Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Togha na hÉigse 1700-1800
Title
Togha na hÉigse 1700-1800
Author(s)
Mac Cairteáin an Dúna, Liam,
Compiler/Editor
Breatnach, P.A.
Composition Date
1720
Publisher
(B.Á.C.: NUI, 1999)
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
TÉACS Acrostic ar bhás Máire iníon Chormaic Spáinnigh, Mac Carthaigh Charraig na bhFear Uilliam Mac Cartáin an Dúna cct, 1720 Mairg do chuala marbh a tuairisc faoi leacaibh i dtuama Chuinnche, Áilleán Carrathach breá breá bachallach grá grá is taitneamh mo chroí-se, Inghean Chú Raoi is bile de Mhúscraí bruinneall na n-úirgcíoch míonla, Réiltean chalafoirt mhaorga mhascalach is craobh de mhaithibh mic Míleadh. Éire i n-atuirse i bpéin 's i bpailiris, créad nach laireamsa chaoinfeadh? Ise mo mhaighre muirearach meidhreach gan mustar ná taibhse i ngníomhaibh! Nár balbhaíodh éigse le greadadh croí péine tré an mbachall mbuí bpéacach mhaímse, Idir mhnáibh óga chirt Chláir Fódla nach ficfeá a sómpla ag síneadh ann. Grian na gcúigí ba fial fionnghníomh ag riar ar prionsaíbh tíre, Eiteallach tórsa an gheilechnis mhómhar do bheireadh le fórsa caoinbhreath; Ard do labhraid fáidhe i bhfoghlaim ar a cáil, a modhaileacht scríofa, Ní nár náireach choíche do Mháire mhíonla mhánla an aoilchnis.
Cúl cochallach fáinneach oirdheirc álainn de chrú Chormaic Spáinnigh chaoinim Ó Charraig na sáirFhear gcalma láidir ba taithiceach lá na bruíne; Ríoga an chaithréim, linn a faisnéis díbh le haibhéil caointe, Maighre maorga, braighidgheal bhéasach go domhain i gcré, mo scíos bhocht! A airdrí chomhachtaigh, gráigh í an rós so is dáil faoi ghlóire taoibh leat, Inghean órga d'fhuil rithe is ró-fhlaith do fionnadh go fónta i ngníomhaibh, Cúl na gcocán gcumhra gceannard is lúb na laglámh n-aolta, Fuilingse an scáil mhnámhail agat id phálás, sirim don áilleán saoirse. Brí mo chúrsa, ní bhfuil prionsa díobh sa dúiche, a dhaoine, Fé mar ráitear an dá Mhac Carthaigh ná fós go Blarnain aolta Nár scagadh go follas a maithibh a bhfola an lachabhean tsoithimh 'na líne; An Diúic 's a ghaolta, le crú na dtréinfhear ba clú leis é do shíneadh. Ó Briain comhachtach na srian n-órtha ba fial fónta an ghríobh san, Ó Súilleabháin Mór theas, Ó Conchubhair cróga is cruinniú Róisteach Bíocain, Barraigh dob eol dom eatarthu seolta marcra leonta líofa, Is Ó Donnchadha an Ghleanna an chochaillchúil chleachtaigh ar shocrú bhealaigh na bruíne.
Gearaltaigh uaisle chleachtadh i ruagaibh bheith calma cruaidh go fíochmhar Do ceangladh suas le hainnir na gcuach i ngradam gan fuath 's i ngaoltaibh, Is dá leanainnse an slua tar fairrge rua atá agam im dhuan le n-innsin, I meamram druadh an eala do luadh le caise d'fhuil uaibhrigh Stíobhart. Cá bhfuil an éigse laideanta léannta bhachallach thréitheach líofa, An agamsa im aonar mheasaid an spéirbhean do dhearmad, céim nár chuí sin? Cá bhfuil Conchubhar uasal piocúil fuadrach fuinniúil fíormhaith Nach cuirfeadh san lásaí ar bhruinneal na mbáingcíoch do rithfeadh 'na bhfáinníbh timpeall? Cá bhfuilid fáidhe Chlainne Carthaigh tuile nach tránn a dtaoide, Cá bhfuil Áthas, file na Blarnan, an ar buile acu atá nó cloíte, Cá bhfuil síol gCaoimh nach canaid sin laoi linn aicme nach díomhaoin scríbhinn, Ná cá bhfuil Donnchadh, bláth na bpoibleach ba dána an t-ollamh i gcoimheascar? Cá bhfuil na mná sí bheadh laiream san áfaois ó d'imigh an bháinchíoch Clíona, Cá bhfuil Úna an fhinnebhean chumhra mhiochair ghlan mhúinte mhíntais, Sadhbh ná a scuaine ná Meadhbh Chruachna nach faighim a n-uaill lem thaoibhse Ag caoineadh Mháire an ríogan álainn i gcríochaibh báis tug mh'intinn?
Cá bhfuil éimhe banfháidh ón Léithchraig an mhascalach aerach Aoibhil, Cá bhfuil Deirdre bean na gcraobhfholt gan sileadh déar 's ag caoineadh, Cá bhfuil búirtheach na gcúig gcúige nó an maireann dúchas Mhílidh Is gan tocht a ngártha chlos ar ardaibh um an gcorp sin Mháire mhill me. Bean agus máthair Uí Cheallacháin ámharaigh is greadadh bos lá' a mbeith sínte: Oighre Mhurchaidh mheidhrigh mhustaraigh ba taibhseach truipeanna ar binn chnuic; Comhla choscartha chróga chosantach ar shlóitibh dorais na bruíne, Ceap oinigh is féile, flaith urramach cléire is glanursa don éigse an taoiseach. An prionsa Donnchadh d'fhuil Chathaoir Mhodartha is é ba posta don fhaoilinn, Is do rug cuaine de chonaibh uaisle ba cothrom sluaigh do ríogaibh, Marcra lúitheach, gasra lúfar, aicme de smúsach tíre - Sirimse an t-airdrí d'fhuiling na táirní dá coimirc 'na ghardaíbh taoibh leis. Don dara hiarracht do raid Dia dhi flaith ba fial den chraoibh sin, Buinneán cumhra ceannard cumtha folláin fionn den ríogra, Tíosach ró-mhaith fíona is feola críoch mo sceoil go bríomhar: Níorbh fhearr Guaire cíoná Chruachna ná an tsaoi bhreá shuairc do mhaímse.
Níl solas na gréine i gcothrom na spéire níl bloscadh ná réiltean inti, Níl Muisire meidhreach níl guth innill ag gadharaibh is ní rithid sin aibhne Laoi theas; Níl bláth ar dúchas, níl fás gan múchadh is níl aird ar chrú-shliocht Gaoidhil Ghlais Ó cuireadh Máire an finnebhean álainn fá thuradh le bráithribh Cuinnche. Níorbh iongna liomsa go dtiocfadh gach prionsa go fonnmhar chúici b'aoibhinn Sealad 'na cuallacht ainnir ba suairce ní fhaca is ní chuala ag draoithibh Ná anuas ó Ádám gur ghluais Mádám ná cuach dob fhearr cáil timpeall Ná Máire an bhrollaigh ghil Spáinnigh oirdheirc d'fhág me ag golfairt, finis. An feartlaoi Sin fút a leac mo chreach, mo dhíth sláinte Búidhbhean tais ba scath de chlainn Charthaigh, Plúr na mban dob fhearra i gcríoch Fáilbhe I gclú 's i meas, i ngean 's i bhfíneáltacht.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services