Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Caoineadh ar Uaithne Ó Lochlainn
Title
Caoineadh ar Uaithne Ó Lochlainn
Compiler/Editor
Ó Murchú, L.P.
Composition Date
1617
Publisher
(B.Á.C.: NUI, 1993)
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
A nainm an Spioraid Naoimh h'imríghe, 'Uaithne is triall ó thigh bhig go tigh mhuar sibh; béara an tÁirdrígh dá láinbhrígh suas tu don ádhbhadh ann nách fuighir gábhadh ná guasacht. Biaidh Mórmhac na hÓighe gan ghruaim riot do bhrígh tú bheith sgaoilteach fá a bhfuarais 'snach raibh stór cófra ná guais ort, eaglais is aos ealadhan gan ghruaim riot.
d'inneosainn beagán beagán dot dhualgus: cúig rígh fhichiot do bhí uaitse ar Éirinn nár bhféidir a ruagadh, deich rígh is fiche rígh gan truailleadh do ríogh cóigiodh, gér mhór a ttuairisg, do churadhaibh lé ccurthaoi gach cruaidhthreas. Muna leor so dot eolas uaimse do gheabhthar sgeol ort a leabhur na suadha 'sgur libh an céadlaoi dá nduantaibh. Nár agra an tAirdrígh atá thuas ort gur sibh féin do réigh so uatha gur fhortabhair an tromdháimh trí huaire is fir Éirionn dá léirsgrios uatha. Is mun bheith mur tharrla mé a ngruaim riot do bheadh mac do mháthar dom buaidhriodh, ó do síneadh gaois go luaith leat is réidhteach ar sgéaltaibh badh muaircheisd, do dhaonnacht gan aonbhuille cruais ann. Sgéal fábhaill atá dom buaidhriodh: atáim cráidhte ó bhás Iarla Tuadhmhun, mo chré chúil, do bhrúghaidh go muar me, árdfhlaith aga mbíodh cás im chruadhtan ó bhfuighinn fáilte ghrádhmhar shuaimhneach is fuighle badh binn liom am chluasaibh is cáta tar a lán do mhnáibh uaisle. Ní oile is iongnadh go muar liom: cé a nÉirinn éinneach do luaidhfiodh tús na slíghe do bhreith uaimse ó chuaidh tréine Uí Néill ar buaidhriodh, Síol Eoghain dár chóir bheith uasal, 'sgur eadruibh féin do bhí an mhuardhacht. San sgéal so ní faighthior bréaga uaimse, gur bhé dlíghe na ttréinfhear gan truailleadh,
gidh bé díobh budh sinnsior an uair sin an dís oile do stríocadh anuas dho. A Éire atá taomannach buaidhiortha ní buan do ré d'éinneach dár dhual tu; 's a mhéirdreach, ó thréigise h'uaisle is cuma liom féin cia an té fá mbuailfir. Is é do bhás tar chách do bhuaidhir me 'sa nainm an Spioraid Naoimh h'imrídhe, 'Uaithne.
"Na tuiccedh, agus na messadh aonduine go bhfuil betha Patruicc go himlan annso óir ní fhuil do réir fhirinne na seinleabhar acht cuid don bethaidh thoisigh ann, agus bíd na trí bethaidhe do gnat an aoinleabhar gach áit ina mbí betha .P. an Éirinn sgríobhta san nGaoidhilg Et ata i ngnathcuimhne ag lucht eolais na hErenn gur sccriobhadh dá leabar agus tri fichit ar Phatruicc agus ni hiongnadh shin diomat a fhert agus a mhiorbhal sechnóin Érenn go huilidhe agus tre méd a aoisi oir do bhaoi da bliadhain agus se fichit daois aige aige ag faghail bhais dó agus ro caith bliadhain agus tri fichit dhíbh sin in Eirinn ag procept, agus ag sen- móir amhail derbhus an rann:
Seascca bliadhan agus bliadhain terc duine ar nach diamhair in Eirinn go niomad bfeart do bi Patruicc ag proichept.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services