pribhilédibh tugadh
uime so d'ord na mbráthar mionúr: Thairis sin foillsighter dhi,
da ttuilledh sí ar an saoghal arís, go ttuillionn fós an
t-eschoitchennughadh céudna, is a beth cengailte aige mar do bhí
roimhe:



5. Mur an cceudna, go raibhe sí sáor, agus nach bí i modh cumhuile,
.i. na banóglaigh; nó da raibhe, go bhfaghthar ced ona tigherna
nó ona baintigherna, agus go raibh sí i n-áois dhá bhliadhan déug
re ndul di in aibíd ríaghalta, agus ná glacthar áoinnech do chum
proiffesioin go raibhe sí ocht mbliadhna déug; oir ní hédir dhi
re san áois sin úalach na riaghla d'iomchur.



6. Ordaighmíd mar an ccéudna, gan áon do ghlacadh isin choraidh
d'éis a cúig mbliadhan fichett, acht muna raibhe sí comhfhoghlomtha
is sin as a ffhéudfadh foghloim léughtórachta na hoifficce díadha,
gan roshaothar nó toirmesg do chách:



Mar an ccéudna ná glacthar do phrofession áon dá nach édir
rádh na hoifficce díadha lé fén amháin, nó a n-as lugha dhe
le cách i ccoitchinne: agus ná glacaid áoinnech san ord, acht munab
follus, gur iomchuir í fén go macánta, agus go maith ó áois a trí
mbliadhan déug, go haimsir a glactha gus an cclobhsdra; agus ná
glacthar aon iar n-áois .40. mbliadhan, acht muna raibhe sí


L. 66


comhuasal is sin as a ttóigéubhadh a glacadh tuaith, is cill; nó
muna raibhe sí coimhintlechtach is sin agus roláidir ionnus go mbiadh
abaidh do chum foghnamha Dé, agus an uird do rér bhar Sdaide, agus
bhar mbethadhsa.



7. Tuilledh ele ná glacthar in bhar n-ordsa áoinnech
bhéras a phroifesion in ord ar bioth oile gan ced a bhanaibe, nó gan
pribhiléd ón Suidhe Apsttolda.



8. Ordaighmíd ar an modh ccéudna, da ttegmhadh profession
Nuásachain (nó Noibhisigh) ar bioth i mbáoghal ria ccionn
bhliadhna, go nderbhadh an bhanab dhi i bhfiadhnuise na Sethrach,
bíodh go ccaithfidhe an bhliadhain sin, nach ffhuighedh sí cert ar
bioth isin riaghail, go ttigedh an aimsir i ccríochnóchaidís tre
chomhuirliughadh abaidh créd budh indéunta dhóibh, i
timchioll a profession, nó a telgen tar a hais san sáoghal.



9. An tan ghlacaid áon do chum professioin, légedh sí ar a glúinibh
í ar bhéulaibh na banaba, agus abradh go suaimhnech do ghuth ard
fhollusghlan ar an modh sa.



IN AINM AN ATHAR:
agus an MEC; agus an
SBIORAID NAOIMH. AMEN.



Misi an tsiur .N. gealluimm do Dhia uilechum<h>uchtach; don
mhaighdin ghlórmhuir do Mhuire; dar n-athair náomhtha S.
Froinsías; dar máthair náomhtha S. Clára; agus dona huile náomhuibh
bendoighthe; agus duidsi a mháthair fhírénta abb, agus dot uile
chomhorbaibh tigid at áit; go ccoimhéudfad re mo ré betha<dh>,
riaghail agus foirm bhetha<dh> Shethrach mbocht S. Clára, noch tug
S. Froinsías do S. Clára, agus noch do daingnighedh le ar n-athair
bendaighthe an cethramhadh Innocent Pápa, ag marthain in
UMHLA gan DÍSLIDHEACHT, agus i ngenmnaidhecht
mar an ccéudna ag coimhéud chlobhsdra, do rér ordaighthe na
riaghla remhráidhte.



Ann sin geallaidh an bhanabb ghabhus í, an bhetha mharthanach
dhi, da ccomhaille sí an mhóid sin do rad.



10. Ordaighmíd mar an cceudna, na fuilt do gherradh timchioll,
ós cionn na cclúas, in aimsir an édighthe, agus ná fuilngid dá és sin
choidhche fás a bhfolt go fada: acht go minic isin mbliadhain
tre ordughadh na banaba berrthar fuilt na sethrach uile mar an
ccédna; acht muna mestáoi tre aicíd nó anbhfainne égin
gomadh iomchubhaidh a dhénamh aitherrach.


L. 68


Do cháilidheacht a n-aibídeach
agus dá n-éudaighibh.



CAIB. II.



Do bhrígh go ffhuil isin riaghail, agus isin fhoirm bhethadh, édaighe
na sethrach do bheth bocht deróil.



1. Ordaighmíd agus cinnmíd, an deróile si do thigsin a ttáobh
lóigh agus datha an éudaigh agus gé atá isin riaghail remhráidhte,
ar mbúain a n-éudaigh sáoghalta don lucht téd isin riaghail sin,
go ttiubhra an bhanab trí chóta agus aonchlócha ar iasacht do gach
inghin ghlacus; tairis sin da ttegmhadh tre riachtanus, nó thinnes,
no cháil na persan, na háite, nó na haimsire go rigfedh áoinnech
aca a les tuilledh cótadh; foillsighmid don bhanaib (maille re
comhairle na ndisgrédedh) oirichill iomchubhuidh do dhénumh ar
an lucht atá i ríachtanus, aga mhes di go n-abair an fhoirm
b<h>ethadh sin mar an ccéudna, go ndlighionn an bhanab oirichill
dhisgrédech do dhéunamh ar a sethrachaibh fa éudach, do rér
cháilidheacht na bperson, na n-ionad, na n-aimsior, agus na ríoghacht
bhfúar, amhail do chífe sí oiremhnach dá n-esbhaidhibh.



2. As iontuigthe nach égin na trí chóta remhráidhte do bheth
uile ar énnós; óir as uime tugadh an dá chóta chnis dóibh, dá
ttédheadh, agus do d<h>éisi chuirp, agus ní dhlighid a mbeth uile ar
éndath.



3. Ar an adhbhar sin as áil linn agus ordaighmíd, aibíd an
uird do ghairm don tres cóta imiollach, gurab na égmais sin nach
dlighthech do áon dona Sethrachaibh siobhal, ná codladh, ná a
faigsin i bpuiblidheacht, acht muna mbrethnuighedh an b<h>anab
nó an bhainbhiocáire maille re caomhaonta na coda as mó dona
disgrédibh a aitherrach sin tre thinnes, tre laige, nó riachtanus
fhollas égin ele.



4. Ní bhía an aibíd ag siubhal na talmhan tar és na
sethrach má mbi ar a fad; agus ní bhía sí ní as lethne iná lethed .14.
mbos; ní bhía fad na muinchilledh tar altaibh chaol na lámh.



5. Bíd na cótaidhe cnis do éudach dheróil gharbh, gan dúbladh
lethair leó. Bíodh an clóca fós na éudach gharbh dheróil, gan
cruinniughadh cúirialta ná imdhénamh maisioch im an muinél,
ná bíodh comhfhad sin go soighfedh talamh, acht bíodh do ghnáth
ina n-uile édaighibh taispénadh follus gairbhe, deróile, agus
bochta, ima-le na modh dénta, na lúach, agus na dhath; agus ar an


L. 70


modh so bhías an bhanab agus na Sethracha bhías in oificc, agus bíd
in éudach coitchenn gan lethpháirt ar bioth. Bíd cresa na Sethrach
coitchenn, deróil, gan cúiríaltacht ar bioth.



6. Tuilledh ele ordaighmíd, dona Sethrachaibh uile edir bhanaib
agus aitherrach gan diffir ar bioth, a ccinn do c<h>umhdach maille
risin uile umhlacht, macántacht, agus ríaghaltacht gan
cúirialtacht ná díomháoines; agus fa dheóigh ionnus go madh móide
do coimhéudfáoi so ag na sethrachuibh, agus ghá n-uile choimhthionóluibh,
ordaighmid dona sethrachaibh uile a bhfeléd do ghabháil
orra ar mhodh go ffaileóchdáois a ngnúisi begnach uile acht a
súile agus a mbeóil, ionnus nach bhféudfadh áoinnech a n-aighthe
d'fhaigsin choidhche go comhlán; mar an ccéudna bíd a bhfeléd
agus a bhfíala coimhlethan is sin, agus ar na ngabháil ar mhodh go
bhfaileóchdáois beg nach uile a ccinn, a ngúaille, agus a mbrollaighe.



7. Mar an ccéudna, as (áil) linn a bhfíala agus a bhfeléd do bheth
do éudach gharbh, ionnus gomadh lér orra an bhochtaine maille
re gére a bprofession.



8. Tuilledh ele, maille le toil na banaba áontaighmíd don uile
shíair dá fhíala nó dhá challa dhubha, agus dá fheléd gheala do b<h>eth
aice do chum a ngabhála uirre fa sech, agus dá ccongbháil do
ghnáth glan gnáoiemhail. Agus aincid na sethracha nach rabhaid
feléd imdhéunta, nó ghlainghréusacha ná calladha síoda, ná éudach
lóghmhar ar bioth aca.



9. Ná gabhadh noibhísioch ar bioth an calla dubh, ria ttabhairt
a proifession go follus, acht muna ttugadh sí a phroifession roimhe
sin i ríaghail eile; acht gabhadh sí uirre go deghmhén sic an
feléud bán, amhail ordaighius an bhanab, agus mar ba gnáth in gach
am gus an úairsi.



10. Ionnus go mbedís ar leabthacha (cosmhail do sin) noch ara
n-eugmaid; amhail adubhradh, bíd a mbrocacha ag na Sionnchaibh,
agus a nid ag éunlaith an aieóir, gidh edh ní fhuil ag mac an duine
áit i ccuirfedh a chenn; agus do bheth mar an ccéudna ní as
fhuiriochra, agus ní as dicheallaighe ag érg<h>e do chum na ttráth, agus do
aithris ar ar máthair náomhtha S. Clára, do luidh go minic ar an
talamh lom, nó ní as córa ar Íosa Críusd náomhthacht na
náomhthacht ag nach raibhe leabaidh ele acht an dísiort
crúaidhghéur;



Ordaighmid gan áoinshiur (muna raibhe sí tinn nó rolag) do
chodladh ar cháoi ele acht ar shac líonta do thuighe, gus an ffhalach
air bhúss disgrédech les an mbanaib; gidh edh dlighidh an b<h>anab
tabhairt cheda go charthanach sic dona heslánuibh um shocamhal,
amhail atá isin riaghail chena.


L. 72


11. Tuilledh ordaighmíd, ar eng esiomláire Íosa Críosd, agus na
hóighe glórmhuire S. Clára, go siobhlaidís na Sethracha coslomnocht
i ccomhardha umhlachta, bochtaine, agus marbhthataidhe na
tuigsena, ag techt amháin re hiallchrannaibh (fona ttroighthibh)
ar a mbíd réubáin búailte do thairrngibh osa ccionn da ccongbháil
orra.



Don oifficc dhíadha.



CAIB. III.



A ttáobh na hoifficce díadha noch as égin dóibh do dhénamh
i ló agus in oidhche, coimhéudtar so; riasna huairibh cánónta uile,
gan mhoill iar mbúain an chéudchluig, tigid na Sethracha
uile don choraidh, do ullmhughadh a ccroidhthedh do chum ar
ttigherna, muna raibhe lethsgéul dlighthech aca fa ghnóaighe nach
édir do chor ar cáirde, agus sin fá bhrethnughadh na banaba nó na
bainbhiocáire, agus anaid ann sin gan imthecht gan techt, gan gáire,
ná glórghuth, ná amharc díomháoin na ttimchioll, acht anamhuin
uile imá-le re háonchródhacht i síothcháin, i socht, i ttromdhacht
riaghalta, agus i ffíréntas dlightheach.



2. Ná benadh áon as fén imthecht as an choruidh an ccén
bhíos an oificc dhíadha ga léughadh, acht muna bhfagha ced ón
bhanaib, nó óna bainbhiocáire, nó ón tshiair do ní a hionad, go
hiomlánadh na hoifficce uile.



3. Comhairlighmíd an uile shiur inar tTigherna Íosa Críosd; gíbé
áite i mbíd do ghnáth go ccoimhlíndís an oifficc dhíadha go hairech
edirdhelighthe áonghrádhach, agus go riaghalta, agus caithfid tionnsgnamh
tochta an áoinfhecht; caithfid mar an ccéudna coimhshesamh ar
áonmhodh ionann ó thús go deredh, ionnus go n-abartháoi do
ghnáth an oifficc mhór ní as airde, agus ní as fosaidhthe iná
oifficc ar mBaintigherna bendaighthe, agus iná oifficc na marbh.



4. Timchioll mhodha chluig oiffrinn, bentar é amhail (clocc)
na n-uairedh ccánónta, agus mhodha suidhe, sléuchtana, érghe
súas, fecaidh, agus sesaimh dhóibh i ndáil a chéle, lenuid na sethracha
do shíor gnás na mbráthar mionúr, acht ar aisdibh égin nach
iomchubhaidh dhóibhsion.



5. Tuilledh ele; ní ced d'áointshiair léughus (gibé ar bioth modh
i mbí) anmhain ón choraidh in oidhche ná i ló, acht atá
gremaighthe dona Sethrachaibh techt do chum oiffrinn, agus gusna
huile uairibh cánónta, acht áos galair, cona lucht fritheólmha, le
ced na banaba nó na bainbhiocáire, agus an drong in aimsir na hoificce


L. 74


do bheth gnoaighech i bhfoghnamh égen choitchionn an
choimhthionóil, d'fhios agus do ched na banaba: Agus ar an adhbharsin
dlighid na hoifigigh uile remhfhéuchain ar a ngnoaighibh, agus ar a
n-oifficcibh, ionnus go lúathaighdís orra ar mhodh go fféudfaidís
fregra na hoifficce díadha isin choruidh mar chách.



6. Na sethracha (nach léghenn) agus nach bhfuil tinn, ná gnoaighech
i bhfoghnamh ar oile, tigid mar an ccéudna don choruidh do
choimhlíonadh na hoifficce diadha, noch atá cengailte dhíobh,
agas sin in ionad égin d'ordughadh dhóibh: agus da bhfaghadh an
bhanab nó an bhainbhiocáire áointshiur mainnechtnach sna pongcaibh
remhráidhte, pennighther aca í, do réir cháilidhechta na caire.



7. Tuilledh ordaighmid, isin dá lá edir Fhél Muire mór agus Fél
S. Clára, go cceilebhraidis náoi liachtana i bhFél S. Clára; i laithibh
ele na hochtáibhe d'és na féle, déunaid coimmemhair ar S.
Clára ag Benedictus agus ag Magnificat: ar mbeth do lá na hochtáibhe
ar Fhél S. Ludoibhis, noch atá mórdhúbalta nó duplex maius,
déunaid coimmeabhair ar S. Clára in easpart, agus i ttráthaibh.



8. Ordaighmid arís, in aimsir imresna coitchinn, go ttigdís na
Sethracha go hairdegluis an bhaile, nó na háite i ccomhnaighid a
ttráth fhoillsighe na himresnasoin dóibh go dlighthech, lesin
druing dán dúal a dhéunamh, nó lé na ttechtairibh certa nó lé
(na) sgríbhnibh; agus ann sin ar ndúnadh dhoras na hegailsi, agus
ar n-echtrughadh na n-eschoitchendaighech, abraid na sethracha
uile an oifficc dhíadha mar a derid oifficc ar mBaintigherna
bennuighthe i bhféltibh simplidhe, ní ná suidhe acht ná sesamh,
mar as gnáth: agus dá ttegmhadh, in úair an imresainsin, áon do
áos foghainte an choimhthionóil nó áon dona sethrachaibh do
thuitim i ttinnes ann sin astigh, déunuidsiomh a ccomáoinechadh
na n-esslán, agus dá n-éugaid adhnaicther iad le guth ísiol ar
ccur uatha mar an ccéudna na druinge ata crosda nó eschoitchennaighthe;
tairis sin, ná tesdaighedh áoinní da mbenann d'oifficc
na marbh nó an chomuinn.



