Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Togha na hÉigse 1700-1800

Title
Togha na hÉigse 1700-1800
Author(s)
Mac Cairteáin an Dúna, Liam,
Compiler/Editor
Breatnach, P.A.
Composition Date
1720
Publisher
(B.Á.C.: NUI, 1999)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



TÉACS
Acrostic ar bhás Máire iníon Chormaic Spáinnigh, Mac Carthaigh
Charraig na bhFear



Uilliam Mac Cartáin an Dúna cct, 1720



Mairg do chuala marbh a tuairisc
faoi leacaibh i dtuama Chuinnche,
Áilleán Carrathach breá breá bachallach
grá grá is taitneamh mo chroí-se,
Inghean Chú Raoi is bile de Mhúscraí
bruinneall na n-úirgcíoch míonla,
Réiltean chalafoirt mhaorga mhascalach
is craobh de mhaithibh mic Míleadh.



Éire i n-atuirse i bpéin 's i bpailiris,
créad nach laireamsa chaoinfeadh?
Ise mo mhaighre muirearach meidhreach
gan mustar ná taibhse i ngníomhaibh!
Nár balbhaíodh éigse le greadadh croí péine
tré an mbachall mbuí bpéacach mhaímse,
Idir mhnáibh óga chirt Chláir Fódla
nach ficfeá a sómpla ag síneadh ann.



Grian na gcúigí ba fial fionnghníomh
ag riar ar prionsaíbh tíre,
Eiteallach tórsa an gheilechnis mhómhar
do bheireadh le fórsa caoinbhreath;
Ard do labhraid fáidhe i bhfoghlaim
ar a cáil, a modhaileacht scríofa,
Ní nár náireach choíche do Mháire
mhíonla mhánla an aoilchnis.


L. 110


Cúl cochallach fáinneach oirdheirc álainn
de chrú Chormaic Spáinnigh chaoinim
Ó Charraig na sáirFhear gcalma láidir
ba taithiceach lá na bruíne;
Ríoga an chaithréim, linn a faisnéis
díbh le haibhéil caointe,
Maighre maorga, braighidgheal bhéasach
go domhain i gcré, mo scíos bhocht!



A airdrí chomhachtaigh, gráigh í an rós so
is dáil faoi ghlóire taoibh leat,
Inghean órga d'fhuil rithe is ró-fhlaith
do fionnadh go fónta i ngníomhaibh,
Cúl na gcocán gcumhra gceannard
is lúb na laglámh n-aolta,
Fuilingse an scáil mhnámhail agat id phálás,
sirim don áilleán saoirse.



Brí mo chúrsa, ní bhfuil prionsa
díobh sa dúiche, a dhaoine,
Fé mar ráitear an dá Mhac Carthaigh
ná fós go Blarnain aolta
Nár scagadh go follas a maithibh a bhfola
an lachabhean tsoithimh 'na líne;
An Diúic 's a ghaolta, le crú na dtréinfhear
ba clú leis é do shíneadh.



Ó Briain comhachtach na srian n-órtha
ba fial fónta an ghríobh san,
Ó Súilleabháin Mór theas, Ó Conchubhair cróga
is cruinniú Róisteach Bíocain,
Barraigh dob eol dom eatarthu seolta
marcra leonta líofa,
Is Ó Donnchadha an Ghleanna an chochaillchúil
chleachtaigh
ar shocrú bhealaigh na bruíne.


L. 111


Gearaltaigh uaisle chleachtadh i ruagaibh
bheith calma cruaidh go fíochmhar
Do ceangladh suas le hainnir na gcuach
i ngradam gan fuath 's i ngaoltaibh,
Is dá leanainnse an slua tar fairrge rua
atá agam im dhuan le n-innsin,
I meamram druadh an eala do luadh
le caise d'fhuil uaibhrigh Stíobhart.



