Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Tomás Costelloe and O'Rourke's Wife

Title
Tomás Costelloe and O'Rourke's Wife
Compiler/Editor
Gwynn, E.J.
Composition Date
1684
Publisher
(B.Á.C.: School of Irish Learning, 1921-23)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



Féuch féin an obairsi, a Áodh,
a mhic Bhríain, a bhláth fhionn-chráobh,
a ghéucc amhra, is úaisle d'fhás,
sa n-úairse tharla ar Thomás.



Lúathaigh ort, ainic misi,
ma tá tú lé'r ttairisi:
ag so síodh-ruire brúaigh Bhreagh
úaibh dom fhíor-ghuidhe ós ísiol.



A mheic Bhríain, a bhrath m'éiccsi,
ma's díth leat mo leithéidsi,
dom chabhair, a cháomh-shlat ghráidh,
labhair re sáor-mhac Siúrtáin.


L. 4


Innis dó, le gcur na cenn,
nach mór d'éiccsibh na h-Éirenn,
mur ghné sheisi ó chráoibh Charadh,
meisi dháoibh do dheónughadh.



Ar mo thí an tráthsa ó tharla
mealtóir an uird ealadhna,
bíodh go ngeallfadh sé mur sin
nach meallfadh mé, ná measaigh.



Dá measda, ní measdar leam
gaduighe fhileadh Éireann,
béd-leomhan do thúar mo thoil
nach éigneochadh úam mh'áontaidh.



Dá mealltáoi ar áoi n-annsa,
na háith, a Áodh, oramsa:
le brath soibheart chúaine Cuinn
toighiocht úaidhe ní fhédaim.



Minic ticc ar tí ar mbréugtha
Tomás a ttlacht úathmhélta,
do cheilt ar sáoir-eachtra sonn,
a mbeirt dhraoidheachta um dhochum.



Minic ticc athaidh oile
le m'ais, d'eitil sheabhcaidhe,
a measg cáigh d'fhúadach mh'annsa
'na ghrúagach cáidh chugamsa.



Mur mhnáoi tháidhe a ttuighin m'fhir
minic ticc sé d'ar soighin
le briocht drúadh, le díamhair ndán,
dom íarraidh úam ar éládh.



Ticc a ndeilbh dháonna dhuine,
ticc fós a ffoirm shíodhuighe,
ticc úair a n-ionnus taidhbhsi:
cionnus úaidh dofhanfainnsi?


L. 6


A gcéin ar chogadh Clann Néill
gluaister is cuid dom chaithréim:
sinn ar óigh, derbhtha dhe,
a ndóigh go meallfa mise.



At eccosgsa, a Áodh úi Rúairc,
minic ticc sonn ar sáor-chúairt
draig ciún-tláith, ór doilghe dul,
oighre Siúrtáin d'ar síabhradh.



Ticc dá theacht 'na Thomás féin
mo chur sechum ar sáobh-chéill,
no gur sguch mh'annsa dha halt,
damsa ni guth a ghlúasacht.



Muna ffuil inntleacht éigin
agaib d'fhurtacht m'fhoiréigin,
a sheisi, a shengadh ar ngráidh,
do mealladh meisi, a mhacáimh.



Mh'iomlad eadraibh níor fhéd sinn:
dotshearcsa, a Áodh, um inntinn:
ar áoi gur híarnadh na tshás
dom shíabhradh atáoi Tomás.



Da mbeth sochar ruibh a rádh,
coisg dhínn, a dhegh-mhic Siúrtáin,
a rún cáigh, gan chláon n-irsi,
ná cráidh Áodh fam aithghinsi.



A Thomáis, a thocht mheanmnach,
a bhraighe ghill Ghoisdealbhach,
sguir dhínn, ní fheallam ar bfear,
sín ar mhealladh na maighdion.


L. 8


Ní hionann mé is mná málla
mhealltáoi, a óig andána,
mo shíabhradh ní dóigh dhuitsi,
a ghrían-ghal sháimh shamhraidsi.



Ná creid cách, ní meirdreach mé,
óg fúarus fios mo chéile:
fada ó tharla Áodh ormsa,
h'abhra ná cláon chugamsa.



Bhur bfé fía, ní feárrde dhuit,
aithnim thú d'aimhdheóin th'iomluitt:
a bhraduire, ná mill mé,
fill, a ghaduighe an gháire.



Coscc th'alguis úaim ní bfhuighe,
a bhradín, a bhréccuire:
led húaisli ná mearaigh mé,
búailsi um cheanuibh gach críche.



A sháor-mhic Shiúrtáin bhuidhe,
a bhláth choilleadh cumhraidhe,
ar gháol, ar chrodh, nó ar choimsi,
dol ó Áodh ní fhédaimsi.



Ar n-áonta ó nach úair tusa
crum ar do cheird dhúthchusa,
móruigh brígh an chráoisi Chuinn,
a Náoisi ó n-Ír ar fhoghluim.



A Mhanannáin mhúir Logha,
a Oenghus an fhíor-bhrogha,
a Shiodhmaill na cceard ccuimsi,
a Fhionnbhairr chealg cugairsi.


L. 10


A eagna Chorbmaic í Chuinn,
a fháith-chíall oighre Chumhaill,
a sheinm cor, a cherd Ghúaire,
a fhergc Con na Cráobhrúaidhe.



A thúairgnidh choitchinn chatha,
a mhéduighthóir mhór-ratha,
a linn na n-uile ana,
a chinn uidhe an engnamha.



A chrann sesmhach seóil troide,
a rún díobhuigh dhochroide,
a bhrúcht buinne, a bhedhg nimhe,
a fhercc thuinne tairpidhe.



A theanchuir ghríosaighi an ghráidh,
a ghlór le mbréuccthar ban-dáil,
a phosd gáidh chagaidh d'íbh Cuinn,
ma táim agaibh, ní admhaim.



A Thomáis, d'aithle m'ionnlaigh,
a chuingidh chrú Ghoisdealbhaigh,
atá ar ccridhe da rádh rinn
do ghrádh d'ibhe, dhá n-ibhinn.



Mo bheannacht leat óm lán-toil,
a dhegh-úa dil Dubhaltaigh,
a bhúidh bharr-ghlain, ná brécc mé,
ná damnaigh d'éd ar n-áidhne.



Sgarthain so, gidh túar tuirsi,
ag so Áodh dom fhéchainsi:
lúathaigh thoram, trúagh an airc,
mo núar, oram ná hamhairc.



Féuch féin an obairsi, a Áodh.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services