9. Agus do bhrígh go bhfuil isin riaghail go n-abraid na
Sethracha léughus an t-ord marbh, gan fhoillsiughadh an láe, na
huaire ná créd an modh ná an t-ualach atá orra má chur
dhíobh; atá do dhorchacht na sgríbhne, mar an ccéudna
d'égsamhlacht bharamhla agus sgríbhneórachta uirre, nach fféudaim
a fhoillsiughadh go cert cionnus as cóir a choimhlíonadh; ar an
adhbhar sin dá chor ó chonntaphairt, agus ó dhecair da ttiugfadh
tríd sin, do éuttrumughadh da ccoimhshiansaibh, agus fós do chabhair,


L. 76


agus d'fhurtacht anmann mbocht na ccredmhech do chuaidh dh'éug;
áontaighem, agus ordaighem, ó so súas mar do ghnáithighemar cheana
.i. go n-abraidís na sethracha uile gach láoi an t-ord marbh
le háonnochturn ag na Laudes, acht dardáoin, día háoine, agus día
Sathrainn na Sechtmhaine náomhtha, agus mar (an) cceudna an tan
léighid Dirige iomlán thrí nochturn. Na Sethracha danách eól
léghadh abraid gach láoi mar an ccéudna ord marbh lé Paidrechuibh,
mar atá isin riaghail.



10. Agus do bhrígh gurob riachtanus urnaighthe do chum dola
ar aghaidh i bhfoghnamh Dé agus do chémniughadh i subháilcibh;
ordaighmid da éffechtadh so, go n-ordaighter gach láoi dhá
úair áiridhe, úair aca tar és thráth agus an úair ele ar és espairt, maille
cethramhuin úaire dh'és choimpléde, do sgrúdadh coinsiansa.



11. Mar an cceudna do chongbháil an chuirp Soichennsa don
spioraid, agus i ccuimhne pháisi, agus sgiúrsaidh chrúadhdáluigh ar
Slánuightheóra náomhtha; ordaighmid mar an ccéudna go
ngabhdáois na Sethracha sgiursa, fo thrí gach sechtmhain in
aidbhent, agus i ccorghas, agus fa dhó gach sechtmhain ele isin mbliadhain;
maille risin urnaighthe remhráidhte, as áil linn a ccoimhéd do
ghnáth, muna sechantaoi tre shiocair égin ar fedh tamuill, noch légther
fo dhisgréd na banabadh; gidh edh da ttegmhadh sin re haimsir
fhada dlighidh sí comhairle na ndisgréttedh d'íarraidh.



AN RIAGHUIL
DO ABSDANAID.



CAIB. .IIII.



Do bhrígh go bhfuil isin riaghail go ndleghar dona Sethrachuibh
trosgadh isin uile aimsir, a dermid na dheghaidh sin go ndlighid
isin uile aimsir agus isin uile áit anmhain ó ithe feóla. Agus gidh
atá isin riaghail an rádh so .i. um lá Nodluc, gibé lá ar a luidh,
gurob édir dona Sethrachaibh dhá chuid do chaithemh;
foillsighmíd nár cedaighedh dhóibh, feóil d'ithe isin ló soin, ní
as mó ná isin uile dhomhnach, noch inar édir dona Sethrachaibh i
ccoitchinne dá chuid do chaithemh, mar do ní an uile Chríosdaidhe i
ndomhnaighibh an chorghais, do rér ghnáis agus ordaighthe ar máthar
náomhtha na heglaisi.



2. Atá mar an ccéudna isin riaghail, gurob édir don bhanabaidh
mar bhus iomchubhaidh lé toiliughadh go trócairech dona hógaibh agus
dona hanbhannuibh do neoch arar ionchomharrthaighe, isin
chedughadh so nach maith as édir lé háon coimsiughadh go


L. 78


coitchionn ar riachtanus na háoisi, nó ar a hanbhfainne, do bhrígh
go ttegaimh, go minic, drem do bheth ní as nertmhaire i ccionn
tri mbliadhan ndéug, inás araile i ccionn a sé déug, agus drong mar
an cceudna ní as gortaighthe agus ní as anbhfainne ó ghalor euttrom
aithgherr, ináid aroile ó essláinte fhada adhuathmhair, da bhrígh
sin, ar ttegosg dhóibh uile inar tTigherna go n-iomc<h>ruid
íad fén isin uile ní coimhchríonna agus sin, ionnus gomadh mó
dhealraighes carthanacht ÍOSA CRÍOSD etorra, ina crúadhgairbhe
mhór mhídhisgrédech; tairis sin na shamhuil so, mar an ccédna
ní háontaighthe don bhanabaidh a thoiliughadh go hurusa gan
fhírríachtanus, óir tréna samhail so do d<h>ispensáidibh táinig go
minic athlaige adhbhal in araile riaghlaibh.



3. Gidh edh féudaidh an bhanab nó a bainbhiocáire, maille re
comhairle na ndisgrédedh dispensáidedh ris na hógaibh, ris
na hesslánuibh, agus ris na hanbhfannuibh, asar édir dhóibh a ccuid
do chaithemh go minic sa ló, an uair dáríribh rigid a les. Gurob
dhóibh sin dlighid dénamh oirichle iomchuibhdhe na n-anbhfainne
nó na riachtanus, ima-le do bhiadh agus d'easbhadhaibh ele.



4. Tuillemh ordaighmid go mbé duthracht dhíchiollach ag an
mbanabaidh, ionnus dona halmsanuibh tig chuigthe, go lóinnedh
sí go cubhuidh coitchionn dona Sethrachuibh do rér mhéde
na n-almsan, ionnus nach mbeth siocair shechanta ná thrégthe a
ttriall subhailech (ag na Sethrachaibh) na fhrecnarc mbenduighthe,
tre dhíth coda cuibhdhe nó coitchinne.



Do fháoisidin, agus do chommáoin:
don fhaoisidmhech
(da ngoirther confessor)
agus da chompánuibh.



CAIB. V.



Ionnus go mbeth, agus go n-oiltí brígh ghloine cuirp agus anma edir
Shethrachaibh an uird si, agus ionnus go ffásadh agus go méuduighedh
do ghnáth grádh agus crábhadh do chorp ronáomhtha ar tTigherna:
oirdeócham, ós cionn, na nuimhre remhráidhte ina bhfoirm bhethadh
(.i. na Sethracha le ced na banaba d'fáoisidedh dá úair dhéug isin
mbliadhain) as édir do gach síair nach ttoirmisgther go dlighthech
a fáoiside do dhéunamh fá dhó isin Sechtmhain, agus mar an ccédna
coimhminic sin (acht na Secht n-uaire sgríobhtar san fhoirm bhethadh)
cumaoin (do ghlacadh lesin an crábhadh as mó fhéuduid) .i. Corp
lóghmhar ar tTigherna isin oiffrend coimhthionóilte, acht


L. 80


do ched na banabadh, nó ar chomhairle fháoisidmhigh an choimhthionóil,
go n-anfadh áoinnech ona cumáoinechaibh sin go hathlá,
tre chúis égin chert; aga ttegasg go díochra im chúram chinnte
do bheth aca ann sin maille risin ullmhughadh, agus risin fhíréntas
as romhó fhéudfaid, ionnus nach gabhdáois do láimh a chomór
sin do obair tre (ghnás) acht re díchell anma (nó) spioraide.



2. Mar an ccéudna as áil linn, agus fós fógramuid fo umhlacht,
nach lamhadh aoinshiúr (cidh cruth ar bioth i mbí sí) a fáoisidedh
do áonfháoisidmhech, riaghalta, nó sháoghalta cib cém, cruth, nó
d<h>ighnid ar bioth i mbí sé, tre ghrásaibh, nó phribiléd da ttugadh
dho so, nó dho súd, acht d'fháoisidmhech an choimhthionóil, acht
muna ttugadh an bhanab go ccomhairle na coda as romhó dona
Sethrachuibh disgrédeacha, ced di agus sin fa chúis chert chéllidhe.



3. Ordaighmid arís, gan aoinshiúr do dhol d'fháoisidin gan
riachtanus d'éis chluig dhéghenaigh choimplíne do bhúain, go
híarr ttert.



4. Agus gidh atá, isin fhoirm bhethadh, gurob dlighthech don
chaibealan, ceileabhradh oiffrinn astigh isin mhainisdir, do
chomaoinechadh na Sethar n-esslán, tairis sin tre iomad docra,
contabharta, agus míochomhgar, noch dob éidir do thecht as so dona
sethrachaibh; aithnighmid don uile bhanabaidh, agus dhoirseoir, agus
don uile ele ar chena dá ttá agus dá mbía, in gach áit, agus in gach
coimhthionól, nach ccedaighed choidhche do áonshagart riaghalta,
ná sháoghalta, celeabhradh alla astigh da cclabhsdra ná comáoinechadh
esláin na shláin, acht muna ttegmhadh áonduine aca in égen
tré essláinte adhúathmhair, nó tre sherg shírnimhnigh, da nach
ffhéudfadh sí, nó nárbh iomchubhaidh, ar mhórbháoghal égin,
a techt do chum oiffrinn, nó glacadh Chuirp ar tTigherna maráon
lé cách ele isin egluis: (acht) a ccosmhuile na cúissi si cedaighmid,
(isna Secht n-úairibh orduighther isin fhoirm bhethadh, agus ní as
mionca, más iomchubhaidh lesin mbanabaidh go ccomhairle na
ndisgrédedh é, agus mar urghairdiughadh dona hesslánuibh,) don
fháoisidmhech cona c<h>ompán, dul alla astech don chlabhsdra do
dhénamh an fhritheóilti si.



5. Tuilledh ele, gidh atá isin riaghail remhráidhte, go mbeth
ag na Sethrachaibh go trócairech caibealan d'ord bhráthar
mionúr, go cclérech ndeghchluach ndesgrédech, agus dá bhráthair
thúata, lenab tocha comhluadar bennduighthe macánta, do
chongnamh a mbochtaine; Foillsighmid gurob amhluidh dleghar
na focuil sin do thuigsin mar atá síosana .i. go raibhe, nó gurob
édir a mbeth ag an sethrachaibh in gach coimhthionól da rigid a


L. 82


les, cethre bráithre don ord mhionúr, dhíbh sin cédus a gcennurraidh,
noch bhías na shagart a ccaibeallan agus a cconfessor nó a ffáoisidmhech,
dlighius bheth diadha, críonna, cráibhthech disgrédech, agus
deghdherbhtha a rochoimhéd ríaghalta, gan a bheth ro óg, acht
in áois iomchubhaidh. An dara fer a chompánach, do neoch
nach edh amháin dhlighes bheth na chlérech, acht mar an ccéudna
na Shagart dheghclúach, chríonna, disgrédech, da ffháoisidighenn
faoisidmhech na Sethrach, gach uair ricc a les; bráithre túata an
días ele, dhlighess (mar ader an fhoirm bheatha<dh>) beith éudaidh
im chomhluadar bhenduighthe agus mhacántacht.



6. Na cethre bráithre sin dno, dlighidh banab an choimhthionóil
go ccomhairle na ndisgrédeadh a n-iarraidh, agus a
n-athc<h>uingidh go humhal ó ghrásaibh, agus ó fhabhor an athar
fhíréunta an mhinisdir generálta, nó an phroibhinsial, nó an bhiocáire,
agus dlighidh an minisdir generálta sin dona huile coimhthionóluibh
na setharsoin, nó na minisdri Proibhinsi, nó a mbiocáiridhe dona
coimhthionóluibh bhíd na bproibhinsibh agus na mbiocáirechtaiph,
ar son náomhthachta ar tTigherna, agus S. Fróinsías, aontugadh (go
trócairech) an iarratuis sin agus tabhairt dóibh an chethrair bráthar
sin, nó a n-as lugha dhe athair cona chompán, isna coimhthionóluibh
innach rigend an bhanab náid na Sethracha bráithre
túata do les.



Don chomheud clabhsdra.



CAIB. VI.



Foillsighis an cethramhadh Ionnoicent Pápa go ndlighenn an
drong gheallus coimhéd na riaghla sa agus an mhuidh bethadh
gnáthchoimhéud clabhsdra; agus nach budh dlighthech ní as mhó, agus
nach budh ced dóibh re na ré dul tar mhúr na mainisdrech amach,
muna thég<h>dís do thogbháil nó do shíoladh na riag<h>la sa, nó dá
hathnuadhughadh i mainisdir égin, nó do sdiúradh nó do
chertachadh mhainisdrech, nó do shechna báoghail adhbhalmhóir
égin; agus ann sin fén go cced do mhinisdir ghenerálta na mbráthar
mionúr, nó do phroibhinsial na proibhinsi, nó da mbiocáiribh
bhíd i n-áontalamh rissin mainisdir sin.



2. Agus an tan teagaimh dóibh áoinnech dona Sethrachaibh do
chur fa na cúisibh remhráidhte amach as a mainisdir; as áil linn,
agus ordoighmíd, a ccur i ccuidechta chnesda, eglaighes Día, agus
go ttiagaid gus an ccoimhthionól ele aithnigher dóibh, mar as déne
as édir.


L. 84


3. Dlighidh an drem athruigher mar so beth cúramach an tan
bhíd edir na dáoinibh sáoghalta, do shechna an uile dhíomhaoinis
agus díomaisi beóil agus súla, ná feuchain ná amharc go hiomlán ar
áoinneach, acht go ttaispénuid iad fen fa marbhdhataid, go labhra
n-umhuil, agus go ccomhrádh ccnesda, re gach n-áon, mar as dúal
d'inniltibh Íosa Críosd, agus d'inghenuibh S. Clára.



4. Ar an modh cceudna do bhrígh go n-iomráidhter isin fhoirm
bhethadh na Sethracha fhoghnus alla muigh don mhainisdir, do
ní a bprofesion mar na Sethrachuibh ele, mar sgríobhtar ann sin
(acht móid chlabhsdra) agus téd istech agus imach, agus foghnus dona
Sethrachuibh ele, um nethibh regar a les do dhénamh táoibh amuigh
don mhainisdir mar as iomchubhaidh; gidh edh tre iomad
periocla, agus báoghal dob édir (do) thecht an tshiocair sin dona
Sethrachuibh sin, agus dá ccoimhthionóluibh, do ordaigh, agus do achtuigh
an dara Beinéd dég Pápa, nach laimheóbha áoinshiúr da ndéunadh profession
dul tar an chlabhsdra amach, acht tresna cúisibh remhráidhter
isin fhoirm bhethadh; Inne mar an ccédna lenab áil an t-ordughadh
sin do choimhéud gan trúailledh, orduighmid, don uile shiair cib
cruth nó sdaid ar bith a mbí síad, noch atá cengailte do choimheud
chédriagla S. Clára, nó bhus cengailte dhi na dhiaigh so,
anamhain do shíor fó ghnáthchlabhsdra, ar modh o so súas ar son
serbhísi, ná adhbhair ele, nach biadh siocair ag áoinnech
aca, do dhul imach tar an chlabhsdra soin, acht, muna thegmhadh
dona cúisibh remhráidhte. Tairis sin da ttegmhadh dá és so
riachtanus ag na Sethrachuibh re congnamh, agus re foghnamh bhan
ccráibhthech égin, noch bhíos cnesda, disgrédech iomáosda, as
édir dhóibh a nglacadh do chongnamh, agus d'fhoghnamh dóibh, ar
modh gidh edh nach ttiagaid istech isin mhainisdir.



5. Tuilledh orduighmid, isin uile coimhthionól, in áit osgailte
choitchinn, áonrotha amhaín láidir do dhénamh, go lethne
agus go n-áirde iomchubhaidh, agus sé ima ccuairt, ionnus tré sgoiltedh,
ná sgáinedh nach ffaicther áoinnech don choimhthionól ón táoibh
amuigh, ná ón táobh astigh amach mur an ccédna; tresan rotha
sin as édir don Sethrachuibh gabháil gach nethe dá ttugthar
chuca, agus tabhairt amach gach nethe as iontabhartha amach:
acht dá ttegmhadh do mhéd nó d'fhad issna nethibh sin as nar bh édir
a ttabhairt istech nó amach tresan rotha, tugthar iad
tresan dorus, gusan mhainisdir, agus imach isin c<h>onair chéudna, an
tan regar a less.