Cá bhfuil an éigse laideanta léannta
bhachallach thréitheach líofa,
An agamsa im aonar mheasaid an spéirbhean
do dhearmad, céim nár chuí sin?
Cá bhfuil Conchubhar uasal piocúil
fuadrach fuinniúil fíormhaith
Nach cuirfeadh san lásaí ar bhruinneal na mbáingcíoch
do rithfeadh 'na bhfáinníbh timpeall?



Cá bhfuilid fáidhe Chlainne Carthaigh
tuile nach tránn a dtaoide,
Cá bhfuil Áthas, file na Blarnan,
an ar buile acu atá nó cloíte,
Cá bhfuil síol gCaoimh nach canaid sin laoi linn
aicme nach díomhaoin scríbhinn,
Ná cá bhfuil Donnchadh, bláth na bpoibleach
ba dána an t-ollamh i gcoimheascar?



Cá bhfuil na mná sí bheadh laiream san áfaois
ó d'imigh an bháinchíoch Clíona,
Cá bhfuil Úna an fhinnebhean chumhra
mhiochair ghlan mhúinte mhíntais,
Sadhbh ná a scuaine ná Meadhbh Chruachna
nach faighim a n-uaill lem thaoibhse
Ag caoineadh Mháire an ríogan álainn
i gcríochaibh báis tug mh'intinn?


L. 112


Cá bhfuil éimhe banfháidh ón Léithchraig
an mhascalach aerach Aoibhil,
Cá bhfuil Deirdre bean na gcraobhfholt
gan sileadh déar 's ag caoineadh,
Cá bhfuil búirtheach na gcúig gcúige
nó an maireann dúchas Mhílidh
Is gan tocht a ngártha chlos ar ardaibh
um an gcorp sin Mháire mhill me.



Bean agus máthair Uí Cheallacháin ámharaigh
is greadadh bos lá' a mbeith sínte:
Oighre Mhurchaidh mheidhrigh mhustaraigh
ba taibhseach truipeanna ar binn chnuic;
Comhla choscartha chróga chosantach
ar shlóitibh dorais na bruíne,
Ceap oinigh is féile, flaith urramach cléire
is glanursa don éigse an taoiseach.



An prionsa Donnchadh d'fhuil Chathaoir Mhodartha
is é ba posta don fhaoilinn,
Is do rug cuaine de chonaibh uaisle
ba cothrom sluaigh do ríogaibh,
Marcra lúitheach, gasra lúfar,
aicme de smúsach tíre -
Sirimse an t-airdrí d'fhuiling na táirní
dá coimirc 'na ghardaíbh taoibh leis.



Don dara hiarracht do raid Dia dhi
flaith ba fial den chraoibh sin,
Buinneán cumhra ceannard cumtha
folláin fionn den ríogra,
Tíosach ró-mhaith fíona is feola
críoch mo sceoil go bríomhar:
Níorbh fhearr Guaire cíoná Chruachna
ná an tsaoi bhreá shuairc do mhaímse.


L. 113


Níl solas na gréine i gcothrom na spéire
níl bloscadh ná réiltean inti,
Níl Muisire meidhreach níl guth innill ag gadharaibh
is ní rithid sin aibhne Laoi theas;
Níl bláth ar dúchas, níl fás gan múchadh
is níl aird ar chrú-shliocht Gaoidhil Ghlais
Ó cuireadh Máire an finnebhean álainn
fá thuradh le bráithribh Cuinnche.



Níorbh iongna liomsa go dtiocfadh gach prionsa
go fonnmhar chúici b'aoibhinn
Sealad 'na cuallacht ainnir ba suairce
ní fhaca is ní chuala ag draoithibh
Ná anuas ó Ádám gur ghluais Mádám
ná cuach dob fhearr cáil timpeall
Ná Máire an bhrollaigh ghil Spáinnigh oirdheirc
d'fhág me ag golfairt, finis.



An feartlaoi
Sin fút a leac mo chreach, mo dhíth sláinte
Búidhbhean tais ba scath de chlainn Charthaigh,
Plúr na mban dob fhearra i gcríoch Fáilbhe
I gclú 's i meas, i ngean 's i bhfíneáltacht.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services