Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Tomás Costelloe and O'Rourke's Wife
Title
Tomás Costelloe and O'Rourke's Wife
Compiler/Editor
Gwynn, E.J.
Composition Date
1684
Publisher
(B.Á.C.: School of Irish Learning, 1921-23)
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Féuch féin an obairsi, a Áodh, a mhic Bhríain, a bhláth fhionn-chráobh, a ghéucc amhra, is úaisle d'fhás, sa n-úairse tharla ar Thomás. Lúathaigh ort, ainic misi, ma tá tú lé'r ttairisi: ag so síodh-ruire brúaigh Bhreagh úaibh dom fhíor-ghuidhe ós ísiol. A mheic Bhríain, a bhrath m'éiccsi, ma's díth leat mo leithéidsi, dom chabhair, a cháomh-shlat ghráidh, labhair re sáor-mhac Siúrtáin.
Innis dó, le gcur na cenn, nach mór d'éiccsibh na h-Éirenn, mur ghné sheisi ó chráoibh Charadh, meisi dháoibh do dheónughadh. Ar mo thí an tráthsa ó tharla mealtóir an uird ealadhna, bíodh go ngeallfadh sé mur sin nach meallfadh mé, ná measaigh. Dá measda, ní measdar leam gaduighe fhileadh Éireann, béd-leomhan do thúar mo thoil nach éigneochadh úam mh'áontaidh. Dá mealltáoi ar áoi n-annsa, na háith, a Áodh, oramsa: le brath soibheart chúaine Cuinn toighiocht úaidhe ní fhédaim. Minic ticc ar tí ar mbréugtha Tomás a ttlacht úathmhélta, do cheilt ar sáoir-eachtra sonn, a mbeirt dhraoidheachta um dhochum. Minic ticc athaidh oile le m'ais, d'eitil sheabhcaidhe, a measg cáigh d'fhúadach mh'annsa 'na ghrúagach cáidh chugamsa. Mur mhnáoi tháidhe a ttuighin m'fhir minic ticc sé d'ar soighin le briocht drúadh, le díamhair ndán, dom íarraidh úam ar éládh. Ticc a ndeilbh dháonna dhuine, ticc fós a ffoirm shíodhuighe, ticc úair a n-ionnus taidhbhsi: cionnus úaidh dofhanfainnsi?
A gcéin ar chogadh Clann Néill gluaister is cuid dom chaithréim: sinn ar óigh, derbhtha dhe, a ndóigh go meallfa mise. At eccosgsa, a Áodh úi Rúairc, minic ticc sonn ar sáor-chúairt draig ciún-tláith, ór doilghe dul, oighre Siúrtáin d'ar síabhradh. Ticc dá theacht 'na Thomás féin mo chur sechum ar sáobh-chéill, no gur sguch mh'annsa dha halt, damsa ni guth a ghlúasacht. Muna ffuil inntleacht éigin agaib d'fhurtacht m'fhoiréigin, a sheisi, a shengadh ar ngráidh, do mealladh meisi, a mhacáimh. Mh'iomlad eadraibh níor fhéd sinn: dotshearcsa, a Áodh, um inntinn: ar áoi gur híarnadh na tshás dom shíabhradh atáoi Tomás. Da mbeth sochar ruibh a rádh, coisg dhínn, a dhegh-mhic Siúrtáin, a rún cáigh, gan chláon n-irsi, ná cráidh Áodh fam aithghinsi. A Thomáis, a thocht mheanmnach, a bhraighe ghill Ghoisdealbhach, sguir dhínn, ní fheallam ar bfear, sín ar mhealladh na maighdion.
Ní hionann mé is mná málla mhealltáoi, a óig andána, mo shíabhradh ní dóigh dhuitsi, a ghrían-ghal sháimh shamhraidsi. Ná creid cách, ní meirdreach mé, óg fúarus fios mo chéile: fada ó tharla Áodh ormsa, h'abhra ná cláon chugamsa. Bhur bfé fía, ní feárrde dhuit, aithnim thú d'aimhdheóin th'iomluitt: a bhraduire, ná mill mé, fill, a ghaduighe an gháire. Coscc th'alguis úaim ní bfhuighe, a bhradín, a bhréccuire: led húaisli ná mearaigh mé, búailsi um cheanuibh gach críche. A sháor-mhic Shiúrtáin bhuidhe, a bhláth choilleadh cumhraidhe, ar gháol, ar chrodh, nó ar choimsi, dol ó Áodh ní fhédaimsi. Ar n-áonta ó nach úair tusa crum ar do cheird dhúthchusa, móruigh brígh an chráoisi Chuinn, a Náoisi ó n-Ír ar fhoghluim. A Mhanannáin mhúir Logha, a Oenghus an fhíor-bhrogha, a Shiodhmaill na cceard ccuimsi, a Fhionnbhairr chealg cugairsi.
A eagna Chorbmaic í Chuinn, a fháith-chíall oighre Chumhaill, a sheinm cor, a cherd Ghúaire, a fhergc Con na Cráobhrúaidhe. A thúairgnidh choitchinn chatha, a mhéduighthóir mhór-ratha, a linn na n-uile ana, a chinn uidhe an engnamha. A chrann sesmhach seóil troide, a rún díobhuigh dhochroide, a bhrúcht buinne, a bhedhg nimhe, a fhercc thuinne tairpidhe. A theanchuir ghríosaighi an ghráidh, a ghlór le mbréuccthar ban-dáil, a phosd gáidh chagaidh d'íbh Cuinn, ma táim agaibh, ní admhaim. A Thomáis, d'aithle m'ionnlaigh, a chuingidh chrú Ghoisdealbhaigh, atá ar ccridhe da rádh rinn do ghrádh d'ibhe, dhá n-ibhinn. Mo bheannacht leat óm lán-toil, a dhegh-úa dil Dubhaltaigh, a bhúidh bharr-ghlain, ná brécc mé, ná damnaigh d'éd ar n-áidhne. Sgarthain so, gidh túar tuirsi, ag so Áodh dom fhéchainsi: lúathaigh thoram, trúagh an airc, mo núar, oram ná hamhairc. Féuch féin an obairsi, a Áodh.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services