6. Ar an modh ccéudna do bharr dherbhtha agus ghlaine na
Sethar agus na ccoimhthionól, ordaighmid, gan áontughadh do


L. 86


thabhairt ar áonchor in áonchoimhthionól dá ndearnadh, ná da
ndéntar don ord so, déunamh rotha, dorus, ná tighe iomagmhalla
oile acht mar do gnáthaighedh go so: Cidh tra acht as lór in gach
áonchoimhthionól agus isin uile aimsir áointegh amháin iomagallmha,
maille re rotha, agus áonghráta, agus áondorus, agus sin in ionad coitchenn
phuiblidhe.



7. Ordaighmid arís an fhuinneog iomagallmha (do dhéunamh ag
an rotha) ar a mbí cur cléthe nó gráta iomdhaingin iarainn,
bhail a labhraid na Sethracha an tan rigid a les, do rér an mhodha
cuirther síos isin fhoirm bhethadh, agus isna horduigthibhsi do láthair,
tré chúisibh certa.



8. Orduighmid mar an ccéudna, táoibh asdigh do mhúr an
choimhthionóil, go dírech ar chom<h>air an doruis phrinsiopálta,
go raibhe dorus ele bhías ar na shuidhiughadh ar mhodh nach édir
do na Sethrachuibh, asgnámh na imthecht gus an dorus prinsiobalta,
agus fós do bhrígh an dara doruis sin, nach édir le háon don táoibh
amaigh amharc isin choimhthionól, tré sgáoiledh, da ttegmhadh
sé isin céuddorus, ná estecht na Sethrach ón táoibh asdigh. As
áil linn fós an lubhgort agus an coduiltech do ghlasadh go daingen
isin oidhche.



9. Do bharr derbhtha arna Sethrachuibh sin orduighmid,
gan áoinshiur cib cruth ar bith i mbí sí, do chur litre aithne, ná
aoinsgríbhne, osgailte, ná dúnta, le fén, ná le nech ele, ag an rotha,
ag an ghráta, ná ag an dorus, ná furáilemh a fágbhála ann sin,
do chum a cuirthe amach: agus gibé ar bioth liter cuirther, nó
caithter ann sin nó in áit ele aca, ná lamhadh áon a glacadh ná
furáilemh a glactha, ná a hosgladh, ná a léughadh, nó go ttaispéntar
don bhanabaidh í go hiomlán, do neoch dhlighius a léughadh
rena glacadh d'áoinshíair, agus da ffagha an bhanab áoinní éccnesda
isin litir sin, ní tiubharthar ar áonchor don tsiair do chumar cuiredh
í, nó lé ar cuiredh amach as an <c>coimhthionól í, acht pennighther
an tsiur sin go trom, agus ní fuilngter d'áoinnech tabhairt a
litrech ar lámhuibh na druinge do iomchóradh íad.



10. Ar an modh ccéudna, ná cuiredh an bhanab amach as an
mainisdir, agus ná léughadh áoinlitir dar ccuirther chuigthe amuigh
nó go ttaispéuntar í do áon dona Sethrachuibh disgrédecha do
neoch orduighther lesna disgrédibh ele do chum an fhedhma soin,
gurob í an tshiur sin dhlighes a hathrughadh gacha bliadhna, agus
síur ele d'ainmniughadh ina háit; do neoch dhlighes léughadh
na huile litrech réna léughadh don bhanabaidh, nó ria na ccur
amach asan ccoimhthionól.


L. 88


Do thogha banabadh,
dhisgrédeadh, agus oifficcech oile.



CAIB. VII.



Gidh ader an riaghail, go sirfid na Sethracha go solamh Minisdir
generálta nó Proibhinsial na mbráthar mionúr, da ttig tre bhréthir
nDé a ccosg do chum coimhthechta, agus áondachta, agus d'iarraidh
na tarbha coitchinne, i ttogha banabadh; tairis sin, ar mbrethnughadh
dhúinne iomad gnoaighedh na n-uachtarán, agus mar an ccédna
gnáthchúram an g<h>enerail agus an p<h>roibhinsial sin, im sdiúradh agus
úalach a n-íochtarán; uime sin agus ar iomad ele do chialluibh certa,
ordaighmid da ttegmhadh toirmesg orra tre áonghnoaighe
ele, an cúram sin do chur ar athair égin bhus iomchubhuidh leó.



2. Ionnus go mbeth an togha so na Sethrach ní as súaimhnighe,
as áil linn agus orduighimid, (an úair éugfus banab áonchoimhthionóil,
nó crapuilter í re hessláinte fhada, ar modh nach ttiugfadh dhi
iomchor a fedhma, nó go ttrégfedh sí an oifficc sin, fa chúis égin chert
chéllidhe, nó go madh truaillight<h>ech í ar an riaghail agus ar) (an)
(chuing bhenduighthe, nó go ffuig<h>thi ciontach i ccair mhíríaghalta
égin í nó in urchóid chruadhdáluigh,) trí lá do láthair d'és a báis,
a hathc<h>uir, nó a sgáoilte dona Sethrachaibh do ríne profession
Soláthar banabadh oile do dhénamh dóibh fén, lé togha
chánónta: isin togha soin dno ní dleghar áoinnech do thogha mur
bhanabaidh muna raibhe sí in áois tríochtaidhe .i. i ccionn a .30.
bliadhain agus gur gheall sí go soilér an fhoirm bhethadh, agus sí ar ná
dearbhadh innte go maith.



3. An uair bhíd do chum na togha soin, coimhédaid an t-ord so.
Ar tús i ccionn thrí lá d'és a báis, tugadh an bhainbhiocáire a
dhemhin (don uachtarán noch chomhnuidhius isin proibhinsi an
tan sin) le litir nó le techtaire gur éuccasdair nó gur hathc<h>uiredh
a mbanab, ag a athchuingidhsiomh im thecht, nó nech do chur do
t<h>ogha banabadh ele; agus an fedh bhíd ag fuirech ris, guidhid do
ghnáth na Sethracha Día uilechumhachtach go díochra dúthrachtach,
d'iarruidh air egar an uile nethe do chum onóra agus glóire a
mhórd<h>achta díadha fén.



4. Furáilmíd tre umhlacht iomláin, gan na sethracha do
labhra re ar oile im an togha, amhail adeuradh nech ag comhairliughadh,
nó ag rádh, ad chíther dhamhsa gurob iomchubhaidh
an té si, nó, creud (do) bharamhail dá samhuil so; acht légedh gach
áon aca na gnoaighe fa ghrásaibh an Sbioraid náoimh, agus tugaid


L. 90


aire adhbhalmhór im c<h>émniughadh ina n-uile thoghaibh go
glan, dírech, diadha, cánónta, gan fhochuidbhedh agus bíd uile áonda
i sídh agus i ccarthanacht, agus toghaid an tí as ferr as fesach iad
oires do shlánughadh a n-anmann, agus do Shochor na mainisdrech.



5. Ionnus go madh móide do áointeochaidís agus do shaimhleochaidis
na sethracha les an áonta ndíadha, agus go madh ferrde do
foillseochtháoi dhóibh í, isin maidin i ndéntar an togha, mas édir
é, tiagaid na Sethracha do chomáoinechuibh, agus fós abarthar
oiffrend an Sbioraid náoimh isin maidin chéudna.



Agus tuig go ndlighenn an bhainbiocáire bille in aghaidh gach
Sethar da nderna a profession do sgríobhadh nó a fhuráilemh a
sgríobhadh uile d'aonláimh fá dhó nó fa thrí, ina sgríobhthar
na focuil si. Toghaim mar ar máthair fhíréunta ab an tsiur .N.
agus tugadh an bhainbhiocáire bille díobh sin do gach síair,
bhail i sgríbheobha gach siur ainm na mná bhus iomchuibhdhe
ad chíther dhi do rér Dhé agus choinsiansa, do thogha do chum na
hoifficce sin. An tan téd an t-úachtarán nó an visitour, nó an tí
fagaibhther do dhéunamh na togha sin, isttech go tigh na caibidlech,
ag beth dona Sethrachuibh uile ann sin in áondáil, déunadh sé
tegosg dhóibh do thaobh na togha, iar sin, tíagaid na sethracha
uile amach a tigh na caibidlech, agus iompáid iaramh gach áon fo
leth gusan uachtarán, do thabhairt a mbilledh dho, bhail ar
sgríobhsad ainm an tí do thoghadar: agus ar ttabhairt a mbilledh
úatha uile, tiagaid uile arís go tegh na caibidlech, agus ann sin
foillsighedh an phrealáid (do ghlac na billedha) na gotha, ag tosughadh
lési do neoch as úaithte gotha, go a ccríochnughadh, agus an b<h>en
as mó gotha (tar leth) toghtar í gan amhrus. Agus dá
ttegmhadh gan a togha ar tús, tillid do chum na togha arís, ar an
modh ccéudna, go ttoghthar isi: agus mar so regar a les, agus as lór,
isin uile togha, ní as lía iná leth na nguth; arna toghasidhe, agus ar
bhfoillsiughadh na nguth don úachtarán, daingnighedh sé í in
ainm an Athar, agus an Mhec, agus an Sbioraid náoimh. Amen. Arna
dhénamh sin abraid, Te Deum laudamus; agus fa dheóidh ader an
phréuláid, Confirma hoc Deus, agus an urnaighthe Actiones: agus
iar sin uile tiagaid uile áos na riag<h>la d'fháiltiughadh réná
núamháthair, agus gabhaid í go fírinnech, mar bhanabaidh ndlighthigh,
agus mar úachtarán.



6. Asé an modh céudna as cóir do choimhéd ag togha
bainbhiocáire agus an uile oifficcigh ele, acht amháin go n-ainmnighid
iad tre ghothaibh gan sgríbhionna ar bioth. Agus ionnus go
mbeth síth, grádh, agus fírinne coinsiansa do ghnáth edir na


L. 92


Seathrachaibh sin iarram orra inar tTigherna Íosa Críosd,
ina n-uile thoghthaibh, claochlaidhtibh, agus malairt oifficcech agus
disgrédedh, go sechnaid an uile shlighthedóirechta, nemhtechta,
mailís agus míochláonta, ag togha neich nemhchubhaidh, agus ag athchur
an tí as roidhiongmhála agus as rochuibhdhe, oir do thiucfadh lot a
ccoinsians de sin go romhór.



8. A chontrardha sin, gíbé dhíobh toghthar do thoil an Sbioraid
náoimh, agus do ghothaibh na Sethar, in áonoifficc, ná diúltadh
pían, agus sáothar; acht ar ghrádh ar tTigherna, gabhadh go humhal,
agus sdiúradh go dícheallach do rér na ngrás do bhéura Día dhóibh; agus
ná hiarraid a sgáoiledh ná a n-athchor óna n-oifficc, gan mórchúis
chéllidhe, agus sin tre d<h>eghchomhairle chomhláin; agus bíodh
foighid mhaith agus fulang carthanach aca do shíor i ffollamhnadh a
ffedhma: óir an tí, sa ghrádh ar a ndeunaid sin, do bhéura sé
luaighidhecht shíor ar a shon sin dóibh.



Modh congbhála caibidlech.



CAIB. VIII.



Do bhrígh go ffuil do rér na foirme bethadh, d'fiachaibh ar an
mbanabaidh a sethracha do ghairm do chum caibidlioch anas lugha
dhe úair sa thSechtmhain, Ionnus go ccoimhéudtháoi so do shíor in
gach ionadh, ordaighmid, go mbiadh an bhanab, no an bhainbhiocáire
cúramach do chomhardhughadh úaire áirithe do chongbháil
na caibidli sin, ionnus go ttiucfaid uile na Sethracha Slána chuigthe.
Táobh amuigh don c<h>aibidil sin, as ionchuirthe lé a háon
nó a dhó, in gach Sechtmhain do rér nuimhre na Sethrach, agus
éccsamhlacht na ngnoaighedh; agus ar a shon so ná legid díobh
áoinní don oifficc dhíadha, ná do na hoifficcibh coitchenna ele.



2. Coimminic is chruinnighes an bhanab na Sethracha do chum
chaibidlech, asé clog na humhla amháin bentar, agus ann sin dlighidh
uile na Sethracha Slána nach ffhuil i ffhedhm riachtanusach, nó ag
foghnamh dona hesslánuibh, techt do chum an chruinnighthe,
comhluath is chluinid comhartha an chluig.



3. Iar nguidhe an Sbioraid náoimh déunadh an bhanab
nó an bhainbhiocáire edarghuidhe choitchionn ar son na mbeó agus na
marbh, ag ainmniughadh fo leth na ccothaighthech do thiodhluic
almsana orra: iar ndénamh na hedarghuidhe sin, érghid na Sethracha
ina Sesamh, ag rádh na n-urnaighthedh so ar a son .i. Ad te


L. 94


leuaui oculos meos. De profundis clamaui maille ris na hurnaighthibh
lenus íad, Pater noster, V. Et ne nos .R. sed libera .V. Fiat pax
etc. agus fa dheóigh abraid Pater Noster, agus abradh an bhanab Deus
det nobis suam pacem. Amen.



4. Ann sin suidhidh an bhanab agus na Sethracha uile
síos arís, agus dá rabhaid noibhísigh ann labhraid (nó admhuid) a
ccion<ta> ar tús, agus ar fhfaomhadh pennaide dhóibh ón mbanabaidh,
nó óna bainbhiocáire, tíagaid amach ón chaibidil, gus an chill,
agus guidhid ar chách ele.



5. Iar ndealughadh dhóibh sin, íslighid an t-áos professionta
iad fén agus admhuid a ccionta i ccoitchinne, agus glacuid pennuid ar
a shon sin go coitchionn; agus iar sin, admhadh gach áon a ccionta
fén fo leth go humhal, agus go cráibhthech, amhuil ghebhid iad fén
faillitheach, agus sin maille re cur a lámh re ar oile, agus síad ar
a nglúinibh, go huirísiol ar talamh, ag tosughadh les an tí as óige:
agus ann sin cuiridh an bhanab, nó a bainbhiocáire, pennuid ar
gach áon aca fo mhéd na coire inar chiontuighedar; agus má regar
a les tegaisgedh sí, cronaighedh, agus certuighedh go carthanach íad,
mar bhus iomchubhaidh lé, gan lethrann d'aithne uirre: agus
dlighid na Sethracha do shíor an phennuid sin do ghabháil, les an
uile umhlacht agus fhoighide agus a coimhlíonadh go cráibhthech.



6. Coimhéudaid na Sethracha uile go hairech isin chaibidil,
nó in áit ele, nach déunad aithleughthóirecht, ná bratradh lethsgél,
agus nach beth aon aca comhdhána agus sin, as a laibheórudh
ann sin, gan ced na banabadh.



7. Mar an ccéudna coimhéudad na Sethratha, ar chaoi san
bhioth nach cairighdis a chéle im na ciontaibh do certuighedh
isin chaibidil, nó isin chúartughadh ná (um) áoinesbhuidh ele da
ndernadh ar domhan: agus da bfag<h>tháoi áoinnech ciontach ann
so, pennighther í go hamhnus ón mbanabaidh.



8. Ar ccoimhlíonadh agus ar ccríochnughadh an uile nethe ann
sin, mar a dubhradh, dia mbé gnoaighe ar bioth aca re a ndéunamh
do rér na foirme bethadh, féuduid labhairt orra ima-le, agus sin go
ccuibhdhes, agus go ttromdhacht ndlightigh, agus le modhamhlacht,
aga ccoimhéud fén go friochnamhach, nach labhraid, agus na ttionnsgnuid
briathra beagtharbhacha, liosda, na nemhordaighthe: agus ar
ccoimhlíonadh gach nethe mar so, déunadh an bhanab comhardha
na croiche, agus abradh Adiutorium nostrum in nomine Domini, R.
Qui fecit. etc. Ag<us> mar so sgáoilid ón chaibidil, in ainm ar
tTigherna.


