Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Conchubhar Mac Bruaidheadha and Sir Mathew de Renzy
Title
Conchubhar Mac Bruaidheadha and Sir Mathew de Renzy
Author(s)
Mac Bruaideadha, Conchobhar,
Compiler/Editor
Mac Cuarta, Brian
Composition Date
1631
Publisher
(B.Á.C.: NUI, 1993)
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
A medhon mhís october san bhliadhain daois ar slanaightheora 1606 tainig as Albun go hErinn, agus roimhe sin on Easbain, on Eadáill, agus on Ghearmain, duine uasol óg, oirbheartach iulmhar aga rabhadar teangtha na ttalmhon sin go firclisde dar bud ainm Matheo De Renzy, agus da ngoirthí san Ghaoidhilg Mathghamhain o Rensi. Así fa crioch bhunaidh dia a chineál agus dia a sinnsioruibh an Sceithiath fria raidhthear Epirus an tansa agus da ngoirthí Albania roime sin, ait fa hadhbhuidh altroma do mhórán do dhaoinibh toirbhearthach toicheasdalacha mar ata Scanderbeg agus ar oile. Do chuir an duine uasol reamhraidhthe sin .i. Mathgamhain roimhe Éire do thimchilleadh, a talamh do thaisdeal, agus a críoch do chuardughadh agus iar sin filleadh don Ghermáin, gidh eadh mar do bí iulmhar is na teangthaibh oile do chuir roimhe dichioll do dhénamh ar Ghaoidheilg dfoghluim, agus na shiubhal tarla idir chloinn Bruaidheadha e mar do bhí Mac Bruaideadha .i. Conchubhar, agus Tadhg mac Dáire daoine feasacha fíorfhoghluma san Gaoidheilg, agus iar meabhrughadh Gaoidhilge coitchinne dó, ann sin do cuaidh go haitibh oile ar a gcualaigh tuarusgbháil fhoghlama do bheith agus do chaith iomad airgid timchioll na tíre ag foghluim na gramadaighe agus aga cur a modh, agus a bfoirm iomchubhaidh, ionnus go rainig leis a mbeag naimsire bheith roiulmhar innte: iar sin do cuir aithne ar mórán donóraibh, agus duaislibh na críche go comhlán agus do fhás a ghean agus a ghradh a ccroidhthibh chaig a ccoitchinne agus tainig do chum aithne do
bheith ag arduaislibh agus ag comhairle na hÉreann go huilige air. Iar bhfaigsin áille an fhuinn agus é féin agus a cineoil comhghradhach dár oile, do chinn ar anmhain san iath agus fearann fíoralainn do cheannach ar a chuid ionnmhusa agus airgid agus do rinne amhlaidh, ór do ceannaigh duthaigh mór a nDealbhna Mc Cochlain ar gach taoibh don Bhrosnaigh agus sínte re Sionainn bhail nar thogaibh dá caisleán caomháille chliaibhleathna .i. caisleán De Rensi agus caisleán Ann Rensi; do ceannaigh fós duthaigh mor a nDruinn a bFearaibh Ceall áit na bfuil iosdadh alainn. Do hoirneadh na ridire é a mBaile Átha Cliath an ceathramhadh la fichead do mí Iúil san bliadhain daois an tighearna De 1627 le Hanrí Tigearna Carí Vicont Facland do bhí an tan sin na Ghiuisdís a nÉirinn an tan sin. (188v) Oraoid úaim go O Rénsi tabhair sol fhillfir óirne aiccniodh ceandsaidh ciabh na bhfogég, cros dá choimhéd ón Choimdhe. Biodh nach bfacas ré haimsir sior Mathgamhna taibhgheach toile ni dhearmedsa mac Maire gan ar ngradhne dhó ó chroidhe. Run dhiagha caidriodh ailgion, a threighe ní airmhid ró dhraoí Beirse uaim gan ceilg cuige, mhandsa is tuile dom oraoid Ar mbeandacht leis sin chugaibh, do cuirios fein agus Dondchadh O Duindín an ní a dubhairt Domhnall Mac Bruaideadha san leabhar iris do gacha ndubhairt lind da thaoibh. Etc. 28 August 1631 bur ccara go heg mar is dual cill chaoille in the Barroney of Insiguinn Concabhar Mac Bruaideadha
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services