Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Conchubhar Mac Bruaidheadha and Sir Mathew de Renzy

Title
Conchubhar Mac Bruaidheadha and Sir Mathew de Renzy
Author(s)
Mac Bruaideadha, Conchobhar,
Compiler/Editor
Mac Cuarta, Brian
Composition Date
1631
Publisher
(B.Á.C.: NUI, 1993)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



A medhon mhís october san bhliadhain daois ar slanaightheora 1606
tainig as Albun go hErinn, agus roimhe sin on Easbain, on Eadáill,
agus on Ghearmain, duine uasol óg, oirbheartach iulmhar aga rabhadar
teangtha na ttalmhon sin go firclisde dar bud ainm Matheo De Renzy, agus
da ngoirthí san Ghaoidhilg Mathghamhain o Rensi. Así fa crioch
bhunaidh dia a chineál agus dia a sinnsioruibh an Sceithiath fria
raidhthear Epirus an tansa agus da ngoirthí Albania roime sin, ait fa
hadhbhuidh altroma do mhórán do dhaoinibh toirbhearthach toicheasdalacha mar
ata Scanderbeg agus ar oile. Do chuir an duine uasol reamhraidhthe sin
.i. Mathgamhain roimhe Éire do thimchilleadh, a talamh do thaisdeal,
agus a críoch do chuardughadh agus iar sin filleadh don Ghermáin, gidh
eadh mar do bí iulmhar is na teangthaibh oile do chuir roimhe dichioll do
dhénamh ar Ghaoidheilg dfoghluim, agus na shiubhal tarla idir chloinn
Bruaidheadha e mar do bhí Mac Bruaideadha .i. Conchubhar, agus
Tadhg mac Dáire daoine feasacha fíorfhoghluma san Gaoidheilg, agus iar
meabhrughadh Gaoidhilge coitchinne dó, ann sin do cuaidh go haitibh oile
ar a gcualaigh tuarusgbháil fhoghlama do bheith agus do chaith iomad airgid
timchioll na tíre ag foghluim na gramadaighe agus aga cur a modh, agus a
bfoirm iomchubhaidh, ionnus go rainig leis a mbeag naimsire bheith roiulmhar
innte: iar sin do cuir aithne ar mórán donóraibh, agus duaislibh na críche
go comhlán agus do fhás a ghean agus a ghradh a ccroidhthibh chaig a
ccoitchinne agus tainig do chum aithne do


L. 124


bheith ag arduaislibh agus ag comhairle na hÉreann go huilige air. Iar
bhfaigsin áille an fhuinn agus é féin agus a cineoil comhghradhach dár oile,
do chinn ar anmhain san iath agus fearann fíoralainn do cheannach ar a chuid
ionnmhusa agus airgid agus do rinne amhlaidh, ór do ceannaigh duthaigh mór a
nDealbhna Mc Cochlain ar gach taoibh don Bhrosnaigh agus sínte re
Sionainn bhail nar thogaibh dá caisleán caomháille chliaibhleathna
.i. caisleán De Rensi agus caisleán Ann Rensi; do ceannaigh fós duthaigh
mor a nDruinn a bFearaibh Ceall áit na bfuil iosdadh alainn. Do
hoirneadh na ridire é a mBaile Átha Cliath an ceathramhadh la fichead do
mí Iúil san bliadhain daois an tighearna De 1627 le Hanrí Tigearna
Carí Vicont Facland do bhí an tan sin na Ghiuisdís a nÉirinn an tan
sin.



(188v) Oraoid úaim go O Rénsi
tabhair sol fhillfir óirne
aiccniodh ceandsaidh ciabh na bhfogég,
cros dá choimhéd ón Choimdhe.



Biodh nach bfacas ré haimsir
sior Mathgamhna taibhgheach toile
ni dhearmedsa mac Maire
gan ar ngradhne dhó ó chroidhe.



Run dhiagha caidriodh ailgion,
a threighe ní airmhid ró dhraoí
Beirse uaim gan ceilg cuige,
mhandsa is tuile dom oraoid



Ar mbeandacht leis sin chugaibh, do cuirios fein agus Dondchadh O Duindín
an ní a dubhairt Domhnall Mac Bruaideadha san leabhar iris do
gacha ndubhairt lind da thaoibh. Etc.
28 August 1631 bur ccara go heg mar is dual
cill chaoille in the Barroney of Insiguinn
Concabhar Mac Bruaideadha



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services