L. 96


Don tosd, agus don mhodh labhartha
isin tegh iomagallmha,
agus ag an ngráta.



CAIB. IX.



Do bhrígh gurob í an tshíothcháin obair an chirt, agus gurob é
an tosd fál agus coimheudaidh na síothchána soin, ionnus nach
bhfúaruighedh tes an chrábhaidh, agus nach múchtáoi é tré anord,
agus iomarcaigh cainnte, orduighmid (mar atá isin fhoirm bhethadh)
gan labhairt dona Sethrachaibh ó choimplín, go léughtar tert
arna mhárach.



2. Mar ader an fhoirm bhethadh, congbhad gnáithchiúnus nó
tosdán síor isin egluis, isin choduiltech, agus isin phroinntech an tan
bhíd ag ithe, acht i ttigh na n-esslán.



3. Agus gen go n-abartar isin fhoirm bhethadh, a mbeth
ina ttosd isin chlabhsdra; tegéumhadh sin ar an adhbhar in aimsir
S. Clára an tan tug S. Froinsías an fhoirm bhethadh dhi i mainisdir
S. Daimían, bhaile ar áitigh si, ní raibhe áonchlabhsdra aca an
uair sin, tre bhochtacht adhbhail na háite: tairis sin arna mhes
dúinne go díchiollach gur ordaigh an nómhadh Greghóir Pápa
(isin chédríagail,) dona Sethrachuibh sin bheth na ttocht gach
tráth, agus isin uile áit, agus mar atá fós isin uile ríagaltacht
dheghorduighthe an clobhsdra ar an ccéudáit as goire don egluis,
bhail i ngnáthaighid beth na ttosd; Samhaighmid agus ordaighmid,
oso súas dona Sethrachaibh Socht uile do ghnáth isin cclabhsdra,
mar do níther isna háitibh ele ainmnighther isin fhoirm bhethadh.



4. Tuilleadh fhuráilmid, gan áoinshiur cib oifficc, cém, nó cruth
ar bioth i mbí sí, do dhul go tegh na hiomagallm<h>a gan ced na
banabadh nó a bainbhiocáire, ná fós áoinshiur dá bhfaghann ced
dul ann, do labhairt re háoinnech ag an tegh iomagall<mh>a sin,
acht muna raibhe días do Shethrachuibh professionta do
láthair ag ésdecht, agus ag tuigsi go réidh gacha ráidhid; agus budh égin
a mbeth do nuimhir ocht ndisgrédedh an choimhthionóil. Óir
ó tharla gurob égin triúr dona disgrédibh sin do bheth ag an ghráta
isin egluis bhail a bhfuilid i ffiadhnaisi Dé uilechumhachtaigh, agus a
aingeal, caidhe nach córa an chiall, go mbeth (ag an tegh iomagallmha
atá ní as coitchinne agus ní as puiblidhe inás) días dona disgrédib
sin ag an síair úd, téd do chaint go cced na banabadh um chúis
chéllidhe.


L. 98


5. Orduighem fós, gan áoinshiur choidhche do chaintiughadh
ag dorus an choimhthionóil, re háoinnech ón táoibh amuigh,
ós aird ná ós ísiol, ná léna compánuibh nó gan íad.



6. Tuilleadh áiliom agus ordaighem, an tan dhlighes áoinshiúr um
shochar nó um ríachtanus, nó um áonchúis chéllidhe, labhairt re
háoinphersoin ag an ghráta atá isin egluis, ria agus iar ttosughadh
labhartha dhi, go raibhe áon noch ordoighter do bheth ann sin,
tóigeúbhus begán an t-éudach atá crochta alla astigh, agus legfes
síos é arís ar an uair isin áit chéudna, ionnus an tan labhrus
sí, nach ffhaicer choidhche a haghaidh ó aoinnech, agus ni laibheóra
áoinshiúr ann sin acht mar ader an fhoirm bhethadh, le personuibh
áirmhecha, cuibhdhe cnesda, nó lena n-aithribh agus rena ngaol roghar
nó rena ccáirdibh spioradálta agus sin go ro annamh.



7. Da ttegmhadh dh'áoinnech dhul astech do labhra leó, foilghidis
a ngnúisi go cnesda, agus iníslighid begán, mar bhenus do chnesdacht
na riaghaltacht.



8. Tuilleadh ele i ccorghus S. Mártain (noch as áil linn do
thionnsngamh lá d'és láoi Samhna, agus do chríochnughadh um Nodluicc
ar tTigherna) agus isin chorghus mhór (noch bhús áil linn do thosughadh
an lá d'és Quinquagesima, agus do chríochnughadh um cháisg,)
ná labhradh áoinshiúr isna haimsioruibh sin ag an thegh iomagallmha
ná ag an ghráta re háonnduine, acht (trésna cúisibh cantar isin
fhoirm bhethadh) an bhanab, nó a bainbhiocáire, agus an doirseóir
amháin, um shoc<h>or an choimhthionóil, amhail ba gnáth go so.



9. Ar an modh ccéudna, isin aimsir si ní sgríbheobha áoinshiúr
go a haithribh, ná go a cáirdibh, acht munab adhbhar égendálach
é, nach édir techt tairis, noch légther fá dhisgréd na banabadh.



10. Comhairlighem arís íad inar tTigherna ÍOSA Críosd
an tan labhrus áoinshiur ag an ghráta isin egluis nó isin tegh
iomagallmha (oir ní háontaighter iomagallamh ag an rotha) í fén
do choimhéud ar comhrádh liosda, díomháoin míotharbhach, ná
Sáoghalta, acht bíd briathra a mbeóil, bendaighthe cnesda, tarbhach,
mar as iomchubhuidh d'inniltibh ar tTigherna IOSA, agus do
choimheudaidhibh an tShoisgél náomhtha.



11. Do shechna drochbharamhladh, agus mhuinteruis na ndáoineadh
sáoghalta, cona ccomhráidhtibh liosda nemhtharbhacha, orduighem
gan na Sethracha do bheth ar áonchor na ccáirdesa Críosd
ag énleanab fir ná mná, triotha fén, ná tré áoinnech ele ar a son.



12. Tuilleadh ordaighem, (an tan regar a les áoinnech do dhol
istech isin chlabhsdra, d'fhéuchain essláin, nó fa chúis chirt égin


L. 100


ele,) dona Sethrachaibh ga bhfuil ced labhartha, gan labhairt
leó acht do láthair an da Shethar, darab égin ésdecht riú, agus bíd sin
do nuim<h>ir na ndisgrédedh, agus siad arna n-ordughadh les an
mbanabaidh no lena bainbhiocáire, do chum an fheadhma sin.



Don choimhéud bochtaine;
agus nach lamhaid na Sethracha
Sealbha ar bioth, ná áoinní
do dhísliughadh dhóibh.



CAIB. X.



Ó atá do rér na foirme bethadh, cenguilte don bhanabaidh agus
dona huile Shethracha bochtaine do choimhéud, noch do gheallsad
do Dhia agus do S. Froinsías .i. gan glacadh na muiniughadh Sealbh
ná díslighecht, triotha fén ná tré áoinnech ele dhóibh; ionnus
gomadh móide do choimhédfaidís an bhochtaine sin, go
foirfe friochnamhach in nemhghlacadh ná in nemhcháomhna
áoinshealbha, ná díslidhechta; crosmuid ar na Sethrachaibh sin
tre umhlacht, ar áonchor glacadh áointighe do chum brabaigh,
ná feroinn ná lubhguirt do chum a ttreabhtha, ná móinfhéur do chum
a artha, ná fínemhuin, ná áoinní ele do lamhughadh, ná da
Shealbhughadh.



2. Tuilleadh ele ná glacuid edhrecht, cíos, ná lóinte bliadhnamhla,
ná almsana Suthuine triotha fén, ná tre áon ele. Mar
an ccéudna ná bíodh aca gráinsiocha ná Sailér lána do nethibh
cennaigh nó íarratais, gusan iomdughadh sin da recfadáois ní
don lón sin, nó ní do bhethóchadh ré blíadhain íad, gan
íarratus; cuiridh so go huilidhe in aghaidh a mbochtaine:



3. Ná bíodh aca choidhche, daimh, ba, ná tréuda cáorach,
ná cupadha, náid míasa óir, ná airgid ná ionnmhuis, náid lega
lóghmhara, ná áoinní ele, ná lóinte do mhairfedh ní as sía iná
blíadhain: atáid so uile toirmisgthe orra.



4. Tuilleadh ele as áil linn, ina n-uile éudaighibh, éudghadh,
soighthighibh, ghléus, agus isin uile ní bhenus don egluis agus nach benann,
go sechnaidis ainfhriochnamh, agus iomurcaigh, ionnus do shíor go
soillsighedh an bhochtuine bhenduighthe ionnta, agus go ttighernuighedh
terce nethe agus riachtanus etorra gach uair, mar bhenus
don bhuidhin dhlighes lenamhuin na bochtaine roibhenduighthe.


L. 102


5. Tuilleadh áilem agus ordaighem, go ndéunad na Sethracha ris
na nethibh ghebhidh in udhachtaibh agus i ttiomantuibh mar do
ordoigh an tres Niocól Pápa, i bhfhoillsiughadh riaghla na mbráthar
mionúr.



6. Arís, do bhrígh go n-abair an fhoirm bhethadh, nach dísleóchaid
na Sethracha áoinní dhóibh fén, do thech, ná do áit ná d'áoinní
ele. Agus les an tres Niocól Pápa sin, agus lesin cúigedh Clement,
agus le mórán ele aithrech roibhendaighthe, do foillsighedh i
bhfhoillsighthibh riag<h>la na mbráthar mionúr, gurob iontuigthe,
agus gurob (coimhéudtha) ar leth agus i ccoitchinne má n-ionann, gach
diúltadh agus gach trégen dá ndéunuid na bráithre sin ar an uile ní;
agus isin airtiocal sa ghremuighes don sgríbhinn remhráidhte, as
áil linn agus foráilmid an diúltadh agus an trégen sin dhíslighechta gach
nethe, do níd na Sethracha ar Sherc nDé, (ionnus gomadh tuillmhech
tarbhach agus diongmhála ar thabhartus shíordhuidhe) do choimhéud go
díchiollach nemhéllnidhe etorra uile, an mhéd atá dhiobh agus bhías,
edir úathadh agus sochaidhe: tairis sin féudaid na Sethracha, go
ccubhus nglan, lomshochor gach nethe do bheth aca, da ttugadh do
rér na foirme bethadh, agus sochar na nethedh (nach ttoirmisgenn
orra) gan a ndíslighecht, amhuil atá; sochar nethe regar dho
les do chum celeabhartha agus cothaighthe na hoiffige díadha.



7. Do chum a n-áitighthe; agus oiliomhna an chuirp, agus do ghníomhughadh
na n-oifigedh, agus na ngnoaighedh rigid do les do rér na foirme
bethadh, agus a riaghla benduighthe, féudaid fós sochar na nethedh
tugadh nó do hairchisiodh dhóibh go sochraidh ar son Dé do
bheth aca; agus mar an ccéudna Sochor na nethedh do ghnoaighedar
ar sháothar a lámh, ó nach ccuirid a samhuil sin do nethibh tabhartuis,
iarratuis, nó gnoaighthe in aghaidh na bochtaine.



8. Tuilleadh ordaighem, na halmsana tugtar ar leth, nó
curtar do chum na Sethar, do roinn, ar leth, no i ccoitchinne ar
an druing ricces do les fo dhisgréd na banabadh; Agus ni háil
linn gomadh dlighthech d'áoinshiair, tabhairt na nethedh cuirther
chuigthe, nó do bherid a haithre nó a cáirde dhi, d'áoinshiair
uiresbhaigh, ná a ccur go háoinnech ele amach ón choimhthionól,
gan toiliughadh agus ced follus na banabadh.



9. Tuilleadh áilim, a ttáobh na bhfiach noch do thegéumhadh,
go ndiongnad na Sethracha do shíor, agus isin uile aimsir, mar atá
isin fhoirm bheathadh.


L. 104


10. Foráilem orra arís a ccoimhéud ar foirghentaibh flaithemhla
ná lóghmhara do dhéunamh, acht go ttoilighid íad fén re déuntaibh
socra inísle nó umhla.



Do na Sethrachaibh esslána.



CAIB. XI.



Orduighem, an úair bhías áoinshiúr i ttinnes throm, nó
ro anbhfann, d'fiachaibh ar an mbanabaidh nó ar a bainbhiocáire
ar ball a friothólamh iomchubhaidh do ullmhughadh dhi: agus
coimheuduid na Sethracha dan díor foghnamh do na hesslánuibh,
nach déunad a ffhedhm go bernach, acht foghnad dóibh go humhal
cráibhthech, maille re tess carthanachta, amhuil budh mían leo
foghnamh dhóibh fén diamdís tinne.



2. Dlighidh fós an bhanab muna thoirmisgter go dlighthech í,
dul d'féchain na Sethrach n-esslán úair gach láoi anus lugha dhe,
agus ina héugmaissi dlighidh an bhainbhiocáire a dhéunamh,
ionnus tre na mainnechtnaidh<i>siomh nach beth áoinní d'easbhaidh
ar na Sethrachaibh tinne ina n-essláinte.



3. Coimhéudad an bhanab agus a bainbhiocáire nach íarraid comhairle
do chum lesaighthe agus sláinte na Sethrach n-esslán ar áoinfhisige
ná ar liaigh nach catoilce, agus sirid do shíor leighes ón liaigh as
cráibhthighe as édir d'fagháil, acht ná legid áoinnech díobh istech
isin chlabhsdra, acht tre riachtanus, agus essláinte, agus an drem téd
istech bíodh cuidechta chubhuidh aca, ar mhodh, go mbiadh an
bhanab, nó a bainbhiocáire, nó días nó tríar do dhisgrédibh
an choimhthionóil, do láthair do ghnáth, go ffágbhaid sin an
clabhsdra.



4. Arís, da ttegmhadh áon, nó iomad do na Sethraibh in essláinte
úathmhair égin, mar atá lubhra, nó tinnes cinn, nó éttruime chélle,
nó a Samhail ele d'essláintibh, trésnach bhféudfaidís go hiomchubhaidh
anamhain maráon re chách ele, glésdar dhóibh Seómra ar
leth, istigh isin choimhthionól, cona fhfritheólmhaibh oiremhnacha
amhail íarraid a n-aicíde, ionnus nach racha áoinnech imach
choidhche as an chlabhsdra.



5. Tuilleadh tegaisgem na huile Shethra (in ar tTigherna) atád agus
tiucfad, ionnus nach rabhaid lesg ná tarcaisnech ar ghrádh
Dé, agus ar bhás Serbh agus ar chéusadh Críosd ÍOSA ar Slánuightheóra,
im fhritheólamh na n-esslán, acht go soláthraid chuca, go humhal
cráibhthech maille re dáonnacht agus re carthanacht gach fritheólamh
rigid do less.


L. 106


6. Muna soláthraigh an bhanab, nó a bainbhiocáire, nó na
Sethra ele ar a ffhuil fritheólamh na n-esslán, dhóibh do rér a modha,
a ccáile, agus fo acmhaing na háite, i ccomhairle, i mbíadh, agus in
esbhuidhibh ele, geránuid na Sethra ele uile íad risin visitour (.i.
fios<a>dóir) in aimsir na cúarta, agus pennighter iad go trom, da
cciontaighid go follus i ffhritheólamh na n-esslán.



