A Phádraig bheannaithe, beir ar thua an bhéil mhóir
agus gearr mo chuid feola chomh mín le cré,
gearr an seanchroí atá i mo lár,
agus ná fág iall díom gan meilt go léir,
is mé an seanóir atá i bhfad i dtréas.
Dá mba páipéar an talamh glas,
dá mba pinn cleiteacha na n-éan,
dá mba dúch an fharraige mhór
agus Clann Éabha a bheith uile ina gcléirigh,
Faighidís saol na n-aingeal,
ós díobh nár bhaol an t-éag,
dúshlán an iomláin
leath phianta Ifrinn a chur i gcéill,
dá bhrí sin tá mé ag iarraidh mo bhaiste
agus m'aspalóid bheannaithe as ucht Dé.
Ansiúd do thosaigh Pádraig ag baisteadh Oisín,
agus chuiris an chros trína throigh,
agus bhí an áit dearg dá chuid fola go léir.
"Ó, a Thiarna, a Oisín,
tuige nár inis tú dom
gur trí do throigh do chuir mé an chros?
Atá tú loite agus ní maith liom é."
"Bronnaimse sin do mo Thiarna,"
do ráidh Oisín, "agus duitse, a Phádraig,
do shíl mise gur den bhaisteadh
an chros a chur trím féin."
"A Oisín," do ráidh Pádraig,
"is aoibhinn duit.
Sa chéad chás, d'fhulaing tú baisteadh;
sa dara cás d'fhulaing tú íobairt."