Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Bás File
Title
Bás File
Author(s)
Anaithnid,
Compiler/Editor
Ó Macháin, Pádraig
Composition Date
1630
Publisher
(B.Á.C.: NUI, 1993)
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Díoth ollamh easbhuidh Laighean, fuil na sean nár sáruigheadh, fearchoin a fódmhuigh na bhFionn, dearbhthair ó ógbhuidh Éirionn. A-táid riamh fa ró mhodha, an eaglais 's an ealadha, an daighríoghradh dár dhual cion, ag sluagh lainnlíonmhur Laighean. Tugadar Clann Chathaoir Mhóir, céim do uaisligh a n-onóir, i Laighnibh roinn is rogha do Chloinn ainmhir Eochadha. Clann Chathaoir nár chlaon breatha, díobh a mná 's a máithreacha, do shlonnadh na fola is fearr, rogha ollamh na hÉireann. Tugadh tús cuilte is corma, i n-onóir a n-ealadhna, ón druing do fhóir a n-aicme, dhóibh .......
Clann Eochadha, taobh re taoibh, fuaradar ó Chloinn Chathaoir sgath na n-iolmhaoineadh dob fhearr, tar chath fhionnGhaoidheal nÉirionn. Gach onóir da n-uairsiod riamh a-tá a-nois - aimsior imchian - 'ga n-ollamhnoibh soir, ó soin, i moigh thromabhluigh Thuathail. Siad ar a síoth fa slána do chosg throd is teagmhála, do chonnmhadh cách re-roile i rath fhonnghlan Úghaine. Tarrla dhóibh, laochradh Laighean - tearc treise nach turnfuidhear - dream do chomhmoladh a gceart, earr a n-ollomhan d'imtheacht. Is é an Té do-ní gach ní tug do Thomás mhac Ruaidhrí - fear na séad mbuaidh 's a mbronnta - éag i n-uair a fhoghanta.
Mór don ... soin do fhásuigh ón ló teasda an Tomássoin, file míneang ó Mogha, fírearr fhine Eochadha. Do laghduigh a méid mheanma, ríoghraidh na rún naitheardha, laoich éachtmhora fa mó modh, do chló céadfadha a gcuradh. Rug orra easbhaidh ana do bhás mheic Mheic Eochadha, fear fa teann d'airrdhibh ortha: Laighnigh gan cheann gconnartha i gcongmháil cháich re chéile, i n-ionnarbadh aigmhéile, i ríomh sean na slógh Laighneach, i gclódh cean na gcomhairleach. Mó sa chách fás a bhfaladh ó easbhuidh a n-ollamhan; mian cean gach éanlá orra: téarná fear a bhfoghlama.
Siad ag fadódh a bhfeirge, gar dhóibh déanamh díbheirge, cur síoth mar sin gan slána, do dhíoth fhir a n-eadrána. Fagas dóibh déanamh foghla ar n-éag dá n-aos ealadhna; gan bhádh n-éinfhir rer-oile fa chlár gcéillidh gConaire. Cnuic áille íochtair Laighean giodh iomlán do hátaigheadh, cách re héanlá do fhásoigh an tráth téarná an Tomássoin. Fa síothach riamh a dtaobh theas go dtorchair Torna Éigeas; an lá táir ón taoibh theassa, do sgaoil báidh a mbráithreasa. Go dtorchair Mac Coise ó Chluain. do shíodhuigh chách sa Chraobhruaidh; Mac Coise, an dtráigh a thuile? - táir loise na laochraidhe.
Síol mBriain do bhádar mar soin Mac Liag an lá fá dtorchair: Síol dTáil fa tréad gan toradh, táir fa éag a n-ollamhan. Tarla Clann Charrthaigh Chaisil treimhsi ar an gcor gcéadnaisin nár slonnadh fa Chliaigh a gceart i ndiaidh a n-ollamh dh'imtheacht. Tír gan ollamhuin innte ní bhí gan bhuaidh n-aidhmillte; a-tá sé i ndán mar dhleaghar, gá dtám gan é d'fhoillsiughadh? Críoch Laighean - leór do thuisle - díoth ollamh a heasbhuidhse a tairthe mar fríoth folamh, an chríoch dh'aithle a hollamhan. Ní ísligh sreabh dá sreabhoibh, ní arduigh ioth dh'oireamhoin, bláth feadh gan tairthe tarrla, gan aithne ar fhear n-ealadhna.
Do mhéaduigh mímheanma a mban, do ísligh uaill a gcuradh, a bhfeadhma ar gcúl do cuireadh, dealbha a ndúl do dorchuigheadh. Dob áluinn, gur athruigh dreach, niamh a gcúirteadh 's a gcaithreach nó gur thriall dul i nduibhe niamh a mbrugh 's a mbanchuire. Niamh chrotha chúigidh Laighean le hurchra gur hathroigheadh - fonn cneasbhán cheileas a locht - leigheas easlán 'na hamhorc. Tomás mac Ruaidhrí, rún sgol, is iongnadh cor na cumhadh: fir is mná i gciaigh do cuireadh, lá 'na dhiaidh do dorchuigheadh. Mo chompán, mo chré cheiníl, imtheacht d'oighre Eibhilín is críoch don chroidhe thinnse: díoth oile ní áirmhimse.
Tar gach n-éanpháis dá n-uair sin dár gceannaichne, Rí an ríchidh, sleagh 'na chíogh dá car chuige, a díol damh ní docruide.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services