7. Atá fós isin fhoirm bhethadh, do rér an cethramhadh
Innocent Pápa, go luidhfid na Sethra tinne, nach bí in essláinte
fhada nó iomthruim, ar shacaibh lán do lócháith, go ccerchaill chlúimhe
fóna ccennuibh; acht dá ttegmhadh áoinnech in essláinte thruim
nó fhada, nó tre chúis chéllidhe dhlighthigh égin ele nach bhféudfaidís
comhnuidhe ar na leabthuibh lóchátha sin, as cóir cáoi ele d'fhagháil
dóibh, do rér Dé agus chomhairle na ndisgrédedh; agus ar an adhbhar
sin áilem agus ordaighem (an tan tegmhus áon, nó iomad do na
Sethraibh tinn d'eassláinte mar so,) don b<h>anabaidh, nó dá
bainbhiocáire a n-oirchisiocht, nó furáilemh a n-oirchisiochta
le comhairle na ndisgrédedh um leapthaibh clúimhe, agus im nethibh
ele ar a riccid do les comhsanadh, do rér na foirme bethadh, agus
fós mar mhesaidsiomh na ccubhus go regar a les, agus mar íarrus aicíd
an essláin sin, agus tugad fa dera orra anmhain arna leabthaibh sin
maille ris an uile dháonnacht, mar bhús iomchubhaidh dá
n-essláinte.



8. Déunadh mar an ccéudna an bhanab, nó a bainbhiocáire,
nó na Sethracha ele orduighther do fhritheólamh na n-esslán, oirichill
dhíchiollach, an uair dhealuighes áon díobh risin sáoghal sa, an
úair a báis édighter í le haibíd an uird, agus criosaighter í lesin téd,
agus a calla ar a cenn, agus adhnuicther í ina héudach.



9. Atá arís isin fhoirm bethadh, gurob édir don druing
ricces a les cúaráin nó troig<h>t<h>íne olna; a ccur orra, gurob íad
na focail sin atá cedaighthech, an tan tig riachtanus riú: agus
ar an adhbhar sin ordaighiom gan áoinshiur cib fedhm nó modh ar
bioth i mbí sí, rena sláinte, do chur cuarán nó troight<h>íne uirre,
gan riachtanus do láthair; gurob é an riachtanus sin nach légther
fo bhreth gach áoinshethrach, acht gus an mbanabaidh go ccomhairle
na ndisgrédedh nó na druinge as mó dhíobh; agus dlighidh an
bhanab an úair ad chí sí áoinnech aca ar esbhaidh troighthínedh,
nó iarraid ced uirre, madh cíther dhi agus dona disgrédibh go regar
do les agus go bhfuil riachtanus follus riú, ar mes go críonna
cháile na person dar b<h>en an t-adhbhar maille ré héugsamhlacht


L. 108


na n-aimsior agus na n-ionad, ceduighedh sí dhóibh troighthíne olna
do chur orra, ar fedh an riachtanuis sin; agus da ttigedh esbhuidh
budh mó, do fheudfadh sí a chedughadh dhóibh, bunnaighe lethair
do chur orra maille rena ttroighthínibh olna.



Do oibribh lámh .i. lámhthoradh
na Sethar.



CAIB. XII.



Do bhrígh go n-abair an fhoirm bhethadh, go ndlighid na Sethracha
da ttug Día grása oibrighthe, oibriughadh d'és therte;
ionnus gomadh móide do coimhéudfaoi so ag na sethraibh uile,
as áil linn, ar ghrádh Dé nach n-etighid ualach na carthanachta,
agus na humhlachta, acht an tan ghreamaighes an bhanab nó a
bainbhiocáire áoinní don fhedhm sin díobh um tharbha lethigh nó
choitchinn an choimhthionóil, glacaid sin go sochraidh shoimhilis
gan murmur ná contrárdhadh, agus coimhlíonaid go credmhech
cráibhthech, mar a dubhradh riú.



2. An tan gremaighther áoinní dona nethibh remhráidhte, lesin
mbanabaidh nó lena bainbhiocáire dona Sethraibh, ná cuiredh áon
aca bhús com<h>lán i ccéll agus a ccorp, falach uirre fén do bhrat
na mainnechtnaighe, na lesge, ná an uabhair, ag rádh, ní thug
Día na grása dhamhsa asa ndénainn a shamhail sin do sháothar:
acht bíd umhal áilghen, mar as cubhaidh don druing gheallus
umhla iomlán dá n-uachtaránuibh.



3. Dlighidh an bhanab agus a bainbhiocáire a choimhéud go
cáoiemhail, nach ffuráilid aoinní orra, noch go follus (nó go) fírdhemhin
as fesach dhóibh, do chum nach ffuilid infhedhma, nó nach
ttig dhíobh a dhéunamh.



4. Gidh adubhradh isin fhoirm bhethadh go sáothraighid na
Sethra d'és therte gidh edh ar mbrethnughadh fhiorb<h>ochtaine
na Sethar sin, agus an riachtanuis agus na hesbhadha noch dob édir do
thecht dhóibh, cedaighem da ttegmhadh isin choimhthionól,
áonobair iomchubhaidh nó doba riachtanus do dhéunamh riasan
úair sin, go fféudann an bhanab nó a bainbhiocáire a fhuráilemh
ar an druing as dócha leó do dhéunamh na sáothar sin, nó a
ccríochnughadh madh do thionnsgnattar iad.



5. Furáilem arís arna Sethraibh sin nach lamhadh áon aca o
so súas, déunamh, ná críochnughadh aonoibre da n-ord, ná
do áoinnech ele cib cruth i mbí, ná i slighidh ar bioth, tresa
mbraithfidhe díomháoinius agus friothghnamhacht dá ríribh orra;


L. 110


an tan regar do les leis na Sethruibh a shamhail so do sháothar do
dhénamh; ría na ghlacadh nó ría na thionnsgnamh taispéuntar í
(nó é) go huilidhe don bhanabaidh nó da bainbhiocáire, dhlighes
a mhes an indéunta an obair sin leis na Sethraibh nó nach edh, agus
ní deuntar aoinní nach áil léissi, nó gan a háontughadh: agus na
Sethra do ní a chontrárdha sin pennighther (iad) fo dhisgréd na
banabadh nó a bainbhiocáire.



6. Arís, in amm iomchubhuidh d'és oiffrend, benad clog
oibre, agus an uile shiur ag nach ffhuil lethsgéul dlighthech, tegadh
do chum na hoibre do horduighedh agus do furáilemh dóibh do dhéunamh.



7. Tuilledh ele, ordoighem don uile Shíair dá ffhuil agus da mbía, iad
fén do chongbháil gach amm, agus in gach áit ón uile chaithemh
aimsire sáoghalta, agus díomháoinech, agus óna huile chluichthibh
díomháoine domhanda gíbé ní nó modh ar bioth ma mbíd.



8. An uair bhíos días díobh nó ní as lía, i ffarradh a chéle, ma
tá ced labhartha aca, agus caithmhe aimsire (óir muna bhfuil
budh égen dóibh bheth na ttocht) labhraid do ghnáth ar Dhía,
agus ar bhethadhoibh náomh mbeo nó marbh, nó ar ní égin bhenus
do Shláinte a n-anmann, nó ar ghnoaighibh cnesda tarbhacha égin,
agus sechnaid do shíor na huile iomráidhte díomháoine urchóidecha,
anordaighthe, mar as cubhaidh d'inniltibh IOSA Críosd, agus do
choimhéudaighibh an tShoisgél náomhtha, agus do dhúthchasachaibh
na ríagla bendaighthe.



9. Tuilledh croismid ar na Sethraibh áoinleabhar do b<h>eth
aca, ná do choimhéud ina ccoimhthionól, ná do léghadh,
ná do sgríobhadh, ná furáilemh a sgríobhta, ina mbeth go follus
iná go folaighthech aoinní díomháoinis na colnaighechta, ná Sdair
áosa domhanda: tairis sin as dlighthech, leabhair dhíadha (do
bheth aca ina ccoimhthionól i ccoitchinne do chomhfhurtacht agus
do shochar a n-anmann,) noch bhus édir leó do léughadh ar leth
nó i ccoitchinne, ag an cclár, nó in áonáit ele do rér thola agus orduighthe
na banabadh.



Do chertughadh na cciontach.



CAIB. XIII.



Orduighem, isin uile choimhthionól, don bhanabaidh nó
na héugmhais da bainbhiocáire, tegosg agus certughadh na Sethar go
humhal, agus go carthanach, ionnus nach ttuitdis tre thairimthecht
i bhfán, do dhíth certaighthe nó tegoisg; ar modh go cclechtfaid
na huachtaráin sin (amhail ordaighther isin chertughadh)
carthanacht fhíre agus umhulóid mhilis.


L. 112


2. Coimhéudad fós fo dhath umhlachta agus millsiochta, nach
ttugad siocra dona Sethruibh do chum sáoirsi agus lagsaine;
agus fa sgáile carthanachta, nach n-oiled iar bhfíor collaidhecht an
chuirp, agus cruadhdáil na n-anmann; acht certaighed iad uile ima
n-ionann amhail as iomchubhaidh, gan diffir, do rér a ccionta.



3. Da ttegmhadh (nar lege Dia) d'áoinshiair ciontughadh commór
agus sin, nó pecughadh míriag<h>alta, tresa ccuirfedh sí a hanam i
mbáoghal a mhillte, agus a hord i míochlú, agus i ccomusg, nó da mbeth
áon aca coimhesáontadhach, doichertaighthe, sesmhach agus
sin ina mailís ar mhodh nach lesaighenn í fén ar áonchor; déntar
in gach coimhthionól da samhuil so, seomra disiplíne, láidir nó
daingen acht bíodh dáonda, bhail i ccuirther agus i ccoimhéudtar isi
re ré áirid<h>the ar arán agus uisge, mar atá .15. lá, mí, bliadhain, nó
do ghnáth, mar thuilles an choir, agus fó dhisgréd na banabadh agus
na ndisgrédedh.



4. Arís dá ttegmhadh do áoinshiair ciontughadh in aghuidh na
banabadh nó na banbhiocáire, agus go n-aibeoradh sí áonfhocuil
éccnesda agus indlighthecha riú, ithedh sí arán agus uisge amháin, na
suidhe ar an talomh ar aghaidh na Sethar uile, ar fedh bhíd ar a
ccuid.



Don doirseóir, agus do
dhol isin mhainisdir
istech.



CAIB. XIIII.



Gidh atá isin fhoirm bhethadh go ccoimhéuda an doirseóir a
comhnuidhe ar léus lae, i ssealla osgailte alla muigh do dhorus
tairis sin tre iomad d'adhbharuibh certa dar ccomhghlúasacht
chuige, ní háil linn so do chlechtadh, ná a choimhéud ar áonchor:
óir in aimsir S. Clára gé doba dlighthech cnesda sin ag na
Sethraibh, gidh edh anois dob édir a bheth rourchóidech, báoghlach
dhóibh.



2. Ar an adhbhar sin in oirichill a cchaomhanta, agus a ccnesdachta,
ordaighiom dhóibh coimhéud an mhodhasa síos .i. siur egluighes
Dia, d'ordughadh d'iomchoimhéd dhoruis na mainisdrech, agus
an tighe n-iomagallmha, áon noch bhús mesardha, deghbhésach,
dúthrachtach, disgrédech, in áois iomchubhaidh, ionnus (mar
a der an fhoirm b<h>ethadh) ó bhréthir agus ó ghníomh go ttogbhadh
sí an drem re a labhrann, nó ré a ccomhráidhionn.



3. Ordaighedh an bhanab, go ccomhairle na ndisgrédedh compán
cubhaidh dhi, noch bhus comhchubhaidh lé fén nó bhus cuibhdhe


L. 114


inás, iomchrus a fedhm isin uile ní, da ttegmhadh tinnes don
doirseóir: cuirther i ffarradh na desi doirseóiredh siúr ele
do nuimhir na n-ocht ndisgrédedh (noch as édir d'athrughadh
gacha Sechtmhaine, agus siúr ele d'ordughadh ina hionad) d'ésdecht
na druinge labhrus risna Sethraibh. Ór (mar adubhradh) ní
dhligh áoinshiur labhairt re háoinnech ón táoibh amuigh, acht muna
raibhe do láthair dá shiair do nuimhir na n-ocht ndisgrédedh, noch
ésdes íad: gurob iad an tríar sin an tan bentar é (tig isin Seomra in
áitigher) an rotha agus an fhuinneog iomagallmha ionnus, nach
labhradh áon díobh gan an días ele, ná an días gan an tres, acht
bíd a ttriur in áoinfhecht imá-le.



4. An príomhd<h>oirseóir amháin freagrus an drong labhrus ag
an ngráta, agus bed an días ele do láthair ag ésdecht lé: agus dá
ttegmhadh d'áoinnech labhra re háon dona Sethraibh ele, tégedh
sisi nó áon da compánuibh d'iarraidh ced labhartha ar an mbanabaidh
nó ar a bainbhiocáire, agus ar ffhagháil cheda, fédaidh sisi ara
ngoirther, labhairt, ar chor go mbíaidh dhá shíair do nuimhir
na n-ocht ndisgrédedh do láthair, is áon díbh sin gach amm an
príomhdhoirseóir, muna thoirmisge riachtanus gnoaighe ele í.



5. Tuilleadh ordaighem, an Sealla no an Seomra sin d'innioll
re dorus crainn, bías fo ghlasaibh dhá eochrach do ghnáth do ló agus
do oidhche, an úair nach bíd na doirseóradha ann isdigh: bíoth
eochair dhíobh sin ag an mbanabaidh i ttaisgidh isin oidhche, agus
an eochair ele agan doirseóir, agus an tres siúr ordaighther i ffarradh
na desi ele tre shechtmhainibh taisgedh sí san ló an eochair
thaisges an bhanab isin oidhche:



Ni hédir d'aon dona doirseóiribh dol istech isin tigh iomagallmha
sin gan a compánach.



6. Um dhul istech isin mainisdir, furáilem go fírchinnte, agus go
daingen, gan áonbhanab, ná a Sethra, da dheónughadh d'áoinnech
riaghalta na sháoghalta, gibé sdaid, nó dighnid ar bioth i mbí sé,
dol istech isin mainisdir: agus ní dlighthech d'áoinnech ar bioth
sin, muna cheduighedh an Pápa, nó an tigherna Cairdional
cosnamhach an uird; (da ngoirid Protector.)



7. On dlighedh sa nemhdhula istech, achtaighther fisighe, agus
legha tre fhírriachtanus, nó essláinte; an drong fós re ttenidh, nó
áoinsgrios éle, nó periocal nó báoghal, nó téd do dheunamh áonoibre
istech nar édir a déunamh alla amuigh don mhainisdir.



Dá ttégedh áonchairdional istech isin mainisdir, gabhthar é
le fíréuntacht agus ré crábhadh; acht íarraid air dul astech amháin
le días nó tríar don druing as cnesda da chuidechta.


L. 116


8. Ar a shon sin ná labhradh áoinshiúr shlán, ná thinn, re
háoinnech aca, acht ar an modh atá isin fhoirm bhethadh, agus go
háiridhe tugad dá n-aire an drem <da n>deonaigher dul istech do
bheth comhmaith agus sin, ionnus an lucht ad chí íad ag dul istech
go ttoigéubhaid a mbetha, a mbéusa agus a mbríathra, agus ionnus nach
ttugthar áoinshiocair sgandala d'áoinnech.



9. Orduighem arís (an tan tig gus an ccomhthionól aoinní nach
édir go hiomchubhaidh a chur astech ag an rotha, mar atá bairille
beórach, no a ionnshamhuil:) don bhanabaidh, nó don
bhainbhiocáire cona compánuibh a choimheud gan an dorus do
bheith osgailte ní as sía iná regar a les, agus ná fuilngid don lucht
iomchuir nó do (na) techtaibh tig leis na nethibh sin techt istech
in áonáit ele isin choimhthionól, acht amháin isin áit edir dá dhorus
an choimhthionóil, nó gus na háitibh ele inar égin dóibh dol
d'fhágbháil na nethedh sin ionnta.



10. Coimhéudaid na Sethra nach tégedh áoinnech istech acht
an drong regar dho les, agus ná fuilingther don drem téid istech
anamhain ann ní as sía ina íarrus a ngnóaighe.



11. Coimhéudaid na Sethra ele nach bhfaicther íad lesin
druing téd istech, acht gíbé dhíobh ordaighes an bhanab nó a
bainbhiocáire, agus ná labhraid sin fén riú, acht amháin an mhéd
as ríachtanus do rádh um na nethibh sin.



