Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Créacht do Dháil mé im Árthach Galair agus Baisteadh Oisín
Title
Créacht do Dháil mé im Árthach Galair agus Baisteadh Oisín
Compiler/Editor
Ó Briain, Máirtín
Composition Date
1834
Publisher
(B.Á.C.: NUI, 1999)
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
A Phádraig bheannaithe, beir ar thua an bhéil mhóir agus gearr mo chuid feola chomh mín le cré, gearr an seanchroí atá i mo lár, agus ná fág iall díom gan meilt go léir, is mé an seanóir atá i bhfad i dtréas. Dá mba páipéar an talamh glas,
dá mba pinn cleiteacha na n-éan, dá mba dúch an fharraige mhór agus Clann Éabha a bheith uile ina gcléirigh, Faighidís saol na n-aingeal, ós díobh nár bhaol an t-éag, dúshlán an iomláin leath phianta Ifrinn a chur i gcéill, dá bhrí sin tá mé ag iarraidh mo bhaiste agus m'aspalóid bheannaithe as ucht Dé. Ansiúd do thosaigh Pádraig ag baisteadh Oisín, agus chuiris an chros trína throigh, agus bhí an áit dearg dá chuid fola go léir. "Ó, a Thiarna, a Oisín, tuige nár inis tú dom gur trí do throigh do chuir mé an chros? Atá tú loite agus ní maith liom é." "Bronnaimse sin do mo Thiarna," do ráidh Oisín, "agus duitse, a Phádraig, do shíl mise gur den bhaisteadh an chros a chur trím féin." "A Oisín," do ráidh Pádraig, "is aoibhinn duit. Sa chéad chás, d'fhulaing tú baisteadh; sa dara cás d'fhulaing tú íobairt."
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services