A nainm an Spioraid Naoimh h'imríghe, 'Uaithne
is triall ó thigh bhig go tigh mhuar sibh;
béara an tÁirdrígh dá láinbhrígh suas tu
don ádhbhadh ann nách fuighir gábhadh ná guasacht.
Biaidh Mórmhac na hÓighe gan ghruaim riot
do bhrígh tú bheith sgaoilteach fá a bhfuarais
'snach raibh stór cófra ná guais ort,
eaglais is aos ealadhan gan ghruaim riot.
d'inneosainn beagán beagán dot dhualgus:
cúig rígh fhichiot do bhí uaitse
ar Éirinn nár bhféidir a ruagadh,
deich rígh is fiche rígh gan truailleadh
do ríogh cóigiodh, gér mhór a ttuairisg,
do churadhaibh lé ccurthaoi gach cruaidhthreas.
Muna leor so dot eolas uaimse
do gheabhthar sgeol ort a leabhur na suadha
'sgur libh an céadlaoi dá nduantaibh.
Nár agra an tAirdrígh atá thuas ort
gur sibh féin do réigh so uatha
gur fhortabhair an tromdháimh trí huaire
is fir Éirionn dá léirsgrios uatha.
Is mun bheith mur tharrla mé a ngruaim riot
do bheadh mac do mháthar dom buaidhriodh,
ó do síneadh gaois go luaith leat
is réidhteach ar sgéaltaibh badh muaircheisd,
do dhaonnacht gan aonbhuille cruais ann.
Sgéal fábhaill atá dom buaidhriodh:
atáim cráidhte ó bhás Iarla Tuadhmhun,
mo chré chúil, do bhrúghaidh go muar me,
árdfhlaith aga mbíodh cás im chruadhtan
ó bhfuighinn fáilte ghrádhmhar shuaimhneach
is fuighle badh binn liom am chluasaibh
is cáta tar a lán do mhnáibh uaisle.
Ní oile is iongnadh go muar liom:
cé a nÉirinn éinneach do luaidhfiodh
tús na slíghe do bhreith uaimse
ó chuaidh tréine Uí Néill ar buaidhriodh,
Síol Eoghain dár chóir bheith uasal,
'sgur eadruibh féin do bhí an mhuardhacht.
San sgéal so ní faighthior bréaga uaimse,
gur bhé dlíghe na ttréinfhear gan truailleadh,
gidh bé díobh budh sinnsior an uair sin
an dís oile do stríocadh anuas dho.
A Éire atá taomannach buaidhiortha
ní buan do ré d'éinneach dár dhual tu;
's a mhéirdreach, ó thréigise h'uaisle
is cuma liom féin cia an té fá mbuailfir.
Is é do bhás tar chách do bhuaidhir me
'sa nainm an Spioraid Naoimh h'imrídhe, 'Uaithne.
<N Éigse27 80>
B 1627-35 17T
U Micheál Ó Cléirigh
"Na tuiccedh, agus na messadh aonduine go bhfuil betha
Patruicc go himlan annso óir ní fhuil do réir fhirinne na
seinleabhar acht cuid don bethaidh thoisigh ann, agus bíd na trí
bethaidhe do gnat an aoinleabhar gach áit ina mbí betha .P. an
Éirinn sgríobhta san nGaoidhilg Et ata i ngnathcuimhne ag
lucht eolais na hErenn gur sccriobhadh dá leabar agus tri fichit ar
Phatruicc agus ni hiongnadh shin diomat a fhert agus a mhiorbhal
sechnóin Érenn go huilidhe agus tre méd a aoisi oir do bhaoi da
bliadhain agus se fichit daois aige aige ag faghail bhais dó agus ro caith
bliadhain agus tri fichit dhíbh sin in Eirinn ag procept, agus ag sen-
móir amhail derbhus an rann:
Seascca bliadhan agus bliadhain
terc duine ar nach diamhair
in Eirinn go niomad bfeart
do bi Patruicc ag proichept.
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11