12. Ionnus gomadh ferrde do foirb<h>theochthaoi gan a fhaigsin
an cúram sa na Sethar, an tan nach rigid do les an drem téd istech
dol ní as sia (ar son oibre nó aoinnethe da ttuguid ann) iná an
áit édir an dá dhorus; as áil linn iad do choimhéud an mhodha so
.i. go n-osgludh an doirseóir an céuddorus isin coimhthionól istigh
agus dol istech isin áit sin di d'osgladh an dara doruis, noch
as príomhdhorus don choimhthionól, noch nach ffágbhaid óibhéula
mar an dorus ele, acht amháin a nemhghlasadh risin dá eochair, agus
an tshlat iarainn shaighes go claon do thógbháil súas agus tiagaid
ar ball alla stech don dara dorus, druided é risin dá eochair: agus
ann sin as édir don fhoirinn do bher na nethe sin leó an laisde do
thógbháil súas, agus dol istech isin áit sin, agus na nethe tugsad leo
d'fhágbháil ann, agus ar ball dol dóibh amach ag laisdiughadh an doruis
da n-és, agus ann sin tigedh an doirseoir istech arís, agus druidedh an
priomhdhorus sin lesin dá eochair; agus ann sin ordaighedh sí (na
nethe noch tugadh astech) go cubhaidh.



13. Tuilledh atá isin fhoirm bhethadh gan an dorus
d'fhágbháil isin ló coidhche gan áon aca aga c<h>oimhéud. Gonadh
dho sin adermid, gurob lór mar láinderbhadh air, bheth don dá


L. 118


dhorus go daingen mar adubhradh fo ghlasaibh. Agus na dhiaigh
sin sgríobhthar na focail sí sios .i. An tan regar a les áoinnech do
dhol do dheunamh oibre istech don mhainisdir, ann sin orduighedh
an bhanab áon d'fhosgladh an doruis don druing tig do dhéunamh
na hoibre sin amháin, agus ní d'aoinnech oile.



Ar na focluibh sin dno adermid, an doirseóir remhraidhte,
noch do rér na foirme bethadh, dlighes bheth cnesda disgrédeach gus
na compánuibh comhtharaighther dhi, go ndlighenn foghnamh
d'fhosgladh an doruis don druing sin téd istech do dhéunamh oibre,
nó tré áoinshiocair ele chirt céllidhe: ar a shon gurob do ched na
banabadh osglus sí é, agus coimhéudadh an doirseóir sin í fén ar
fhaidsgéul comhráidh riú, acht amháin an mhéd regar a les, agus
as iomchubhaidh do fhoirbhthiughadh na hoibre, ima ttiagaid istech:
acht más riachtanus é, féudaid a ttreórughadh go cnesda
disgrédeach gus an obair sin.



14. Coidhche ná tégedh áoinshiúr cib cruth ar bioth i
mbí si, d'fhéuchain na n-oibrighthech, ná a n-oibre, acht an drem
orduighes an bhanab, tré tharbha an nethe do níther: agus an
uair as égin uime so dul da ffhios, ná tíagaid coidhche gan cuidechta
dherbhtha dona disgrédibh; agus bíd in ionadh osgailte choitchenn
choidhche, agus ná hanaid ar aon riú ní as sía, agus ná canaid do
chaint riu ní as mhó ina a regar (a les) do dhéunamh nó d'fhorbadh
na hoipre sin.



15. Aincedh an bhanab, agus na Sethra uile nach ffuráildís
ar comhaithechaibh deunamh na n-oibrech, do thiucfadh leo fén
do dhénamh; agus nach ffhuilngid d'oibrighthechaibh ná d'áoinnech
ele; da ttéid istech, (cib cruth ar bioth i mbíd,) bíadh d'ithe
alla astigh don chlaphsdra.



16. Tuilledh ele tegoisgem na huile Sethra in (Íosa) Críosd ar
tTigherna nach rabhaid coidhche critheglach anshuaimhnech ag
saothrughadh bennaighthe bhanabadh agus choisregadh chaillech
ndubh, acht sásaid íad fén lena bprofession benduighthe, ar son a
ffhuighid (madh choimhéudaid é) benndughadh an easbuig
fhlaithemhuil ar tTigherna Íosa Críosd.



17. Ordaighem arís, an uair téid an fáoisidmhech agus a chompán
isstech isin mainisdir go rabhaid édaighthe d'éudach choisregtha
.i. do ghúnna nó do Shuirplís.



18. Tuilledh ordaighem tre dhiffir, agus éugsamhlacht na haimsire
si, ón aimsir i ttugadh an fhoirm bhethadh, nach celeabhartar
áonoiffrend istigh isin mainisdir ó so amach ar son na mbeo, ná
na marbh. Ní dleghar d'áoinnech dul istech do dhéunamh


L. 120


úaighe, acht tochaltaidh nó a dhó nó sáoir m<h>odhamhla chnesda:
agus sin amháin i ccoimhthionóluibh in nach fheudaid na Sethra tochailt,
agus dúnadh na huaighe mar as dlecht.



19. Arís d'adhlacadh na Sethar, ná legid áoinnech isin chlabhsdra,
acht an fáoisidmhech agus a chompán, nó in éugmais a chompáin,
bráthair modhamhuil ele: agus ar ndéunamh an adhnaicthe sin,
imghid imach gan mhoill as an mainisdir.



Don fhiosattóir .i. (visitatuor).



CAIB. XV.



Cuiridh an riaghail bhethadh dhá ní síos a ttáobh an fhiosatóir:
an cédní go ndlighenn sé bheth d'ord na mbráthar mionúr; an
dara ní go ndlighther so do dhéunamh do thoil agus d'fhuráiliomh an
tigherna Cairdionáil chosnamhuigh: as coimhéudtha fós an cédní,
acht ní hedh an dara ní, óir an uair do cédshuidhedh an riaghail,
ní rabhadar mainisdre na Sethar, náid na Sethra fén fan tráth sin
go hiomlán fo chengul umhla, agus sdiúrtha na mbráthar mionúr;
gidh edh na dhiaigh sin tré chúisibh cherta chéllidhe do cuiredh go
comhlán a ccúram agus a sdiúradh in gach sdaid ar ionchaibh
mhinisdrech ngeneralta agus proibhinsialta na mbráthar mionúr leis
an ccethramhadh Ionnoicent Pápa, agus le hesbugaibh bendaighthe
éugsamhla ele.



2. Ionnus go soighmís ní as nósamhla isin ord sin tre dhéunamh
ar ffhiosraighthedh; Ordoighem, do rér na foirme bethadh
remhráidhte, gurob fiosatóir don ord remhráidhte na mbráthar
mionúr bhías ag na Sethraibh do shíor, noch do rér sdatúide an
cethramhadh Innocent Pápa remhráidhte, dhlighes a
oirdnedh agus a fhuráilemh do ched agus d'ordughadh mhinisdir gheneralta
nó choitchinn an uird chéudna, nó an mhinisdir proibhinsialta
alla astigh d'imlibh a riaghlaighthe; an fiosatóir sin dno dlighid
na sethra a iarraidh go humhal, nó furáilemh a iarrata ar áon
dona personuibh remhráidhte, asé sin re a rádh, ar an ghenerál
bhíos ós uile coimhthionóluibh an uird sin, nó ar phroibhinsialuibh
choimhthionól a bproibhinseadh.



3. Croisiom agus toirmesgem go mór mhór nach iarraid agus
nach glacaid na Sethra sin, áoinnech ele mar fhiosatóir, acht duine
oirdherc (bhíos) dearbhtha go maith i mbethaidh riag<h>alta, i


L. 122


ndeghbhéusaibh, agus i ccredemh, agus fós atá éudaidh um Dhía nó ara
mbí airdhe Dé, agus atá na choimheudaidh ar a riag<h>ail, na Shercach
ghun mbochtaine mbenduighthe, agus agan uile mhodhamhlacht.



4. Dlighidh an fiosadóir sin fiosrughadh na huile choimhthionól
noch atá dh'ualach air, uair isin mbliadhain, nó ní us mionca da
sáoilter go regar a les; mar an cceudna fós an uair íarrtar
é lesin mbanabaidh, agus lesna Sethraibh disgrédecha ele um chúis
égin chert chéllidhe.



5. Ordaighem fós, nach ttairrngid choidhche an fiosadóir um
dhol isna háitibh as sía astech isin choimhthionól, gan roiriachtanus,
agus so, an uair chongbhus sé a c<h>uairt certaighthe, a fhiosrughadh
dlighthemhuil agus ordaighthe.



6. An uair téd istech d'fhiosrughadh na mainisdrech dlighidh é
fén do thaispéunadh ina uile oibrighthibh, ionnus les sin go
ngluaisdís cách ele ó mhaith go romhaith agus ní sa mhó ag
gríosadh in ngrádh Dé, agus go mbeth malairt chart<h>anachta etorra
fén do ghnáth. Dlighidh a chompán do bheth maráon ris in
ionad óibhéula iomchubhuidh, agus comhgar is sin dó ionnas go ffaicid
a chéle go hurusa: agus dethbherighedh air, ionnus nach anadh
alla istigh don chlabhsdra, ní as sía ina fedh na fiosruighe sin, noch
mar críochnaigher téghedh gan maill amach asin mainisdir.



7. An tan tig d'fheúchain áonchoimhthionóil, cuiredh roimhe
críochnughadh a chuarta ar fedh dá lá nó trí aigenta: ria
ttionsgnamh an fhiosraighthe sin dó, as indeunta dho tegosg dona
Sethraibh, um (an) fhiosrughadh thríallus, ma tá rédh cuige; dá és
so léughadh sé a riaghail gus an ordughadh sa do láthair bhail i
labhrann ar mhodh fiosruighthe: gar iar sin furáiledh ar gach
áon agus ar an uile dona Sethraibh, ar shubháilce shochair na humhla, a
fhregra dha ríribh go roilér, um gach ní as eól dóibh dona nethibh
ara ndénsiomh lorgairecht, agus dlighidh gach áon uile dona Sethraibh
umhlughadh isin uile ní bhenus d'oifficc an fhiosraighthe.



8. As édir don fhiosatóir (madh áil agus madh iomchubhaidh
leis) an modh labhartha so do lenmhuin .i. labhairt leo uile, nó re
druing dhíobh, nó ré háon go hinchlethe ag beth do dhá shiaír ele
do láthair i ngoire dhóibh, gidh edh ar mhodh nach ccluinid créd
ráidhter ann; ionnus ar gach áonchor, go ccoimhéudtar comhláine
aca: Agus ann sin féudaid na Sethra techt na n-áon agus na n-áon
do thaispéunadh a mbaramhla da mbé áoinní ann re a bhrethnughadh.


L. 124


9. Día n-éugnaigher áon díobh tre chion nó choir, sgríobhthar
ann sin anmanna an luchta éugnaighius agus eugnaighther,
gus na ciontaibh ima n-éugnaighther: agus ar ccríochnughadh
an fhiosraighthe, goirther na Sethra uile do chum caibidle, agus
foillsighther cionta na Sethar égnaighther, agus cuirther pennaitt a
ccuttruma orra, madh derbhthar na cairthe go dlighthech, reil
(.i. léir), roichert re días go ndeghclú.



Tairis sin ní diúltar éstecht do thabhairt d'áoinnech, ionnus
go ngéubhdáois a lethsgéula ma tá aca áoinlethsgéul dlighthech
re a thabhairt a rann nó in uiléutaidh; gidh edh ná hiarraid na
Sethra éugnaighther anmanna na Sethar do éugnaigh íad,
agus ná hinnister dhóibh íad ar áonchor, acht a ccás, go sáorfadh an
tshiúr eugnaighther í féin ón chair do cuiredh uirre, agus mar sin go
dlighthemhail go n-íarrfadh anmanna luchta a heugnaighthe do
indisin di.



10. Dá ttegmhadh d'áoinnech gerán fallsa éccert do dhénamh ar
a chéle, agus a fhios sin d'fhagháil go dlighthemhail, fuilngedh sí gach a
bhfhuileóngadh an tshiúr geránaighther, amhail is da ffaghthaoi ciontach
isin choir sin do cuiredh uirre í. Tairis sin damadh demhin
re háoinshiair in áonchoimhthionól Siúr égin do ríne tairimthecht
throm, nó do bheth mun am soin i bpecadh mhéth nó cholnaidhe,
nar bhédir do shuidhiughadh go hiomlán an úair sin; as dlighthech
agus as déunta don tsíair darob fes an choir sin a foillsiughadh don
fhiosadóir, agus an tshiúr do ríne í, ar an modh as aithne dhi .i. go
secrédech; agus isin chás so ní cóir ar áonchor don fhiosadóir úair
ar bioth innisin na Sethar gheránaighius don tshíair geránaighther.



11. Dá ttegmhadh áoinní in áonaimsir, nár édir les do
lesughadh úaidhe fén go hinnill, foillsighedh é dá uachtarán
flaithemhail, ionnus tre na chomhairle agus fhuráilemh go bpennighthí
an chair sin, mar do thuill.



12. Dlighidh an bhanab beth friochnamhach, nach ccelter modha
na mainisdrech, lé fén na léna Sethraibh ar eolus an fhesadóir, i
ccoimhéud a riagla, in áondacht iomlaid carthanachta, noch dhlighid
uile dha chéle; óir nír bheg an pecadh so, acht as cion as cóir do
thromaithbher.



13. Cidh thrá acht, áilem agus furáilem, na nethisi as ionchertaighthe,
agus as inlesaighthe do rér na foirme bethadh, ós aird nó ós
ísiol, a ffhoillsiughadh don fhiosadóir ar an modh as fherr fhéudaid:


L. 126


agus dá ndéunadh áoinnech a aitherrach, damadh í ann bhanab,
nó gibé ele do chách, pennig<h>ther í go géur ris an fhiosadóir, amhail
do thuill sí.



14. An tan do ní an fiosadóir a fhiosrughadh go puiblidhe nó
go secrédech; edir gach ní dá ffiosraighionn do na Sethraibh,
fiafraighedh ar tús na nethe as mó bhenus dá riaghuil etc.
mar atá (céudus) umhlacht, bochtacht, genmnaidhecht, agus gnáithchoimhéd
chla<bh>sdra. An dara ní, cionnus coimheuduid an
oifficc dhíadha, do ló agus d'oidhche: ann sin a modh labhartha ag
an ghráta agus ag an tegh n-iomagallmha. An tres ní do chruinniughadh
ionnmhuis, arbha, ola, agus fhíona. An cethramhadh do fhritheolamh
na n-esslán, na n-anbhfhann, agus na Sen. An cúigedh do nuimhir,
do lóghmhaire, agus do fhriothghnamh a n-aibidedh, agus a n-éudach.
An Sesiodh do choimhéud absdanaide agus troisgthe: agus do
mhainnechtnaidhe na foirne riag<h>las. An sechtmhadh, do na
Sethraibh disgrédecha agus do na doirseóruibh. An t-ochtmhadh,
do umhla, agus d'esumhla na n-íochtarán. An nómhadh, do
choimhéud a riaghla, a mbethadh, agus na n-ordaighthedh sa do
láthair. An dechmhadh, don tsíth agus don áondacht as ionchoimhéudtha
le cúaine na carthanachta. An t-áonmhadh déucc do
fhrecar Shacramuinte na haithrighe, agus naomhShacramuinte na haltóra.
An dara deug, a lorgairecht cionnus congbhaidhther iodhbairt
na náomhurnaighthe, agus an chrábhaidh isin coimhthionól.



15. Dá ffaghthar úathadh nó iolar faillighech in áoinní dá
ndubhramar nó in áoinní dob esbhadhach aitherrach, certaighther
í nó íad agus pennighther fo d<h>isgréd, fo g<h>rádh na carthanachta agus
an chirt, agus fós fo aignedh agus fo m<h>ionca da ndernadh an chair.



Tre chungnamh na mínighthedh, agus na n-ordaighthedh so, sáoilem
maille re grásaibh Dé, gur oirchillighemar go lór ar bhar sdaid;
noch lesna sgríbhnibh si chuirmid chuguibh uile, agus go gach
áon agaibh, asa ccoimheudfa agus asa ccoimhlíonfa sibh iad go
dithchiollach. Agus dlighthísi bheth ní as duthrachtaighe da
ccoimhéud sin agus da ccoimhlíonadh, tre a mhéud bhrethnaighemuidne
go demhin gurob tre na ffhíorchoimhéd sin bhuaidheochtháoi agus
do gheabhtháoi an toradh mór, lóghmhar, éuccoimsigh, glórmhar.



Agus ionnus, go madh móide ughdardhas na n-ordaighthedh
sin é, agus go ngeubhtháoisi iad re méudughadh crábhaidh, agus umhlachta,
d'fhuráilemar a ccomhtharughadh, a nertughadh, agus a
ndaingniughadh, lesna Sollamnuibh gnáthacha, mar atá le beoughadh,
féuchain, derbhadh, agus le dlúthughadh Shéula ar n-oifficce.


L. 128


Arna thabhairt in Geneabha i bproibhinsi na Burguindi, áois
an Tigherna .1434. an 28. September, agus an tres bliadhain do
phápdhaine ar n-athar náomhtha an cethramhadh Eugenius Pápa,
agus fós an treas bliadhain do c<h>omhairle bhenduighthe Bhaisil,
do tionóiledh agus do mórdháiledh do athnuadhughadh statadh, agus
d'ullmhughadh síothchána edir prionsaidhibh, agus do sgrios
na heritecachta; isin c<h>omhairle sin do beoaighedh, do feuchadh
agus do derbhadh na hordaighthe agus na mínighthe si.



Aríss atád arna n-athnúadhadh agus arna n-ughdardhasughadh
lesan athair fhíréunta an bráthair Bingnus ó Ghenua, generall uird
ar n-athair náomhtha S. Froinsías uile, isin mbliadhain si ar
tTigherna.



1622. an .22. do Ieanair.



TEAGOSG DERBHTHA les an athair fhíréunta an
bráthair Benignus ó Ghenua Minisdir generall uird
bhendaighthe an athar ainglidhe S. Fhróinsias, ionnus go
madh ferrde coimheud na n-orduighthedh sa é.



A cháirde ionmhuine inar tTigherna ÍOSA. Ní hí ar n-inntinn
a chur d'fhiachaibh fa phén phecaidh marbhtha oruibh coimhéud
na n-ordaighthedh remhráidhte, acht amháin an (méd) chenglus
Día, bar riaghail, agus an egluis díbh é: Tairis sin áilem agus ordaighem
a ttairimthechtaighe sin do chertughadh go crúaidh; agus
da mbé an bhanab mainnechtnach imá ccoimhéud, nó im fhuráiliomh
a ccoimhéuda, nó im chertughadh na ttairimthechtach, spregthar
go géur í, agus do rér méde na caire cuirther pennuid uirre lessin
phroibhinsial nó lesin fhiosadóir. Óir ag beth in airtegal bháis
da b<h>ar máthair náomhtha S. Clára do fhágbhaidh sí bendacht
fhoirlethan na Tríonóide, agus a bendacht máthardha fén ag Sercachaibh
fíre, agus ag coimheudaidhibh a riaghla, agus na bochtaine
benduighthe. Cidh tra acht dlighthísi go dúthrachtach triall
grádhuighthe agus coimhéda (le grádh dil dírech) na foirbhthechta
do foillsighedh agus do múinedh dháoibh isin ríaghail remhráidhte,
agus isna horduighthibh benduighthi si, ag légen do lethtaoibh an
uile mainnechtnaighe agus sesgairecht (no spadántacht). Agus ar
an adhbhar go mbeanann (foghnamh do Dhía gan intinn as airde
iná do shechna péne,) amháin do sbioradoibh dáora uirísle agus do
chethern cennaigh, agus déanamh nethe thaithnighes re
a mhórdhacht ndíadha go glan ina onóir agus ar a ghlóir agus tabhairt


L. 130


deghshompla do chách ele, úair go mbenaid so agus a samhail do
fhíorchloinn Dé; comhairlighem ibh uile inar tTigherna ÍOSA a
choimhéud nach beg an condus i ccuirfí tairimthecht na
n-ordoighthedh so ar son nach ffuilid d'fhiachaibh oroibh fo phén
pecaidh mar adubhramar roimhe; acht ag smuainedh créud an
Sbiorad agus an fhoirbhthecht atá aca, acht triallaigh a ccoimheud gan
truailledh, mar dhlighthibh, orduighthibh, agus statúidibh bhar riaghla.
Tríd sin cuirfí méudughadh glóire lé bhar ccoróin do shiocair
na ttriall mbenduighthi si, agus do dhéuntaoi sibh fén ag coimhtecht
le Mac nDé, noch ar nach raibhe d'fhiachaibh nó cengailte dhe ó
dhlighedh na nethe do ríne, ar a shon sin ba mían do a ccoimhéud
do chum maithesa cháich ele. Iarraidh ann sin drud le hardsdaid
bar riaghla, aga bhar bhforrach fén um na nethibh atáid isna
horduighthibh si do chur in ngníomh: ód cíther go mbenann
d'fhoghantaidhibh maithe dlighthecha gan íad fén do shásadh le
coimhlíonadh na nethedh sa amháin, noch fhuráiles a
maighisdir orra, tré bhagar, acht fós iarraidh, agus santughadh
déunmha, agus coimhlíonta gach nethe sháoilid ar áoncháoi do (bheth)
taithnemhach, buidhech agá maighisdribh.



Ar an adhbhar sin tre charthanacht ar tTigherna Íosa
teagaisgiom na huile Sethra da ttig agus da ffhuil don ord
bhendaighthe si, go ccoimhéudad ar chomhair a Súl na Soisgeul
náomhtha, an riaghail do ghealladar do Dhia, na gnása molta
bendaighthe, Sompladha memhracha náomh a n-uird, go
háiridhe ar leth a bhfothaighthech (.i. fundúiredh) fén, ag
díorghadh an n-uile smuaintighthe, a ngníomha, agus a mbriathra
do chum onóra agus glóire Dé, agus do chum sláinte a n-anmann, agus da
dhéunamh so, múinfe an Sbiorad náomh íad isin uile ní.



Togbhaidh, ar an adhbhar sin bhar Súile, agus bhar smúaintighthe
go ar bhfúasgaltaidh milis Íosa, agus ar ttuigsin a thola náoimhe agus
a thaithnemha, coimhégnighidh sibh fén do thaitnemh les ní hedh
amháin in nemhtharcaisniughadh na n-ordaighthedh sa (óir nír
bheg an pecadh a ttarcaisniughadh) acht fós ag sechna agus
ag telgen do lethtaoibh gach mainnechtnaighe ina ccoimhéud ar a
ghrádhsomh. Óir cuideochaidh leibh ní hedh amháin do
choimhlíonadh go dioghraisioch bhar riaghla benduighthe noch
do gheallabhair (acht fós) an dlighidh dhiadha, agus comhairledh
Soisgéulta, agus buaidheocha dhúibh grása Dé tré Íosa Críosd shaorfus
shibh ó iomad mbaoghal. Médeócha b<h>ar sólás i sáothraibh, agus
bethí infhedhma do dhéunamh gach nethe trídsiomh .i. tre Íosa
Críosd, atá uilechumhachtach agus do bhéura comhfhurtacht


L. 132


dáoibh, agus tuigsi isna huile nethibh, noch as egna Dé, agus do bher
go hiomdha da gach áon, agus do bheura sé brígh agus nert dáoibh, óir
as esiomh amháin an nert, agus an bhriathar iomchrus an uile.



A mo Shethra dísle in Íosa ar tTigherna, cuimhnighidh go minic
ar an tema oirdherc úd ara nderna ar n-athair ainglidhe, Sermóin
roidhiongmhála do iomad mór bráthar .i. Do gheallamar nethe
móra do Dhía, acht as mó do gheall Dia dhúinn: uime sin
coimhéudam ar ngeallamh, agus re mianaibh lasamhna, Sédem
do thecht gus na maithesaibh sin do gealladh dhúinn: ad gáirde
taithnemha an tSáoghail si, gidh edh ad síordhuidhe na piana
iffrionda gebhmíd tre a lenmhuin Súd.



An fulang fhuilingmid ar ghrádh Íosa Críosd, agus an pennuid
gabhmuid ar a shon, as gerr go ccríochnuighther; gidh edh an ghlóir
do bhéura Día dhúinn ara son sin, bíaidh sí gan chrích: Do goiredh
iomad go ríoghacht nDé, acht as beg do toghadh, fó bhíth as beg
lenus IOSA Críosd in nglaine chroidhe; acht fa dheredh
do bheura Día do gach duine luach a sháothair, ima-le don olc agus
don mhaith, cechtar de glóir agus sonus, nó cumusg agus tene síordhuidhe.



Go soighidh so atád briathra S. Froinsías, noch a Shethracha
dile dob édir a ttarraing go rochubhaidh chuguibhsi, tresna nethibh
do gheallabhair: agus ge atáid mór, as beg iad a ffarradh no sic
lóighechta Suthuine do bheura Dia dháoibh, da rabhtháoisi inar
ccoimheudoighibh iochtacha orra. Ergidh ar bhar n-aghaidh
ainnsén, agus coimhédaidh go cródha íad, agus ná bíodh droichmhesnech
agaibh as bhar mbríoghaibh, ór an tAthair síordhaidhe, do
chruthaigh Sibh, agus do ghoir sibh do choimhéud na foirbhthechta
Soisgéulda, aga ffuil fios bhar n-aibrisge nádúrtha, ní hedh amháin
go nerteocha sé sibh go hinfhedhma lé na chongnamh, acht fós do
bheura sé dhúibh a thiodhluigthe aithremhla, ina chommór so do
mhéudughadh agus d'iomdhughadh, ionnus ag érg<h>e thuas ar gach
ndecair go mbethí infhedhma ní hedh amháin d'umhlughadh da
Mhac díles deghrádhoch, acht fós do chum a lenamhna agus
a lorgairechta re lúthg<h>aire lánmhóir, agus re simplidhecht chroidhe:
ag tarcaisniughadh go foirfe na ráed n-aimsiordha sofhaicsiona, agus
ag sédedh do shíor gus na nethibh nemhdha agus síordhuidhe in Íosa
Críosd, Dia agus Duine, solus fíre, agus dealradh glóire an tsoluis
shíordhuidhe, an t-iongnadh gan toibhém, íomháigh Dé comhshuidhighe
les an Athair shíordhuidhe, brethemh, fer dlighidh, agus slánaightheoir
na ndaoinedh, da ttabhair an tAthair agus an Sbiorad náomh fiadhain.



Cidh tra acht, amhuil as innsiomh atáid ar n-uile thuillemha,


L. 134


ar sompladha bethadh, ar ccabhair, ar bhfabhor, agus ar
luaighecht, bíd mar an ccéudna ar n-uile smuaintighthe, ar
midhemhna, agus ar n-aithresa inn; agus gus (nó ag) an druing do ní
mar so, biaidh an uile ní milis, taithnemhach, urusa, éttrum,
bendaighthe, agus foirbhthe. Óir as esion Solus agus fuirech na ccinedhach,
deredh an dlighidh, Slánughadh Dé, Athair an tSáoghail tódhóchaidhe
agus fa dheoigh ar ndóchus do rónadh dhúinn, críonnacht, cert, naomhadh,
agus fuasgladh; noch maires agus ríoghus lesin Athair, agus les an
Sbiorad naomh na áoindiá chomhsuthain, chomhshubsdaintech, agus
chosmhail, dá mbí moladh Suthain, onóir, agus glóir.



Ar na thabhairt i bPairís inar ccoimhthionól an Aue Maria .22.
do Enáir 1622.



Br. Benignus a Genua
biocáire-generálta.



COR NÓ OIBLIOGÁID RIAGLA
ar máthar náomhtha S. Clára
fo phén pecaidh marbhtha.



Foillsighidh an cethramhadh Eoghan (.i. Eugenius) Pápa nach
ffuil áonaithne isin riaghail sin ag cengal fa p<h>ecadh marbhtha,
acht na móide umhla, bochtaine, genmnaidhechta, choimhéd chlabhsdra,
togha agus athchuir banabadh.



Comhshuidhter foirbhthechta na riaghla i sé heitibh
ainglidhe .i. in umhla iomláin, i mbochtaine Shoisgéulta, in ngenmnaidhecht
ghloin, in umhalóid fhodhom<h>ain, i simplidheacht
fhoighidigh, i ccarthanacht ainglidhe. As é ní da ngoirther Umhla
subháilce ga bhfuilid trí cémeanna; as é an cédna: umhla tre
profession, as edh sin an tan choimhlíonus nech aithne Dé, nó na
preuláide go himiollach. As é an dara; umhla go ccosmhaile,
as edh sin an tan coimhlíontar an aithne ní hedh amháin
go himeallach, acht fós gan murmur, do rér inntinne, agus thola an
tí aithnighes.



As edh an tres; umhla tré áondacht, tré nach bí ag an umhal
fhíre, áonadhbhar ele acht taithnemh agus toil nDé.



2. As edh an bhochtaine Shoisgéulta Subháilce ga ffuilid trí
cémenna: as edh an céudna, bochtaine tre profession .i. gan cert
na díslidheacht do bheth ag nech in aoinní; As edh an dara


L. 136


congbháil amháin shochair shimplidhe na raed (regar) do les, agus
bheth rédh ris na nethibh as roimhesa. As edh an tres cém, gan
dúil ar bioth, do bheth aca in nethibh riachtanuis fén, acht ar
modh gur égen dóibh a nglacadh go lompuisneach re na les.



3. As edh an ghenmnaidhecht Subháilce na ffuilid tri cémenna:
an ceudna: genmnaidhecht chuirp, tresa ccuibhrighther na boill
fhoirimiollacha uile o gach áoinghniomh amhghlan, nó drochbharamhlach:
as é an dara, genmnaidhecht chroidhe, trésa ccáomhantar
an croidhe ó gach smúainedh éccnesda nó amhghlan: As
é an tres cém, genmnaidhecht, ni headh amháin trésa ccennsaighiom
sinn fén ó gach áonghrádh éccnesda, acht fós ón uile thaithnemh
iomurcach, nó comhshólásughadh spioradalta.



4. As edh an umhalóid Subháilce agá ffuilid tri cémenna: as é
an .c. chém, umhalóid fhesa trésa ttuigionn an duine é fén do bheith
beglóigh doimesda ann fén. As é an dara cém umhalóid thaispénta,
trésa ffhoillsighther an umhalóid inmhedhonach isin umhalóid
imeallaigh, mar atá tresan édghudh tresna briathraibh, tresan
toil, agus tresna hoibribh uirísle. As é an tres cém, umhalóid
athraighthe, ní hedh amháin tresa n-umhlaighionn an t-anam é
fén i bhfiadhnaisi Dé, acht fós i bhfiadhnuisi an duine, ag santughadh
a mhesda go bocht uirísiol.



5. As edh an tshimplidhecht; subháilce trí ccémenn: as edh an
cédna; simplidhecht smuaintighedh, as edh sin, gan smuainedh
ní as airde ina mar as ionghabhtha don tuigsi, agus gan smúainedh ar
onóir ná ar dhíghnid an domhain, acht é féin do mhes ní as
mhídhiongbhála iná an uile ele d'fhoghnamh Dé: As é an dara céim,
Simplidhecht i mbriathraibh, ag Sechna an uile chláonta
do chum comhráidh chúiríalta, ag labhra go lér gan liosdacht, noch
tig go minic ó d<h>roichfhrémh .i. díomháoinius: As é an tres cém
Simplidhecht Sháothar .i. gan a lamhadh linn acht sáothar simplidhe
tarbhach. Agus as riaghuil choitchenn don tSubháilci si inntinn
glan, dhírech, simplidhe do bheth ag nech: gidh edh ní mór as
fiú simplidhecht gan chríonnacht: óir as ionmhuin le Día na daoine
críonna.



6. As edh an carthanacht Subháilce tri ccémenn: as é an cédna
grádhughadh Dé ní ar a m<h>aithes amháin, acht fós gurab roidhíol
gráidh é. As é an dara cém ar ccomharsa do charthain,
ní amháin do ghrádh ar ccomharsan, acht go simplidhe ar sherc
nDé: an tres cém, sinn fén do ghrádhughadh ag sáothrughadh
do chum Subháilce, ar sonus, agus ar nglóir; agus ní ar ar son fén,
acht ar grádh Dé, agus do thaithniomh leis.


L. 138


MOLADH NA RÍAGHLA.



Adubhairt an t-athair náomhtha S. Fróinsias, ag soinertughadh
a áosa riaghalta do chum coimheuda na riaghla, gurob í leabhar na
bethadh; toradh na hegna; smior an tSoisgél: dóigh na Sláinte,
Slighidh an tShlánaighe, drémire dula ar nemh: eochair
phárdhuis agus snaidhm na síodha suthaine, í.



Tri prib<h>iléde fuair ar n-athair naomhtha S. Froinsías ó Dhia
uilechumhachtach.



Adubhairt an nómhadh Grioghóir Pápa gur thuig sé ó S. Froinsias,
go ttug Dia uilechumhachtach tri pribhiléde dho: An ceudna;
da mhéud do fhásfadh a ord, go médeóchadh sé soláthar dóibh:
An dara; nach n-éugfadh áoinnech go miochonáigh ina aibid:
An tres; gibé do dhéunadh inghremm ar a ord go bpianfaidhe
go trom é ó Dhia uilechumhachtach.



Trí pribhiléde ele noch adubhairt sé d'fagháil tresna hainglibh
Seraphim an tan tarla sé dho i Sliabh Aibhern.



As é an cédna .i. go mairfedh a ord go bráth: An dara; gíbé
do b<h>eth go meabhlach isin ord nach fada do mhairfedh: An tres;
gíbé do charfadh a ord, ge gomadh móirphecthach go ffhuighedh
trócaire ó Dhía.



Secht bphribhiléde ele noch do foillsighedh don athair náomhtha
S. Froinsías thre aingeal i ccoimhthionól S. Urbáin, don uile
c<h>oimheudus a ríaghuil agus éugus ina ord.



An chédphribhiléd .i. dá raibhe a n-intinn go maith,
go sdiúrthar iad do shíor les an Sbiorad náomh: An dara, .i. ann
so ina n-oilithre gomdís cosanta fo leth, agus ina n-uile cathaighthibh
fós, o phecadh marbhtha: An treas pribhiléd nach congbhann tene
purghadóra íad d'és a mbáis ó shelbhughadh inmhedhonach na
glóire suthuine: An cethramhadh, go nglacfaid ionnta fén an


L. 140


geallamh úd tug ar Slánaightheóir da apstoluibh, um Shuidhe ar
dhá Shuidhe dhéug do bhrethnughadh threabh nIsrael: An cúigedh,
gíbé ghrádhaighes an t-ord méuduighidh Dia uilechumhachtach a
ghrása agus a bhennughadh orra abhus agus thall: An seisiodh; naimhde
a uird, agus do ní air inghrem gan aithrighe, gerrfaidher a
sáoghal, nó muna ngerraighther líonfaidher íead do bhochtacht,
agus d'és a mbáis rachuid imugha go síordhaidhe: An sechtmhadh
.i. go mbed choidhche isin ord so áos riaghalta deghbhethadh
bhenduighthe, ghrádhaighes onóir Dé agus a riaghail.



Loghadh áiridhe tugadh edir mhórán ele, lé heaspug flaithemhuil
na Romha, don uile áos riaghalta uird S. Fróinsías.



Do ghebhid an t-áos riaghla edir fhior agus mnáoi loghadh iomlán a
poena et culpa, o phén agus ó phecadh, i laithibh a n-eudghaidh,
a bprofession, agus a mbáis; mar an cceudna as édir d'aithribh agus do
mháithribh na mbráthar agus an Setharsoin an ccédna d'fhagháil in
airtegal a mbáis ar na thabhairt dóibh, le fáoisidmhech dlighthech
égin.



2. Na huile don áos riaghla ghlacus an tShacramaint ronáomhtha
i ndomhnuighibh na bliadhna, i bhféilibh ar Slánaightheóra
náomhtha, agus ar mbaintigherna benduighthe, agus náomh an uird, do
gheabhaid loghadh iomlán. Agus da ttegmhadh áon nach ffeudfadh
fáoisidedh agus cumáoineachadh isna laithibh sin, tre
thoirmesg ndlighthech, féudaid an loghadh sin do ghnoughadh d'és
a sháortha ón toirmesg sin, madh fhaoisidighidh agus madh commaoinchighidh
les an intinn úd, bíodh go rachadh lá na féle Secha.



3. An t-áos riaghal adérus coróin ar ttigherna .i. 33. paidrecha,
gus Aue Maria, in onóir na .33. mbliadhan do mhair sé isin Sáoghal,
nó coróin na maighdine glórmhuire Muire, ina bhfuilid .72. Aue,
secht bpaidrecha, agus áonp<h>aidir agus aue ar son an espuic fhlaithemhuil,
do ghebhid loghadh iomlán. Mar an ccédna gnoaighther
an loghadh sin coimminic is a derid na Secht Sailm agus na liottáin, na
Sailm ghradualta, ord marbh, nó chuidighid um na liottánaibh
gach dara domhnach don mhí.



4. Coimminic is aderid an t-áos riaghla i ló nó in oidhche, gibé
áit i mbíd, sé paidreacha agus sé aue, agus Gloria Patri, a cúig dhíobh
ar son esbuidhe na hegluise, agus an sesiodh ar son náomhthachta an


L. 142


Phápa, gnoaighid loghadh Station Iarusalem, na Romha S. Seum,
agus Partiuncula.



5. Mar an ccéudna ag rádh an tshailm Exaudiat te Dominus in
die tribulationis etc. thrí bpaidrecha agus tri n-aue le hintinn an Phápa,
gnoaighid an uile loghadh dá ttugsad na hesbuig fhlaithemhla
do chommbraithres an phaidrín, do egailsibh ar mBaintigherna
benduighthe ó Loreto, Mont-Serat, agus S. Séum de Compostella.



6. An uile úair aderid Angelus Domini isin amm ghnáth a
mbentar an clog, gnouighid loghadh iomlán; agus an ccéudna gach
uair chommáoinchighid. Gach úair ésdid oiffrend choimperta ar
mBaintigherna benduighthe, ag guidhe ar a náomhthacht agus ar an
Egluis chatoilce do gebhther loghadh iomlán. Ag radh na hoifficce
diadha, nó oifficce ar mbaintigherna benduighthe, tar na huile
loghthaibh ele, gnoaighid .100. bliadhain do phardún.



7. Ag rádh áonuair gach láoi aonp<h>aidre agus áon Aue
Maria, ag gairm fo thrí go cráibhthech ar naómhainm Íosa, gnoaighid
.3000. bl. do p<h>ardún.



8. Tugadh dona Sethraibh fo c<h>ethair isin mbliadhoin go fféudaid
absolóid choitchionn d'fhagháil i lánmhaithiomh a n-uile phecadh
ar bioth, agus a n-aisioc go sdaid na nemhurchóide, coimhiomlán is
dob édir dóibh a ghlacadh óna náomhthacht, agus tugadh an ccéudna
dhóibh in uile fhélibh ar Slánaightheóra náomhtha, ar mbaintigherna
benduighthe, i bhfél S. Pedair agus S. Póil, S. Froinsias, S.
Clára, S. Caitriona bainríoghna agus mairtirech, i bhfél an uile naómh,
agus in gach lá don tSechtmhain náomhtha; gidh edh tairis sin
ní tharbhaighid na grásasoin áoinní don droing phecaighes ní as
fairsinge, tré andóchus asna loghthaibh sin d'fhagháil. As édir
leó gach loghadh agus gach pribhiléd da ttugadh dhóibh fén do thobhairt
ar son na marbh ccredmhech. Comharthaigh go n-iarrthar
tabhairt na hinntinne do chum na loghadh sin nó áonloghaidh do
ghnoughadh mar sin.



Sgagadh coinsíansa do
dhuine riaghalta.



Créud íad a chláonta olca, agus a dhrochghnása, ciodh ó ttigid, agus
créd an cathughadh, agus an frecar do ní riú.



2. Créd na hainmiana as mó thighernaighius ann agus créd an
cháoi go so arar thriall a ccláoi.


L. 144


3. Créud iad na cathuighthe as tresi, as roghnáithche, agus as
robhúaidhertha bhíd air, agus cionnus do iomchair é fén ionnta go
soighidh so.



4. An ffuil sé indethbhirech i nglacadh gnoaighe na riaghla
bennaighthe, ag glacadh go háontadhach gach nethe orduighther
dho.



5. An é Día amháin indfethemh a uile ghníomhradh, nó an
sirenn Sochar díles, nó moladh ina oibribh.



6. Féuch an nach mberionn do roghain adhbhair fhoirimeallacha,
mar cháilidhechta maithe agus mar thiodhluicthibh nádurtha agus mar
ghrása, ria ffoghloim ferta agus foirbhtheachta.



7. An mian les, agus an bhfuil sé roidheóntach um fhios a
locht do bheth uile ag a uachtaránuibh.



8. An bhfuil sé sochraidh, iochtach dha uachtaránuibh, agus an
labhrann leo in gach cúis riachtanuis bhenus do mhaith a anma.



9. An bhfuil sé in áondacht fhíre tré ionmhuine da uachtaránuibh,
nó más bun os cionn atá sé, agus cidh ó ttig dho.



10. An nach bí sé romhuinterdha re dáoinibh égin, agus an bhfuil
an muinterus sin urchóideach do fén agus don té ele, agus an mbí sé na
shiocair do chailledh na haimsire, agus do laghdughadh dáoinedh ele.



11. An ngrádhuighenn agus an ngabhann go genamhuil
an marbhthataidh mhedhonach agus imeallach, agus na cúisi umhla
uirísle, ní as fhonnmhaire inaid cúisi móirmhesa.



12. An ar choimhéd na riagla, agus na horduighthi si uile, noch da
ndén brigh mbig agus créd an t-adhbhar.



13. An Sanntuighenn aithrighe fhíre ina uile chiontuibh, ga
n-admháil go fírinnech, re rún láidir lesaighthe.



14. An ndén sgrúdadh fo leth go láethemhuil ar áon anfhoirbhthecht,
agus creud an t-ullmhughadh re nglacann an tSacramaint
náomhtha, agus cionnus chlechtus gnáthughadh benduighthe na
hurnuighthe.



15. An mbíd a bhríathra béusacha agus a chomhráidhte
cnesda i ccomhlúadar, nó aitherrach, agus fós re dáoinibh Sáoghalta:
cionnus do choimhéd (nó choimhédus) tosd, agus do chaith (no chaithes)
a aimsir.


L. 146


Dhá mhórulc dhéug tigid
tré phecthaibh Sologhta.



1. Ar tús dallaid agus dorchuighid derca ar ttuigsiona, ionnus nach
féudaid faicsin Dé uilechumhachtaigh.



2. Marbhaid tes an ghráidh agus na carthanachta díadha.



3. Bacaid gan Día d'ésdecht ar ngerán agus ar n-urnuighthedh.



4. Sailchid agus riabhaighid an t-anam.



5. Brónuighid an Sbiorad náomh, agus urgháirdighid an námhuid.



6. Tairrngid inn ó mhuinterus milis Shoghradhach ar Slánaight<h>eora
náomhtha.



7. As siocair mhór iad agus cúis dar ccoimhlegadh i bpecthaibh as
truma.



8. Furáilid ar anam tuitim i lesge mhóir agus i sesgairecht (no
spadantacht) isin uile mhaithius.



9. Anbhfannuighid go hadhbhalmhór bríogha an anma, o chur
in aghuidh a drochcláonta.



10. Cláonuid ar ccláonta agus ar miana go nethibh aimsiordha.



11. Sínid agus méudaighid piana purgadóra.



12. Toirmisgid inn go hadhbhalmhór ó amharc agus ó fhagháil
fhíadhnuise Dé.



Náoi Slighthe na ccuidighmíd do phecthaibh cháich ele.



1. Tre chomhairle. 2. Tre fhuráilemh. 3. Tre c<h>omháontughadh.
4. Tre ullmhughadh nó thothlughadh. 5. Tre b<h>ladar. 6. Tre
ésdecht re cion an tí do dhlighemar do choimhéd. 7. Tre chelt
nó nemhspregadh nó nemhthoirmesg madh dlighther dhínn a
thoirmesg. 8. Tre chuidiughadh an adhbhair da ttiucfadh a
shamhuil sin do phecadh. 9. Tre chosnamh chionta duine ele.



Dá thoradh dhéug na Sacramainte náomhtha.



Ní amháin go ndén Soidhéunmha acht furáilidh fós go hurusa
trégen agus fágbháil an uile nethe tuitmhigh agus talmhaidhe.



2. Cúisighidh mórtharbha agus cémniughadh in nethibh nemhdha.



3. Tógbhaidh an t-anam os na huile dhúilibh.


L. 148


4. Nertaighidh an spiorad gus an uile mhaith.



5. Sorchaighidh agus soillsighidh an tuigsi in eólus Dé.



6. Cúisighidh Sealbhughadh de, lasamhain glanghráidh Dé
amháin.



7. Así foirbhthecht na huile fhiort agus fhoirbhthechta.



8. Dáilidh don anam Selbhughadh thighe Séud an uile
mhaithesa agus shaidhbhresa.



9. Cúisighidh subha síor inmhedhónach.



10. Crod<h>aighidh (í) (.i. anam) le urradhus sonaidhe, agus le
demhin fhaigsiona an tí da ccredionn sí.



11. Síoth fhoirbhthe ag tosughadh isin Sáoghal so agus ag marthain
go síordhuidhe.



12. Áondacht fhoirbhthe le Dia uilechumhachtach, tresa ndeunthar
cuidighthech na huile fhoirbhthechta don anam.



Dá chomhairle dhéug Shoisgéulta.



Bochtaine tresa n-echtraighther duine riaghalta óna huile nethibh
talmhuidhe.



2. Umhla, gan í ní foirbhthe aoinfhiort nó Subháilce.



3. Genmnaidhecht, sgiamuighes agus áillighes an uile shubháilce ele.



4. Carthanacht dar náimhdibh, trésa sgriosdar an uile thedhm
spioradálta an phecaidh.



5. Cennsacht (mar adubhairt S. Ambros) noch as leghes don
chroidhe, tresa Soillsighther an t-anam le Día uileachumhachtach
d'fhagháil eóluis a Shecrédedh.



6. Trócaire, shínes í fén do chongnamh le gach áon gan
fhoirchionn, téd isteach lé truaighe go soimhilis isin chroidhe, agus
glanaigh<es> é ón uile phecadh.



7. An focal simplidhe do shíor ag torthughadh i nDia, i nglaine
inntinne, i ccarthanacht, etc.


L. 150


8. Sechna siocra pecaidh, ag treorughadh an anma le
críonnacht agus le ciúnus do ghnoughadh Subháilce.



9. Intinn chert, noch fhuráiles an uile obair do thriall tre
umhlacht, do mhéudughadh ar ccomharsan.



10. Cosmhaile an ghníomha les an mbréthir, tresa nglacthar
gach tegosg áiridhe da ríribh, agus maille le tarbha.



11. Sechna gach anualuigh éuttarbhaigh, as go madh ferrde do
beurthaoi aire dona Soillsighthibh spiordaidhe, noch dhorchuighther
le cúram talmhaidhe.



12. Certughadh bráthardha, noch as solus Soillsighes an
tuigsi, do rér raidhte an apstoil, ader gibé certuighther go
ffaicther é lesan tSolus tiucfa.



Mallacht S. Froinsías.



A Shíordhaidhe, agus a athair nemhdha rob malluighthe uaibhsi, agus
ón chuirt nemhdha, agus uaimsi an mídhiongmhála, na huile bhráithre,
noch trena ndrochShompla sgriosas na nethe do thógbhuisi agus dá
nach sguire da ttógbháil, le hiomad bhráthar mbendaighthe don
ord sa.



FINIT.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services